|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1839 |
4.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1839 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Iúil 2024
lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2846 trí Schinopsis lorentzii (Griseb.) Engl. a scriosadh mar fhoinse an bhreiseáin bheathaithe eastóscán quebracho dheirg
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Na substaintí eastóscán quebracho dheirg ó Schinopsis balansae Engl. nó Schinopsis lorentzii (Griseb.) Engl., údaraíodh iad mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2846 ón gCoimisiún (2) ar feadh 10 mbliana. |
|
(2) |
Mar sin féin, an tsubstaint eastóscán quebracho dheirg ó Schinopsis lorentzii (Griseb.) Engl., áiríodh í go hearráideach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2846 d’ainneoin nár áiríodh san iarratas ar údarú í. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2846 a cheartú dá réir. Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí an Iarscríbhinn iomlán a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a ionadú. |
|
(4) |
Chun cur ar an margadh an bhreiseáin bheathaithe eastóscán quebracho dheirg ó Schinopsis lorentzii (Griseb.) Engl. a chosc, rud a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an earráid i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2846, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(5) |
Chun ionchais dlisteanacha na n-oibreoirí gnólachtaí beatha a chaomhnú, ionchais a cruthaíodh le húdarú earráideach an bhreiseáin bheathaithe eastóscán quebracho dheirg ó Schinopsis lorentzii (Griseb.) Engl., ba cheart idirthréimhse ghearr a sholáthar chun go mbeidh na hoibreoirí sin in ann oiriúnú don cheartúchán a thugtar isteach leis an Rialachán seo. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2846
Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2846 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2846 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2023 maidir le heastóscán quebracho dheirg ó Schinopsis balansae Engl. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch’; |
|
(2) |
cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
An breiseán beathaithe eastóscán quebracho dheirg ó Schinopsis lorentzii (Griseb.) Engl. agus réamh-mheascáin, beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil siad iontu, substaintí a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Lúnasa 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Iúil 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí an 5 Eanáir 2025.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2846 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2023 maidir le heastóscán quebracho dheirg ó Schinopsis balansae Engl. nó Schinopsis lorentzii (Griseb.) Engl. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L, 2023/2846, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2846/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin bheathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||
|
2b2972-ex |
Eastóscán quebracho dheirg |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Eastóscán adhmaid Schinopsis balansae Engl. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí Eastóscán tainniní comhdhlúite ó quebracho dearg Eastóscán a fhaightear ó adhmad Schinopsis balansae Engl. trí ghal faoi bhrú, tuilleadh scagacháin agus an tuaslagán tiubhaithe a thiúchan agus a spraethriomú mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1). Sonraíochtaí Tainniní comhdhlúite: 70-87 % Uimhir FEMA: 2972 Modh anailíse (2) Maidir le tainniní comhdhlúite (marcóir fisiceimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh: modh meá-mhéadrach ar oibreáin ghriandathaithe trí chomhdhúile ionsúiteacha i bpúdar seithe atá crómaithe go híseal – ISO 14088 |
Turcaithe lena ramhrú |
- |
- |
540 |
|
10 Eanáir 2034 |
||||||||
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
- |
- |
400 |
|||||||||||||
|
Gach speiceas éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin. |
- |
- |
600 |
|||||||||||||
|
Bainbh, bainbh de chineál mionspeicis Suidae agus muca lena ramhrú de chineál mionspeicis Suidae |
- |
- |
720 |
|||||||||||||
|
Muca lena ramhrú |
- |
- |
860 |
|||||||||||||
|
Cránacha |
- |
- |
1 050 |
|||||||||||||
|
Laonna feola (bainne púdrach) |
- |
- |
1 680 |
|||||||||||||
|
Athchogantaigh lena ramhrú seachas caoirigh agus gabhair Capaill |
- |
- |
1 580 |
|||||||||||||
|
Caoirigh, gabhair |
- |
- |
1 580 |
|||||||||||||
|
Ba déiríochta agus mionathchogantaigh dhéiríochta seachas caoirigh dhéiríochta agus gabhair dhéiríochta |
- |
- |
1 030 |
|||||||||||||
|
Coiníní |
- |
- |
630 |
|||||||||||||
|
Salmainidí agus mionspeiceas éisc eite |
- |
- |
1 810 |
|||||||||||||
|
Éisc ornáideacha |
- |
- |
3 000 |
|||||||||||||
|
Madraí |
- |
- |
1 900 |
|||||||||||||
|
Éin ornáideacha |
|
|
317 |
|||||||||||||
|
Cait |
- |
- |
317 |
|||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe |
- |
- |
317 |
|||||||||||||
(1) Natural sources of flavourings - Report No. 2
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2] (2007)
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1839/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)