European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1886

11.7.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1886 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Iúil 2024

lena leagtar síos rialacha mionsonraithe lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hoiliúint tosaigh agus bhreise d’oifigigh um rialú maidir leis an anailís ar na sonraí a thaifeadtar agus seiceáil tacagraf

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (1), agus go háirithe Airteagal 39(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról lárnach ag tacagraif maidir le comhlíontacht gnóthas iompair de bhóthar agus tiománaithe proifisiúnta le dlí ábhartha an Aontais is infheidhme san earnáil a sheiceáil. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh comhthuiscint an-mhaith ar rialacha an Aontais ag forfheidhmitheoirí agus go mbeadh a fhios acu cén áit ar féidir teacht ar an treoir ábhartha a bhaineann leis na rialacha sin, cén chaoi anailís a dhéanamh ar shonraí tacagraif agus tacagraif a sheiceáil, agus feasacht maidir leis na forbairtí teicneolaíochta agus teicnící cúblála. Ba cheart na scileanna boga cumarsáide is gá le linn seiceálaithe a bheith ag forfheidhmitheoirí, agus iad ag cur tiománaithe faoi agallamh cois bóthair agus baill foirne eile in áitribh na ngnóthas.

(2)

Ba cheart comhchuibhiú cur chuige rialaithe ar fud an Aontais a bheith mar thoradh ar cheanglais choiteanna oiliúna d’fhorfheidhmitheoirí a thabhairt isteach agus ba cheart dó cur le cóir chomhionann idir tiománaithe iompair de bhóthar agus gnóthais iompair de bhóthar, agus iad ag tabhairt aghaidh ar rialuithe. Ba cheart dó cur le cultúr comhlíontachta laistigh den tionsclaíocht agus den tsochaí ina hiomlán freisin.

(3)

Go dtí seo, bhí taithí agus dea-chleachtais maidir le cur i bhfeidhmforálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Treoir (AE) 2020/1057ó (3) in ann cabhrú le forfheidhmitheoirí comhlíontacht leis na rialacha a rialú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhsheasmhaí. Mar sin, ba cheart dóibh a bheith mar chuid d’ábhar oiliúna na n-oifigeach um rialú, ionas go mbeidh siad mar threoir úsáideach dóibh agus iad i mbun fíorú.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 42(3) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus soláthair oiliúna

1.   Leagtar amach na ceanglais choiteanna oiliúna le haghaidh oifigigh um rialú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Bunóidh na Ballstáit na teicnící agus na hábhair chun oiliúint tosaigh agus leanúnach oifigigh um rialú a struchtúrú agus a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit a gcuid cláir oiliúna cothrom le dáta go rialta chun athruithe i ndlí ábhartha an Aontais agus forbairtí teicneolaíochta a léiriú.

4.   Ní chuirfidh an Rialachán seo bac ar Bhallstáit aon cheanglais bhreise a ghlacadh, ceanglais a d’fhéadfaidís a mheas a bhfuil gá leo chun a áirithiú go bhfuil oifigigh forfheidhmithe oilte go hiomchuí chun a gcúraimí a dhéanamh.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 60, 28.2.2014, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(3)  Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 49).


IARSCRÍBHINN

OILIÚINT LE hAGHAIDH OIFIGIGH UM RIALÚ

1.   

Is éard a bheidh san oiliúint a chuirfear ar fáil d’oifigigh um rialú oiliúint tosaigh agus oiliúint leanúnach. Is éard atá i gceist leis an oiliúint leanúnach eolas na n-oifigeach um rialú a athnuachan trí aon nuashonruithe ar an gcreat rialála a chur san áireamh chomh maith le forbairtí teicneolaíochta.

2.   

Áiritheoidh na Ballstáit cothromaíocht idir an oiliúint theoiriciúil (seomra ranga agus taispeántais) agus an oiliúint phraiticiúil (taithí ar an láthair oibre), lena n-áirítear malartuithe foirne, intéirneacht in údarás rialuithe Ballstáit eile nó oiliúint chomhpháirteach le haghaidh cigirí ó Bhallstáit éagsúla.

3.   

Is iad seo a leanas na cuspóirí atá ag an oiliúint le haghaidh oifigigh um rialú:

teacht ar thuiscint mhaith ar dhlí ábhartha an Aontais agus go háirithe ar Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014, Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009 (1), (CE) Uimh. 1072/2009 (2) , (CE) Uimh. 1073/2009 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) , Treoracha92/6/CEE (5), 92/106/CEE (6) ón gComhairle agus a mhéid a bhaineann le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar, Treoracha 96/71/CE (7), 2014/67/AE (8) , (AE) 2020/1057 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ar an gComhaontú Eorpach maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar (AETR) agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile, lena n-áirítear an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (10), chomh maith leis na nósanna imeachta agus na teicnící chun a gcur chun feidhme iarbhír a sheiceáil,

eolas agus scileanna a fháil maidir le húsáid uirlisí, córas agus nósanna imeachta rialaithe speisialta chun anailís a dhéanamh ar shonraí tacagraif agus chun cúbláil tacagraf a bhrath,

scileanna a fháil chun sáruithe a shainaithint go héifeachtach agus chun pionóis is infheidhme a chinneadh i gcomhréir le haicmiú ar sháruithe,

scileanna iompair ghairmiúil agus scileanna boga a fheabhsú chun rialuithe éifeachtúla, éifeachtacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha a áirithiú,

eolas a fháil maidir le malartú sonraí agus córais cumarsáide a úsáidtear i réimse fhorfheidhmiú trasteorann rialacha ábhartha iompair de bhóthar an Aontais,

eolas agus scileanna a fháil chun go rachaidís i dtaithí ar na treoirlínte agus na nótaí soiléirithe a sholáthraíonn seirbhísí an Choimisiúin (11), go háirithe chun Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Treoir (AE) 2020/1057 a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach seasmhach.

4.   

Ní mór d’oifigigh um rialú a bheith oilte de réir a speisialtóireachta agus a n-inniúlachta sna réimsí éagsúla agus de réir an chineáil rialuithe a dhéanann siad. I ndáil leis sin, ní mór na scileanna seo a leanas sa tábla thíos a bheith san áireamh san oiliúint.

Croí-oiliúint – Tacar comónta de croí-scileanna le haghaidh rialuithe cois bóthair agus ar áitribh

Ní mór d’oifigigh um rialú a dhéanann seiceálacha cois bóthair tuiscint an-mhaith a bheith acu ar na nithe seo a leanas:

na forálacha dlí de chuid an Aontais a bhfuil anailís ar thacagraif agus ar na sonraí taifeadta ríthábhachtach ina leith,

an Comhaontú Eorpach maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d'Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar (AETR) agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile, lena n-áirítear an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe,

na treoirlínte agus na nótaí soiléirithe a sholáthraíonn seirbhísí an Choimisiúin le haghaidh chur chun feidhme agus fhorfheidhmiú Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014, Treoracha 2002/15/CE agus (AE) 2020/1057.

saintréithe na leaganacha éagsúla tacagraf, idir analógach, digiteach agus cliste, amhail a ndearadh, a bhfeidmiúlachtaí agus an cineál sonraí is féidir leo a thaifead.

Ní mór d’oifigigh um rialú a dhéanann seiceálacha cois bóthair agus/nó in áitribh a bheith in ann:

na bogearraí atá ar fáil agus aon uirlis ábhartha eile chun anailís a dhéanamh ar shonraí tacagraif a úsáid ar bhealach inniúil,

sonraí ó na bogearraí, na huirlisí agus na hasphriontaí atá ar fáil a léamh agus anailís a dhéanamh orthu,

eolas a bheith acu ar na teicnící i leith rialuithe a spriocdhíriú trí úsáid a bhaint as gach bunachar sonraí ábhartha agus gach córas ábhartha, amhail an Clár Eorpach de Ghnóthais Iompair de Bhóthar (ERRU) (12) , córas rátála riosca (13) , TACHOnet (14) , agus Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) (15) ,

iad féin a iompar i gcomhréir le ceanglais na heitice gairmiúla,

teicnící agallaimh agus scileanna cumarsáide iomchuí a úsáid,

cinntí leordhóthanacha a ghlacadh bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar an gcruthúnas atá ar fáil (sonraí tacagraif, faisnéis a bailíodh le linn an agallaimh, ábhar sa chábán (nuair a cheadaítear é sin leis an dlí náisiúnta), imthosca na hoibríochta iompair agus tuairisc ar iompar an tiománaí agus an ghnóthais i leith na comhlíontachta),

tuairisciú go soiléir ó bhéal agus i scríbhinn,

faisnéis a roinnt ar bhealach iomchuí le Ballstáit eile, nuair gá.

Oiliúint le haghaidh oifigigh um rialú a dhéanann seiceálacha cois bóthair

Ní mór d’oifigigh um rialú a dhéanann seiceálacha cois bóthair tuiscint an-mhaith a bheith acu ar na nithe seo a leanas:

tacagraif a fheistiú agus an chaoi a bhfeidhmíonn siad,

na rialacha agus nósanna imeachta maidir le tacagraif a shéalú agus a ath-shéalú,

an chaoi a n-oibríonn na ceardlanna ábhartha, an chaoi a ndéantar na seiceálacha agus na huirlisí a úsáidtear.

Ní mór, go háirithe, d’oifigigh um rialú a dhéanann seiceálacha cois bóthair a bheith in ann:

calaois agus cúbláil ar na leaganacha tacagraif uile atá in úsáid a shainaithint,

eolas a bheith acu ar na teicnící chun rialuithe a spriocdhíriú trí úsáid a bhaint as na córais le haghaidh cian-luathbhrathadóireacht a dhéanamh ar chúbláil nó ar dhrochúsáid a d’fhéadfadh a bheith ann,

fios a bheith acu cén chaoi feithiclí a stopadh chun críoch rialaithe chun sábháilteacht an uile dhuine a áirithiú,

fios a bheith acu cén chaoi déileáil le hiompar tiománaithe le linn seiceálacha agus cén chaoi freagairt don iompar sin.

Oiliúint le haghaidh oifigigh um rialú a dhéanann seiceálacha ar áitribh

Ní mór d’oifigigh um rialú a dhéanann seiceálacha ag an áitreabh tuiscint an-mhaith a bheith acu ar na nithe seo a leanas:

nósanna imeachta agus cumhachtaí imscrúdúcháin le haghaidh seiceálacha ar áitribh. Áirítear leis sin bealaí chun an fhaisnéis ábhartha a fháil, an nós imeachta ar dhul isteach san áitreabh, faisnéis a iarraidh agus cigireacht a dhéanamh ar dhoiciméid chorparáideacha,

na struchtúir ghnó éagsúla atá ann cheana féin ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ní mór, go háirithe, d’oifigigh um rialú a dhéanann seiceálacha ar áitribh a bheith in ann:

méid mór sonraí a úsáid agus anailís a dhéanamh orthu agus comparáid a dhéanamh ar shonraí a fhaightear ó fhoinsí éagsúla,

calaois agus cúbláil ar na leaganacha tacagraif uile atá in úsáid a shainaithint, go háirithe i ndáil le cártaí tiománaithe a úsáid go mhíchuí,

scileanna láidre cumarsáide a léiriú agus teicnící agallaimh a chur in oiriúint don agallaí.

5.   

Chun prionsabal an chomhair i measc na mBallstát a neartú, áireofar cúrsaí teanga ábhartha agus/nó úsáid na teicneolaíochta aistriúcháin agus cumarsáide in ábhar oiliúna na n-oifigeach um rialú, agus béim shonrach ar na teangacha a úsáidtear le linn seiceálacha comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha le Ballstáit eile.

6.   

Cuirfear ábhar na hoiliúna in oiriúint don spriocghrúpa agus do leibhéil an ranga chun go mbeidh sé a úsáidí agus is féidir.

7.   

Tógfaidh an oiliúint, a mhéid agus is féidir, ar thaithí an ranga agus fágfar spás inti do mhalartú eispéireas agus dea-chleachtas idir oifigigh um rialú.

8.   

D’fhéadfadh úsáid ionsamhlóirí nó fíorthacagraf a bheith úsáideach chun oiliúint éifeachtach a chur ar na hoifigigh um rialú, ach níl sé riachtanach. I bprionsabal, is gá ionsamhlóirí den ghlúin is déanaí a úsáid, ach cuirfear oiliúint freisin ar oifigigh um rialú chun calaois a bhrath agus anailís a dhéanamh ar shonraí ar ghlúnta tacagraf níos sine atá i gcúrsaíocht go fóill.

9.   

D'fhéadfadh sé a bheith san áireamh san oiliúint go rachadh na hoifigigh um rialú faoi oiliúint i dteannta le hoifigigh um rialú eile le linn seiceálacha cois bóthair agus/nó in áitribh.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (athmhúnlú) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (athmhúnlú) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).

(4)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(5)  Treoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal a shuiteáil agus a úsáid (IO L 57, 2.3.1992, lch. 27).

(6)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

(7)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

(8)  Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú soláthar seirbhísí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘an Rialachán IMI’) ( IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).

(9)  Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 49).

(10)  an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.

(11)  Sna nótaí treorach agus soiléirithe, leagtar síos dearcadh sheirbhísí an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme roinnt forálacha agus is é is aidhm leo go n-áiritheofar comhthuiscint agus cur i bhfeidhm comhchuí na bhforálacha sin. Sa deireadh, is é sainphribléid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é léirmhíniú dhlí an Aontais.

(12)  Mar a leagtar amach in Airteagal 16(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/480 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2016 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna a bhaineann le hidirnascadh na gclár leictreonach náisiúnta ar ghnóthais iompair de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1213/2010 (IO L 87, 2.4.2016, lch. 4).

(13)  Mar a leagtar amach in Airteagal 9(1) de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/695 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le foirmle choiteann chun rátáil riosca gnóthas iompair a ríomh (IO L 129, 3.5.2022, lch. 33).

(14)  Mar a leagtar amach in Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/68 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2016 maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna agus na sonraíochtaí is gá chun cláir leictreonacha agus cártaí tiomána a nascadh le chéile (IO L 15, 22.1.2016, lch. 51).

(15)  Mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) ( IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1886/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)