European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1799

10.7.2024

TREOIR (AE) 2024/1799 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is cuspóir do Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí á bhaint amach an tráth céanna chomh maith le ciorclaíocht mhéadaithe laistigh den gheilleagar. I gcomhthéacs an aistrithe ghlais, is é an cuspóir atá leis an Treoir seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus tomhaltas níos inbhuanaithe á chur chun cinn an tráth céanna agus, ar an gcaoi sin, comhlánaítear léi an cuspóir a shaothraítear le Treoir (AE) 2019/771.

(2)

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus go háirithe chun soláthar trasteorann seirbhísí agus iomaíocht i measc deisitheoirí earraí arna gceannach ag tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach a éascú, is gá rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos lena gcuirtear chun cinn deisiú earraí arna gceannach ag tomhaltóirí laistigh de dhliteanas an díoltóra a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771 agus lasmuigh de. Tá rialacha tugtha isteach ag na Ballstáit cheana féin, nó tá siad ag smaoineamh ar rialacha a thabhairt isteach, lena gcuirtear chun cinn deisiú agus athúsáid earraí arna gceannach ag tomhaltóirí lasmuigh de dhliteanas reatha an díoltóra a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771. Mar gheall ar rialacha náisiúnta sainordaitheacha éagsúla sa réimse seo tá bacainní iarbhír nó féideartha ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, rud a dhéanann difear diúltach d’idirbhearta trasteorann na n-oibreoirí eacnamaíocha atá ag gníomhú ar an margadh sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar na hoibreoirí sin a gcuid seirbhísí a oiriúnú chun na rialacha náisiúnta sainordaitheacha éagsúla a chomhlíonadh agus go mbeadh costais bhreise idirbheart le híoc acu chun an chomhairle dlí is gá a fháil maidir le ceanglais dhlí an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir, a bhfuil fheidhme acu de bhun Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go mbeadh orthu a gconarthaí maidir le soláthar seirbhísí deisiúcháin a oiriúnú dá réir. Beidh tionchar aige sin, go háirithe, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, arb iad na cineálacha gnólachtaí is mó atá in earnáil an deisiúcháin. D’fhéadfadh ilroinnt dhlíthiúil difear diúltach a dhéanamh freisin do mhuinín tomhaltóirí i ndeisiúchán trasteorann mar gheall ar éiginnteachtaí maidir le tosca atá tábhachtach don chinneadh earraí a dheisiú.

(3)

Chun laghdú a dhéanamh ar dhiúscairt roimh am na n-earraí inmharthana arna gceannach ag tomhaltóirí agus chun tomhaltóirí a spreagadh úsáid níos faide a bhaint as a gcuid earraí, is gá na forálacha maidir le deisiú earraí a neartú, trínar féidir le tomhaltóirí deisiú atá inacmhainne a lorg óna rogha soláthraí seirbhísí deisiúcháin. Ba cheart tomhaltas inbhuanaithe a bheith mar thoradh ar dheisiú, ós rud é gur dócha gur lú an méid dramhaíola a bheidh ann de dheasca earraí a dhiúscairt, gur lú éileamh ar acmhainní, lena n-áirítear fuinneamh, mar thoradh ar an bpróiseas lena ndéantar earraí nua a mhonarú agus a dhíol le cur in ionad earraí lochtacha, agus gur lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Leis an Treoir seo, cuirtear tomhaltas inbhuanaithe chun cinn d’fhonn sochair a bhaint amach don chomhshaol, trí shaolré earraí a chur chun cinn lena n-áirítear athúsáid, deisiú agus athchóiriú, agus sochair á soláthar léi freisin do thomhaltóirí trí chostais a bhaineann le ceannacháin nua a sheachaint sa ghearrthéarma.

(4)

Tá réimse leathan gnéithe i gceist le hiompraíocht tomhaltóirí. Agus rogha á déanamh idir earra a dheisiú nó earra nua a cheannach, bíonn ról tábhachtach ag critéir ar an gcinneadh amhail áisiúlacht eacnamaíoch, marthanacht, infhaighteacht agus gaireacht seirbhíse deisiúcháin, agus an t-am a theastaíonn chun deisiúchán a dhéanamh. D’fhéadfadh bacainní éagsúla cosc a chur ar thomhaltóirí deisiú a roghnú. Is é is aidhm don Treoir seo aghaidh a thabhairt ar chuid de na bacainní sin.

(5)

Le Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagtar síos, go háirithe, ceanglais ó thaobh an tsoláthair de lena saothraítear an cuspóir maidir le dearadh táirgí níos inbhuanaithe ag céim an táirgthe. Le Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), leagtar síos ceanglais atá dírithe ar an éileamh lena n-áirithítear go soláthrófar faisnéis níos fearr maidir le marthanacht agus indeisitheacht earraí ag an díolphointe, rud a chuirfeadh ar a gcumas do thomhaltóirí cinntí ceannaigh inbhuanaithe a dhéanamh ar bhonn eolas maith. Tá sé d’aidhm ag an Treoir seo na ceanglais sin ó thaobh an tsoláthair agus an éilimh de a chomhlánú, trí dheisiú agus athúsáid a chur chun cinn sa chéim iardhíola lasmuigh de dhliteanas an díoltóra. Ina theannta sin, ba cheart Treoir (AE) 2019/771 a leasú chun deisiú a chur chun cinn laistigh de dhliteanas an díoltóra. Dá bhrí sin, saothraítear leis an Treoir seo na cuspóirí, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, maidir le tomhaltas níos inbhuanaithe, geilleagar ciorclach agus an t-aistriú glas a chur chun cinn.

(6)

Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shaoirse na mBallstát rialáil a dhéanamh ar ghnéithe de chonarthaí le haghaidh soláthar seirbhísí deisiúcháin seachas na cinn a chomhchuibhítear le dlí an Aontais. Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shaoirse na mBallstát gnéithe de dhlí ginearálta na gconarthaí a rialáil ach oiread, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha, a mhéid nach rialáiltear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí a fháil. Ba cheart nár dhochar an Treoir seo do Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), go háirithe i gcás aisghairm táirge ar mhaithe le sábháilteacht.

(7)

I gcás ina bhfuil sé comhréireach leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo agus le dlí eile an Aontais is infheidhme, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann i gcónaí forálacha a choinneáil nó a thabhairt isteach maidir le gnéithe eile de dheisiú earraí a chur chun cinn, ar forálacha iad a d’fhéadfadh na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlánú, mar shampla maidir le ráthaíochtaí tráchtála, ionaid seirbhísí deisiúcháin a bheith ann nó dreasachtaí airgeadais le haghaidh deisiúcháin.

(8)

Chun leas iomlán a bhaint as tairbhí na Treorach seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le gach earra. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha a bhaineann leis na hoibleagáidí maidir le deisiú agus faisnéis a thabhairt mar a shonraítear sa Treoir seo ach amháin i ndáil le hearraí dá bhforáiltear ceanglais indeisitheachta le gníomhartha dlí an Aontais.

(9)

Ba cheart a chuimsiú le ceanglais indeisitheachta na ceanglais uile faoi ghníomhartha dlí an Aontais lena n-áirithítear gur féidir earraí a dheisiú, lena n-áirítear ceanglais faoin gcreat éicidhearthóireachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1781, ach gan a bheith teoranta dóibh, chun raon leathan earraí a chumhdach chomh maith le forbairtí a dhéanfar amach anseo in aon réimse eile de dhlí an Aontais.

(10)

Tá deisitheoirí le faisnéis bhunriachtanach a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir lena seirbhísí deisiúcháin. Chun saor-rogha an tomhaltóra a éascú maidir le cinneadh a dhéanamh cé a dhéanfaidh earraí a dheisiú agus chun cuidiú le seirbhísí deisiúcháin oiriúnacha a shainaithint agus a roghnú, ba cheart deisitheoirí a bheith in ann an Fhoirm chaighdeánaithe Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid ar bhonn deonach. Ba cheart a bheith san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán na príomhpharaiméadair a mbíonn tionchar acu ar chinntí na dtomhaltóirí maidir le deisiú, amhail cineál an lochta, an praghas agus an tréimhse ama ar laistigh di a gheallann an deisitheoir an deisiú a chríochnú. Má thairgeann an deisitheoir seirbhísí breise amhail iompar, ba cheart costais aonair na seirbhísí sin a léiriú. Ba cheart faisnéis san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach soiléir sothuigthe agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Leis an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán, d’fhéadfaí tomhaltóirí a chumasú chun measúnú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin, agus iad a chur i gcomparáid le chéile go héasca lena n-áirítear tairiscintí malartacha deisiúcháin, agus d’fhéadfaí soláthar faisnéise maidir le seirbhísí deisiúcháin a éascú, go háirithe do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Bheadh deimhneacht dhlíthiúil níos fearr ag deisitheoirí agus an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán á húsáid agus á líonadh isteach acu i gceart, ós rud é go measfaí a n-oibleagáidí dlíthiúla a bheith á gcomhlíonadh acu, go háirithe maidir le faisnéis réamhchonarthach áirithe a chur ar fáil de bhun Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Le leagan amach caighdeánaithe na príomhfhaisnéise tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán, chuirfí feabhas ar an tsoiléireacht agus ar an trédhearcacht, agus ar an gcaoi sin rannchuideofaí le go mbeadh muinín níos fearr ag tomhaltóirí as seirbhísí deisiúcháin.

(11)

Má chuireann an deisitheoir an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán ar fáil, ba cheart dó an fhoirm a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, ar cheart í a bheith ag freagairt don tréimhse ama is giorra is féidir tar éis na hiarrata agus sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag conradh maidir le soláthar seirbhísí deisiúcháin. I gcás nach gcuirtear aon Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán ar fáil, ba cheart freisin an tomhaltóir a bheith in ann conradh a thabhairt i gcrích chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar le deisitheoir de bhun faisnéis réamhchonarthach arna soláthar ar mhodh eile i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE.

(12)

Ba cheart an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a chur ar fáil saor in aisce. Mar sin féin, bíonn cásanna ann inar gá do dheisitheoir seirbhís dhiagnóiseach a dhéanamh, i.e. iniúchadh a dhéanamh ar na hearraí chun cineál an lochta nó an deisiúcháin a shainaithint. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an deisitheoir a bheith in ann iarraidh ar an tomhaltóir na costais riachtanacha a thabhaíonn sé a íoc, lena n-áirítear costais saothair nó iompair. I gcomhréir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach agus le ceanglais eile a leagtar amach i dTreoir 2011/83/AE, ba cheart don deisitheoir an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na costais sin sula n-iarrfaidh an tomhaltóir seirbhís dhiagnóiseach agus sula soláthraítear an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán. Ba cheart na tomhaltóirí a bheith in ann staonadh ón tseirbhís dhiagnóiseach a iarraidh i gcás ina measann siad go bhfuil na costais a bhaineann leis an tseirbhís dhiagnóiseach a fháil ró-ard. Má roghnaíonn an tomhaltóir a shocrú go ndéanfaí an t-earra a dheisiú, ba cheart an deisitheoir a bheith in ann na costais sin a asbhaint ó phraghas an deisiúcháin. Ní dochar an méid sin do rialacha na mBallstát maidir le hasbhaint éigeantach na gcostas sin. D’fhéadfaí an asbhaint a chur in iúl tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán.

(13)

Níor cheart do dheisitheoirí na coinníollacha deisiúcháin a chuireann siad ar fáil san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a athrú, lena n-áirítear an praghas le haghaidh deisiúcháin, ar feadh 30 lá féilire ar a laghad. Mar sin féin, ba cheart an deisitheoir agus an tomhaltóir a bheith in ann teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse níos faide. D’áiritheofaí leis an méid sin go dtabharfaí dóthain ama do thomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir tairiscintí deisiúcháin éagsúla. Má thugtar conradh chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar i gcrích bunaithe ar an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán, ba cheart an fhaisnéis faoi choinníollacha deisiúcháin agus praghais atá san fhoirm sin a bheith ina dlúthchuid den chonradh chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar agus, ar an gcaoi sin, oibleagáidí an deisitheora faoin gconradh sin a shainiú. Tá neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha sin faoi rialú an dlí náisiúnta is infheidhme.

(14)

Má chinneann deisitheoir an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a chur ar fáil agus má ghlacann an tomhaltóir leis na coinníollacha dá bhforáiltear inti, ba cheart é a bheidh d’oibleagáid ar an deisitheoir an t-earra a dheisiú. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le leigheasanna comhréireacha agus éifeachtacha do thomhaltóirí i gcás nach ndéanann an deisitheoir an tseirbhís deisiúcháin tar éis don tomhaltóir glacadh leis an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán. D’fhéadfaí aisíocaíocht an chostais a íocadh as an tseirbhís dhiagnóiseach a áireamh ar leigheasanna den sórt sin.

(15)

Le Treoir (AE) 2019/771, forchuirtear oibleagáid ar dhíoltóirí earraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta a bhí ann an tráth a seachadadh na hearraí agus a thagann chun solais laistigh den tréimhse dhliteanais. I gcásanna nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid sin, déantar líon mór earraí atá lochtach, ach atá inmharthana ar shlí eile, a dhiúscairt roimh am. Chun tomhaltóirí a spreagadh chun a shocrú go ndéanfaí earraí a dheisiú sna cásanna sin, ba cheart, leis an Treoir seo, oibleagáid a fhorchur ar mhonaróirí earraí a dheisiú arna iarraidh sin don tomhaltóir, ar earraí iad a bhfuil feidhm ag na ceanglais indeisitheachta a fhorchuirtear le gníomhartha dlí an Aontais ina leith, ós rud é gurb iad monaróirí seolaithe na gceanglas indeisitheachta sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le monaróirí atá bunaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon i ndáil le hearraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Thairis sin, níor cheart, leis an Treoir seo, saoirse eacnamaíoch rogha na monaróirí deireadh a chur le monarú earra a chur in amhras, gan dochar, i gcás inarb infheidhme, don oibleagáid maidir le páirteanna spártha agus uirlisí a sholáthar faoi dhlí an Aontais.

(16)

Ós rud é go gcumhdaíonn an oibleagáid maidir le deisiú a fhorchuirtear ar mhonaróirí faoin Treoir seo lochtanna nach é neamh-chomhréireacht na n-earraí le conradh díolacháin is cúis leo, ba cheart monaróirí a bheith in ann deisiúchán a sholáthar le haghaidh praghas a íocann an tomhaltóir, nó saor in aisce. Agus praghas á ghearradh acu, ba cheart monaróirí a spreagadh le samhlacha gnó inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear seirbhísí deisiúcháin a sholáthar. D’fhéadfaí a chur san áireamh sa phraghas sin, mar shampla, costais saothair, costais do pháirteanna spártha, costais chun an tsaoráid deisithe a oibriú agus gnáthchorrlach. Ba cheart an praghas a bheith réasúnta, rud a chiallaíonn gur cheart é a shocrú ar bhealach nach ndíspreagtar tomhaltóirí d’aon ghnó ó thairbhe a bhaint as oibleagáid an mhonaróra maidir le deisiú. Ba cheart an praghas ar dheisiú agus na coinníollacha deisiúcháin a chomhaontú i gconradh idir an tomhaltóir agus an monaróir agus ba cheart don tomhaltóir leanúint de bheith saor chun a chinneadh an bhfuil an praghas sin agus na coinníollacha sin inghlactha. Ba cheart leis an ngá atá le conradh den sórt sin agus an brú iomaíoch ó dheisitheoirí eile spreagadh a thabhairt do mhonaróirí ar a bhfuil oibleagáid maidir le deisiú chun an praghas a choinneáil inghlactha don tomhaltóir. D’fhéadfaí an deisiúchán a dhéanamh saor in aisce freisin i gcás ina gcumhdaítear an locht le ráthaíocht tráchtála, mar shampla, i ndáil le marthanacht ráthaithe earraí. Mar dhreasú do thomhaltóirí a shocrú go ndéanfaí a n-earraí a dheisiú lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil, ba cheart an monaróir a bheith in ann earra inchomparáide a thairiscint fad a bheidh an deisiú á dhéanamh, earra a mbeifear ag dréim lena thabhairt ar ais ach a bhfaighidh an tomhaltóir an t-earra deisithe ar ais.

(17)

Ba thairbheach dá bhféadfaí an deisiú a dhéanamh chomh gar agus is féidir don tomhaltóir chun costais seachadta agus astaíochtaí neamhriachtanacha a chosc. Ba cheart monaróirí agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaithe údaraithe, allmhaireoirí agus dáileoirí, a bheith in ann a n-oibleagáid maidir le deisiú a chomhlíonadh trí dheisiúchán a ligean ar fochonradh, mar shampla, mura bhfuil an bonneagar deisiúcháin acu nó más féidir le deisitheoir atá lonnaithe níos gaire don tomhaltóir an t-earra a dheisiú. Mar sin féin, ba cheart iad a bheith faoi dhliteanas fós i leith na hoibleagáide maidir le deisiú.

(18)

Faoi na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2024/1781 nó i mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ní mór do mhonaróirí rochtain a thabhairt ar pháirteanna spártha, ar fhaisnéis faoi dheisiú agus cothabháil agus ar aon uirlisí bogearraí, dochtearraí nó modhanna cúnta comhchosúla a bhaineann le deisiú. Áirithítear leis na ceanglais sin indéantacht theicniúil an deisithe, ní hamháin ag an monaróir, ach ag deisitheoirí eile freisin. Mar thoradh air sin, beidh rochtain ag na deisitheoirí agus, i gcás inarb infheidhme, ag tomhaltóirí ar pháirteanna spártha agus ar fhaisnéis agus uirlisí a bhaineann le deisiú i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais agus beidh rogha níos leithne de dheisitheoirí ag tomhaltóirí nó, i gcás inarb infheidhme, beidh an deis acu féin earraí a dheisiú. Ba cheart páirteanna spártha a chur ar fáil ar feadh na tréimhse a leagtar amach i ngníomhartha dlí an Aontais ar a laghad. Monaróirí a chuireann páirteanna spártha agus uirlisí ar fáil d’earraí a chumhdaítear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, bíodh sin mar gheall ar oibleagáidí dlíthiúla comhfhreagracha faoi dhlí an Aontais nó as a stuaim féin, ba cheart dóibh praghas réasúnta a ghearradh nach ndíspreagann rochtain ar na páirteanna spártha agus na huirlisí sin, rud a choisceann deisiú. Chun na bearta sin a chomhlánú, níor cheart do mhonaróirí úsáid a bhaint as aon chlásail chonarthacha, teicnící crua-earraí nó bogearraí a chuireann bac ar dheisiú earraí a bhfuil ceanglais indeisitheachta ann ina leith a leagtar amach i ngníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo ach amháin má tá údar maith leo de bharr tosca dlisteanacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear chun cosc nó srian a chur ar úsáid neamhúdaraithe saothar agus ábhar eile atá cosanta le cearta maoine intleachtúla faoi ghníomhartha dlí an Aontais agus faoi ghníomhartha dlí náisiúnta, go háirithe Treoracha 2001/29/CE (12), 2004/48/CE (13) agus (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Dá bhrí sin, ba cheart go spreagfadh sé sin iomaíocht agus go rachadh sé chun tairbhe do thomhaltóirí a bhfuil seirbhísí níos fearr agus praghsanna deisiúcháin níos ísle uathu.

(19)

D’fhéadfaí a mheas gur cleachtais tráchtála éagóracha iad faoi Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), i gcás inarb infheidhme, iad na cleachtais sin a dhéanann trádálaithe chun a chur ina luí ar thomhaltóirí nach féidir a n-earraí a dheisiú de dheasca deisiú nó iniúchadh a rinne deisitheoir neamhspleách, deisitheoir neamhghairmiúil nó úsáideoirí deiridh roimhe sin, nó de dheasca éilimh bhréagacha lena maítear go dtagann rioscaí sábháilteachta as deisiú nó iniúchadh den chineál sin, agus a mhíthreoraíonn tomhaltóirí ar an gcaoi sin.

(20)

Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid maidir le deisiú freisin i gcásanna ina bhfuil an monaróir bunaithe lasmuigh den Aontas. Chun a chur ar a gcumas do thomhaltóirí dul i muinín oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déantar foráil sa Treoir seo maidir le seicheamh oibreoirí eacnamaíocha malartacha ar gá dóibh oibleagáid an mhonaróra maidir le deisiú a chomhlíonadh sna cásanna sin. Ba cheart dó sin cur ar chumas na monaróirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a n-oibleagáid maidir le deisiú a eagrú agus a chomhlíonadh laistigh den Aontas.

(21)

Ionas nach gcuirfear ró-ualach ar mhonaróirí agus chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a n-oibleagáid maidir le deisiú a chomhlíonadh, ba cheart an oibleagáid sin a theorannú do na hearraí sin dá bhforáiltear d’aon cheanglais indeisitheachta i ngníomhartha dlí an Aontais, agus a mhéid a fhoráiltear don mhéid sin. Ní chuireann ceanglais indeisitheachta oibleagáid ar mhonaróirí earraí lochtacha a dheisiú, ach a áirithiú go bhfuil earraí indeisithe. Samplaí de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais indeisitheachta is ea gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2024/1781 nó bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE, lena gcruthaítear creat chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, nó gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais mar atá Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ba cheart, leis teorannú sin ar an oibleagáid maidir le deisiú, a áirithiú nach mbeidh ach na hearraí sin atá indeisithe trí dhearadh faoi réir na hoibleagáide sin. Áirítear ar na ceanglais indeisitheachta ábhartha ceanglais deartha lena bhfeabhsaítear an cumas na hearraí a dhíchóimeáil agus raon páirteanna spártha atá le cur ar fáil ar feadh íostréimhse. Ba cheart an oibleagáid maidir le deisiú a bheith comhfhreagrach le raon feidhme na gceanglas indeisitheachta, mar shampla, d’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag ceanglais éicidhearthóireachta ach amháin maidir le comhpháirteanna áirithe de na hearraí nó d’fhéadfaí tréimhse shonrach ama a leagan síos chun páirteanna spártha a chur ar fáil. An oibleagáid sin maidir le deisiú faoin Treoir seo, trínar féidir leis an tomhaltóir a éileamh go díreach ar an monaróir earra a dheisiú le linn na céime iardhíola, ba cheart di na ceanglais indeisitheachta a bhaineann le taobh an tsoláthair a leagtar síos mar shampla i Rialachán (AE) 2024/1781 a chomhlánú agus, ar an gcaoi sin, tomhaltóirí a spreagadh chun deisiú a éileamh.

(22)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart leis an Treoir seo, in Iarscríbhinn II a ghabhann léi, gníomhartha dlí an Aontais ina bhfuil ceanglais indeisitheachta le haghaidh catagóirí ábhartha earraí a liostú. Chun comhleanúnachas a áirithiú le forbairtí rialála amach anseo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith gníomhartha dlí de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn II nuair a ghlactar ceanglais nua indeisitheachta. Ba cheart don Choimisiún na gníomhartha dlí sin a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí 12 mhí tar éis a bhfoilsithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (17). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(23)

Cé go bhforchuirtear leis an Treoir seo an oibleagáid maidir le deisiú ar an monaróir, éascaítear léi freisin rogha seirbhísí deisiúcháin do thomhaltóirí ó dheisitheoirí eile. Is leis an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a éascófar an rogha sin, foirm a sholáthróidh ní hamháin an monaróir ach deisitheoirí eile mar atá an díoltóir nó deisitheoirí neamhspleácha, ar soláthar deonach é, nó a gheofar trí chuardach a dhéanamh tríd an ardán deisiúcháin ar líne. Ós rud é go mbeidh ar thomhaltóirí íoc as an deisiú, is dócha go gcuirfidh siad deiseanna deisiúcháin i gcomparáid le chéile chun na seirbhísí deisiúcháin is oiriúnaí dá gcuid riachtanas a roghnú. Dá bhrí sin, is dócha go rachaidh siad i dteagmháil le deisitheoirí neamhspleácha gar dóibh nó leis an díoltóir sula rachaidh siad i dteagmháil le monaróirí a d’fhéadfadh a bheith suite níos faide uathu, mar shampla, agus a bhféadfadh a bpraghas a bheith níos airde mar gheall ar chostais iompair.

(24)

I gcomhréir le Treoir (AE) 2019/771, ba cheart monaróir a dhíolmhú ón oibleagáid maidir le deisiúi gcás ina bhfuil sé dodhéanta an deisiú a dhéanamh go fíorasach nó go dlíthiúil. Dá bhrí sin, níor cheart don mhonaróir a bheith in ann deisiú a dhiúltú ar chúiseanna eacnamaíocha amháin, mar shampla costas na bpáirteanna spártha, nó ar an aon chúis amháin go ndearna deisitheoirí eile nó, i gcás inarb infheidhme, an tomhaltóir deisiú roimhe sin. Tá an critéar á úsáid cheana féin, is é sin an bhfuil an deisiú dodhéanta, sa dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Treoir (AE) 2019/771 nó Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a tháinig roimpi, agus tá sé á chur i bhfeidhm ag cúirteanna náisiúnta.

(25)

Chun feasacht na dtomhaltóirí a ardú maidir le deisiú a bheith ar fáil agus, ar an gcaoi sin, dóchúlacht an deisithe sin, ba cheart do mhonaróirí nó, i gcás inarb infheidhme, d’ionadaithe údaraithe, allmhaireoirí nó dáileoirí, tomhaltóirí a chur ar an eolas trí fhaisnéis a chur ar fáil faoina n-oibleagáid maidir le deisiú agus faoina seirbhísí deisiúcháin. Ba cheart an fhaisnéis a bheith ar fáil ar a laghad ar feadh thréimhse iomlán na hoibleagáide maidir le deisiú, a d’fhéadfaí a thuiscint a thosaíonn ón tráth a chuirfear earra ar an margadh go dtí go rachaidh na ceanglais indeisitheachta in éag. Ba cheart na hearraí a chumhdaítear leis an oibleagáid sin a lua san fhaisnéis, mar aon le míniú go gcuirtear deisiú ar fáil do na hearraí sin agus a mhéid a chuirtear deisiú ar fáil dóibh, mar shampla trí fhochonraitheoirí. Ba cheart rochtain éasca a bheith ag an tomhaltóir ar an bhfaisnéis sin agus í a bheith curtha ar fáil ar bhealach soiléir sothuigthe, gan gá don tomhaltóir í a iarraidh, agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag an monaróir na modhanna trína gcuireann sé an tomhaltóir ar an eolas a chinneadh, amhail trí shuíomh gréasáin ar bhealach infheicthe feiceálach, tríd an bPas Táirge Digiteach nó ag an díolphointe, mar shampla i gcás inarb é an monaróir an díoltóir.

(26)

Chun deisiú a spreagadh, ba cheart don Choimisiún ardán Eorpach deisiúcháin ar líne a chur ar bun (‘an t-ardán Eorpach ar líne’). Ba cheart an t-ardán Eorpach ar líne a bheith comhdhéanta de ranna náisiúnta atá bunaithe ar chomhéadan coiteann ar líne agus naisc chuig ardáin náisiúnta deisiúcháin ar líne (‘na hardáin náisiúnta ar líne’) a chomhlíonann na critéir a leagtar amach sa Treoir seo. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún comhéadan coiteann ar líne a fhorbairt don ardán Eorpach ar líne. Ba cheart don Choimisiún a bheith freagrach freisin as cothabháil TF an chomhéadain choitinn ar líne a áirithiú agus as freagra a thabhairt ar fhiosruithe teicniúla nó ar cheisteanna eile ó úsáideoirí maidir leis an ardán Eorpach ar líne a bheith ag feidhmiú go mícheart. Ba cheart an t-ardán Eorpach ar líne a bheith inrochtana saor in aisce do thomhaltóirí. Ba cheart dó freisin a bheith in ann fónamh, i gcás inarb infheidhme, do dhíoltóirí earraí athchóirithe, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó ionstraimí margadhbhunaithe comhlántacha, amhail tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail. Ba cheart do na Ballstáit an comhéadan coiteann ar líne a úsáid chun a ranna náisiúnta a chruthú ar an ardán Eorpach ar líne nó ardáin náisiúnta ar líne a chomhlíonann na critéir a leagtar amach sa Treoir seo a bhunú nó a choinneáil ar bun i gcás inarb infheidhme. Nuair a bhaineann na Ballstáit úsáid as an ardán Eorpach ar líne, ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit conas na ranna náisiúnta a phoibliú, mar shampla trí fhéinchlárú, trí bhulcshonraí a allmhairiú ó bhunachair sonraí atá ann cheana le toiliú na ndeisitheoirí nó trí chlárú a chur faoi réir formheas roimh ré. I gcás ina measfadh na Ballstáit gur gá sin, ba cheart dóibh a bheith in ann coinníollacha a leagan amach chun rochtain a fháil ar na ranna náisiúnta, mar shampla trí chritéir a chomhlíonadh maidir le cáilíochtaí gairmiúla nó a léiriú go gcomhlíontar na caighdeáin cháilíochta deisiúcháin dheonacha Eorpacha nó náisiúnta is infheidhme. Ba cheart na coinníollacha sin a bheith neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit arb é a rogha coinníollacha rochtana a shocrú ina ranna náisiúnta 6 mhí bhreise a bheith acu chun a roinn náisiúnta a dhéanamh oibríochtúil.

(27)

Tá acmhainní infheistithe ag roinnt Ballstát nó gnólachtaí chun ardáin náisiúnta ar líne a fhorbairt chun deisiú a chur chun cinn. Ionas nach gcruthófar ualach riaracháin iomarcach agus chun solúbthacht iomchuí a chur ar fáil, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit freisin ardán náisiúnta ar líne atá ann cheana agus a chomhlíonann ceanglais na Treorach seo a choinneáil ar bun. I gcás ina gcoinneoidh nó ina mbunóidh Ballstát ardán náisiúnta ar líne, níor cheart é a bheith d’oibleagáid air roinn náisiúnta a bhunú ar an ardán Eorpach ar líne ná pointí teagmhála náisiúnta a ainmniú. Ba cheart do na Ballstáit rogha a dhéanamh idir roinn náisiúnta a bhunú ar an ardán Eorpach ar líne nó ardán náisiúnta ar líne a bhunú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin faoin 31 Iúil 2026. Beidh rochtain ar na hardáin náisiúnta ar líne sin trí nasc ón ardán Eorpach ar líne má tá siad oibríochtúil ar a dhéanaí an 31 Iúil 2027. D’fhéadfaí gur ardáin phríobháideacha, ardáin phoiblí nó ardáin comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí iad na hardáin sin.

(28)

Ba cheart uirlisí soláimhsithe chun deisitheoirí a chuardach de réir Ballstáit a áireamh ar an ardán Eorpach ar líne. Chabhródh sé sin le tomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar fhiúntas soláthraithe seirbhísí deisiúcháin éagsúla agus comparáid a dhéanamh eatarthu agus, ar an gcaoi sin, iad a mhealladh chun deisiú a roghnú. Cé gur aidhm don ardán Eorpach ar líne cuardach a éascú ar sheirbhísí deisiúcháin i gcaidrimh gnólacht le tomhaltóir, chun tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann raon feidhme a roinne náisiúnta ar an ardán Eorpach ar líne a leathnú chun go gcuirfear san áireamh leo díoltóirí earraí athchóirithe, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail, mar shampla caiféanna deisiúcháin.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit ionadaí a ainmniú le bheith páirteach i ngrúpa saineolaithe arna bhunú ag an gCoimisiún chun comhairle a thabhairt maidir le dearadh agus feidhmiú an ardáin Eorpaigh ar líne, chun comhordú idir an Coimisiún agus na Ballstáit a éascú.

(30)

Ba cheart do na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta a ainmniú freisin a bheidh freagrach as cúraimí a bhaineann le bainistiú a roinne náisiúnta. Ba cheart do phointí teagmhála náisiúnta arna n-ainmniú ag na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, faireachas a dhéanamh ar na sonraí atá sa roinn náisiúnta darb aidhm faisnéis neamhbhailí a bhrath, a shainaithint agus a bhaint i gcomhréir le dlí an Aontais.

(31)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh rochtain éasca agus saor in aisce ag tomhaltóirí ar an ardán Eorpach ar líne. Ba cheart don ardán Eorpach ar líne ligean do thomhaltóirí seirbhísí deisiúcháin oiriúnacha a aimsiú dá n-earraí lochtacha agus, i gcás inarb infheidhme, díoltóirí earraí athchóirithe, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail mar shampla caiféanna deisiúcháin a aimsiú. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann feidhmeanna cuardaigh a úsáid chun scagadh a dhéanamh de réir gnéithe éagsúla mar shampla catagóirí earraí, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha, táscairí cáilíochta agus aon choinníoll deisiúcháin, lena n-áirítear suíomh an deisitheora agus an fhéidearthacht seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann. Ba cheart an t-ardán Eorpach ar líne a bheith inrochtana freisin do thomhaltóirí leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le hinrochtaineacht.

(32)

D’fhéadfadh an fheidhm chuardaigh atá bunaithe ar earraí tagairt a dhéanamh don chineál earra nó don bhranda earra. Ós rud é nach féidir le deisitheoirí a bheith ar an eolas faoin locht sonrach sula ndéantar iarraidh ar dheisiú, ba cheart é a bheith leordhóthanach go ndéanann siad a sholáthar ar an ardán Eorpach ar líne faisnéis chineálach maidir le príomhghnéithe dá seirbhísí deisiúcháin chun a chur ar a gcumas do thomhaltóirí cinneadh a dhéanamh maidir leis an earra atá i gceist a dheisiú, go háirithe an meán-am chun deisiúchán a dhéanamh, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha, an áit ina dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh lena ndeisiú agus infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha. Ba cheart deisitheoirí agus, i gcás inarb infheidhme, díoltóirí earraí athchóirithe, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail mar shampla caiféanna deisiúcháin, a spreagadh chun a bhfaisnéis ar an ardán Eorpach ar líne a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Chun muinín a chothú i measc tomhaltóirí as na seirbhísí deisiúcháin atá ar fáil ar an ardán Eorpach ar líne, ba cheart deisitheoirí a bheith in ann a léiriú go gcloíonn siad le caighdeáin áirithe deisiúcháin.

(33)

Chun an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a éascú, ba cheart an deis a bheith ag tomhaltóirí ar an ardán Eorpach ar líne an fhoirm sin a iarraidh go díreach ón deisitheoir tríd an ardán Eorpach ar líne, i gcás ina gcuireann an deisitheoir an fhoirm sin ar fáil go deonach.

(34)

Chun feasacht na dtomhaltóirí ar an ardán Eorpach ar líne a ardú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tabhairt faoi chéimeanna iomchuí, mar shampla fógraíocht a dhéanamh ar an ardán Eorpach ar líne ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta gaolmhara nó feachtais chumarsáide a dhéanamh.

(35)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a ndlíthe náisiúnta, lena n-áirítear nuair a thrasuíonn siad an Treoir seo, i gcomhréir go hiomlán leis an tsaoirse bhunúsach chun seirbhísí a sholáthar agus leis an tsaoirse bunaíochta mar a chumhdaítear sna Conarthaí. Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do Threoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

(36)

Ba cheart do na Ballstáit beart amháin ar a laghad a dhéanamh chun deisiú a chur chun cinn. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith de chineál airgeadais nó de chineál neamhairgeadais. D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta de chineál neamhairgeadais feachtais faisnéise, tacaíocht do thionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail trí mhodhanna díreacha mar shampla spás a chur ar fáil do shaotharlanna deisiúcháin nó d’áiteanna cruinnithe, cuir i gcás in ionaid phobail nó chultúrtha. D’fhéadfadh bearta de chineál airgeadais a bheith i bhfoirmeacha éagsúla mar shampla dearbháin deisiúcháin, cistí deisiúcháin, tacú le hardáin áitiúla nó réigiúnacha ar líne le haghaidh deisiú nó iad a chruthú, clár oiliúna a eagrú nó a mhaoiniú chun scileanna speisialta a shealbhú i ndáil le deisiú, nó bearta cánachais. I gcomhthéacs bearta cánachais, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (20), féadfaidh na Ballstáit a roghnú, de réir mar is iomchuí, foráil a dhéanamh maidir le ráta laghdaithe cánach breisluacha i ndáil le soláthar seirbhísí deisiúcháin d’fhearais tí, bróga agus earraí leathair, éadaí agus línéadach tí, lena n-áirítear deisiú agus athrú. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh an Coimisiún breathnú ar thogra a thabhairt isteach, más iomchuí, chun Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin a leasú. D’fhéadfaí na bearta sin a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi cheann amháin nó níos mó de na bearta a dhéantar chun deisiú a chur chun cinn, chun malartú dea-chleachtas a éascú. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis maidir leis na bearta sin a chur ar fáil don phobal.

(37)

Ní mór do na Ballstáit pionóis a leagan síos i gcás ina sárófar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus a áirithiú go bhforfheidhmeofar iad. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(38)

Ba cheart don Choimisiún an fhorbairt ar chaighdeán deonach cáilíochta Eorpach a chumasú le haghaidh seirbhísí deisiúcháin, mar shampla trí chomhar deonach maidir le caighdeán idir gnólachtaí, údaráis phoiblí agus geallsealbhóirí eile a spreagadh agus a éascú, mar shampla deisitheoirí neamhspleácha agus tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail, nó trí iarraidh ar chaighdeánú a eisiúint do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. D’fhéadfadh caighdeán cáilíochta Eorpach le haghaidh seirbhísí deisiúcháin cur le muinín tomhaltóirí as seirbhísí deisiúcháin ar fud an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh ar an gcaighdeán sin gnéithe a mbíonn tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí maidir le deisiúchán, amhail an t-am chun deisiúchán a dhéanamh, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha, dearbhuithe cáilíochta lena n-áirítear ráthaíocht tráchtála maidir le deisiúchán, agus infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha, ina measc baint, suiteáil agus iompar arna dtairiscint ag deisitheoirí.

(39)

Tá na forálacha maidir le forfheidhmiú a leagtar amach sa Treoir seo gan dochar do Threoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(40)

Chun tomhaltóirí a dhreasú chun deisiú a roghnú chun earraí a thabhairt chun comhréireachta laistigh de dhliteanas an díoltóra agus, dá bhrí sin, chun deisiú a chur chun cinn, i gcás ina roghnóidh an tomhaltóir deisiú mar an leigheas chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, ba cheart Treoir (AE) 2019/771 a leasú chun síneadh 12 mhí a chur leis an tréimhse dhliteanais, ar cheart í a chur leis an tréimhse dhliteanais atá fágtha ag an earra. Ba cheart feidhm a bheith ag an síneadh sin aon uair amháin. Mar sin féin, d’fhéadfadh na Ballstáit deisiú a dhreasú a thuilleadh trí fhoráil a dhéanamh maidir le síntí breise ar dhliteanas an díoltóra má dhéantar an deisiú arís. D’fhéadfadh na Ballstáit rialacha a thabhairt isteach nó a choinneáil chun dliteanas an díoltóra a shíneadh i gcás deisiú ar feadh tréimhsí níos faide ná 12 mhí. I gcomhréir le Treoir (AE) 2019/771, i gcás ina bhfuil feidhm ag síneadh na tréimhse dliteanais, ba cheart an díoltóir a bheith faoi dhliteanas i leith aon easpa comhréireachta a bhí ann an tráth a seachadadh na hearraí agus a thiocfaidh chun solais laistigh den tréimhse dhliteanais atá fágtha ag an earra, ar tréimhse í lena n-áirítear an síneadh. Ba cheart síneadh na tréimhse dliteanais a bheith gan dochar do chearta tomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/771. Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do na Ballstáit a bheith ag tabhairt isteach nó ag coinneáil ar bun forálacha nach bhforáiltear do shíneadh níos faide a chur leis an tréimhse dhliteanais leo ach i gcás codanna deisithe amháin i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/771. Agus an tsolúbthacht dá bhforáiltear le Treoir (AE) 2019/771 á cur san áireamh, na Ballstáit nach bhforálann do theorainneacha ama socraithe le haghaidh dhliteanas an díoltóra nó nach bhforálann ach do thréimhse theorann le haghaidh na leigheasanna, ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh dliteanas an díoltóra nó an tréimhse theorann le haghaidh leigheasanna i gcás deisiú coibhéiseach le 2 bhliain agus 12 mhí ar a laghad, a bheidh comhfhreagrach le híostréimhse dhliteanais an díoltóra a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/771 agus leis an síneadh íosta ar an tréimhse sin i gcás deisiú. Dá gcuirfí síneadh leis an tréimhse dhliteanais, spreagfaí tomhaltas inbhuanaithe agus chuirfí leis an ngeilleagar ciorclach.

(41)

Chun deisiú a chur chun cinn laistigh de dhliteanas an díoltóra, ar mhaithe le tomhaltóirí agus chun an comhshaol a chosaint, ba cheart Treoir (AE) 2019/771 a leasú a thuilleadh chun oibleagáid nua a thabhairt isteach an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin gceart rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar, chomh maith le síneadh a chur leis an tréimhse dhliteanais má roghnaíonn an tomhaltóir sin deisiú agus, ar an gcaoi sin, feasacht a mhúscailt ar roghanna malartacha agus ar an mbuntáiste a bhaineann le deisiú a roghnú. Spreagfadh an ceanglas faisnéise sin tomhaltas inbhuanaithe agus chuirfeadh sé le geilleagar ciorclach.

(42)

Chun tacú le tomhaltóirí agus dreasacht a thabhairt dóibh deisiú a dhéanamh, d’fhéadfadh an díoltóir, ag brath ar shainiúlachtaí na catagóire earraí ábhartha, earra athsholáthair a thabhairt ar iasacht don tomhaltóir, murar cuireadh an deisiú i gcrích laistigh de thréimhse réasúnta ama nó gan míchaoithiúlacht shuntasach. D’fhéadfadh an t-earra athsholáthair sin a bheith ina earra athchóirithe chomh maith. In aon chás, ba cheart an t-earra athsholáthair a thugtar ar iasacht go sealadach don tomhaltóir a bheith saor in aisce. Fós féin, ba cheart don díoltóir, ina theannta sin, tabhairt faoin deisiú laistigh de thréimhse réasúnta ama. Is féidir míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir a sheachaint trí earra a thabhairt ar iasacht fad a bheidh an deisiú á dhéanamh, ach ní údar maith é sin le tréimhse dheisiúcháin atá neamhréasúnach fada. Thairis sin, i gcás athsholáthair mar leigheas agus arna iarraidh sin don tomhaltóir, d’fhéadfadh an díoltóir earra athchóirithe a sholáthar don tomhaltóir.

(43)

Chun gur féidir na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo a fhorfheidhmiú trí bhíthin caingne ionadaíocha, is gá leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828. Maidir leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú ag a mBallstáit chun comhoibriú agus comhordú a dhéanamh le chéile agus leis an gCoimisiún chun comhlíonadh na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo a fhorfheidhmiú, is gá leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(44)

Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha iad féin a chur in oiriúint don Treoir seo, ba cheart forálacha idirthréimhseacha a thabhairt isteach maidir le cur i bhfeidhm roinnt Airteagal den Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag an leasú ar Threoir (AE) 2019/771 ach amháin maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích tar éis an 31 Iúil 2026 chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun dóthain ama a thabhairt do dhíoltóirí iad féin a chur in oiriúint do na leigheasanna leasaithe deisithe agus athsholáthair.

(45)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (23), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir na comhpháirteanna de threoir agus codanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(46)

Deisiú earraí arna gceannach ag tomhaltóirí a chur chun cinn, d’fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus foráil á déanamh d’ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do thomhaltóirí, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach. Maidir le rialacha náisiúnta sainordaitheacha atá ag teacht chun cinn lena gcuirtear tomhaltas inbhuanaithe chun cinn trí lochtanna lasmuigh de raon feidhme Threoir (AE) 2019/771 a dheisiú, is dócha go mbeidh siad éagsúil agus go mbeidh siad ina gcúis le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh. Ní fhéadfaidh na Ballstáit leasú a dhéanamh ar na rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán a bhaineann le lochtanna laistigh de dhliteanas an díoltóra a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/771. De bharr fhairsinge agus éifeachtaí chuspóir na Treorach seo, is fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais trí rialacha comhchoiteanna atá comhchuibhithe go hiomlán lena gcuirtear deisiúchán chun cinn laistigh de dhliteanas an díoltóra a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771 agus lasmuigh de. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(47)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta agus na saoirsí bunúsacha agus féachtar lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán Airteagail 16, 26, 37, 38 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) go háirithe. Rannchuidítear léi le feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 37 den Chairt trí thomhaltas inbhuanaithe earraí a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol de bharr earraí inmharthana a bheith á ndiúscairt roimh am a laghdú. Leis an Treoir seo, áirithítear go n-urramófar go hiomlán Airteagal 38 maidir le cosaint do thomhaltóirí trí fheabhas a chur ar chearta tomhaltóirí a bhaineann le lochtanna a thagann chun cinn nó a thagann chun solais lasmuigh de dhliteanas an díoltóra de bhun Threoir (AE) 2019/771. Áirithítear léi freisin go n-urramófar an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Chairt trí shaoirse chonarthach a choimirciú agus trí fhorbairt seirbhísí deisiúcháin sa mhargadh inmheánach a spreagadh. Leis an Treoir seo, rannchuidítear le daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú i gcomhréir le hAirteagal 26 den Chairt trí inrochtaineacht ar an ardán Eorpach ar líne a éascú do dhaoine faoi mhíchumas. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán Airteagal 47 den Chairt maidir leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil trí mhodhanna éifeachtacha forfheidhmithe,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar, cuspóir agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna lena neartaítear na forálacha a bhaineann le deisiú earraí, d’fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus foráil á déanamh an tráth céanna d’ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus don chomhshaol.

2.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le deisiú earraí arna gceannach ag tomhaltóirí i gcás lochta sna hearraí a thagann chun cinn nó a thagann chun solais lasmuigh de dhliteanas an díoltóra de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2019/771.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 5 agus 6 ach amháin maidir le hearraí dá ndéantar foráil i ngníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II d’aon cheanglais indeisitheachta, agus a mhéid a dhéantar foráil don mhéid sin.

4.   Ní dochar an Treoir seo do Threoir (AE) 2018/958.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tomhaltóir’ tomhaltóir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2019/771;

(2)

ciallaíonn ‘deisitheoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís deisiúcháin a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, lena n-áirítear monaróirí agus díoltóirí a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin agus soláthraithe seirbhísí deisiúcháin, bídís neamhspleách nó cleamhnaithe leis na monaróirí nó díoltóirí sin;

(3)

ciallaíonn ‘deisiú’‘deisiú’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(4)

ciallaíonn ‘díoltóir’‘díoltóir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir (AE) 2019/771;

(5)

ciallaíonn ‘monaróir’‘monaróir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (42), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(6)

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’‘ionadaí údaraithe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (43) de Rialachán (AE) 2024/1781;

(7)

ciallaíonn ‘allmhaireoir’‘allmhaireoir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (44), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(8)

ciallaíonn ‘dáileoir’‘dáileoir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (45), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(9)

ciallaíonn ‘earraí’‘earraí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2019/771, seachas uisce, gás agus leictreachas;

(10)

ciallaíonn ‘athchóiriú’‘athchóiriú’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(11)

ciallaíonn ‘ceanglais indeisitheachta’ ceanglais faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II lena gcumasaítear earra a dheisiú, lena n-áirítear ceanglais maidir le feabhas a chur ar a éascaíocht díchóimeála agus ceanglais maidir le rochtain ar pháirteanna spártha, agus faisnéis agus uirlisí a bhaineann le deisiúchán is infheidhme maidir le hearraí nó comhpháirteanna sonracha earraí;

(12)

ciallaíonn ‘meán marthanach’‘meán marthanach’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/771.

Airteagal 3

Leibhéal an chomhchuibhithe

Ní dhéanfaidh na Ballstáit forálacha nach bhfuil i gcomhréir leo sin a leagtar síos sa Treoir seo a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta.

Airteagal 4

An Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán

1.   Féadfaidh deisitheoirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sholáthar don tomhaltóir. Cuirfear an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán ar fáil ar mheán marthanach agus laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis na hiarrata agus sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag conradh ó thaobh seirbhísí deisiúcháin a sholáthar.

2.   Cuirfear an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán ar fáil saor in aisce.

3.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás inar gá seirbhís dhiagnóiseach, lena n-áirítear scrúdú fisiceach nó cianscrúdú, chun cineál an lochta nó an deisiúcháin a shainaithint agus chun praghas an deisiúcháin a mheas, féadfaidh an deisitheoir a iarraidh ar an tomhaltóir costais riachtanacha na seirbhíse sin a íoc.

Gan dochar do Threoir 2011/83/AE, cuirfidh an deisitheoir an tomhaltóir ar an eolas faoi chostais na seirbhíse diagnóisí.

4.   Sonrófar san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán na coinníollacha deisiúcháin seo a leanas ar bhealach atá soiléir agus sothuigthe:

(a)

céannacht an deisitheora;

(b)

an seoladh geografach ag a bhfuil an deisitheoir bunaithe chomh maith le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an deisitheora agus, má tá siad ar fáil, modhanna eile cumarsáide ar líne a chuireann ar a chumas don tomhaltóir dul i dteagmháil leis an deisitheoir, agus cumarsáid a dhéanamh leis, ar bhealach tapa éifeachtúil inrochtana;

(c)

an t-earra atá le deisiú;

(d)

cineál an lochta agus an deisiúcháin a mholtar;

(e)

an praghas nó, mura bhfuil sé réasúnach an praghas a ríomh roimh ré, an modh ina ríomhfar an praghas agus an t-uasphraghas le haghaidh an deisiúcháin;

(f)

an t-am a bheidh ag teastáil chun an deisiúchán a chur i gcrích;

(g)

infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha ar feadh thréimhse an deisithe agus na costais a bhaineann le hathsholáthar sealadach, más ann dóibh, don tomhaltóir;

(h)

an áit a dtugann an tomhaltóir an earra ar láimh chun iad a dheisiú;

(i)

i gcás inarb infheidhme, infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha, mar shampla baint, suiteáil agus iompar, a thairgeann an deisitheoir, agus costais mhionsonraithe na seirbhísí sin, más ann dóibh, ar an tomhaltóir;

(j)

tréimhse bhailíochta na Foirme Eorpaí um Fhaisnéis faoin Deisiúchán;

(k)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis bhreise.

5.   Ní athróidh an deisitheoir na coinníollacha deisiúcháin a shonraítear san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán ar feadh tréimhse 30 lá féilire ón dáta a soláthraíodh an fhoirm sin don tomhaltóir. Féadfaidh an deisitheoir agus an tomhaltóir teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse bhailíochta níos faide don Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán. I gcás ina nglacfaidh an tomhaltóir, laistigh den tréimhse bhailíochta, leis na coinníollacha a leagtar amach san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán, beidh sé d’oibleagáid ar an deisitheoir an tseirbhís deisiúcháin a dhéanamh faoi na coinníollacha sin.

6.   I gcás inar sholáthair an deisitheoir Foirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán atá iomlán agus cruinn don tomhaltóir, measfar gur chomhlíon sé na ceanglais seo a leanas:

(a)

ceanglais faisnéise maidir le príomhghnéithe na seirbhíse deisiúcháin a leagtar síos in Airteagal 5(1) pointe (a), agus in Airteagal 6(1), pointe (a) de Threoir 2011/83/AE agus in Airteagal 22(1), pointe (j) de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(b)

ceanglais faisnéise maidir le céannacht agus faisnéis teagmhála an deisitheora a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (b), agus Airteagal (6)(1), pointí (b) agus (c), de Threoir 2011/83/AE, Airteagal 22(1), pointe (a), de Threoir 2006/123/CE agus Airteagal 5(1), pointí (a), (b) agus (c) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

(c)

ceanglais faisnéise maidir leis an bpraghas a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (c), agus in Airteagal 6(1), pointe (e) de Threoir 2011/83/AE agus in Airteagal 22(1), pointe (i), agus (3), pointe (a), de Threoir 2006/123/CE;

(d)

ceanglais faisnéise maidir leis na socruithe le haghaidh na feidhmíochta agus an t-am chun an tseirbhís deisiúcháin a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (d), agus Airteagal 6(1), pointe (g), de Threoir 2011/83/AE.

Airteagal 5

Oibleagáid maidir le deisiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don tomhaltóir, go ndéanfaidh an monaróir earraí a dheisiú, ar earraí iad dá ndéantar foráil i ngníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II d’aon cheanglais indeisitheachta, agus a mhéid a fhoráiltear don mhéid sin. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an monaróir na hearraí sin a dheisiú i gcás nach féidir iad a dheisiú. Féadfaidh an monaróir deisiú a ligean ar fochonradh chun a oibleagáid maidir le deisiú a chomhlíonadh.

2.   Déanfar an deisiú de bhun mhír 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

déanfar é saor in aisce nó ar phraghas réasúnta;

(b)

déanfar é laistigh de thréimhse réasúnta ama ón uair a bheidh seilbh fhisiciúil ag an monaróir ar an earra, a bheidh an t-earra faighte aige nó a bheidh rochtain tugtha ag an tomhaltóir dó ar an earra;

(c)

féadfaidh an monaróir earra athsholáthair a thabhairt ar iasacht don tomhaltóir saor in aisce nó ar tháille réasúnta fad a bheidh an deisiú á dhéanamh; agus

(d)

i gcásanna nach féidir an deisiú a dhéanamh, féadfaidh an monaróir earra athchóirithe a thairiscint don tomhaltóir.

3.   I gcás ina bhfuil an monaróir a bhfuil oibleagáid air deisiú a dhéanamh de bhun mhír 1 bunaithe lasmuigh den Aontas, comhlíonfaidh a ionadaí údaraithe san Aontas oibleagáid an mhonaróra. I gcás nach bhfuil aon ionadaí údaraithe ag an monaróir san Aontas, comhlíonfaidh allmhaireoir an earra lena mbaineann oibleagáid an mhonaróra. I gcás nach bhfuil aon allmhaireoir ann, comhlíonfaidh dáileoir an earra lena mbaineann oibleagáid an mhonaróra. Féadfaidh an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir agus an dáileoir deisiú a ligean ar fochonradh chun a oibleagáid maidir le deisiú a chomhlíonadh.

4.   Monaróirí a chuireann páirteanna spártha agus uirlisí ar fáil d’earraí a chumhdaítear le gníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II, tairgfidh siad na páirteanna spártha agus na huirlisí sin ar phraghas réasúnta nach ndíspreagann deisiú.

5.   Monaróirí, nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaithe údaraithe, allmhaireoirí nó dáileoirí a bhfuil oibleagáid orthu maidir le deisiú de bhun an Airteagail seo, áiritheoidh siad gur féidir le tomhaltóirí rochtain a fháil, trí shuíomh gréasáin ar a bhfuil rochtain saor in aisce, ar fhaisnéis maidir leis na praghsanna táscacha a ghearrtar ar ghnáthdheisiú na n-earraí a chumhdaítear le gníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II.

6.   Ní úsáidfidh monaróirí aon chlásail chonarthacha ná, teicnící crua-earraí nó bogearraí a chuireann bac ar dheisiú earraí a chumhdaítear le gníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II ach amháin má tá údar maith leo de bharr tosca dlisteanacha oibiachtúla, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla a chosaint faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta. Ní chuirfidh monaróirí bac, go háirithe, ar pháirteanna spártha bunaidh nó athláimhe, páirteanna spártha comhoiriúnacha agus páirteanna spártha arna n-eisiúint ó phriontáil 3T, a bheith á n-úsáid ag deisitheoirí neamhspleácha i gcás ina bhfuil na páirteanna spártha sin i gcomhréir leis na ceanglais faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, mar shampla, ceanglais maidir le sábháilteacht táirgí nó maidir le comhlíontacht ó thaobh maoin intleachtúil de. Tá an mhír seo gan dochar do cheanglais shonracha ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II agus gan dochar do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chosaint na gceart maoine intleachtúla.

7.   Ní dhiúltóidh monaróirí earraí a chumhdaítear le gníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II a dheisiú ar an aon chúis amháin go ndearna deisitheoirí eile nó daoine eile deisiú orthu roimhe sin.

8.   Gan dochar don oibleagáid maidir le deisiú faoin Airteagal seo, féadfaidh tomhaltóirí a iarraidh ar aon deisitheoir dá rogha féin deisiú a dhéanamh.

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn II a leasú tríd an liosta de ghníomhartha dlí an Aontais lena leagtar síos ceanglais indeisitheachta a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin gan moill mhíchuí tar éis fhoilsiú ghníomh dlí ábhartha an Aontais, agus ar a dhéanaí 12 mhí tar éis an fhoilsithe sin.

Airteagal 6

Faisnéis maidir leis an oibleagáid maidir le deisiú

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an monaróir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir nó an dáileoir ar fáil saor in aisce, ar feadh ré iomlán a n-oibleagáide maidir le deisiú ar a laghad de bhun Airteagal 5, faisnéis faoina seirbhísí deisiúcháin ar bhealach sorochtana, soiléir agus sothuigthe.

Airteagal 7

Ardán Eorpach deisiúcháin ar líne

1.   Bunófar ardán Eorpach deisiúcháin ar líne (‘an t-ardán Eorpach ar líne’) chun go mbeidh tomhaltóirí in ann deisitheoirí agus, i gcás inarb infheidhme, díoltóirí earraí athchóirithe, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail a aimsiú. Is éard a bheidh san ardán Eorpach ar líne na ranna náisiúnta a úsáideann an comhéadan coiteann ar líne agus áireofar air naisc chuig na hardáin náisiúnta deisiúcháin ar líne dá dtagraítear i mír 3 (‘na hardáin náisiúnta ar líne’).

2.   Faoin 31 Iúil 2027, ceapfaidh an Coimisiún an comhéadan coiteann ar líne le haghaidh an ardáin Eorpaigh ar líne. Comhlíonfaidh an comhéadan coiteann ar líne sin na ceanglais a leagtar amach i mír 6 agus beidh sé ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún cothabháil theicniúil an chomhéadain choitinn ar líne.

3.   Úsáidfidh na Ballstáit an comhéadan coiteann ar líne dá dtagraítear i mír 2 dá ranna náisiúnta. Mar sin féin, níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a bhfuil ardán náisiúnta ar líne amháin ar a laghad acu, bíodh sé poiblí nó príobháideach, a chumhdaíonn a gcríoch iomlán agus a chomhlíonann na forálacha a leagtar amach i mír 6, roinn náisiúnta a bhunú ar an ardán Eorpach ar líne. Ina ionad sin, áireofar ar an ardán Eorpach ar líne naisc chuig na hardáin náisiúnta ar líne sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a n-ardáin náisiúnta ar líne oibríochtúil faoin 31 Iúil 2027.

4.   Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme a roinne náisiúnta ar an ardán Eorpach ar líne nó, i gcás inarb infheidhme, ar a n-ardán náisiúnta ar líne a leathnú chun, ní hamháin deisitheoirí, ach díoltóirí earraí a ndearnadh athchóiriú orthu, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail a chumhdach freisin.

5.   Beidh úsáid ranna náisiúnta agus ardán náisiúnta ar líne ar an ardán Eorpach ar líne saor in aisce do thomhaltóirí. Beidh deisitheoirí agus, i gcás inarb infheidhme, díoltóirí earraí a ndearnadh athchóiriú orthu agus ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail in ann clárú go deonach.

6.   Déanfaidh na ranna náisiúnta a úsáideann an comhéadan coiteann ar líne agus na hardáin náisiúnta ar líne an méid seo a leanas:

(a)

feidhmeanna cuardaigh maidir le hearraí, suíomh na seirbhísí deisiúcháin a áireamh, lena n-áirítear feidhm atá bunaithe ar léarscáil, soláthar trasteorann seirbhísí, coinníollacha deisiúcháin, lena n-áirítear an t-am is gá chun an deisiú a chur i gcrích, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha agus an áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh le haghaidh deisiú, infhaighteacht agus coinníollacha seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear baint, suiteáil agus iompar, a thairgeann deisitheoirí, agus na caighdeáin cháilíochta Eorpacha nó náisiúnta deisiúcháin is infheidhme;

(b)

i gcás inarb infheidhme, feidhm chuardaigh a áireamh chun díoltóirí earraí a ndearnadh athchóiriú orthu, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail a aimsiú;

(c)

a chur ar a gcumas do thomhaltóirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a iarraidh ó dheisitheoirí atá á tairiscint;

(d)

a chur ar a gcumas do dheisitheoirí faisnéis agus seirbhísí teagmhála a thabhairt cothrom le dáta go rialta ar an ardán;

(e)

a chur ar a gcumas do dheisitheoirí a léiriú go gcloíonn siad leis na caighdeáin cháilíochta Aontais nó náisiúnta is infheidhme;

(f)

inrochtaineacht a chumasú trí shuíomhanna gréasáin náisiúnta atá nasctha leis an bpointe rochtana aonair digiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

(g)

inrochtaineacht a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas; agus

(h)

foirmeacha teagmhála a sholáthar d’úsáideoirí chun saincheisteanna teicniúla a bhaineann le feidhmiú an ardáin Eorpaigh ar líne a thuairisciú, chomh maith le sonraí míchruinne maidir leis an bhfaisnéis arna soláthar ag deisitheoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, ag díoltóirí earraí a ndearnadh athchóiriú orthu, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú nó tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail.

7.   Cumasóidh an t-ardán Eorpach ar líne bailiú sonraí neamhphearsanta maidir le feidhmiú na ranna náisiúnta.

8.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus díoltóirí a chur ar an eolas faoi infhaighteacht an ardáin Eorpaigh ar líne.

Airteagal 8

Grúpa Saineolaithe

Bunóidh an Coimisiún grúpa saineolaithe a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit uile agus a bheidh faoi chathaoirleacht ionadaí ón gCoimisiún. Beidh sé de chúram ar an ngrúpa saineolaithe comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le dearadh agus feidhmiú an ardáin Eorpaigh ar líne agus a ranna náisiúnta.

Airteagal 9

Pointí teagmhála náisiúnta

1.   Faoin 31 Iúil 2026, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

an pointe teagmhála náisiúnta atá ainmnithe acu don ardán Eorpach ar líne; nó

(b)

na hardáin náisiúnta ar líne a bhunaigh siad nó a bhunóidh siad i gcomhréir le hAirteagal 7(3).

2.   Faoin 31 Iúil 2026, féadfaidh na Ballstáit a úsáideann na ranna náisiúnta den ardán Eorpach ar líne coinníollacha a ghlacadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le rochtain ar a roinn náisiúnta le haghaidh clárú do dheisitheoirí agus, i gcás inarb infheidhme, díoltóirí earraí a ndearnadh athchóiriú orthu, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú agus tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail. Féadfar foráil a dhéanamh leis na coinníollacha sin, go háirithe, d’fhormheas roimh ré maidir leis an gclárú ar an roinn náisiúnta, rud a thabharfaidh an pointe teagmhála náisiúnta, nó do cheanglais maidir le cáilíochtaí gairmiúla. Cuirfidh na Ballstáit sin an Coimisiún ar an eolas faoin dáta sin faoi aon choinníollacha rochtana arna nglacadh.

3.   Na Ballstáit a úsáideann ranna náisiúnta an ardáin Eorpaigh ar líne agus a chuireann na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm, áiritheoidh siad go mbeidh a roinn náisiúnta oibríochtúil laistigh de 6 mhí ón dáta a chuireann an Coimisiún an comhéadan coiteann ar líne dá bhforáiltear in Airteagal 7(2) ar fáil.

4.   Beidh an pointe teagmhála náisiúnta freagrach as na cúraimí seo a leanas:

(a)

rochtain ar a roinn náisiúnta a sholáthar le haghaidh clárú do dheisitheoirí agus, i gcás inarb infheidhme, díoltóirí earraí a ndearnadh athchóiriú orthu, ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú agus tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail;

(b)

a áirithiú go gcomhlíonfar aon choinníollacha rochtana arna leagan síos ag na Ballstáit de bhun mhír 2; agus

(c)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le hoibriú ranna náisiúnta an ardáin Eorpaigh ar líne.

Airteagal 10

Bearta do Mhicrifhiontair agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide

I gcás inarb iomchuí, glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun tacú go háirithe le micrifhiontair agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh.

Airteagal 11

Forfheidhmiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo.

2.   Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1, forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, de réir mar a chinnfear leis an dlí náisiúnta, caingean a thabhairt faoin dlí náisiúnta os comhair chúirteanna nó údaráis inniúil riaracháin an Bhallstáit chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí:

(a)

comhlachtaí poiblí nó a n-ionadaithe;

(b)

eagraíochtaí a bhfuil leas dlisteanach acu i gcosaint tomhaltóirí nó an chomhshaoil;

(c)

eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu i gcaingean a thabhairt.

Airteagal 12

Faisnéis do thomhaltóirí

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi chearta tomhaltóirí faoin Treoir seo, agus faoi na modhanna chun na cearta sin a fhorfheidhmiú, ar fáil do thomhaltóirí, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta atá nasctha leis an bpointe rochtana aonair digiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724.

Airteagal 13

Bearta na mBallstát lena gcuirtear deisiú chun cinn

1.   Déanfaidh na Ballstáit beart amháin ar a laghad chun deisiú a chur chun cinn.

2.   Faoin 31 Iúil 2029, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi cheann amháin nó níos mó de na bearta arna ndéanamh faoi mhír 1. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir leis na bearta ar thug na Ballstáit fógra fúthu ar fáil go poiblí.

Airteagal 14

Cineál sainordaitheach

1.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo, aon chomhaontú conarthach lena ndéantar, chun aimhleasa an tomhaltóra, cur i bhfeidhm beart náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a eisiamh nó lena maolaítear ar na bearta sin a mhaolú nó lena n-athraítear a n-éifeacht, ní bheidh sé ceangailteach ar an tomhaltóir.

2.   Ní chuirfear leis an Treoir seo cosc ar an deisitheoir socruithe conarthacha a théann thar na cosaintí dá bhforáiltear sa Treoir seo a thairiscint don tomhaltóir.

Airteagal 15

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagail 4, 5 agus 6 a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin faoin 31 Iúil 2026 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 16

Leasú ar Threoir (AE) 2019/771

Leasaítear Treoir (AE) 2019/771 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, indeisitheacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú.’

;

(2)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   I gcás ina ndéantar deisiú, i gcomhréir le hAirteagal 13(2), mar leigheas chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, cuirfear síneadh 12 mhí aon uair amháin leis an tréimhse dhliteanais.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfaidh na Ballstáit na tréimhsí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 2a a choinneáil nó tréimhsí ama níos faide a thabhairt isteach.’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5a.   Maidir leis na Ballstáit nach ndéanann foráil, i gcomhréir le mír 3 nó mír 5, do theorainneacha ama socraithe le haghaidh dhliteanas an díoltóra nó nach bhforálann ach do thréimhse theorann le haghaidh na leigheasanna, féadfaidh siad maolú ar mhír 2a ar choinníoll go n-áiritheoidh siad go mbeidh dliteanas an díoltóra nó an tréimhse theorann le haghaidh leigheasanna coibhéiseach le 3 bliana ar a laghad i gcás deisiú.’

;

(3)

In Airteagal 13, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   Sula soláthróidh an díoltóir an leigheas chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, cuirfidh an díoltóir an tomhaltóir ar an eolas faoi cheart an tomhaltóra rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar, chomh maith leis an síneadh a d’fhéadfaí a chur leis an tréimhse dhliteanais, dá bhforáiltear in Airteagal 10(2a).’

;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14, mír (1):

‘1.   Déanfar deisithe nó athsholáthar a chur i gcrích:

(a)

saor in aisce;

(b)

laistigh de thréimhse réasúnta ama ón tráth a mbeidh an díoltóir curtha ar an eolas ag an tomhaltóir faoin easpa comhréireachta;

(c)

gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh.

Le linn an deisiúcháin, ag brath ar shainiúlachtaí na catagóire earraí ábhartha, go háirithe ar an ngá atá ag an tomhaltóir na hearraí sin a bheith ar fáil go buan, féadfaidh an díoltóir earra athsholáthair a sholáthar don tomhaltóir saor in aisce, lena n-áirítear earra athchóirithe, ar iasacht.

Féadfaidh an díoltóir earra athchóirithe a sholáthar, arna iarraidh sin go sainráite don tomhaltóir, chun a oibleagáid a chomhlíonadh maidir leis an earra a athsholáthar.’.

Airteagal 17

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘(69)

Treoir (AE) 2024/1799 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (IO L, 2024/1799, 10.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1799/oj).’.

Airteagal 18

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2394

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘29.

Treoir (AE) 2024/1799 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (IO L, 2024/1799, 10.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1799/oj).’.

Airteagal 19

Tuairisciú ag an gCoimisiún agus athbhreithniú

1.   Faoin 31 Iúil 2031, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar rannchuidiú na Treorach seo, agus go háirithe rannchuidiú Airteagail 5 agus 16, le deisiú a chur chun cinn sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear deisiú earraí atá faoi réir ceanglais indeisitheachta lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil agus rogha na dtomhaltóirí maidir le deisiú laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil chomh maith lena tionchar ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí.

2.   Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar éifeachtacht na ndreasachtaí chun deisiú a roghnú, lena n-áirítear síneadh a chur leis an ráthaíocht dhlíthiúil, agus ar an ngá atá le ráthaíochtaí tráchtála a chur chun cinn maidir le seirbhísí deisiúcháin agus rialacha a ghlacadh maidir le dliteanas deisitheoirí le haghaidh deisiú.

3.   Maidir le hAirteagal 7, déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar éifeachtacht an ardáin Eorpaigh ar líne bunaithe ar fhaisnéis faoi líon na soláthraithe seirbhísí deisiúcháin gníomhacha agus ar líon na dtomhaltóirí a chuaigh isteach san ardán Eorpach ar líne.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún í. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

5.   Déanfar measúnú ar an leibhéal comhchuibhithe is gá chun cothrom iomaíochta a áirithiú do chuideachtaí sa mhargadh inmheánach lena n-áirítear cóineasú agus éagsúlacht idir dlíthe náisiúnta na mBallstát lena dtrasuitear an Treoir seo, go háirithe maidir leis na tréimhsí dliteanais, i gcomhthéacs an athbhreithnithe dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Threoir (AE) 2019/771.

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 6 bliana amhail ón 31 Lúnasa 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 6 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(9) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 21

Forálacha idirthréimhseacha

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 16 den Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích roimh an 31 Iúil 2026.

Airteagal 22

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoi 31 Iúil 2026 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin i bhfeidhm ón 31 Iúil 2026.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 24

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C 293, 18.8.2023, lch. 77.

(2)   IO C, C/2023/1330, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1330/oj

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024.

(4)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (an Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(6)  Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).

(7)  Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (IO L, 2024/825, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(10)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(11)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(12)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(13)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(14)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92.).

(15)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(16)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).

(17)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(18)  Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).

(19)  Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le tástáil chomhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha (IO L 173, 9.7.2018, lch. 25).

(20)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(21)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(23)   IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(24)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(25)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le trádáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

FOIRM EORPACH UM FHAISNÉIS FAOIN DEISIÚCHÁN

Cuid I

Céannacht agus sonraí teagmhála an deisitheora a sholáthraíonn an tseirbhís deisiúcháin

Deisitheoir

[Céannacht]

Seoladh

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

Uimhir theileafóin

 

Seoladh ríomhphoist

 

Má sholáthraíonn an deisitheoir iad, modhanna eile cumarsáide ar líne, lenar féidir leis an tomhaltóir dul i dteagmháil leis an deisitheoir agus cumarsáid a dhéanamh leis go tapa agus go héifeachtúil

 

Cuid II

Faisnéis faoin tseirbhís deisiúcháin

An t-earra atá le deisiú

[An t-earra a shainaithint]

Cineál an lochta

[Tuairisc ar an locht]

An cineál deisiúcháin atá molta

[Cén cineál beart a dhéanfar chun an locht a dheisiú]

Praghas le haghaidh an deisiúcháin nó, mura féidir é a ríomh, an modh ríofa is infheidhme agus an t-uasphraghas le haghaidh an deisiúcháin

[Ciallaíonn sé sin an méid iomlán nó, mura féidir é sin a ríomh, an modh ríofa agus an uasteorainn le haghaidh na seirbhíse deisiúcháin, in EUR nó san airgeadra náisiúnta]

An t-am chun an deisiúchán a chur i gcrích

[An t-am i laethanta faoina ngeallann an deisitheoir an tseirbhís a dhéanamh]

Infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha

[Ciallaíonn earra athsholáthair sealadach go bhfaighidh an tomhaltóir earra coibhéiseach lena úsáid le linn thréimhse an deisithe, ní mór don deisitheoir ‘Tá’ nó ‘Níl’ a chur in iúl]

Má tá, sonraigh na costais chomhfhreagracha, más ann dóibh:

[In EUR nó san airgeadra náisiúnta]

Áit chun na hearraí a thabhairt ar láimh

[An áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh chun iad a dheisiú]

Más infheidhme, infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha

[Tabhair le fios má tháirgtear, agus a mhéid a thairgtear, seirbhísí coimhdeacha mar shampla baint, suiteáil agus iompar, nó roghnaigh ‘Níl aon seirbhís choimhdeach ann’ mura dtairgtear aon seirbhís choimhdeach le haghaidh an deisiúcháin lena mbaineann]

Má thairgtear, sonraigh na costais chomhfhreagracha, más ann dóibh:

[In EUR nó san airgeadra náisiúnta, in aghaidh na seirbhíse a thairgtear]

Tréimhse bhailíochta na Foirme Eorpaí um Fhaisnéis faoin Deisiúchán

[Tréimhse bhailíochta 30 lá ar a laghad]

Más infheidhme, faisnéis bhreise

 

Tugtar mínithe don deisitheoir leis na léirithe atá idir lúibíní cearnacha agus ní mór an fhaisnéis chomhfhreagrach a chur ina n-ionad.


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA DE GHNÍOMHARTHA DLÍ DE CHUID AN AONTAIS LENA LEAGTAR SÍOS CEANGLAIS INDEISITHEACHTA

1.   

Le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún (1)

2.   

Le haghaidh miasniteoirí tí, Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún (2)

3.   

Le haghaidh fearais chuisniúcháin, Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún (3)

4.   

Le haghaidh taispeáintí leictreonacha, Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún (4)

5.   

Le haghaidh trealamh táthúcháin, Rialachán (AE) 2019/1784 ón gCoimisiún (5)

6.   

Le haghaidh folúsghlantóirí, Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún (6)

7.   

Le haghaidh freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún (7)

8.   

Le haghaidh fóin phóca, fóin siúil agus ríomhairí táibléid, Rialachán (AE) 2023/1670 ón gCoimisiún (8)

9.   

Le haghaidh triomadóirí rothlaim tí, Rialachán (AE) 2023/2533 ón gCoimisiún (9)

10.   

Le haghaidh earraí ina bhfuil ceallraí do mhodhanna éadroma iompair, Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10)


(1)  Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285).

(2)  Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh miasniteoirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 267).

(3)  Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 187).

(4)  Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le taispeáintí leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 241).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1784 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le trealamh táthúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 25.10.2019, lch. 121).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh folúsghlantóirí (IO L 192, 13.7.2013, lch. 24).

(7)  Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún (IO L 74, 18.3.2019, lch. 46).

(8)  Rialachán (AE) 2023/1670 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2023 lena leagtar síos ceanglais maidir le héicidhearthóireacht i dtaca le fóin chliste, fóin phóca nach fóin chliste iad, fóin shiúil agus ríomhairí táibléid de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún (IO L 214, 31.8.2023, lch. 47).

(9)  Rialachán (AE) 2023/2533 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2023 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh triomadóirí rothlaim tí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 932/2012 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2533, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2533/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1799/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)