European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1850

5.7.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1850 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Iúil 2024

lena ndeonaítear cosaint san Aontas don Ainmniúchán Tionscnamh ‘زيت زيتون تبرسق / Huile d’Olive Téboursouk’ a cláraíodh sa Chlár Idirnáisiúnta um Ainmniúcháin Tionscnaimh agus um Thásca Geografacha d’Ionstraim na Ginéive

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive, féadfaidh Údaráis Inniúla gach Páirtí Chonarthaigh in Ionstraim na Ginéive iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, arb é a chláróidh é sa Chlár Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6 d’Ionstraim na Ginéive. I gcomhréir le hAirteagal 9 d’Ionstraim na Ginéive, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha eile ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha arna gclárú a chosaint laistigh dá gcóras dlí féin faoi réir aon diúltú, aon tréigean, aon neamhbhailíochtú nó aon chealú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 6(4) d’Ionstraim na Ginéive, an 27 Meán Fómhair 2023, thug Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil fógra don Choimisiún go ndearnadh an t-ainm ‘زيت زيتون تبرسق / Huile d’Olive Téboursouk’, a ndearna an Túinéis iarratas ina leith, a thaifeadadh ina Ainmniúchán Tionscnaimh sa Chlár Idirnáisiúnta um Ainmniúcháin Tionscnaimh agus um Thásca Geografacha faoi Ionstraim na Ginéive.

(3)

De bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1753, foilsíodh clárú idirnáisiúnta an Ainmniúcháin Tionscnaimh ‘زيت زيتون تبرسق / Huile d’Olive Téboursouk’ in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) chun go bhféadfaí aon fhreasúra a d’fhéadfadh a bheith ann a thaisceadh.

(4)

De bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1753, rinne an Coimisiún measúnú ar chlárú idirnáisiúnta an Ainmniúcháin Tionscnaimh ‘زيت زيتون تبرسق / Huile d’Olive Téboursouk’ i gcoinne na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin, lena n-áirítear an fhaisnéis bhreise a iarradh d’aon ghnó ar an Túinéis a mhéid a bhaineann leis na sonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó saintréithe mar a leagtar síos i Riail 5(3) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin, agus chinn sé go gcomhlíontar iad.

(5)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon fhreasúra faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1753, ba cheart an t-ainm ‘زيت زيتون تبرسق / Huile d’Olive Téboursouk’ a chosaint san Aontas, i gcomhréir le hIonstraim na Ginéive.

(6)

Ós rud é gur cláraíodh an tAinmniúchán Tionscnaimh ‘زيت زيتون تبرسق / Huile d’Olive Téboursouk’ faoi chomhaontú Liospóin, is gá raon feidhme na cosanta a dheonaítear leis an Rialachán seo agus iarmhairtí agus coinníollacha na cosanta sna seacht mBallstát atá ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin a shoiléiriú.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta maidir le táirgí talmhaíochta, fíon agus deochanna biotáilleacha faoi Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar an t-ainm ‘زيت زيتون تبرسق / Huile d’Olive Téboursouk’ atá cláraithe mar Ainmniúchán Tionscnaimh sa Chlár Idirnáisiúnta a chosaint san Aontas.

Leis an ainm dá dtagraítear sa chéad mhír sainaithnítear táirge den chineál ‘Ola olóige’.

Airteagal 2

Tá feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear in Airteagal 1 maidir le críoch iomlán an Aontais Eorpaigh agus glacann sí ionad an chórais náisiúnta cosanta is infheidhme sna Ballstáit ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin. Ráthófar leanúnachas leis an gcosaint náisiúnta a dheonaítear sna Ballstáit sin don Ainmniúchán Tionscnaimh ‘زيت زيتون تبرسق / Huile d’Olive Téboursouk’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 271, 24.10.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1753/oj.

(2)   IO C, C/2023/430, 20.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/430/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1850/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)