|
Sainordaitheach / roghnach
|
Raon feidhme (scagaire)
|
Athróg
|
|
Athróga sainordaitheacha
|
|
(i)
|
i gcás gach fiontair:
|
|
|
(1)
|
príomhghníomhaíocht eacnamaíoch an fhiontair sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(2)
|
an meánlíon fostaithe agus daoine féinfhostaithe sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(3)
|
luach iomlán an láimhdeachais (i dtéarmaí airgeadaíochta gan CBL a áireamh) sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(4)
|
an líon fostaithe nó daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó
|
|
(5)
|
úsáid córas TFC agus réiteach chun tomhaltas fuinnimh an fhiontair a laghdú
|
|
(6)
|
úsáid córas TFC agus réiteach chun an t-ábhar a úsáidtear a laghdú (lena n-áirítear tomhaltáin) nó chun feabhas a chur ar úsáid ábhair athchúrsáilte
|
|
|
(ii)
|
i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:
|
|
|
(7)
|
úsáid ceangail sheasta leis an idirlíon d’aon chineál
|
|
(8)
|
suíomh gréasáin a bheith acu
|
|
(9)
|
úsáid na meán sóisialta (i.e. próifíl úsáideora nó cuntas a bheith acu)
|
|
(10)
|
díolachán gréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó trí fheidhmchláir (lena n-áirítear eislíonta) an fhiontair sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(11)
|
díolachán gréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a d’úsáid roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(12)
|
díolachán earraí nó seirbhísí acu de chineál idirmhalartaithe leictreonaigh sonraí (EDI), sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(13)
|
úsáid bogearraí Pleanála Acmhainní Fiontraíochta (ERP) chun acmhainní a bhainistiú trí fhaisnéis a roinnt idir réimsí feidhme éagsúla, mar shampla an chuntasaíocht, an phleanáil, an táirgeadh, an mhargaíocht
|
|
(14)
|
úsáid bogearraí Bainistithe Caidrimh Custaiméirí (CRM) chun faisnéis faoi chustaiméirí, mar shampla caidreamh nó idirbhearta, a bhainistiú
|
|
(15)
|
úsáid bogearraí Faisnéise Gnó (FI) chun sonraí a rochtain agus a anailísiú, torthaí anailíseacha a chur i láthair chun léargais mhionsonraithe a thabhairt ar mhaithe le cinnteoireacht agus pleanáil straitéiseach a dhéanamh
|
|
(16)
|
anailísíocht sonraí (ó fhoinsí sonraí inmheánacha agus seachtracha) á déanamh ag fostaithe an fhiontair féin
|
|
(17)
|
anailísíocht sonraí á déanamh ag fiontar seachtrach nó ag eagraíocht sheachtrach thar ceann an fhiontair (lena n-áirítear anailísíocht sonraí bunaithe ar shonraí ó fhoinsí inmheánacha agus seachtracha)
|
|
(18)
|
seirbhísí néal-ríomhaireachta íoctha a úsáid
|
|
(19)
|
úsáid teicneolaíochtaí Intleachta Saorga lena ndéantar anailís ar an teanga scríofa (amhail mianadóireacht téacsanna)
|
|
(20)
|
úsáid teicneolaíochtaí Intleachta Saorga lena ndéantar an teanga labhartha a thiontú ina formáid meaisín-inléite (aithint cainte)
|
|
(21)
|
úsáid teicneolaíochtaí Intleachta Saorga lena ngintear an teanga scríofa, labhartha nó cóid ríomhchlárúcháin (giniúint teanga nádúrtha, sintéis chainte)
|
|
(22)
|
úsáid teicneolaíochtaí Intleachta Saorga lena ngintear pictiúir, físeáin, fuaim/closán
|
|
(23)
|
úsáid teicneolaíochtaí Intleachta Saorga lena sainaithnítear nithe nó daoine bunaithe ar íomhánna nó ar fhíseáin (aithint íomhánna, próiseáil íomhánna)
|
|
(24)
|
úsáid meaisínfhoghlama (amhail an domhainfhoghlaim) chun anailís a dhéanamh ar shonraí
|
|
(25)
|
úsáid teicneolaíochtaí Intleachta Saorga lena ndéantar sreafaí oibre éagsúla a uathoibriú nó lena dtugtar cúnamh don chinnteoireacht (amhail uathoibriú róbatach próiseas le bogearraí atá bunaithe ar an Intleacht Shaorga)
|
|
(26)
|
úsáid teicneolaíochtaí Intleachta Saorga saorga lena gcumasaítear gluaiseacht fhisiceach meaisíní trí chinntí uathrialacha bunaithe ar bhreathnóireacht ar an timpeallacht (róbait uathoibríocha, feithicil gan tiománaí, ladrainn uathrialaitheacha)
|
|
|
(iii)
|
i gcás fiontair a úsáideann ceangal seasta d’aon chineál leis an idirlíon:
|
|
|
(27)
|
luas íoslódála uasta conraithe an cheangail sheasta idirlín is tapa sna raonta seo a leanas: [0 Mbit/s, < 30 Mbit/s], [30 Mbit/s, < 100 Mbit/s], [100 Mbit/s, < 500 Mbit/s], [500 Mbit/s, < 1 Gbit/s], [≥ 1 Gbit/s]
|
|
|
(iv)
|
i gcás fiontair a bhfuil suíomh gréasáin acu:
|
|
|
(28)
|
tá cur síos ar earraí nó ar sheirbhísí ar shuíomh gréasáin an fhiontair nó tá faisnéis faoi phraghsanna air
|
|
(29)
|
tá ordú ar líne nó cur in áirithe ar líne nó áirithint (amhail cairt siopadóireachta) ar fáil ar shuíomh gréasáin an fhiontair
|
|
(30)
|
is féidir le cuairteoirí earraí nó seirbhísí ar líne a shaincheapadh nó a dhearadh ar shuíomh gréasáin an fhiontair
|
|
(31)
|
tá rianú nó stádas na n-orduithe a cuireadh ar fáil ar shuíomh gréasáin an fhiontair
|
|
(32)
|
tá ábhar pearsantaithe ar shuíomh gréasáin an fhiontair le haghaidh cuairteoirí rialta/athfhillteacha
|
|
(33)
|
tá seirbhís comhrá le haghaidh tacaíocht custaiméara (comhrá, gníomhaire fíorúil nó duine a fhreagraíonn do chustaiméirí i bhfíor-am) ar shuíomh gréasáin an fhiontair
|
|
(34)
|
tá fógraíocht ar shuíomh gréasáin an fhiontair maidir le poist oscailte nó iarratais ar líne ar phost
|
|
(35)
|
tá ábhar ar fáil ar shuíomh gréasáin an fhiontair in dhá theanga ar a laghad
|
|
|
(v)
|
i gcás fiontair a dhíol earraí nó seirbhísí ar an ngréasán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair agus/nó trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, sa bhliain féilire roimhe sin:
|
|
|
(36)
|
luach an díolacháin gréasán d’earraí nó de sheirbhísí, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán a gineadh trí dhíolachán gréasán, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(37)
|
an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin a gineadh trí dhíolachán ghréasáin le tomhaltóirí príobháideacha (Gnólacht le Tomhaltóirí ), sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(38)
|
an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin a gineadh trí dhíolachán ghréasáin le fiontair eile (Gnólacht le Gnólacht ) agus leis an earnáil phoiblí (Gnólacht le Rialtas ), sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
|
(vi)
|
i gcás fiontair a dhíol earraí nó seirbhísí ar an ngréasán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair agus trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a d’úsáid roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, sa bhliain féilire roimhe sin:
|
|
|
(39)
|
an céatadán de luach na ndíolachán gréasán d’earraí nó de sheirbhísí a gineadh le díolacháin trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair (seachas eislíonta), sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(40)
|
an céatadán de luach na ndíolachán gréasán d’earraí nó de sheirbhísí a gineadh trí dhíolachán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a d’úsáid roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
|
(vii)
|
i gcás fiontair a raibh díolacháin de chineál EDI acu, sa bhliain féilire roimhe sin:
|
|
|
(41)
|
luach na ndíolachán earraí nó seirbhísí de chineál EDI, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán a gineadh trí dhíolacháin earraí nó seirbhísí de chineál EDI, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
|
(viii)
|
i gcás fiontair a mbíonn anailísíocht sonraí (ó fhoinsí sonraí inmheánacha agus seachtracha) á déanamh ag fostaithe an fhiontair féin:
|
|
|
(42)
|
anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí ó thaifid idirbheart amhail sonraí maidir le díolacháin, taifid íocaíochtaí (mar shampla ó ERP, siopa gréasáin an fhiontair)
|
|
(43)
|
anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí faoi chustaiméirí amhail faisnéis maidir le ceannach a dhéanann custaiméirí, suíomh, roghanna, léirmheasanna custaiméirí, cuardaigh (mar shampla ó chóras CRM nó ó shuíomh gréasáin an fhiontair)
|
|
(44)
|
anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí ó na meáin shóisialta, lena n-áirítear sonraí ó phróifílí meán sóisialta an fhiontair féin (amhail faisnéis phearsanta, barúlacha, físeáin, comhaid fuaime agus comhaid íomhá)
|
|
(45)
|
anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí gréasáin (amhail treochtaí innill cuardaigh, sonraí maidir le cnuaschóipeáil ón ngréasán)
|
|
(46)
|
anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí suímh ó úsáid gléasanna iniompartha nó ó fheithiclí (amhail gléasanna iniompartha a bhaineann úsáid as líonraí teileafón soghluaiste, naisc gan sreang nó GPS)
|
|
(47)
|
anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí ó ghléasanna cliste nó ó bhraiteoirí (amhail cumarsáid meaisín le meaisín (M2M), braiteoirí atá suiteáilte in innealra, braiteoirí monaraíochta, méadair chliste, clibeanna sainaitheanta radaimhinicíochta (clib RFID))
|
|
(48)
|
anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí oscailte na n-údarás rialtais (amhail taifid phoiblí fiontair, dálaí aimsire, dálaí topagrafacha, sonraí iompair, sonraí tithíochta, sonraí maidir le foirgnimh)
|
|
(49)
|
anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí satailíte (amhail íomhánna satailíte, comharthaí loingseoireachta, comharthaí suímh), lena n-áirítear sonraí arna bhfáil ó bhonneagar an fhiontair féin nó ó sheirbhís arna soláthar go seachtrach (mar shampla AWS Ground Station) agus gan sonraí suímh ó úsáid gléasanna iniompartha nó feithiclí a úsáideann GPS a chur san áireamh)
|
|
|
(ix)
|
i gcás fiontair a úsáideann seirbhísí néal-ríomhaireachta íoctha:
|
|
|
(50)
|
ríomhphoist a úsáid mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha
|
|
(51)
|
bogearraí oifige (amhail próiseálaithe focal nó scarbhileoga) a úsáid mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha
|
|
(52)
|
feidhmchláir bogearraí airgeadais nó cuntasaíochta a úsáid mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha
|
|
(53)
|
feidhmchláir bogearraí Pleanáil Acmhainní Fiontraíochta (PAF) a úsáid mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha
|
|
(54)
|
feidhmchláir bogearraí Bainistíochta Caidrimh Chustaiméirí (CRM) a úsáid mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha
|
|
(55)
|
feidhmchláir bogearraí slándála (amhail clár frithvíreas, rialú rochtana líonra) a úsáid mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha
|
|
(56)
|
óstáil bhunachair sonraí an fhiontair a úsáid mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha
|
|
(57)
|
stóráil comhad a úsáid mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha
|
|
(58)
|
cumhacht ríomhaireachta a úsáid chun bogearraí an fhiontair féin a reáchtáil mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha
|
|
(59)
|
ardán ríomhaireachta a úsáid lena soláthraítear timpeallacht óstála le haghaidh forbairt, tástáil nó cur chun úsáide feidhmchlár (amhail modúil bogearraí in-athúsáidte, comhéadain feidhmchláir (APInna)) mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha
|
|
|
(x)
|
i gcás fiontair a úsáideann teicneolaíochtaí Intleachta Saorga, lena dtagraítear go sonrach d’athróga sainordaitheacha (19) go (26):
|
|
|
(60)
|
úsáid bogearraí nó córas Intleachta Saorga le haghaidh margaíocht nó díolacháin (amhail próifíliú custaiméirí, barrfheabhsú praghsanna, tairiscintí margaíochta pearsantaithe, anailís mhargaidh bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, bota comhrá bunaithe ar phróiseáil teanga nádúrtha le haghaidh tacaíocht do chustaiméirí, róbait uathrialaitheacha chun orduithe a phróiseáil)
|
|
(61)
|
úsáid bogearraí nó córas Intleachta Saorga le haghaidh próisis táirgthe nó próisis seirbhíse (amhail cothabháil thuarthach nó optamú próisis bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, uirlisí chun táirgí a aicmiú nó lochtanna a aimsiú i dtáirgí bunaithe ar amharc ríomhaireachtúil, ladrainn uathrialaitheacha le haghaidh faireachas ar tháirgeadh, slándála nó cigireachta, oibreacha cóimeála a dhéanann róbait uathrialaitheacha)
|
|
(62)
|
úsáid bogearraí nó córas Intleachta Saorga chun próisis riaracháin gnó nó bainistithe gnó a eagrú (amhail cúntóirí fíorúla gnó bunaithe ar mheaisínfhoghlaim agus/nó próiseáil teanga nádúrtha (mar shampla doiciméid a dhréachtú), anailís sonraí nó cinnteoireacht straitéiseach bunaithe ar mheaisínfhoghlaim (mar shampla measúnú riosca), pleanáil nó réamhaisnéisiú gnó bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, bainistiú acmhainní daonna bunaithe ar mheaisínfhoghlaim nó ar phróiseáil teanga nádúrtha (mar shampla scagthástáil réamhroghnúcháin ar iarrthóirí, próifíliú fostaithe nó anailís ar fheidhmíocht)
|
|
(63)
|
úsáid bogearraí nó córas Intleachta saorga le haghaidh lóistíochta (amhail róbait uathrialaitheacha le haghaidh réitigh pioc agus pacáil i dtrádstórais le haghaidh seachadadh, rianú, dáileadh nó sórtáil beartán, optamú bealaí bunaithe ar mheaisínfhoghlaim)
|
|
(64)
|
úsáid bogearraí nó córas Intleachta Saorga le haghaidh slándáil TFC (amhail aghaidh-aithint bunaithe ar amharc ríomhaireachtúil chun úsáideoirí TFC a fhíordheimhniú, cibear-ionsaithe a bhrath agus a chosc bunaithe ar mheaisínfhoghlaim)
|
|
(65)
|
úsáid bogearraí nó córas Intleachta Saorga le haghaidh cuntasaíochta, rialú nó bainistiú airgeadais (amhail meaisínfhoghlaim chun anailís a dhéanamh ar shonraí a chabhraíonn le cinntí airgeadais a dhéanamh, próiseáil sonrasc bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, meaisínfhoghlaim nó próiseáil teanga nádúrtha a úsáidtear le haghaidh cúraimí leabharchoimeádta)
|
|
(66)
|
úsáid bogearraí nó córas Intleachta Saorga le haghaidh taighde agus forbartha (T&F) nó le haghaidh gníomhaíocht nuálaíochta, cé is moite de thaighde ar an Intleacht Shaorga (amhail anailís ar shonraí chun taighde a dhéanamh, fadhbanna taighde a réiteach, táirge/seirbhís nua nó feabhsaithe atá bunaithe ar mheaisínfhoghlaim a fhorbairt)
|
|
|
Athróga roghnacha
|
|
(i)
|
i gcás gach fiontair:
|
|
|
(1)
|
trealamh TCF (amhail ríomhairí, monatóirí, fóin phóca) a dhiúscairt i mbailiú/athchúrsáil dramhaíola leictreonaí (lena n-áirítear é a fhágáil faoin miondíoltóir é a dhiúscairt) nuair nach n-úsáidtear a thuilleadh é
|
|
(2)
|
trealamh TCF (amhail ríomhairí, monatóirí, fóin phóca) a choinneáil san fhiontar nuair nach n-úsáidtear a thuilleadh é (chun é a úsáid mar pháirteanna spártha mar shampla, nó i ngeall ar an imní go nochtfar faisnéis íogair)
|
|
(3)
|
trealamh TCF (amhail ríomhairí, monatóirí, fóin phóca) a dhíol, a dheonú nó a thabhairt ar ais d’fhiontar léasúcháin nuair nach n-úsáidtear a thuilleadh é
|
|
|
(ii)
|
i gcás fiontair a dhíol earraí nó seirbhísí ar an ngréasán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair agus/nó trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, sa bhliain féilire roimhe sin, cineál an táirge:
|
|
|
(4)
|
an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin a gineadh trí díolachán gréasáin earraí fisiceacha, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(5)
|
an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin a gineadh le díolachán gréasáin earraí nó seirbhísí digiteacha (a seachadadh go digiteach) (amhail bogearraí nó ábhar digiteach eile mar íoslódálacha nó mar sheirbhís sruthaithe (e.g. ceadúnais bogearraí, ríomhleabhair, ríomhnuachtáin, aipeanna, cúrsaí ar líne/seimineáir ghréasáin)), sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(6)
|
an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin a gineadh le díolachán gréasáin seirbhísí nár seachadadh go digiteach, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(7)
|
díolachán gréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i dtír an fhiontair féin, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(8)
|
díolachán gréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(9)
|
díolachán gréasáin le custaiméirí atá lonnaithe sa chuid eile den domhan, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
|
(iii)
|
i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu le custaiméirí atá lonnaithe in dhá cheann ar a laghad de na ceantair gheografacha seo a leanas: tír an fhiontair féin, Ballstáit eile, nó an chuid eile den domhan, le linn na bliana féilire roimhe sin:
|
|
|
(10)
|
an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin a gineadh le díolachán gréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i dtír an fhiontair féin, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(11)
|
an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin a gineadh le díolachán gréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(12)
|
an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin a gineadh le díolachán gréasáin le custaiméirí atá lonnaithe sa chuid eile den domhan, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
|
(iv)
|
i gcás fiontair a raibh díolachán gréasáin acu le Ballstáit eile, sa bhliain féilire roimhe sin:
|
|
|
(13)
|
deacrachtaí a bhain le díolachán le Ballstáit eile: costais arda a bhain le táirgí a sheachadadh nó a thabhairt ar ais, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(14)
|
deacrachtaí a bhain le díolachán le Ballstáit eile: deacrachtaí a bhain le gearáin agus díospóidí a réiteach, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(15)
|
deacrachtaí a bhain le díolachán le Ballstáit eile: lipéid na dtáirgí a choigeartú le haghaidh díolacháin le Ballstáit eile, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(16)
|
deacrachtaí a bhain le díolachán le Ballstáit eile: easpa eolais ar theangacha iasachta chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí i mBallstáit eile, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(17)
|
deacrachtaí a bhain le díolachán le Ballstáit eile: srianta a chuir páirtithe gnó an fhiontair ar dhíolachán le Ballstáit áirithe, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
(18)
|
deacrachtaí a bhain le díolachán le Ballstáit eile: deacrachtaí a bhain leis an gcóras CBL i mBallstáit eile (amhail éiginnteacht maidir le cóireáil CBL i dtíortha eile), sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
|
(v)
|
i gcás fiontair a úsáideann seirbhísí néal-ríomhaireachta íoctha:
|
|
|
(19)
|
an costas iomlán ar sheirbhísí néal-ríomhaireachta a cheannaigh an fiontar, sa bhliain féilire roimhe sin
|
|
|
(vi)
|
i gcás fiontair a úsáideann teicneolaíochtaí Intleachta Saorga, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga éigeantacha (19) go (26):
|
|
|
(20)
|
d’fhorbair fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe) bogearraí nó córais Intleachta Saorga
|
|
(21)
|
rinne fostaithe dá chuid féin (lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe) bogearraí nó córais tráchtála Intleachta Saorga a mhodhnú
|
|
(22)
|
rinne fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe) bogearraí nó córais foinse oscailte Intleachta Saorga a mhodhnú
|
|
(23)
|
ceannaíodh bogearraí nó córais tráchtála Intleachta Saorga a bhí réidh le húsáid (lena n-áirítear samplaí inar ionchorpraíodh cheana féin iad in ítim nó i gcóras a ceannaíodh)
|
|
(24)
|
cuireadh soláthraithe seachtracha ar conradh chun bogearraí nó córais Intleachta Saorga a fhorbairt nó a mhodhnú
|
|
|
(vii)
|
i gcás fiontair nár bhain úsáid as aon teicneolaíocht Intleachta Saorga, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga sainordaitheacha (19) go (26):
|
|
|
(25)
|
breithniú ar úsáid aon teicneolaíocht Intleachta Saorga, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga sainordaitheacha (19) go (26)
|
|
|
(viii)
|
i gcás fiontair nár bhain úsáid as aon teicneolaíocht Intleachta Saorga ach a bhreithnigh ar a húsáid, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga sainordaitheacha (19) go (26):
|
|
|
(26)
|
teicneolaíochtaí Intleachta Saorga nár úsáideadh toisc go raibh cuma ar na costais go raibh siad ró-ard
|
|
(27)
|
Teicneolaíochtaí Intleachta Saorga nár úsáideadh toisc go raibh easpa saineolais ábhartha san fhiontar
|
|
(28)
|
teicneolaíochtaí Intleachta Saorga nár úsáideadh mar gheall ar neamh-chomhoiriúnacht leis an trealamh, leis na bogearraí nó leis na córais a bhí ann cheana
|
|
(29)
|
teicneolaíochtaí Intleachta Saorga nár úsáideadh mar gheall ar dheacrachtaí maidir le hinfhaighteacht nó cáilíocht na sonraí riachtanacha
|
|
(30)
|
teicneolaíochtaí Intleachta Saorga nár úsáideadh de dheasca imní maidir le sárú ar chosaint sonraí agus ar phríobháideachas
|
|
(31)
|
teicneolaíochtaí Intleachta Saorga nár úsáideadh de dheasca easpa soiléireachta i dtaobh na n-iarmhairtí dlíthiúla (amhail dliteanas i gcás damáiste a tharlaíonn de thoradh úsáid na hIntleachta Saorga)
|
|
(32)
|
teicneolaíochtaí Intleachta Saorga nár úsáideadh de dheasca cúinsí eiticiúla
|
|
(33)
|
teicneolaíochtaí Intleachta Saorga nár úsáideadh toisc nach bhfuil siad úsáideach don fhiontar
|
|
|
|
|
(ix)
|
i gcás fiontair a d’úsáid córas nó réitigh TFC chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú nó an t-ábhar a úsáidtear a laghdú (lena n-áirítear tomhaltáin) nó chun feabhas a chur ar úsáid ábhair athchúrsáilte:
|
|
|
(34)
|
faireachán agus cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag córais nó réitigh TFC a úsáid ar thomhaltas fuinnimh agus/nó ábhair
|
|