European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1844

5.7.2024

CINNEADH (AE) 2024/1844 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Meitheamh 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca leis an leasú ar Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE (Ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 168(4), pointe (c), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) (‘Iarscríbhinn II’) agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 (‘Prótacal 37’) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)

Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart é a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II agus Prótacal 37a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréacht-chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1).


DRÉACHT

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE UIMH. …

an …

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (1), arna cheartú le IO L 71, 9.3.2023, lch. 37, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasófar Caibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.

Cuirtear an dá mhír seo a leanas isteach tar éis an 18ú mír den chuid réamhráiteach:

‘Beidh Stáit CSTE comhlachaithe go hiomlán le hobair an Ghrúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le Ganntanais agus Sábháilteacht Táirgí Íocshláinte arna mbunú le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála.

Beidh Stáit CSTE comhlachaithe go hiomlán le hobair an Tascfhórsa Éigeandála arna mbunú le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála.’.

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 15ze:

32022 R 0123: Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1), arna cheartú le IO L 71, 9.3.2023, lch. 37.

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

In Airteagal 34(2), cuirfear na focail “nó Airteagal 53 de Chomhaontú LEE” isteach tar éis na bhfocal “Airteagal 101 CFAE”.’.

Airteagal 2

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 15 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1207 ón gCoimisiún) de Chaibidil XXX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘16.

32022 R 0123: Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1), arna cheartú le IO L 71, 9.3.2023, lch. 37.

Módúlachtaí maidir le comhlachas Stáit CSTE i gcomhréir le hAirteagal 101 den Chomhaontú seo:

Beidh Stáit CSTE comhlachaithe go hiomlán le hobair an Ghrúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le Feistí Leighis agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála.

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

In Airteagal 34(2), cuirfear na focail “nó Airteagal 53 de Chomhaontú LEE” isteach tar éis na bhfocal “Airteagal 101 CFAE”.’.

Airteagal 3

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 30 de Phrótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘an Grúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le Ganntanais agus Sábháilteacht Táirgí Íocshláinte, an Tascfhórsa Éigeandála agus an Grúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le Ganntanais Feistí Leighis (Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).’.

Airteagal 4

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2022/123, arna cheartú le IO L 71, 9.3.2023, lch. 37, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an …, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 6

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, …

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)   IO L 20, 31.1.2022, lch. 1.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1844/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)