European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1827

2.7.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1827 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Iúil 2024

maidir le taraif-chuóta a thabhairt isteach agus a bhainistiú le haghaidh uibheacha mar thoradh ar Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 4(7), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), de,

Tar éis dó an Coiste um Choimircí a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, glacadh bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí de chuid na hÚcráine. Le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán sin, cuireadh ar fionraí na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile agus ar choinníoll go raibh na táirgí a chumhdaítear leis na cuótaí sin lena ligean isteach chun a n-allmhairithe isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim.

(2)

Le hAirteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392 déantar foráil maidir le beart coimirce uathoibríche d’uibheacha, éanlaithe clóis, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuaran agus mil atá le gníomhachtú má shroicheann méideanna carnacha allmhairí aon cheann de na táirgí sin ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann le linn tréimhse shonrach meán uimhríochtúil faoi seach méideanna allmhairí an táirge sin arna dtaifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023.

(3)

Shroich na méideanna carnacha allmhairí i gcás uibheacha ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann an meán uimhríochtúil faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392, méid is airde ná méid an taraif-chuóta chomhfhreagraigh a cuireadh ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán sin. Dá bhrí sin, an taraif-chuóta sin a cuireadh ar fionraí agus a bhfuil na sraithuimhreacha 09.4275 agus 09.4276 ag gabháil leis, ba cheart é a thabhairt isteach arís as seo amach agus go dtí an 31 Nollaig 2024 agus ba cheart taraif-chuóta atá cothrom le cúig dhódhéagú den mheán uimhríochtúil a thabhairt isteach ón 1 Eanáir 2025.

(4)

Ba cheart an taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a bhainistiú ar bhonn ord croineolaíoch na ndátaí a ghlactar leis na dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht uibheacha i gcomhréir leis na rialacha maidir le bainistiú taraif-chuótaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (2).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 4(8) de Rialachán (AE) 2024/1392, ba cheart an chainníocht a allmhairíodh le linn na bliana féilire 2024 a chur san áireamh i mbainistiú na dtaraif-chuótaí sin go dtí an 31 Nollaig 2024.

(6)

Chun gníomhú laistigh den sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1392 go dtí an 5 Meitheamh 2025, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go dtí an dáta céanna,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na taraif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.4275 agus 09.4276 ag gabháil leo agus a cuireadh ar fionraí de bhua Airteagal 1(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1392, tugtar isteach an athuair iad go dtí an 31 Nollaig 2024.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn agus a tugadh isteach ón 1 Eanáir 2025 i gcomhréir le hAirteagal 4(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1392 laistigh den teorainn chainníochtúil a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a mhéid a bhaineann leis na táirgí a liostaítear ann.

Airteagal 3

Déanfaidh an tAontas an taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhainistiú i gcomhréir le hord croineolaíoch na ndátaí a ghlactar le dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht uibheacha mar a leagtar síos in Airteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

Airteagal 4

Chun tairbhiú de tharaif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn, comhlíonfaidh na táirgí na rialacha maidir le tionscnamh táirgí dá bhforáiltear i bPrótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 5 Meitheamh 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1392, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).


IARSCRÍBHINN

Sraithuimhir

09.6727

Tuairisc ar an táirge

Uibheacha

Cóid AC

0407 21 00

0407 29 10

0407 90 10

0408 11 80

0408 19 81

0408 19 89

0408 91 80

0408 99 80

3502 11 90

3502 19 90

3502 20 91

3502 20 99

Tionscnamh

an Úcráin

Cainníocht

9 662 070 kg

Tréimhse taraif-chuótaí

1 Eanáir 2025 go dtí an 5 Meitheamh 2025

Fothréimhsí taraif-chuótaí

Neamhbhainteach

Cruthúnas tionscnaimh

Is ann dó. Éileamh ar chóir fhabhrach i gcomhréir le Prótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile

Dleacht chustaim laistigh den chuóta

EUR 0


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1827/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)