European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1851

4.7.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1851 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Meitheamh 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2278 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun soláthar leordhóthanach a áirithiú i gcás táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe nach dtáirgtear san Aontas agus, dá bhrí sin, chun aon suaitheadh sa mhargadh le haghaidh na dtáirgí sin a sheachaint, cuireadh ar fionraí, i gcás na dtáirgí sin, le Rialachán (AE) 2021/2278 ón gComhairle (1), na dleachtanna Comhtharaife Custaim den chineál dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘dleachtanna CTC’). Mar thoradh air sin, is féidir na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278 a allmhairiú isteach san Aontas ag rátaí laghdaithe dleachta nó ag rátaí nialasacha dleachta gan aon teorannú a mhéid a bhaineann le cainníocht na dtáirgí sin.

(2)

Maidir le táirgeadh táirgí áirithe san Aontas nach liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278, ní leordhóthanach an táirgeadh sin chun riachtanais shonracha na dtionscal úsáideoirí san Aontas a chomhlíonadh. Ós rud é gur chun leas an Aontais é soláthar leordhóthanach de tháirgí áirithe a áirithiú agus ag féachaint don fhíoras nach ndéantar cainníochtaí leordhóthanacha de tháirgí comhionanna, coibhéiseacha ná ionadacha a tháirgeadh laistigh den Aontas, is gá fionraí iomlán ar dhleachtanna CTC a dheonú freisin maidir leis na táirgí sin.

(3)

D’fhonn táirgeadh comhtháite ceallraí san Aontas a chur chun cinn, ba cheart fionraíocht pháirteach ar dhleachtanna CTC a dheonú i leith táirgí áirithe a bhaineann le táirgeadh ceallraí nach liostaítear faoi láthair san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278, agus nach leordhóthanach an táirgeadh faoi seach i leith na dtáirgí sin san Aontas chun ceanglais shonracha na dtionscal úsáideoirí san Aontas a chomhlíonadh. Is é an 31 Nollaig 2024 an dáta ba cheart a bheith ann le haghaidh an athbhreithnithe shainordaithigh sin ar na fionraíochtaí, chun éabhlóid ghearrthéarmach na hearnála ceallraí san Aontas a chur san áireamh san athbhreithniú sin.

(4)

Chun forbairtí teicniúla na dtáirgí agus treochtaí eacnamaíocha sa mhargadh a chur san áireamh, is gá an tuairisc ar an táirge, aicmiú an táirge, aonad forlíontach an táirge nó an ceanglas maidir le húsáid deiridh an táirge a leasú i gcás fionraíochtaí dleachta CCT áirithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278.

(5)

Ní chun leas an Aontais a thuilleadh é fionraí ar dhleachtanna CTC a choinneáil ar bun i gcás táirgí áirithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278. Dá bhrí sin, ba cheart na fionraíochtaí i leith na dtáirgí sin a scriosadh le héifeacht ón 1 Iúil 2024.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/2278 a leasú dá réir.

(7)

Chun nach gcuirfear isteach ar chur i bhfeidhm scéim na bhfionraíochtaí taraife uathrialaitheacha agus chun na treoirlínte a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2011 maidir le fionraíochtaí taraife uathrialaitheacha agus taraif-chuótaí uathrialaitheacha a chomhlíonadh, ba cheart na hathruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le fionraíochtaí taraife i leith na dtáirgí lena mbaineann a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2024. Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2021/2278 ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 (IO L 466, 29.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2278/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2021/2278 mar a leanas:

(1)

scriostar na hiontrálacha a bhfuil na sraithuimhreacha seo a leanas orthu: 0.2543, 0.2930, 0.2932, 0.2990, 0.3534, 0.3559, 0.3564, 0.3577, 0.3580, 0.3611, 0.3618, 0.4644, 0.4645, 0.4757, 0.5263, 0.5818, 0.5920, 0.6109, 0.6241, 0.6242, 0.6244, 0.6259, 0.6263, 0.6347, 0.6370, 0.6476, 0.6563, 0.6564, 0.6634, 0.6769, 0.6774, 0.6857, 0.6874, 0.6893, 0.6934, 0.7121, 0.7259, 0.7456, 0.7598, 0.7649, 0.7704, 0.7788, 0.7975, 0.7994, 0.8176, 0.8178 agus 0.8462;

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach in ionad na hiontrálacha a bhfuil na sraithuimhreacha céanna orthu:

Sraithuimhir

Cód CN

TARIC

Tuairisc

Ráta dleachta uathrialaí

Aonad Forlíontach

An dáta a mheastar le haghaidh athbhreithniú sainordaitheach

‘0.4080

ex 1517 90 99

10

Ola phlandúil agus/nó ola mhiocróbach, scagtha, ina bhfuil, de réir meáchain;

cion 25 % d’aigéad aracadónach nó cion is mó ná sin nach mó ná cion 70 %, nó

cion 12 % d’aigéad docaisiheicséanóch nó cion is mó ná sin nach mó ná cion 65 %, agus

Bíodh sí nó ná bíodh sí:

caighdeánaithe le hola lus na gréine ard-oiléach,

ina bhfuil, de réir meáchain, cion 0,005  % frithocsaídeoirí nó cion is mó ná sin nach mó ná cion 0,1  %

0 %

31.12.2026

0.5110

ex 2818 10 91

20

Corandam sintéaraithe ag a bhfuil struchtúr micrichriostalta, ina bhfuil ocsaíd alúmanaim (CAS RN 1344-28-1), alúmanáit mhaignéisiam (CAS RN 12068-51-8) agus na halúmanáití tearc-chré seo a leanas: itriam, lantanam, agus neoidimiam, ina bhfuil, de réir meáchain (arna ríomh mar ocsaídí):

cion 92 % d’ocsaíd alúmanaim nó cion is mó ná sin nach mó ná cion 98,5  %,

cion 2 % d’ocsaíd mhaignéisiam (±1,5  %),

cion 1 % d’ocsaíd itriam (±0,6  %), agus

cion 3 % d’ocsaíd lantanaim (±2,2  %) nó

cion 2 % (±1,2  %) d’ocsaíd lantanaim agus ocsaíd neoidimiam,

ar lú ná 50 % den mheáchan iomlán an cion de inar mó ná ná 10 mm an méid cáithnín

0 %

31.12.2025

0.8073

ex 2912 19 00

20

Aicriolaildéad (CAS RN 107-02-8) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain chun cumhrán nó táirgí idirmheánacha cógaisíochta a tháirgeadh (1)

0 %

31.12.2025

0.8527

ex 2933 39 99

63

1-Meitil-4-pipiriodón (CAS RN 1445-73-4) ag a bhfuil íonacht 97 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.5131

ex 2933 69 80

55

Tearbúitrin (ISO) (CAS RN 886-50-0) a bhfuiltear lena úsáid mar amhábhar chun leasaithigh theicniúla a tháirgeadh, in earnálacha eile seachas le haghaidh lotnaidicídí (1)

0 %

31.12.2025

0.8354

ex 2933 79 00

23

(S)-2-Aimín-3-[(S)-2-ocsaipioróilidéin-3-il]hidreaclóiríd phrópánaimíd (CAS RN 2628280-48-6) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2027

0.8359

ex 2933 99 80

64

Aigéad (1R,2S,5S)-3-[(S)- 3,3-démheitil-2-(2,2,2-trífhluaraicéataimíd)bútánóil]- 6,6-démheitil-3-asaidéchiogla[3.1.0]heacsán-2-carbocsaileach (CAS RN 2755812-45-2) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2027

0.7318

ex 3603 50 00

10

Adhainteoirí le haghaidh gineadóirí gáis:

atá 15,5  mm nó níos mó ar uasfhad san iomlán ach nach faide iad ná 29,4  mm, agus

ag a bhfuil fad pionna 6,4  mm nó níos mó, ach nach faide é ná 12,6  mm

0 %

31.12.2028

0.5727

ex 3811 21 00

29

Breiseán ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 25 % d’ailcilbeinséansulfónáití cailciam C16-24 nó cion is mó ná sin nach mó ná cion 40 % (CAS RN 70024-69-0),

cion 30 % d’olaí mianracha nó cion is mó ná sin nach mó ná cion 65 %,

a bhfuiltear lena úsáid chun cumaisc breiseán a mhonarú le haghaidh olaí bealaithe (1)

0 %

31.12.2027

0.6435

ex 3811 21 00

48

Breiseáin ina bhfuil:

ailcilbeinséansulfónáití maignéisiam (C20-C24) buin bhreise (CAS RN 231297-75-9) agus

cion, de réir meáchain, is mó ná cion 25 % d’olaí mianracha ach cion nach mó ná cion 50 %

ag a bhfuil uimhir iomlán bunanna is mó ná 350, ach nach mó í ná 450,

a bhfuiltear lena n-úsáid chun olaí bealaithe a mhonarú nó chun cumaisc breiseán a mhonarú le haghaidh olaí bealaithe (1)

0 %

31.12.2024

0.8366

ex 3812 39 90

85

Cobhsaitheoir éadrom, táirge imoibriúcháin d’eistear meitile aigéid stéaraigh, ag a bhfuil 1-(2-hiodrocsa-2-meitiolprópocsa)- 2,2,6,6-teitrimeitil-4-pipiridíneol (CAS RN 300711-92-6) ag a bhfuil íonacht 90 % de réir meáchain

0 %

31.12.2027

0.4520

ex 3920 62 19

32

Scannán trédhearcach pola(teireataláit eitiléine):

a bhfuil a dhá thaobh 7 nm ar tiús nó níos mó, ach nach mó a dtiús ná 80 nm, nó a bhfuil a dhá thaobh 7 μm ar tiús nó níos mó, ach nach mó a dtiús ná 80 μm, bíodh sé brataithe le hábhar orgánach bunaithe ar aicrileach nó ná bíodh,

ag a bhfuil teannas dromchla 36 Dyne/cm nó níos mó, ach nach mó ná 39 Dyne/cm, nó 3 nó 4 chiseal thrédhearcacha, an dara ciseal déanta as teireataláit phoileitiléine (TPE), agus cisil eile ina bhfuil roisín fluairín,

ag a bhfuil tarchur solais is mó ná 70 %,

ag a bhfuil tomhas smúiteáin nach mó ná 1,3  %,

atá 10 μm nó níos mó ar tiús san iomlán, ach nach bhfuil níos mó ná 350 μm ar tiús san iomlán,

atá 800 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 1 600  mm, ar leithead

0 %

31.12.2028

0.8291

ex 3921 90 55

70

Scannán atá comhdhéanta de chiseal polaimíde agus de chiseal polasulfóin ar chiseal tacaíochta teireataláite poileitiléine:

atá 0,25  mm nó níos mó ar tiús san iomlán, ach nach mó é ná 0,40  mm ar tiús san iomlán,

ag a bhfuil meáchan iomlán de 109 g/m2 nó níos mó ach nach mó é ná 114 g/m2

0 %

m2

31.12.2026

0.8372

ex 4411 12 92

10

Clár snáithíneach:

atá 2,20  mm nó níos mó ar tiús, ach nach tibhe ná 2,80  mm,

ag a bhfuil dlús 0,95  g/cm3 nó níos mó,

laicearaithe nó brataithe le scragall mealaimín ar an dá thaobh, agus

ag a bhfuil na toisí 1 300  mm x 1 100  mm nó níos lú

0 %

31.12.2027

0.8123

ex 8479 89 97

28

Aonad coscáin leictreach iomlánaithe ina ngintear an brú hiodrálach d’aon iarraidh le linn an choscánaithe, ina bhfuil rialú iomlán leictreonach ar an gcoscánú agus lena gcumasaítear coscánú athghiniúnach i mótarfheithiclí:

ina bhfuil cúnaimh choscánaithe leictreonacha,

ina bhfuil aonad hiodrálach faoi thiomáint mótair leictrigh gan scuab,

taiscumar leachta coscáin,

a bhfuiltear lena úsáid chun gluaisteáin hibrideacha paisinéirí a mhonarú (1)

0 %

31.12.2025

0.5577

ex 8501 31 00

50

Mótair DC, gan scuab:

arb é 80 mm nó níos mó, ach nach mó ná 200 mm, a dtrastomhas seachtrach,

ag a bhfuil voltas soláthair 4 V nó níos mó, ach nach mó ná 16 V,

ag a bhfuil aschur 200 W nó níos mó ag 20 oC, ach nach bhfuil níos mó ná 750 W,

ag a bhfuil torc 2,00 Nm nó níos mó ag 20 oC, ach nach bhfuil níos mó ná 7,00 Nm,

ag a bhfuil luas rátaithe 600 isn nó níos mó ag 20 oC, ach nach bhfuil níos mó ná 3 100 isn,

bíodh ulóg iontu nó ná bíodh,

bíodh braiteoir/rialaitheoir cumhachtstiúrtha leictreonaigh iontu nó ná bíodh,

0 %

31.12.2027

0.5978

ex 8501 31 00

ex 8501 32 00

55

40

Mótar DC, bíodh comaitéir ann nó ná bíodh, chun uirlisí cumhachta láimhe, lomairí faiche nó fearais tí a thiomáint, agus:

arb é 24,2  mm nó níos mó, ach nach mó ná 140 mm, a thrastomhas seachtrach,

ag a bhfuil luas rátaithe 3 300 isn nó níos mó ach nach mó ná 26 200 isn,

ag a bhfuil voltas soláthair rátaithe 3,6  V nó níos mó, ach nach mó ná 230 V,

ag a bhfuil cumhacht aschuir is mó ná 37,5  W, ach nach mó ná 2 400  W,

ag a bhfuil sruth ualaigh gan srian nach mó ná 20,1  A,

a bhfuil a éifeachtúlacht 50 % nó níos mó,

0 %

31.12.2024

0.4731

ex 8501 31 00

58

Mótar DC buanfhlosctha:

arb é 27 mm nó níos mó, ach nach mó ná 90 mm, a thrastomhas seachtrach, lena náirítear feire feistiúcháin,

ag a bhfuil luas rátaithe nach mó ná 25 000 isn,

ag a bhfuil aschur 45 W nó níos mó, ach nach mó ná 400 W, agus

ag a bhfuil voltas soláthair 9 V nó níos mó, ach nach mó ná 50 V,

bíodh an tochrán ina thochrán ilphas, nó ná bíodh,

bíodh diosca tiomána ann, nó ná bíodh,

bíodh cás cromáin ann, nó ná bíodh,

bíodh fean ann, nó ná bíodh,

0 % (1)

31.12.2024

 

 

 

bíodh cóimeáil chlaibín ann, nó ná bíodh,

bíodh giar gréine ann, nó ná bíodh,

bíodh ionchódóir luais agus treo rothlaigh ann, nó ná bíodh,

bíodh braiteoir luais nó braiteoir treo rothlaithe ann de chineál taifeora nó de chineál éifeacht Hall, nó ná bíodh,

bíodh feire feistiúcháin air, nó ná bíodh,

a bhfuiltear lena úsáid i monarú suíochán aerchrochta i dtarracóirí, i meaisíní crécharta agus i bhforc-ardaitheoirí nó a bhfuiltear lena úsáid i monarú gníomhróirí le haghaidh baill troscáin ar féidir an airde a choigeartú iontu (1)

 

 

 

0.7029

ex 8505 11 10

20

Earraí de chóimhiotal neoidimiam, i gcruth dronuilleoige, triantáin, cearnóige, nó traipéasóideach,

bídís áirseach nó ná bíodh,

bíodh coirnéil chruinne nó taobhanna ar fiar orthu, nó ná bíodh,

bíodh dathmharc orthu nó ná bíodh

bídís brataithe nó éighníomhaithe trí chóireáil dhromchla, nó ná bíodh,

bíodh deighleoga iontu atá nasctha le chéile agus inslithe go leictreach óna chéile nó ná bíodh

agus ag a bhfuil na tréithe seo a leanas:

9 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 105 mm,

5 mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne ná 105 mm,

2 mm nó níos mó ar tiús, ach nach tibhe ná 55 mm

atá ceaptha a bheith ina mbuanmhaighnéid tar éis a maighnéadaithe,

0 %

31.12.2026

0.5584

ex 8505 11 10

23

Barraí i bhfoirm dronuilleog áirseach, ina bhfuil cóimhiotal ina bhfuil neoidimiam, agus:

atá 15 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 52 mm,

atá 5 mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne ná 42 mm,

bídís brataithe nó éighníomhaithe trí chóireáil dhromchla, nó ná bíodh,

atá ceaptha a bheith ina mbuanmhaighnéid tar éis a maighnéadaithe,

0 %

p/st

31.12.2027

0.7567

ex 8505 11 10

25

Buanmhaighnéid, déanta de chóimhiotal neoidimiam, i gcruth sorcóireach:

ina bhfuil eang,

le cró snáithithe inmheánach ar thaobh amháin,

atá 97,5  mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 225 mm,

atá 19 mm nó níos mó ar trastomhas, ach nach mó ná 25 mm a dtrastomhas,

bídís brataithe nó éighníomhaithe trí chóireáil dhromchla, nó ná bíodh

0 %

31.12.2024

0.5585

ex 8505 11 10

28

Earraí ina bhfuil cóimhiotal ina bhfuil neoidimiam, i bhfoirm fáinní, feadán, boscóidí nó coiléar:

nach mó ná 45 mm a dtrastomhas seachtrach,

nach bhfuil níos mó ná 45 mm ar airde,

bídís brataithe nó éighníomhaithe trí chóireáil dhromchla, nó ná bíodh,

atá ceaptha a bheith ina mbuanmhaighnéid tar éis a maighnéadaithe,

0 %

p/st

31.12.2027

0.3740

ex 8505 11 10

30

Buanmhaighnéid déanta de chóimhiotal neoidimiam, atá i gcruth dronuilleoige, bídís cruinn nó ná bíodh, bídís brataithe nó éighníomhaithe trí chóireáil dhromchla nó ná bíodh, agus:

ag a bhfuil trasghearradh dronuilleogach nó traipéasóideach,

nach bhfuil níos mó ná 140 mm ar fad,

nach bhfuil níos mó ná 90 mm ar leithead agus

nach bhfuil níos mó ná 55 mm ar tiús,

nó i gcruth dronuilleoige áirsí agus:

nach bhfuil níos mó ná 75 mm ar fad,

nach bhfuil níos mó ná 40 mm ar leithead,

nach bhfuil níos mó ná 7 mm ar tiús agus

ag a bhfuil ga cuaire is mó ná 86 mm, ach nach mó ná 241 mm,

cicil nicile agus chopair

nó i gcruth diosca agus:

nach mó ná 90 mm a dtrastomhas

bíodh poll sa lár nó ná bíodh,

0 %

p/st

31.12.2024

0.5948

ex 8505 11 10

35

Earra de chóimhiotal neoidimiam, i gcruth diosca, agus:

nach mó ná 90 mm a thrastomhas

bíodh poll sa lár nó ná bíodh,

cisil de chopar, nicil agus/nó sinc,

atá ceaptha a bheith ina bhuanmhaighnéad buan tar éis a maighnéadaithe,

0 %

31.12.2024

0.7789

ex 8505 19 10

20

Buanmhaighnéad déanta d’fheirít cheirtleánaithe, i gcruth dronuilleog áirseach, bídís brataithe nó éighníomhaithe trí chóireáil dhromchla, nó ná bíodh, agus:

atá 16,8  mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 110,2  mm,

atá 14,8  mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne ná 75,2  mm,

atá 4,8  mm nó níos mó ar tiús, ach nach tibhe ná 13,2  mm,

a bhfuiltear lena núsáid chun rótair leictreamótair a mhonarú (1)

0 %

31.12.2024

0.5937

ex 8505 19 90

30

Earraí d’fheirít cheirtleánaithe i gcruth diosca, bídís brataithe nó éighníomhaithe trí chóireáil dhromchla, nó ná bíodh, agus:

nach mó ná 120 mm a dtrastomhas

a bhfuil poll ina lár,

atá ceaptha a bheith ina mbuanmhaighnéid tar éis a mhaighnéadaithe, a bhfuil a niarmharacht idir 245 mT agus 470 mT

0 %

31.12.2024

0.7299

ex 8505 19 90

45

Earra d’fheirít cheirtleánaithe i gcruth dronuilleoige, bíodh taobhanna ar fiar air nó ná bíodh, agus:

atá 26,85  mm nó níos mó ar fad, ach nach faide é ná 32,15  mm,

atá 7,6  mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne é ná 9,55  mm,

atá 5,3  mm nó níos mó ar tiús, ach nach tibhe é ná 5,8  mm, agus

ag a bhfuil meáchan 6,1  g nó níos mó ach nach troime é ná 8,3  g,

atá ceaptha a bheith ina bhuanmhaighnéad tar éis a mhaighnéadaithe,

0 %

p/st

31.12.2027

0.7511

ex 8505 19 90

60

Earraí d’fheirít cheirtleánaithe i gcruth dronuilleog áirseach,

bídís brataithe nó éighníomhaithe trí chóireáil dhromchla, nó ná bíodh,

bíodh coirnéil chruinne orthu, nó ná bíodh,

agus ag a bhfuil na tréithe seo a leanas:

9 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 101 mm,

9 mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne ná 101 mm,

atá 1,85  mm nó níos mó ar tiús, ach nach tibhe ná 15,15  mm,

atá ceaptha a bheith ina mbuanmhaighnéid tar éis a maighnéadaithe,

0 %

31.12.2024

0.7663

ex 8507 60 00

18

Pacáiste taisc-cheallra polaiméire ian-litiam, é feistithe le córas bainistithe ceallra agus le comhéadan bus CAN:

6 mhodúl ina bhfuil 90 cill nó níos mó, ach gan níos mó ná 192 chill,

ag a bhfuil voltas ainmniúil 280 V nó níos mó, ach nach mó ná 400 V,

ag a bhfuil toilleadh ainmniúil 9,7 Ah nó níos mó, ach nach mó ná 120 Ah,

ag a bhfuil voltas luchtúcháin 110 V nó níos mó, ach nach mó ná 495 V, agus

i gcásáil mhiotail:

nach bhfuil níos mó ná 1 723  mm ar fad,

nach bhfuil níos mó ná 1 162,23  mm ar leithead,

nach bhfuil níos mó ná 395 mm ar airde,

a bhfuiltear lena úsáid le haghaidh monarú feithiclí is féidir a luchtú trína bplugáil isteach i bhfoinse sheachtrach fuinnimh leictrigh atá faoi cheannteideal 8703 (1)

1,3  %

31.12.2024

0.8368

ex 8507 60 00

29

Paca ceallra ian litiam in-athluchtaithe i bhfeireadh sonrach atá oiriúnach lena úsáid i gceamaraí digiteacha íomhánna socra, agus:

atá 50 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 120 mm,

atá 35 mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne ná 80 mm,

atá 15 mm nó níos mó ar airde, ach nach airde ná 45 mm,

ina a bhfuil meáchan 0,040  kg nó níos mó ach nach troime ná 0,085  kg, agus

ina bhfuil toilleadh nach mó ná 2 200 mAh

1,3  %

31.12.2024

0.5548

ex 8507 60 00

38

Modúil chun pacáistí ceallraí ian litiam a chóimeáil:

atá 298 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 500 mm,

atá 33,5  mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne ná 209 mm,

atá 75 mm nó níos mó ar airde, ach nach airde ná 228 mm,

ina a bhfuil meáchan 3,6  kg nó níos mó ach nach troime ná 17 kg,

ag a bhfuil cumhacht 458 Wh nó níos mó, ach nach mó ná 3 510 Wh, agus

ag a bhfuil voltas is lú ná 45 V nó is mó ná 70 V

1,3  %

31.12.2024

0.8275

ex 8507 60 00

83

Modúil chun taisc-chealla leictreacha ian-litiam a chóimeáil:

atá 570 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 610 mm,

atá 210 mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne ná 240 mm,

atá 100 mm nó níos mó ar airde, ach nach airde ná 120 mm,

ina bhfuil meáchan 28 kg nó níos mó, ach nach mó ná 35 kg, agus

ina bhfuil toilleadh nach mó ná 2 500 Ah agus ag a bhfuil fuinneamh ainmniúil is lú ná 8,4  kW,

a bhfuiltear lena núsáid chun feithiclí atá faoi fho-cheannteidil 8703 60 , 8703 70 , 8703 80 agus 8704 60 a mhonarú (1)

1,3  %

31.12.2024

0.8419

ex 8507 90 80

55

Barrchaidhp nó feireadh atá déanta as cóimhiotal alúmanaim nó feiriúil nó as cruach dhosmálta:

bíodh páirteanna déanta d’alúmanam agus de chóimhiotal alúmanaim san áireamh nó ná bíodh,

bíodh eilimintí séalaithe nó eilimintí eile atá déanta as ábhar polaiméire ann, nó ná bíodh,

bíodh “feiste idirbhriste srutha” agus “comhla aslonnaithe” ann, nó ná bíodh

bíodh soicéid phlaisteacha ann nó ná bíodh,

ina bhfuil trastomhas seachtrach 17 mm nó níos mó, ach nach mó ná 18 mm,

nó atá dronuilleogach agus:

nach bhfuil níos faide ná 450 mm,

nach bhfuil níos leithne ná 200 mm, agus

nach bhfuil níos airde ná 150 mm,

a bhfuiltear lena úsáid chun ceallraí ian litiam a mhonarú (1)

1,3  %

31.12.2024

0.8507

ex 8714 99 90

50

Maolaire turrainge aeir cúil i bhfoirm eilimint sprionga neomataigh a bhfuil maolaire ola air a bhfuiltear lena úsáid chun rothair a mhonarú, lena náirítear rothair leictreacha (1)

0 %

p/st

31.12.2027

(3)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach de réir ord uimhriúil na gcód CN agus TARIC sa dara colún agus sa tríú colún:

Sraithuimhir

Cód CN

TARIC

Tuairisc

Ráta dleachta uathrialaí

Aonad Forlíontach

An dáta a mheastar le haghaidh athbhreithniú sainordaitheach

‘0.8619

ex 2905 39 95

25

Pineacól (CAS RN 76-09-5) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8604

ex 2912 29 00

65

Teireatalaildéad (CAS RN 623-27-8) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8623

ex 2918 99 90

58

2,4-D (ISO) (CAS RN 94-75-7) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8641

ex 2920 90 10

23

1,3,2-Dé-ocsaitiolán 2,2-dé-ocsaíd (CAS RN 1072-53-3) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

3,2  %

31.12.2028

0.8621

ex 2924 29 70

34

Aigéad aicéiteach—treas-búitil [(1- aimínicioglaiheicsil)meitil]carbamáit (1/1) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8611

ex 2929 90 00

60

(2S)-2-[[2-[2-[2-[2-[2-[2-[2-[2-[2-[2-(2-Aisídeatocsa)eatocsa]eatocsa]eatocsa]eatocsa]eatocsa]eatocsa]eatocsa]eitiolaimín]-2-ocsói-eatocsa]aicéitil]aimín]-N-[4-(hiodrocsaimeitil)feinil]-6-[[(4-meatocsaifeinil)-dé-fheinilmeitil]aimín]heacsánaimíd (CAS RN 1224601-12-0) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir méachain

0 %

31.12.2028

0.8640

ex 2931 90 00

43

Trímheitilindiam (CAS RN 3385-78-2) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8649

ex 2931 90 00

48

Aigéad 4-Feanocsaibeinséanbórónach (CAS RN 51067-38-0) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8652

ex 2931 90 00

58

Trímheitiolgailliam (CAS RN 1445-79-0) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8615

ex 2932 19 00

15

2-Meitiolfúrán (CAS RN 534-22-5) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8636

ex 2932 19 00

25

Teitrihidri-2-fúráncarbocsaláit mheitile (CAS RN 37443-42-8) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8605

ex 2932 19 00

35

(2S,3S,4S,5R)-3-(3,4-Défhluara-2-meitiolocsaifeinil)- 4,5-démheitil-5-(trífhluaraimeitil)teitrihidreafúrán-2-yl-4-nítribeansóáit (CAS RN 2875066-49-0) ag a bhfuil íonacht 97 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8603

ex 2933 19 90

58

1H-Piorasól (CAS RN 288-13-1) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8613

ex 2933 19 90

68

Hidreaclóiríd 1-meitil-1H-piorasól-4-aimín (CAS RN 127107-23-7) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8639

ex 2933 29 90

43

2-Ochtail- 4,5-déhidri-1H-imíodasól (CAS RN 10443-60-4) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8637

ex 2933 39 99

53

5-Meitil-2-piridiolaimín (CAS RN 1603-41-4) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8618

ex 2933 39 99

56

2-[[[3-Meitil-4-(2,2,2-trífhluaireatocsa)piridin-2-yl]meitil]sulfainil]1H-beinsimíodasól (CAS RN 103577-40-8) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8624

ex 2933 39 99

58

N-[5-(Trífhluaraimeitil)piridin-3-yl]carbamáit threas-búitile (CAS RN 1187055-61-3) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8656

ex 2933 39 99

66

(2S,4S)-4-Eatocsa-2-[4-(meatocsacarbóinil)feinil] pipiridin-1-iam(2Z)-3-carbocsoprop-2-eanóáite (CAS RN 2408761-21-5) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8612

ex 2933 59 95

51

(1R,5S)-8-Beinsil- 3,8-dé-asaidhéchiogla[3.2.1]ochtán; 4-(4-hiodrocsaifeinil)feanól (2:1) (CAS RN 2642049-87-2) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8602

ex 2933 59 95

54

2-Clóra-4-meitilpirimidín (CAS RN 13036-57-2) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8643

ex 2933 99 80

35

Aigéad 2-[6-meitil-2-(4-meitilfeinil)imíodasó[1,2-a]piridin-3-il]aicéiteach aigéad (CAS RN 189005-44-5) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8642

ex 2934 99 90

38

2-Clóra-9H-tia-ocsaintéin-9-ón (CAS RN 86-39-5) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8601

ex 2934 99 90

50

Vúitrisioran (INN) (CAS RN 1867157-35-4) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8606

ex 2935 90 90

41

Sóidiam leanacapaivíre (INNM) (CAS RN 2283356-12-5) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8635

ex 2940 00 00

70

Alfa-D-Mannaipioranós, 1-(2,2,2-tríchlóireatáinimiodáit) 6-aicéatáite 2,3,4-tríbheansóáite (CAS RN 346441-49-4) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8614

ex 2942 00 00

20

Démheitiolaimín—bórán (CAS RN 74-94-2) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8678

ex 3204 17 00

28

Dathán C.I. Lí Buí 12 (CAS RN 6358-85-6) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin agus ina bhfuil cion 21 % den dathán C.I. Lí Buí 12 nó níos mó de réir meáchain

0 %

31.12.2028

0.8676

ex 3207 30 00

30

Taos airgid, ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 45 % airgid nó cion is mó ná sin nach mó ná cion 90 % (CAS RN 7440-22-4), agus

cion 59 % d’iomlán na solad, nó cion is mó ná sin nach mó ná cion 92 % (lena náirítear airgead)

a bhfuiltear lena úsáid mar sheoltóir chun grianchealla a tháirgeadh (2)

0 % (2)

31.12.2028

0.8630

ex 3207 30 00

40

Taos alúmanaim, ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 72 % alúmanaim (CAS RN 7429-90-5) nó cion is mó ná sin nach mó ná cion 82 %

ag a bhfuil slaodacht 10 nó níos mó, ach nach mó ná 100 Pa.s (Brookfield RVT, 14 Fhearsaid, 20 isn, 25 oC±0,5  oC)

ag a bhfuil méid cáithnín alúmanaim nach mó ná 25 μm

a bhfuiltear lena úsáid chun grianchealla a tháirgeadh (2)

0 %

31.12.2028

0.8655

ex 3811 29 00

23

Breiseán le haghaidh olaí bealaithe ina bhfuil molaibdéineam, bis(débhúitiolcarbamaidhéthiató)dé-μ-ocsaidhé-ocsaidhé-, sulfúraithe (CAS RN 68412-26-0)

0 %

31.12.2028

0.8644

ex 3824 99 92

71

Meascán ina bhfuil, de réir meáchain:

cion 49 % de charbónáit eitiléine nó cion is mó ná sin nach mó ná 51 % (CAS RN 96-49-1), agus

cion 49 % 1,3-própánsultóin nó cion is mó ná sin nach mó ná 51 % (CAS RN 1120-71-4)

3,2  %

31.12.2028

0.8670

ex 3910 00 00

85

Sileacón dhá chomhpháirt, a bhfuil slaodacht 3 000 cps nó níos mó ag an gcumasc, ach slaodacht nach mó ná 6 000 cps (de réir chaighdeán GB/T 2794), a bhfuiltear lena úsáid mar ábhar inslithe leictrigh i mbosca acomhal painéal gréine i dtáirgeadh painéal gréine (2)

0 %

31.12.2028

0.8667

ex 3919 10 80

ex 3919 90 80

78

48

Scannán polaiteitreafluaireitiléine,

atá 50 μm ar tiús nó níos mó,

atá 6,30  mm ar leithead nó níos mó, ach nach leithne ná 740 mm,

ag a bhfuil fadú go pointe an bhriste nach mó ná 200 %, agus

atá brataithe ar thaobh amháin le greamachán sileacain brú-íogair nach bhfuil níos mó ná 50 μm ar tiús

0 %

31.12.2028

0.8629

ex 3919 90 80

55

Scannán clóiríde polaivinile dubh:

ar a bhfuil loinnir is mó ná 25 chéim de réir ASTM D 2457,

bíodh sé cumhdaithe ar thaobh amháin le scannán cosanta de theireataláit phoileitiléine nó ná bíodh agus, ar an taobh eile, le greamachán aicrileach brú-íogair micreastruchtúrtha agus líneáil scaoilteáin

a bhfuiltear lena úsáid chun scannáin dísle-ghearrtha a mhonarú le haghaidh dromchlaí gluaisteán inmheánacha agus seachtracha (2)

0 %

31.12.2028

0.8664

ex 3926 90 97

22

Gaiscéid le haghaidh scátháin feithiclí bóthair agus a gcomhpháirteanna, déanta as cúr poileitiléine, a tháirgtear trí phróiseas teirmidheilbhithe agus:

ag a bhfuil dlús 20 kg/m3 nó níos mó, ach nach mó a ndlús ná 40 kg/m3,

ina bhfuil neart teanntachta nach lú ná 170 kPa,

ag a bhfuil comhéifeacht ionsúcháin nach mó ná 1 %,

atá 5 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 300 mm,

atá 10 mm nó níos mó ar airde, ach nach airde ná 400 mm,

atá 5 mm nó níos mó ar doimhneacht, ach nach doimhne ná 250 mm

0 %

31.12.2028

0.8646

ex 4016 99 52

10

Crochadán thostóir an sceithphíopa:

ag a bhfuil lúibín cruach ina bhfuil poll gléasta amháin ar a laghad agus

bloc ciúin,

a bhfuiltear lena úsáid chun earraí atá faoi Chaibidil 87 a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8666

ex 6804 21 00

30

Sreang chruach a úsáidtear chun leathsheoltóirí a bhearradh agus a chearnú:

atá cumhdaithe le gráinní diamaint atá 5 μm nó níos mó ar tiús, ach nach tibhe ná 55 μm,

a bhfuil trastomhas na sreinge 45 μm nó níos mó, ach nach mó ná 350 μm

ina bhfuil neart briste 11 N nó níos mó, ach nach mó ná 170 N

0 %

31.12.2028

0.8663

ex 7009 91 00

10

Scáthán gloine plátáilte le cróm:

atá 155 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 158 mm,

atá 115 mm nó níos mó ar airde, ach nach airde ná 120 mm,

braiteoir caochspota ina bhfuil modúl braite gluaisne caochspota, ag a bhfuil lonracht imill 5 000 cd/m2 nó níos mó agus lonracht lárnach 7 000 cd/m2 nó níos mó,

scragall téitheora ag a bhfuil friotaíocht 1,1 kΩ nó níos mó ach nach mó é ná 1,35 kΩ,

atá deartha lena fheistiú i bhfeireadh mar scáthán seachtrach feithicle, a bhfuiltear lena úsáid chun scátháin gluaisteán a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8682

ex 7009 91 00

20

Gloine neamhsféarúil, dhronnach nó chothrom atá plátáilte le cróm, réidh le haghaidh frámaithe:

atá 140 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 215 mm,

atá 104 mm nó níos mó ar airde ach nach airde ná 138 mm,

ag a bhfuil ga cuaire 0 mm nó níos mó ach nach mó ná 1 330  mm,

ag a bhfuil frithchaiteas is mó ná 40 %,

lena úsáid chun scátháin ghluaisteán a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8616

ex 7019 90 00

50

Painéil dhochta inslithe arna ndéanamh trí chomhbhrú folúis ar shnáithíní gloine atá fillte i scannán cosanta gásobach, a bhfuiltear lena núsáid chun cuisneoirí agus reoiteoirí agus teaglamaí díobh a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8668

ex 8402 90 00

10

Aonad de mhodúl próiseála réamhchóimeáilte de chuid aonad scoiltiúcháin eatáin, ina bhfuil na nithe seo a leanas:

córas giniúna gaile caolúcháin lena gcruthaítear gal as uisce fuaraithe réamhchóireáilte lena úsáid mar ghal caolúcháin i bhfoirnéisí galscoiltiúcháin,

córas comhdhlútháin lena mbailítear, lena scagtar agus lena ndí-aeraítear comhdhlútháin ghaile, comhdhlútháin a ndéantar athchúrsáil orthu ina dhiaidh sin chun uisce a choinneáil le coire agus a dháiltear tuilleadh laistigh den aonad foirnéise galscoiltiúcháin, agus

córas bladhairí lena mbailítear, lena ndeighltear agus lena ngalaítear hidreacarbón neamh-inathchúrsáilte ina bhfuil sceití as trealamh éagsúil i bhfoirnéis ghalscoiltiúcháin, agus lena naistrítear iad sin i dtreo bladhairí

0 %

30.06.2025

0.8610

ex 8409 91 00

28

Carbradóir:

ag a bhfuil 2 pholl feistiúcháin atá 31 mm ar trastomhas,

ag a bhfuil cró tachtaire atá 18 mm nó níos mó ar trastomhas, ach nach mó é ná 19,05  mm ar trastomhas

a bhfuiltear lena úsáid chun bearrthóir féir innill dhá bhuille a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8651

ex 8414 59 25

50

Gaothráin aiseacha a bhfuil mótar ionsuite iontu, chun sreabhadh aeir a ghiniúint chun comhbhrúiteoirí a fhuarú agus aer a dháileadh

ag a bhfuil voltas oibriúcháin srutha dhírigh 10 V nó níos mó, ach nach mó ná 14 V, nó

ag a bhfuil voltas oibriúcháin srutha ailtéarnaigh 185 V nó níos mó, ach nach mó ná 254 V,

ag a bhfuil teocht oibríochta - 40 oC nó níos airde, ach nach airde ná 70 oC,

a bhfuiltear lena úsáid chun triomadóirí rothlaim teaschaidéil agus cuisneoirí nó reoiteoirí teaschaidéil a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8648

ex 8414 59 35

40

Séidire leictreach chun an modúl ceallraí a fhuarú:

ag a bhfuil voltas oibriúcháin 9 VDC nó níos mó ach nach mó ná 16 VDC,

ina bhfuil fean leictreach lártheifeach,

ina bhfuil nascóir,

ag a bhfuil cás plaisteach,

bíodh aonad rialaithe don mhótar leictreach gaothráin ann nó ná bíodh,

a bhfuiltear lena húsáid chun ceallraí in-athluchtaithe a tháirgeadh le haghaidh feithiclí hibrideacha agus leictreacha (2)

0 %

31.12.2028

0.8679

ex 8417 80 50

10

Aonad de mhodúl próiseála réamhchóimeáilte de chuid aonad foirnéise galscoiltiúcháin eatáin, ar mó é ná 29 méadar ar fhad, 35 mhéadar ar leithead agus 66 mhéadar ar airde agus 5 500 tonna méadrach meáchain, ina bhfuil dá fhoirnéis ghalscoiltiúcháin neamhleictreacha le haghaidh díhidriginithe mar chuid de ghléasra scoiltiúcháin eatáin ina bhfuil roinn radaíochta agus roinn comhiompair chun eitiléin agus próipiléin a tháirgeadh as eatán

0 %

30.06.2025

0.8669

ex 8419 40 00

10

Aonad de mhodúl próiseála réamhchóimeáilte de chuid aonad scoiltiúcháin eatáin, ina bhfuil na nithe seo a leanas:

lúba imshruthaithe uisce fuaraithe, ina bhfuil teasmhalartóir agus caidéil imshruthaithe chun uisce fuaraithe a fhuarú agus a ath-imshruthú,

córas íonúcháin uisce, lena mbaintear éilleáin hidreacarbóin as uisce fuaraithe, uisce a athúsáidtear ina dhiaidh sin le haghaidh táirgeadh gaile caolúcháin (lasmuigh den mhodúl),

córas íonúcháin ola phirealaithe, lena ndeighltear gásailín pirealaithe, ola throm agus codáin chóic ó na héilleáin hidreacarbóin a baineadh as an uisce fuaraithe,

galaitheoir agus forthéitheoir bunábhair eatáin, lena ndéantar an bunábhar eatáin a ghalú agus a théamh sula ndéantar an teatán a sheoladh chuig na foirnéisí scoiltiúcháin (lasmuigh den mhodúl),

0 %

30.06.2025

 

 

 

córas ullmhúcháin bunábhair própáin, lena ndéantar an bunábhar eatáin a scagadh, a ghalú agus a fhorthéamh, sula ndéantar an própán a sheoladh chuig na foirnéisí scoiltiúcháin (lasmuigh den mhodúl), agus

córas ullmhúcháin próipiléine de ghrád ceimiceach, lena ndéantar próipiléin de ghrád ceimiceach a scagadh agus a thriomú sula ndéantar é a sheoladh chuig an dí-eatánóir (lasmuigh den modúl)

 

 

 

0.8680

ex 8419 50 80

20

Aonad de mhodúl próiseála réamhchóimeáilte de chuid aonad scoiltiúcháin eatáin, ina bhfuil na nithe seo a leanas:

córas cuisniúcháin eitiléine lúboscailte, atá le comhtháthú le comhbhrúiteoir cuisneáin eitiléine seachtrach,

caidéil agus teasmhalartóir chun eitiléin a sheachadadh go píblíne sheachtrach, agus

córas cuisniúcháin próipiléine lúbiata, atá le comhtháthú le comhbhrúiteoir cuisneáin próipiléin seachtrach

0 %

30.06.2025

0.8675

ex 8419 89 98

10

Aonad de mhodúl próiseála réamhchóimeáilte de chuid aonad scoiltiúcháin eatáin, ina bhfuil na nithe seo a leanas:

trealamh a bhaineann le comhbhrúiteoir gáis scáinte seachtrach ilchéime lártheifeach lena ndéantar gáis hidreacarbóin a chomhbhrú ionas gur féidir tuilleadh próiseála iartheachtach a dhéanamh i dtrealamh idirnasctha ina bhfuil na nithe seo a leanas:

fuaraitheoirí,

drumaí deighilte gal agus leachtanna, agus

caidéil is gá chun uisce agus hidreacarbóin throma a chomhdhlúthú agus a bhaint agus chun foirmiú neamh-inmhianaithe seachtháirgí polaiméire a sheachaint,

0 %

30.06.2025

 

 

 

trealamh a bhaineann le túr níocháin loiscneach seachtrach ina bhfuil na nithe seo a leanas:

caidéil imshruthaithe uisce loiscnigh chun tacú le túr níocháin loiscnigh seachtrach chun gáis aigéadacha (dé-ocsaíd charbóin agus suilfíd hidrigine) a bhaint den ghás scoilte,

córas réamhchóireála don tuaslagán loiscneach caite, ina bhfuil drumaí deighilte, caidéil agus meascthóirí,

teasmhalartóir le haghaidh an réamhfhuaraithe ar an ngás scoilte, agus

druma deighilte chun uisce a bhaint as gás scoiltiúcháin

 

 

 

0.8632

ex 8467 99 00

10

Eilimintí gearrtha de bhearrthóir fál cuaille:

i bhfoirm ceangaltán bearrthóra fál,

a bhfuil a scian 60 cm ar fad agus a oscailt fiacaile 30 mm,

inar féidir uillinn na lainne a choigeartú,

ina bhfuil giarbhosca aonchéime comhtháite,

ag a bhfuil cabhail mhaignéisiam teilgthe,

a bhfuiltear lena úsáid chun innealra gairdín agus uirlisí cumhachta a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8673

ex 8479 89 97

33

Aonad de mhodúl próiseála réamhchóimeáilte de chuid aonad scoiltiúcháin eatáin, ina bhfuil na nithe seo a leanas:

colúin driogtha éagsúla driogtha (díphrópánadóir, díbhútánadóir agus díghásaitheoir) agus na teasmhalartóirí, caidéil agus drumaí a bhaineann leo,

traein chuisnithe ina bhfuil teasmhalartóirí agus druma ina ndéantar C2 a chomhdhlúthú i sruth gáis,

córas chun hidrigin agus meatán a dheighilt ó ghás scoilte ina bhfuil teasmhalartóirí, drumaí, tuirbíní, comhbhrúiteoirí agus aonad íonúcháin hidrigine (aonad asúcháin trí aistriú brú),

trealamh gaolmhar de cholún driogtha scoilteora C3, ina bhfuil malartóir teasa, caidéil agus drumaí, agus

córas hidriginithe aicéitiléine vinile, ina bhfuil imoibreoirí hidriginithe, scagairí, meascthóir, druma, comhdhlúthadán, teasmhalartóirí

0 %

30.06.2025

0.8681

ex 8479 89 97

43

Aonad de mhodúl próiseála réamhchóimeáilte de chuid aonad scoiltiúcháin eatáin, ina bhfuil na nithe seo a leanas:

córas chun gás scoilte triomaithe a scagadh agus a fhuarú,

córas driogtha dí-eatánóra agus trealamh gaolmhar le haghaidh deighilt C2-/C3+,

córas hidriginithe aicéitiléine chun aicéitiléin a bhaint laistigh de shruth C2,

druma breosla gásaigh lena stóráiltear breosla gásach le haghaidh foirnéisí scoiltiúcháin, agus

córas chun triomadóirí a athghiniúint i suiteáil scoiltiúcháin

0 %

30.06.2025

0.8626

ex 8483 40 23

20

Giar beibhil:

déanta de chóimhiotail éadroma agus cruach,

atá tógtha ar ghiaranna beibhil díreacha nó héiliciúla,

a bhfuil uillinn 30 céim nó níos mó idir na fearsaidí ann, ach nach mó ná 90 céim an uillinn sin,

ag a bhfuil cóimheas giair 1:1,3 nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 1:1,46 ,

a bhfuiltear lena úsáid chun bearrthóirí féir, scuab-ghearrthóirí agus cineálacha eile innealra gairdín a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8625

ex 8483 40 23

30

Giar beibhil:

déanta de chóimhiotail éadroma agus cruach,

atá tógtha ar ghiaranna beibhil díreacha,

a bhfuil uillinn 24 céim nó níos mó idir na fearsaidí ann, ach nach mó ná 35 céim an uillinn sin,

a bhfuiltear lena úsáid chun bearrthóirí féir, scuab-ghearrthóirí agus cineálacha eile innealra gairdín a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8609

ex 8501 31 00

48

Mótair leictreacha DC gan scuab:

ag a bhfuil cumhacht rátaithe 240 W nó níos mó ach nach mó ná 260 W,

ag a bhfuil voltas 36 V nó níos mó, ach nach mó ná 52 V

ag a bhfuil casmhóimint 20 Nm nó níos mó ach nach mó ná 140 Nm,

ag a bhfuil feireadh déanta d’alúmanam, cóimhiotal alúmanaim nó plaisteach,

bíodh rialaitheoir ionsuite ann nó ná bíodh,

ag a bhfuil feidhm chumarsáide sa chomhéadan LIN nó UART,

ag a bhfuil meáchan 1,5  kg nó níos mó, ach nach troime ná 5,0  kg,

oiriúnaithe lena ghléasadh i bhfráma rothair

a bhfuiltear lena núsáid chun rothair leictreacha a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8608

ex 8501 31 00

49

Mótair leictreacha DC gan scuab:

ag a bhfuil cumhacht rátaithe 240 W nó níos mó ach nach mó ná 260 W,

ag a bhfuil voltas 36 V nó níos mó, ach nach mó ná 52 V

ina bhfuil casmhóimint 30 Nm nó níos mó, ach nach mó ná 50 Nm,

ag a bhfuil feidhm chumarsáide UART nó comhéadan CAN,

ina bhfuil giarbhosca pláinéadach inmheánach ag a bhfuil cóimheas seasta nó athraitheach,

déanta trí theilgeadh meaisínithe CNC,

ag a bhfuil feireadh atá déanta d’alúmanam,

ina bhfuil meáchan 2,3  kg nó níos mó, ach nach troime ná 4,4  kg,

atá oiriúnaithe le haghaidh gléasta sa roth tosaigh nó cúil ar rothar (2)

0 %

31.12.2028

0.8662

ex 8503 00 99

53

Cumhdach rothlóra brú-theilgthe den chóras fuaraithe cainéal sa mhótar leictreach:

déanta d’alúmanam EN AC-47100-F,

le caipín séalaithe de chruach dhosmálta,

roisghlanta agus meaisínithe,

atá sceithdhíonach go feadh 1 ml in aghaidh an nóiméid nó níos lú faoi bharbhrú de 2,75 ,

ag a bhfuil cruas 70 HBW nó níos mó (2,5 /62,5 , de réir ISO 6506)

ag a bhfuil neart teanntachta 240 N/mm2 nó níos mó,

atá 50 mm nó níos mó ar airde, ach nach airde ná 55 mm,

atá 109 mm nó níos mó ar trastomhas, ach nach mó ná 112 mm a thrastomhas,

ag a bhfuil meáchan 3,9  kg nó níos mó, ach nach troime é ná 4,2  kg

0 %

31.12.2028

0.8658

ex 8503 00 99

58

Feireadh inmheánach brú-theilgthe de chóras fuaraithe cainéal le haghaidh mótar leictreach:

déanta d’alúmanam EN AC-47100,

roisghlanta agus meaisínithe,

atá sceithdhíonach go feadh 3 ml in aghaidh an nóiméid nó níos lú faoi bharbhrú de 2,75 ,

ag a bhfuil cruas 70 HBW nó níos mó (2,5 /62,5 , de réir ISO 6506)

ag a bhfuil neart teanntachta 240 N/mm2 nó níos mó,

atá 225 mm nó níos mó ar airde, ach nach airde ná 280 mm,

atá 300 mm nó níos mó ar trastomhas, ach nach mó ná 310 mm a thrastomhas,

ina bhfuil meáchan 3,8  kg nó níos mó, ach nach troime é ná 4,9  kg

0 %

31.12.2028

0.8659

ex 8503 00 99

63

Feireadh seachtrach brú-theilgthe de mhótar leictreach:

déanta d’alúmanam EN AC-47100,

ar a bhfuil aermhuinchillí imthaca formhúnlaithe de cruach dhosmálta mhártainsíteach agus caipíní séalaithe cóimeáilte déanta de chruach dhosmálta,

roisghlanta agus meaisínithe,

cuasán rothlóra, atá sceithdhíonach go feadh 3 ml in aghaidh an nóiméid nó níos lú faoi bharbhrú de 2,75 ,

ag a bhfuil cruas 70 HBW nó níos mó (2,5 /62,5 , de réir ISO 6506)

ag a bhfuil neart teanntachta 240 N/mm2 nó níos mó,

atá 245 mm nó níos mó ar airde, ach nach é airde ná 360 mm,

atá 360 mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne é ná 525 mm,

atá 345 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide é ná 450 mm,

ina bhfuil meáchan 6,4  kg nó níos mó, ach nach troime é ná 8,3  kg

0 %

31.12.2028

0.8627

ex 8505 20 00

40

Crág leictreamaighnéadach:

lena dtraschuirtear casmhóimint ón seafta mótair chuig ulóg an ghléis ghearrtha,

ina bhfuil corna réimse, rótar, mol agus armatúr,

ag a bhfuil voltas oibriúcháin 12 V,

ag a bhfuil sruth 3,93  A nó níos mó, ach nach mó ná 6,86  A,

ag a bhfuil friotaíocht 1,84 ohm nó níos mó, ach nach mó ná 3,05  mm, (ag oibriú ag 20 oC),

ag a bhfuil casmhóimint statach 108 Nm nó níos mó ach nach mó ná 305 Nm,

a bhfuiltear lena úsáid chun lomairí féinghluaiste de chineál marcaíochta a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8660

ex 8507 60 00

26

Modúil chun taisc-cheallraí leictreacha a chóimeáil trí theicneolaíocht fearófosfáite litiam a úsáid:

atá 820 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 882 mm,

atá 390 mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne ná 655 mm,

atá 110 mm nó níos mó ar airde, ach nach airde ná 137 mm,

ina bhfuil meáchan 60 kg nó níos mó, ach nach troime ná 165 kg, agus

ag a bhfuil cumhacht 300 Wh nó níos mó, ach nach mó ná 29 360 Wh

1,3  %

31.12.2028

0.8645

ex 8507 60 00

28

Cill ceallra ian litiam in-athluchtaithe:

atá 190 mm nó níos mó ar fad, ach nach faide ná 380 mm,

atá 90 mm nó níos mó ar leithead, ach nach leithne ná 150 mm,

atá 4 mm nó níos mó ar airde, ach nach airde ná 15 mm,

ag a bhfuil meáchan 0,1  kg nó níos mó ach nach troime ná 1,2  kg,

ag a bhfuil voltas ainmniúil 3,0 VDC nó níos mó ach nach mó ná 4,0 VDC,

ag a bhfuil toilleadh ainmniúil nach mó ná 90 Ah,

a bhfuiltear lena húsáid chun ceallraí in-athluchtaithe feithicle hibridí agus leictrí a mhonarú (2)

1,3  %

31.12.2028

0.8654

ex 8507 60 00

36

Taisc-cheallra ian litiam:

ina bhfuil ilchealla cile stórais ian-litiam nasctha,

ina bhfuil leictreonaic luchtaithe agus faireacháin,

ag a bhfuil cumhacht 74 Wh nó níos mó, ach nach mó ná 75 Wh,

i bhfeireadh plaisteach ag a bhfuil teagmhálacha nasc leictreach agus taispeáint LCD,

a bhfuiltear lena úsáid chun folúsghlantóirí gan sreang, nó foinsí cumhachta in-athluchtaithe lena naghaidh sin, a mhonarú (2)

1,3  %

31.12.2028

0.8628

ex 8511 80 00

30

Modúl adhainte:

déanta as plaistigh agus miotail neamhfheiriúla,

a bhfuil na comhpháirteanna leictreacha ann arna dteilgean i roisín eapocsach,

chun an fuinneamh adhainte a ghiniúint agus chun uainiú na hadhainte a rialú go leictreonach,

chun an spréachphlocóid agus an scoradán ciorcaid a nascadh,

a bhfuiltear lena úsáid chun innill dhá bhuille a mhonarú (2)

0 %

31.12.2028

0.8633

ex 8512 20 00

25

Comhpháirt leictreach ag a bhfuil LED comhtháite, i bhfeireadh ABS, agus:

ag a bhfuil voltas 11 V nó níos mó, ach nach mó ná 15 V,

atá i gcruth ciorclach,

le 2 chríochfort,

arb é 42,3  mm a trastomhas seachtrach,

ag a bhfuil voltas dé-óide 42 V nó níos mó, ach nach mó ná 48 V, agus

ag a bhfuil sruth 55 mA nó níos mó, ach nach mó ná 65 mA,

0 %

31.12.2028

0.8647

ex 8544 30 00

75

Seol sreang chun an córas ceallraí comhtháite a nascadh le córais rialaithe an ghluaisteáin, ina bhfuil:

nascóir ionchuir uiscedhíonach,

ceithre nascóir aschuir nó níos mó,

2 fháiscín phlaisteacha atá le feistiú

a bhfuiltear lena húsáid chun ceallraí in-athluchtaithe a tháirgeadh le haghaidh feithiclí hibrideacha agus leictreacha (2)

0 %

31.12.2028


(1)  Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.’;

(2)  Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1851/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)