|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1794 |
25.6.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/1794 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2024
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Céinia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá SES le húsáid chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta cúnaimh amhail gníomhaíochtaí chun na hacmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú. |
|
(2) |
Imríonn an éagobhsaíocht agus an neamhshláine i Réigiún na hAfraice Thoir tionchar díreach diúltach ar leasanna straitéiseacha na Céinia. Ní ar na limistéir chósta amháin a thuilleadh a dhéantar na hionsaithe ar chríoch na Céinia. Tá an sceimhlitheoireacht ina bagairt ar an gCéinia go príomha feadh na teorann leis an tSomáil, is iad na fórsaí slándála na príomhspriocanna, agus an príomhbhonneagar níos minice anois ina thargaid chomh maith. |
|
(3) |
Is príomhthosaíochtaí de chuid an Aontais iad cobhsaíocht fhoriomlán, ceannasacht agus iomláine chríochach na Céinia a áirithiú, agus a forbairt go síochánta agus urraim do chearta an duine a chur chun cinn, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 maidir leis an gCur Chuige Comhtháite i ndáil le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha. |
|
(4) |
An 9 Aibreán 2024, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ón gCéinia ar an Aontas tacú le Fórsaí Slándála na Céinia faoi SES. |
|
(5) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe maidir le comhlíonadh Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES. |
|
(6) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus fad
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe na Céinia (‘an tairbhí’), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).
2. Is é is cuspóir don bheart cúnaimh cumais oibríochtúla Fhórsaí Cosanta na Céinia a fheabhsú chun iomláine chríochach agus ceannasacht na Céinia agus a pobail shibhialta a chosaint ar bhagairtí inmheánacha agus seachtracha, chun limistéir teorann a dhaingniú, agus chun cur i gcoinne oibríochtaí méadaithe al-Shabaab feadh na teorann leis an tSomáil.
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt:
|
(a) |
ladrainn oirbheartaíochta; |
|
(b) |
córais chun dul i ngleic le haerárthaigh naimhdeacha gan foireann; |
|
(c) |
córais chun gairis phléascacha sheiftithe a shárú; |
|
(d) |
córais cogaíochta leictreonaí; |
|
(e) |
feithiclí míleata oirbheartaíochta trastíre; |
|
(f) |
post leighis soghluaiste; |
|
(g) |
trealamh d’aonaid mhuirí chabhlaigh. |
Maoineofar leis an mbeart cúnaimh chomh maith soláthairtí agus seirbhísí gaolmhara, lena n-áirítear oiliúint theicniúil, i gcás inar gá.
4. Mairfidh an beart cúnaimh 42 mhí ón dáta a ghlacfar an Cinneadh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 20 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú ag an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Cosanta na Céinia dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré; |
|
(d) |
nach gcaillfear sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd arna sainaithint sna socruithe sin, ag deireadh a saolré. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus i gcomhréir leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Déanfaidh Aireacht Cosanta na hIodáile na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme trína Agenzia Industrie Difesa.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar leis na sáruithe sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Cosanta na Céinia dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
|
(a) |
fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht; |
|
(b) |
tuairisciú a dhéanamh, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí arna soláthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na n-earraí ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh; |
|
(c) |
cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin. |
3. Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ach a gcríochnófar an beart cúnaimh chun a mheas ar chuidigh an beart cúnaimh leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuarascáil
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála gach 6 mhí maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 an 22 Márta 2021 ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítearcomhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1794/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)