|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1865 |
30.6.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1865 ÓN GCOMHAIRLE
an 29 Meitheamh 2024
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/1864 an 29 Meitheamh 2024 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2). |
|
(2) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, tugtar éifeacht do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (3). |
|
(3) |
An 29 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1864. |
|
(4) |
Le Cinneadh (CBES) 2024/1864, leathnaítear an toirmeasc ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide agus ardfhorbartha agus tugtar isteach srianta breise ar onnmhairiú earraí a d’fhéadfadh rannchuidiú go háirithe le hacmhainneachtaí tionsclaíocha na Bealarúise a fheabhsú. |
|
(5) |
Thairis sin, chun an riosca go rachfar timpeall ar bhearta sriantacha a íoslaghdú, le Cinneadh (CBES) 2024/1864, cuirtear toirmeasc ar na hearraí seo a leanas a chur d'idirthuras trí chríoch na Bealarúise: earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide, earraí agus teicneolaíocht lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála, earraí lena bhféadfaí rannchuidiú go háirithe le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíocha, earraí agus teicneolaíocht na Bealarúise atá oiriúnach lena n-úsáid san eitlíocht nó i dtionscal an spáis, agus airm arna n-onnmhairiú ón Aontas. |
|
(6) |
Le Cinneadh (CBES) 2024/1864, forchuirtear srianta breise ar onnmhairí chuig an mBealarúis, go háirithe maidir le hearraí agus teicneolaíocht loingseoireachta muirí agus só-earraí. |
|
(7) |
Le Cinneadh (CBES) 2024/1864, forchuirtear freisin toirmeasc ar dhiamaint a allmhairiú, a cheannach nó a aistriú go díreach nó go hindíreach ón mBealarúis, agus tá feidhm ag an toirmeasc sin maidir le diamaint de thionscnamh na Bealarúise, diamaint a onnmhairítear ón mBealarúis agus diamaint a dhéanann idirthuras tríd an mBealarúis. Tá feidhm ag an toirmeasc sin maidir le diamaint nádúrtha agus shintéiseacha neamhthionsclaíocha, chomh maith le seodra diamaint. |
|
(8) |
Thairis sin, le Cinneadh (CBES) 2024/1864, leathnaítear an toirmeasc ar allmhairiú táirgí mianracha chun amhola a chur san áireamh agus tugtar isteach toirmeasc nua ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid i scagadh ola agus i leachtú gáis nádúrtha. |
|
(9) |
Ba cheart a shoiléiriú leis an Rialachán seo go bhfuil na toirmisc a bhaineann le hola gan dochar, faoi láthair, d’amhola a sheachadtar trí phíblíne ón Rúis isteach sna Ballstáit a chur d'idirthuras tríd an mBealarúis. |
|
(10) |
Thairis sin, le Cinneadh (CBES) 2024/1864, cuirtear toirmeasc ar sholáthar seirbhísí áirithe do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir trí thoirmeasc a chur ar sholáthar seirbhísí cuntasaíochta, seirbhísí iniúchóireachta, lena n-áirítear iniúchóireacht reachtúil, seirbhísí leabharchoimeádta, seirbhísí comhairliúcháin cánach, comhairliúchán gnó agus bainistíochta, agus seirbhísí caidrimh phoiblí. |
|
(11) |
De bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cumhdaítear le seirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, leabharchoimeádta agus comhairliúcháin cánach idirbhearta tráchtála a thaifeadadh le haghaidh gnólachtaí agus páirtithe eile, seirbhísí scrúdúcháin maidir le taifid chuntasaíochta agus ráitis airgeadais, pleanáil agus comhairliúchán cánach gnó, agus doiciméid chánacha a ullmhú. Le seirbhísí comhairliúcháin gnó agus bainistíochta agus seirbhísí caidrimh phoiblí, cumhdaítear seirbhísí comhairleacha, treorach agus cúnaimh oibríochtúil a sholáthraítear do ghnólachtaí le haghaidh beartas gnó agus straitéis ghnó agus chun eagraíocht a phleanáil, a struchtúrú agus a rialú i gcoitinne. Áirítear freisin táillí bainistíochta, iniúchadh bainistíochta, bainistiú margaidh, acmhainní daonna, comhairliúchán maidir le bainistiú táirgthe agus bainistiú tionscadal, agus seirbhísí comhairleacha, treorach agus oibríochtúla a bhaineann le feabhas a chur ar an íomhá do na cliaint agus ar a gcaidreamh leis an bpobal i gcoitinne agus le hinstitiúidí eile. |
|
(12) |
Thairis sin, le Cinneadh (CBES) 2024/1864, cuirtear toirmeasc ar sholáthar seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta chomh maith le seirbhísí comhairliúcháin TF agus seirbhísí comhairleacha dlí don Bhealarúis. I gcomhréir leis an Aicmiú Lárnach Táirgí arna socrú ag Oifig Staidrimh na Náisiún Aontaithe sna Páipéir Staidrimh, Sraith M, Uimh. 77, CPC sealadach, 1991, cumhdaítear le ‘seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta’ seirbhísí ailtireachta agus seirbhísí innealtóireachta chomh maith le seirbhísí innealtóireachta comhtháite, pleanáil uirbeach agus seirbhísí ailtireachta tírdhreacha agus seirbhísí comhairliúcháin eolaíochta agus teicniúla a bhaineann le hinnealtóireacht. Ceadaítear fós cúnamh teicniúil a sholáthar a bhaineann le hearraí a onnmhairítear chuig an mBealarúis, ar choinníoll nach bhfuil toirmeasc faoin Rialachán seo ar na hearraí sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú tráth a sholáthraítear an cúnamh teicniúil sin. I gcomhréir freisin leis an Aicmiú Lárnach Táirgí sin, cumhdaítear le ‘seirbhísí comhairliúcháin TF’ seirbhísí comhairliúcháin a bhaineann le crua-earraí ríomhaireachta a shuiteáil, lena n-áirítear seirbhísí cúnaimh do chliaint chun crua-earraí ríomhaireachta, arb é atá iontu trealamh fisiciúil, agus líonraí ríomhaireachta a shuiteáil, agus seirbhísí cur chun feidhme bogearraí, lena n-áirítear gach seirbhís lena mbaineann seirbhísí comhairliúcháin maidir le bogearraí a fhorbairt agus a chur chun feidhme. I gcomhréir leis an aicmiú céanna sin, cumhdaítear le ‘seirbhísí comhairleacha dlí’ comhairle dlí a sholáthar do chustaiméirí in ábhair neamhchonspóideacha, lena n-áirítear idirbhearta tráchtála, a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an dlí, rannpháirtíocht le cliaint nó thar a gceann in idirbhearta tráchtála, i gcaibidlíocht agus i ndéileálacha eile le tríú páirtithe, agus doiciméid dlí a ullmhú, a fhorghníomhú agus a fhíorú. Mar sin féin, ní áirítear le ‘seirbhísí comhairleacha dlí’ aon ionadaíocht, comhairle, ullmhú doiciméad ná fíorú doiciméad i gcomhthéacs seirbhísí ionadaíochta dlíthiúla, is é sin in ábhair nó in imeachtaí os comhair gníomhaireachtaí riaracháin, cúirteanna nó binsí oifigiúla eile atá comhdhéanta go cuí, nó in imeachtaí eadrána nó idirghabhála. |
|
(13) |
Le Cinneadh (CBES) 2024/1864, cuirtear toirmeasc freisin ar sholáthar seirbhísí áirithe do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir trí thoirmeasc a chur ar sholáthar seirbhísí fógraíochta, taighde margaidh agus pobalbhreitheanna, chomh maith le seirbhísí tástála táirgí agus cigireachta teicniúla. I gcomhréir leis an Aicmiú Lárnach Táirgí arna leagan amach ag Oifig Staidrimh na Náisiún Aontaithe sna Páipéir Staidrimh, Sraith M, Uimh. 77, CPC sealadach, 1991, cumhdaítear le ‘Taighde margaidh agus seirbhísí pobalbhreitheanna’ seirbhísí taighde margaidh agus seirbhísí pobalbhreitheanna. I gcomhréir freisin leis an Aicmiú Lárnach Táirgí sin, cumhdaítear le ‘seirbhísí tástála teicniúla agus anailíse’ seirbhísí tástála agus anailíse comhdhéanaimh agus íonachta, seirbhísí tástála agus anailíse airíonna fisiceacha, seirbhísí tástála agus anailíse córas comhtháite meicniúil agus leictreach, seirbhísí cigireachta teicniúla, chomh maith le seirbhísí tástála teicniúla agus anailíse eile. Ceadaítear fós cúnamh teicniúil a sholáthar a bhaineann le hearraí a onnmhairítear chuig an mBealarúis, ar choinníoll nach bhfuil toirmeasc faoin Rialachán seo ar na hearraí sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú tráth a sholáthraítear an cúnamh teicniúil sin. I gcomhréir leis an aicmiú céanna sin, cumhdaítear le ‘seirbhísí fógraíochta’ seirbhísí díolta nó léasaithe spáis nó ama fógraíochta agus seirbhísí pleanála, cruthaithe agus socrúcháin fógraíochta, agus seirbhísí fógraíochta eile. |
|
(14) |
Le Cinneadh (CBES) 2024/1864, tugtar isteach freisin na maoluithe is gá chun balla dóiteáin a chur ar bun, a dheimhniú nó a mheas, ar balla dóiteáin é lena mbaintear an rialú atá á fheidhmiú ag duine liostaithe ar shócmhainní eintitis neamhliostaithe de chuid an Aontais ar leis an duine liostaithe iad nó atá á rialú ag an duine liostaithe agus lena n-áirithítear nach bhfabhróidh aon tairbhe don duine sin, rud d’fhágfadh go mbeadh an t-eintiteas sin in ann leanúint dá oibríochtaí gnó. |
|
(15) |
Chun ailíniú le léiriú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-72/11 a áirithiú, leasaítear le Cinneadh (CBES) 2024/1864 an fhoráil lena dtoirmisctear teacht timpeall chun a shoiléiriú go gcomhlíontar ceanglais an eolais agus na hintinne, ní hamháin i gcás ina mbíonn an cuspóir nó an éifeacht a bhaineann le teacht timpeall ar bhearta sriantacha á lorg ag duine d’aon turas ach freisin i gcás ina bhfuil duine atá rannpháirteach i ngníomhaíocht a bhfuil sé mar chuspóir nó éifeacht aici teacht timpeall ar bhearta sriantacha ar an eolas go bhféadfaidh an cuspóir nó an éifeacht sin a bheith ag an rannpháirtíocht sin, agus go nglacann sé leis an bhféidearthacht sin. |
|
(16) |
D’fhonn feasacht a mhéadú maidir le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin, is iomchuí go dtuairisceoidh na Ballstáit faoi na pionóis a fhorchuirtear i leith sáruithe ar na bearta sriantacha. |
|
(17) |
I gcomhréir le cuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, is iad sin an tsíocháin a chaomhnú, an tslándáil idirnáisiúnta a threisiú agus an comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn, an daonlathas, an smacht reachta, agus, go sonrach, na cuspóirí arna saothrú le Cinneadh 2012/642/CBES a chur chun cinn, is iomchuí a áirithiú go mbeidh doiciméid atá i seilbh na Comhairle, an Choimisiúin agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘An tArdionadaí’) a bhaineann le forfheidhmiú na mbeart sriantach a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, nó a bhaineann le sárú nó teacht timpeall a chosc, faoi réir rúndacht ghairmiúil agus go mbeidh an chosaint acu a thugtar leis na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais, ós rud é go bhféadfaí na doiciméid atá iontu a úsáid ar bhealach chun cosc a chur ar fhorfheidhmiú na mbeart sin nó a n-éifeachtacht a chur i mbaol, ós rud é go bhféadfadh na daoine agus na heintitis lena mbaineann gníomhú ar bhealach a chuirfeadh cosc ar a bhforfheidhmiú. Ba cheart an chosaint sin a áirithiú freisin do thograí comhpháirteacha ó Ardionadaí an Aontais agus ón gCoimisiún chun Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 agus aon doiciméad ullmhúcháin gaolmhar a leasú toisc go bhféadfaí difear a dhéanamh d’éifeachtacht na mbeart a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 agus d’ullmhú agus do chaibidlíocht ar bhonn tograí a bheidh ann amach anseo dá nochtfaí na tograí sin. Bearta áirithe i dtograí mar sin nach féidir leis an gComhairle iad a ghlacadh ar chúiseanna éagsúla, is minic iad á gcur isteach i dtograí a dhéantar ina dhiaidh sin ag an Ardionadaí agus an Coimisiún. Tá sé tábhachtach an chumhacht tionscnaimh sin a chosaint ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag leasanna poiblí nó príobháideacha a dhéanann iarracht, lasmuigh de chomhairliúcháin eagraithe, a cheangal ar institiúidí an Aontais agus ar a sheirbhísí leasú a mholadh, a ghlacadh, a leasú nó a chomhaontú. Dá nochtfaí na tograí sin, d’fhéadfadh na bearta féideartha nua a bheith neamhéifeachtach toisc go mbeadh sé ráite cheana féin go bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis go ndéanfaí dochar do shlándáil an Aontais nó do shlándáil ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó dá gcaidrimh idirnáisiúnta dá nochtfaí na doiciméid sin. |
|
(18) |
Thairis sin, le Cinneadh (CBES) 2024/1864, tugtar isteach toirmeasc ar allmhairiú earraí lena gceadaítear don Bhealarúis a foinsí ioncaim a éagsúlú, rud a fhágann gur féidir léi a bheith rannpháirteach san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. Áirítear gual agus táirgí eile sa toirmeasc sin. |
|
(19) |
Ina theannta sin, le Cinneadh (CBES) 2024/1864, tugtar cead do na Ballstáit earraí pearsanta a ligean isteach san Aontas, ar earraí iad nach mbaineann imní shuntasach leo i ndáil le teacht timpeall, mar shampla earraí sláinteachais phearsanta, nó éadaí á gcaitheamh ag taistealaithe nó atá ina mbagáiste, agus ar léir gur beartaithe dá n-úsáid phearsanta féin nó d’úsáid phearsanta a mball teaghlaigh amháin. Déantar foráil ann freisin maidir le heisceachtaí lena gceadaítear do ghluaisteáin teacht isteach san Aontas ar chúinsí sonracha. Féadfaidh na Ballstáit staid na ngluaisteán ón mBealarúis atá ar chríoch an Aontais cheana féin a thabhairt chun rialtachta. |
|
(20) |
Le Cinneadh (CBES) 2024/1864, forchuirtear toirmeasc ar allmhairiú, ceannach nó aistriú óir go díreach nó go hindíreach. Tá feidhm ag an toirmeasc sin maidir le hór de thionscnamh na Bealarúise a onnmhairítear ón mBealarúis tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(21) |
Le Cinneadh (CBES) 2024/1864, forchuirtear bearta sriantacha breise in earnálacha éagsúla, go háirithe in earnálacha an fhuinnimh agus na heitlíochta. |
|
(22) |
Chun a áirithiú go gcuirfear na bearta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 chun feidhme mar is ceart, is iomchuí an díolúine ón toirmeasc ar earraí a bheith á n-iompar ag gnóthais iompair de bhóthar atá bunaithe sa Bhealarúis a leathnú chuig gach ionadaíocht taidhleoireachta agus chonsalach sa Bhealarúis. Le Cinneadh (CBES) 2024/1864, leathnaítear freisin an toirmeasc ar earraí a bheith á n-iompar de bhóthar san Aontas le leantóirí agus leathleantóirí atá cláraithe sa Bhealarúis, lena n-áirítear nuair is trucailí atá cláraithe lasmuigh den Bhealarúis a tharraingíonn iad. Chun an riosca theacht timpeall a íoslaghdú, le Cinneadh (CBES) 2024/1864 leasaítear an toirmeasc i gCinneadh 2012/642/CBES ar iompar earraí de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear earraí ar idirthuras. Oibreoirí de chuid an Aontais ar le duine nádúrtha nó dlítheanach Bealarúiseach 25 % nó níos mó díobh iad, ba cheart toirmeasc a chur orthu a bheith ina ngnóthas iompair de bhóthar nó earraí a iompar de bhóthar san Aontas, lena n-áirítear earraí ar idirthuras. Níl feidhm ag an toirmeasc maidir le gnóthais iompair de bhóthar atá faoi úinéireacht dénáisiúnach ná náisiúnach Bealarúiseach a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát. Ba cheart do ghnóthais iompair de bhóthar a struchtúr úinéireachta a nochtadh do na húdaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh. |
|
(23) |
Le Cinneadh (CBES) 2024/1864 tugtar isteach critéar breise maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir reo sócmhainní a liostú agus maidir leis an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus d’eintitis ainmnithe. |
|
(24) |
Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo agus faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo. |
|
(25) |
Le gurbh fhusa ag oibreoirí de chuid an Aontais dífheistiú ó mhargadh na Bealarúise, tugtar isteach le Cinneadh (CBES) 2024/1864 maoluithe sealadacha ar na toirmisc ar allmhairiú agus ar onnmhairiú earraí agus ar sholáthar seirbhísí áirithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. Le gurbh fhusa imeacht go gasta ó mhargadh na Bealarúise, tá na maoluithe sin sealadach agus teoranta ó thaobh raon feidhme de. Leis an maolú ó na toirmisc sin ar allmhairiú agus ar onnmhairiú ar mhaithe le dífheistiú, ba cheart go gceadófaí díol, soláthar nó aistriú earraí áirithe, nó allmhairiú earraí áirithe isteach san Aontas, go dtí an 2 Eanáir 2025 agus níor cheart go mbeadh feidhm aige ach amháin maidir leis na hearraí sin a bhí lonnaithe go fisiciúil cheana sa Bhealarúis tráth a tháinig na toirmisc ábhartha i bhfeidhm. Leis an maolú ar mhaithe le dífheistiú sin faoinar féidir seirbhísí áirithe a sholáthar, ba cheart go gceadófaí, go dtí an 2 Eanáir 2025, leanúint de sheirbhísí a sholáthar do dhaoine dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí a bheidh ann mar thoradh ar an dífheistiú agus chun tairbhe eisiach na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin. Ina theannta sin, maidir leis na hearraí toirmiscthe atá fágtha sa Bhealarúis mar thoradh ar dhífheistiú, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a áirithiú nach rachaidh na hearraí sin chun tairbhe d’úsáideoirí deiridh míleata ná nach mbeidh úsáid deiridh mhíleata acu agus nach gcuirfear seirbhísí ar fáil do Rialtas na Bealarúise ná nach rachaidh siad chun tairbhe d’úsáideoirí deiridh míleata agus nach mbeidh úsáid deiridh mhíleata acu. |
|
(26) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le láimhseáil allmhairí, déantar foráil le Cinneadh (CBES) 2024/1864 do rialacha i dtaca le húdaráis chustaim na mBallstát earraí a scaoileadh ar earraí iad atá lonnaithe san Aontas go fisiciúil agus a cuireadh faoi bhráid na n-údarás custaim cheana nuair a tháinig siad faoi réir bearta sriantacha. Tá feidhm ag an bhféidearthacht go scaoilfear earraí gan beann ar na nósanna imeachta faoina gcuireadh na hearraí tar éis iad a chur faoi bhráid na n-údarás custaim trí, inter alia, idirthuras, próiseáil isteach, nó scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus gan beann ar na céimeanna agus na foirmiúlachtaí nós imeachta de bhun Chód Custaim an Aontais is gá a chur i gcrích le haghaidh scaoileadh den sórt sin. Le Cinneadh (CBES) 2024/1864, údaraítear na Ballstáit freisin earraí a tugadh isteach san Aontas cheana a scaoileadh. Tá gá leis an údarú sin ar mhaithe le hoibreoirí an Aontais a thug na hearraí sin isteach san Aontas de mheon macánta tráth nach raibh siad fós faoi réir aon bheart sriantach a bhaineann le hallmhairí, lena n-áirítear nuair a bhí sé fós ceadaithe iad a allmhairiú le linn tréimhse clabhsúir. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú go gcomhlíonfaidh scaoileadh na n-earraí agus aon íocaíocht a bhaineann leo forálacha agus cuspóirí bhearta sriantacha an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart aon chinneadh gan earraí den sórt sin a scaoileadh cuspóirí na mbeart sin a chomhlíonadh agus a áirithiú, inter alia, i measc nithe eile, nach dtabharfar na hearraí ar ais don Bhealarúis. |
|
(27) |
Ceanglaítear le Cinneadh (CFSP) 2024/1864 freisin go gcuirfidh onnmhaireoirí toirmeasc conarthach ar earraí agus teicneolaíocht atá íogair mar a liostaítear in Iarscríbhinní XVI, XVII, XXVIII agus XXX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 765/2006, ar nithe ardtosaíochta coiteanna, nó airm thine agus armlón mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a ath-onnmhairiú go dtí an Bhealarúis agus a ath-onnmhairiú lena n-úsáid sa Bhealarúis (‘clásal eisiata na Bealarúise’). |
|
(28) |
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar atá ag teacht i bhfeidhm na hoibleagáide ‘clásal eisiata na Bealarúise’ a úsáid ar theacht timpeall a dhíspreagadh. Déanfaidh sé grinnmheasúnú freisin ar shonraí trádála, ar staidreamh onnmhairiúcháin agus ar fhaisnéis eile a bhaineann le patrúin teacht timpeall maidir leis na hearraí sin, lena n-áirítear an ról a d’fhéadfadh a bheith ag fochuideachtaí de chuid oibreoirí an Aontais i dtríú tíortha sna patrúin sin.Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil ‘clásal eisiata na Bealarúise’ oiriúnach don fheidhm agus breithneoidh sé aon ghníomhaíochtaí iomchuí eile chun srian a chur le rochtain na Bealarúise ar earraí íogaire a d’fhéadfaí a onnmhairiú chuig an Rúis, agus lena gcuirtear ar a cumas leanúint de chogadh a chur ar an Úcráin dá réir, lena n-áirítear an fhéidearthacht ceangal a chur ar oibreoirí an Aontais a áirithiú go n-úsáidfeadh a bhfochuideachtaí i dtríú tíortha an ‘clásal eisiata na Bealarúise’ freisin. |
|
(29) |
Chun cuidiú le hathonnmhairiú earraí coiteanna ardtosaíochta a chomhrac, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, ar earraí iad a fhaightear ar an láthair chatha san Úcráin nó atá ríthábhachtach d’fhorbairt, do tháirgeadh nó d’úsáid chórais mhíleata na Rúise, le Cinneadh (CBES) 2024/1864 cuirtear de cheangal ar oibreoirí an Aontais a dhíolann, a sholáthraíonn, a aistríonn nó a onnmhairíonn earraí coiteanna ardtosaíochta chuig tríú tíortha, seachas na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn Vba a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, sásraí díchill chuí a chur chun feidhme atá in ann rioscaí a bhaineann le honnmhairiú chuig an mBealarúis a shainaithint agus a mheasúnú agus atá in ann na rioscaí sin a mhaolú. Thairis sin, le Cinneadh (CBES) 2024/1864 cuirtear de cheangal ar oibreoirí an Aontais go n-áiritheoidh siad i ndáil le daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí atá faoina n-úinéireacht nó faoina rialú agus atá bunaithe lasmuigh den Aontas, go gcuirfidh siad na ceanglais sin chun feidhme freisin. |
|
(30) |
I gcás ina gceanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ar oibreoirí de chuid an Aontais a áirithiú i ndáil le daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus atá faoina n-úinéireacht nó a rialaíonn siad iad, gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh chun onnmhairiú nó athonnmhairiú earraí nó teicneolaíochta chuig an mBealarúis a chosc, ba cheart na ceanglais sin a shaothrú a mhéid a cheadaítear le reachtaíocht an tríú tír ina bhfuil an duine dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann bunaithe. |
|
(31) |
Chun cur chun feidhme ceart na mbeart a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a áirithiú, is gá liosta an innealra a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. |
|
(32) |
Is iomchuí foráil a thabhairt isteach chun a chur ar chumas náisiúnaigh agus cuideachtaí na mBallstát cúiteamh a fháil ó dhaoine aonair agus eintitis Bhealarúiseacha a rinne damáistí dóibh. Áirítear leis sin damáistí a rinneadh do na cuideachtaí atá faoina n-úinéireacht nó faoina rialú, i ndáil le conradh nó idirbheart a ndearna na bearta a fhorchuirtear faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 difear dá bhfeidhmiú, ar choinníoll nach bhfuil rochtain éifeachtach ag náisiúnach ná cuideachta de chuid an Bhallstáit lena mbaineann ar na leigheasanna, mar shampla faoin gconradh déthaobhach infheistíochta ábhartha. Féadfar cúiteamh a éileamh os comhair chúirteanna na mBallstát i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais agus dhlí na mBallstát maidir le dlínse agus nósanna imeachta cúirte in ábhair shibhialta agus thráchtála, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le nósanna imeachta eatramhacha faoisimh a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(33) |
Is iomchuí a cheangal ar oibreoirí an Aontais a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú nach nglacfaidh daoine dlisteanacha, eintitis agus comhlachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil úinéireacht nó rialú acu orthu páirt i ngníomhaíochtaí a chuireann bac ar na bearta sriantacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. Is éard atá i gceist le gníomhaíochtaí den sórt sin gníomhaíochtaí a bhfuil mar thoradh orthu go bhféachtar leis na bearta sriantacha sin cosc a chur, mar shampla, ar faighteoir sa Bhealarúis earraí, teicneolaíocht, maoiniú nó seirbhísí de chineál atá faoi réir toirmisc faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a fháil. |
|
(34) |
Ba cheart ‘a ndícheall a dhéanamh’ a thuiscint mar na gníomhaíochtaí uile atá oiriúnach agus riachtanach le nach mbainfí an bonn de na bearta sriantacha i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, cur chun feidhme beartas, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí chun rioscaí a mhaolú agus a bhainistiú go héifeachtach, agus tosca ar nós an tríú tír bhunaíochta, na hearnála gnó agus cineáil gníomhaíochta an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta atá faoi úinéireacht nó faoi rialú oibreoir an Aontais á gcur san áireamh. San am céanna, ba cheart a thuiscint nach gcuimsíonn ‘a ndícheall a dhéanamh’ ach gníomhaíochtaí atá indéanta d’oibreoir an Aontais i bhfianaise a chineáil, a mhéide agus na n-imthosca fíorasacha ábhartha, go háirithe méid an rialaithe éifeachtaigh ar an duine dlítheanach, ar an eintiteas nó ar an gcomhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas. Áirítear ar na himthosca sin an cás nach féidir le hoibreoir an Aontais, ar chúiseanna dosheachanta, ar nós reachtaíocht tríú tír, rialú a fheidhmiú ar dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ar leis é. |
|
(35) |
I gcás ina nochtann duine nádúrtha nó dlítheanach sárú ar na bearta sriantacha sin go deonach, go hiomlán agus in am trátha, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a bheith in ann an féin-nochtadh sin a chur san áireamh agus pionóis á gcur i bhfeidhm acu, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta riaracháin nó le dlí náisiúnta ábhartha eile nó le rialacha náisiúnta ábhartha eile. Tá feidhm ag na bearta sin arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun Threoir (AE) 2024/1226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ag na ceanglais atá inti maidir le himthosca maolaitheacha. |
|
(36) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 1b(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 1ba mar a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 1bb 1. Earraí lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíocha na Bealarúise go háirithe, arb earraí iad a liostaítear in Iarscríbhinn XVIII, bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, cuirfear toirmeasc ar iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó le haghaidh a n-úsáide sa Bhealarúis. 2. Na hearraí agus an teicneolaíocht mar a liostaítear in Iarscríbhinn XIX agus a onnmhairítear ón Aontas, cuirfear toirmeasc ar iad a chur d'idirthuras trí chríoch na Bealarúise. 3. Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:
4. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 3 maidir leis an bhforghníomhú go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gcás conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 1 Iúil 2024, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú. 5. I dtaca leis na hearraí a thagann faoi chód AC 2602, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 3 maidir leis an bhforghníomhú go dtí an 2 Lúnasa 2024 i gcás conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 1 Iúil 2024, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú. 6. I dtaca leis na hearraí a thagann faoi chód AC 8708 99 , ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 3 maidir leis an bhforghníomhú go dtí an 2 Eanáir 2025 i gcás conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 1 Iúil 2024, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú. 7. Na toirmisc dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, ní bheidh feidhm acu maidir le hearraí is gá chun críocha oifigiúla mhisin taidhleoireachta nó chonsalacha na mBallstát nó na dtíortha comhpháirtíochta sa Bhealarúis nó chun críocha eagraíochtaí idirnáisiúnta a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, nó maidir le héifeachtaí pearsanta a bhfoirne. 8. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt na hearraí agus an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn XVIII a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, nó féadfaidh siad údarú a thabhairt cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na hearraí nó leis an teicneolaíocht sin nó le soláthar cúnaimh theicniúil nó cúnaimh airgeadais a bhaineann leo:
9. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí a thagann faoi chód AC 8417 20 a údarú, nó soláthar cúnaimh theicniúil nó airgeadais gaolmhar a údarú, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na hearraí sin nó leis an gcúnamh teicniúil nó airgeadais gaolmhar a sholáthar le haghaidh úsáid phearsanta teaghlaigh daoine nádúrtha. 10. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú i ndáil le hearraí agus teicneolaíochta a d’fhéadfadh rannchuidiú go háirithe le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíocha na Bealarúise mar a liostaítear in Iarscríbhinn XIX, go gcuirfí d'idirthuras trí chríoch na Bealarúise iad, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin beartaithe chun na gcríoch a leagtar amach i mír 8. 11. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1, 2 agus 3 maidir leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, le haghaidh úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe le haghaidh éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha. 12. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, maidir le díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta a thagann faoi chóid AC 3917, 8523 agus 8536, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XVIII, nó maidir leis an gcúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na hearraí sin nó le soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais chun feistí leighis a cothabháil nó a dheisiú. 13. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí a leanas a údarú, nó soláthar cúnaimh theicniúil nó airgeadais gaolmhar a údarú, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na hearraí sin nó le cúnamh teicniúil nó airgeadais gaolmhar a sholáthar le haghaidh úsáid phearsanta teaghlaigh daoine nádúrtha sa Bhealarúis:
14. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí a thagann faoi chód AC 3917 10 a údarú, nó soláthar cúnaimh theicniúil nó airgeadais gaolmhar a údarú, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na hearraí sin á ndíol, á soláthar, á n-aistriú nó á n-onnmhairiú le haghaidh táirgeadh earraí bia atá ceaptha lena n-ithe ag an duine sa Bhealarúis.’ 15. Tráth a bheidh cinneadh á dhéanamh acu maidir le hiarrataí ar údaruithe chun na gcríoch a áirítear i míreanna 8, 9, 10, 12, 13 agus 14, ní dheonóidh na húdaráis inniúla údarú le haghaidh onnmhairiú chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó le haghaidh a n-úsáide sa Bhealarúis, má tá forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí. 16. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhíreanna , 9, 10, 12, 13 agus 14 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’ |
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 1e mar a leanas:
|
|
(6) |
leasaítear Airteagal 1f mar a leanas:
|
|
(7) |
in Airteagal 1fa, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. ‘1. Maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn V, de mhaolú ar Airteagal 1e(1) agus (2) agus Airteagal 1f(1) agus (2), agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de Rialachán (AE) 2021/821, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí agus an teicneolaíocht dé-úsáide agus na hearraí agus an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn Va a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú nó cúnamh airgeadais gaolmhar nó cúnamh teicniúil gaolmhar a sholáthar, ach amháin tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó an cúnamh airgeadais lena mbaineann:
|
|
(8) |
in Airteagal 1fb, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Eiseofar na húdaruithe uile dá dtagraítear in Airteagail 1e, 1f agus 1fa, nuair is féidir, trí mhodhanna leictreonacha ar fhoirmeacha ar a mbeidh ar a laghad gach ceann de na heilimintí, agus iad san ord, dá bhforáiltear sna samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Vc.’ |
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 1fc mar a leanas:
|
|
(10) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 1fd 1. Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht loingseoireachta muirí, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXIV, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le haon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó le haghaidh a n-úsáide sa Bhealarúis. 2. Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:
3. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, le haghaidh úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha.’ |
|
(11) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 1ga 1. Cuirfear toirmeasc ar shó-earraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXV, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó le haghaidh a n-úsáide sa Bhealarúis. 2. Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:
3. An toirmeasc dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, beidh feidhm aige maidir le só-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn XXV a mhéid gur mó a luach ná EUR 300 in aghaidh an earra, mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn. 4. An toirmeasc dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le hearraí is gá le haghaidh chríocha oifigiúla mhisin taidhleoireachta nó chonsalacha na mBallstát nó na dtíortha comhpháirtíochta sa Bhealarúis nó chun críocha eagraíochtaí idirnáisiúnta a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, nó maidir le héifeachtaí pearsanta a bhfoirne. 5. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le hearraí a thagann faoi chóid AC 7113 00 00 agus 7114 00 00 mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXV le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha atá ag taisteal ón Aontas nó baill dá neasteaghlaigh atá ag taisteal leo, atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol. 6. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aistriú nó onnmhairiú earraí cultúrtha atá ar iasacht chuig an mBealarúis a údarú i gcomhthéacs comhar cultúrtha foirmiúil leis an mBealarúis. 7. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna dheonú faoi mhír 6 laistigh de 2 sheachtain ón údarú. Airteagal 1gb 1. Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, aon ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a údarú tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:
3. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 2 laistigh de 2 sheachtain ón údarú. Airteagal 1gc 1. Earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid chun ola a scagadh agus gás nádúrtha a leachtú, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XX, beidh toirmeasc ar a ndíol, a soláthar, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó le haghaidh a n-úsáide sa Bhealarúis. 2. Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:
3. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis an bhforghníomhú go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gcás conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 1 Iúil 2024, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú. 4. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, na hearraí agus an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn XX a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú nó cúnamh teicniúil gaolmhar nó cúnamh airgeadais gaolmhar a sholáthar, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh ábhartha teicniúil nó an cúnamh ábhartha airgeadais sin riachtanach chun teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol a chosc nó a mhaolú go práinneach. I gcásanna éigeandála a mbeidh údar cuí leo, féadfar an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú a dhéanamh gan réamhúdarú, ar choinníoll go dtabharfaidh an t-onnmhaireoir fógra don údarás inniúil laistigh de 5 lá oibre ó lá an díola, an tsoláthair, an aistrithe nó an onnmhairithe, agus tabharfar mionsonraí ann faoin údar ábhartha a bhí leis an díol, an soláthar, an aistriú nó an onnmhairiú gan réamhúdarú. 5. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 4 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’ |
|
(12) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1h: ‘Airteagal 1h 1. Beidh toirmeasc ar tháirgí mianracha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn VII, agus amhola, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXIII, a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Bealarúise iad nó más ón mBealarúis a onnmhairítear iad. 2. Cuirfear toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais, nó aon seirbhís eile a bhaineann leis an toirmeasc i mír 1, a sholáthar go díreach nó go hindíreach. 3. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir le ceannach táirgí mianracha a liostaítear in Iarscríbhinn VII sa Bhealarúis, ar táirgí iad is gá chun freastal ar riachtanais fhíor-riachtanacha an cheannaitheora sa Bhealarúis nó ar riachtanais fhíor-riachtanacha tionscadal daonchairdiúil sa Bhealarúis. 4. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le hamhola, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXIII, go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2024, maidir le hidirbhearta aonuaire le haghaidh seachadadh gearrthéarmach, arna dtabhairt i gcrích agus arna bhforghníomhú roimh an dáta sin, nó maidir le forghníomhú conarthaí chun amhola a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXIII a tugadh i gcrích roimh an 1 Iúil 2024, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll gur thug an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi na conarthaí sin faoin 23 Iúil 2024 agus go dtabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi na hidirbhearta aonuaire le haghaidh seachadadh gearrthéarmach laistigh de 10 lá tar éis iad a thabhairt i gcrích. 5. Tá na toirmisc i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo gan dochar d’amhola a thagann faoi chód AC 2709 00 a chur d'idirthuras tríd an mBealarúis agus a sheachadtar trí phíblíne ón Rúis isteach sna Ballstáit, go dtí go gcinnfidh an Chomhairle go mbeidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 3m de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (*2) ón gComhairle maidir le hamhola arna seachadadh trí phíblíne ón Rúis. (*2) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).’;" |
|
(13) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 1jc 1. Beidh toirmeasc ar sheirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, lena n-áirítear seirbhísí iniúchóireachta reachtúla, seirbhísí leabharchoimeádta nó seirbhísí comhairliúcháin cánach, nó seirbhísí comhairliúcháin gnó agus bainistíochta nó seirbhísí caidrimh phoiblí a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, dóibh seo a leanas:
2. Beidh toirmeasc ar sheirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta, seirbhísí comhairleacha dlí agus seirbhísí comhairliúcháin TF a sholáthar go díreach nó go hindíreach dóibh seo a leanas:
3. Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí taighde margaidh agus seirbhísí pobalbhreitheanna, seirbhísí tástála teicniúla agus anailíse agus seirbhísí fógraíochta a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, dóibh seo a leanas:
4. Cuirfear toirmeasc ar bhogearraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú, a onnmhairiú, nó a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, maidir le bainistiú fiontar nó bogearraí maidir le dearadh tionsclaíoch agus monaraíocht mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXVI dóibh seo a leanas:
5. Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:
6. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 4 maidir le soláthar seirbhísí a bhfuil géarghá leo chun an foirceannadh a dhéanamh faoin 2 Deireadh Fómhair 2024 i gcás conarthaí nach gcomhlíonann an tAirteagal seo arna dtabhairt i gcrích roimh an 1 Iúil 2024, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú. 7. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le soláthar seirbhísí a bhfuil géarghá leo chun an ceart chun cosanta in imeachtaí breithiúnacha a fheidhmiú ná an ceart chun leigheas éifeachtach dlí a fháil. 8. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le soláthar seirbhísí a bhfuil géarghá leo chun rochtain ar imeachtaí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána i mBallstát a áirithiú, nó chun aitheantas nó forfheidhmiú a dhéanamh maidir le breithiúnas nó dámhachtain eadrána arna soláthar i mBallstát, ar choinníoll go bhfuil an soláthar seirbhísí sin comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo. 9. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 4 go dtí an 2 Eanáir 2025 maidir le soláthar seirbhísí atá beartaithe lena n-úsáid go heisiach ag daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Bhealarúis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú iomlán nó comhpháirteach duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, faoi dhlí tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, faoi dhlí na hEilvéise nó faoi dhlí tíre is comhpháirtí a liostaítear in Iarscríbhinn Vb. 10. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2, 3 ná 4 maidir le soláthar seirbhísí is gá le haghaidh éigeandálaí sláinte poiblí, chun teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach mór aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol a chosc nó a mhaolú go práinneach, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha. 11. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla soláthar na seirbhísí dá dtagraítear sna míreanna sin a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil géarghá leis na seirbhísí sin chun balla dóiteáin a chur ar bun, a dheimhniú nó a mheas a ndéantar an méid seo a leanas leis:
12. De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh na húdaráis inniúla soláthar na seirbhísí dá dtagraítear sa mhír sin a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na seirbhísí sin riachtanach le haghaidh rannchuidiú náisiúnaigh de chuid na Bealarúise le tionscadail idirnáisiúnta foinse oscailte. 13. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 5, féadfaidh na húdaráis inniúla na seirbhísí dá dtagraítear sna míreanna sin a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leo chun na gcríoch seo a leanas:
14. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla soláthar seirbhísí comhairleacha dlí dá dtagraítear sa mhír sin a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá sin chun leanúint de thionscnaimh atá ann cheana lena dtugtar tacaíocht d’íospartaigh tubaistí nádúrtha, núicléacha nó ceimiceacha agus faoi chuimsiú nósanna imeachta idirnáisiúnta um ghlacadh. 15. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 11 go 14 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’ |
|
(14) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1m: ‘Airteagal 1m Beidh toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh nó is éifeacht leo teacht timpeall ar thoirmisc sa Rialachán seo, lena náirítear teacht timpeall trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí den chineál sin gan féachaint d’aon ghnó leis an gcuspóir nó an éifeacht sin a bhaint amach, ach a bheith ar an eolas go bhféadfadh an cuspóir nó an éifeacht sin a bheith ann mar thoradh ar pháirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin agus glacadh leis an bhféidearthacht sin.’ |
|
(15) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 1ra 1. Maidir le hearraí lena gceadaítear don Bhealarúis a foinsí ioncaim a éagsúlú, rud a fhágann gur féidir léi a bheith rannpháirteach i bhfogha na Rúise faoin Úcráin, cuirfear toirmeasc ar na hearraí sin a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú isteach san Aontas, go díreach nó go hindíreach, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXVII, más de thionscnamh na Bealarúise iad nó más ón mBealarúis a onnmhairítear iad. 2. Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:
3. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le ceannacháin sa Bhealarúis atá riachtanach d’fheidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha an Aontais agus na mBallstát, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó le haghaidh úsáid phearsanta náisiúnaigh na mBallstát agus baill dá neasteaghlaigh. 4. Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit allmhairiú earraí a cheadú, ar earraí iad atá beartaithe le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha atá ag taisteal chuig an Aontas nó baill dá neasteaghlaigh amháin, atá teoranta d’earraí pearsanta ar leis na daoine aonair sin iad agus ar léir nach bhfuil siad beartaithe lena ndíol. 5. Féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi réir cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, a údarú go dtiocfaidh feithicil a thagann faoi chód AC 8703 isteach san Aontas, ar feithicil í nach bhfuil sé beartaithe í a dhíol agus atá faoi úinéireacht duine díobh seo a leanas:
6. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le mótarfheithiclí a thagann faoi chód AC 8703 a theacht isteach san Aontas ar choinníoll go bhfuil pláta clárúcháin feithiclí taidhleoireachta acu agus go bhfuil siad riachtanach le haghaidh feidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, nó le haghaidh úsáid phearsanta a bhfoirne agus a neasteaghlaigh. 7 Ní chuirfidh an toirmeasc i mír 1 cosc ar fheithiclí atá ar chríoch an Aontais cheana an 1 Iúil 2024 a bheith cláraithe i mBallstát. 8. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le feithicil a thagann faoi chód AC 8703 a bheith ag teacht isteach san Aontas, ar feithicil í nach bhfuil sé beartaithe í a úsáid ach chun críoch daonnúil amháin, lena n-áirítear chun daoine a aslonnú nó a aisdúichiú, nó paisinéirí a iompar a bhfuil deimhniú ina seilbh acu arna eisiúint ag Ballstát lena bhfianaítear go bhfuil siad ag taisteal chuig an mBallstát sin faoi chuimsiú tionscnaimh lena dtugtar tacaíocht d’íospartaigh tubaistí nádúrtha, núicléacha nó ceimiceacha. 9. Maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn XXVII, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis an bhforghníomhú go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gcás conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 1 Iúil 2024, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú. 10. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla ceannach, allmhairiú nó aistriú na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn XXVII, nó soláthar cúnaimh theicniúil agus airgeadais lena mbaineann a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá sin le haghaidh bunú, oibriú, cothabháil, soláthar breosla agus athchóireáil agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, agus chun leanúint den dearadh, den tógáil agus den choimisiúnú is gá chun saoráidí sibhialta núicléacha a chríochnú, soláthar ábhair réamhtheachtaigh chun raidiseatóip leighis agus feidhmeanna leighis comhchosúla a tháirgeadh, nó teicneolaíocht chriticiúil chun faireachán a dhéanamh ar radaíocht chomhshaoil, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha. 11. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, maidir le hallmhairiú nó aistriú earraí a bhí lonnaithe go fisiciúil sa Bhealarúis sular tháinig an toirmeasc ábhartha i bhfeidhm i leith na n-earraí sin, ar earraí iad a thagann faoi chóid AC 8471, 8523, 8536 agus 9027, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXVII, nó maidir le cúnamh gaolmhar teicniúil agus airgeadais a sholáthar, tar éis dóibh a chinneadh gur comhpháirteanna de chuid feistí leighis iad na hearraí sin agus gur tugadh isteach san Aontas iad chun earraí comhpháirteanna lochtacha a chothabháil, a dheisiú nó a thabhairt ar ais. 12. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhíreanna 10 agus 11 laistigh de 2 sheachtain ón údarú. Airteagal 1rb 1. Beidh toirmeasc ar ór a liostaítear in Iarscríbhinn XXI a cheannach, a allmhairiú, nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Bealarúise é agus má onnmhairítear ón mBealarúis é isteach san Aontas nó chuig aon tríú tír é tar éis an 1 Iúil 2024. 2. Beidh toirmeasc ar na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn XXI a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, nuair a phróiseáiltear iad sin i dtríú tír ina n-ionchorpraítear na táirgí a thoirmisctear i mír 1. 3. Beidh toirmeasc ar ór a liostaítear in Iarscríbhinn XXII a cheannach, a allmhairiú, nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Bealarúise é agus má onnmhairítear ón mBealarúis é isteach san Aontas tar éis an 1 Iúil 2024. 4. Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:
5. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i míreanna 1, 2 agus 3 maidir le hór atá riachtanach chun críocha oifigiúla misean taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Bhealarúis a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. 6. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 3 maidir le hearraí mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXII le haghaidh úsáid phearsanta na ndaoine nádúrtha atá ag taisteal chuig an Aontas nó ag baill dá neasteaghlaigh a bheidh ag taisteal leo, atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol. 7. De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt d’aistriú nó allmhairiú earraí cultúrtha atá ar iasacht i gcomhthéacs comhar cultúrtha foirmiúil leis an mBealarúis. Airteagal 1rc 1. Ón 1 Iúil 2024, cuirfear toirmeasc ar dhiamaint agus táirgí ina n-ionchorpraítear diamaint a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, mar a liostaítear i gCodanna A, B agus C d’Iarscríbhinn XXIX, más de thionscnamh na Bealarúise iad nó má onnmhairítear ón mBealarúis isteach san Aontas nó chuig aon tríú tír iad. 2. Ón 1 Iúil 2024, cuirfear toirmeasc ar dhiamaint agus táirgí ina n-ionchorpraítear diamaint a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, mar a liostaítear i gCodanna A, B agus C d’Iarscríbhinn XXIX, ar diamaint nó táirgí iad d’aon tionscnamh, má dhéanann siad idirthuras trí chríoch na Bealarúise. 3. Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:
4. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le hearraí a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn XXIX le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha atá ag taisteal chuig an Aontas nó baill dá neasteaghlaigh a bheidh ag taisteal leo, atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol. 5. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt d’aistriú nó allmhairiú earraí cultúrtha atá ar iasacht i gcomhthéacs comhar cultúrtha foirmiúil leis an mBealarúis.’ |
|
(16) |
Leasaítear Airteagal 1s mar a leanas:
|
|
(17) |
Leasaítear Airteagal 1sa mar a leanas:
|
|
(18) |
Leasaítear Airteagal 1zc mar a leanas:
|
|
(19) |
in Airteagal 2, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: ‘7. In Iarscríbhinn I freisin beidh liosta de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó de chomhlachtaí a shainaithin an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (d) de Chinneadh 2012/642/CBES, mar dhaoine a éascaíonn sáruithe ar an toirmeasc ar dhul timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo nó an Chinnidh sin nó a chuireann bac suntasach ar shlí eile ar na forálacha sin. 8. Áireofar in Iarscríbhinn I freisin daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leis na daoine, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7.’ |
|
(20) |
cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘Airteagal 4c De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh ar le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I iad, atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, nó seirbhísí a sholáthar don dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil géarghá leis sin chun balla dóiteáin a chur ar bun, a dheimhniú nó a mheas, ar balla dóiteáin é:
|
|
(21) |
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(23) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 8da 1. De mhaolú ar Airteagail 1bb, 1e, 1f, , 1fd, 1g, 1ga, 1gc, 1s agus 1sa, féadfaidh na húdaráis inniúla díol, soláthar nó aistriú earraí agus teicneolaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinní Va, VI, XIV, XVII, XVIII, XX, XXIV agus XXV a údarú go dtí an 31 Nollaig 2024, i gcás ina bhfuil géarghá leis an díol, leis an soláthar nó leis an aistriú sin le haghaidh an dífheistithe ón mBealarúis nó chun clabhsúr a chur ar ghníomhaíochtaí gnó sa Bhealarúis, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
2. De mhaolú ar Airteagal 1h, a mhéid a bhaineann le táirgí mianracha, agus ar Airteagail 1o, 1p, 1q, 1r, 1ra agus 1rb, féadfaidh na húdaráis inniúla allmhairiú nó aistriú earraí a liostaítear in Iarscríbhinní VII, X, XI, XII, XIII, XXI, XXII agus XXVII a údarú go dtí an 31 Nollaig 2024, i gcás ina bhfuil géarghá leis an allmhairiú nó leis an aistriú sin le haghaidh an dífheistithe ón mBealarúis nó chun clabhsúr a chur ar ghníomhaíochtaí gnó sa Bhealarúis, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
3. De mhaolú ar Airteagal 1jc, féadfaidh na húdaráis inniúla leanúint sholáthar na seirbhísí a liostaítear ann a údarú go dtí an 31 Nollaig 2024 i gcás ina bhfuil géarghá leis an soláthar seirbhísí sin le haghaidh an dífheistithe ón mBealarúis nó chun gníomhaíochtaí gnó sa Bhealarúis a fhoirceannadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
4. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 laistigh de 2 sheachtain ón údarú. 5. Na húdaruithe uile dá dtagraítear i mír 1 i leith na n-earraí agus na dteicneolaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn Va a ghabhann leis an Rialachán seo agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, eiseofar iad trí mheán leictreonach, i ngach cás inar féidir, ar fhoirmeacha ar a bhfuil eilimintí uile shamhail C a leagtar amach in Iarscríbhinn Vc a ghabhann leis an Rialachán seo ar a laghad agus san ord dá bhforáiltear inti.’ |
|
(24) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘4. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear údaráis forfheidhmiúcháin, údaráis chustaim de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, údaráis inniúla de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) agus Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) chomh maith le riarthóirí clár oifigiúil ina ndéantar daoine nádúrtha, daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí chomh maith le maoin dhochorraithe nó maoin shochorraithe a chlárú, faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáil agus a mhalartú gan mhoill agus, más gá, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8j a phróiseáil agus a chomh-mhalartú le húdaráis inniúla eile sa Bhallstát céanna, leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún, más gá an phróiseáil agus an comh-mhalartú sin a dhéanamh chun cúraimí an údaráis próiseála nó fála a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe nuair a bhraitheann siad teagmhais ina ndéantar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo a shárú nó ina dtagtar timpeall orthu, nó teagmhais ina ndéantar iarracht iad a shárú nó teacht timpeall orthu. Ní dochar an fhoráil seo do na rialacha maidir le rúndacht na faisnéise atá i seilbh údaráis bhreithiúnacha. (*3) Rialachán (CE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1)." (*4) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176 27.6.2013, lch. 1)." (*5) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).’." |
|
(24) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 8f 1. Chun críocha na dtoirmeasc ar earraí a allmhairiú dá bhforáiltear sa Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis chustaim earraí atá san Aontas go fisiciúil a scaoileadh, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 5, pointe (26) de Chód Custaim an Aontais*, ar choinníoll gur cuireadh faoi bhráid na n-údarás custaim iad i gcomhréir le hAirteagal 134 de Chód Custaim an Aontais roimh theacht i bhfeidhm nó dháta cur i bhfeidhm na dtoirmeasc allmhairiúcháin faoi seach, cibé acu is déanaí. 2. Ceadófar gach céim nós imeachta is gá do scaoileadh na n-earraí ábhartha, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5, de bhun Chód Custaim an Aontais. 3. Ní cheadóidh na húdaráis chustaim scaoileadh na n-earraí má tá forais réasúnta acu a bheith in amhras go bhfuil seachaint i gceist agus ní údaróidh siad ath-onnmhairiú na n-earraí chuig an mBealarúis. 4. Beidh íocaíochtaí i ndáil leis na hearraí sin comhsheasmhach le forálacha agus cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe an toirmeasc ar cheannach. 5. Earraí atá san Aontas go fisiciúil agus a chuirtear faoi bhráid na n-údarás custaim roimh an 1 Iúil 2024 agus a stopadh i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh na húdaráis chustaim iad a scaoileadh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4. Airteagal 8g 1. Tráth a bheidh earraí nó teicneolaíocht mar a liostaítear in Iarscríbhinní XVI, XVII agus XXVIII a ghabhann leis an Rialachán seo á ndíol, á soláthar, á n-aistriú nó á n-onnmhairiú chuig tríú tír, cé is moite de na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn Vba a ghabhann leis an Rialachán seo, ítimí ardtosaíochta coiteanna mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXXII a ghabhann leis an Rialachán seo, nó airm thine agus armlón mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012, cuirfidh onnmhaireoirí toirmeasc conarthach ar ath-onnmhairiú chuig an mBealarúis agus ar ath-onnmhairiú le haghaidh a n-úsáide sa Bhealarúis. 2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le conarthaí poiblí a tugadh i gcrích le húdarás poiblí i dtríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta. 4. Cuirfidh onnmhaireoirí údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad ina gcónaí nó bunaithe ar an eolas faoi aon chonradh poiblí a thug siad i gcrích a thairbhigh de dhíolúine faoi mhír 3, laistigh de 2 sheachtain óna thabhairt i gcrích. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon fhaisnéis a fuarthas faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón bhfaisnéis a fháil. 5. Agus mír 1 á chur i bhfeidhm, áiritheoidh onnmhaireoirí go mbeidh leigheasanna leordhóthanacha sa chomhaontú leis an gcontrapháirtí tríú tír i gcás sárú ar oibleagáid chonarthach a tugadh i gcrích i gcomhréir le mír 1. 6. Má sháraíonn an chontrapháirt tríú tír aon cheann de na hoibleagáidí conarthacha a tugadh i gcrích i gcomhréir le mír 1, déanfaidh onnmhaireoirí údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an gcontrapháirt nó ina bhfuil siad bunaithe a chur ar an eolas, a luaithe a fhaigheann siad amach faoin sárú. 7. Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas faoi chásanna a bhraitear inar sáraíodh oibleagáid chonarthach a tugadh i gcrích i gcomhréir le mír 1 nó ina ndeachthas timpeall uirthi. Airteagal 8ga 1. Daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a dhíolann, a sholáthraíonn, a aistríonn nó a onnmhairíonn earraí ardtosaíochta coiteanna mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXX a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh siad an méid seo a leanas, ón 2 Eanáir 2025,
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí nach ndéanann earraí ardtosaíochta coiteanna, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXX iad, a dhíol, a sholáthar nó a aistriú ach laistigh den Aontas nó chuig tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn Vba a ghabhann leis an Rialachán seo. 3. Áiritheoidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí, ón 2 Eanáir 2025, go ndéanfaidh aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil úinéireacht nó rialú acu air agus a dhíolann, a sholáthraíonn, a aistríonn nó a onnmhairíonn earraí ardtosaíochta coiteanna mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXX na ceanglais i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 a chur chun feidhme. 4. Ní bheidh feidhm ag mír 3 i gcás, ar chúiseanna nach raibh sé féin ina chúis leis, nach féidir le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht rialú a fheidhmiú ar an duine dlítheanach, ar an eintiteas nó ar an gcomhlacht ar leis é. Airteagal 8h Aon duine dá dtagraítear sa tríú nó sa cheathrú fhleasc d’Airteagal 10, beidh sé i dteideal, in imeachtaí breithiúnacha os comhair chúirteanna inniúla an Bhallstáit, aon damáistí a aisghabháil, lena n-áirítear costais dlí, a thabhaigh an duine sin mar thoradh ar éilimh arna dtaisceadh i gcúirteanna i dtríú tíortha ag daoine, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) nó (d) d’Airteagal 8d(1), i dtaca le haon chonradh nó idirbheart a bhfuil difear á dhéanamh dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ag na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, ar choinníoll nach bhfuil rochtain éifeachtach ag an duine lena mbaineann ar na leigheasanna faoin dlínse ábhartha. Airteagal 8i Déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a ndícheall chun a áirithiú nach nglacfaidh aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus atá faoina n-úinéireacht nó faoina rialú páirt i ngníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de na bearta sriantacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.; Airteagal 8j 1. I gcomhréir leis an urraim a thugtar do rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint a ráthaítear in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, i gcás inarb infheidhme, gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht na faisnéise i seilbh údarás breithiúnach, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:
2. Chun críocha fhomhír 1, áireofar le rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint an chumarsáid a bhaineann le comhairle dlí arna soláthar ag gairmithe deimhnithe eile atá údaraithe faoin dlí náisiúnta ionadaíocht a dhéanamh ar a gcliaint in imeachtaí breithiúnacha, a mhéid a thugtar an chomhairle dlí sin i ndáil le himeachtaí breithiúnacha atá ar feitheamh nó le himeachtaí breithiúnacha ionchasacha. 3. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann aon fhaisnéis ábhartha a fhaightear de bhun mhír 1 a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de mhí amháin tar éis dó í a fháil. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis sin a tharchur i ndíth ainm más rud é gur dhearbhaigh údarás imscrúdaithe nó breithiúnach go bhfuil sí rúnda i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha coiriúla atá ar feitheamh. 4. Aon fhaisnéis bhreise a fhaigheann an Coimisiún go díreach, cuirfear ar fáil do na Ballstáit í. 5. Aon fhaisnéis a sholáthraítear nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í.’ |
|
(25) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis, lena n-áirítear pionóis choiriúla de réir mar is iomchuí, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus féadfaidh siad féin-nochtadh deonach sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a chur san áireamh mar thoisc mhaolaitheach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais na sáruithe sin a choigistiú.’ |
|
(26) |
Leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) IO L, 2024/1864, 30.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1864/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).
(3) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche (IO L 35, 8.2.2005, lch. 23).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1).
(6) Treoir (AE) 2024/1226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i leith sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2018/1673 (IO L, 2024/1226, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1226/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VA ‘IARSCRÍBHINN Va Liosta na n-earraí agus na dteicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 1f(1) agus 1fa(1) Cuid A Tá feidhm maidir leis an Iarscríbhinn seo ag na Nótaí Ginearálta, na hAcrainmneacha agus na Giorrúcháin, agus ag na Sainmhínithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, cé is moite de ‘Páirt I – Nótaí Ginearálta, Acrainmneacha agus Giorrúcháin, agus Sainmhínithe, Nótaí Ginearálta a ghabhann le hIarscríbhinn I, pointe 2’. Tá feidhm maidir leis an Iarscríbhinn seo ag na sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear i Liosta Comhchoiteann Míleata (LCM) an Aontais Eorpaigh (2020/C 85/01). Gan dochar d’Airteagal 1m den Rialachán seo, maidir le hítimí neamhrialaithe ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna a liostaítear san Iarscríbhinn seo, ní bheidh na hítimí sin faoi réir na rialuithe faoi Airteagal 1f(1) agus Airteagal 1fa(1) den Rialachán seo. Catagóir I – Leictreonaic
Catagóir II – Ríomhairí Nóta: Ní rialaítear le Catagóir II earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.
Catagóir III. Cuid 1 – Teileachumarsáid Nóta: Catagóir III.Ní rialaítear le Cuid 1 earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.
Catagóir III. Cuid 2 – Slándáil faisnéise Nóta: Catagóir III. Ní rialaítear le Cuid 2 earraí ar le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha iad.
Catagóir IV – Braiteoirí agus Léasair
Catagóir V – Loingseoireacht agus Eitleonaic
Catagóir VI – Cúrsaí Muirí
Catagóir VII – Aeraspás agus Tiomáint
‘Catagóir VIII – Ítimí ilghnéitheacha
Catagóir IX – Ábhair Speisialta agus Trealamh Gaolmhar
Catagóir X – Próiseáil ar Ábhair
Cuid B 1. Gairis leathsheoltóra
2. Ciorcaid leictreonacha iomlánaithe, trealamh monaraíochta agus tástála
3. Ceamaraí fótagrafacha, braiteoirí agus comhpháirteanna optúla
4. Comhpháirteanna leictreacha/maighnéadacha eile
5. Meaisín-uirlisí, trealamh chun breiseáin a mhonarú, agus nithe gaolmhara
6. Ábhair agus réamhtheachtaithe fuinneamhachais
7. Gairis, modúil agus cóimeálacha leictreonacha
8. Ceimiceáin, miotail, cóimhiotail, cumaisc agus ábhair shárfhorbartha eile
9. Páirteanna, cóimeálacha agus comhpháirteanna innealra
10 Ilghnéitheach
’ |
|
(2) |
Cuirtear Iarscríbhinn Vba leis: ‘IARSCRÍBHINN Vba liosta na dtíortha dá dtagraítear in Airteagail 8g(1) agus 8g(2) AN IORUA AN EILVÉIS’. STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ AN tSEAPÁIN AN RÍOCHT AONTAITHE AN CHÓIRÉ THEAS AN ASTRÁIL CEANADA AN NUA-SHÉALAINN LICHTENSTEIN AN ÍOSLAINN’; |
|
(3) |
I liosta an innealra a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV, cuirtear na focail: ‘Lampaí filiméid nó lampaí díluchtaithe leictreacha, lena n-áirítear aonaid lampa léis-séalaithe agus lampaí ultraivialait nó infridhearga; stua-lampaí; foinsí solais dé-óidí astaithe solais (LED); páirteanna díobh’ in ionad na bhfocal: ‘Lampaí filiméid nó lampaí díluchtaithe leictreacha, lena n-áirítear aonaid lampa léis-séalaithe agus lampaí ultraivialait nó infridhearga; stua-lampaí; páirteanna díobh’; |
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas le hIarscríbhinn Vc: ‘C. Samhail d’fhógra díola, soláthair nó aistrithe, d’fhoirmeacha iarratais agus údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 8da(1) den Rialachán seo) Tá an t-údarú onnmhairiúcháin seo bailí i ngach Ballstát san Aontas Eorpach go dtí a dháta éaga.
|
|
(5) |
cuirtear isteach an Iarscríbhinn seo a leanas: ‘IARSCRÍBHINN XIVa LIOSTA EARRAÍ AGUS TEICNEOLAÍOCHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1S(1A) MAIDIR LEIS AN TOIRMEASC AR IDIRTHURAS TRÍD AN MBEALARÚIS
, |
|
(6) |
cuirtear na hIarscríbhinní seo a leanas leis: ‘IARSCRÍBHINN XVIII Liosta na nEarraí agus na teicneolaíochta a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú acmhainneachtaí tionsclaíocha na Bealarúise dá dtagraítear in Airteagal 1bb
IARSCRÍBHINN XIX Liosta na nearraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1bb(2) maidir leis an toirmeasc ar idirthuras tríd an mBealarúis
IARSCRÍBHINN XX Liosta na nEarraí agus na teicneolaíochta atá oiriúnach lena núsáid i scagadh ola agus leachtú gáis nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1gc
IARSCRÍBHINN XXI Liosta óir dá dtagraítear in Airteagal 1rb(1) agus (2)
IARSCRÍBHINN XXII Liosta na nearraí dá dtagraítear in Airteagal 1rb(3)
IARSCRÍBHINN XXIII Liosta amhola dá dtagraítear in Airteagal 1h
IARSCRÍBHINN XXIV Liosta na nearraí loingseoireachta muirí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1fd Catagóir VI – Cúrsaí Muirí
IARSCRÍBHINN XXV LIOSTA NA SO-EARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1ga NÓTA MÍNIÚCHÁIN Is as an Ainmníocht Chomhcheangailte mar a shainmhínítear í in Airteagal 1(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, agus mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, is as sin a tógadh na cóid ainmníochta, atá bailí tráth fhoilsiú an Rialachán seo agus mutatis mutandis arna leasú le reachtaíocht ina dhiaidh sin. (1) Capaill
(2) Caibheár agus ionadaigh chaibheáir
(3) Strufail agus ullmhóidí díobh
(4) Todóga agus todóigíní
(5) Cairpéid, rugaí agus taipéisí, bídís lámhdhéanta nó ná bídís
(6) Boinn agus nótaí bainc, nach airgead dlíthairgthe
(7) Sceanra miotail lómhair nó sceanra atá plátáilte nó cumhdaithe le miotal lómhar
(8) Gairis leictreacha/leictreonacha nó gairis optúla le fuaim agus íomhánna a thaifeadadh agus a atáirgeadh ar mó a luach ná EUR 1 000
(9) Feithiclí chun daoine a iompar ar an talamh, d’aer nó ar muir, a bhfuil luach níos mó ná EUR 50 000 in aghaidh na feithicle orthu, telefeiricí, cathaoireacha cábla, sraoill-líne sciála, meicníochtaí traicsin le haghaidh iarnród cáblach, gluaisrothair a bhfuil luach níos mó ná EUR 5 000 in aghaidh an chinn orthu, mar aon lena ngabhálais agus a bpáirteanna spártha
(10) Earraí optúla agus trealamh optúil is cuma a luach
IARSCRÍBHINN XXVI Liosta bogearraí dá dtagraítear in Airteagal 1jc(4) Bogearraí chun fiontair a bhainistiú, i.e. córais a dhéanann ionadaíocht dhigiteach ar na próisis go léir a tharlaíonn i bhfiontar agus a stiúrann iad, lena n-áirítear:
Bogearraí Dearaidh agus Monaraíochta a úsáidtear i réimsí na hailtireachta, na hinnealtóireachta, na tógála, na monaraíochta, na meán, an oideachais agus na siamsaíochta, lena n-áirítear:
IARSCRÍBHINN XXVII Liosta na nearraí lenar féidir leis an mBealarúis a foinsí ioncaim dá dtagraítear in Airteagal 1ra a éagsúlú
IARSCRÍBHINN XXVIII Liosta na nEarraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 8g
IARSCRÍBHINN XXIX Liosta na nEarraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1rc Cuid A
Cuid B
Cuid C
IARSCRÍBHINN XXX Liosta earraí coiteanna ardtosaíochta agus teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 8g
’. |
(1) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.
(2) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(3) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(4) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(5) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(6) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(7) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(8) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(9) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(1) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(2) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(3) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(4) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(5) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(6) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(7) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(8) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(9) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(10) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(11) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(12) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(13) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(14) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(15) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(16) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(17) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.
(18) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.
(19) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(20) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(21) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(22) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(23) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(35) Ar choinníoll go bhfuil 70 % nó níos mó d’olaí peitriliam nó d’olaí mianracha biotúmanacha ann de réir meáchain.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1865/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)