|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1880 |
4.7.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1880 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Iúil 2024
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2024. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2024 ídithe ag gabhálacha an stoic mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach ag soithí faoi bhratach na Spáinne nó atá cláraithe sa Spáinn. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh ar an Spáinn le haghaidh an stoic mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach le haghaidh 2024 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí faoi bhratach na Spáinne nó atá cláraithe sa Spáinn. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabhann na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.
(2) Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
04/TQ257 |
|
Ballstát |
An Spáinn |
|
Stoc |
BUM/ATLANT |
|
Speiceas |
An mairlín gorm Atlantach (Makaira nigricans) |
|
Limistéar |
An tAigéan Atlantach |
|
Dáta deiridh |
18 Márta 2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1880/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)