European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1869

5.7.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1869 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2024

lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (‘Istarski med/Istrski med’ (ATFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lenar aisghaireadh Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 de bheith infheidhme maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach a fuair an Coimisiún agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhair freasúra roimh an 13 Bealtaine 2024.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Chróit agus an tSlóivéin ar chlárú an ainm ‘Istarski med/Istrski med’ mar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Istarski med/Istrski med’ a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, tá an t-ainm ‘Istarski med/Istrski med’ (ATFC) cláraithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).

(3)   IO C, C/2024/2110, 11.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2110/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1869/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)