![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1899 |
11.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1899 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Iúil 2024
lena ndeonaítear cosaint san Aontas don Ainmniúchán Tionscnaimh ‘تين دجبة / Figues de Djebba’ a cláraíodh sa Chlár Idirnáisiúnta um Ainmniúcháin Tionscnaimh agus um Thásca Geografacha d’Ionstraim na Ginéive
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive, féadfaidh Údaráis Inniúla gach Páirtí Chonarthaigh in Ionstraim na Ginéive iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, arb é a chláróidh é sa Chlár Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6 d’Ionstraim na Ginéive. I gcomhréir le hAirteagal 9 d’Ionstraim na Ginéive, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha eile ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha arna gclárú a chosaint laistigh dá gcóras dlí féin faoi réir aon diúltú, aon tréigean, aon neamhbhailíochtú nó aon chealú. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(4) d’Ionstraim na Ginéive, an 27 Meán Fómhair 2023, thug Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil fógra don Choimisiún go ndearnadh an t-ainm ‘تين دجبة / Figues de Djebba’, a ndearna an Túinéis iarratas ina leith, a thaifeadadh ina Thásc Geografach sa Chlár Idirnáisiúnta um Ainmniúcháin Tionscnaimh agus um Thásca Geografacha faoi Ionstraim na Ginéive. |
(3) |
De bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1753, foilsíodh clárú idirnáisiúnta an Tásca Gheografaigh ‘تين دجبة / Figues de Djebba’ in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) chun go bhféadfaí aon fhreasúra a d’fhéadfadh a bheith ann a thaisceadh. |
(4) |
De bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1753, rinne an Coimisiún measúnú ar chlárú idirnáisiúnta an Ainmniúcháin Tionscnaimh ‘تين دجبة / Figues de Djebba’ i gcoinne na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin, lena n-áirítear an fhaisnéis bhreise a iarradh ar an Túinéis d’aon ghnó a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó saintréithe mar a leagtar síos i Riail 5(3) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin, agus chinn sé go gcomhlíontar iad. |
(5) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon fhreasúra faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1753, ba cheart an t-ainm ‘تين دجبة / Figues de Djebba’ a chosaint san Aontas, i gcomhréir le hIonstraim na Ginéive. |
(6) |
Ós rud é gur cláraíodh an tAinmniúchán Tionscnaimh ‘تين دجبة / Figues de Djebba’ faoi chomhaontú Liospóin, is gá raon feidhme na cosanta a dheonaítear leis an Rialachán seo agus iarmhairtí agus coinníollacha na cosanta sna seacht mBallstát atá ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin a shoiléiriú. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta maidir le táirgí talmhaíochta, fíon agus deochanna biotáilleacha faoi Rialachán (AE) 2024/1143, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar an t-ainm ‘تين دجبة / Figues de Djebba’ atá cláraithe mar Ainmniúchán Tionscnaimh sa Chlár Idirnáisiúnta a chosaint san Aontas.
Leis an ainm dá dtagraítear sa chéad mhír sainaithnítear táirge den chineál ‘toradh’.
Airteagal 2
Tá feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear in Airteagal 1 maidir le críoch iomlán an Aontais Eorpaigh agus glacann sí ionad an chórais náisiúnta cosanta is infheidhme sna Ballstáit ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin. Ráthófar leanúnachas leis an gcosaint náisiúnta a dheonaítear sna Ballstáit sin don Ainmniúchán Tionscnaimh ‘تين دجبة / Figues de Djebba’.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 271, 24.10.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1753/oj.
(2) IO C, C/2023/431, 20.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/431/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1899/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)