|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1823 |
28.6.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1823 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Meitheamh 2024
maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Air-Quotas’ de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3817)
(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 26 Aibreán 2024 cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Air-Quotas’. |
|
(2) |
Is é is aidhm don tionscnamh, arna cur in iúl ag na heagraithe, a iarraidh ar an gCoimisiún ‘tionól aeráide a bhunú as a dtiocfaidh sásra cuóta carbóin le haghaidh saoránach i ngach tír agus lena spreagfar gnólachtaí chun dícharbónú a dhéanamh mar gheall ar éileamh tomhaltóirí’. Measann na heagraithe gur cheart gach ceannachán earraí agus seirbhísí a chumhdach leis an sásra cuóta carbóin agus gur cheart tosú in earnáil an aeriompair. Ina theannta sin, luann siad ‘feachtas faisnéise maidir le Air-Quotas’ mar bhealach chun ‘tuiscint a fháil ar an sásra trádála idir easnaimh agus barrachais charbóin bunaithe ar dháileadh cothrom a laghdaítear ó bhliain go bliain i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an bhfógra ón Aontas maidir le laghdú 55 %’. |
|
(3) |
In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tugtar tuilleadh sonraí maidir le hábhar, cuspóirí agus cúlra an tionscnaimh. Luaitear inti ‘nach mór laghdú as cuimse a dhéanamh ar an lorg aeráide atá ag an ngníomhaíochta dhaonna ar an bpláinéad chun go mbeidh an domhan ináitrithe i gcónaí’ agus tagraítear inti do roghanna éagsúla chun an lorg carbóin a laghdú. Measann na heagraithe go mbeadh ‘cuntas carbóin le haghaidh eitlíochta’ ar an sásra ab iomchuí, ag tosú le haerárthaí a mheastar a bheith ar ‘an bhfoinse gáis ceaptha teasa is suaithinsí’. Mar chuid dá iarraidh ar chlárú chuir an grúpa d’eagraithe doiciméad breise isteach ina soláthraítear eolas cúlra maidir le cuótaí carbóin. |
|
(4) |
Maidir le haidhm an tionscnaimh, a mhéid a dhírítear léi i dtreo sásra cuótaí carbóin a chruthú i ngach Ballstát lena spreagfar gnólachtaí chun dícharbónú a dhéanamh trí éileamh tomhaltóirí, d’fhéadfadh an Coimisiún togra le haghaidh gníomh dlí a ghlacadh ar bhonn Airteagail 191 go 193 CFAE. |
|
(5) |
Ar an gcúis sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme. |
|
(6) |
Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha ba ghá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha. |
|
(7) |
Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa d’eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(8) |
Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘Air-Quotas’ a chlárú. |
|
(10) |
An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní thugann sí le tuiscint go ndeimhníonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil inneachar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é an grúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh, agus é sin amháin, atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann inneachar an tionscnaimh in iúl ach tuairimí an ghrúpa d’eagraithe, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Air-Quotas’.
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo dírithe chuig an ngrúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Air-Quotas’, grúpa a bhfuil Armel PRIEUR agus Valérie COHEN ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Věra JOUROVÁ
Leas-Uachtarán
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1823/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)