European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1906

8.8.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 85/2024

an 26 Aibreán 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1906]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2732 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 maidir le hullmhóid de mheascán Macleaya cordata a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Phytobiotics Futterzusatzstoffe GmbH) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2733 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 maidir le hullmhóid déchlasairile (Coxiril) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus piasún (sealbhóir an údaraithe: Huvepharma NV) agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/46 (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2734 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 maidir le hullmhóid de Saccharomyces cerevisiae DBVPG 48 SF a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh capall, athchogantaigh dhéiríochta agus muc (sealbhóir an údaraithe: Mazzoleni S.p.A.) (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2736 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 maidir le hullmhóid de Bacillus velezensis NITE BP-01844 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh breithe nó le haghaidh pórúcháin agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Toa Biopharma Co., Ltd)) (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 124 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/46 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32023 R 2733: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2733 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 (IO L, 2023/2733, 8.12.2023).’

2.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 536 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1334 ón gCoimisiún):

‘537.

32023 R 2732: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2732 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 maidir le hullmhóid de mheascán Macleaya cordata a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Phytobiotics Futterzusatzstoffe GmbH) (IO L, 2023/2732, 8.12.2023).

538.

32023 R 2733: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2733 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 maidir le hullmhóid déchlasairile (Coxiril) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus piasún (sealbhóir an údaraithe: Huvepharma NV), agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/46 (IO L, 2023/2733, 8.12.2023).

539.

32023 R 2734: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2734 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 maidir le hullmhóid de Saccharomyces cerevisiae DBVPG 48 SF a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh capall, athchogantaigh dhéiríochta agus muc (sealbhóir an údaraithe: Mazzoleni S.p.A.) (IO L, 2023/2734, 8.12.2023).

540.

32023 R 2736: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2736 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 maidir le hullmhóid de Bacillus velezensis NITE BP-01844 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh breithe nó le haghaidh pórúcháin agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Toa Biopharma Co., Ltd) (IO L, 2023/2736, 8.12.2023).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2732, (AE) 2023/2733, (AE) 2023/2734 agus (AE) 2023/2736 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 27 Aibreán 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2023/2732, 8.12.2023.

(2)   IO L, 2023/2733, 8.12.2023.

(3)   IO L, 2023/2734, 8.12.2023.

(4)   IO L, 2023/2736, 8.12.2023.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1906/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)