|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1892 |
11.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1892 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Iúil 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aimíosulbróm, aigéad S-scoiteach, tíoncarbasón agus vailifeanaláit
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 193/2014 (2) ón gCoimisiún formheasadh an tsubstaint ghníomhach aimíosulbróm go dtí an 30 Meitheamh 2024. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 151/2014 (3) ón gCoimisiún formheasadh an tsubstaint ghníomhach aigéad S-scoiteach go dtí an 30 Meitheamh 2024. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 145/2014 (4) ón gCoimisiún formheasadh an tsubstaint ghníomhach tíoncarbasón go dtí an 30 Meitheamh 2024. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 144/2014 ón gCoimisiún formheasadh an tsubstaint ghníomhach vailifeanaláit go dtí an 30 Meitheamh 2024 (5). |
|
(2) |
Liostaítear na substaintí gníomhacha aimíosulbróm, aigéad S-scoiteach, tíoncarbasón agus vailifeanaláit i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (6). |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún (7) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha aimíosulbróm, aigéad S-scoiteach, tíoncarbasón agus vailifeanaláit go dtí an 30 Meán Fómhair 2024. |
|
(4) |
Cuireadh isteach iarratais agus sainchomhaid fhorlíontacha chun formheas gach ceann de na substaintí gníomhacha sin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 (8) ón gCoimisiún 3 bliana roimh dháta éaga na substaintí gníomhacha sin ar cuireadh síneadh leis. An 3 Bealtaine 2023, an 11 Aibreán 2022, an 28 Meitheamh 2022 agus an 4 Iúil 2022, chuir na Ballstáit is rapóirtéir lena mbaineann le haghaidh aimíosulbróim, aigéad S-scoiteach, tíoncarbasóin agus vailifeanaláite an Coimisiún ar an eolas gur sheiceáil siad inghlacthacht gach ceann de na hiarratais sin, go háirithe a n-iomláine agus a dtráthúlacht, agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh siad inghlactha. |
|
(5) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha tíoncarbasón agus vailifeanaláit, níl an measúnú riosca de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 tugtha chun críche go fóill ag na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann. |
|
(6) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha aimíosulbróm agus aigéad S-scoiteach, tá gá le breis ama ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) chun teacht ar chonclúid a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, comhairliúchán le saineolaithe riachtanach ina leith. Tá gá le breis ama ag an gCoimisiún chun an cinneadh maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin a ghlacadh. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, is dócha nach bhféadfar aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan sula rachaidh a dtréimhsí formheasa lena mbaineann in éag an 30 Meán Fómhair 2024, agus os rud é nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí lena mbaineann ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana, ba cheart síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin chun gur féidir na measúnuithe a cheanglaítear a chur i gcrích agus chun bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta lena mbaineann maidir leis an bhformheas a athnuachan. |
|
(8) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha tíoncarbasón agus vailifeanaláit, ós rud é nach bhfuil an measúnú riosca tugtha chun críche go fóill ag na Ballstáit is rapóirtéirí agus i bhfianaise an ama is gá chun na céimeanna atá fágtha i ngach nós imeachta athnuachana a dhéanamh, ba cheart tréimhse 29 mí de shíneadh ar na tréimhsí formheasa a shocrú i leith na substaintí sin. |
|
(9) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha aimíosulbróm agus aigéad S-scoiteach, ós rud é go bhfuil gá le breis ama ag an Údarás chun teacht ar chonclúid maidir lena measúnú riosca, ba cheart tréimhse 23 mhí agus 2 sheachtain de shíneadh ar an tréimhse formheasa a shocrú i leith na substaintí sin. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(11) |
I gcás ina nglacann an Coimisiún Rialachán lena bhforáiltear nach ndéantar formheas na substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan, is é an dáta a shocróidh an Coimisiún mar dháta éaga dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó an dáta céanna a bhí ann roimh ghlacadh an Rialacháin seo, cibé dáta acu sin is déanaí. I gcás ina nglacann an Coimisiún Rialachán lena bhforáiltear maidir le hathnuachan formheasa substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a shocrú, de réir mar is iomchuí sna himthosca. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 193/2014 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2014 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach aimíosulbróm, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 59, 28.2.2014, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/193/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 151/2014 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2014 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach aigéad S-scoiteach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 48, 19.2.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/151/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 145/2014 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2014 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach tíoncarbasón, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 45, 15.2.2014, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/145/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 144/2014 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2014 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach vailifeanaláit, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 45, 15.2.2014, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/144/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 1,4-démheitiolnaftailéin, 6-beinsioladainín, aicéacuinicil, Adoxophyes orana granulovirus, sulfáit alúmanaim, aimíosulbróm, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), asadaraictin, Bacillus pumilus QST 2808, beanalacsail-M, bicsifein, búipireamáit, Candida oleophila tréithchineál O, clórantrainileapról, fosfónáit déshóidiam, déthianón, dóidín, eimimeictin, fluibeindé-aimíd, fluaimeatúrón, flocsaipiorocsad, flutríafól, heicsitiasocs, iomasamocs, iopconasól, iosocsaibein, aigéad L-ascorbach, sulfar aoil, ola oráiste, Paecilomyces fumosoroseus tréithchineál FE 9901, peindémheatailin, peanfluifein, peintiaipiorad, fosfónáití potaisiam, prósulfúrón, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireadailil, pirióifeanón, piorocsulam, cuinmeireac, aigéad S-scoiteach, seadacsán, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, spíonatóram, spiriteitreamat, Streptomyces lydicus tréithchineál WYEC 108, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón, tíoncarbasón, vailifeanaláit, foisfíd since (IO L 414, 9.12.2020, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2007/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1740/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
|
(1) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 65, aigéad s-scoiteach, cuirtear ‘15 Meán Fómhair 2026’ in ionad an dáta; |
|
(2) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 69, aimíosulbróm, cuirtear ‘15 Meán Fómhair 2026’ in ionad an dáta; |
|
(3) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 70, vailifeanaláit, cuirtear ‘1 Márta 2027’ in ionad an dáta; |
|
(4) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 71, tíoncarbasón , cuirtear ‘1 Márta 2027’ in ionad an dáta. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1892/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)