European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1797

28.6.2024

CINNEADH (AE) 2024/1797 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Meitheamh 2024

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2023/2440 a mhéid a bhaineann le cainníocht na lamháltas a choigeartú agus lamháltais a aistriú chuig an gCiste don Nuálaíocht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 3c(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 3c de Threoir 2003/87/CE, leagtar síos an mhodheolaíocht ríofa le haghaidh chainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh ar oibreoirí aérárthaí le haghaidh na bliana 2024 le haghaidh eitiltí laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus a imíonn chuig an Eilvéis agus chuig an Ríocht Aontaithe, lena bhforlíontar méid 1 386 051 745 lamháltas arna gcinneadh i gCinneadh (AE) 2023/1575 ón gCoimisiún (2).

(2)

Cainníocht iomlán na lamháltas ar fud an Aontais atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaí faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais le haghaidh 2024, arna ríomh ar bhonn na sonraí atá ar fáil, foilsítear í i gCinneadh (AE) 2023/2440 ón gCoimisiún (3). Chun an fhaisnéis is déanaí maidir le heisiaimh oibreoirí aérárthaí a chur san áireamh, is gá an chainníocht lamháltas sin a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun cainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aérárthaí le haghaidh na bliana 2024 a bhunú ar leithdháileadh iomlán na lamháltas i leith oibreoirí aérárthaí a bhí i mbun gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE sa bhliain 2023. Dá réir sin, níor cheart oibreoirí aérárthaí a eisiadh le haghaidh na bliana 2023 a chur san áireamh, ós rud é nach raibh aon ghníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE sa bhliain 2023 ag na hoibreoirí sin. Rinneadh astaíochtaí in 2023 a thuairisciú faoin 31 Márta 2024. Rinneadh foráil leis sin maidir leis na sonraí cinntitheacha i ndáil le heisiaimh in 2023. Agus sin á chur san áireamh, is é 28 893 755 lamháltas leithdháileadh iomlán na lamháltas i leith oibreoirí aérárthaí a bhí i mbun gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE sa bhliain 2023.

(4)

Ceanglaítear le hAirteagal 10a(8), an tríú fomhír, de Threoir 2003/87/CE go mbainfear úsáid as lamháltais nár eisíodh chuig oibreoirí aérárthaí mar gheall gur scoir siad dá n-oibríochtaí agus nach bhfuil gá leo chun aon easnamh i dtabhairt suas ag na hoibreoirí sin a chumhdach, go mbainfear úsáid astu le haghaidh tacaíocht nuálaíochta tríd an gCiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8), an chéad fhomhír, den Treoir sin. I gcomhréir le hAirteagal 10a(8), an t-ochtú fomhír, féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacú freisin le leictriú na heitlíochta agus le gníomhaíochtaí chun a tionchair fhoriomlána ar an aeráid a laghdú. Á chur sa áireamh gur scoir na hoibreoirí aérárthaí dá ngníomhaíochtaí go dtí an 31 Nollaig 2023, is é 1 988 951 lamháltas atá i gceist leis sin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2003/87/CE, is é 4,3 % an fachtóir líneach laghdaithe le haghaidh na mblianta 2024 go 2027, agus 4,4 % ó 2028 ar aghaidh. Chun an laghdú 4,3 % a chur i bhfeidhm in 2024, i gcomparáid le leibhéil 2023, rinneadh an fachtóir líneach laghdaithe a ríomh bunaithe ar an leithdháileadh sa bhliain 2020, agus is é atá ann 1 330 226 lamháltas le haghaidh gach ceann de na blianta 2024 go 2026. Is é an toradh atá ar chur i bhfeidhm an fhachtóra línigh laghdaithe sin

27 563 529 lamháltas le haghaidh na bliana 2024.

(6)

Chun go ndéanfar an leithdháileadh saor in aisce i leith oibreoirí aerárthaí i gcomhréir le hAirteagal 3d(1) de Threoir 2003/87/CE a ríomh, ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAirteagal 3c(5) den Treoir sin méid an leithdháilte saor in aisce a fhoilsiú freisin a bheadh ann in 2024 faoi na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce atá i bhfeidhm roimh na leasuithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2023/958. Is é atá sa mhéid sin 85 % de chainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaí nó chun cur le tacaíocht nuálaíochta tríd an gCiste don Nuálaíocht a bunaíodh le hAirteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2023/2440 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (AE) 2023/2440 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2:

‘Airteagal 1

Is é 27 563 529 cainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaí le haghaidh 2024 dá dtagraítear in Airteagal 3c(5) de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 2

Is é 23 429 000 cainníocht an leithdháilte saor in aisce a bheadh ann in 2024 faoi na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce a bhí i bhfeidhm roimh na leasuithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2023/958.’;

(2)

cuirtear an tAirteagal 2a a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 2a

Á chur san áireamh gur scoir na hoibreoirí aérárthaí dá ngníomhaíochtaí go dtí an 31 Nollaig 2023, aistreofar 1 988 951 lamháltas chuig an gCiste don Nuálaíocht a bhunaítear le hAirteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2023/1575 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2023 maidir le cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais atá le heisiúint faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais do 2024 (IO L 192, 31.7.2023, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1575/oj).

(3)  Cinneadh (AE) 2023/2440 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cainníocht iomlán na lamháltas ar fud an Aontais atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aérárthaí faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais le haghaidh 2024 (IO L, 2023/2440, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2440/oj).

(4)  Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/958/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1797/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)