|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1876 |
2.7.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1876 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meitheamh 2024
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar an 29 Meitheamh 2022
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 29 Aibreán 2024, d’údaraigh an Chomhairle an Choimisiún le tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Úcráin maidir le comhaontú lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hIompar Lasta de Bhóthar (1) an 29 Meitheamh 2022 (‘an Comhaontú’). |
|
(2) |
Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hIompar Earraí de Bhóthar an 29 Meitheamh 2022 (‘an Comhaontú leasaitheach’) i gcrích go rathúil an 31 Bealtaine 2024. |
|
(3) |
Léiríodh go bhfuil an Comhaontú fíor-riachtanach don Úcráin, go dtugtar leis tacaíocht do shochaí agus geilleagar na hÚcráine trí chead a thabhairt d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus na hÚcráine oibríochtaí iompair lasta a dhéanamh chuig críoch na hÚcráine agus tríthi chuig an Aontas agus vice versa, agus ar an gcaoi sin go dtacaíonn sé leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta don Úcráin freisin. Tá éifeachtaí dearfacha aige don Aontas freisin, go háirithe i ndáil le honnmhairí an Aontais chuig an Úcráin. |
|
(4) |
I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla agus uathúla a thugann gur gá an Comhaontú leasaitheach a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach, agus i gcomhréir leis na Conarthaí, is iomchuí don Aontas an inniúlacht roinnte ábhartha atá tugtha dó sna Conarthaí a fheidhmiú go sealadach. Ba cheart aon éifeacht den Chinneadh seo ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Níor cheart, dá bhrí sin, an inniúlacht arna feidhmiú ag an Aontas ar bhonn an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe a fheidhmiú ach amháin le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Dá réir sin, scoirfidh an inniúlacht roinnte a fheidhmítear ar an gcaoi sin de bheith á feidhmiú ag an Aontas a luaithe a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais, agus faoi réir chomhlíonadh bhearta sin an Aontais, déanfaidh na Ballstáit an inniúlacht sin a fheidhmiú arís, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i ndiaidh an dáta sin. Thairis sin, meabhraítear, mar a leagtar amach sa Phrótacal maidir le hinniúlacht roinnte, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, nach gcumhdaítear le raon feidhme fheidhmiú inniúlacht an Aontais sa Chinneadh seo ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú agus nach gcumhdaítear an réimse go léir leis. Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais leis an gCinneadh seo d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a dhéanfar amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú nó a thabhairt i gcrích le haon tríú tír eile sa réimse sin. |
|
(5) |
Ag an gcruinniú den Chomhchoiste a tionóladh an 18 Nollaig 2023 thángthas ar an gconclúid go gcomhlíonann an Comhaontú an cuspóir atá beartaithe dó agus go bhfuil na bunchoinníollacha lena dtugtar údar don Chomhaontú fós bailí. Ag an gcruinniú céanna den Chomhchoiste, áfach, thug na Páirtithe dá n-aire freisin roinnt saincheisteanna a eascraíonn as cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus as an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an leibhéal áitiúil ar an earnáil iompair de bhóthar san Aontas. Dá bhrí sin, ní mór athruithe teoranta a dhéanamh ar an gComhaontú chun a fhorfheidhmiú a éascú agus a chur chun feidhme a neartú. |
|
(6) |
Chun go leanfaidh an tAontas agus an Úcráin araon de thairbhe a bhaint as éifeachtaí dearfacha an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an Úcráin agus an tAontas agus tríd an Úcráin a éascú, ba cheart fadú an Chomhaontaithe go dtí an 30 Meitheamh 2025 a áireamh sna leasuithe, agus an fhéidearthacht ann athnuachan intuigthe a dhéanamh ar feadh tréimhse amháin 6 mhí. |
|
(7) |
Tá feidhm ag an gComhaontú faoi láthair go dtí an 30 Meitheamh 2024. Tá na coinníollacha lena dtugtar údar do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe fós i réim, go háirithe an suaitheadh nach beag atá le sárú ag earnáil an iompair san Úcráin tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú leasaitheach lena bhforáiltear, inter alia, fadú a chuir leis an gComhaontú, a shíniú go práinneach thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích. |
|
(8) |
Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le comhdhéanamh na meithle ad hoc maidir le cur chun feidhme praiticiúil an Chomhaontaithe atá ag obair faoi údarás an Chomhchoiste. |
|
(9) |
Chun leanúnachas éifeachtaí tairbhiúla an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta a áirithiú, agus chun suaitheadh in onnmhairiú tháirgí na hÚcráine a sheachaint, ba cheart an Comhaontú leasaitheach a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir lena Airteagal 2(2), go dtí go dtabharfar i gcrích na nósanna imeachta is gá le haghaidh a theacht i bhfeidhm. |
|
(10) |
I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún síniú an Chomhaontaithe leasaithigh a áirithiú, faoi réir a thabhairt i gcrích. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, formheastar síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar an 29 Meitheamh 2022 (‘an Comhaontú leasaitheach’) thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe leasaithigh (2).
Airteagal 2
1. Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe teoranta do thréimhse cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais agus faoi réir chomhlíonadh bhearta sin an Aontais, tar éis dheireadh na tréimhse cur i bhfeidhm sin, scoirfidh an tAontas den inniúlacht sin a fheidhmiú agus déanfaidh na Ballstáit a n-inniúlacht a fheidhmiú arís i gcomhréir le hAirteagal 2(2) CFAE.
2. Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe gan dochar d’inniúlacht na mBallstát in aon chaibidlíocht, síniú nó tabhairt i gcrích atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar le haon tríú tír eile, agus leis an Úcráin i leith na tréimhse ar dá héis a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige.
3. Ní chumhdaítear le feidhmiú inniúlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.
4. Tá an Cinneadh seo agus an Comhaontú gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus an Aontais faoi seach i réimse an iompair earraí de bhóthar maidir leis na heilimintí seachas na heilimintí sin a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.
Airteagal 3
An mheitheal ad hoc maidir le cur chun feidhme praiticiúil an Chomhaontaithe, meitheal atá ag obair faoi údarás an Chomhchoiste, atá le bunú faoi Airteagal 7a den Chomhaontú, beidh sí comhdhéanta, ar thaobh an Aontais, d’ionadaí amháin ón gCoimisiún, ionadaí amháin ó gach Ballstát a bhfuil teorainn aige leis an Úcráin (an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic) agus triúr ionadaithe ó na Ballstáit eile. Cuirfear i bhfeidhm córas uainíochta idir na trí Bhallstát eile sin, gach 6 mhí.
Airteagal 4
Is go sealadach a chuirfear an Comhaontú i bhfeidhm, i gcomhréir lena Airteagal 2(2), ó dháta a shínithe (3), go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Airteagal 5
Áiritheoidh an Coimisiún síniú an Chomhaontaithe, faoi réir a thabhairt i gcrích.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 20 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M.-C. LEROY
(1) IO L 179, 6.7.2022, lch. 4.
(2) Tá téacs an Chomhaontaithe leasaithigh foilsithe in IO L, 2024/1878, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1878/oj.
(3) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta sínithe an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1876/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)