|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1885 |
10.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1885 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Iúil 2024
lena gcuirtear ar ceal an t-údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘Lyso IPA Surface Disinfection’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/978 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 49 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 10 Meitheamh 2021, deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/978 ón gCoimisiún (2) údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0023860-0000 aige do shealbhóir an údaraithe Schülke & Mayr GmbH chun an fhine chéanna táirgí bithicídeacha ‘Lyso IPA Surface Disinfection’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 44(5) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(2) |
An 23 Eanáir 2024 chuir Schülke & Mayr GmbH iarraidh faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) maidir leis an údarú Aontais sin a chur ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh taifead den iarraidh faoi chás-uimhir BC-GQ091762-19 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. |
|
(3) |
An 12 Feabhra 2024, d’iarr an Ghníomhaireacht ar Schülke & Mayr GmbH údar cuí a thabhairt leis an iarraidh agus an 13 Feabhra 2024, luaigh Schülke & Mayr GmbH go ndearnadh an iarraidh ar chúiseanna gnó. Chuir an Ghníomhaireacht an iarraidh ar aghaidh chuig an gCoimisiún an lá céanna. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an t-údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘Lyso IPA Surface Disinfection’ a chur ar ceal arna iarraidh sin do shealbhóir an údaraithe agus, dá réir sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/978 a aisghairm. |
|
(5) |
Is iomchuí freisin tréimhse chairde a dheonú chun na stoic atá ann cheana a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear ar ceal an t-údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘Lyso IPA Surface Disinfection’ arna dheonú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/978 do Schülke & Mayr GmbH agus ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0023860-0000.
Airteagal 2
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/978.
Airteagal 3
Ní chuirfear táirgí bithicídeacha den fhine táirgí bithicídeacha ‘Lyso IPA Surface Disinfection’ ar fáil ar an margadh a thuilleadh ón 26 Eanáir 2025 agus ní úsáidfear a thuilleadh stoic atá ann cheana de tháirgí bithicídeacha den sórt sin ón 25 Iúil 2025.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/978 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena ndeonaítear údarú Aontais don fhine táirgí bithicídeacha ‘Lyso IPA Surface Disinfection’ (IO L 216, 18.6.2021, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/978/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1885/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)