European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1882

11.7.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1882 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Iúil 2024

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/224 ón gCoimisiún lena leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla lenar féidir leis an tseirbhís tráchtála a thairgtear leis an gcóras arna bhunú faoi chlár Galileo an fheidhm a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 2(4)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le seirbhís fíordheimhniúcháin comharthaí a sholáthar saor in aisce

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE (1), agus go háirithe Airteagail 47, pointe (d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear leis na sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/224 (2) ón gCoimisiún go mbeartaítear le sonraíochtaí ginearálta na seirbhíse tráchtála (‘ST’) seirbhís ardbheachtais ST agus acmhainneacht fíordheimhniúcháin threisithe (‘fíordheimhniú ST’) a bheidh inrochtana faoi réir táille ‘de réir an bheartais praghsála atá i bhfeidhm’.

(2)

Leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/224 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/321 ón gCoimisiún (3) chun seirbhís ardbheachtais ST a thairiscint saor in aisce agus chun tairbhí poiblí Galileo a uasmhéadú.

(3)

Níor sainíodh ná níor forfheidhmíodh aon ‘bheartas praghsála’, ós rud é go bhfuil coinne leis le rochtain táille ar fhíordheimhniú ST go gcuirfear moill ar fhorbairt na bhfeidhmchlár is gá chun an tseirbhís sin a úsáid agus go gcuirfear bac ar fhás gníomhaíochtaí eacnamaíocha bunaithe ar chórais um loingseoireacht satailíte, go háirithe laistigh den Aontas. D’fhéadfadh sé freisin bac a chur ar dhul i bhfód ar mhargaí domhanda ós rud é go bhfuil pleananna comhroinnte ag córais loingseoireachta eile chun seirbhísí fíordheimhniúcháin comharthaí saor in aisce a fhorbairt.

(4)

Faoi láthair, tá an bonneagar lárnach is gá chun seirbhís fíordheimhniúcháin saor in aisce a sholáthar i bhfeidhm cheana féin. Mar sin féin, ní hamhlaidh atá i gcás seirbhís fíordheimhniúcháin tháillebhunaithe, lena n-éileofaí bonneagar breise a úsáid chun rochtain na n-úsáideoirí ar an tseirbhís fíordheimhniúcháin a mhuirearú agus a rialú.

(5)

Leis an tseirbhís fíordheimhniúcháin tháillebhunaithe, mar a ceapadh ar dtús í, bhí gá le ‘Soláthraí Seirbhíse Tráchtála’ le bheith i gceannas ar bhainistiú bhonn úsáideoirí na seirbhíse fíordheimhniúcháin, agus sa bhreis ar ‘bhainisteoir oibriúcháin an chórais’. Níl gá a thuilleadh leis an ‘Soláthraí Seirbhíse Tráchtála’ sin leis an Leasú atá beartaithe.

(6)

Maidir leis an tseirbhís fíordheimhniúcháin tháillebhunaithe, mar a ceapadh ar dtús í, ba ghá eochracha cripteagrafacha príobháideacha a úsáid i nglacadóir an úsáideora deiridh, ach leis an tseirbhís fíordheimhniúcháin saor in aisce atá beartaithe níltear ag brath ach ar eochracha cripteagrafacha poiblí, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos simplí do na húsáideoirí í a úsáid. Tá an simpliú sin le sonrú sna sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla modhnaithe.

(7)

Le hAirteagal 45(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/696 sainmhínítear seirbhís fíordheimhniúcháin comharthaí, bunaithe ar na cóid chriptithe atá sna comharthaí, atá beartaithe go príomha le haghaidh feidhmchláir loingseoireachta satailíte le haghaidh úsáid ghairmiúil nó tráchtála, ach ní shonraítear ann cé acu a chuirfear táille i bhfeidhm nó nach gcuirfear.

(8)

Ar deireadh, ba cheart cur in úsáid na seirbhíse a oiriúnú i bhfianaise na bpleananna chun an córas a chur in úsáid, lena n-áirítear céim soláthair comharthaí ó 2024 agus céim soláthair seirbhíse ó 2026 ar aghaidh.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/224 a leasú dá réir sin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Cláir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/224 mar a leanas:

(1)

sa ró ‘Comhpháirteanna na gcomharthaí a úsáidtear’, focholún ‘Sonraíochtaí a bhaineann go sonrach le ST: fíordheimhniú trí úsáid a bhaint as cóid chriptithe’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs: ‘E6, E6-C comhpháirt chriptithe (píolótach)’;

(2)

sa ró ‘Sonraíochtaí dheighleog an úsáideora’, focholún ‘Sonraíochtaí a bhaineann go sonrach le ST: fíordheimhniú trí úsáid a bhaint as cóid chriptithe’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs: ‘Fíorú bharántúlacht na gcomharthaí trí dhíchriptiú a dhéanamh ar chóid E6 atá athchriptithe le heochair fíordheimhniúcháin sonraí SO’;

(3)

sa ró ‘Ollstruchtúr córais’, focholún ‘Sonraíochtaí a bhaineann go sonrach le ST: fíordheimhniú trí úsáid a bhaint as cóid chriptithe’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs: ‘Criptiú chóid comharthaí E6 ag satailítí Galileo, tarchur na n-eochracha príobháideacha arna nginiúint ag an gcuid ar talamh chuig Lárionad Seirbhíse an Chórais Dhomhanda um Loingseoireacht Satailíte, agus foilsiú codanna athchriptithe de chóid comharthaí E6 le heochair fíordheimhniúcháin sonraí SO a bheidh ann amach anseo’;

(4)

sa ró ‘Rochtain ar an tseirbhís’, colún ‘Fíordheimhniú ST’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs: ‘Rochtain saor in aisce’;

(5)

sa ró ‘Cur in úsáid na seirbhíse’, focholún ‘Sonraíochtaí a bhaineann go sonrach le ST: fíordheimhniú trí úsáid a bhaint as cóid chriptithe’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dá fhleasc:

‘—

Céim soláthair comharthaí thosaigh faoi 2024

Céim soláthair seirbhíse ó 2026 ar aghaidh’;

(6)

sa ró ‘Úsáid fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh’, focholún ‘Sonraíochtaí a bhaineann go sonrach le ST: fíordheimhniú trí úsáid a bhaint as cóid chriptithe’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs: ‘Ní bhainfidh an t-úsáideoir deiridh úsáid as FRAE’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 170, 12.5.2021, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/696/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/224 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2017 lena leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla lenar féidir leis an tseirbhís tráchtála a thairgtear leis an gcóras arna bhunú faoi chlár Galileo an fheidhm a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 2(4)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 34, 9.2.2017, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/224/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/321 ón gCoimisiún an 2 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/224 lena leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla lenar féidir leis an tseirbhís tráchtála a thairgtear leis an gcóras arna bhunú faoi chlár Galileo an fheidhm a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 2(4)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 62, 5.3.2018, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/321/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1882/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)