|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1868 |
5.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1868 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Meitheamh 2024
lena bhformheastar leasú ar an tsonraíocht le haghaidh Ainmniúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint ‘Riviera del Garda Bresciano/Garda Bresciano’
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), scriosadh, i measc nithe eile, Airteagail 96 go 99 agus Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. I gcomhréir le hAirteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1143, leanfaidh Airteagail 96 go 99 agus Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 de bheith infheidhme maidir leis na hiarratais ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge na dtásc geografach a fuair an Coimisiún agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh roimh an 13 Bealtaine 2024. |
|
(2) |
An leasú dá dtagraítear i mír 1, áirítear ann athrú ar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Riviera del Garda Bresciano/Garda Bresciano’ arb é ‘Riviera del Garda Classico’ an t-ainm atá air anois. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 97(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i gcomhar le hAirteagal 105 den Rialachán sin, mar is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus i gcomhréir le hAirteagal 20(3) de Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún (4), scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Riviera del Garda Bresciano/Garda Bresciano’, a chuir an Iodáil ar aghaidh. |
|
(4) |
D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar an leasú ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5), mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(5) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, de réir mar is infheidhme de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/2117, tá feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le cinntí a bhaineann le hiarratais ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht táirge a fuair an Coimisiún roimh an 7 Nollaig 2021. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Riviera del Garda Bresciano/Garda Bresciano’ (ATFC), formheastar leis seo é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj
(2) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
(3) Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2117/oj).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, téarmaí traidisiúnta, lipéadú agus cur i láthair táirgí áirithe earnáil an fhíona (IO L 193, 24.7.2009, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/607/oj).
(5) IO C, C/2024/1496, 14.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1496/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1868/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)