|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1929 |
8.8.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 103/2024
an 26 Aibreán 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1929] [2024/1929]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/358 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ceanglais maidir le scóráil creidmheasa le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin, praghsáil tairiscintí sluachistiúcháin, agus beartais agus nósanna imeachta bainistithe riosca (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31bln (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2123 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘31blo. |
32024 R 0358: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/358 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ceanglais maidir le scóráil creidmheasa le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin, praghsáil tairiscintí sluachistiúcháin, agus beartais agus nósanna imeachta bainistithe riosca (IO L, 2024/358, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/358/oj).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/358 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 27 Aibreán 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 30/2024 ó Chomhchoiste LEE an 2 Feabhra 2024 (2), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 70/2024 ó Chomhchoiste LEE an 15 Márta 2024 (3), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/358, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/358/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
(2) IO L , 2024/1518, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1518/oj.
(3) IO L , 2024/1594, 4.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1594/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1929/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)