European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1835

28.6.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1835 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Meitheamh 2024

lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, (AE) 2020/1988 agus (AE) 2023/2834 a mhéid a bhaineann le bearta taraife le haghaidh táirgí talmhaíochta áirithe de thionscnamh na Bealarúise agus na Rúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach ón mBealarúis agus ón Rúis, agus a mhéid a bhaineann leis na rátaí comhshó i gcomhair ríse

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 187 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na rialacha maidir le bainistiú na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus déantar foráil ann maidir le rialacha sonracha chun iad a bhainistiú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún (3), leagtar síos na rialacha maidir le riar taraif-chuótaí ar allmhairí atá ceaptha lena n-úsáid ar bhonn ord cróineolaíoch na ndátaí a ghlactar leis na dearbhuithe custaim (an prionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’).

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún (4), leagtar síos na rialacha maidir le hallmhairí sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna.

(4)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1652 ón gComhairle (5), tugadh bearta taraife isteach chun cosc a chur ar tháirgí talmhaíochta áirithe (gránaigh, olashíolta agus táirgí díorthaithe) ón Rúis leanúint de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar théarmaí atá chomh fabhrach céanna leis na téarmaí a chuirtear i bhfeidhm ar na táirgí ó áiteanna tionscnaimh neamhfhabhracha eile.

(5)

Ba cheart na bearta taraife céanna a ghlacadh go comhuaineach i ndáil leis an mBealarúis chun a sheachaint go ndéanfar allmhairí chuig an Aontas ón Rúis a atreorú tríd an mBealarúis, i bhfianaise a dlúthnasc polaitiúil agus eacnamaíoch leis an Rúis, más rud é nach ndéanfar athrú ar tharaifí an Aontais ar allmhairí earraí ábhartha ón mBealarúis.

(6)

Is iomchuí na bearta taraife sin a léiriú i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, (AE) 2020/1988 agus (AE) 2023/2834.

(7)

Sa bhreis ar na cóid AC bhreise le haghaidh ríse a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1998 ón gCoimisiún (6), ba cheart rátaí comhshó comhfhreagracha a shocrú le haghaidh na gcód AC sin.

(8)

Ba cheart don Choimisiún, agus dhá dhleacht allmhairiúcháin á socrú aige, na tosca a chuirtear san áireamh do na ríomhanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, chun trédhearcacht sna ríomhanna dleachta allmhairiúcháin gránach a sholáthar do pháirtithe leasmhara, agus an t-ualach riaracháin ar an gCoimisiún á laghdú an tráth céanna.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, (AE) 2020/1988 agus (AE) 2023/2834 a leasú dá réir.

(10)

Tagann Rialachán (AE) 2024/1652 i bhfeidhm an 1 Iúil 2024. Chun bainistiú éifeachtach agus cur i bhfeidhm tráthúil na mbeart taraife le haghaidh táirgí talmhaíochta lena mbaineann a áirithiú, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Iúil 2024.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhosca ‘Áit tionscnaimh’ sna táblaí a thagraíonn do tharaif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.4120, 09.4121, 09.4122, 09.4131 agus 09.4133 acu:

Áit tionscnaimh

 

Gach tríú tír ach amháin an Bhealarúis, an Rúis agus an Ríocht Aontaithe’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhosca ‘Áit tionscnaimh’ sa tábla a thagraíonn do tharaif-chuótaí a bhfuil an tsraithuimhir 09.4125 acu:

Áit tionscnaimh

 

Gach tríú tír ach amháin an Bhealarúis, Ceanada, an Rúis, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe’

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhosca ‘Áit tionscnaimh’ sna táblaí a thagraíonn do tharaif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.0138, 09.2903, 09.2905, 09.0071, 09.0072, 09.0073, 09.0074, 09.0075, 09.0076, agus 09.0070 acu:

Áit tionscnaimh

Gach tríú tír ach amháin an Bhealarúis, an Rúis agus an Ríocht Aontaithe’

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Beidh an ráta comhshó idir rís scilligthe agus rís mhuilleáilte mar a leanas:

 

Rís scilligthe

Rís mhuilleáilte

Rís chruinnghránach

1

0,775

Rís mheánghránach nó fhadghránach

1

0,69

Rís eile

1

0,7325

3.   Beidh an ráta comhshó idir rís mhuilleáilte agus rís leathmheilte mar a leanas:

 

Rís mhuilleáilte

Rís leathmheilte

Rís chruinnghránach

1

1,065

Rís mheánghránach nó fhadghránach

1

1,072

Rís eile

1

1,06849 ’

(2)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   De mhaolú ar rátaí dleachta allmhairiúcháin sa Chomhtharaif Chustaim, beidh an dleacht allmhairiúcháin ar tháirgí gránaigh a thagann faoi réim chóid AC 1001 11 00, 1001 19 00, ex 1001 91 20 (síol cruithneachta boige), ex 1001 99 00 (cruithneacht bhog ardcháilíochta seachas síolta), 1002 10 00, 1002 90 00, 1005 10 90, 1005 90 00, 1007 10 90 agus 1007 90 00 cothrom leis an bpraghas idirghabhála ar allmhairiú, méadaithe faoi 55 %, lúide an praghas allmhairiúcháin CAL a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 16(1) is infheidhme maidir leis an gcoinsíneacht atá i gceist. Mar sin féin, ní féidir gur mó an dleacht allmhairiúcháin sin ná an ráta caighdeánach dleachta arna chinneadh ar bhonn na hAinmníochta Comhcheangailte. Níl an mhír seo infheidhme maidir le táirgí gránaigh de thionscnamh na Bealarúise agus na Rúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach ón mBealarúis agus ón Rúis a bhfuil feidhm ag rátaí dleachta allmhairiúcháin na Comhtharaife Custaim maidir leo.’

(3)

in Airteagal 16(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Foilseofar méid na dleachta allmhairiúcháin socraithe agus na fachtóirí a úsáideadh chun iad a ríomh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Agus dhá dhleacht á socrú aige, foilseoidh an Coimisiún na tosca a cuireadh san áireamh don ríomh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.’

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/761/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le riar taraif-chuótaí ar allmhairí i gcomhréir leis an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ (IO L 422, 14.12.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1988/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hallmhairí sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna (IO L, 2023/2834, 21.12.2023, ELI: http: //data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2834/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2024/1652 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L, 2024/1652, 10.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1652/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1998 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 282, 31.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1998/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1835/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)