|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1953 |
11.7.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1953 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Bealtaine 2024
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena gcuirtear gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (2), ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) de (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor a leasú trí ghníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis, gníomhartha nach ndéanann gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Creat Windsor a leasú ná a ionadú. |
|
(3) |
Rialachán (AE) 2023/2419 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), is gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais (‘gníomh nuaghlactha an Aontais’) é a bhaineann leis an margadh inmheánach le haghaidh earraí agus, dá bhrí sin, tagann sé faoi raon feidhme Chreat Windsor. |
|
(4) |
Ba cheart don Chomhchoiste, ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige, cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor lena gcuirtear gníomh nuaghlactha an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bhunú, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun gníomh nuaghlactha an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhchoiste’), is sa dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo a leagtar amach é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. DALLE
(1) IO L 29, 31.1.2020, lch. 1
(2) Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 ( IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).
(3) Rialachán (AE) 2023/2419 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh (IO L, 2023/2419, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2419/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1953/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)