|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1788 |
15.7.2024 |
TREOIR (AE) 2024/1788 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Meitheamh 2024
maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE
(athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú ar bhealach suntasach roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart an Treoir a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht. |
|
(2) |
Is é is aidhm don mhargadh inmheánach do ghás nádúrtha, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ó 1999 ar aghaidh, fíor-rogha, deiseanna nua gnó agus tuilleadh trádála trasteorann a chur ar fáil do na tomhaltóirí uile san Aontas, cibé acu is saoránaigh nó gnólachtaí iad, chun éifeachtúlacht a mhéadú, chun praghsanna iomaíocha agus caighdeáin níos airde seirbhíse a bhaint amach agus chun rannchuidiú le slándáil an tsoláthair agus leis an inbhuanaitheacht. |
|
(3) |
Le Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus le Treoir 2009/73/CE, rinneadh rannchuidiú suntasach i dtreo an margadh inmheánach a chruthú do ghás nádúrtha. |
|
(4) |
Le Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tugadh céim bhreise maidir le forbairt an mhargaidh inmheánaigh do leictreachas a bhfuil na saoránaigh ag a chroílár agus lena rannchuidítear le cuspóirí an Aontais maidir leis an aistriú chuig córas fuinnimh ghlain agus lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ba cheart an margadh inmheánach do ghás nádúrtha a bhunú de réir na bprionsabal céanna agus, go háirithe, ba cheart leibhéal comhionann cosanta do thomhaltóirí a áirithiú leis. Go háirithe, ba cheart aghaidh a thabhairt, le beartas fuinnimh an Aontais, ar chás custaiméirí leochaileacha agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh. |
|
(5) |
Trí bhíthin Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tá an tAontas tiomanta d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Is gá rialacha an mhargaidh inmheánaigh maidir le breoslaí gásacha a ailíniú leis an Rialachán sin. Sa chomhthéacs sin, tá sé leagtha amach ag an Aontas conas a mhargaí fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear i ndáil le dícharbónú na margaí do ghás sna teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal ‘Powering a climate-neutral economy: An EU Strategy for Energy System Integration’ [Straitéis an Aontais maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh] agus ‘A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine um Eoraip aeráidneodrach], agus sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i leith stóráil fuinnimh (9). Leis an Treoir seo, ba cheart rannchuidiú le baint amach chuspóir an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus, ag an am céanna, slándáil an tsoláthair agus feidhmiú cuí na margaí inmheánacha do ghás nádúrtha agus do hidrigin a áirithiú. |
|
(6) |
Comhlánaíonn an Treoir seo ionstraimí beartais agus reachtacha gaolmhara de chuid an Aontais, go háirithe na hionstraimí sin ar de bhun theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ iad, amhail Rialacháin (AE) 2023/857 (10), (AE) 2023/957 (11), (AE) 2023/1805 (12) agus (AE) 2023/2405 (13) agus Treoracha (AE) 2023/959 (14), (AE) 2023/1791 (15) agus (AE) 2023/2413 (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a bhfuil sé d’aidhm acu dícharbónú gheilleagar an Aontais a dhreasú agus a áirithiú go bhfanfaidh sé ar a chonair le bheith ina Aontas aeráidneodrach faoi 2050, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119. Is é is príomhchuspóir na Treorach seo an t-aistriú sin i dtreo na haeráidneodrachta a chumasú agus a éascú trí bhorradh margaidh do hidrigin agus margadh éifeachtúil do ghás nádúrtha a áirithiú. |
|
(7) |
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 dar teideal ‘REPowerEU: Joint European Action for more affordable, secure and sustainable energy’ [REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe] (REPowerEU), a glacadh tar éis thús an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, cuireadh chun suntais a thábhachtaí atá sé soláthairtí gáis a éagsúlú chun deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar fhuinneamh na Rúise. Aithníodh sa teachtaireacht sin go bhféadfadh méadú an bhithmheatáin inbhuanaithe agus leathadh amach na hidrigine in-athnuaite ról cinntitheach a imirt agus, chuige sin, iarradh sa teachtaireacht sin ar na reachtóirí an Treoir seo agus Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) a ghlacadh go tapa. |
|
(8) |
Áirithítear le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) tacar oibleagáidí ar rannpháirtithe sa mhargadh gáis. Ba cheart do na húdaráis rialála dá dtagraítear sa Rialachán sin a bheith freagrach as a áirithiú go bhforfheidhmítear an Rialachán seo sna Ballstáit. Tá na forálacha sin ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh an trádáil gáis faoi réir oibleagáidí trédhearcachta. |
|
(9) |
Is é is aidhm don Treoir seo teacht isteach gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin agus hidrigine ar an gcóras fuinnimh a éascú, rud a fhágfaidh go bhféadfar aistriú ón ngás iontaise agus gur féidir ról tábhachtach a bheith ag an ngás in-athnuaite agus ísealcharbóin agus ag hidrigin i ndáil le cuspóirí aeráide 2030 an Aontais agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach faoi 2050. Is é is aidhm don Treoir seo freisin creat rialála a chur ar bun, creat lena gcuirtear ar a gcumas do na rannpháirtithe uile sa mhargadh, agus lena ndreasaítear chuige sin iad, aistriú ón ngás iontaise agus a ngníomhaíochtaí a phleanáil chun éifeachtaí glasála a sheachaint agus is é is aidhm di freisin céimniú amach tráthúil an gháis iontaise a áirithiú, go háirithe sna hearnálacha ábhartha tionsclaíochta ar fad agus chun críoch téimh. |
|
(10) |
Le comhtháthú an bhithmheatáin inbhuanaithe sa chóras gáis nádúrtha i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), tacaítear le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach agus cuidítear leis an soláthar fuinnimh a éagsúlú. Ba cheart iarrataí go ndéanfaí an táirgeadh gáis in-athnuaite a nascadh leis an eangach a mheasúnú laistigh de theorainneacha ama réasúnta agus ba cheart do na húdaráis rialála ábhartha faireachán a dhéanamh ar na hiarrataí sin. Ba cheart a bheith in ann tús áite a thabhairt, ar an leibhéal tarchurtha agus dáileacháin, d’iarrataí ar tháirgeadh gáis in-athnuaite a nascadh thar iarrataí ar tháirgeadh gáis nádúrtha agus ísealcharbóin a nascadh. |
|
(11) |
Aithnítear i straitéis hidrigine an Aontais, ós rud é go bhfuil acmhainneacht éagsúil ag na Ballstáit maidir le hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh, go bhfuil buntáistí suntasacha ó thaobh na hiomaíochta, na hinacmhainneachta agus slándáil soláthair de ag baint le margadh inmheánach oscailte agus iomaíoch ina bhfuil an trádáil trasteorann gan bac. Thairis sin, i Straitéis Hidrigine an Aontais leagtar béim ar an gcaoi a gcabhrófaí le táirgeoirí nua teacht isteach dá n-aistreofaí chuig margadh leachtach a mbeadh trádáil hidrigine bunaithe ar thráchtearraí ag gabháil leis agus go mbeadh sé tairbhiúil freisin le haghaidh comhtháthú níos doimhne a bhaint amach le hiompróirí fuinnimh eile agus go gcruthódh sé comharthaí praghais inmharthana le haghaidh infheistíochtaí agus cinntí oibríochtúla. Dá bhrí sin, leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart go n-éascófaí teacht chun cinn na margaí do hidrigin, moil trádála hidrigine bunaithe ar thráchtearraí agus moil trádála leachta. Ba cheart do na Ballstáit deireadh a chur le haon bhacainní míchuí ina leith sin. Agus na difríochtaí bunúsacha á n-aithint, ba cheart na rialacha a forbraíodh le haghaidh na margaí do leictreachas agus do ghás nádúrtha, agus trína rabhthas in ann oibríochtaí tráchtála éifeachtúla agus trádáil éifeachtúil a dhéanamh, ba cheart féachaint freisin an bhféadfaí na rialacha sin a úsáid le haghaidh margadh do hidrigin. Cé go leagtar síos leis an Treoir seo na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le hoibriú an mhargaidh do hidrigin, is iomchuí céim forbartha an mhargaidh sin a chur san áireamh agus na prionsabail sin á gcur i bhfeidhm. |
|
(12) |
I gcomhréir le Straitéis Hidrigine an Aontais, meastar go gcuirfear hidrigin in-athnuaite in úsáid ar scála mór ón mbliain 2030 i leith chun dícharbónú a dhéanamh ar earnálacha áirithe, lena n-áirítear ón eitlíocht agus ón loingseoireacht chuig earnálacha tionsclaíochta ar deacair iad a dhícharbónú. Ba cheart do na custaiméirí deiridh uile atá nasctha le córais hidrigine tairbhiú de na cearta bunúsacha tomhaltóirí is infheidhme maidir le custaiméirí deiridh atá nasctha leis an gcóras gáis nádúrtha, amhail an ceart chun athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile agus an ceart chun faisnéise billeála cruinne. I gcás ina bhfuil custaiméirí nasctha leis an ngréasán hidrigine, mar shampla custaiméirí tionsclaíochta, ba cheart dóibh tairbhiú de na cearta cosanta tomhaltóirí céanna is infheidhme maidir le custaiméirí gáis nádúrtha. Mar sin féin, na forálacha i ndáil le tomhaltóirí a cheaptar chun custaiméirí ar teaghlaigh iad a spreagadh le bheith rannpháirteach sa mhargadh, mar shampla uirlisí comparáide praghsanna agus custaiméirí gníomhacha, níor cheart feidhm maidir leis an gcóras hidrigine a bheith acu. |
|
(13) |
I gcomhréir le Straitéis Hidrigine an Aontais, tá sé ina thosaíocht ag an Aontas hidrigin in-athnuaite a tháirgtear go príomha trí chumhacht na gaoithe agus na gréine a fhorbairt. Hidrigin in-athnuaite a tháirgtear trí úsáid a bhaint as fuinneamh bithmhaise, tagann sí faoin sainmhíniú ar bhithghás, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001 é. Is í an hidrigin in-athnuaite an rogha is comhoiriúnaí le sprioc aeráidneodrachta an Aontais agus leis an truailliú nialasach san fhadtéarma agus is í an rogha is mó atá i gcomhréir le córas fuinnimh comhtháite í. Mar sin féin, ní dócha go dtiocfaidh forbairt mear go leor ar tháirgeadh hidrigine in-athnuaite chun freastal ar an bhfás a bhfuiltear ag dréim leis san éileamh ar hidrigin san Aontas. Dá bhrí sin, féadfaidh ról a bheith ag breoslaí ísealcharbóin, mar shampla hidrigin ísealcharbóin, san aistriú fuinnimh i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais, go háirithe sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, chun astaíochtaí na mbreoslaí reatha a laghdú go mear agus chun tacú le haistriú chustaiméirí an Aontais in earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú nach bhfuil roghanna eile níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh nó costais iontu. Chun tacú leis an aistriú, is gá tairseach a leagan síos maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh hidrigine ísealcharbóin agus breoslaí gásacha sintéiseacha. Ba cheart don tairseach sin a bheith níos déine maidir le hidrigin a tháirgtear i suiteálacha a chuirfear i mbun feidhme ón 1 Eanáir 2031 chun forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh agus chun an dul chun cinn dinimiciúil sa laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón táirgeadh hidrigine a spreagadh ar bhealach níos éifeachtaí. |
|
(14) |
Le Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh leagadh béim ar a riachtanaí atá sé córas deimhniúcháin uile-Aontais a chur chun feidhme lena gcumhdófaí freisin breoslaí ísealcharbóin, agus é d'aidhm aige go gcuirfí ar chumas do na Ballstáit na breoslaí sin a chur i gcomparáid le roghanna dícharbónúcháin eile agus féachaint an bhféadfaí iad a áireamh mar réiteach inmharthana ina meascán fuinnimh féin. Ba cheart breoslaí ísealcharbóin a dheimhniú ar bhealach atá comhleanúnach le deimhniú na mbreoslaí in-athnuaite. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh do na forálacha a leagtar amach maidir le deimhniú breoslaí in-athnuaite i dTreoir (AE) 2018/2001 agus iad a chur i bhfeidhm de réir analaí maidir le deimhniú breoslaí ísealcharbóin. Chun a áirithiú go bhfuil an tionchar dícharbónúcháin céanna ag breoslaí ísealcharbóin i gcomparáid le breoslaí malartacha in-athnuaite, is den tábhacht go bhfuil siad deimhnithe le cur chuige modheolaíochta atá bunaithe ar mheasúnú saolré ar iomlán a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ba cheart, sa mheasúnú saolré sin, astaíochtaí a chur san áireamh a eascraíonn as táirgeadh breoslaí ísealcharbóin ar fud an tslabhra soláthair ina iomláine, lena n-áirítear astaíochtaí a eascraíonn as eastóscadh an fhuinnimh phríomhúil, as an bpróiseáil agus as an iompar, agus ba cheart a chur san áireamh astaíochtaí indíreacha a eascraíonn as atreorú ionchur docht agus rátaí iarbhír gabhála carbóin. Ba cheart astaíochtaí réamhtheachtacha meatáin a dhíorthú ar bhun na mbeart a áirítear i Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí córas deimhniúcháin uile-Aontais cuimsitheach lena gcumhdaítear an meascán fuinnimh ar fud an Aontais a chur chun feidhme. Ós rud é nach breoslaí in-athnuaite iad breoslaí ísealcharbóin agus hidrigin ísealcharbóin, níorbh fhéidir a dtéarmaíocht agus a ndeimhniú a áireamh i raon feidhme Threoir (AE) 2018/2001. Dá bhrí sin, líontar an bhearna sin lena gcuimsiú sa Treoir seo. |
|
(15) |
Cuireann an meatán agus an hidrigin leis an téamh domhanda. Dá bhrí sin, ba cheart a sceitheadh ón gcóras gáis nádúrtha agus hidrigine a sheachaint i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus chun a dtionchar aeráide a íoslaghdú. Le tarchur, dáileadh agus stóráil faoi thalamh an gháis nádúrtha agus le críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe, ní mór forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2024/1789 a chomhlíonadh. Leis an Rialachán sin, leagtar síos rialacha maidir le tomhas, cainníochtú, faireachán, tuairisciú agus fíorú cruinn ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh san Aontas, chomh maith le rialacha maidir le laghdú ar na hastaíochtaí sin, lena n-áirítear trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití, oibleagáidí deisiúcháin agus srianta ar scaoileadh agus ar bhladhmadh. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo maidir le hoibreoirí gréasán, stórála agus críochfort hidrigine bearta a dhéanamh chun astaíochtaí hidrigine ina n-oibríochtaí a chosc agus a íoslaghdú agus suirbhé ar sceitheadh hidrigine agus deisiú a dhéanamh go tráthrialta ar na comhpháirteanna ábhartha uile atá faoi fhreagracht an oibreora. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar na rioscaí comhshaoil agus aeráide a bhaineann le sceitheadh hidrigine agus, i gcás inarb iomchuí, tograí a thíolacadh le haghaidh bearta lena n-áirítear uasrátaí sceite hidrigine chun rioscaí féideartha sceite hidrigine a íoslaghdú. I gcás ina ndéantar na bearta sin, ba cheart iad a mheas sa mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as breoslaí ísealcharbóin. |
|
(16) |
Is dócha go gcomhlánóidh allmhairí hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin an hidrigin a tháirgtear san Aontas d’fhonn a áirithiú go mbeidh cainníochtaí móra hidrigine ar fáil go tapa le haghaidh éileamh an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé chun tairbhe an Choimisiúin agus na mBallstát araon, i gcomhréir lena n-inniúlacht faoi seach, páirt a ghlacadh in idirphlé oscailte cuiditheach chun comhar a bhunú le tríú tíortha. D’fhéadfadh an comhar sin rannchuidiú go háirithe le cruthú margaí teicneolaíochta glana agus nua a chur chun cinn trí eolas a aistriú, agus trí ardleibhéal cosanta comhshaoil, inbhuanaitheachta agus maolaithe athraithe aeráide, agus éifeachtaí diúltacha sóisialta nó comhshaoil á seachaint ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh an tAontas ról ceannasach a ghlacadh freisin maidir le caighdeáin dhomhanda a fhorbairt le haghaidh deimhniú breoslaí ísealcharbóin agus a ról mar cheannaire domhanda i gcúrsaí aeráide a neartú, trí úsáid a bhaint as a thaidhleoireacht aeráide chun comhar comhthairbheach a fhorbairt le comhpháirtithe onnmhairiúcháin. |
|
(17) |
Na saoirsí a ráthaítear do shaoránaigh an Aontais faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) inter alia, saorghluaiseacht earraí, saoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar — ní féidir iad a ghnóthú ach i margadh atá iomlán oscailte, margadh a fhágann go bhfuil an tsaoirse ag gach tomhaltóir a soláthróirí a roghnú agus go bhfuil an tsaoirse ag na soláthróirí ar fad freastal a dhéanamh ar a gcustaiméirí. |
|
(18) |
Chun cuspóir an Aontais a bhaint amach maidir le bheith aeráidneodrach faoi 2050, ba cheart iarrachtaí chun an margadh do ghás a dhícharbónú a bheith ag teacht le húsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite faoi chuimsiú spriocanna an Aontais a leagtar síos le Treoir (AE) 2018/2001 agus iarrachtaí comhlántacha dícharbónúcháin bunaithe ar fhoinsí eile seachas foinsí iontaise. Ba cheart do na Ballstáit, i margadh atá go hiomlán oscailte, a bheith fós in ann a meascán fuinnimh a phleanáil, lena n-áirítear úsáid chomhcheangailte breoslaí in-athnuaite agus breoslaí ísealcharbóin, i gcomhthéacs a n-imthosca náisiúnta sonracha féin. Chuige sin, agus scéimeanna tacaíochta á gceapadh aige, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, le haghaidh breoslaí in-athnuaite nó breoslaí ísealcharbóin, ba cheart don Aontas tacú le spriocanna an Aontais a bhaint amach agus ag an am céanna an ceart a bheith ag na Ballstáit a chinneadh cén fhoinse breoslaí in-athnuaite nó breoslaí ísealcharbóin, más ann dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann na breoslaí sin na critéir a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 agus sa Treoir seo agus go bhfuil na scéimeanna tacaíochta sin i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil Státchabhrach is infheidhme bunaithe ar Airteagail 107 agus 108 CFAE. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ceanglais bhreise a shocrú maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, i gcomhréir lena straitéis náisiúnta dícharbónúcháin. |
|
(19) |
Ba cheart leasanna na dtomhaltóirí a bheith i gcroílár na Treorach seo agus ba cheart cáilíocht na seirbhíse a bheith ina príomhfhreagracht ag gnóthais gáis nádúrtha agus hidrigine. Maidir le cearta atá ag tomhaltóirí cheana agus cearta rochtana ar sheirbhísí riachtanacha, lena n-áirítear fuinneamh, agus maidir le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, mar a luaitear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2017 lena mbunaítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt agus arna shíniú ag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017 ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Gothenburg, ní mór iad a neartú agus a ráthú, agus ba cheart níos mó trédhearcachta a bheith san áireamh leo. I ndáil leis sin, ba cheart tras-fhóirdheonú na ngréasán hidrigine trí tharaifí gáis nádúrtha nó gréasáin leictreachais a sheachaint. Ba cheart a áirithiú le cosaint tomhaltóirí, i gcás na dtomhaltóirí uile atá faoi shainchúram an Aontais i gcoitinne, go dtairbheoidh siad de mhargadh do ghás nádúrtha atá iomaíoch. Ba cheart do na Ballstáit cearta na dtomhaltóirí a fhorfheidhmiú nó i gcás ina bhforálann na Ballstáit amhlaidh, ba cheart do na húdaráis rialála iad a fhorfheidhmiú. |
|
(20) |
Le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuirtear an fuinneamh i measc na seirbhísí riachtanacha a mbeidh rochtain ag gach duine orthu agus iarrtar bearta tacaíochta do na daoine atá i ngátar (prionsabal 20). Iarrtar le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 7 ó na Náisiúin Aontaithe freisin go ndéanfaí rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha a áirithiú do chách. |
|
(21) |
Na ceanglais seirbhíse poiblí agus na híoschaighdeáin chomhchoiteanna a eascraíonn astu, ní mór iad a neartú a thuilleadh chun a áirithiú gur féidir le gach tomhaltóir, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha, tairbhiú den iomaíocht agus de phraghsanna córa. Ba cheart na ceanglais seirbhíse poiblí a shainiú ar an leibhéal náisiúnta agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit dlí an Aontais a urramú. |
|
(22) |
Chun dícharbónú teasa atá bunaithe ar chuimsitheacht a éascú, ní mór tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi roghanna malartacha inbhuanaithe ar féidir leo athrú chucu agus rochtain a bheith acu ar roghanna maoiniúcháin oiriúnacha agus ar fhóirdheontais oiriúnacha. Maidir leis an éifeacht dhíobhálach a bhíonn ag athruithe breosla nó ag naisc téimh ceantair arna gcur chun feidhme de bhun na Treorach seo ar chustaiméirí deiridh lena n-áirítear iad siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó atá leochaileach, ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun í sin a íoslaghdú. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cistiú, lena n-áirítear cistiú poiblí agus saoráidí cistiúcháin atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, agus é mar aidhm leis sin éifeachtaí díobhálacha a íoslaghdú agus an t-aistriú chuig fuinneamh cóir agus cuimsitheach a áirithiú. |
|
(23) |
Ba cheart do na Ballstáit lánrogha leathan a bheith acu i dtaobh oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar ghnóthais gáis nádúrtha agus cuspóirí an leasa eacnamaíoch ghinearálta á saothrú acu gan bacainn a chur ar an aistriú chuig córas fuinnimh atá comhtháite, atá thar a bheith éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh i gcomhréir le spriocanna, dlí agus straitéisí ábhartha an Aontais. Mar sin féin, oibleagáidí seirbhíse poiblí i bhfoirm socrú praghsanna don soláthar gáis nádúrtha, is bearta iad atá saobhach ó bhonn agus ar minic a leanann an méid a leanas astu: carnadh d'easnaimh taraifí, teorannú ar rogha na dtomhaltóirí, dreasachtaí níos laige i dtaca le caomhnú fuinnimh agus i dtaca le hinfheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, caighdeáin seirbhíse níos ísle, leibhéil níos ísle rannpháirtíochta agus sástachta tomhaltóirí, agus srianadh ar an iomaíocht, chomh maith le líon níos lú táirgí agus seirbhísí nuálacha a bheith ar an margadh. Dá thoradh sin, ba cheart do na Ballstáit uirlisí eile beartais a chur i bhfeidhm, go háirithe bearta spriocdhírithe faoin mbeartas sóisialta, chun inacmhainneacht an tsoláthair gáis nádúrtha dá saoránaigh a choimirciú. I bprionsabal, is ionann idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna maidir le soláthar gáis nádúrtha agus beart saofa margaidh. Dá bhrí sin, níor cheart idirghabhálacha den sórt sin a dhéanamh ach amháin i gcás inarb iomchuí agus mar oibleagáidí seirbhíse poiblí agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha sonracha. Margadh do ghás nádúrtha a bheadh iomlán léirscaoilte agus ag feidhmiú go cuí, spreagfadh sé iomaíocht ó thaobh praghsanna agus ó thaobh gnéithe eile i measc na soláthróirí atá ann cheana féin agus chuirfeadh sé dreasachtaí ar fáil d’iontrálaithe nua sa mhargadh, rud a dtiocfadh feabhas ar roghanna agus ar shástacht na dtomhaltóirí dá bharr. Faoin Treoir seo, ba cheart a bheith in ann praghsanna rialáilte, lena n-áirítear praghsanna faoi bhun costais, a chur ar fáil do chustaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, do chustaiméirí teaghlaigh leochaileacha agus, i gcásanna sonracha, do chustaiméirí teaghlaigh agus do mhicrifhiontair. I gcás géarchéim praghsanna gáis nádúrtha, nuair a thagann méadú suntasach ar phraghsanna mórdhíola agus miondíola gáis nádúrtha, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cur i bhfeidhm praghsanna rialáilte a leathnú go sealadach chuig seirbhísí sóisialta bunriachtanacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus chuig fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Maidir le custaiméirí teaghlaigh, seirbhísí sóisialta bunriachtanacha agus FBManna, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, go heisceachtúil agus go sealadach, praghsanna rialáilte a shocrú faoi bhun costas le linn géarchéim gáis nádúrtha ar choinníoll nach gcruthóidh sé sin saobhadh idir soláthróirí agus go gcúiteofar soláthróirí as na costais a bhaineann leis an soláthar faoi bhun costas. Ní mór a áirithiú, áfach, go mbeidh an rialáil praghsanna sin spriocdhírithe agus nach gcruthóidh sí dreasachtaí chun tomhaltas a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart an síneadh eisceachtúil sealadach sin ar rialáil praghsanna a theorannú i gcás custaiméirí teaghlaigh do 80 % de thomhaltas teaghlaigh airmheánach agus i gcás seirbhísí sóisialta riachtanacha agus FBManna do 70 % de thomhaltas na bliana roimhe sin. Ba cheart an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, a bheith in ann géarchéim praghsanna gáis nádúrtha réigiúnach nó uile-Aontais a dhearbhú. Ba cheart an measúnú an ann do ghéarchéim praghsanna gáis nádúrtha den sórt sin a bheith bunaithe ar chomparáid le praghsanna ag tráthanna gnáthoibríochta margaidh agus, dá bhrí sin, ba cheart tionchar géarchéimeanna praghsanna gáis nádúrtha roimhe sin arna ndearbhú de bhun na Treorach seo a eisiamh. Le cinneadh cur chun feidhme den sórt sin, ba cheart an tréimhse bhailíochta a shonrú don dearbhú maidir le géarchéim praghsanna gáis nádúrtha a mbeidh feidhm ag an síneadh sealadach ar phraghsanna rialáilte lena linn. Níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná bliain amháin. I gcás ina bhfuil na coinníollacha maidir leis an dearbhú géarchéim praghsanna gáis nádúrtha a bheith ann fós á gcomhlíonadh, ba cheart an Chomhairle a bheith in ann, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, síneadh a chur le tréimhse bhailíochta an chinnidh cur chun feidhme. Tá bonn cirt le cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle i bhfianaise na n-impleachtaí cothrománacha suntasacha atá ann do na Ballstáit i ngeall ar chinneadh lena ndearbhaítear géarchéim praghsanna gáis nádúrtha a bheith ann agus, ar an gcaoi sin, na féidearthachtaí leathnaithe idirghabhálacha poiblí a thionscnaimh sa socrú praghsanna do sholáthar an gháis nádúrtha. Tá na himpleachtaí sin suntasach ó thaobh líon na gcustaiméirí lena mbaineann agus ó thaobh thábhacht chatagóirí na gcustaiméirí sin. Agus cumhachtaí cur chun feidhme á dtabhairt don Chomhairle, cuirtear san áireamh go leordhóthanach freisin cineál polaitiúil cinnidh den sórt sin lena ndearbhaítear géarchéim praghsanna gáis nádúrtha, dá dteastaíonn cothromaíocht íogair idir na ceisteanna beartais éagsúla atá lárnach i gcinneadh na mBallstát socrú praghsanna don fhuinneamh a chur chun feidhme. In aon chás, le dearbhú maidir le géarchéim praghsanna gáis nádúrtha réigiúnach nó uile-Aontais, ba cheart cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud na mBallstát ar fad a mbíonn éifeacht ag an gcinneadh orthu ionas nach ndéanfar an margadh inmheánach a shaobhadh go míchuí. |
|
(24) |
Oibleagáidí seirbhíse poiblí i bhfoirm socrú praghsanna don soláthar gáis nádúrtha, ba cheart iad a úsáid ar bhealach nach sáródh prionsabal na margaí oscailte in imthosca léirshainithe agus le haghaidh tairbhithe léirshainithe, agus ba cheart iad a bheith teoranta ina ré. D'fhéadfadh imthosca den sórt sin a bheith ann nuair atá an soláthar srianta go mór, rud a bheadh ina chúis le praghsanna gáis nádúrtha ar airde ar bhealach suntasach iad ná mar is gnách, nó i gcás ina gclisfeadh an margadh nuair nach raibh éifeacht ag idirghabhálacha na n-údarás rialála ná na n-údarás iomaíochta. Bheadh éifeacht dhíréireach ag imthosca den sórt sin ar chustaiméirí teaghlaigh, agus, go háirithe, ar chustaiméirí leochaileacha arb iondúil dóibh sciar mhór dá n-ioncam indiúscartha a chaitheamh ar bhillí fuinnimh i gcomparáid le tomhaltóirí ardioncaim. Chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí saobhacha na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí ó thaobh socrú praghsanna don soláthar gáis nádúrtha, na Ballstáit a dhéanann na hidirghabhálacha sin, ba cheart dóibh bearta breise a thabhairt isteach, lena n-áirítear bearta chun cosc a chur ar shaobhadh ar shocrú praghsanna sa mhargadh mórdhíola nó bearta chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe do chustaiméirí leochaileacha agus do chustaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil tairbhithe uile na bpraghsanna rialáilte in ann tairbhe iomlán a bhaint as na tairiscintí atá ar fáil ar an margadh iomaíoch nuair a roghnaíonn siad déanamh amhlaidh. Chuige sin, ba cheart iad a chur ar an eolas go díreach agus go tráthrialta i dtaobh na dtairiscintí agus na gcoigilteas atá ar fáil ar an margadh iomaíoch, agus ba cheart cúnamh a thabhairt dóibh le freagairt a thabhairt ar thairiscintí margadhbhunaithe agus tairbhe a bhaint astu. |
|
(25) |
Níor cheart tras-fhóirdheonú díreach idir catagóirí éagsúla custaiméara a bheith mar thoradh ar idirghabhálacha poiblí ó thaobh socrú praghsanna don soláthar gáis nádúrtha. I gcomhréir leis an bprionsabal sin, níor cheart le córais praghsanna a chur faoi deara go sainráite do chatagóirí áirithe custaiméara costas na n-idirghabhálacha praghsanna a mbíonn éifeacht acu ar chatagóirí eile custaiméara a sheasamh. Níor cheart baint a bheith ag oibleagáidí seirbhíse poiblí maidir le socrú praghsanna ach le soláthar gáis nádúrtha, toisc nach meastar go mbeidh an hidrigin á húsáid ag custaiméirí teaghlaigh chun críocha téimh ar scála leathan. Meastar gur leis an tionscal den chuid is mó a bhainfidh an margadh do hidrigin, áit nach n-éilítear idirghabhálacha poiblí den sórt sin. |
|
(26) |
Ba cheart faisnéis shoiléir intuigthe a chur ar fáil do na tomhaltóirí maidir leis na cearta atá acu i ndáil leis an earnáil fuinnimh. Rinne an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha lena n-áirítear na Ballstáit, údaráis rialála, comhlachtaí tomhaltóirí agus gnóthais gáis nádúrtha, seicliosta inrochtana so-úsáidte a bhunú do na tomhaltóirí fuinnimh lena soláthrófar faisnéis phraiticiúil do na tomhaltóirí maidir lena gcearta. Ba cheart an seicliosta sin do na tomhaltóirí fuinnimh a choinneáil cothrom le dáta, a sholáthar do na tomhaltóirí uile agus a chur ar fáil go poiblí. |
|
(27) |
Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh go n-éilíonn aistriú rathúil fuinnimh infheistíocht fheabhsaithe san oideachas, san oiliúint agus i scileanna d’oibrithe in earnálacha an gháis nádúrtha agus na hidrigine, lena n-áirítear i ndáil le forbairt bonneagair, éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmchláir úsáideoirí deiridh a úsáideann roghanna malartacha atá níos costéifeachtaí agus níos dícharbónaithe. Bheadh infheistíocht den sórt sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2023/1791. |
|
(28) |
Leis na rialacha margaidh, ba cheart custaiméirí a chosaint agus a chumhachtú chun na roghanna is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a dhéanamh, ionas go mbeidh an gás agus an hidrigin in-athnuaite nua agus an gás agus an hidrigin ísealcharbóin nua ina ndlúthchuid den aistriú fuinnimh. |
|
(29) |
Tá príomhról ag gás nádúrtha i soláthar an fhuinnimh de dhroim go bhfuil tomhaltas fuinnimh teaghlaigh ó ghás nádúrtha níos airde fós ná an tomhaltas fuinnimh teaghlaigh ó leictreachas. Cé gur príomhghné den aistriú glas é an leictriú, leanfaidh tomhaltas gáis nádúrtha na dteaghlach, lena n-áirítear toirt mhéadaitheach gáis in-athnuaite, go háirithe an bithmheatán, de bheith ann amach anseo. |
|
(30) |
In earnáil an gháis nádúrtha, lena n-áirítear an margadh miondíola do ghás nádúrtha, níor cuireadh na forálacha maidir le rannpháirtíocht agus cosaint na dtomhaltóirí in oiriúint do riachtanais an aistrithe fuinnimh. |
|
(31) |
Is íseal é leibhéal sástachta agus rannpháirtíochta na gcustaiméirí agus is mall mar atáthar ag glacadh leis an ngás in-athnuaite agus ísealcharbóin nua sa mhargadh do ghás nádúrtha, rud a léiríonn gur teoranta an iomaíocht i roinnt mhaith Ballstát. Tháinig méadú ar phraghsanna an gháis nádúrtha le haghaidh custaiméirí teaghlaigh le 10 mbliana anuas agus, mar thoradh air sin, bhí ar chustaiméirí teaghlaigh a dhá nó a thrí oiread níos mó a íoc as a dtomhaltas gáis nádúrtha ná a bhí le híoc ag custaiméirí tionsclaíocha. |
|
(32) |
Mar atá san earnáil leictreachais, tá solúbthachtaí margaidh agus creat dlíthiúil leordhóthanach de chuid an Aontais maidir le cearta tomhaltóirí fíor-riachtanach in earnáil an gháis nádúrtha chun a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh agus tairbhiú de na praghsanna inacmhainne, de na caighdeáin mhaithe seirbhíse agus den rogha éifeachtach tairiscintí a fhreagraíonn d’fhorbairtí teicneolaíocha. |
|
(33) |
Meastar go mbainfear amach an t-athrú ó ghás iontaise chuig gás in-athnuaite malartach ach an fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a bheith ina rogha tharraingteach neamh-idirdhealaitheach do thomhaltóirí bunaithe ar fhaisnéis fhíor-thrédhearcach ina mbeadh na costais aistrithe á ndáileadh go cothrom i measc grúpaí éagsúla tomhaltóirí agus rannpháirtithe sa mhargadh. Mar sin féin, ní bhíonn an t-athrú ó ghás nádúrtha go teicneolaíochtaí in-athnuaite eile chomh furasta céanna de ghnáth i ngeall ar an éifeacht ghaibhnithe a bhaineann leis an trealamh a bhíonn mar bhonn taca leis. I gcás ina ndéantar bonneagar gáis nádúrtha a dhíchoimisiúnú, ba cheart bearta a dhéanamh i gcomhthráth lena dtabharfaí aghaidh ar na héifeachtaí díobhálacha ar chustaiméirí deiridh, go háirithe custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí teaghlaigh a dhéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, chomh maith le bearta lena dtabharfaí aghaidh ar neamhionannais a eascraíonn as an aistriú fuinnimh. Ba cheart tomhaltóirí gáis nádúrtha a chosaint ar mhéadú na dtaraifí nuair is gá sócmhainní gáis nádúrtha a dhímheas, ar thras-fhóirdheonú idir úsáideoirí gáis agus hidrigine agus ar tharaifí gáis nádúrtha níos airde ag eascairt as laghdú ar an mbonn custaiméirí. |
|
(34) |
Chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann faoi láthair sa mhargadh miondíola do ghás nádúrtha, is den riachtanas é dul i ngleic leis na bacainní iomaíochta agus teicniúla atá ann faoi láthair ar theacht chun cinn soláthair fuinnimh mhalartaigh atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite, seirbhísí nua, leibhéil seirbhíse níos fearr agus praghsanna níos ísle do thomhaltóirí, agus ag an am céanna cosaint á háirithiú do chustaiméirí leochaileacha agus do chustaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh. |
|
(35) |
Chun ardleibhéal cosanta agus cumhachtaithe do thomhaltóirí a áirithiú go comhsheasmhach ar fud na n-earnálacha fuinnimh, ba cheart don chreat dlí sa mhargadh dícharbónaithe do ghás nádúrtha a bheith ar aon dul leis an gcosaint custaiméirí sa mhargadh do leictreachas agus, i gcás inarb ábhartha, lena forálacha cumhachtaithe, agus ba cheart a chur san áireamh leis an gcreat sin éifeachtúlacht an chórais fuinnimh, agus cuspóirí an Aontais maidir le slándáil an tsoláthair, éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite. |
|
(36) |
Chun a bheith comhleanúnach agus éifeachtach, ba cheart gach foráil maidir le cosaint agus cumhachtú tomhaltóirí a chuimsiú sa chur chuige seo lena ndéantar aithris ar ghnéithe áirithe den mhargadh do leictreachas, nuair is féidir sin a dhéanamh agus nuair is féidir an cur chuige sin a chur in oiriúint don mhargadh do ghás nádúrtha. Ba cheart an méid a leanas a chuimsiú leis sin - ó chearta bunúsacha conarthacha go dtí rialacha maidir le faisnéis bhilleála, an t-athrú ó sholáthraí fuinnimh amháin go ceann eile, an rochtain ar uirlisí comparáide iontaofa, cosaint do chustaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, cosaint leormhaith sonraí a áirithiú i gcás méadair chliste agus bainistiú sonraí, agus réiteach malartach díospóidí éifeachtúil. |
|
(37) |
Agus comhsheasmhacht na bhforálacha sna hearnálacha á saothrú, ba cheart na hualaí ar chórais riaracháin náisiúnta agus ar ghnólachtaí a choinneáil teoranta agus comhréireach, lena n-áirítear trí bheith ag brath ar an taithí a fuarthas agus gníomhartha dlí an Aontais a áirítear sa phacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’ á gceapadh, amhail Rialacháin (AE) 2018/1999 (22), (AE) 2019/941 (23), (AE) 2019/942 (24), (AE) 2019/943 agus Treoracha (AE) 2018/844 (25), (AE) 2018/2001, (AE) 2018/2002 (26), agus (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(38) |
Meastar go mbeidh tairbhí suntasacha eacnamaíocha agus comhshaoil mar thoradh ar nuachóiriú na hearnála gáis nádúrtha ó thaobh feabhas a chur ar iomaíocht mhiondíola agus na tairbhí sóisialta agus dáileacháin a bhaineann léi, agus cumhachtú custaiméirí, lena n-áirítear cearta conarthacha níos láidre agus faisnéis níos fearr a bheith ar fáil maidir le tomhaltas agus foinsí fuinnimh as a n-eascróidh roghanna níos glaise, chomh maith le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a bheith á gcur chun feidhme, úsáid gáis iontaise a bheith á laghdú nó athrú ó ghás iontaise chuig foinsí fuinnimh atá níos inbhuanaithe. Ba cheart do na pobail fuinnimh is inspéise rannchuidiú le glacadh an gháis in-athnuaite. |
|
(39) |
Maidir le custaiméir a bheith ag athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile, is táscaire tábhachtach é sin de rannpháirtíocht na gcustaiméirí agus is uirlis thábhachtach é chun borradh a chur faoin iomaíocht sna margaí do ghás nádúrtha agus do hidrigin araon agus ba cheart, dá bhrí sin, é a ráthú mar cheart bunúsach do chustaiméirí. Mar sin féin, tá neamhréireacht i dtaca le rátaí athraithe idir na Ballstáit agus díspreagtar tomhaltóirí athrú ó fhoinse fuinnimh amháin go foinse eile agus ó sholáthróir amháin go soláthróir eile leis na táillí scoir agus foirceanta. Cé go bhféadfaí rogha na gcustaiméirí a theorannú dá mbainfí na táillí sin trí dheireadh a chur le táirgí atá bunaithe ar dhílseacht custaiméirí, ba cheart go bhfeabhsófaí leas tomhaltóirí, rannpháirtíocht tomhaltóirí agus an iomaíocht sa mhargadh dá ndéanfaí úsáid na dtáillí sin a shrianadh a thuilleadh. |
|
(40) |
Le hamanna níos giorra chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, seans maith go spreagfar custaiméirí le margaí fuinnimh níos fearr a chuardach agus athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile. Agus an teicneolaíocht faisnéise á himscaradh níos mó agus níos mó, ba cheart é a bheith indéanta faoi 2026 an próiseas athraithe teicniúil ina gcláraíonn oibreoir margaidh soláthróir nua i bpointe méadrúcháin a thabhairt chun críche laistigh de 24 uair an chloig ar aon lá oibre. Trína áirithiú gur féidir le próiseas teicniúil an athraithe tarlú laistigh de 24 uair an chloig faoi 2026, dhéanfaí amanna chun athrú a íoslaghdú, rud a chabhródh le rannpháirtíocht na dtomhaltóirí agus leis an iomaíocht mhiondíola a mhéadú. |
|
(41) |
Ach a mbeifí in ann athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile laistigh de 24 uair an chloig, bheadh na margaí do ghás nádúrtha agus do hidrigin ar aon dul lena bhfuil i bhfeidhm cheana sa mhargadh do leictreachas, ag a bhfuil feidhmiúlachtaí cúil comhchosúla agus riachtanais chomhchosúla maidir le bunachar sonraí TF. Dá ndéanfaí na hamanna chun athrú a chomhchuibhiú idir earnálacha, rachfaí chun tairbhe do na tomhaltóirí uile, go háirithe iad siúd atá ar chonarthaí débhreosla. Le hamanna níos giorra chun athrú do thomhaltóirí, níor cheart difear a dhéanamh d'oibleagáidí cothromaíochta an tsoláthróra. |
|
(42) |
Cuireann roinnt tosca bac ar chustaiméirí rochtain a fháil ar na foinsí éagsúla faisnéise faoin margadh atá ar fáil dóibh, iad a thuiscint agus gníomhú bunaithe orthu. Fágann sé sin gur cheart inchomparáideacht na dtairiscintí a fheabhsú, trí fhaisnéis leordhóthanach do chustaiméirí ar bhonn uirlisí comparáide do chustaiméirí, agus ba cheart deireadh a chur le bacainní gan údar ar athrú gan teorannú míchuí a dhéanamh ar rogha na gcustaiméirí. Tá sé ríthábhachtach freisin go gcuirfeadh soláthróirí faisnéis réamhchonarthach shoiléir, intuigthe ar fáil do chustaiméirí, ionas go mbeidh na custaiméirí go hiomlán ar an eolas faoi shonraí agus iarmhairtí an chonartha. |
|
(43) |
Is modh éifeachtach do chustaiméirí beaga iad uirlisí comparáide neamhspleácha, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, chun measúnú a dhéanamh ar an bhfiúntas a bhaineann leis na tairiscintí fuinnimh éagsúla atá ar fáil ar an margadh. Ba cheart é a bheith d’aidhm leo an raon is leithne is féidir de na tairiscintí atá ar fáil a chumhdach, agus an cumhdach is iomláine agus is indéanta a thabhairt ar an margadh, sa chaoi go mbeidh forléargas sách cuimsitheach ag an gcustaiméir. I gcás ina gcuirtear an fheidhmíocht chomhshaoil chun cinn mar ghné bhunriachtanach den tairiscint, ba cheart tuairisc ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil a áireamh in uirlisí comparáide freisin. Tá sé ríthábhachtach rochtain a bheith ag custaiméirí beaga ar uirlis chomparáide amháin ar a laghad agus an fhaisnéis a thugtar sna huirlisí sin a bheith iontaofa, neamhchlaonta, trédhearcach, sothuigthe. Chuige sin, d’fhéadfadh na Ballstáit foráil d’uirlis chomparáide a bheadh á hoibriú ag údarás náisiúnta nó ag cuideachta phríobháideach agus dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí, maidir le critéir le haghaidh uirlisí comparáide. |
|
(44) |
Ba cheart do na custaiméirí deiridh a bheith in ann gás in-athnuaite féinghinte a ídiú, a stóráil agus a dhíol agus an dlí is infheidhme maidir le táirgeadh gáis in-athnuaite á chomhlíonadh, go háirithe i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach sna margaí do ghás nádúrtha uile trí sheirbhísí coimhdeacha a sholáthar don chóras, mar shampla, trí stóráil fuinnimh, agus a gcearta mar chustaiméirí deiridh á gcoinneáil acu faoin Treoir seo ag an am céanna. Le socruithe comhchoiteanna idir custaiméirí gníomhacha, soláthraítear deiseanna do sholáthraithe seirbhíse agus do ghnólachtaí áitiúla, go háirithe FBManna, chun cur le cothromú agus solúbthacht na gcóras. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann forálacha éagsúla a bheith acu ina ndlí náisiúnta a mhéid a bhaineann le cánacha agus tobhaigh ar chustaiméirí gníomhacha aonair agus ar chustaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go comhpháirteach. |
|
(45) |
Is modh tábhachtach iad na billí agus an fhaisnéis bhilleála chun eolas agus cumhacht a thabhairt do na custaiméirí deiridh. Is iad billí fuinnimh an t-ábhar imní is mó agus an fhoinse gearán is coitianta i measc tomhaltóirí, rud a rannchuidíonn le leibhéil sheasta ísle shástacht agus rannpháirtíocht na dtomhaltóirí in earnáil an gháis nádúrtha. Tá na forálacha maidir le faisnéis bhilleála in earnáil an gháis chun deiridh ar na cearta a dheonaítear do chustaiméirí san earnáil leictreachais. Dá bhrí sin, is gá iad a ailíniú agus íoscheanglais maidir le billeáil agus faisnéis bhilleála in earnáil an gháis a leagan síos chun go mbeidh rochtain ag custaiméirí ar fhaisnéis atá trédhearcach, iomlán agus sothuigthe. Ba cheart faisnéis faoina dtomhaltas agus faoina gcostais, faoi astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin, agus faoina sciar den ghás in-athnuaite agus den ghás ísealcharbóin a chur in iúl do na custaiméirí deiridh sna billí, faisnéis lenar féidir comparáid a dhéanamh idir tairiscintí agus athrú á dhéanamh ó sholáthróir amháin nó ó fhoinse fuinnimh amháin go ceann eile, mar aon le faisnéis faoina gcearta tomhaltóirí, mar shampla faoi réiteach malartach díospóidí. Ina theannta sin, ba cheart billí a úsáid mar uirlis chun dul i mbun plé gníomhach le tomhaltóirí sa mhargadh ionas gur féidir le tomhaltóirí a bpatrúin tomhaltais a bhainistiú agus roghanna níos glaise a dhéanamh. Tá sé tábhachtach faisnéis chuimsitheach chruinn a chur ar fáil do thomhaltóirí chun a áirithiú go mbíonn siad ar an eolas faoina dtionchar ar an gcomhshaol agus go bhféadfaidh siad, dá bhrí sin, a chur in iúl gur fearr leo na hiompróirí fuinnimh is inbhuanaithe. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2023/1791 a leasú dá réir. |
|
(46) |
Tá tábhacht le soláthar tráthrialta faisnéise billeála atá beacht agus bunaithe ar thomhaltas iarbhír gáis nádúrtha chun cabhrú le custaiméirí smacht a bheith acu ar a dtomhaltas gáis nádúrtha agus ar a gcostais gháis nádúrtha. Mar sin féin, ba cheart rochtain a bheith ag custaiméirí, go háirithe custaiméirí teaghlaigh, ar shocruithe solúbtha i ndáil lena mbillí a íoc iarbhír. |
|
(47) |
Is gné thábhachtach den soláthar do chustaiméirí í an rochtain ar shonraí tomhaltais atá oibiachtúil trédhearcach. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith ag tomhaltóirí ar a gcuid sonraí tomhaltais agus ar phraghsanna agus costais seirbhísí a bhaineann leo, lena n-áirítear mar shampla, i gcás inarb ábhartha, an praghas atá ar sheirbhísí breise, árachais agus seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh, ionas gur féidir leo iarraidh ar iomaitheoirí tairiscint a dhéanamh ar bhonn na faisnéise sin. Ba cheart an ceart a bheith ag tomhaltóirí freisin a bheith ar an eolas go cuí faoina dtomhaltas fuinnimh. Le réamhíocaíochtaí, níor cheart míbhuntáiste díréireach a leagan ar úsáideoirí, agus ag an am céanna, ba cheart córais íocaíochta éagsúla a bheith neamh-idirdhealaitheach. Le faisnéis faoi chostais fuinnimh a sholáthar do thomhaltóirí sách minic, ba cheart go gcruthófaí dreasachtaí maidir le laghduithe fuinnimh mar go dtabharfar aiseolas díreach do chustaiméirí maidir leis na héifeachtaí atá ag an infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh agus ag an athrú iompair. |
|
(48) |
Aon chinneadh náisiúnta faoi chórais méadraithe chliste gáis nádúrtha a chur chun feidhme, ba cheart é a dhéanamh tar éis measúnuithe costais is tairbhe a dhéanamh. I measúnuithe den sórt sin, ba cheart a chur san áireamh na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le córais méadraithe chliste a imscaradh do thomhaltóirí agus don slabhra luacha iomlán. Dá mba rud é go gcinnfí de bharr an mheasúnaithe sin nach bhfuil tabhairt isteach na gcóras méadrúcháin sin réasúnach ó thaobh na heacnamúlachta agus na costéifeachta de ach amháin i gcás tomhaltóirí a bhfuil tomhaltas gáis nádúrtha áirithe acu, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann é sin a chur san áireamh agus iad ag dul ar aghaidh leis an imscaradh. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnuithe den sórt sin go tráthrialta mar fhreagairt ar athruithe suntasacha sna toimhdí bunúsacha, agus ar aon chaoi gach 4 bliana ar a laghad, i bhfianaise ardluas na bhforbairtí teicneolaíocha. Cur chun feidhme teoranta córas méadraithe chliste, mar shampla treoirthionscadail agus céimeanna tástála, ní mheastar é mar imscaradh na gcóras sin de réir bhrí na Treorach seo. |
|
(49) |
Chun cuidiú le rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí deiridh sa mhargadh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar úsáid na gcaighdeán ábhartha atá ar fáil agus na córais méadraithe chliste á n-imscaradh, lena n-áirítear na córais trínar féidir idir-inoibritheacht a bheith ann ar leibhéal na samhla sonraí agus na feidhme, ar dhea-chleachtais agus ar a thábhachtaí atá sé malartú sonraí a fhorbairt, mar aon le seirbhísí fuinnimh todhchaíocha agus nuálacha. Thairis sin, níor cheart na córais méadraithe chliste a chuirtear chun feidhme a bheith ina mbacainn ar athrú a dhéanamh ó sholáthróir amháin go ceann eile i gcás tomhaltóirí gáis nádúrtha agus ba cheart feidhmiúlachtaí atá oiriúnach dá gcuspóir a bheith acu a chuireann ar chumas na gcustaiméirí deiridh rochtain thráthúil a bheith acu ar shonraí faoina dtomhaltas, a n-iompar fuinnimh a mhodhnú, luach saothair a fháil as, agus coigiltí a fháil ar a mbillí. Ba cheart comhairle a thabhairt do ghrúpaí tomhaltóirí maidir le conas méadair chliste a úsáid chun a n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. |
|
(50) |
Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil méadrú cliste á imscaradh go córasach acu i gcóras an gháis nádúrtha an deis a thabhairt do thomhaltóirí tairbhiú de shuiteáil méadar cliste, arna iarraidh sin dóibh, faoi dhálaí cothroma réasúnacha agus na costais ghaolmhara á n-íoc acu ag an am céanna, agus ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar dóibh. |
|
(51) |
Faoi láthair, tá samhlacha difriúla don bhainistiú sonraí forbartha sna Ballstáit nó á bhforbairt iontu tar éis do chórais meadrúcháin chliste a bheith imscartha. Gan beann ar an tsamhail bainistithe sonraí, tá sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit rialacha trédhearcacha i bhfeidhm, lenar féidir rochtain a fháil ar shonraí faoi dhálaí neamh-idirdhealaitheacha agus lena n-áirithítear an leibhéal cibearshlándála agus cosanta sonraí is airde chomh maith le neamhchlaontacht na n-eintiteas a bhíonn ag próiseáil sonraí. |
|
(52) |
Ráthaítear gurbh fhearr a bheidh cosaint na dtomhaltóirí ach modhanna éifeachtacha réitigh díospóidí a bheith ar fáil do gach tomhaltóir. Ba cheart do na Ballstáit foráil do nósanna imeachta tapa éifeachtacha chun gearáin a láimhseáil. Ba cheart faisnéis faoi láimhseáil gearán a sholáthar i gconarthaí na gcustaiméirí agus san fhaisnéis bhilleála. |
|
(53) |
Agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmiú a sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht agus comhlíontacht na ngnóthas gáis nádúrtha a chur san áireamh. |
|
(54) |
Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh, mar shampla sochair a sholáthar trí bhíthin a gcóras slándála sóisialta chun an soláthar riachtanach a áirithiú do chustaiméirí leochaileacha, agus trí thacú le feabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus imscaradh an fhuinnimh in-athnuaite, chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh ar bhealach inbhuanaithe, lena n-áirítear i gcomhthéacs níos ginearálta na bochtaineachta í féin. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith éagsúil de réir na n-imthosca ar leith sna Ballstáit lena mbaineann agus d’fhéadfaí bearta den bheartas sóisialta nó fuinnimh a áireamh orthu i ndáil le billí ar bith gáis nádúrtha agus hidrigine a íoc, le hinfheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh cónaithe, nó le cosaint tomhaltóirí, mar shampla coimircí i gcoinne dínascadh. |
|
(55) |
I Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún (27) an 14 Deireadh Fómhair 2020 agus i Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún (28) an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh, leagtar amach dea-chleachtais chun an bhochtaineacht fuinnimh a shainiú ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear táscairí iomchuí chun an bhochtaineacht fuinnimh a thomhas, agus le haghaidh bearta struchtúracha agus feabhsuithe is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na bochtaineachta fuinnimh. Leagtar béim ar infheistíochtaí i mbearta struchtúracha chun dul i ngleic le feidhmíocht íseal fuinnimh tithe agus fearas agus ar an dícharbónú agus ar imscaradh foinsí in-athnuaite, chomh maith le bearta eile arb é is aidhm dóibh faisnéis a chur ar fáil maidir le bealaí a bhféadfaí billí fuinnimh a laghdú agus cleachtais coigilte fuinnimh a thabhairt isteach, tacú le saoránaigh dul isteach i bpobail fuinnimh nó iad a spreagadh dul i dtreo réitigh fuinnimh in-athnuaite. |
|
(56) |
Cuireann an dínascadh isteach go mór ar an rochtain a bhíonn ag custaiméirí ar an soláthar gáis nádúrtha atá de dhíth orthu, go háirithe, chun a dtithe a théamh. Is iad na custaiméirí sin atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus custaiméirí leochaileacha is mó a bhíonn thíos le dínascadh an gháis nádúrtha agus ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh ionas go gcoiscfí na custaiméirí sin a dhínascadh ar chúiseanna eacnamaíocha nó tráchtála. Tá an iliomad uirlisí agus dea-chleachtas ar fáil do na Ballstáit lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh seo, toirmisc ar dhínascadh ó cheann ceann na bliana nó ar bhonn séasúrach, fiachas a sheachaint, agus réitigh inbhuanaithe chun tacú le custaiméirí i gcruatan a mbillí fuinnimh a íoc. Ba cheart do na Ballstáit na huirlisí is iomchuí a shainaithint bunaithe ar a n-imthosca náisiúnta féin. Níor cheart éifeacht a bheith ag bearta den sórt sin ar chustaiméirí a bheith á ndínascadh go sealadach ag oibreoirí gréasáin i gcás éigeandála, nuair nach bhfuil réamhfhógra á thabhairt i gcás ina bhfuil an dínascadh á dhéanamh ar chúiseanna sábháilteachta, agus nuair atá réamhfhógra á thabhairt, i gcás inarb indéanta, i gcás ina bhfuil an dínascadh á dhéanamh ar chúiseanna cothabhála. |
|
(57) |
Tá sé de cheart ag custaiméirí leas a bhaint as nósanna imeachta gearáin arna mbainistiú ag a soláthróirí, chomh maith le nósanna imeachta réitithe díospóidí lasmuigh den chúirt, ionas go ndéanfar a gcearta a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus ionas nach mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste i gcás easaontais le soláthróirí, go háirithe maidir le billí nó an méid atá dlite. I gcás ina mbaineann custaiméirí leas as na nósanna imeachta sin, níor cheart do sholáthróirí conarthaí a fhoirceannadh ar bhonn fíricí atá fós faoi dhíospóid. Ba cheart do sholáthróirí agus do chustaiméirí araon leanúint dá gcearta conarthacha agus dá n-oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh, go háirithe gás nádúrtha a sholáthar agus íoc as an ngás nádúrtha sin, agus níor cheart do nósanna imeachta gearáin a bheith mar fhoras le mí-úsáid lena bhféadfadh custaiméirí fealladh ar a n-oibleagáidí conarthacha, lena n-áirítear a mbillí a íoc. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a chur i bhfeidhm ionas nach n-úsáidfí na nósanna imeachta gearáin nó réitithe díospóide sin ar bhealach saofa. |
|
(58) |
Chun leanúnachas an tsoláthair a áirithiú do thomhaltóirí, go háirithe i gcásanna ina gcliseann an soláthróir, ba cheart do na Ballstáit córas sholáthróir na dála deiridh a bhunú nó ba cheart dóibh bearta coibhéiseacha a dhéanamh. Ba cheart a bheith in ann soláthróir na dála deiridh a cheapadh sula dteipfidh ar an soláthróir nó tráth a theipeann air. Féadfar déileáil le soláthróir na dála deiridh sin mar sholáthraí seirbhíse uilíche. D’fhéadfadh soláthróir na dála deiridh a bheith ina rannóg díolacháin i ngnóthas atá comhtháite go hingearach, a dhéanann feidhmeanna dáileacháin freisin, ar choinníoll go gcomhlíonann sé ceanglais na Treorach seo maidir le díchuachadh. Ní cheart go dtabharfaí le tuiscint leis sin, áfach, go mbeadh oibleagáid ar na Ballstáit soláthar a dhéanamh ar phraghas íosta socraithe áirithe. I gcás ina gcuireann Ballstát oibleagáid ar sholáthraí na dála deiridh gás nádúrtha a sholáthar do chustaiméir nach bhfaigheann tairiscintí margadhbhunaithe, ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Treoir seo, agus ní fhéadfaidh baint a bheith ag an oibleagáid sin le praghas rialáilte ach amháin a mhéid atá an custaiméir sin i dteideal tairbhe a bhaint as praghsanna rialáilte. Agus measúnú á dhéanamh acu an bhfuil tairiscintí a fhaigheann custaiméirí neamhtheaghlaigh bunaithe ar an margadh, ba cheart do na Ballstáit na himthosca aonair tráchtála agus teicniúla a chur san áireamh. Más rud é, roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, go bhfuil soláthróir na dála deiridh do ghás nádúrtha ceaptha ag Ballstát cheana féin trí nós imeachta cothrom trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, ní gá nós imeachta nua a reáchtáil chun soláthróir na dála deiridh a cheapadh. |
|
(59) |
Le simpliú agus cuíchóiriú na bpróiseas riaracháin deonaithe ceadanna agus le teorainneacha ama soiléire a leagan síos do na cinntí atá le glacadh ag na húdaráis inniúla chun údarú a eisiúint, ba cheart go n-áiritheofaí gur féidir saoráidí táirgthe hidrigine agus bonneagar córais hidrigine a imscaradh ar luas atá leormhaith gan bacainn a chur ar chomhairliúcháin phoiblí. Ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta. Beidh gá leis na húdaruithe (mar shampla ceadúnais, ceadanna, lamháltais nó formheasanna) arna ndeonú faoin dlí náisiúnta le haghaidh foirgniú agus oibriú píblínte gáis nádúrtha atá ann cheana agus sócmhainní gréasáin eile a mharthanú a luaithe a athróidh an t-iompróir fuinnimh ghásaigh arna iompar i bpíblíne gáis nádúrtha ó bheith ina ghás nádúrtha go bheith ina hidrigin (íon). Níor cheart éifeacht a bheith ag marthanú sin na n-údaruithe ar bhailíocht na gceanglas sábháilteachta teicniúil le haghaidh bonneagar hidrigine, ná ar an bhféidearthacht d’údaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin agus bearta forfheidhmiúcháin iomchuí comhréireacha a dhéanamh, lena n-áirítear go bhféadfaí na húdaruithe marthanaithe a chúlghairm, dá mbeadh údar leis. Ba cheart go gcoiscfí leis sin moill mhíchuí i ndáil le hathrú cuspóra a dhéanamh ar phíblínte gáis nádúrtha atá ann cheana agus ar shócmhainní gréasáin eile le haghaidh an iompair hidrigine. Ba cheart cás ina bhfuil na coinníollacha maidir le húdaruithe a dheonú do bhonneagar an chórais hidrigine éagsúil go hábharach a sheachaint mura bhfuil údar cuí leis. D’fhéadfadh ceisteanna teicniúla sláinte a bheith ina n-údar cuí le cur chuige difreáilte i ndáil le húdaruithe atá ann cheana a mharthanú nó údaruithe nua a eisiúint. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir le nósanna imeachta údarúcháin gan dochar don dlí idirnáisiúnta ná do dhlí an Aontais, lena n-áirítear forálacha chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint. I gcás cuí-réasúnaithe, ar fhorais gurb ann d’imthosca urghnácha, ba cheart a bheith in ann síneadh bliana ar a mhéid a chur leis na teorainneacha ama le haghaidh nósanna imeachta údarúcháin. |
|
(60) |
Agus treoir á tabhairt do na hiarratasóirí ó thús deireadh na bpróiseas riaracháin iarrtha agus deonaithe ceadanna ó phointe teagmhála riaracháin, féachtar leis an gcastacht a laghdú le haghaidh forbróirí tionscadail agus an éifeachtúlacht agus an trédhearcacht a mhéadú. Dá bhféadfadh iarratasóirí na doiciméid ábhartha a thíolacadh i bhfoirm dhigiteach agus dá mbeadh lámhleabhar i ndáil leis na nósanna imeachta ar fáil, d’fhéadfaí cur leis an éifeachtúlacht. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na húdaráis a chuireann nósanna imeachta údarúcháin chun feidhme rannpháirteach ar bhealach gníomhach i ngleic na mbacainní atá fós ann, lena n-áirítear bacainní nach bacainní airgeadais iad, mar shampla eolas neamhleordhóthanach, acmhainní daonna agus digiteacha neamhleordhóthanacha a chuireann bac ar phróiseáil líon méadaitheach na nósanna imeachta údarúcháin. Níor cheart go gcuirfeadh easpa acmhainneachta riaracháin bacainn ar na nósanna imeachta ceadúcháin chun nascadh leis an ngréasán tarchuir nó dáileacháin. Ina theannta sin, leis na nósanna imeachta ceadúcháin sin, níor cheart bacainní a chruthú ar bhaint amach na sprice náisiúnta i ndáil le fuinneamh in-athnuaite. |
|
(61) |
Mura ndéanfar na gréasáin a dheighilt go héifeachtach ó ghníomhaíochtaí táirgthe agus soláthair (díchuachadh éifeachtach), tá riosca go ndéanfar idirdhealú, ní hamháin in oibriú an ghréasáin, ach sna dreasachtaí do ghnóthais atá comhtháite go hingearach chun infheistíocht leordhóthanach a dhéanamh sna gréasáin atá acu freisin. |
|
(62) |
Ní féidir díchuachadh éifeachtach a áirithiú ach amháin trí dheireadh a chur leis an dreasacht do ghnóthais atá comhtháite go hingearach idirdhealú a dhéanamh i gcoinne iomaitheoirí i dtaca le rochtain ar an ngréasán agus i dtaca leis an infheistíocht. Is léir gur bealach éifeachtach cobhsaí é an díchuachadh úinéireachta, a fhágann go gceapfar úinéir an ghréasáin mar oibreoir an chórais agus go mbeidh sé neamhspleách ar aon leasanna soláthair agus táirgthe, chun an choinbhleacht leasa is gné dhílis den ghnó a réiteach agus chun slándáil an tsoláthair a áirithiú. Ar an gcúis sin, thagair Parlaimint na hEorpa, sa rún uaithi an 10 Iúil 2007 maidir leis na hionchais do na margaí inmheánacha do ghás agus do leictreachas, do dhíchuachadh úinéireachta ar an leibhéal tarchuir mar an uirlis is éifeachtaí chun infheistíochtaí sa bhonneagar a spreagadh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, rochtain chóir ar an ngréasán a bheith ag iontrálaithe nua agus trédhearcacht a bheith sa mhargadh. Faoin díchuachadh úinéireachta, ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit, dá bhrí sin, a áirithiú nach mbeidh an duine céanna i dteideal rialú a fheidhmiú ar ghnóthas táirgthe nó soláthair agus, an tráth céanna, rialú nó aon cheart a fheidhmiú ar oibreoir córais tarchuir nó ar chóras tarchuir. Os a choinne sin, ba cheart go bhfágfadh rialú ar chóras tarchuir nó ar oibreoir córais tarchuir nach bhféadfaí rialú ná aon cheart a fheidhmiú ar ghnóthas táirgthe nó soláthair. Laistigh de na teorainneacha sin, ba cheart do ghnóthas táirgthe nó soláthair a bheith in ann scairsheilbh mhionlaigh a bheith aige in oibreoir córais tarchuir nó i gcóras tarchuir. |
|
(63) |
Ba cheart d’aon chóras um dhíchuachadh a bheith éifeachtach ó thaobh fáil réidh le haon choinbhleacht leasa idir táirgeoirí, soláthróirí agus oibreoirí córais tarchuir, chun dreasachtaí a chruthú do na hinfheistíochtaí is gá agus chun rochtain na n-iontrálaithe nua ar an margadh a rathú faoi chóras rialála atá trédhearcach éifeachtach, agus níor cheart dó córas rialála róthrom a chruthú do na húdaráis rialála. |
|
(64) |
Tá an sainmhíniú ar an téarma ‘rialú’ sa Treoir seo ailínithe le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (29). |
|
(65) |
I bhfianaise na nasc ingearach idir earnáil an leictreachais agus earnáil an gháis nádúrtha, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le díchuachadh in earnálacha an gháis nádúrtha, na hidrigine agus an leictreachais mar a shonraítear sa Treoir seo. |
|
(66) |
Maidir le hearnáil na hidrigine, ba cheart rialacha maidir le díchuachadh ingearach a chur i bhfeidhm gan mhoill. Is fearr é sin ná díchuachadh costasach ex-post a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil i gcás ina bhforbródh an earnáil comhtháthú láidir ingearach. |
|
(67) |
Faoin díchuachadh úinéireachta, agus chun neamhspleáchas iomlán a áirithiú idir oibriú an ghréasáin agus leasanna soláthair agus táirgthe agus le nach ndéanfaí faisnéise rúnda a mhalartú, níor cheart an duine céanna a bheith ina chomhalta de bhord bainistíochta oibreora córais tarchuir nó córas tarchuir agus ina chomhalta de bhord bainistíochta gnóthais a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair. Ar an gcúis chéanna, níor cheart an duine céanna a bheith i dteideal comhaltaí a cheapadh ar bhord bainistíochta oibreora córais tarchuir nó córais tarchuir ná rialú nó aon cheart a fheidhmiú ar ghnóthas táirgthe nó soláthair. |
|
(68) |
Trí oibreoir córais nó oibreoir tarchurtha a chur ar bun atá neamhspleách ar na leasanna soláthair agus táirgthe, ba cheart do ghnóthas atá comhtháite go hingearach a bheith in ann úinéireacht ar shócmhainní gréasáin a choinneáil agus, ag an am céanna, deighilt éifeachtach idir leasanna a áirithiú, ar choinníoll go ndéanann oibreoir córais neamhspleách den sórt sin nó oibreoir tarchurtha neamhspleách den sórt sin gach feidhm de chuid oibreora córais agus go bhfuil sásraí mionsonraithe rialála agus sásraí forleathana rialaithe i bhfeidhm. |
|
(69) |
Más rud é, an 3 Meán Fómhair 2009, go raibh gnóthas a bhfuil córas tarchurtha ina sheilbh aige ina chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ba cheart rogha a thabhairt do na Ballstáit idir an díchuachadh úinéireachta agus oibreoir córais nó oibreoir tarchurtha a chur ar bun atá neamhspleách ar leasanna soláthair agus táirgthe. |
|
(70) |
Chun leasanna geallsealbhóirí i ngnóthas atá comhtháite go hingearach a chaomhnú go hiomlán, ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit an díchuachadh úinéireachta a chur chun feidhme trí dhífheistiú díreach nó trí scaireanna an ghnóthais chomhtháite a dheighilt ina scaireanna den ghnóthas gréasáin agus scaireanna den ghnóthas soláthair agus táirgthe atá fágtha, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a eascraíonn as díchuachadh úinéireachta. |
|
(71) |
An éifeachtacht iomlán atá ag réitigh an oibreora córais neamhspleách nó an oibreora tarchuir neamhspleách, ba cheart í a áirithiú trí bhíthin rialacha sonracha breise. Cuireann na rialacha maidir leis an oibreoir tarchuir neamhspleách creat rialála iomchuí ar fáil chun iomaíocht chothrom, infheistíocht leordhóthanach, rochtain d’iontrálaithe nua sa mhargadh agus comhtháthú na margaí do ghás nádúrtha agus do hidrigin a ráthú. Ba cheart díchuachadh éifeachtach trí na forálacha maidir le hoibreoirí tarchuir neamhspleácha a bheith bunaithe ar cholún de bhearta eagraíochtúla agus de bhearta a bhaineann le rialachas na n-oibreoirí córais tarchuir agus ar cholún de bhearta a bhaineann le hinfheistíocht, a nascann acmhainneachtaí táirgeachta nua leis an ngréasán agus a fhéachann le comhtháthú an mhargaidh a bhaint amach trí chomhar réigiúnach. Ba cheart neamhspleáchas an oibreora tarchuir, inter alia, a áirithiú freisin trí thréimhsí ‘marana’ áirithe, nach ndéantar lena linn aon bhainistiú ná aon ghníomhaíocht ábhartha eile lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis chéanna a d’fhéadfaí a fháil i ról bainistíochta, a fheidhmiú sa ghnóthas atá comhtháite go hingearach. |
|
(72) |
Chun an iomaíocht a chur chun cinn sa mhargaí inmheánacha do ghás nádúrtha agus do hidrigin, ba cheart do chustaiméirí móra nach custaiméirí teaghlaigh iad, atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí tráchtála ar mórscála, a bheith in ann a gcuid soláthróirí a roghnú agus conarthaí a dhéanamh le roinnt soláthróirí chun a gcuid riachtanas gáis nádúrtha agus hidrigine a áirithiú. Ba cheart na custaiméirí sin a chosaint i gcoinne clásail eiseachais a bhfuil d’éifeacht acu tairiscintí iomaíochta nó tairiscintí comhlántacha a eisiamh. |
|
(73) |
Ba cheart é a bheith de cheart ag Ballstát díchuachadh iomlán úinéireachta ina chríoch a roghnú. I gcás ina bhfuil an ceart sin á fheidhmiú ag Ballstát, níor cheart é a bheith de cheart ag gnóthas oibreoir córais neamhspleách ná oibreoir tarchuir neamhspleách a chur ar bun, mura bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo. Thairis sin, an gnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair, níor cheart don ghnóthas sin rialú ná aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchuir ó Bhallstát a bhfuil díchuachadh iomlán úinéireachta roghnaithe aige. |
|
(74) |
Tá eagrúchán margaidh de chineálacha éagsúla ann sa mhargadh inmheánach do ghás nádúrtha. Na bearta a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhéanamh chun cothrom iomaíochta a áirithiú, ba cheart iad a bheith bunaithe ar cheanglais sháraitheacha an leasa ghinearálta. Ba cheart dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht na mbeart le CFAE agus le dlí ábhartha eile an Aontais. |
|
(75) |
Agus díchuachadh éifeachtach á chur chun feidhme, ba cheart prionsabal an neamh-idirdhealaithe idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a urramú. Chuige sin, níor cheart an duine céanna a bheith in ann rialú ná aon cheart a fheidhmiú, de shárú ar na rialacha maidir le díchuachadh úinéireachta nó ar an rogha maidir le hoibreoir córais neamhspleách, leis féin nó go comhpháirteach, ar chomhdhéanamh, vótáil nó cinneadh chomhlachtaí na n-oibreoirí córais tarchuir nó na gcóras tarchuir ná comhlachtaí na ngnóthas táirgthe nó soláthair. Maidir leis an díchuachadh úinéireachta agus réiteach an oibreora córais neamhspleách, ar choinníoll go bhfuil an Ballstát lena mbaineann in ann a léiriú go bhfuil an ceanglas á chomhlíonadh, ba cheart do dhá chomhlacht phoiblí ar leith a bheith in ann na gníomhaíochtaí táirgthe agus soláthair a rialú ar thaobh amháin agus na gníomhaíochtaí tarchuir a rialú ar an taobh eile. |
|
(76) |
Ba cheart feidhm a bheith ag deighilt lánéifeachtach idir gníomhaíochtaí gréasáin agus gníomhaíochtaí soláthair agus táirgthe ar fud an Aontais, maidir le gnóthais de chuid an Aontais agus gnóthais tríú tír araon. Lena áirithiú go bhfanfaidh gníomhaíochtaí gréasáin agus gníomhaíochtaí soláthair agus táirgthe ar fud an Aontais neamhspleách ar a chéile, ba cheart an chumhacht a thabhairt d’údaráis rialála chun deimhniúchán a dhiúltú d’oibreoirí córais tarchuir nach gcomhlíonann na rialacha maidir le díchuachadh. Lena áirithiú go gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart do na húdaráis rialála tuairim an Choimisiúin a chur san áireamh an méid is mó is féidir nuair a dhéanann siad cinntí maidir le deimhniúchán. Lena áirithiú, ina theannta sin, go n-urramófar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus chun an dlúthpháirtíocht agus slándáil fuinnimh laistigh den Aontas a áirithiú, ba cheart é a bheith de cheart ag an gCoimisiún tuairim a thabhairt maidir le deimhniúchán i ndáil le húinéir córais tarchuir nó le hoibreoir córais tarchuir atá faoi rialú duine ó thríú tír. Agus an measúnú sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún an caidreamh tráchtála a chur san áireamh a d’fhéadfadh éifeacht dhiúltach a bheith aige ar na dreasachtaí agus ar chumas an oibreora na cúraimí atá air a fheidhmiú, mar aon le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus aon fhíoras nó imthoisc shonrach eile a bhaineann leis an gcás. Ba cheart a áireamh ar fhíorais agus ar imthosca den sórt sin laghduithe arna ndéanamh agus iad ina n-uirlis troda ar sholáthairtí gáis nádúrtha agus cúbláil na margaí trí shuaitheadh d’aon ghnó ar shreafaí gáis nádúrtha ar léir go bhféadfaidís tionchar díreach tromchúiseach a imirt ar leasanna slándála idirnáisiúnta bunriachtanacha an Aontais na mBallstát. |
|
(77) |
Ba cheart gréasáin píblínte do hidrigin a bheith ina modh tábhachtach inbhuanaithe éifeachtúil chun hidrigin a iompar, idir ar tír agus amach ón gcósta. Mar thoradh ar an gcaiteachas ard caipitil a theastaíonn lena bhfoirgniú, d’fhéadfadh gréasáin píblínte hidrigine a bheith ina monaplachtaí nádúrtha. Léirigh an taithí i ndáil le rialáil na margaí do ghás nádúrtha an tábhacht a bhaineann le rochtain oscailte agus neamh-idirdhealaitheach ar ghréasán píblínte a áirithiú d’fhonn iomaíocht sna margaí tráchtearraí a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart prionsabail sheanbhunaithe i ndáil le hoibriú an ghréasáin, mar shampla rochtain tríú páirtí, a bheith infheidhme maidir le gréasáin hidrigine ar tír agus amach ón gcósta san Aontas. |
|
(78) |
Ba cheart na sainmhínithe ar ‘tarchur hidrigine’ agus ‘dáileadh hidrigine’ atá sa Treoir seo a bheith bunaithe ar fheidhmeanna na gcatagóirí gréasáin ábhartha agus ar na cineálacha bonneagair nasctha. |
|
(79) |
I bhfianaise chuspóir tábhachtach na n-idirnascairí hidrigine mar ghréasáin hidrigine a nascann gréasáin náisiúnta hidrigine na mBallstát, ba cheart d’oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine na hidirnascairí hidrigine sin a oibriú. I gcásanna an-teoranta agus i gcás ina leagtar amach gréasán dáilte hidrigine sa phlean forbartha gréasáin ábhartha, d’fhéadfaí é a nascadh le gréasán tarchurtha hidrigine i mBallstát eile. Ar choinníoll nach bhfuil an gréasán dáileacháin sin nasctha freisin le gréasán tarchurtha nó dáilte hidrigine sa Bhallstát ina bhfuil an gréasán dáilte hidrigine lonnaithe, is mar ghréasán dáilte hidrigine ba cheart é a oibriú. |
|
(80) |
Gréasáin dáilte hidrigine, a fhónann den chuid is mó chun soláthar a chur ar fáil do chustaiméirí atá nasctha go díreach leo, ba cheart dóibh tairbhiú de chóras rialála níos éadroime i ndáil le díchuachadh ingearach agus pleanáil gréasáin. Níor cheart idirnascairí hidrigine a áireamh sna gréasáin sin ná níor cheart naisc le mórbhonneagar a bheith mar ghné díobh, amhail críochfoirt nó saoráidí mórscála faoi thalamh — ach amháin más gréasán gáis nádúrtha a ndearnadh athrú cuspóra air an gréasán lena mbaineann — agus níor cheart naisc le hidirnascairí hidrigine a bheith mar ghné díobh ach chomh beag. I dtaca leis an nasc idir córas mórscála stórála agus dáileacháin faoi thalamh, a ndearnadh athrú cuspóra ar an dá cheann acu ar mhaithe le hidrigin a úsáid, féadfar píblíne nasctha nua gearr-achair le haghaidh hidrigine a iompar eatarthu a thógáil mar leathnú ar an gcóras dáileacháin atá ann cheana. Mar sin féin, níor cheart srian a chur ar nascadh suiteálacha beaga stórála hidrigine faoi thalamh nó os cionn talún, lena n-áirítear umair stórála hidrigine is éasca a mhacasamhlú, le gréasáin dáilte hidrigine ós rud é go bhfuiltear ag súil go mbeidh ról lárnach acu maidir leis na gréasáin sin a chothromú. |
|
(81) |
Ba cheart oibriú na ngréasán hidrigine a dheighilt ó ghníomhaíochtaí táirgthe agus soláthair fuinnimh chun aon riosca i ndáil le coinbhleachtaí leasa ar son na n-oibreoirí gréasáin a sheachaint. Leis an deighilt struchtúrach sin maidir le húinéireacht na ngréasán tarchurtha hidrigine agus rannpháirtíocht i dtáirgeadh agus soláthar fuinnimh, deimhnítear nach mbeidh na coinbhleachtaí leasa sin ann. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann brath ar an tsamhail mhalartach don díchuachadh atá ag an oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite d'oibreoirí córais tarchuir le haghaidh gáis nádúrtha faoi réir shamhail díchuachta an oibreora tarchuir neamhspleách agus le haghaidh gréasáin hidrigine atá ann cheana atá comhtháite go hingearach. Ba cheart a mheas gur oibreoirí deimhnithe iad oibreoirí córais tarchuir le haghaidh gáis nádúrtha a thairbhíonn de mhaolú de bhun na Treorach seo, ar mhaithe lena n-incháilitheacht a chinneadh chun samhail an oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine chomhtháite a úsáid. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann samhail an oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách a úsáid freisin chun a chur ar a gcumas d’úinéirí gréasáin tarchurtha hidrigine atá comhtháite go hingearach úinéireacht ar a ngréasáin a choinneáil agus oibriú neamh-idirdhealaitheach na ngréasán sin a áirithiú san am céanna. |
|
(82) |
Cé gur féidir le comhoibriú na ngréasán hidrigine agus gáis nádúrtha nó comhoibriú na n-eangach leictreachais sineirgí a chruthú agus gur cheart é a cheadú dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíochtaí i ndáil le hoibriú an ghréasáin tarchurtha hidrigine a eagrú in eintiteas dlíthiúil ar leith chun trédhearcacht maidir le maoiniú agus úsáid na dtaraifí rochtana a áirithiú. Maoluithe ar an gceanglas sin maidir le díchuachadh cothrománach dlíthiúil, níor cheart iad a dheonú ach amháin ar bhonn sealadach, faoi réir anailís dhearfach costais is tairbhe agus measúnú tionchair arna dhéanamh ag na húdaráis rialála. I bhfianaise a suímh iargúlta agus mhéid teoranta a margaí, ba cheart na maoluithe sin a dheonú go huathoibríoch don Eastóin, don Laitvia agus don Liotuáin go dtí 2031. Ba cheart trédhearcacht maidir le maoiniú agus úsáid na dtaraifí rochtana a áirithiú, ar aon nós, le deighilt shoiléir thrédhearcach na gcuntas faoi fhaireachán na n-údarás rialála. I gcás inar cuid de ghnóthas atá gníomhach i dtarchur nó i ndáileadh gáis nádúrtha nó leictreachais é oibreoir gréasáin hidrigine, ba cheart d’oibreoir an ghréasáin liosta a chur faoi bhráid an údaráis rialála ina dtugtar mionsonraí ar shócmhainní bonneagair an ghnóthais maidir le leithdháileadh na heangaí le haghaidh úsáid hidrigine nó gáis nádúrtha chun trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir leis an mbonn sócmhainní rialála a dheighilt. Ba cheart an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis na gnáthnósanna imeachta iniúchóireachta le haghaidh cuntas. |
|
(83) |
Chun trédhearcacht maidir leis na costais agus an maoiniú a bhaineann le gníomhaíochtaí rialáilte a áirithiú, ba cheart gníomhaíochtaí a bhaineann le hoibriú gréasáin tarchurtha hidrigine a dheighilt ó ghníomhaíochtaí eile le haghaidh iompróirí fuinnimh eile a bhaineann le hoibriú an ghréasáin, ar a laghad maidir le foirm dhlíthiúil agus cuntais na n-oibreoirí gréasáin. Ar mhaithe le hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine a dhíchuachadh go dlíthiúil, ba cheart a mheas gur leordhóthanach fochuideachta nó eintiteas dlíthiúil ar leith a chruthú laistigh de struchtúr grúpa an oibreora córais tarchurtha nó dáilte gáis nádúrtha, gan gá a bheith le díchuachadh feidhmiúil rialachais ná le deighilt na bainistíochta ná na foirne. Ba cheart, dá bhrí sin, trédhearcacht a bhaint amach maidir le costais agus maoiniú gníomhaíochtaí rialáilte gan na sineirgí agus na buntáistí costais a chailleadh a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le gréasáin éagsúla a bheith á n-oibriú. |
|
(84) |
Ba cheart na gréasáin hidrigine a bheith faoi réir rochtana tríú páirtí chun iomaíocht agus cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh do sholáthar hidrigine. Ba cheart rochtain tríú páirtí rialáilte ar bhonn taraifí rochtana rialáilte a bheith ina riail réamhshocraithe san fhadtéarma. Chun an tsolúbthacht is gá a áirithiú le haghaidh oibreoirí agus chun na costais riaracháin a laghdú le linn chéim bhorrtha an mhargaidh do hidrigin, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit úsáid rochtana idirbheartaithe tríú páirtí a cheadú go dtí an 31 Nollaig 2032. |
|
(85) |
Ní féidir ach le codanna de na saoráidí nádúrtha stórála atá ann faoi thalamh a úsáidtear le haghaidh gáis nádúrtha, amhail fochlaí salainn, uiscígh agus gáscheantair laghdaithe gáis nádúrtha, a úsáid le haghaidh hidrigine freisin. Tá infhaighteacht na saoráidí mórscála stórála hidrigine sin atá faoi thalamh teoranta agus iad dáilte go míchothrom ar fud na mBallstát. I bhfianaise an róil dhearfaigh a d’fhéadfadh a bheith ar fheidhmiú an iompair hidrigine agus na margaí do hidrigin ag an rochtain ar shaoráidí mórscála stórála den sórt sin faoi thalamh, ba cheart, i ndeireadh na dála, an rochtain sin a bheith faoi réir rialáil tríú páirtí chun cothrom iomaíochta a áirithiú do rannpháirtithe sa mhargadh. Mar sin féin, le linn chéim bhorrtha na margaí do hidrigin, ba cheart solúbthacht a bheith ann do na Ballstáit chun córais rochtana chaibidlithe a úsáid freisin go dtí an 31 Nollaig 2032. |
|
(86) |
Meastar go ndéanfar hidrigin agus díorthaigh hidrigine, amhail amóinia nó iompróirí hidrigine orgánaí leachtaí, a allmhairiú isteach san Aontas agus a iompar laistigh de. Mar sin féin, níltear cinnte fós cén modh trína n-iomprófar hidrigin agus cén fhoirm ina n-iomprófar í agus is dócha go mbeidh modhanna agus foirmeacha éagsúla ann in éineacht lena chéile agus go mbeidh siad in iomaíocht lena chéile. Leis an Treoir seo, cuirtear creat rialála ar fáil le haghaidh bonneagar agus margaí do hidrigin ghásach. Dá bhrí sin, níor cheart sainiú a dhéanamh, sa Treoir seo, ar an ról agus ar na rialacha is infheidhme maidir leo maidir le cineálacha eile hidrigine nó díorthach agus na saoráidí a láimhseálann iad ach amháin i gcás ina bhfuil na cineálacha hidrigine nó díorthach sin ábhartha chun a áirithiú go dtiocfaidh margadh iomaíoch chun cinn do hidrigin ghásach. |
|
(87) |
Is bealach le hidrigin a allmhairiú atá sna críochfoirt ina ndéantar hidrigin leachtach nó amóinia leachtach a iompraítear de long a dhíluchtú agus a thiontú ina hidrigin ghásach, ach bíonn siad in iomaíocht le modhanna iompair eile hidrigine. Cé gur cheart rochtain tríú páirtí ar chríochfoirt den sórt sin a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le córas i ndáil le rochtain chaibidlithe tríú páirtí d’fhonn na costais riaracháin ar oibreoirí agus ar údaráis rialála a laghdú. An stóráil a bhaineann leis an gcríochfort agus a dtugtar rochtain tríú páirtí uirthi, ba cheart di a bheith i gcomhréir le hacmhainneacht an chríochfoirt hidrigin a thiontú agus a instealladh sa ghréasán. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le rochtain tríú páirtí ar sheirbhísí lódála trucailí a chur chun feidhme, ar choinníoll nach seirbhís choimhdeach í an oibríocht sin atá bainteach le hidrigin a thiontú agus a instealladh ina dhiaidh sin sa ghréasán. |
|
(88) |
Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh gás nádúrtha a chéimniú amach chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach nó ar chúiseanna teicniúla eile. Tá sé tábhachtach creat rialála soiléir a chur ar fáil lena gceadófar diúltú rochtana agus dínascadh féideartha na n-úsáideoirí gréasáin chun na cuspóirí beartais sin a bhaint amach. Ba cheart a bheith in ann rochtain a dhiúltú d’úsáideoirí gréasáin nó iad a dhínascadh i gcás bonneagar atá le díchoimisiúnú i gcomhréir leis an bplean forbartha gréasáin ar leibhéal an tarchuir nó i gcás ina bhforáiltear don díchoimisiúnú ar an leibhéal dáileacháin. An tráth céanna, ba cheart bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun úsáideoirí gréasáin sna himthosca sin a chosaint agus tá sé tábhachtach freisin go mbeadh cinntí maidir le diúltú rochtana agus dínascadh faoi réir critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha arna bhforbairt ag údaráis rialála. |
|
(89) |
Gréasáin hidrigine atá ann cheana agus atá comhtháite go hingearach, ba cheart iad a bheith incháilithe chun maoluithe ar cheanglais na Treorach seo a iarraidh ar choinníoll nach ndéantar na gréasáin sin a leathnú ar bhealach suntasach agus nach mbeadh tionchar díobhálach ag maolú den sórt sin ar iomaíocht ná ar bhonneagar hidrigine ná ar fhorbairt an mhargaidh, rud ba cheart a fhíorú ar bhonn tráthrialta. |
|
(90) |
Ba cheart braislí hidrigine logánaithe a bheith ina mbunchloch thábhachtach de gheilleagar hidrigine an Aontais. D’fhéadfadh na braislí sin tairbhiú de cheanglais rialála shimplithe le linn chéim bhorrtha an mhargaidh do hidrigin, go háirithe a mhéid a bhaineann le díchuachadh úinéireachta a chur i bhfeidhm maidir le gréasáin a sholáthraíonn rannpháirtithe sa mhargadh i mbraislí den sórt sin. Leis na ceanglais rialála shimplithe chomhfhreagracha, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar an ngá atá le solúbthacht rialála maidir le naisc phíblíne dhíreacha idir táirgeoirí hidrigine agus custaiméirí aonair. |
|
(91) |
Is féidir le hidirnascairí píblínte le tríú tíortha feidhmiú mar mhodh iompair le haghaidh allmhairí nó onnmhairí hidrigine. Ba cheart infheidhmeacht na Treorach seo maidir le línte píblínte hidrigine go dtí tríú tíortha agus uathu a theorannú do chríoch na mBallstát amháin. Ba cheart na rialacha oibriúcháin maidir le hidirnascairí hidrigine le tríú tíortha a chumhdach i gcomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus na tríú tíortha lena mbaineann. Níor cheart a mheas go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta den sórt sin riachtanach i gcás ina ndéanann an Ballstát atá nasctha leis an idirnascaire hidrigine, nó a bhfuil sé beartaithe aige a bheith nasctha leis, comhaontú idir-rialtasach a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha lena mbaineann i gcomhréir leis an nós imeachta cumhachtaithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena áirithiú go mbeidh creat rialála comhleanúnach ann agus go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach é don bhonneagar ina iomláine. |
|
(92) |
Chun feidhmiú éifeachtúil ghréasáin hidrigine an Aontais a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí gréasáin hidrigine a bheith freagrach as oibriú, cothabháil agus forbairt an ghréasáin i ndlúthchomhar le hoibreoirí hidrigine eile mar aon le hoibreoirí córais eile a bhfuil a ngréasáin nasctha leo nó lenar féidir a ngréasáin a nascadh, lena n-áirítear chun comhtháthú na gcóras fuinnimh a éascú. |
|
(93) |
Ba cheart d’oibreoirí na ngréasán tarchurtha hidrigine leibhéal leordhóthanach acmhainneachta trasteorann a thógáil chun hidrigin a iompar lena bhfreastalófar ar na héilimh uile atá réasúnach go heacnamaíoch agus indéanta go teicniúil ar acmhainneacht den sórt sin, agus lena mbeifear in ann an margadh a chomhtháthú. |
|
(94) |
I gcomhréir le Straitéis Hidrigine an Aontais, tá sé tábhachtach go ndíreofaí ar hidrigin a iompar agus a úsáid ina foirm íon. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach go mbeadh an córas hidrigine in ann hidrigin ar ardghrád íonachta a iompar, a stóráil agus a láimhseáil, agus ceanglais cháilíochta na n-úsáideoirí deiridh hidrigine á gcur san áireamh, seachas hidrigin a chumasctar sa chóras gáis nádúrtha. Tá sé tábhachtach freisin go gcuirfí critéir bhreise ar fáil, sna caighdeáin cháilíochta hidrigine, chun na leibhéil íonachta hidrigine atá inghlactha go coitianta a chinneadh. Tá sé riachtanach go ndéanfadh comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú bandaleithead de leibhéil inghlactha íonachta hidrigine agus paraiméadair cáilíochta hidrigine ábhartha eile, mar shampla éilleáin, a shainiú trí bhíthin próiseas caighdeánaithe theicniúil. |
|
(95) |
I roinnt cásanna, ag brath ar thopagrafaíocht na ngréasán hidrigine agus ar phobal na n-úsáideoirí deiridh atá nasctha leis na gréasáin hidrigine i measc nithe eile, d’fhéadfadh sé go mbeidh gá le bainistiú cáilíochta hidrigine arna dhéanamh ag oibreoirí gréasáin hidrigine (mar shampla, íonú). Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis rialála é a chur de chúram ar oibreoirí gréasáin hidrigine bainistiú cáilíochta hidrigine éifeachtúil ina ngréasáin a áirithiú i gcás inar gá le haghaidh bhainistiú na gcóras. Le linn dóibh tabhairt faoi ghníomhaíochtaí den chineál sin, ba cheart do na hoibreoirí gréasáin hidrigine cáilíocht chobhsaí hidrigine a áirithiú d’úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear in earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú, trí na caighdeáin cháilíochta is infheidhme a chomhlíonadh. |
|
(96) |
I gcás ina ndiúltaíonn oibreoirí an chórais gáis nádúrtha nó oibreoirí gréasáin hidrigine iarrataí ar rochtain nó ar nascadh de dheasca easpa acmhainneachta, ba cheart dóibh bunús cuí a thabhairt le diúltú den sórt sin agus ba cheart ceangal a chur ar oibreoirí feabhas a chur ar a gcóras chun gur féidir na naisc nó an rochtain a iarrtar a dhéanamh nuair is eacnamúil é sin a dhéanamh agus i gcomhréir leis an gcleachtadh ábhartha pleanála. |
|
(97) |
Na bacainní atá ar chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha i ngeall ar rialacha margaidh an Aontais gan a bheith á gcur i bhfeidhm ar línte tarchurtha gáis nádúrtha go dtí tríú tíortha agus uathu, ba cheart dul i ngleic leis na bacainní sin freisin. Na rialacha is infheidhme maidir le línte tarchurtha gáis nádúrtha a nascann dhá Bhallstát nó níos mó, is gá a áirithiú go mbeidh siad infheidhme freisin, laistigh den Aontas, maidir le línte tarchurtha gáis nádúrtha go dtí tríú tíortha agus uathu. Ba cheart, leis sin, go mbunófaí comhsheasmhacht an chreata dhlíthiúil laistigh den Aontas agus saobhadh na hiomaíochta i margadh inmheánach an Aontais don fhuinneamh agus dochar do chinnteacht an tsoláthair á seachaint san am céanna. Ina theannta sin, ba cheart, leis sin, go gcuirfí feabhas ar an trédhearcacht agus go dtabharfaí deimhneacht dhlíthiúil do rannpháirtithe sa mhargadh, go háirithe infheisteoirí faoi leith sa bhonneagar gáis nádúrtha agus úsáideoirí córais, a mhéid a bhaineann leis an gcóras dlí is infheidhme. |
|
(98) |
Ba cheart do na Ballstáit agus do na Comhpháirtithe Conarthacha sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh (30) dlúthchomhar a dhéanamh i ndáil le cúrsaí a bhaineann le margadh gáis nádúrtha comhtháite agus dícharbónaithe a fhorbairt agus níor cheart dóibh aon bheart a dhéanamh a chuirfeadh comhtháthú breise na margaí do ghás nádúrtha, ná slándáil soláthair na mBallstát agus na gComhpháirtithe Conarthacha, i mbaol. D’fhéadfaí a áireamh leis sin comhar i ndáil le hacmhainneacht stórála gáis nádúrtha agus cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bheith páirteach i ngrúpaí réigiúnacha ábhartha i ndáil le riosca an gháis nádúrtha. |
|
(99) |
I dtaca le píblínte a nascann tionscadal táirgthe ola nó gáis nádúrtha tríú tír le monarcha próiseála nó le críochfort deiridh cósta laistigh de Bhallstát, is mar ghréasáin píblínte réamhtheachtacha ba cheart caitheamh leo. I dtaca le píblínte a nascann tionscadal táirgthe ola nó gáis nádúrtha i mBallstát le monarcha próiseála nó le críochfort deiridh cósta laistigh de thríú tír, ní mar ghréasáin píblínte réamhtheachtacha a chaithfear leo chun críche na Treorach seo, ós rud é nach dócha go mbeidh tionchar suntasach ag píblínte den sórt sin ar an margadh inmheánach fuinnimh. |
|
(100) |
Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na hoibreoirí córais tarchuir comhaontuithe teicniúla a thabhairt i gcrích le hoibreoirí córais tarchuir nó eintitis eile i dtríú tíortha maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú agus idirnascadh na gcóras tarchuir, ar choinníoll go bhfuil ábhar na gcomhaontuithe sin comhoiriúnach le dlí an Aontais. |
|
(101) |
Ba cheart comhaontuithe teicniúla maidir le feidhmiú línte tarchuir, idir oibreoirí córais tarchuir nó eintitis eile leanúint de bheith i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais agus cinntí ábhartha an údaráis rialála. |
|
(102) |
Nuair atá comhaontuithe teicniúla den sórt sin i bhfeidhm, ní cheanglaítear leis an Treoir seo go dtabharfaí comhaontú idirnáisiúnta i gcrích idir Ballstát agus tríú tír ná comhaontú idir an tAontas agus tríú tír maidir le hoibriú na líne tarchurtha gáis nádúrtha lena mbaineann. |
|
(103) |
Ba cheart infheidhmeacht na Treorach seo maidir le línte tarchurtha gáis nádúrtha go dtí tríú tíortha agus uathu a theorannú do chríoch na mBallstát amháin. Maidir le línte tarchurtha gáis nádúrtha amach ón gcósta, ba cheart an Treoir seo a bheith infheidhme maidir le huiscí teorann an Bhallstáit ina bhfuil an chéad phointe idirnaisc chuig gréasán na mBallstát eile. |
|
(104) |
Ba cheart a bheith in ann na comhaontuithe reatha a tugadh i gcrích idir Ballstát agus tríú tír maidir le hoibriú líne tarchuir leanúint de bheith i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Treoir seo. |
|
(105) |
Maidir le comhaontuithe le tríú tíortha, nó codanna de na comhaontuithe sin, a d’fhéadfadh éifeacht a bheith acu ar rialacha comhchoiteanna an Aontais, ba cheart nós imeachta comhtháite trédhearcach a bhunú chun údarú a thabhairt do Bhallstát, arna iarraidh sin dó, comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, a athnuachan nó a thabhairt i gcrích le tríú tír maidir le hoibriú líne tarchuir nó le hoibriú gréasáin píblínte réamhtheachtaigh idir an Ballstát agus tríú tír. Leis an nós imeachta sin, níor cheart moill a chur ar chur chun feidhme na Treorach seo, ná níor cheart dochar a dhéanamh do leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit, agus ba cheart feidhm a bheith aige maidir le comhaontuithe atá ann cheana féin agus le comhaontuithe nua. |
|
(106) |
Más rud é gur léir go dtagann ábhar an chomhaontaithe i bpáirt faoi inniúlacht an Aontais agus i bpáirt faoi inniúlacht Ballstáit, is den fhíor-riachtanas a áirithiú go mbeidh dlúthchomhar idir an Ballstát sin agus institiúidí an Aontais. |
|
(107) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cinntí a ghlacadh lena gceadaítear nó lena ndiúltaítear do Bhallstát comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú nó a athnuachan, nó a thabhairt i gcrích le tríú tír. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). |
|
(108) |
Gné fhíor-riachtanach den tslándáil phoiblí is ea slándáil an tsoláthair fuinnimh agus, dá bhrí sin, tá dlúthbhaint aici le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha agus comhtháthú mhargaí leithlisithe na mBallstát do ghás nádúrtha. Ní féidir le gás nádúrtha teacht chomh fada le saoránaigh an Aontais ach amháin tríd an ngréasán. Margaí do ghás nádúrtha atá oscailte agus ag feidhmiú agus, go háirithe, na gréasáin agus na sócmhainní eile a bhaineann le gás nádúrtha a sholáthar, tá siad riachtanach don tslándáil phoiblí, d’iomaíochas an gheilleagair agus d’fholláine agus meanma shaoránaigh an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart a cheadú do dhaoine ó thríú tíortha córas tarchuir nó oibreoir córais tarchuir a rialú ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais maidir le deighilt éifeachtach a bhfuil feidhm acu san Aontas. Gan dochar d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, measann an tAontas go bhfuil tábhacht mhór ag baint le hearnáil na gcóras tarchurtha gáis nádúrtha don Aontas agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le coimircí breise maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh don Aontas a chaomhnú ionas go seachnófar aon bhagairt ar an ord poiblí agus ar an tslándáil phoiblí san Aontas agus aon bhagairt ar leas shaoránaigh an Aontais. Chun slándáil an tsoláthair fuinnimh don Aontas a áirithiú, teastaíonn, go háirithe, measúnú ar neamhspleáchas oibriú gréasáin, ar leibhéal spleáchas an Aontais agus na mBallstát aonair ar sholáthar fuinnimh ó thríú tíortha, agus ar an gcaoi a láimhseáiltear trádáil agus infheistíocht san fhuinneamh, idir intíre agus eachtrach, i dtríú tír ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart slándáil an tsoláthair a mheas i bhfianaise imthosca fíorasacha gach cáis agus i bhfianaise na gceart agus na n-oibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, go háirithe na comhaontuithe idirnáisiúnta idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún moltaí a chur isteach i dtaobh comhaontuithe ábhartha a chaibidliú le tríú tíortha lena dtugtar aghaidh ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh don Aontas nó chun na saincheisteanna is gá a chur san áireamh i gcaibidlíocht eile leis na tríú tíortha sin. |
|
(109) |
Ba cheart tuilleadh beart a dhéanamh chun taraifí trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha a áirithiú maidir le rochtain ar an iompar. Ba cheart na taraifí sin a bheith infheidhme maidir le gach úsáideoir ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. I gcás ina mbíonn saoráid stórála gáis nádúrtha, línephacáil nó seirbhís choimhdeach á hoibriú i margadh atá iomaíoch a dhóthain, d’fhéadfaí rochtain a cheadú ar bhonn sásraí trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha agus margadhbhunaithe. |
|
(110) |
Is gá neamhspleáchas na n-oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha a áirithiú chun feabhas a chur ar rochtain tríú páirtí ar shaoráidí stórála gáis nádúrtha a bhfuil gá teicniúil nó eacnamaíoch leo chun rochtain éifeachtúil a sholáthar ar an gcóras ar mhaithe le soláthar a chur ar fáil do chustaiméirí. Is iomchuí, dá bhrí sin, saoráidí stórála gáis nádúrtha a oibriú trí eintitis atá leithleach go dlíthiúil agus a bhfuil cearta cinnteoireachta éifeachtacha acu maidir leis na sócmhainní is gá chun saoráidí stórála gáis nádúrtha a chothabháil, a oibriú agus a fhorbairt. Is gá freisin cur leis an trédhearcacht maidir leis an acmhainneacht stórála gáis nádúrtha a thairgtear do thríú páirtithe, trína chur d’oibleagáid ar na Ballstáit creat soiléir neamh-idirdhealaitheach a bhunú agus a fhoilsiú, lena gcinntear an córas rialála iomchuí is infheidhme maidir le saoráidí stórála gáis nádúrtha. Níor cheart a fhágáil leis an oibleagáid sin go bhfuil gá le cinneadh nua maidir le córais rochtana ach ba cheart é a bheith ina thoradh uirthi go mbeidh feabhas ar an trédhearcacht maidir leis an gcóras rochtana ar stóráil gáis nádúrtha. Baineann tábhacht ar leith leis na ceanglais rúndachta maidir le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de i gcás ina bhfuil sonraí de chineál straitéiseach i gceist nó i gcás nach bhfuil ach úsáideoir amháin ag saoráid stórála gáis nádúrtha. |
|
(111) |
Bíonn an rochtain iartheachtach ar chustaiméirí ar an leibhéal miondíola ag brath ar rochtain neamh-idirdhealaitheach a bheith ar an ngréasán dáileacháin. Is lú áfach a mhéid is féidir idirdhealú a dhéanamh i dtaobh rochtain agus infheistíocht tríú páirtithe ar an leibhéal dáileacháin ná ar an leibhéal tarchurtha, áit ar mó i gcoitinne an plódú agus tionchar na leasanna táirgthe ná mar a bhíonn siad ar an leibhéal dáileacháin. Chun cothrom iomaíochta ar an leibhéal miondíola a leagan síos, ba cheart faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-oibreoirí córais dáileacháin ionas go mbeidh cosc orthu leas a bhaint as a gcomhtháthú ingearach maidir lena seasamh iomaíoch ar an margadh, go háirithe i ndáil le custaiméirí teaghlaigh agus custaiméirí beaga nach custaiméirí teaghlaigh iad. |
|
(112) |
Ba cheart do na Ballstáit bearta nithiúla a dhéanamh chun cuidiú le húsáid níos forleithne a bhaint as an mbithmheatán inbhuanaithe, nó cineálacha eile gáis, ar féidir, ar bhonn teicniúil agus ar bhonn sábháilte, iad a chur isteach sa chóras gáis nádúrtha agus a iompar tríd, agus ba cheart rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an gcóras sin a dheonú dá dtáirgeoirí siúd, ar choinníoll go mbeidh an rochtain sin comhoiriúnach leis na rialacha teicniúla agus na caighdeáin sábháilteachta ábhartha ar bhonn leanúnach agus mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo. |
|
(113) |
Is minic a bhíonn táirgeoirí gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin nasctha leis an eangach dáileacháin. Chun a nglacadh agus a gcomhtháthú sa mhargadh a éascú, tá sé fíor-riachtanach go bhfaigheadh siad rochtain saor ó bhac ar an margadh mórdhíola agus ar na pointí trádála fíorúla is ábhartha. Ba cheart rochtain gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin ar an margadh mórdhíola a éascú trí shainmhíniú a sholáthar ar chóras iontrála-scoir lena bhféadfar córais dáileacháin a áireamh agus lena n-áiritheofar, ar deireadh, go mbeidh rochtain ag gach saoráid táirgthe ar an margadh, beag beann ar iad a bheith nasctha leis an gcóras dáileacháin nó tarchuir. Ina theannta sin, déantar foráil le Rialachán (AE) 2024/1789 go n-oibreoidh na hoibreoirí córais dáileacháin agus oibreoirí córais tarchuir i gcomhar le gur féidir sreafaí cúltreo dul ón ngréasán dáileacháin go dtí an gréasán tarchuir nó modh malartach a bhunú le cabhrú le comhtháthú an gháis in-athnuaite agus an gháis ísealcharbóin sa mhargadh. |
|
(114) |
Ionas nach gcuirfear ualach díréireach airgeadais agus riaracháin ar oibreoirí beaga córais dáileacháin, ba cheart é a bheith ar chumas na mBallstát, más gá sin, na gnóthais lena mbaineann a dhíolmhú ó na ceanglais dhlíthiúla maidir le díchuachadh. |
|
(115) |
I gcás ina n-úsáidtear córas dáileacháin iata lena áirithiú go mbeidh an éifeachtúlacht is fearr is féidir ag soláthar fuinnimh comhtháite dá dteastaíonn caighdeáin oibríochtúla shonracha, nó i gcás ina ndéantar córas dáileacháin iata a chothabháil go príomha lena úsáid ag úinéir an chórais, ba cheart é a bheith indéanta an t-oibreoir córais dáileacháin a dhíolmhú ó oibleagáidí a bheadh ina n-ualach riaracháin gan ghá mar gheall ar chineál áirithe an ghaoil idir an t-oibreoir córais dáileacháin agus úsáideoirí an chórais. Fágann cineál speisialaithe a gcuid oibríochtaí go bhféadfadh córais dáileacháin iata a bheith ag suíomhanna tionsclaíocha, suíomhanna tráchtála nó suíomhanna seirbhísí comhroinnte, mar shampla foirgnimh stáisiúin traenacha, aerfoirt, ospidéil, láithreáin mhóra champála ag a bhfuil saoráidí comhtháite nó suíomhanna tionsclaíocht ceimiceán. |
|
(116) |
De réir mar a dhéanfar toirteanna méadaitheacha gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin a chomhtháthú sa chóras gáis nádúrtha, tá athrú ag teacht ar cháilíocht an gháis a iompraítear agus a thomhlaítear san Aontas. Chun feidhmiú éifeachtúil an chórais gáis nádúrtha a áirithiú, ba cheart oibreoirí córais tarchuir a bheith freagrach as bainistiú cáilíochta gáis ina saoráidí. I gcás ina dtugtar isteach gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin ar an leibhéal dáileacháin agus i gcás inar gá chun a dtionchar ar cháilíocht gáis a bhainistiú, is féidir leis na húdaráis rialála a chur de chúram ar oibreoirí córais dáileacháin bainistiú éifeachtúil na cáilíochta gáis ina saoráidí a áirithiú. Le linn dóibh cúraimí i ndáil le bainistiú cáilíochta gáis a dhéanamh, ba cheart d’oibreoirí córais dáileacháin agus oibreoirí córais tarchuir na caighdeáin is infheidhme maidir le cáilíocht gáis a chomhlíonadh. |
|
(117) |
Ní mór d’údaráis rialála a bheith in ann cinntí a dhéanamh maidir leis na saincheisteanna rialála ábhartha go léir má tá an margadh inmheánach do ghás nádúrtha le feidhmiú i gceart, agus a bheith neamhspleách go hiomlán ar aon leasanna poiblí nó príobháideacha eile. Na forálacha a bhaineann leis an neamhspleáchas maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a leithdháiltear ar an údarás rialála, ba cheart iad a chur chun feidhme faoi chuimsiú an chreata a bhunaítear sa dlí buiséadach náisiúnta agus sna rialacha buiséadacha náisiúnta. Agus é ag cuidiú le neamhspleáchas an údaráis rialála ar aon leas polaitiúil nó eacnamaíoch nó aon chur isteach polaitiúil nó eacnamaíoch trí scéim uainíochta iomchuí, ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar an bhfáil atá ar acmhainní daonna agus ar mhéid an bhoird. |
|
(118) |
Chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ar an margadh ag na rannpháirtithe uile sa mhargadh, lena n-áirítear iontrálaithe nua, tá gá le sásraí cothromaíochta atá neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir leis an gcostas. Ba cheart an méid sin a bhaint amach trí shásraí trédhearcacha margadhbhunaithe a bhunú chun gás nádúrtha a sholáthar agus a cheannach, ar sásraí iad a bhfuil gá leo faoi chuimsiú ceanglais chothromaíochta. Ba cheart ról gníomhach a bheith ag údaráis rialála lena áirithiú go bhfuil na praghsanna cothromaíochta neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir leis an gcostas. An tráth céanna, ba cheart dreasachtaí iomchuí a sholáthar chun an t-ionchur gáis agus an aistarraingt gáis a chothromú agus gan an córas a chur i mbaol. |
|
(119) |
Ba cheart údaráis rialála a bheith in ann taraifí, nó na modheolaíochtaí is bun le ríomh na dtaraifí, a shocrú nó a fhormheas, ar bhonn togra ón oibreoir córais tarchuir, ón oibreoir córais dáileacháin nó ón oibreoir córais gáis nádúrtha leachtaithe, nó ar bhonn togra arna chomhaontú idir na hoibreoirí sin agus úsáideoirí an ghréasáin. Agus na cúraimí sin á gcur i gcrích acu, ba cheart d’údaráis rialála a áirithiú go bhfuil na taraifí tarchuir agus dáileacháin neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir leis an gcostas, agus ba cheart dóibh a chur san áireamh na costais ghréasáin, idir fhadtéarmach, imeallach agus costais arna seachaint ar toradh iad ar bhearta bainistithe ar thaobh an éilimh. |
|
(120) |
Ba cheart do na húdaráis rialála a chur chun cinn, i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), arna bunú le Rialachán (AE) 2019/942, margadh inmheánach do hidrigin atá oscailte, iomaíoch, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil a mbeadh sreafaí trasteorann saor ó bhac ag gabháil leis. Ní mór do na húdaráis rialála a bheith in ann cinntí a dhéanamh maidir le gach saincheist rialála má tá an margadh inmheánach do hidrigin le feidhmiú go cuí. |
|
(121) |
Ba cheart é a bheith de chumhacht ag údaráis rialála cinntí ceangailteacha a eisiúint maidir le gnóthais gáis nádúrtha nó hidrigine, agus pionóis éifeachtacha, chomhréireacha, athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais gáis nádúrtha nó ar ghnóthais hidrigine a mhainníonn a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh, nó a mholadh go bhforchuirfidh cúirt inniúil na pionóis sin orthu. Ba cheart a thabhairt de chumhacht freisin d’údaráis rialála cinneadh a dhéanamh, gan beann ar chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta, ar bhearta iomchuí lena n-áiritheofar sochair do chustaiméirí tríd an iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn is gá le go bhfeidhmeoidh na margaí inmheánacha do ghás nádúrtha agus do hidrigin mar is cuí. Tá bunú clár um scaoileadh gáis ar cheann de na bearta féideartha is féidir a úsáid chun an iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh a áirithiú. |
|
(122) |
Ina theannta sin, ba cheart na cumhachtaí a thabhairt d’údaráis rialála cuidiú chun ardchaighdeáin seirbhíse poiblí a áirithiú i gcomhréir le hoscailt an mhargaidh, chun custaiméirí leochaileacha a chosaint, agus chun éifeachtacht iomlán na mbeart cosanta tomhaltóirí a bhaint amach. Ba cheart na forálacha sin a bheith gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar chumaisc a mbaineann gné de chuid an Aontais leo, agus ar na rialacha ar an margadh inmheánach, mar shampla an tsaorghluaiseacht chaipitil. D'fhéadfadh sé gur cúirt nó binse eile a bhfuil de chumhacht aige athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh a bheadh sa chomhlacht neamhspleách a bhfuil ceart achomhairc chuige ag páirtí a raibh éifeacht ag cinneadh ó údarás rialála air. |
|
(123) |
Le haon chomhchuibhiú ar chumhachtaí na n-údarás rialála, ba cheart a áireamh na cumhachtaí chun dreasachtaí a sholáthar do ghnóthais agus chun pionóis éifeachtacha, chomhréireacha, athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais nó a mholadh go bhforchuirfeadh cúirt inniúil na pionóis sin. Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis rialála chun faisnéis ábhartha a iarraidh ó ghnóthais, imscrúduithe iomchuí leordhóthanacha a dhéanamh agus díospóidí a réiteach. |
|
(124) |
Ba cheart do na húdaráis rialála agus do ACER faisnéis faoin margadh do hidrigin a sholáthar chun trédhearcacht a áirithiú, lena n-áirítear, mar shampla, soláthar agus éileamh, an bonneagar iompair, cáilíocht na seirbhíse, trádáil trasteorann, infheistíochtaí, praghsanna mórdhíola agus praghsanna do thomhaltóirí, chomh maith le leachtacht an mhargaidh. |
|
(125) |
Tá ról tábhachtach ag oibreoirí córais tarchuir maidir le hinfheistíochtaí costéifeachtacha i ngréasáin gáis nádúrtha agus hidrigine a áirithiú. Chun go ndéanfar pleanáil optamaithe le haghaidh na n-iompróirí fuinnimh ar fad agus chun an bhearna a líonadh idir cuir chuige éagsúla náisiúnta agus uile-Aontais maidir leis an bpleanáil gréasáin, ba cheart ceanglais bhreise a thabhairt isteach chun pleanáil chomhsheasmhach a áirithiú. Chun a áirithiú go ndéanfar an bonneagar a rolladh amach ar bhealach costéifeachtach agus chun sócmhainní tréigthe a sheachaint, ba cheart a chur san áireamh leis an bpleanáil gréasáin líon méadaithe na n-idirnasc idir gás nádúrtha agus leictreachas, chomh maith le hidrigin agus, i gcás inarb infheidhme, téamh ceantair. Cé is moite de shócmhainní gáis nádúrtha a fhaightear ó leictreachas, d’fhéadfadh monarchana cumhachta hidrigine a bheith san áireamh freisin sna hidirnaisc idir hidrigin agus leictreachas. Ba cheart an phleanáil gréasáin a bheith trédhearcach agus ba cheart léi a chur ar a gcumas do na geallsealbhóirí ábhartha in ann páirt a ghlacadh ann. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar na hoibreoirí comhairliúchán forleathan a dhéanamh leis na geallsealbhóirí. Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, arna bhunú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), a thuairim a thabhairt maidir leis na cásanna comhpháirteacha. Leis an bplean forbartha gréasáin le haghaidh hidrigine, ba cheart díriú ar úsáid na hidrigine in earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú áit nach bhfuil roghanna malartacha eile ar fáil atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh agus costais de. |
|
(126) |
Trína gcomhshuí, tarlaíonn táirgeadh agus tomhaltas hidrigine ar an suíomh céanna nó tá siad suite chomh gar dá chéile agus is féidir, agus ar an gcaoi sin áirithítear cáilíocht chobhsaí hidrigine dá húsáid deiridh agus íoslaghdaítear na costais agus an tionchar comhshaoil chomh maith leis an sceitheadh hidrigine a bhaineann leis an iompar. Ba cheart d’oibreoirí gréasáin hidrigine comhoibriú le hoibreoirí gréasáin hidrigine atá nasctha leo agus sa chomharsanacht chun an nasc is éifeachtúla is féidir a áirithiú. |
|
(127) |
Agus an plean forbartha gréasáin á fhorbairt acu, tá sé tábhachtach go gcuirfidh oibreoirí bonneagair san áireamh bunphrionsabail na héifeachtúlachta fuinnimh agus na héifeachtúlachta córais a bhunaítear sa Mholadh ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal ‘Energy Efficiency First: from principles to practice. Guidelines and examples for its implementation in decision-making in the energy sector and beyond’ [Tús áite don Éifeachtúlacht Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas. Treoirlínte agus samplaí maidir lena chur chun feidhme i gcinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus in earnálacha eile], go háirithe an tomhaltas arna thuaradh a úsáideadh chun na cásanna comhpháirteacha a fhorbairt. Ba cheart tús áite a thabhairt do réitigh ar thaobh an éilimh i gcás ina mbeidh siad níos costéifeachtaí ná infheistíochtaí i mbonneagar. |
|
(128) |
Léirítear i Straitéis an Aontais Eorpaigh um Chomhtháthú Córas Fuinnimh a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí an córas fuinnimh a phleanáil agus a oibriú ar bhealach comhordaithe chun na cuspóirí dícharbónúcháin a bhaint amach. Dá bhrí sin, is gá pleananna forbartha gréasáin a tharraingt suas bunaithe ar chás comhpháirteach arna fhorbairt ar bhonn trasearnálach. Agus iad fós in ann samhlacha gréasáin earnálacha ar leith a shainaithint agus, i gcás plean comhpháirteach forbartha gréasáin, caibidlí ar leith a shainaithint, ba cheart d’oibreoirí bonneagair oibriú i dtreo leibhéal comhtháthaithe níos airde agus riachtanais an chórais ina iomláine á gcur san áireamh seachas díreach riachtanais iompróirí sonracha fuinnimh. |
|
(129) |
Is gné thábhachtach iad na pleananna forbartha gréasáin chun bearnaí sa bhonneagar a shainaithint agus chun faisnéis a chur ar fáil faoin mbonneagar is gá a thógáil nó is gá a dhíchoimisiúnú agus a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cuspóirí eile, amhail iompar hidrigine. Tá an méid sin fíor gan beann ar shamhail an díchuachta a roghnaítear le haghaidh na n-oibreoirí gréasáin. |
|
(130) |
Agus faisnéis á soláthar sa phlean forbartha gréasáin faoi bhonneagar is féidir a dhíchoimisiúnú, d’fhéadfadh sé go mbainfí an bonneagar sin as seirbhís go buan trína fhágáil gan úsáid, trína dhíchóimeáil nó trína chur ar fáil lena úsáid chun críoch eile, iompar hidrigine, mar shampla. Cuirtear san áireamh leis an gcuspóir i ndáil le trédhearcacht mhéadaithe go bhfuil bonneagar a ndearnadh athrú cuspóra air níos saoire i gcomparáid le bonneagar nuathógtha agus, dá bhrí sin, ba cheart go n-éascófaí aistriú costéifeachtach leis. |
|
(131) |
Sna Ballstáit ina bhfuil gréasán dáilte hidrigine le forbairt, ba cheart forbairt an bhonneagair hidrigine a bheith bunaithe ar réamh-mheastachán réalaíoch réamhbhreathnaitheach ar an éileamh, lena n-áirítear riachtanais fhéideartha ó thaobh an chórais leictreachais agus na n-earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le muirir thiomnaithe mar bhealach leis an mbonneagar hidrigine nua a chomhchistiú, ba cheart tacú leis an údarás rialála lena mheasúnú ar na muirir sin tríd an bplean. Ba cheart an plean a chur isteach gach ceithre bliana. Ba cheart aighneachtaí a dhéantar roimh an 31 Nollaig 2032 a chur faoi bhráid an údaráis rialála nó faoi bhráid údarás inniúil eile. Ba cheart aighneachtaí a dhéanfar tar éis an dáta sin a chur faoi bhráid an údaráis rialála amháin. |
|
(132) |
Leis an bhfaisnéis atá ar fáil sa phlean forbartha gréasáin, ba cheart a bheith in ann réamhaisnéis a dhéanamh ar na tionchair ar tharaifí, bunaithe ar an bpleanáil, díchoimisiúnú nó ar athrú cuspóra a mbeadh éifeacht acu ar an mbonn sócmhainní rialála. |
|
(133) |
In ionad plean forbartha gréasáin náisiúnta a sholáthar ar leibhéal an Bhallstáit aonair, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit plean forbartha gréasáin a tharraingt suas ar an leibhéal réigiúnach lena n-áirítear níos mó ná Ballstát amháin agus i gcomhréir le comhtháthú réigiúnach deonach an mhargaidh do ghás nádúrtha. |
|
(134) |
I gcodarsnacht le leictreachas, tiocfaidh laghdú de réir a chéile ar ról an gháis nádúrtha amach anseo, rud a mbeidh éifeacht aige ar an éileamh ar infheistíochtaí bonneagair. Dá bhrí sin, leis an bplean forbartha gréasáin ní mór cothromaíocht a bhaint amach ó thaobh na gceisteanna iomaíochta de agus sócmhainní tréigthe a sheachaint. |
|
(135) |
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh cuid dá gcóras dáileacháin a dhúnadh agus a choigeartú go straitéiseach chun an soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh a chéimniú amach chun an t-aistriú chuig córas inbhuanaithe agus éifeachtach a áirithiú. |
|
(136) |
Ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine an bonneagar gréasáin hidrigine a bhfuil sé d’aidhm acu a fhorbairt agus athrú cuspóra a dhéanamh ina leith a chur i láthair sna pleananna dá ngréasáin dáilte hidrigine. Ba cheart a cheangal ar oibreoirí córais dáilte gáis nádúrtha pleananna díchoimisiúnaithe gréasáin a fhorbairt nuair a mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an éileamh ar ghás nádúrtha a mbeadh díchoimisiúnú córas dáilte gáis nádúrtha nó díchoimisiúnú codanna de na córais sin ag teastáil dá réir. Is féidir cead a thabhairt d’oibreoirí córais dáilte gáis nádúrtha agus d’oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine pleananna comhpháirteacha a fhorbairt más ag oibriú sa limistéar céanna atá siad agus má tá athrú cuspóra le déanamh ar chodanna den ghréasán. Ba cheart na pleananna sin a bheith i gcomhréir leis na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana. Le pleananna forbartha na ngréasán dáileacháin agus na pleananna díchoimisiúnúcháin le haghaidh gáis nádúrtha, ba cheart éifeachtúlacht fuinnimh agus comhtháthú an chórais fuinnimh a chur chun cinn agus na pleananna áitiúla téimh agus fuaraithe á gcur san áireamh. Leis na pleananna sin, ba cheart rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar thoimhdí réasúnta maidir le héileamh agus táirgeadh gáis nádúrtha agus hidrigine. Agus an plean á ullmhú acu, ba cheart a cheangal ar na hoibreoirí próiseas comhairliúcháin a dhéanamh lena mbeadh baint ag na geallsealbhóirí ábhartha agus a cheangal orthu na dréachtphleananna a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart do na Ballstáit treoir ó na húdaráis rialála a áirithiú i gcás ina bhféadfadh díchoimisiúnú a bheith de dhíth ar chodanna den chóras dáileacháin, go háirithe roimh dheireadh a n-ama dímheasa mar a réamh-mheasadh ar dtús é. |
|
(137) |
An creat lena rialaítear ríomh agus muirearú na gcostas nasctha agus na dtáillí ar tháirgeoirí bithmheatáin, tá ról tábhachtach aige le gur féidir an bithmheatán inbhuanaithe a chomhtháthú i ngréasáin gáis nádúrtha an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit creat rialála a sholáthar le gur fusa saoráidí táirgthe bithmheatáin a nascadh leis na córais tarchuir nó dáileacháin. Agus na taraifí nó na modheolaíochtaí atá le húsáid ag na hoibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin á socrú nó á bhformheas acu, ba cheart d’údaráis rialála, gan dochar dá neamhspleáchas agus iad ag tabhairt faoi na cúraimí sin, leanúint de bheith in ann na costais arna dtabhú agus na hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag na hoibreoirí córais sin a chur san áireamh. |
|
(138) |
Is gá dul chun cinn a dhéanamh i dtreo margaí idirnasctha do hidrigin san Aontas, rud a dhéanfaidh gur fusa a bheidh sé infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar trasteorann hidrigine. |
|
(139) |
An mhuinín as an margadh, leachtacht an mhargaidh agus an líon rannpháirtithe ann, ní mór méadú orthu sin ar fad agus, dá bhrí sin, ní mór cur leis an formhaoirseacht rialála ar ghnóthais atá gníomhach maidir le gás nádúrtha a sholáthar. Ba cheart na ceanglais sin a bheith gan dochar do dhlí an Aontais atá ann cheana maidir leis na margaí airgeadais, agus iad a bheith comhoiriúnach leis an dlí sin. Ní mór d’údaráis rialála agus do rialálaithe fuinnimh agus do rialálaithe an mhargaidh airgeadais comhoibriú le chéile chun go mbeidh siad araon in ann forléargas a bheith acu ar na margaí lena mbaineann. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann stóinseacht airgeadais na ngnóthas soláthartha gáis nádúrtha a shocrú mar chritéir chun údarú a dheonú chun gás nádúrtha a dhíol, lena n-áirítear é a athdhíol. Ba cheart critéir den sórt sin a bheith iomlán oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach. |
|
(140) |
Is ó thríú tíortha den chuid is mó atá gás nádúrtha á allmhairiú isteach san Aontas, agus tá an treocht sin ag dul i dtreise. Ba cheart a chur san áireamh i ndlí an Aontais saintréithe an gháis nádúrtha, mar shampla dolúbthacht struchtúrach áirithe a eascraíonn as comhchruinniú na soláthróirí, as na conarthaí fadtéarmacha nó as an easpa leachtacht iartheachtach. Dá bhrí sin, tá gá le trédhearcacht níos mó, lena n-áirítear maidir le foirmiú praghsanna. |
|
(141) |
Sula nglacfaidh an Coimisiún treoirlínte lena ndéanfar sainiú breise ar na ceanglais maidir le taifid a choimeád, ba cheart do ACER agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) (ESMA) dul i gcomhairle lena chéile agus comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir lena n-ábhar. Ba cheart do ACER agus ESMA comhoibriú lena chéile freisin chun tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh agus comhairle a thabhairt maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart idirbhearta i gconarthaí soláthair gáis agus i ndíorthaigh gáis nádúrtha a bheith faoi réir ceanglais trédhearcachta réamhthrádála nó iarthrádála agus, más rud é gur cheart, cén t-ábhar ba cheart a bheith sna ceanglais sin. |
|
(142) |
Ba cheart do na Ballstáit nó, i gcás ina bhfuil foráil déanta ag na Ballstát amhlaidh, do na húdaráis rialála, a mholadh go bhforbrófaí conarthaí soláthair in-idirbhriste. |
|
(143) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, agus na ceanglais cháilíochta is gá á gcur san áireamh acu, go ndeonófar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an gcóras gáis nádúrtha don bhithmheatán nó do chineálacha eile gáis, ar choinníoll go mbeidh an rochtain sin comhoiriúnach go buan leis na rialacha ábhartha teicniúla agus na caighdeáin ábhartha sábháilteachta. Ba cheart a áirithiú leis na rialacha agus na caighdeáin sin gur féidir, ar bhonn teicniúil agus ar bhonn sábháilte, bithmheatán agus cineálacha eile gáis a instealladh sa chóras gáis nádúrtha agus a iompar tríd agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar shaintréithe ceimiceacha na ngás sin freisin trí mheán na rialacha agus na gcaighdeán sin. |
|
(144) |
Tá conarthaí fadtéarmacha ina gcuid thábhachtach de sholáthar gáis nádúrtha na mBallstát. Mar sin féin, níor cheart iad a bheith ina mbacainn iontrála ag an ngás in-athnuaite agus ag an ngás ísealcharbóin, agus is ar an gcúis sin nár cheart fad na gconarthaí maidir le soláthar gáis iontaise neamhlaghdaithe dul níos faide ná an 31 Nollaig 2049. Ba cheart do na conarthaí sin a bheith i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo i gcónaí agus ba cheart dóibh a bheith comhoiriúnach le CFAE, lena n-áirítear na rialacha iomaíochta. Is gá conarthaí fadtéarmacha a chur san áireamh maidir le pleanáil a dhéanamh ar acmhainneacht soláthair agus iompair na ngnóthas. Cé go bhfuil ról tábhachtach fós ag gás iontaise neamhlaghdaithe, tiocfaidh laghdú de réir a chéile ar a ábhartha atá sé chun soláthar fuinnimh an Aontais a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile leis an ngás iontaise, agus é á chur san áireamh go bhfuil roghanna malartacha ann. I gcás ina bhforáiltear dó sin ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dáta deiridh a shocrú atá níos luaithe ná an 31 Nollaig 2049 d'fhad chonarthaí fadtéarmacha an gháis iontaise neamhlaghdaithe. |
|
(145) |
Chun a áirithiú go gcoimeádfar ardchaighdeáin seirbhíse poiblí san Aontas, ba cheart fógra tráthrialta a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta go léir atá á ndéanamh ag na Ballstáit chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú go tráthrialta ina ndéanfar anailís ar bhearta arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun cuspóirí seirbhíse poiblí a bhaint amach agus a n-éifeachtúlacht a chur i gcomparáid lena chéile, d’fhonn moltaí a dhéanamh maidir le bearta atá le déanamh ar an leibhéal náisiúnta chun ardchaighdeáin seirbhíse poiblí a bhaint amach. |
|
(146) |
Is ceanglas bunúsach de chuid na Treorach seo é go ndéanfaí ceanglais na seirbhíse poiblí a urramú, agus tá sé tábhachtach go sonrófar sa Treoir seo íoschaighdeáin chomhchoiteanna, a urramóidh na Ballstáit ar fad, ina gcuirfear san áireamh na cuspóirí maidir le cosaint chomhchoiteann, an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac, faireachán ar phraghsanna, slándáil an tsoláthair, cosaint an chomhshaoil agus leibhéil choibhéiseacha iomaíochta sna Ballstáit go léir. Tá sé tábhachtach gur féidir na ceanglais seirbhíse poiblí a léirmhíniú ar bhonn náisiúnta, ag cur san áireamh imthosca náisiúnta agus faoi réir urraim do dhlí an Aontais. |
|
(147) |
Ba cheart é a bheith indéanta go mbainfear amach leis na bearta a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme cuspóirí an chomhtháthaithe shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear, go háirithe, dreasachtaí eacnamaíocha leordhóthanacha a sholáthar, ag baint úsáid, i gcás inarb iomchuí, as uirlisí uile an Aontais agus as na huirlisí náisiúnta ar fad atá ann cheana. Ba cheart é a bheith indéanta a áireamh leis na huirlisí sin sásraí dliteanais chun an infheistíocht is gá a ráthú. |
|
(148) |
Sa mhéid gur Státchabhair faoi Airteagal 107(1) CFAE iad na bearta arna ndéanamh ag Ballstáit chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, tá oibleagáid ann faoi Airteagal 108(3) CFAE fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith. |
|
(149) |
Ba cheart do phraghsanna an mhargaidh na dreasachtaí cearta a thabhairt chun an gréasán a fhorbairt. |
|
(150) |
I ngeall ar ghnéithe stairiúla agus leibhéil aibíochta a margaí do ghás nádúrtha, ba cheart an deis a bheith ag Ballstáit áirithe maolú ó rialacha sonracha a bhunaítear sa Treoir seo chun pionósú nach bhfuil údar leis a chosc, agus chun tacú le forbairt éifeachtúil ar mhargaí do ghás nádúrtha sna Ballstáit sin. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le Lucsamburg, mar gheall ar shaintréithe sonracha a mhargaidh, agus leis na Ballstáit sin go léir nach bhfuil nasctha go fóill le córas idirnasctha aon Bhallstát eile nó nach bhfuil an chéad soláthar tráchtála dá gcéad chonradh fadtéarmach soláthair gáis nádúrtha faighte acu go fóill. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais a áirithiú, ba cheart maoluithe sealadacha a bheith ann ar na Ballstáit sin nach bhfuil nasctha go fóill le córas idirnasctha aon Bhallstát eile nó nach bhfuil an chéad soláthar tráchtála dá gcéad chonradh soláthair gáis nádúrtha fadtéarmach faighte acu, agus ba cheart na maoluithe sin a bheith infheidhme go dtí go mbeidh na Ballstáit sin in ann caighdeáin níos airde a chomhlíonadh maidir le hoscailt an mhargaidh agus idirnascacht le córas comhtháite gáis nádúrtha an Aontais agus go dtí sin amháin. I gcás ina mbeidh feidhm ag maolú den sórt sin, ba cheart a chumhdach leis freisin aon fhorálacha sa Treoir seo atá coimhdeach le haon cheann de na forálacha ar deonaíodh maolú ina leith, nó lena gceanglaítear cur i bhfeidhm roimh ré aon cheann de na forálacha sin. |
|
(151) |
Ba cheart é a bheith ríthábhachtach do na Ballstáit iomaíocht chóir agus rochtain éasca do sholáthróirí éagsúla a chur chun cinn chun go bhféadfaidh tomhaltóirí leas iomlán a bhaint as na deiseanna atá le tapú i margadh inmheánach léirscaoilte do ghás nádúrtha. |
|
(152) |
D’fhonn margadh inmheánach do ghás nádúrtha a chruthú, ba cheart do na Ballstáit comhtháthú a gcuid margaí náisiúnta agus an comhar idir oibreoirí córais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal réigiúnach a chothú, agus na córais iargúlta atá ina n-oileáin gháis fós san Aontas a chur ar áireamh freisin. |
|
(153) |
D’fhéadfadh tairbhí éagsúla a bheith mar thoradh ar chomhtháthú deonach na margaí réigiúnacha, go háirithe ar chumaisc mhargaidh, ag brath ar shainiúlachtaí na margaí. Le comhtháthú na margaí, d’fhéadfadh an deis a bheith ann an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an mbonneagar ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar mhargaí comharsanacha, mar shampla trí tharaifí trasteorann a mhéadú. Is deis é freisin chun an iomaíocht, an leachtacht agus an trádáil a mhéadú ar mhaithe leis na custaiméirí deiridh sa réigiún, trí sholáthróirí a mhealladh nach dtiocfadh murach sin mar gheall ar mhéid bheag an mhargaidh. Le comhtháthú na margaí, is féidir limistéir níos mó a chruthú inar féidir rochtain a fháil ar níos mó foinsí soláthair freisin. D’fhéadfadh an t-éagsúlú sin tionchar a bheith aige ar na praghsanna sa mhargadh mórdhíola, a bhuí le feabhsú na hiomaíochta idir na foinsí, ach d’fhéadfadh sé feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair freisin i gcás nach mbeidh aon phlódú inmheánach ann a thuilleadh sa limistéar cónasctha nua. D’fhéadfadh comhtháthú na margaí a bheith ina bhunús chun tacú a thuilleadh le claochlú an mhargaidh do ghás nádúrtha, lena n-áirítear imscaradh an gháis in-athnuaite agus an gháis ísealcharbóin. Ba cheart do na Ballstáit, údaráis rialála agus oibreoirí córais tarchuir oibriú i gcomhar chun an comhtháthú réigiúnach a éascú. |
|
(154) |
Ba cheart forbairt fíormhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha, trí ghréasán a bheadh nasctha ar fud an Aontais, a bheith ar cheann de phríomhchuspóirí na Treorach seo agus, dá bhrí sin, ba cheart déileáil le saincheisteanna rialála maidir le hidirnaisc thrasteorann agus margaí réigiúnacha a bheith ar cheann de phríomhchúraimí na n-údarás rialála, i ndlúthchomhar le ACER i gcás inarb ábhartha. |
|
(155) |
Ba cheart é a bheith ar cheann de phríomhchuspóirí na Treorach seo freisin rialacha comhchoiteanna maidir le fíormhargadh inmheánach a bhunú, mar aon le soláthar leathan gáis nádúrtha. Chuige sin, bheadh praghsanna neamhshaofa sa mhargadh ina ndreasacht don trádáil trasteorann agus thiocfadh cóineasú na bpraghsanna mar thoradh orthu. |
|
(156) |
Ba cheart do na húdaráis rialála faisnéis a sholáthar ar an margadh freisin ionas go bhféadfaidh an Coimisiún a ról a fheidhmiú i dtaobh breathnú agus faireachán a dhéanamh ar an margadh inmheánach do ghás nádúrtha agus ar an gcaoi a bhforbróidh sé, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear, mar shampla, soláthar agus éileamh, bonneagar tarchuir agus dáileacháin, cáilíocht seirbhíse, trádáil trasteorann, bainistiú ar phlódú, infheistíochtaí, praghsanna mórdhíola agus praghsanna do thomhaltóirí, leachtacht an mhargaidh chomh maith le feabhsuithe i dtaobh an chomhshaoil agus na héifeachtúlachta. Ba cheart do na húdaráis rialála tuairisciú do na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus don Choimisiún faoi na Ballstáit sin ina gcuireann praghsanna bac ar an iomaíocht agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh. |
|
(157) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon margaí inmheánacha lán-oibríochtúla a chruthú do ghás nádúrtha agus do hidrigin, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta sin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(158) |
De bhun Rialachán (AE) 2024/1789, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte nó cóid ghréasáin a ghlacadh chun an méid riachtanach comhchuibhithe a bhaint amach. Maidir leis na treoirlínte nó na cóid ghréasáin sin, ar rialacha ceangailteachta iad a ghlactar i bhfoirm rialachán cur chun feidhme ón gCoimisiún, is úsáideach an uirlis iad i dtaca le forálacha áirithe den Treoir seo freisin, ar féidir í a chur in oiriúint go tapa nuair is gá. |
|
(159) |
Ba cheart, go háirithe, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na treoirlínte is gá a ghlacadh chun an t-íosleibhéal comhchuibhithe a sholáthar atá riachtanach chun aidhm na Treorach seo a bhaint amach. |
|
(160) |
I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta um thrasuí, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir comhpháirteanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta um thrasuí. Maidir leis an Treoir seo, is é a mheasann an reachtóir go bhfuil údar cuí leis na doiciméid sin a tharchur, go háirithe tar éis bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-543/17 (34). |
|
(161) |
Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) go háirithe. Dá réir sin, ba cheart an Treoir seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin, go háirithe an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint a ráthaítear le hAirteagal 8 den Chairt. Tá sé fíor-riachtanach go gcomhlíonfadh aon phróiseáil sonraí faoin Treoir seo Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35). |
|
(162) |
Chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú nó chun í a fhorlíonadh i ndáil le réimsí sonracha áirithe atá bunriachtanach chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le treoirlínte a sholáthar maidir leis na híoschritéir chun neamhspleáchas úinéir an chórais tarchuir nó úinéir an ghréasáin tarchurtha hidrigine agus oibreoir an chórais stórála gáis nádúrtha nó oibreoir stórála hidrigine a áirithiú, treoirlínte lena leagtar amach mionsonraí an nós imeachta maidir le deimhniú oibreora córais tarchuir nó oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine, treoirlínte maidir le méid na ndualgas atá ar na húdaráis rialála comhoibriú le chéile agus le ACER, treoirlínte lena leagtar amach na mionsonraí maidir leis an nós imeachta i ndáil le cinneadh arna ndéanamh ag údarás rialála a chomhlíonadh ina raibh cóid ghréasáin agus treoirlínte arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2024/1789 agus treoirlínte lena sainítear na modhanna agus na socruithe maidir le taifid a choimeád, agus foirm agus inneachar na sonraí maidir le hidirbhearta i gconarthaí soláthair gáis nádúrtha agus hidrigine agus díorthaigh gáis nádúrtha agus hidrigine arna soláthar ag gnóthais soláthair. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (36). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(163) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais idir-inoibritheachta seirbhísí fuinnimh agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí a chinneadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(164) |
Chun cur chun feidhme rianúil éifeachtach na Treorach seo a áirithiú, tugann an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit tríd an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla arna bunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) agus lena gcuirtear saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na hathchóirithe lena gcuirtear chun cinn margaí inmheánacha iomaíocha do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lenar féidir gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin a chomhtháthú, agus lena méadaítear comhar agus comhordú idir oibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin. Maidir leis an tacaíocht theicniúil, mar shampla, is éard atá i gceist léi an acmhainneacht riaracháin a neartú, na creataí reachtacha a chomhchuibhiú agus dea-chleachtais ábhartha a chomhroinnt. |
|
(165) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/73/CE a aisghairm agus ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid le Treoir 2009/73/CE. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar an Treoir a bhí ann roimhe seo. |
|
(166) |
Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Cuid B, a ghabhann leis an Treoir seo, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Bunaítear leis an Treoir seo creat comhchoiteann chun na margaí do ghás nádúrtha agus do hidrigin a dhícharbónú, chun rannchuidiú le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach.
2. Bunaítear leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna maidir le tarchur, dáileadh, soláthar agus stóráil gáis nádúrtha lena n-úsáidtear an córas gáis nádúrtha, agus forálacha cosanta tomhaltóirí, d’fhonn margadh do ghás nádúrtha atá comhtháite, iomaíoch agus trédhearcach a chruthú san Aontas. Leagtar síos léi na rialacha a bhaineann le heagrú agus feidhmiú na hearnála sin, rochtain ar an margadh, na critéir agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le húdaruithe a dheonú i ndáil le tarchur, dáileadh, soláthar agus stóráil gáis nádúrtha lena n-úsáidtear an córas gáis nádúrtha agus i ndáil le hoibriú an chórais sin.
3. Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le gás nádúrtha a iompar, a sholáthar agus a stóráil agus maidir le haistriú an chórais gáis nádúrtha i dtreo córas comhtháite ard-éifeachtúlachta bunaithe ar ghás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin.
4. Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le hidrigin a iompar, a sholáthar agus a stóráil lena n-úsáidtear an córas hidrigine. Leagtar síos léi rialacha a bhaineann le heagrú agus feidhmiú na hearnála sin, rochtain ar an margadh, na critéir agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le húdaruithe a dheonú i ndáil le gréasáin hidrigine, soláthar agus stóráil hidrigine agus oibriú an chórais sin.
5. Leis an Treoir seo, bunaítear na rialacha maidir le bunú de réir a chéile córais hidrigine idirnasctha ar fud an Aontais lena rannchuidítear le solúbthacht fhadtéarmach an chórais leictreachais agus le laghdú glanastaíochtaí gás ceaptha teasa in earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú agus an acmhainneacht laghdaithe gás ceaptha teasa agus an éifeachtúlacht ó thaobh fuinnimh agus ó thaobh costais de le hais roghanna eile á gcur san áireamh agus lena dtacaítear, ar an gcaoi sin, le dícharbónú chóras fuinnimh an Aontais.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘gás nádúrtha’ gás arb é atá ann go príomha meatán, lena n-áirítear bithmheatán, nó cineálacha eile gáis, ar féidir, ar bhonn teicniúil agus ar bhonn sábháilte, é a instealladh sa chóras gáis nádúrtha agus a iompar tríd; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘gás in-athnuaite’ bithghás mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (28), de Threoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear bithghás a rinneadh a uasghrádú go bithmheatán, agus breoslaí in-athnuaite de thionscnaimh neamhbhitheolaíocha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (36), den Treoir sin; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘córas gáis nádúrtha’ córas bonneagair, lena n-áirítear píblínte, críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus saoráidí stórála gáis nádúrtha, a iompraíonn gás nádúrtha, |
|
(4) |
ciallaíonn ‘córas hidrigine’ córas bonneagair, lena n-áirítear gréasáin hidrigine, stóráil hidrigine agus críochfoirt hidrigine, ina bhfuil hidrigin ar ardghrád íonachta; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘saoráid stórála hidrigine’ saoráid a úsáidtear chun hidrigin ar ardghrád íonachta a stocáil:
|
|
(6) |
ciallaíonn ‘oibreoir stórála hidrigine’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann feidhm na stórála hidrigine agus atá freagrach as saoráid stórála hidrigine a oibriú; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘línephacáil hidrigine’ stóráil hidrigine ar ardghrád íonachta trí chomhbhrú i ngréasáin hidrigine, cé is moite de shaoráidí a fhorchoimeádtar le haghaidh oibreoirí gréasáin hidrigine agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘críochfort hidrigine’ suiteáil a úsáidtear chun hidrigin leachtach nó amóinia leachtach a dhíluchtú agus a chlaochlú ina hidrigin ghásach chun í a instealladh sa ghréasán hidrigine nó sa chóras gáis nádúrtha nó chun hidrigin ghásach a leachtú agus í a luchtú, lena n-áirítear seirbhísí coimhdeacha agus stóráil shealadach is gá le haghaidh phróiseas an chlaochlaithe agus chun hidrigin a instealladh sa ghréasán hidrigine ina dhiaidh sin, seachas aon chuid den chríochfort hidrigine a úsáidtear le haghaidh stórála; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘oibreoir críochfoirt hidrigine’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann an fheidhm maidir le hidrigin leachtach nó amóinia leachtach a dhíluchtú agus a chlaochlú ina hidrigin ghásach chun í a instealladh sa ghréasán hidrigine nó sa chóras gáis nádúrtha nó chun hidrigin ghásach a leachtú agus a luchtú agus atá freagrach as críochfort hidrigine a oibriú; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘cáilíocht hidrigine’ íonacht hidrigine agus éilleáin atá i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta hidrigine is infheidhme le haghaidh an chórais hidrigine; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘hidrigin ísealcharbóin’ hidrigin a fhaigheann a luach fuinnimh ó fhoinsí neamh-inathnuaite, a chomhlíonann an tairseach 70 % um laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid leis an táirge comparáide breoslaí iontaise le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a leagtar amach sa mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar choigilteas astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte, arna glacadh de bhun Airteagal 29a(3) de Threoir (AE) 2018/2001; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘gás ísealcharbóin’ an chuid sin de bhreoslaí gásacha i mbreoslaí carbóin athchúrsáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoir (AE) 2018/2001, hidrigin ísealcharbóin agus breoslaí gásacha sintéiseacha a fhaigheann a luach fuinnimh ó hidrigin ísealcharbóin, a chomhlíonann an tairseach 70 % um laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid leis an táirge comparáide breoslaí iontaise le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a leagtar amach sa mhodheolaíocht arna glacadh de bhun Airteagal 29a(3) de Threoir (AE) 2018/2001; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘breoslaí ísealcharbóin’ breoslaí carbóin athchúrsáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoir (AE) 2018/2001, hidrigin ísealcharbóin agus breoslaí gásacha sintéiseacha agus breoslaí leachtacha sintéiseacha a fhaigheann a luach fuinnimh ó hidrigin ísealcharbóin, a chomhlíonann an tairseach 70 % um laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid leis an táirge comparáide breoslaí iontaise le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a leagtar amach sa mhodheolaíocht arna glacadh de bhun Airteagal 29a(3) de Threoir (AE) 2018/2001; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘gnóthas hidrigine’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna seo a leanas: hidrigin a tháirgeadh, a iompar, a sholáthar, a cheannach nó a stóráil nó a oibríonn críochfort hidrigine, agus atá freagrach as na cúraimí tráchtála, teicniúla nó cothabhála a bhaineann leis na feidhmeanna sin, cé is moite de chustaiméirí deiridh; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘gnóthas gáis nádúrtha’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann ceann de na feidhmeanna seo a leanas: gás nádúrtha, lena n-áirítear GNL, a tháirgeadh, a tharchur, a dháileadh, a sholáthar, a cheannach nó a stóráil, agus atá freagrach as na cúraimí tráchtála, teicniúla nó cothabhála a bhaineann leis na feidhmeanna sin, cé is moite de chustaiméirí deiridh; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘gréasán píblínte réamhtheachtach’ aon phíblíne nó gréasán píblínte a oibrítear nó a fhoirgnítear mar chuid de thionscadal táirgthe ola nó gáis nádúrtha, nó a úsáidtear chun gás nádúrtha a iompar ó thionscadal amháin nó níos mó den sórt sin chuig monarcha próiseála nó críochfort nó críochfort deiridh cósta; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘tarchur’ gás nádúrtha a iompar trí ghréasán, arb é atá ann den chuid is mó píblínte ardbhrú, seachas gréasán píblínte réamhtheachtach agus seachas an chuid de na píblínte ardbhrú a úsáidtear go príomha i gcomhthéacs dháileadh áitiúil an gháis nádúrtha, d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí, cé is moite de sholáthar; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchuir’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann feidhm an tarchuir agus atá freagrach as an gcóras tarchuir i limistéar áirithe agus, i gcás inarb infheidhme, na hidirnaisc atá aige le córais eile, a oibriú, a áirithiú go ndéanfar é nó iad a chothabháil agus, más gá, é nó iad a fhorbairt, agus atá freagrach as cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú freastal ar éilimh réasúnta maidir le gás nádúrtha a iompar; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘dáileadh’ gás nádúrtha a iompar trí ghréasáin píblínte áitiúla nó réigiúnacha d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí, cé is moite de sholáthar; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann feidhm an dáileacháin gáis nádúrtha agus atá freagrach as an gcóras dáileacháin i limistéar áirithe agus, i gcás inarb infheidhme, na hidirnaisc atá aige le córais eile a oibriú, a áirithiú go ndéanfar é nó iad a chothabháil agus, más gá, é nó iad a fhorbairt, agus atá freagrach as cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú freastal ar éilimh réasúnta maidir le gás nádúrtha a dháileadh; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘gréasán hidrigine’ gréasán píblínte ar tír agus amach ón gcósta a úsáidtear chun hidrigin ar ardghrád íonachta a iompar d’fhonn í a sheachadadh ar chustaiméirí, cé is moite de sholáthar; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘iompar hidrigine’ hidrigin a tharchur nó a dháileadh trí ghréasán hidrigine d’fhonn í a sheachadadh ar chustaiméirí, cé is moite de sholáthar; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘gréasán tarchurtha hidrigine’ gréasán píblínte chun hidrigin ar ardghrád íonachta a iompar, go háirithe gréasán ina n-áirítear idirnascairí hidrigine nó atá nasctha go díreach le stóráil hidrigine, críochfoirt hidrigine nó dhá idirnascaire hidrigine nó níos mó nó arb é is príomhaidhm dó hidrigin a iompar chuig gréasáin hidrigine eile, stóráil hidrigine nó críochfoirt hidrigine eile, cé is moite den fhéidearthacht atá ag gréasáin den sórt sin an cuspóir soláthar a dhéanamh do chustaiméirí atá nasctha go díreach; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘gréasán dáilte hidrigine’ gréasán píblínte le haghaidh iompar áitiúil nó réigiúnach hidrigine ar ardghrád íonachta, a fhónann go príomha do hidrigin a sheachadadh ar chustaiméirí atá nasctha go díreach agus nach n-áirítear idirnascairí hidrigine iontu, agus nach bhfuil nasctha go díreach le saoráidí stórála hidrigine ná le críochfoirt hidrigine, mura rud é gur chóras dáilte gáis nádúrtha an gréasán sin an 4 Lúnasa 2024 agus go ndearnadh athrú cuspóra air go páirteach nó go hiomlán chun hidrigin a iompar, nó le dhá idirnascaire hidrigine nó níos mó; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘oibreoir gréasáin hidrigine’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann feidhm an iompair hidrigine agus atá freagrach as an ngréasán hidrigine i limistéar áirithe agus, i gcás inarb infheidhme, na hidirnaisc atá aige le gréasáin hidrigine eile, a oibriú, a áirithiú go ndéanfar é nó iad a chothabháil agus, más gá, é nó iad a fhorbairt, agus atá freagrach as cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú freastal ar éilimh réasúnta maidir le hidrigin a iompar; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá freagrach as an ngréasán hidrigine i limistéar áirithe agus, más gá, na hidirnaisc atá aige le gréasáin hidrigine eile, a oibriú, a áirithiú go ndéanfar é nó iad a chothabháil agus, i gcás inarb infheidhme, é nó iad a fhorbairt, agus atá freagrach as cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú freastal ar éilimh réasúnta maidir le hidrigin a iompar; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘oibreoir gréasáin dáilte hidrigine’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá freagrach as an ngréasán dáilte hidrigine i limistéar áirithe agus, i gcás inarb infheidhme, na hidirnaisc atá aige le gréasáin hidrigine eile, a oibriú, a áirithiú go ndéanfar é nó iad a chothabháil agus, más gá, é nó iad a fhorbairt, agus atá freagrach as cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú freastal ar éilimh réasúnta maidir le hidrigin a iompar; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘soláthar’ gás nádúrtha, lena n-áirítear GNL, nó hidrigin, lena n-áirítear i bhfoirm iompróirí hidrigine orgánaí leachtaí nó díorthaigh hidrigine leachtaí agus díorthaigh hidrigine lena n-áirítear amóinia nó meatánól a dhíol, lena n-áirítear athdhíol, le custaiméirí; |
|
(29) |
ciallaíonn ‘gnóthas soláthair’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a dhéanann feidhm an tsoláthair; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘soláthraí na dála deiridh’ soláthraí atá ainmnithe chun soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí soláthróra nach bhfuil ag oibriú a thuilleadh a ghlacadh ar láimh; |
|
(31) |
ciallaíonn ‘saoráid stórála gáis nádúrtha’ saoráid a úsáidtear chun gás nádúrtha a stocáil agus atá faoi úinéireacht nó á hoibriú ag gnóthas gáis nádúrtha, lena n-áirítear an chuid de shaoráidí GNL a úsáidtear le haghaidh stóráil gáis nadúrtha, cé is moite den chuid a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí táirgthe, agus cé is moite de shaoráidí a fhorchoimeádtar go heisiach le haghaidh oibreoirí córais tarchuir agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna; |
|
(32) |
ciallaíonn ‘oibreoir córais stórála gáis nádúrtha’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann feidhm na stórála gáis nádúrtha agus atá freagrach as saoráid stórála gáis nádúrtha a oibriú; |
|
(33) |
ciallaíonn ‘saoráid GNL’ críochfort a úsáidtear chun gás nádúrtha a leachtú nó chun GNL a allmhairiú, a dhíluchtú agus a athghású, lena n-áirítear seirbhísí coimhdeacha agus an stóráil shealadach is gá don phróiseas athghásaithe agus don seachadadh ina dhiaidh sin chuig an gcóras tarchuir, cé is moite d'aon chuid de chríochfoirt GNL a úsáidtear le haghaidh stórála; |
|
(34) |
ciallaíonn ‘oibreoir córais GNL’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann an fheidhm gás nádúrtha a leachtú, nó a dhéanann GNL a allmhairiú, a dhíluchtú agus a athghású, agus atá freagrach as saoráid GNL a oibriú; |
|
(35) |
ciallaíonn ‘córas’ aon ghréasán tarchuir, gréasán dáileacháin, saoráid GNL nó saoráid stórála gáis nádúrtha atá faoi úinéireacht nó a oibríonn gnóthas gáis nádúrtha, lena n-áirítear línephacáil agus a chuid saoráidí a sholáthraíonn seirbhísí coimhdeacha agus iad siúd de chuid na ngnóthas gaolmhar is gá chun rochtain a thabhairt ar tharchur, dáileadh agus GNL; |
|
(36) |
ciallaíonn ‘seirbhísí coimhdeacha’ na seirbhísí uile is gá chun gréasáin tarchuir, gréasáin dáileacháin, saoráidí GNL nó saoráidí stórála gáis nádúrtha a rochtain agus a oibriú, lena n-áirítear cothromú ualaí, támhghás a chumasc agus a instealladh, cé is moite de shaoráidí a fhorchoimeádtar go heisiach le haghaidh oibreoirí córais tarchuir agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna; |
|
(37) |
ciallaíonn ‘línephacáil gáis nádúrtha’ gás nádúrtha a stóráil trína chomhbhrú i gcórais tarchuir agus daileacháin, cé is moite de shaoráidí a fhorchoimeádtar le haghaidh oibreoirí córais tarchuir agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna; |
|
(38) |
ciallaíonn ‘córas idirnasctha’ roinnt córas atá nasctha le chéile; |
|
(39) |
ciallaíonn ‘idirnascaire’ líne tharchuir a thrasnaíonn teorainn nó a shíneann thar theorainn idir Ballstáit chun córas tharchuir náisiúnta na mBallstát sin a nascadh nó líne tharchuir idir Ballstát agus tríú tír chomh fada le críoch na mBallstát nó chomh fada le farraige theorann an Bhallstáit sin; |
|
(40) |
ciallaíonn ‘idirnascaire hidrigine’ gréasán hidrigine a thrasnaíonn teorainn nó a shíneann thar theorainn idir Ballstáit chun gréasáin hidrigine náisiúnta na mBallstát sin a nascadh nó gréasán hidrigine idir Ballstát agus tríú tír chomh fada le críoch na mBallstát nó chomh fada le farraige theorann an Bhallstáit sin; |
|
(41) |
ciallaíonn ‘líne dhíreach’ píblíne gáis nádúrtha atá comhlántach leis an gcóras idirnasctha; |
|
(42) |
ciallaíonn ‘gnóthas gáis nádúrtha comhtháite’ gnóthas atá comhtháite go hingearach nó go cothrománach; |
|
(43) |
ciallaíonn ‘gnóthas atá comhtháite go hingearach’ gnóthas gáis nádúrtha nó grúpa gnóthas gáis nádúrtha nó gnóthas hidrigine nó grúpa gnóthas hidrigine ina bhfuil an duine céanna nó na daoine céanna i dteideal rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, agus ina gcomhlíonann an gnóthas nó an grúpa gnóthas ceann amháin ar a laghad d’fheidhmeanna an tarchuir, an dáileacháin, an iompair hidrigine, oibriú an chríochfoirt hidrigine, stóráil GNL nó gáis nádúrtha nó hidrigine, agus ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna a bhaineann le gás nádúrtha nó hidrigin a tháirgeadh nó a sholáthar; |
|
(44) |
ciallaíonn ‘gnóthas atá comhtháite go cothrománach’ gnóthas a dhéanann ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna a bhaineann le gás nádúrtha a tháirgeadh, a tharchur, a dháileadh, a sholáthar nó a stóráil, chomh maith le gníomhaíocht eile nach mbaineann leis an ngás nádúrtha; |
|
(45) |
ciallaíonn ‘gnóthas gaolmhar’ gnóthas cleamhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), nó gnóthas ar leis na scairshealbhóirí céanna é; |
|
(46) |
ciallaíonn ‘úsáideoir córais’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a soláthraíonn gás nádúrtha nó hidrigin don chóras, nó a gcuireann an córas soláthar ar fáil dó; |
|
(47) |
ciallaíonn ‘custaiméir’ custaiméir mórdhíola nó custaiméir deiridh gáis nádúrtha nó hidrigine nó gnóthas gáis nádúrtha nó hidrigine a cheannaíonn gás nádúrtha nó hidrigin; |
|
(48) |
ciallaíonn ‘custaiméir teaghlaigh’ custaiméir a cheannaíonn gás nádúrtha nó hidrigin d’úsáid teaghlaigh féin an chustaiméara; |
|
(49) |
ciallaíonn ‘custaiméir nach custaiméir teaghlaigh é’ custaiméir a cheannaíonn gás nádúrtha nó hidrigin nach dá úsáid nó dá húsáid teaghlaigh féin; |
|
(50) |
ciallaíonn ‘custaiméir deiridh’ custaiméir a cheannaíonn gás nádúrtha nó hidrigin d’úsáid féin an chustaiméara; |
|
(51) |
ciallaíonn ‘custaiméir mórdhíola’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach seachas oibreoir córais tarchuir nó oibreoir córais dáileacháin a cheannaíonn gás nádúrtha nó hidrigin chun críche athdhíola laistigh den chóras ina bhfuil an duine bunaithe nó lasmuigh de; |
|
(52) |
ciallaíonn ‘micrifhiontar’, ‘fiontar beag’ nó ‘fiontar meánmhéide’ micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (39); |
|
(53) |
ciallaíonn ‘conradh soláthair gáis’ conradh chun gás nádúrtha nó hidrigin a sholáthar, cé is moite de dhíorthach gáis nádúrtha; |
|
(54) |
ciallaíonn ‘díorthach gáis nádúrtha’ ionstraim airgeadais a shonraítear i Roinn C, pointe 5, 6 nó 7, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún (40), i gcás ina mbaineann an ionstraim airgeadais sin le gás nádúrtha; |
|
(55) |
ciallaíonn ‘rialú’ aon cheart, aon chonradh nó aon mhodh eile a mbaineann an fhéidearthacht leo, ar leithligh nó go comhpháirteach agus ag féachaint do na ceisteanna fíorais nó dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar ghnóthas, ar an gcaoi seo a leanas go háirithe:
|
|
(56) |
ciallaíonn ‘conradh fadtéarmach’ conradh soláthair gáis is faide ná aon bhliain amháin; |
|
(57) |
ciallaíonn ‘córas iontrála-scoir’ samhail rochtana le haghaidh gás nádúrtha nó hidrigin ina ndéanann úsáideoirí córais cearta acmhainneachta a chur in áirithe go neamhspleách ar phointí iontrála agus ar phointí scoir, lena n-áirítear an córas tarchuir agus a bhféadfar an córas dáileacháin iomlán nó cuid de, nó gréasáin hidrigine, a áireamh ann; |
|
(58) |
ciallaíonn ‘crios cothromaíochta’ córas a bhfuil córas sonrach cothromaíochta infheidhme maidir leis, agus a n-áirítear leis an gcóras tarchuir agus a bhféadfar córais dáileacháin nó codanna de chórais dáileacháin a bheith san áireamh ann; |
|
(59) |
ciallaíonn ‘pointe trádála fíorúil’ pointe tráchtála neamhfhisiceach laistigh de chóras iontrála-scoir ina ndéantar gás nádúrtha nó hidrigin a mhalartú idir díoltóir agus ceannaitheoir gan an gá acmhainneacht a chur in áirithe; |
|
(60) |
ciallaíonn ‘úsáideoir gréasáin’ custaiméir nó custaiméir ionchasach oibreora córais nó oibreoir córais é féin, a mhéid is gá don oibreoir córais sin a chuid feidhmeanna adhéanamh maidir le hiompar gáis nádúrtha nó hidrigine; |
|
(61) |
ciallaíonn ‘pointe iontrála’ pointe atá faoi réir nósanna imeachta áirithinte arna ndéanamh ag úsáideoirí gréasáin lena soláthraítear rochtain ar chóras iontrála-scoir; |
|
(62) |
ciallaíonn ‘pointe scoir’ pointe atá faoi réir nósanna imeachta áirithinte arna ndéanamh ag úsáideoirí gréasáin lenar féidir sreabhadh gáis teacht as an gcóras iontrála-scoir; |
|
(63) |
ciallaíonn ‘pointe idirnaisc’ pointe fisiceach nó fíorúil lena nasctar córais chóngaracha iontrála-scoir nó a nascann córas iontrála-scoir le hidirnascaire, sa mhéid atá pointe den sórt sin faoi réir nósanna imeachta áirithinte arna n-úsáid ag úsáideoirí gréasáin; |
|
(64) |
ciallaíonn ‘pointe idirnaisc fíorúil’ dhá phointe idirnaisc nó níos mó a nascann an dá chóras chóngaracha iontrála-scoir chéanna, atá comhtháite le chéile ar mhaithe le seirbhís aon-acmhainneachta a sholáthar; |
|
(65) |
ciallaíonn ‘rannpháirtí sa mhargadh’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil gás nádúrtha nó hidrigin á cheannach, á dhíol nó á tháirgeadh aige, nó ar oibreoir seirbhísí stórála é lena n-áirítear trí orduithe a dhéanamh chun trádáil a dhéanamh i gceann amháin nó níos mó margaí do ghás nádúrtha nó do hidrigin, lena n-áirítear i margaí cothromaíochta; |
|
(66) |
ciallaíonn ‘táille foirceanta conartha’ muirear nó pionós a ghearrann soláthróirí nó rannpháirtithe sa mhargadh ar chustaiméirí as conradh soláthair nó seirbhíse gáis a fhoirceannadh; |
|
(67) |
ciallaíonn ‘táille athrú-bhainteach’ muirear nó pionós as athrú ó sholáthróir nó rannpháirtí amháin sa mhargadh go ceann eile, lena n-áirítear táillí foirceanta conartha, a ghearrann soláthróirí, rannpháirtithe sa mhargadh nó oibreoirí córais go díreach nó go hindíreach ar chustaiméirí; |
|
(68) |
ciallaíonn ‘faisnéis bhilleála’ an fhaisnéis a thugtar ar bhille an chustaiméara deiridh, cé is moite d'iarraidh ar íocaíocht; |
|
(69) |
ciallaíonn ‘gnáthmhéadar’ méadar analógach nó méadar leictreonach gan an cumas sonraí a tharchur ná a fháil; |
|
(70) |
ciallaíonn ‘córas méadraithe chliste’ córas leictreonach atá in ann an gás nádúrtha nó an hidrigin a chuirtear isteach san eangach nó an gás nádúrtha nó an hidrigin a thomhlaítear ón eangach a thomhas, ar córas é a sholáthraíonn níos mó faisnéise ná gnáthmhéadar, agus atá in ann sonraí a tharchur agus a fháil chun críoch faisnéise, faireacháin agus rialaithe agus modh cumarsáide leictreonaí á húsáid aige; |
|
(71) |
ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’, i gcomhthéacs an mhéadrúcháin chliste, dhá cheann nó níos mó de ghréasáin, córais, feistí, feidhmchláir nó comhpháirteanna fuinnimh nó cumarsáide a bheith in ann idir-oibriú le chéile chun faisnéis a mhalartú agus a úsáid chun feidhmeanna áirithe a dhéanamh; |
|
(72) |
ciallaíonn ‘is déanaí atá ar fáil’, i gcomhthéacs na sonraí ón méadrú cliste, sonraí a sholáthraítear laistigh de thréimhse atá ag teacht leis an tréimhse réitigh is gaire sa mhargadh náisiúnta; |
|
(73) |
ciallaíonn ‘na teicnící is fearr atá ar fáil’, i gcomhthéacs na cosanta sonraí agus na slándála i dtimpeallacht méadrúcháin chliste, na teicnící is éifeachtaí, is sárfhorbartha agus is oiriúnaí ar bhonn praiticiúil chun bonn a sholáthar, i bprionsabal, le rialacha cosanta sonraí agus slándála an Aontais a chomhlíonadh; |
|
(74) |
ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ bochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (52), de Threoir (AE) 2023/1791; |
|
(75) |
ciallaíonn ‘custaiméir gníomhach’ custaiméir deiridh gáis nádúrtha, nó grúpa custaiméirí deiridh gáis nádúrtha a ghníomhaíonn go comhpháirteach, agus:
|
|
(76) |
ciallaíonn ‘bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh’ bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999 é; |
|
(77) |
ciallaíonn ‘athrú cuspóra’ athrú cuspóra mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41). |
CAIBIDIL II
RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE HEAGRÚ AN MHARGAIDH
Airteagal 3
Margaí iomaíocha, dírithe ar an gcustaiméir, solúbtha, neamh-idirdhealaitheacha do ghás nádúrtha agus do hidrigin
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tsaoirse ag na custaiméirí uile gás nádúrtha agus hidrigin a cheannach óna rogha soláthróra agus áiritheoidh siad go mbeidh an tsaoirse ag na custaiméirí uile níos mó ná aon chonradh soláthair gáis nádúrtha nó hidrigine amháin a bheith acu an tráth céanna, ar choinníoll go bhfuil na naisc agus na pointí méadrúcháin is gá bunaithe.
2. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh a reachtaíocht náisiúnta bacainn mhíchuí ar thrádáil trasteorann gáis nádúrtha agus hidrigine, ar fheidhmiú agus teacht chun cinn trádála leachta le haghaidh gáis nádúrtha agus hidrigine, ar rannpháirtíocht tomhaltóirí, ar infheistíochtaí, go háirithe, i ngás in-athnuaite agus i ngás ísealcharbóin, ná ar stóráil fuinnimh idir na Ballstáit, agus áiritheoidh siad go mbeidh praghsanna gáis nádúrtha agus hidrigine i gcomhréir leis an soláthar agus an t-éileamh iarbhír.
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach ann d’aon bhacainní míchuí laistigh de na margaí inmheánacha do ghás nádúrtha ná do hidrigin a mhéid a bhaineann le hiontráil sa mhargadh agus imeacht as, trádáil sa mhargadh agus oibriú an mhargaidh.
4. Áiritheoidh na Ballstáit agus údaráis rialála go mbeidh na gnóthais fuinnimh faoi réir rialacha, táillí agus cóireáil atá trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach, go háirithe maidir le nascadh leis an ngréasán, rochtain ar na margaí mórdhíola, rochtain ar shonraí, próisis chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus córais bhilleála agus, i gcás inarb infheidhme, le ceadúnú.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh rannpháirtithe sa mhargadh ó thríú tíortha dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear an dlí a bhaineann le réimsí an chomhshaoil agus na sábháilteachta, agus iad ag oibriú laistigh de na margaí inmheánacha do ghás nádúrtha agus do hidrigin.
6. Áiritheoidh na Ballstáit gur cur chuige dírithe ar an gcustaiméir agus tíosach ar fhuinneamh a bheidh sa mhargadh do hidrigin. Díreofar úsáid hidrigine ar chustaiméirí in earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú agus a bhfuil acmhainneacht mhór laghdaithe gás ceaptha teasa ag baint leo i gcás nach bhfuil aon roghanna eile atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh agus costais de ar fáil.
7. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Treoir seo chun feidhme ar bhealach lena gcothaítear comhtháthú an chórais fuinnimh agus, an tráth céanna, nach ndéanfar idirdhealú míchuí i gcoinne réitigh atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, amhail leictriú díreach, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh.
Airteagal 4
Praghsanna soláthair margadhbhunaithe
1. Beidh an tsaoirse ag soláthróirí an praghas ag a soláthróidh siad gás nádúrtha agus hidrigin do na custaiméirí a chinneadh. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun iomaíocht éifeachtach idir soláthróirí a áirithiú agus chun praghsanna réasúnta a áirithiú do na custaiméirí deiridh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na custaiméirí teaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus atá leochaileach a chosaint de bhun Airteagail 26 go 29 trí bheartas sóisialta nó trí mhodhanna eile seachas idirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha agus hidrigine.
3. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm i leith shocrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó custaiméirí teaghlaigh atá leochaileach. Beidh idirghabhálacha poiblí den sórt sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.
4. Maidir le hidirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha:
|
(a) |
saothróidh siad an leas eacnamaíoch ginearálta agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun an leas eacnamaíoch ginearálta sin a bhaint amach; |
|
(b) |
beidh siad sainmhínithe go soiléir, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, infhíoraithe; |
|
(c) |
déanfaidh siad rochtain chomhionann ar chustaiméirí a ráthú do ghnóthais gáis nádúrtha an Aontais; |
|
(d) |
beidh teorainn ama leo agus beidh siad comhréireach a mhéid a bhaineann lena dtairbhithe; |
|
(e) |
ní éireoidh costais bhreise astu ar bhealach idirdhealaitheach do rannpháirtithe sa mhargadh; |
|
(f) |
ní chuirfidh siad bacbacainn ar chéimniú amach de réir a chéile agus tráthúil an gháis iontaise chun sprioc aeráide an Aontais agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2030 a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach. |
5. Aon Bhallstát a dhéanfaidh idirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh siad freisin Airteagal 3(3), pointe (d), agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999 a chomhlíonadh, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil líon suntasach custaiméirí teaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh sa Bhallstát lena mbaineann. Sula n-éireofar as idirghabhálacha poiblí i socrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta tacaíochta leordhóthanacha ann do chustaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus do chustaiméirí teaghlaigh leochaileacha i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
6. Chun iomaíocht éifeachtach le haghaidh conarthaí soláthair gáis nádúrtha a bhunú idir soláthróirí, agus chun praghsáil miondíola mhargadhbhunaithe inacmhainne gáis nádúrtha atá go hiomlán éifeachtach a bhaint amach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse eatramhach, idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm i leith shocrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh nach dtairbhíonn d’idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 3 agus do mhicrifhiontair.
7. Idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 6, comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar amach i mír 4 agus:
|
(a) |
beidh sraith de bhearta ag gabháil leo chun iomaíocht éifeachtach a bhaint amach mar aon le modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i ndáil leis na bearta sin; |
|
(b) |
socrófar iad trí úsáid a bhaint as modheolaíocht lena n-áirithítear cóir neamh-idirdhealaitheach do sholáthróirí; |
|
(c) |
socrófar iad ag praghas a bheidh os cionn an chostais, ar leibhéal ag a bhféadfaidh iomaíocht éifeachtach praghsanna tarlú; |
|
(d) |
beidh siad deartha chun aon tionchar diúltach ar an margadh mórdhíola do ghás nádúrtha a íoslaghdú; |
|
(e) |
áiritheoidh siad go mbeidh an fhéidearthacht ag gach tairbhí d’idirghabhálacha poiblí den sórt sin tairiscintí iomaíocha sa mhargadh a roghnú agus go ndéanfar, gach ráithe ar a laghad, na tairbhithe sin a chur ar an eolas go díreach faoi thairiscintí agus coigiltis a bheith ar fáil sa mhargadh iomaíoch, agus go dtabharfar cúnamh dóibh athrú go tairiscint mhargadhbhunaithe; |
|
(f) |
áiritheoidh siad, i gcás ina dtéann an Ballstát ar aghaidh le córais méadraithe chliste a imscaradh i gcomhréir le hAirteagal 17, go gcuirfear tairbhithe uile idirghabhálacha poiblí den sórt sin ar an eolas go díreach faoin bhféidearthacht méadair chliste a shuiteáil agus go dtabharfar an cúnamh is gá dóibh; |
|
(g) |
ní bheidh mar thoradh orthu tras-fhóirdheonú díreach idir custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna an tsaormhargaidh agus custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna soláthair rialáilte. |
8. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na bearta a dhéantar i gcomhréir le míreanna 3 agus 6 laistigh d’aon mhí amháin tar éis a nglactha agus féadfaidh siad iad a chur i bhfeidhm láithreach. Beidh míniú ag gabháil leis an bhfógra ar an bhfáth nárbh fhéidir le hionstraimí eile an cuspóir atá á shaothrú a ghnóthú go leordhóthanach, conas a chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 4, 5 agus 7 agus cad iad na héifeachtaí a bheidh ag na bearta ar tugadh fógra ina leith ar an iomaíocht. Tabharfar tuairisc san fhógra ar raon feidhme na dtairbhithe, go háirithe custaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus custaiméirí leochaileacha teaghlaigh, chomh maith le tairbhithe féideartha eile, fad na mbeart agus líon na gcustaiméirí teaghlaigh a bhfuil éifeacht ag na bearta orthu, agus conas a cinneadh na praghsanna rialáilte.
9. Faoin 15 Márta 2025, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite maidir le dul chun cinn náisiúnta fuinnimh agus aeráide, déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, maidir le riachtanas agus comhréireacht na n-idirghabhálacha poiblí faoin Airteagal seo, agus maidir le measúnú ar an dul chun cinn i dtreo iomaíocht éifeachtach a bhaint amach idir soláthróirí agus an t-aistriú go praghsanna margadhbhunaithe. Na Ballstáit a chuireann praghsanna rialáilte i bhfeidhm i gcomhréir le mír 6, tuairisceoidh siad ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7, lena n-áirítear ar a mhéid atá soláthróirí a cheanglaítear orthu na hidirghabhálacha sin a chur i bhfeidhm ag comhlíonadh na gcoinníollacha, chomh maith leis an tionchar atá ag praghsanna rialáilte ar chúrsaí airgeadais na soláthróirí sin.
10. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Airteagail seo chun críche praghsáil mhiondíola mhargadhbhunaithe an gháis nádúrtha a bhaint amach agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, measúnú ar thionchar na mbeart sin ar an dul chun cinn maidir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus na cuspóirí eile fuinnimh agus aeráide a bhaint amach. Féadfar í a chomhcheangal leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 5(10) de Threoir (AE) 2019/944 maidir le cur chun feidhme an Airteagail sin. Gabhfaidh togra reachtach leis an tuarascáil sin nó tiocfaidh togra reachtach ina diaidh, más iomchuí. Féadfar críochdháta do phraghsanna rialáilte a bheith ar áireamh i dtogra reachtach den sórt sin.
Airteagal 5
Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne le linn géarchéim praghsanna gáis nádúrtha
1. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, a dhearbhú go bhfuil géarchéim praghsanna gáis nádúrtha réigiúnach nó uile-Aontais ann, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas araon:
|
(a) |
is ann do mheánphraghsanna an-ard i margaí mórdhíola leictreachais atá dhá oiread go leith ar a laghad an meánphraghas sna 5 bliana roimhe sin, agus EUR 180/MWh ar a laghad, agus a mheastar a leanfaidh ar feadh 6 mhí ar a laghad; ní chuirfear san áireamh i ríomh an mheánphraghais le linn na 5 bliana roimhe sin na tréimhsí sin ar lena linn a dearbhaíodh géarchéim praghsanna gáis nádúrtha réigiúnach nó uile-Aontais; |
|
(b) |
tá méaduithe géara de thart ar 70 % ar a laghad ar phraghsanna miondíola gáis nádúrtha, praghsanna a mheastar a bheidh ann fós go ceann 3 mhí ar a laghad. |
2. Sa chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, sonrófar tréimhse bhailíochta an chinnidh sin, a bhféadfaidh suas le bliain amháin a bheith i gceist léi. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 8 le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha suas le haon bhliain amháin.
3. Leis an dearbhú maidir le géarchéim praghsanna gáis nádúrtha réigiúnach nó uile-Aontais de bhun mhír 1, áiritheofar an cothrom iomaíochta ar fud na mBallstát uile a bhfuil éifeacht ag an gcinneadh cur chun feidhme orthu ionas nach ndéanfar an margadh inmheánach a shaobhadh go míchuí.
4. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, tíolacfaidh an Coimisiún togra maidir le géarchéim praghsanna gáis nádúrtha réigiúnach nó uile-Aontais a dhearbhú, ar togra é ina n-áireofar an tréimhse bhailíochta atá beartaithe a bheith ag an gcinneadh cur chun feidhme.
5. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra ón gCoimisiún arna thíolacadh de bhun mhíreanna 4 agus 8 a leasú.
6. I gcás ina nglacann an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí sealadacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm, ar feadh tréimhse bhailíochta an chinnidh sin, maidir le socrú praghsanna don soláthar gáis nádúrtha d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), do chustaiméirí teaghlaigh agus do sheirbhísí sóisialta riachtanacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) 2017/1938. Maidir le hidirghabhálacha poiblí den sórt sin:
|
(a) |
beidh siad teoranta do 70 % ar a mhéid de thomhaltas an tairbhí le linn thréimhse chéanna na bliana roimhe sin agus coinneofar dreasacht chun an t-éileamh a laghdú; |
|
(b) |
comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(4) agus (7); |
|
(c) |
comhlíonfaidh siad, i gcás inarb ábhartha, na coinníollacha a leagtar amach i mír 7; |
|
(d) |
beidh siad ceaptha chun íoslaghdú a dhéanamh ar aon ilroinnt dhiúltach sa mhargadh inmheánach. |
7. I gcás ina nglacann an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh thréimhse bhailíochta an chinnidh sin, de mhaolú ar Airteagal 4(7), pointe (c), agus idirghabhálacha poiblí spriocdhírithe á gcur i bhfeidhm acu i socrú na bpraghsanna le haghaidh sholáthar an gháis nádúrtha de bhun Airteagal 4(6) nó mhír 6 den Airteagal seo, praghas ar an soláthar gáis nádúrtha atá faoi bhun an chostais a shocrú go heisceachtúil agus go sealadach ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
ní bhaineann an praghas atá socraithe do chustaiméirí teaghlaigh ach le 80 %, ar a mhéad, de thomhaltas airmheánach teaghlach agus coinnítear dreasacht chun an t-éileamh a laghdú; |
|
(b) |
ní dhéantar aon idirdhealú idir soláthróirí; |
|
(c) |
cúitítear soláthróirí, ar bhealach trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, as soláthar faoi bhun costais; |
|
(d) |
tá gach soláthróir i dteideal tairiscintí a sholáthar le haghaidh phraghas an tsoláthair gáis nádúrtha atá faoi bhun an chostais ar an mbonn céanna; |
|
(e) |
ní dhéanann na bearta atá á mbeartú saobhadh ar an margadh inmheánach do ghás nádúrtha. |
8. In am trátha roimh dhul in éag na tréimhse bhailíochta a shonraítear de bhun mhír 2, déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 fós á gcomhlíonadh. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha leagtar síos i mír 1 fós á gcomhlíonadh, cuirfidh sé togra faoi bhráid na Comhairle maidir le tréimhse bhailíochta cinnidh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 1 a shíneadh. I gcás ina gcinneann an Chomhairle an tréimhse bhailíochta a shíneadh, beidh feidhm ag míreanna 6 agus 7 le linn tréimhse sínithe den sórt sin.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú agus faireachán leanúnach ar an tionchar a thagann as aon bhearta a ghlactar faoin Airteagal seo agus foilseoidh sé torthaí na measúnuithe sin ar bhonn tráthrialta.
Airteagal 6
Oibleagáidí seirbhíse poiblí
1. Áiritheoidh na Ballstáit, ar bhonn a n-eagrúcháin institiúidigh agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta, go n-oibreofar gnóthais gáis nádúrtha agus hidrigine, gan dochar do mhír 2, i gcomhréir le prionsabail na Treorach seo d’fhonn margaí do ghás nádúrtha agus do hidrigin a bhaint amach atá iomaíoch, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ní dhéanfaidh na Ballstáit idirdhealú idir na gnóthais sin a mhéid a bhaineann lena gcearta ná lena n-oibleagáidí.
2. Ag féachaint go hiomlán d’fhorálacha ábhartha CFAE, go háirithe Airteagal 106 de, féadfaidh na Ballstáit oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar ghnóthais gáis nádúrtha agus hidrigine, ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, ar oibleagáidí iad a d’fhéadfadh a bheith bainteach le slándáil, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair, rialtacht agus cáilíocht soláthairtí, agus cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus cosaint na haeráide agus le praghas an tsoláthair gáis nádúrtha. Beidh na hoibleagáidí sin sainithe go soiléir, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, infhíoraithe agus ráthófar leo go mbeidh comhionannas rochtana ag gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais hidrigine an Aontais ar thomhaltóirí náisiúnta. Na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann le hidirghabhálacha poiblí i socrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar an gháis nádúrtha, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 den Treoir seo.
3. Leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis, áiritheofar go gcloífidh na gnóthais gáis nádúrtha leis an gcaighdeán soláthair gáis de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/1938 agus beidh na hoibleagáidí sin comhleanúnach le torthaí na measúnuithe riosca náisiúnta a dhéantar de bhun Airteagal 7(3) den Rialachán sin, mar a shonraítear sna pleananna um ghníomhaíocht choisctheach a ullmhaítear de bhun Airteagal 9(1), pointí (c), (d) agus (k), den Rialachán sin. Leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a théann thar a bhfuil riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/1938, comhlíonfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 8(1) den Rialachán sin.
4. I gcás ina ndeonóidh Ballstát cúiteamh airgeadais nó cineálacha eile cúitimh as comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo, déanfar é ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach.
5. Ar thrasuí na Treorach seo, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta uile arna nglacadh chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, lena n-áirítear cosaint do thomhaltóirí agus cosaint an chomhshaoil, agus maidir lena n-éifeacht fhéideartha ar an iomaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta, gan beann ar cé acu atá maolú ar an Treoir seo de dhíth i leith na mbeart sin nó nach bhfuil. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún ina dhiaidh sin gach 2 bhliain faoi aon athrú ar bhearta den sórt sin, gan beann ar cé acu atá maolú ar an Treoir seo de dhíth ina leith nó nach bhfuil.
6. Agus oibleagáidí seirbhíse poiblí á bhforchur de bhun mhír 2, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha go luath agus ar bhealach oscailte, cuimsitheach, trédhearcach. Na doiciméid oifigiúla uile a bhaineann leis na comhairliúcháin agus na doiciméid a úsáidtear chun an oibleagáid seirbhíse poiblí a fhorbairt, déanfar iad a phoibliú agus rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus cosaint sonraí á caomhnú.
Airteagal 7
An comhar réigiúnach agus an comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn
1. I gcás ina gcinneann na Ballstáit nó a n-údaráis rialála amhlaidh, comhoibreoidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála lena chéile chun a gcuid margaí náisiúnta a chomhtháthú ar leibhéal réigiúnach amháin nó níos mó, ag obair chun margaí réigiúnacha a chruthú agus, níos faide anonn, chun margadh inmheánach lán-léirscaoilte a chruthú. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta ag na Ballstáit maidir leis, déanfaidh na húdaráis rialála, an comhar idir oibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine a chur chun cinn agus a éascú ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna trasteorann agus maidir le díchoimisiúnú sócmhainní, d’fhonn dícharbónú costéifeachtach a áirithiú i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus margaí inmheánacha iomaíocha do ghás nádúrtha agus do hidrigin a chruthú, comhsheasmhacht a gcreata dhlíthiúil, rialála agus theicniúil a chothú agus comhtháthú na gcóras iargúlta atá ina n-oileáin gháis nádúrtha fós san Aontas a éascú. Áireofar sna limistéir gheografacha a chumhdaítear leis an gcomhar réigiúnach sin comhar i limistéir gheografacha a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2024/1789. Féadfaidh comhar den sórt sin limistéir gheografacha eile a chumhdach. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil na rialacha ar leibhéal an Aontais ábhartha maidir le comhtháthú réigiúnach na margaí do ghás nádúrtha agus do hidrigin, soláthróidh sé treoir neamhcheangailteach iomchuí lena gcuirfear san áireamh sainiúlachtaí na margaí sin agus an tionchar ar na margaí comharsanacha.
2. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) le húdaráis rialála agus le hoibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine chun comhoiriúnacht na gcreataí rialála idir na réigiúin agus laistigh díobh a áirithiú d’fhonn margaí inmheánacha iomaíocha do ghás nádúrtha agus do hidrigin a chruthú. I gcás ina measann ACER go bhfuil gá le rialacha ceangailteacha maidir leis an gcomhar sin, déanfaidh sí moltaí iomchuí.
3. I gcás ina mbeidh oibreoirí córais tarchuir atá comhtháite go hingearach páirteach i ngnóthas comhpháirteach arna bhunú chun an comhar sin a chur chun feidhme, bunóidh an gnóthas comhpháirteach clár comhlíontachta ina leagfar amach na bearta a bheidh le déanamh lena áirithiú go n-eisiafar iompar idirdhealaitheach agus iompar frithiomaíoch, agus cuirfidh sé chun feidhme an clár comhlíontachta sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta sin na hoibleagáidí sonracha atá ar fhostaithe le go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir go ndéanfaí iompar idirdhealaitheach agus iompar frithiomaíoch a eisiamh. Beidh sé faoi réir a fhormheasta ag ACER. Na hoifigigh chomhlíontachta de chuid na n-oibreoirí córais tarchuir atá comhtháite go hingearach, déanfaidh siad faireachán neamhspleách ar chomhlíonadh an chláir.
Airteagal 8
Nós imeachta údarúcháin
1. In imthosca ina gceanglaítear údarú, amhail ceadúnas, cead, lamháltas, toiliú nó formheas, chun saoráidí gáis nádúrtha, saoráidí táirgthe hidrigine agus bonneagar córais hidrigine a fhoirgniú nó a oibriú, deonóidh na Ballstáit nó aon údarás inniúil a ainmneoidh siad údaruithe chun saoráidí, bonneagar, píblínte nó trealamh gaolmhar den sórt sin a thógáil nó a oibriú ar a gcríoch, i gcomhréir le míreanna 2 go 11. Féadfaidh na Ballstáit nó aon údarás inniúil a ainmneoidh siad údaruithe a dheonú freisin ar an mbonn céanna maidir le gás nádúrtha agus hidrigin a sholáthar agus maidir le custaiméirí mórdhíola.
2. I gcás ina bhfuil córas údarúcháin ag na Ballstáit, leagfaidh siad síos critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus nósanna imeachta trédhearcacha, a chomhlíonfar i gcás ina ndéanann gnóthas iarratas ar údarú chun gás nádúrtha agus hidrigin a sholáthar nó chun saoráidí gáis nádúrtha, saoráidí táirgthe hidrigine nó bonneagar córais hidrigine a fhoirgniú nó a oibriú. Déanfar a phoibliú na critéir agus na nósanna imeachta maidir le húdaruithe a dheonú. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, i nósanna imeachta údarúcháin do shaoráidí, bonneagar, píblínte nó trealamh gaolmhar den sórt sin, tábhacht an tionscadail do na margaí inmheánacha do ghás nádúrtha agus do hidrigin. Áiritheoidh na Ballstáit comhsheasmhacht an chórais údarúcháin le haghaidh bonneagar córais hidrigine leis na pleananna forbartha gréasáin do ghréasáin tarchurtha agus dáilte hidrigine arna nglacadh de bhun Airteagail 55 agus 56.
3. I gcás soláthróirí gáis nádúrtha, féadfaidh na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar stóinseacht airgeadais agus cumais theicniúla na n-iarratasóirí mar chritéir údarúcháin. Ba cheart critéir den sórt sin a bheith iomlán trédhearcach neamh-idirdhealaitheach.
4. Aon rialacha náisiúnta a bhaineann leis an nós imeachta údarúcháin dá dtagraítear san Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad comhréireach, riachtanach agus go rannchuideoidh siad le cur chun feidhme na rialacha ginearálta maidir le heagrú na margaí do ghás nádúrtha agus do hidrigin agus rochtain ar bhonneagair, le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus le cur chun feidhme phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát, chomh maith lena straitéisí fadtéarmacha arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.
5. Na nósanna imeachta údarúcháin le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, ní mhairfidh siad níos faide ná 2 bhliain, lena n-áirítear nósanna imeachta ábhartha uile na n-údarás inniúil. I gcás cuí-réasúnaithe, ar fhorais imthosca urghnácha, féadfar síneadh suas le bliain amháin eile a chur leis an tréimhse 2 bhliain sin.
6. Measúnóidh na Ballstáit cé na bearta reachtacha agus neamhreachtacha náisiúnta is gá chun na nósanna imeachta údarúcháin a chuíchóiriú, lena n-áirítear aon chéimeanna nós imeachta a bhaineann le nósanna imeachta measúnaithe tionchair chomhshaoil agus comhairliúcháin phoiblí, agus gan bacainn a chur ar an méid sin. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún Eorpach maidir le torthaí an mheasúnaithe sin mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, agus mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin.
7. Na teorainneacha ama a bhunaítear i mír 5 den Airteagal seo, beidh feidhm acu gan dochar d’oibleagáidí faoin dlí comhshaoil agus fuinnimh is infheidhme de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir (AE) 2018/2001, maidir le hachomhairc bhreithiúnacha, leigheasanna agus imeachtaí eile os comhair cúirte nó binse, agus do shásraí réitithe díospóide malartacha, lena n-áirítear nósanna imeachta gearáin, achomhairc agus leigheasanna neamhbhreithiúnacha, agus féadfar síneadh a chur leo ionas go mairfidh siad ar feadh na tréimhse a mhairfidh na nósanna imeachta sin.
8. Bunóidh nó ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó níos mó. Treoróidh na pointí teagmhála sin, arna iarraidh sin don iarratasóir, agus saor in aisce, an t-iarratasóir tríd an nós imeachta údarúcháin ar fad le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus éascóidh siad an nós imeachta sin, go dtí go mbeidh cinneadh ó na húdaráis fhreagracha ag deireadh an nós imeachta. Ní cheanglófar ar an iarratasóir teagmháil a dhéanamh le níos mó ná pointe teagmhála amháin le haghaidh an phróisis ar fad.
9. Údaruithe faoin dlí náisiúnta chun bonneagar an chórais gáis nádúrtha a fhoirgniú agus a oibriú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm freisin acu maidir le bonneagar an chórais hidrigine. Beidh an méid sin gan dochar do cheart na mBallstát na húdaruithe sin a chúlghairm mura gcomhlíonann an bonneagar hidrigine rialacha sábháilteachta teicniúla le haghaidh bonneagar córais hidrigine faoi mar a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta iad.
10. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cearta talamhúsáide atá ann cheana chun píblínte gáis nádúrtha agus sócmhainní gréasáin eile a fhoirgniú agus a oibriú a chur i bhfeidhm freisin maidir le píblínte agus sócmhainní gréasáin eile chun hidrigin a iompar.
11. I gcás úinéireacht ar bhonneagar a aistriú laistigh den ghnóthas céanna chun ceanglais Airteagal 69 a chomhlíonadh, déanfar na húdaruithe agus na cearta talamhúsáide a bhaineann leis an mbonneagar sin a aistriú chuig an úinéir nua freisin.
12. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le haon diúltú údarú a dheonú, gur cúiseanna oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha a bheidh leis sin agus go gcuirfear ar fáil don iarratasóir iad. Tabharfar fógra don Choimisiún, mar eolas, i dtaobh na gcúiseanna le haon diúltú den sórt sin. Bunóidh na Ballstáit nós imeachta lena gcuirfear ar chumas an iarratasóra achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltú mar sin.
13. Chun forbairt a dhéanamh ar limistéir a bhfuil soláthar nua acu, agus ar mhaithe leis an oibriú éifeachtúil i gcoitinne, agus gan dochar d’Airteagal 34, féadfaidh na Ballstáit diúltú údarú breise a dheonú chun córais píblínte dáileacháin le haghaidh gás nádúrtha a thógáil agus a oibriú i limistéar áirithe nuair a bheidh na córais píblínte sin tógtha sa limistéar sin nó nuair a bheidh sé ceadaithe iad a thógáil ann, agus mura bhfuil an acmhainneacht atá ann cheana nó atá beartaithe sáithithe.
14. Diúltóidh na Ballstáit údarú a dheonú chun bonneagar tarchurtha nó dáileacháin le haghaidh gás nádúrtha a fhoirgniú agus a oibriú i limistéir a ndéantar foráil ina leith sa phlean forbartha gréasáin de bhun Airteagal 55 do dhíchoimisiúnú an chórais tarchuir nó codanna ábhartha de nó dár formheasadh plean díchoimisiúnúcháin gréasáin dáileacháin de bhun Airteagal 57.
15. I gcás ina dtagann údarú de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Airteagal 15 agus Airteagail 15b go 17 de Threoir (AE) 2018/2001, ní bheidh feidhm ach ag na forálacha sin amháin.
Airteagal 9
Gás in-athnuaite agus breoslaí ísealcharbóin a dheimhniú
1. Deimhneofar gás in-athnuaite i gcomhréir le hAirteagail 29, 29a agus 30 de Threoir (AE) 2018/2001. Deimhneofar breoslaí ísealcharbóin i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2. Chun a áirithiú gur 70 % ar a laghad na laghduithe a bheidh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann as hidrigin ísealcharbóin agus breoslaí a úsáid, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha a thaispeáint go gcomhlíontar an tairseach sin agus na ceanglais a bhunaítear sa mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Chun na gcríoch sin, cuirfidh siad de cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha córas cothromúcháin maise a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 30(1) agus (2) de Threoir (AE) 2018/2001.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtíolacfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha faisnéis iontaofa i dtaobh chomhlíonadh na tairsí 70 % um laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear i mír 2 agus maidir leis an modheolaíocht chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú dá dtagraítear i mír 5, agus go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ar fáil don Bhallstát ábhartha, arna iarraidh sin, na sonraí a úsáideadh chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Ceanglóidh na Ballstáit ar na hoibreoirí eacnamaíocha caighdeán leordhóthanach iniúchóireachta neamhspleáiche ar an bhfaisnéis a thíolacfar a chur i bhfeidhm, agus fianaise a sholáthar go bhfuil an méid sin déanta acu. Fíorófar leis an iniúchóireacht go bhfuil na córais atá á n-úsáid ag na hoibreoirí eacnamaíocha cruinn, iontaofa agus cosanta ar chalaois.
4. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 2 gan beann ar cé acu a dhéantar na breoslaí ísealcharbóin a tháirgeadh laistigh den Aontas nó a allmhairiú isteach ann nó nach ndéantar. Déanfar an fhaisnéis faoi thionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbreoslaí ísealcharbóin nó hidrigine ísealcharbóin in aghaidh an tsoláthróra breosla a chur ar fáil do thomhaltóirí ar shuíomhanna gréasáin na n-oibreoirí, na soláthróirí nó na n-údarás ábhartha inniúil agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil.
5. Faoin 5 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 90 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí ísealcharbóin a mheasúnú. Áiritheofar leis an modheolaíocht sin nach dtabharfar creidmheas d’astaíochtaí a seachnaíodh le haghaidh dé-ocsaíd charbóin ó fhoinsí iontaise dár tugadh creidmheas astaíochta cheana féin dá ngabháil faoi fhorálacha eile dlí agus cumhdófar saolré astaíochtaí gás ceaptha teasa inti agus cuirfear san áireamh inti astaíochtaí indíreacha a eascraíonn as atreorú ionchuir dhocht. Beidh an mhodheolaíocht sin comhsheasmhach leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte, lena n-áirítear cóireáil astaíochtaí mar gheall ar sceitheadh hidrigine, agus cuirfear san áireamh inti astaíochtaí réamhtheachtacha meatáin agus rátaí gabhála carbóin iarbhír.
6. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar meastóireacht ar sceitheadh hidrigine, lena n-áirítear rioscaí comhshaoil agus aeráide, sainiúlachtaí teicniúla agus uasrátaí leormhaithe sceite hidrigine. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun bearta a thabhairt isteach lena n-íoslaghdófar rioscaí féideartha sceite hidrigine, lena socrófar uasrátaí sceite hidrigine agus lena mbunófar sásraí comhlíontachta. Áireofar uasrátaí sceite hidrigine ábhartha sa mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 5.
7. Féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena n-aithnítear gur cruinn iad chun críocha an Airteagail seo na sonraí maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arna soláthar ag scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta lena leagfar síos caighdeáin maidir le táirgeadh breoslaí ísealcharbóin nó hidrigin ísealcharbóin agus go léiríonn na sonraí sin go bhfuil an mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo á comhlíonadh. Ní ghlacfaidh an Coimisiún cinntí den sórt sin ach amháin má chomhlíonann an scéim atá i gceist caighdeáin leordhóthanacha maidir le hiontaofacht, trédhearcacht agus iniúchóireacht neamhspleách i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún (42) maidir le deimhniú breoslaí in-athnuaite.
8. I gcás ina soláthróidh oibreoir eacnamaíoch fianaise nó sonraí a fuarthas i gcomhréir le scéim a bhí faoi réir aitheantas de bhun mhír 7, ní cheanglóidh Ballstát ar an oibreoir eacnamaíoch tuilleadh fianaise a sholáthar maidir le comhlíonadh na gcritéar a bhfuil an scéim aitheanta ar a mbonn ag an gCoimisiún.
9. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát maoirseacht ar oibríocht na gcomhlachtaí deimhniúcháin atá i mbun iniúchóireacht neamhspleách faoi scéim dheonach. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla, cuirfidh na comhlachtaí deimhniúcháin isteach an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar an iniúchóireacht, lena n-áirítear dáta beacht na n-iniúchóireachtaí, an tráth a rinneadh iad agus an áit ina ndearnadh iad. I gcás ina n-aimsíonn na Ballstáit saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh siad sin in iúl don scéim dheonach gan mhoill.
10. Arna iarraidh sin do Bhallstát, a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar iarraidh ó oibreoir eacnamaíoch, scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn na fianaise uile a bheidh ar fáil, ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos san Airteagal seo, an mhodheolaíocht a forbraíodh i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, agus na tairseacha um laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a léirítear in Airteagal 2, pointí (11), (12) agus (13). Laistigh de 6 mhí ón iarraidh sin a fháil, cinnfidh an Coimisiún an bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
glacadh leis an bhfianaise a soláthraíodh cheana chun a thaispeáint go bhfuil na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí ísealcharbóin á gcomhlíonadh; nó |
|
(b) |
de mhaolú ar mhír 8, a cheangal ar sholáthróirí fhoinse na mbreoslaí ísealcharbóin tuilleadh fianaise a sholáthar maidir lena mhéid atá siad i gcomhréir leis na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leis an tairseach 70 % um laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. |
11. Ceanglóidh na Ballstáit ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha faisnéis a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais arna bhunú de bhun Airteagal 31a(1) de Threoir (AE) 2018/2001, nó i mbunachair sonraí náisiúnta atá ceangailte le bunachar sonraí sin an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 31a(2) den Treoir sin, maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus maidir le saintréithe inbhuanaitheachta gáis in-athnuaite agus breoslaí ísealcharbóin i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh breoslaí in-athnuaite arna mbunú le hAirteagal 31a den Treoir sin. I gcás inar eisíodh ráthaíochtaí tionscnaimh chun coinsíneacht gás ísealcharbóin a tháirgeadh, beidh siad faoi réir na rialacha céanna a leagtar amach san Airteagal sin maidir le ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint chun gás in-athnuaite a tháirgeadh.
12. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí maidir le haitheantas de bhun mhír 7 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 91(3). Beidh tréimhse theoranta bhailíochta ag cinntí den sórt sin, tréimhse nach faide ná 5 bliana.
Airteagal 10
Rialacha teicniúla
1. Áiritheoidh na Ballstáit nó i gcás ina mbeidh foráil déanta maidir leis sin ag na Ballstáit, áiritheoidh na húdaráis rialála, go mbunófar critéir sábháilteachta teicniúla agus go bhforbrófar agus go ndéanfar a phoibliú rialacha teicniúla lena mbunófar na híoscheanglais theicniúla dearaidh agus oibríochtúla maidir le saoráidí GNL, saoráidí stórála gáis nádúrtha, córais eile tarchurtha nó dáileacháin, nó línte díreacha, chomh maith leis an gcóras hidrigine, a nascadh leis an gcóras. Áiritheofar leis na rialacha teicniúla sin idir-inoibritheacht na gcóras agus beidh siad oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh ACER moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le comhoiriúnacht na rialacha sin a bhaint amach, i gcás inarb iomchuí sin. Tabharfar fógra i leith na rialacha sin don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43).
2. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta maidir leis sin ag na Ballstáit, cuirfidh na húdaráis rialála de cheangal ar na hoibreoirí córais tarchuir, ar na hoibreoirí córais dáileacháin agus ar na hoibreoirí gréasáin hidrigine atá ar a gcríoch rialacha teicniúla a fhoilsiú i gcomhréir leis an Airteagal seo, go háirithe i dtaca le rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán agus ina n-áirítear ceanglais maidir le cáilíocht an gháis, boladh a chur sa ghás, agus brú an gháis. Ceanglóidh na Ballstáit freisin ar na hoibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin na táillí nasctha, lena nasctar gás ó fhoinsí in-athnuaite bunaithe ar chritéir thrédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha, a fhoilsiú.
CAIBIDIL III
CUMHACHTÚ AGUS COSAINT AN TOMHALTÓRA AGUS NA MARGAÍ MIONDÍOLA
Airteagal 11
Bunchearta conarthacha
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí deiridh uile i dteideal soláthar gáis nádúrtha agus hidrigine a fháil ó sholáthróir, faoi réir chomhaontú an tsoláthróra, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil an soláthróir sin cláraithe, ar choinníoll go gcloífidh an soláthróir leis na rialacha trádála, cothromaíochta agus slándáil soláthair is infheidhme agus leis na critéir i gcomhréir le hAirteagal 8(2). Maidir leis sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú nach ndéanfar, de dheasca nósanna imeachta riaracháin, idirdhealú in aghaidh soláthróirí atá cláraithe cheana i mBallstát eile.
2. Gan dochar do rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44) agus Treoir 93/13/CEE ón gComhairle (45), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cearta dá bhforáiltear i míreanna 3 go 11 den Airteagal seo ag na custaiméirí deiridh.
3. Beidh ag na custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthróra, lena n-áirítear seoladh, seoladh ríomhphoist agus beolíne tacaíochta tomhaltóirí; |
|
(b) |
na seirbhísí a sholáthraítear (lena n-áirítear an táirge agus ainm na taraife), príomhghnéithe na seirbhísí a sholáthraítear, na leibhéil cáilíochta seirbhíse a thairgtear, agus an t-am don cheangal tosaigh; |
|
(c) |
na cineálacha seirbhíse cothabhála a thairgtear; |
|
(d) |
na bealaí inar féidir faisnéis cothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta; |
|
(e) |
ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a fhoirceannadh, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cé acu a cheadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc nó nach gceadaítear; |
|
(f) |
aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach; |
|
(g) |
i gcás ina ndéanfar an fheidhmíocht chomhshaoil a chur chun cinn mar ghné riachtanach, lena n-áirítear astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin i gcás inarb ábhartha, gealltanais shoiléire, oibiachtúla, a bheidh ar fáil don phobal agus infhíoraithe, arna gcur ar fáil ag an soláthróir agus, i gcás soláthar gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin, deimhniú an gháis in-athnuaite agus an gháis ísealcharbóin arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 9; |
|
(h) |
an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(i) |
faisnéis a bhaineann le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis shoiléir, intuigthe maidir le gearáin a láimhseáil agus an chaoi agus an áit ar féidir gearán a chur isteach agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, arna cur in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an ghnóthais hidrigine nó gáis nádúrtha; |
|
(j) |
i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoin soláthraí agus faoi phraghas na dtáirgí nó na seirbhísí atá ceangailte le soláthar gáis nádúrtha nó hidrigine, nó atá cuachta leis an soláthar sin. Beidh na coinníollacha conarthacha cóir agus beidh siad ar eolas go maith roimh ré. In aon chás, soláthrófar an fhaisnéis i bhfriotal atá oiriúnach don tomhaltóir, atá soiléir agus gan athbhrí, sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. I gcás ina dtabharfar conarthaí i gcrích trí idirghabhálaithe, tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo freisin sula dtabharfar an conradh i gcrích. Déanfar faisnéis faoi sholáthraí na dtáirgí nó na seirbhísí, agus faoi phraghas na dtáirgí nó na seirbhísí sin, atá ceangailte nó cuachta le soláthar gáis, a sholáthar sula dtabharfar an conradh i gcrích. Déanfar achoimre aonair ar na príomhchoinníollacha conarthacha a thabhairt do chustaiméirí deiridh ar shlí fheiceálach agus i bhfriotal a bheidh beacht agus simplí. Ceanglóidh na Ballstáit ar an soláthróir an téarmaíocht chomhchoiteann a úsáid. Cuirfidh an Coimisiún treoir neamhcheangailteach ar fáil i ndáil leis sin. |
4. Tabharfar fógra iomchuí do na custaiméirí deiridh faoi aon athrú a bheifí a bheartú a dhéanamh ar choinníollacha conarthacha agus cuirfear ar an eolas iad, tráth a thugtar an fógra sin, faoina gceart an conradh a fhoirceannadh. Déanfaidh soláthróirí, ar bhealach trédhearcach agus sothuigthe, fógra a thabhairt go díreach dá gcustaiméir deiridh faoi aon choigeartú ar an bpraghas soláthair agus faoi na cúiseanna leis an gcoigeartú, faoi na réamhchoinníollacha a ghabhann leis agus faoina raon feidhme, tráth nach déanaí ná 2 sheachtain, nó tráth nach déanaí ná mí amháin i gcás na gcustaiméirí teaghlaigh, roimh theacht i bhfeidhm an choigeartaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an tsaoirse ag na custaiméirí deiridh a gconradh a fhoirceannadh mura nglacfaidh siad le coinníollacha nua conarthacha nó leis na coigeartuithe ar an bpraghas soláthair ar thug a soláthróir fógra dóibh ina leith.
5. Déanfaidh soláthróirí faisnéis thrédhearcach a sholáthar do chustaiméirí deiridh maidir leis na praghsanna, na taraifí agus na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha is infheidhme, i ndáil le rochtain ar sheirbhísí agus úsáid seirbhísí, le haghaidh gáis nádúrtha agus hidrigine, go háirithe faisnéis maidir le cé acu an praghas seasta nó athraitheach é agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cur chun cinn agus lascainí. Leagfaidh an soláthróir béim ar an bpríomhfhaisnéis chonarthach.
6. Déanfaidh soláthróirí rogha leathan modhanna íocaíochta a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Ní dhéanfaidh modhanna íocaíochta den sórt sin idirdhealú idir custaiméirí. Féadfar cóir níos fabhraí a thabhairt do chustaiméirí leochaileacha dá dtagraítear in Airteagal 26 den Treoir seo agus do chustaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh. Aon difríocht sna muirir a bhaineann le modhanna íocaíochta nó le córais réamhíocaíochta, beidh sí oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní rachaidh sí thar na costais dhíreacha atá le seasamh ag an íocaí as modh íocaíochta sonrach nó as córas réamhíocaíochta a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46).
7. Ní dhéanfar na custaiméirí teaghlaigh, a bhfuil rochtain acu ar chórais réamhíocaíochta, a chur faoi mhíbhuntáiste de thairbhe na gcóras réamhíocaíochta.
8. Déanfaidh soláthróirí téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá cóir agus trédhearcach a thairiscint do na custaiméirí deiridh. Na téarmaí agus coinníollacha ginearálta, is i dteanga shoiléir agus shothuigthe a thabharfar iad agus ní bheidh bacainní neamhchonarthacha ar fheidhmiú chearta na gcustaiméirí iontu, amhail doiciméadú conarthach iomarcach. Déanfar na custaiméirí a chosaint ar mhodhanna díolacháin atá éagórach nó míthreorach.
9. Beidh ag na custaiméirí deiridh an ceart ar chaighdeán maith seirbhíse agus ar láimhseáil gearán ag a soláthróirí. Déanfaidh na soláthróirí gearáin a láimhseáil ar bhealach simplí, cóir agus pras.
10. Déanfaidh soláthróirí faisnéis leordhóthanach a sholáthar do chustaiméirí teaghlaigh an gháis nádúrtha faoi bhearta malartacha chun dínascadh a sheachaint fada go leor roimh aon dínascadh atá pleanáilte. Féadfar a áireamh i mbearta malartacha den sórt sin faisnéis faoi fhoinsí tacaíochta chun dínascadh a sheachaint, córais réamhíocaíochta, iniúchtaí fuinnimh, seirbhísí comhairliúcháin fuinnimh, pleananna íocaíochta malartacha, comhairle i dtaca le bainistiú fiach nó moratóirí ar dhínascadh agus ní bheidh costas breise do na custaiméirí a bhfuil an díscor ag tarlú dóibh i gceist leo.
11. Déanfaidh na soláthróirí cuntas clabhsúir deiridh a sholáthar do na custaiméirí deiridh tar éis aon athraithe ó sholáthróir amháin go ceann eile tráth nach déanaí ná 6 seachtaine tar éis don athrú sin tarlú.
Airteagal 12
An ceart chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus rialacha maidir le táillí a bhaineann le soláthróir a athrú
1. Beidh sé de cheart ag custaiméirí athrú ó sholáthróir amháin gáis nádúrtha agus hidrigine go soláthróir eile nó athrú ó rannpháirtí amháin sa mhargadh gáis nádúrtha agus hidrigine go rannpháirtí eile. An custaiméir ar mian leis athrú ó sholáthróir amháin nó ó rannpháirtí amháin sa mhargadh, agus na coinníollacha conarthacha á n-urramú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an custaiméir sin i dteideal an t-athrú sin a dhéanamh laistigh den tréimhse is giorra is féidir, nó ar aon chaoi laistigh de 3 seachtaine ar a mhéad ó dháta na hiarrata ón gcustaiméir. Faoin 1 Eanáir 2026 ar a dhéanaí, ní mhairfidh an próiseas teicniúil chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile nó ó rannpháirtí amháin sa mhargadh go ceann eile níos faide ná 24 uair an chloig agus beidh sé sin indéanta aon lá oibre.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an ceart athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile nó ó rannpháirtí amháin sa mhargadh go ceann eile a dheonú do chustaiméirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill agus ama de.
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach ngearrfar aon táillí a bhaineann le hathrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, ar a laghad ar chustaiméirí teaghlaigh, ar mhicrifhiontair ná ar fhiontair bheaga, le haghaidh gáis nádúrtha agus hidrigine, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil an soláthar gáis ceangailte nó cuachta le seirbhísí, trealamh nó táirgí eile. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do sholáthróirí nó do rannpháirtithe sa mhargadh táillí foirceanta conartha a ghearradh ar a gcustaiméirí i gcás ina ndéanfaidh na custaiméirí sin conarthaí soláthair ar théarma seasta, ar phraghas seasta, a fhoirceannadh go deonach roimh thráth a n-aibíochta, ar choinníoll:
|
(a) |
go bhfuil táillí den sórt sin ina gcuid de chonradh a rinne an custaiméir go toiliúil; agus |
|
(b) |
go gcuirtear táillí den sórt sin in iúl don chustaiméir sula ndéanfar an conradh. Beidh táillí den sórt sin comhréireach agus ní bheidh siad níos mó ná an caillteanas eacnamaíoch díreach don soláthróir ná don rannpháirtí sa mhargadh de thoradh an custaiméir an conradh a fhoirceannadh. I gcás tairiscintí cuachta, beidh custaiméirí in ann seirbhísí aonair conartha a fhoirceannadh. Is ar an soláthróir nó ar an rannpháirtí sa mhargadh a bheidh an t-ualach an caillteanas eacnamaíoch díreach a chruthú. Déanfaidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil náisiúnta eile faireachán ar incheadaitheacht táillí foirceanta conartha. |
4. Beidh custaiméirí teaghlaigh le haghaidh gáis nádúrtha agus hidrigine i dteideal a bheith rannpháirteach i scéimeanna comhchoiteanna chun athrú ó sholáthróir go soláthróir eile. Déanfaidh na Ballstáit gach bacainn rialála nó riaracháin a bheadh ann i leith athrú comhchoiteann a dhíchur agus soláthróidh siad creat lena n-áiritheofar cosaint do thomhaltóirí ar aon chleachtas mí-úsáideach.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis maidir le hathrú ó sholáthróir amháin go ceann eile a sholáthar do na custaiméirí deiridh i bhformáid sholáimhsithe, lena n-áirítear trí na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 24.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an ceart do chustaiméirí a gconarthaí soláthair gáis a fhoirceannadh ar ghearrfhógra.
Airteagal 13
Cearta tomhaltóirí agus cosaint i ndáil le deireadh a chur de réir a chéile le gás nádúrtha
I gcás ina gceadaítear úsáideoirí gréasáin a dhícheangal de bhun Airteagal 38(6), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an méid seo a leanas:
|
(a) |
beifear tar éis dul i gcomhairle leis na húsáideoirí gréasáin lena mbaineann agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, go háirithe eagraíochtaí tomhaltóirí; |
|
(b) |
cuirfear úsáideoirí gréasáin, custaiméirí deiridh agus geallsealbhóirí ábhartha ar an eolas luath fada go leor roimh an dáta atá beartaithe, faoin nós imeachta um dhínascadh, faoi na céimeanna atá beartaithe agus faoin amlíne ábhartha; |
|
(c) |
gheobhaidh custaiméirí deiridh faisnéis maidir le roghanna téimh inbhuanaithe agus beidh teacht acu ar chomhairle leordhóthanach ina leith, chomh maith le faisnéis faoi thacaíocht airgeadais trí chomhlachtaí ábhartha atá le sainaithint ag na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagail 21 agus 22 de Threoir (AE) 2023/1791 agus Airteagal 18 de Threoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47), agus pointí teagmhála arna mbunú agus arna n-ainmniú de bhun Airteagal 16(3) de Threoir (AE) 2018/2001; |
|
(d) |
agus céimniú amach gáis nádúrtha á phleanáil agus á chur i gcrích, cuirfear riachtanais shonracha na gcustaiméirí leochaileacha dá dtagraítear in Airteagal 26 agus custaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh san áireamh mar is cuí agus i gcás inarb infheidhme, déanfar bearta iomchuí arb é is aidhm dóibh deireadh a chur le héifeachtaí díobhálacha chéimniú amach an gháis nádúrtha, agus an treoir dá dtagraítear in Airteagal 27 á cur san áireamh, ar bearta iad a fhéadfar a áireamh iontu úsáid a bhaint as cistiú poiblí agus saoráidí cistiúcháin arna mbunú ar leibhéal an Aontais; |
|
(e) |
leanfaidh aon aistriú airgeadais idir seirbhísí rialáilte na rialacha a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus ní dhéantar aon idirdhealú idir catagóirí éagsúla custaiméirí ná idir iompróirí fuinnimh. |
Airteagal 14
Uirlisí comparáide le haghaidh gáis nádúrtha
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain, saor in aisce, ar a laghad ag custaiméirí teaghlaigh an gháis nádúrtha, chomh maith leis na micrifhiontair agus na fiontair bheaga a bhfuil tomhaltas bliantúil ionchasach faoi bhun 100 000 kWh acu, ar uirlis amháin ar a laghad chun comparáid a dhéanamh idir tairiscintí na soláthróirí, lena n-áirítear tairiscintí cuachta. Cuirfear na custaiméirí ar an eolas go bhfuil uirlisí den sórt sin le fáil agus beidh an fhaisnéis sin ina mbillí nó in éineacht lena mbillí nó déanfar ar bhealach eile é. Maidir le huirlisí den sórt sin, ar a laghad:
|
(a) |
beidh siad neamhspleách ó rannpháirtithe sa mhargadh agus áiritheoidh siad go dtabharfar cóir chomhionann do ghnóthais gáis nádúrtha i dtorthaí an chuardaigh; |
|
(b) |
cuirfidh siad in iúl go soiléir cé hiad a gcuid úinéirí agus cén duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ag oibriú agus ag rialú na n-uirlisí, chomh maith le faisnéis i dtaobh an chaoi a bhfuil na huirlisí á maoiniú; |
|
(c) |
leagfaidh siad amach na critéir shoiléire oibiachtúla a bhfuil an chomparáid bunaithe orthu, lena n-áirítear seirbhísí, agus nochtfaidh siad iad; |
|
(d) |
úsáidfidh siad friotal atá soiléir agus gan débhrí; |
|
(e) |
beidh an fhaisnéis a thabharfaidh siad cruinn agus cothrom le dáta agus luafar an uair dheireanach a tugadh chun dáta í; |
|
(f) |
beidh siad inrochtana ag daoine faoi mhíchumas, trína bheith inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinseach; |
|
(g) |
cuirfidh siad nós imeachta éifeachtach ar fáil chun tuairisciú a dhéanamh ar aon fhaisnéis mhícheart faoi na tairiscintí atá foilsithe; |
|
(h) |
déanfaidh siad comparáidí, ach fós beidh an méid sonraí pearsanta a iarrtar teoranta do na sonraí atá go hiomlán riachtanach chun an chomparáid a dhéanamh; |
|
(i) |
tabharfaidh siad le fios go soiléir an bhfuil an praghas seasta nó athraitheach agus fad an chonartha. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh uirlis amháin ar a laghad ann a chumhdóidh an margadh iomlán do ghás nádúrtha. I gcás ina mbeidh níos mó ná uirlis amháin ann a chumhdóidh an margadh, áireofar sna huirlisí sin, ar bhealach chomh hiomlán agus is praiticiúil, raon tairiscintí gáis nádúrtha a chumhdóidh cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach gcumhdóidh na huirlisí sin an margadh go hiomlán, ráiteas soiléir i ndáil leis sin, a sholáthrófar sula dtaispeánfar na torthaí. Déanfaidh soláthróirí agus idirghabhálaithe ábhartha a dtairiscintí ábhartha a sholáthar d’uirlis chomparáide praghsanna amháin ar a laghad lena gcumhdaítear an margadh iomlán. Áiritheoidh soláthróirí go mbeidh an fhaisnéis a dhéanfar a sholáthar d’oibreoir na huirlise comparáide cruinn agus cothrom le dáta. |
2. Féadfaidh aon eintiteas na huirlisí a oibriú, lena n-áirítear cuideachtaí príobháideacha agus údaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí.
3. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na huirlisí comparáide dá dtagraítear i mír 1 critéir chomparáideacha a bhaineann le cineál na seirbhísí a thairgeann na soláthróirí a áireamh, lena n-áirítear an praghas aonaid aonair, na muirir uile agus an fhaisnéis uile maidir le lascainí, agus, i gcás inarb infheidhme, feidhmíocht chomhshaoil.
Agus na critéir sin á mbunú acu, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha.
4. Déanfaidh na Ballstáit údarás inniúil a cheapadh le bheith freagrach as marcanna iontaoibhe a eisiúint le haghaidh uirlisí comparáide a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1, agus as a áirithiú go leanfaidh na huirlisí comparáide sin a bhfuil marc iontaoibhe den sórt sin ag gabháil leo de na ceanglais sin a chomhlíonadh. Beidh an t-údarás inniúil sin neamhspleách ar aon rannpháirtí sa mhargadh agus ar aon oibreoir uirlise comparáide.
5. Aon uirlis a dhéanann comparáid idir tairiscintí rannpháirtithe sa mhargadh, beidh sí incháilithe, ar bhonn deonach neamh-idirdhealaitheach, le hiarratas a dhéanamh ar mharc iontaoibhe dá dtagraítear i mír 4.
6. De mhaolú ar mhíreanna 4 agus 5, féadfaidh na Ballstáit a roghnú gan foráil do mharcanna iontaoibhe a eisiúint d’uirlisí comparáide más rud é go bhfuil uirlis chomparáide a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á soláthar ag údarás poiblí nó comhlacht poiblí.
Airteagal 15
Custaiméirí gníomhacha ar an margadh do ghás nádúrtha
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil custaiméirí deiridh, go háirithe ón earnáil talmhaíochta nó ón earnáil phoiblí, agus a gcearta mar chustaiméirí deiridh mar a bhunaítear sa Treoir seo á gcoimeád acu, i dteideal gníomhú mar chustaiméirí gníomhacha gan a bheith faoi réir ceanglais theicniúla, ceanglais riaracháin, nósanna imeachta agus muirear atá díréireach nó idirdhealaitheach, ná muirir ghréasáin nach bhfuil i gcomhréir leis an gcostas.
2. Maidir leis na custaiméirí gníomhacha, áiritheoidh na Ballstáit:
|
(a) |
go bhfuil siad i dteideal oibriú go díreach; |
|
(b) |
go bhfuil siad i dteideal gás nádúrtha in-athnuaite arna tháirgeadh acu féin a dhíol tríd an gcóras gáis nádúrtha a úsáid; |
|
(c) |
go bhfuil siad i dteideal a bheith rannpháirteach i scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh agus athraithe éilimh; |
|
(d) |
go bhfuil siad i dteideal bainistiú na suiteálacha atá ag teastáil dá gcuid gníomhaíochtaí a tharmligean chuig tríú páirtí, lena n-áirítear suiteáil, oibriú, láimhseáil sonraí agus cothabháil, gan an tríú páirtí a bheith measta a bheith ina chustaiméir gníomhach; |
|
(e) |
go bhfuil siad faoi réir muirir ghréasáin atá i gcomhréir leis an gcostas, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, rud a áirithíonn go rannchuidíonn siad ar bhealach leormhaith agus cothrom le comhroinnt costais fhoriomlán an chórais; |
|
(f) |
go bhfuil siad freagrach ar bhonn airgeadais as na míchothromaíochtaí sa chóras gáis nádúrtha arb iad is cúis leo, nó go bhfuil siad chun a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1789. |
3. Féadfaidh na Ballstáit forálacha éagsúla is infheidhme a bheith acu ina ndlí náisiúnta maidir leis na custaiméirí gníomhacha aonair agus custaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go comhpháirteach, ar choinníoll go ndéantar na cearta agus na hoibleagáidí uile faoin Airteagal seo a chur i bhfeidhm i leith gach custaiméara ghníomhaigh. Aon éagsúlacht sa chóir i leith custaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go comhpháirteach, beidh sí comhréireach agus cuí-réasúnaithe.
4. Maidir leis na custaiméirí gníomhacha a bhfuil úinéireacht acu ar shaoráidí ina stóráiltear gás in-athnuaite, áiritheoidh na Ballstáit:
|
(a) |
go mbeidh acu an ceart nascadh leis an eangach laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis dóibh iarraidh chuige sin a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha riachtanacha, mar shampla an fhreagracht chothromaíochta, á gcomhlíonadh; |
|
(b) |
nach mbeidh siad faoi réir aon mhuirear dúbailte, lena n-áirítear muirir ghréasáin, maidir le gás in-athnuaite stóráilte atá fós laistigh dá n-áitreabh; |
|
(c) |
nach mbeidh siad faoi réir ceanglais cheadúnúcháin nó táillí ceadúnúcháin atá díréireach; |
|
(d) |
go gceadófar dóibh roinnt seirbhísí a sholáthar an tráth céanna, más indéanta é sin go teicniúil. |
Airteagal 16
Billí agus faisnéis bhilleála
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na billí agus an fhaisnéis bhilleála beacht, sothuigthe, soiléir, gonta, so-úsáidte agus curtha i láthair ar bhealach lenar fusa do na custaiméirí deiridh comparáid a dhéanamh agus go gcomhlíonfaidh siad na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Arna iarraidh sin dóibh, gheobhaidh na custaiméirí deiridh míniú soiléir agus intuigthe ar an gcaoi ar cuireadh a mbille le chéile, go háirithe i gcás nach bhfuil na billí sin bunaithe ar an tomhaltas iarbhír.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na custaiméirí deiridh a mbillí uile agus a bhfaisnéis bhilleála uile saor in aisce.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an rogha do na custaiméirí deiridh billí agus faisnéis bhilleála leictreonach a fháil, agus go ndéanfar socruithe solúbtha a thairiscint dóibh i ndáil leis na billí sin a íoc.
4. I gcás ina bhforáiltear sa chonradh d’athrú ar tháirge nó ar phraghas a thabhairt isteach amach anseo, nó i gcás ina bhforáiltear sa chonradh do lascaine, déanfar sin a lua ar an mbille in éineacht leis an dáta ar a dtarlóidh an t-athrú sin.
5. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le comhlachtaí tomhaltóirí nuair a bheidh siad ag smaoineamh ar athruithe a dhéanamh ar na ceanglais maidir le hinneachar na mbillí.
Airteagal 17
Córais méadraithe chliste sa chóras gáis nádúrtha
1. Chun bearta éifeachtúlachta fuinnimh a glacadh de bhun Threoracha (AE) 2023/1791 agus (AE) 2024/1275 a chomhlánú agus chun na custaiméirí deiridh a chumhachtú a thuilleadh, molfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstáit, molfaidh na húdaráis rialála go láidir do ghnóthais gáis nádúrtha úsáid an gháis nádúrtha a bharrfheabhsú, inter alia, trí sheirbhísí bainistithe fuinnimh a sholáthar agus trí chórais méadraithe chliste a thabhairt isteach i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, ar córais iad atá idir-inoibritheach, go háirithe le córais bainistithe fuinnimh do thomhaltóirí agus le heangaí cliste, i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme.
2. Ní rachaidh na Ballstáit ar aghaidh le córais méadraithe chliste a imscaradh ar a gcríocha ach amháin tar éis measúnú costais is tairbhe a dhéanamh, measúnú a dhéanfar i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn II, lena sainaithneofar na glansochair do chustaiméirí a eascraíonn as úsáid méadar cliste agus as clárú le haghaidh tairiscintí lena bhféadfaí an méadrú cliste a úsáid. Ina measúnú costais is tairbhe, féadfaidh na Ballstáit measúnuithe ar leithligh a dhéanamh agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar atá ag imscaradh córas méadraithe chliste ar chatagóirí éagsúla custaiméirí agus grúpaí custaiméirí, amhail custaiméirí teaghlaigh, micrifhiontar, FBManna agus earnáil na tionsclaíochta.
3. Na Ballstáit sin a rachaidh ar aghaidh le córais méadraithe chliste a imscaradh, glacfaidh siad agus foilseoidh siad na híosriachtanais fheidhmiúla agus theicniúla le haghaidh na gcóras méadraithe chliste a bheidh le himscaradh ar a gcríoch, i gcomhréir le hAirteagal 19 agus le hIarscríbhinn II. Áiritheoidh na Ballstáit idir-inoibritheacht na gcóras méadraithe chliste sin chomh maith lena gcumas aschur a sholáthar do chórais bhainistithe fuinnimh do thomhaltóirí. Ina leith sin, beidh aird chuí ag na Ballstáit ar úsáid na gcaighdeán ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear na cinn sin lena gcumasaítear an idir-inoibritheacht, ar na dea-chleachtais agus ar a thábhachtaí atá sé eangacha cliste a fhorbairt agus an margadh inmheánach do ghás nádúrtha a fhorbairt.
4. Na Ballstáit a rachaidh ar aghaidh le húsáid córas méadraithe chliste, áiritheoidh siad go soláthrófar faisnéis agus comhairle shoiléir agus intuigthe do thomhaltóirí maidir leis na tairbhí a bhaineann le méadair chliste tar éis dul i gcomhairle le comhlachtaí tomhaltóirí agus le heagraíochtaí ábhartha eile. Leis an bhfaisnéis sin, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
comhairle a áireamh maidir leis an gcaoi ar féidir le grúpaí custaiméirí a gcórais méadraithe chliste a úsáid chun a n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú; |
|
(b) |
aghaidh a thabhairt, lena n-áirítear trí straitéisí rannpháirtíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 55, de Threoir (AE) 2023/1791, ar riachtanais shonracha custaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó custaiméirí leochaileacha dá dtagraítear in Airteagal 26 den Treoir seo, amhail daoine a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta orthu agus daoine a bhfuil leibhéil ísle litearthachta acu; |
5. Na Ballstáit sin a rachaidh ar aghaidh leis na córais méadraithe chliste a imscaradh, áiritheoidh siad gur ar bhealach trédhearcach neamh-idirdhealaitheach a rannchuideoidh na custaiméirí deiridh leis na costais a bhaineann leis an imscaradh, agus aird á tabhairt acu ar na tairbhí fadtéarmacha a bheidh ann don slabhra luacha ina iomláine, lena n-áirítear na sochair a bhaineann le hoibríochtaí gréasáin agus na muirir ghréasáin is infheidhme maidir le custaiméirí nó na táillí arna n-íoc acu á ríomh. Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina bhforálann Ballstáit amhlaidh, déanfaidh na húdaráis inniúla ainmnithe, faireachán go tráthrialta ar an imscaradh sin ina gcríocha chun tabhairt i gcrích na sochar do na custaiméirí a rianú.
6. I gcás ina bhfuil measúnú diúltach déanta ar imscaradh na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an measúnú a athbhreithniú mar fhreagairt ar athruithe suntasacha ar na toimhdí bunúsacha agus mar fhreagairt ar fhorbairtí teicneolaíochta agus forbairtí sa mhargadh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le toradh an mheasúnaithe costais is tairbhe nuashonraithe nuair a chuirtear ar fáil é.
7. Na forálacha a bhaineann le córais méadraithe chliste atá sa Treoir seo, beidh feidhm acu maidir le suiteálacha a bheidh ann sa todhchaí agus maidir le suiteálacha a thagann in ionad seanmhéadair chliste. Na córais méadraithe chliste a suiteáladh cheana, nó dá bhfuil ‘tús na n-oibreacha’ déanta, roimh an 4 Lúnasa 2024, féadfaidh siad leanúint de bheith ag feidhmiú thar a saolré. Mar sin féin, na córais méadraithe chliste nach gcomhlíonann ceanglais Airteagal 19 agus Iarscríbhinn II, ní fhágfar iad i mbun oibríochta níos faide ná an 5 Lúnasa 2036.
8. Chun críoch mhír 7, ciallaíonn ‘tús na n-oibreacha’ tús oibreacha foirgnithe ar an infheistíocht nó an chéad ghealltanas ceangailteach trealamh a ordú nó aon ghealltanas eile a bhfuil sé mar thoradh air go mbeidh an infheistíocht dochúlaithe, cibé acu a tharlóidh is túisce. Ní mheasfar gur ‘tús na n-oibreacha’ é talamh a cheannach ná obair ullmhúcháin ar nós ceadúnais a fháil agus réamhstaidéir indéantachta a dhéanamh. Maidir le táthcheangail, ciallaíonn ‘tús na n-oibreacha’ an tráth a fhaightear na sócmhainní a bhaineann go díreach leis an mbunaíocht arna fáil.
Airteagal 18
Córais méadraithe chliste sa chóras hidrigine
1. Áiritheoidh na Ballstáit go n-imscarfar córais méadraithe chliste lenar féidir an tomhaltas a thomhas go cruinn agus faisnéis a sholáthar faoi am iarbhír úsáide, agus atá in ann sonraí a tharchur agus a fháil chun críoch faisnéise, faireacháin agus rialaithe trí mhodh cumarsáide leictreonaí.
2. In ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, beidh oibleagáid den sórt sin chun imscaradh faoi réir measúnú costais is tairbhe ar a laghad i gcás custaiméirí teaghlaigh, agus déanfar an measúnú sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn II.
3. Áiritheoidh na Ballstáit slándáil na gcóras méadraithe chliste agus na cumarsáide ábhartha sonraí, agus príobháideachas na gcustaiméirí deiridh, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, chomh maith lena n-idir-inoibritheacht agus aird chuí á tabhairt ar úsáid na gcaighdeán iomchuí.
4. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais idir-inoibritheachta le haghaidh méadrú cliste agus nósanna imeachta chun a áirithiú, dóibh siúd atá incháilithe, rochtain ar shonraí a thagann as córais méadraithe chliste. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 91(2).
5. Na Ballstáit sin a rachaidh ar aghaidh leis na córais méadraithe chliste a imscaradh, áiritheoidh siad go rannchuideoidh na custaiméirí deiridh ar bhealach trédhearcach neamh-idirdhealaitheach leis na costais a bhaineann leis an imscaradh, agus aird á tabhairt ar na sochair fhadtéarmacha a bheidh ann don slabhra luacha ina iomláine, lena n-áirítear na sochair a bhaineann le hoibríochtaí gréasáin agus na muirir ghréasáin is infheidhme maidir le custaiméirí nó na táillí arna n-íoc acu á ríomh. Déanfaidh na Ballstáit faireachán tráthrialta ar an imscaradh sin ar a gcríocha chun seachadadh na sochar do thomhaltóirí a rianú.
6. I gcás ina bhfuil measúnú diúltach déanta ar imscaradh na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an measúnú a athbhreithniú go tréimhsiúil mar fhreagairt ar athruithe suntasacha ar na toimhdí bunúsacha agus mar fhreagairt ar fhorbairtí teicneolaíochta agus ar fhorbairtí sa mhargadh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le toradh an mheasúnaithe costais is tairbhe nuashonraithe nuair a chuirtear ar fáil é.
Airteagal 19
Feidhmiúlachtaí na gcóras méadraithe chliste sa chóras gáis nádúrtha
I gcás ina bhfuil measúnú dearfach déanta ar imscaradh na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 17(2), nó i gcás ina ndéantar córais méadraithe chliste a imscaradh go córasach tar éis an 4 Lúnasa 2024, déanfaidh na Ballstáit na córais méadraithe chliste sin a imscaradh i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha, le hIarscríbhinn II agus leis na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
go ndéanfar, leis na córais méadraithe chliste, an tomhaltas gáis nádúrtha a thomhas go cruinn agus go mbeifear in ann leo faisnéis a sholáthar do na custaiméirí deiridh faoin am iarbhír úsáide, lena n-áirítear sonraí tomhaltais stairiúil bailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán infheicthe do na custaiméirí deiridh ar iarratas agus gan aon chostas breise, agus na sonraí tomhaltais is déanaí neamhbhailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán do na custaiméirí deiridh gan aon chostas breise, trí chomhéadan caighdeánaithe nó trí chianrochtain, chun tacú le cláir éifeachtúlachta fuinnimh uathoibrithe, agus seirbhísí eile; |
|
(b) |
go gcomhlíontar, le slándáil na gcóras méadraithe chliste agus na cumarsáide sonraí, rialacha slándála ábhartha an Aontais, agus aird chuí á tabhairt ar na teicnící is fearr atá ar fáil chun an leibhéal is airde cibearshlándála a áirithiú, agus na costais agus prionsabail na comhréireachta á gcur san áireamh i gcónaí; |
|
(c) |
go gcomhlíontar, le príobháideachas na gcustaiméirí deiridh agus cosaint a sonraí, rialacha ábhartha cosanta sonraí agus príobháideachais an Aontais; |
|
(d) |
i gcás ina n-iarrann na custaiméirí deiridh iad, go gcuirtear sonraí maidir lena dtomhaltas gáis nádúrtha ar fáil dóibh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 23, trí chomhéadan caighdeánaithe cumarsáide nó trí chianrochtain, nó do thríú páirtí atá ag gníomhú thar a gceann, i bhformáid shothuigthe, a chuirfidh ar a gcumas tairiscintí a chur i gcomparáid ar bhonn ‘macasamhail le macasamhail’; |
|
(e) |
go dtugtar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh roimh shuiteáil na méadar cliste nó ag an tráth a shuiteáiltear na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar thomhaltas fuinnimh, agus maidir le bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme de chuid an Aontais; |
|
(f) |
go gcumasaítear, leis na córais méadraithe chliste, na custaiméirí deiridh a mhéadrú agus a réiteach de réir an taifigh ama chéanna leis an tréimhse réitigh is giorra sa mhargadh náisiúnta. Chun críocha phointe (d), beidh sé indéanta ag custaiméirí deiridh a gcuid sonraí méadraithe a aisghabháil nó a tharchur chuig páirtí eile gan aon chostas breise agus i gcomhréir lena gceart chun iniomparthacht sonraí faoi rialacha cosanta sonraí an Aontais. |
Airteagal 20
Teidlíocht i leith méadar cliste le haghaidh gáis nádúrtha
1. I gcás ina bhfuil measúnú diúltach déanta ar imscaradh na gcóras méadraithe cliste chliste de thoradh an mheasúnaithe costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus nach bhfuil córais méadraithe chliste á imscaradh go córasach, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na custaiméirí i dteideal, arna iarraidh sin dóibh, cé gurb iad féin a sheasfaidh na costais ghaolmhara, go ndéanfaí méadar cliste a shuiteáil dóibh nó, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfaí é a uasghrádú dóibh, faoi choinníollacha córa, réasúnacha, costéifeachtacha, ar méadar é a chomhlíonfaidh na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
go mbeidh aige, más indéanta go teicniúil é, na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 19, nó go mbeidh aige íos-tacar feidhmiúlachtaí atá le socrú agus le foilsiú ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hIarscríbhinn II; |
|
(b) |
go mbeidh sé idir-inoibrithe agus in ann an nascacht is inmhianaithe a sholáthar don bhonneagar méadrúcháin le córais bainistithe fuinnimh do thomhaltóirí. |
2. I gcás ina n-iarrann custaiméir go ndéanfaí méadar cliste a shuiteáil dó nó di de bhun mhír 1, déanfaidh na Ballstáit, nó i gcás ina bhfuil foráil déanta amhlaidh ag Ballstáit, déanfaidh na húdaráis inniúla ainmnithe an méid a leanas:
|
(a) |
áiritheoidh siad go sonrófar go sainráite agus go dtabharfar cur síos soiléir ar an méid seo a leanas sa tairiscint a thugtar don chustaiméir a iarrann go ndéanfaí méadar cliste a shuiteáil dó nó di:
|
|
(b) |
áiritheoidh siad go ndéanfar an méadar cliste a shuiteáil laistigh d’achar réasúnta ama, agus ar aon chaoi, tréimhse nach déanaí ná 4 mhí tar éis na hiarrata ón gcustaiméir; |
|
(c) |
déanfaidh siad na costais ghaolmhara a athbhreithniú agus a chur ar fáil go poiblí go tráthrialta, agus ar aon chaoi gach 2 bhliain ar a laghad, agus éabhlóid na gcostas sin a rianú i bhfianaise fhorbairtí na teicneolaíochta agus aon uasghrádaithe a d’fhéadfadh a bheith déanta ar an gcóras méadraithe. |
Airteagal 21
Gnáthmhéadair le haghaidh gáis nádúrtha
1. I gcás nach bhfuil méadair chliste ag custaiméirí deiridh gáis nádúrtha, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar gnáthmhéadair aonair do chustaiméirí deiridh a thomhaisfidh go cruinn a dtomhaltas iarbhír. Féadfaidh na Ballstáit custaiméirí teaghlaigh nach n-úsáideann gás nádúrtha chun críoch téimh a dhíolmhú ón gceanglas sin i gcás nach bhfuil imscaradh na méadar sin indéanta go teicniúil, réasúnach ó thaobh airgeadais de nó i gcomhréir leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha. Féadfar an díolúine sin a leathnú freisin chuig custaiméirí nach teaghlaigh iad atá lonnaithe i bhfoirgnimh inar custaiméirí teaghlaigh atá incháilithe don díolúine iad formhór na dtomhaltóirí, mura bhfuil an t-imscaradh indéanta go teicniúil.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí deiridh gáis nádúrtha in ann a ngnáthmhéadair a léamh gan dua, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí chomhéadan ar líne nó trí chomhéadan iomchuí eile.
Airteagal 22
Bainistiú sonraí
1. Agus na rialacha maidir le bainistiú agus malartú sonraí á leagan síos acu, sonróidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstáit, sonróidh na húdaráis inniúla atá ainmnithe na rialacha maidir le rochtain a bheith ag páirtithe incháilithe ar shonraí an chustaiméara deiridh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le creat dlí an Aontais is infheidhme. Chun críocha na Treorach seo, tuigfear go n-áirítear sna sonraí sonraí méadrúcháin agus tomhaltais chomh maith leis na sonraí a theastaíonn má athraíonn custaiméir ó sholáthróir amháin go ceann eile, agus le haghaidh seirbhísí eile.
2. Eagróidh na Ballstáit an bainistiú sonraí chun rochtain agus malartú éifeachtúil slán a áirithiú maidir leis na sonraí, chomh maith le cosaint sonraí agus slándáil sonraí.
Go neamhspleách ar an tsamhail bainistithe sonraí a chuirfear i bhfeidhm i ngach Ballstát, déanfaidh na páirtithe atá freagrach as an mbainistiú sonraí rochtain ar shonraí an chustaiméara deiridh a sholáthar d’aon pháirtí incháilithe, i gcomhréir le mír 1. Na sonraí a iarrtar, cuirfear ar fáil iad do na páirtithe incháilithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach comhuaineach. Beifear in ann na sonraí a rochtain go héasca, agus déanfar na nósanna imeachta ábhartha chun rochtain a fháil ar shonraí a phoibliú.
3. Na rialacha maidir le rochtain ar shonraí agus stóráil sonraí chun críocha na Treorach seo, comhlíonfaidh siad dlí ábhartha an Aontais.
Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.
4. Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstáit, déanfaidh na húdaráis inniúla atá ainmnithe na páirtithe atá freagrach as bainistiú sonraí a údarú agus a dheimhniú nó, i gcás inarb infheidhme, a mhaoirsiú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad ceanglais na Treorach seo.
Gan dochar do chúraimí na n-oifigeach cosanta sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ceangal a chur ar na páirtithe atá freagrach as bainistiú sonraí oifigigh chomhlíontachta a cheapadh a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart arna ndéanamh ag na páirtithe sin chun rochtain neamh-idirdhealaitheach ar na sonraí agus comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a áirithiú.
Féadfaidh na Ballstáit oifigigh chomhlíontachta nó comhlachtaí comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 46(2), pointe (d) a cheapadh chun na hoibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.
5. Ní ghearrfar aon chostais bhreise ar na custaiméirí deiridh as rochtain ar a sonraí ná as a iarraidh go ndéanfaí a gcuid sonraí a chur ar fáil.
Beidh na Ballstáit freagrach as na muirir ábhartha a shocrú maidir le rochtain na bpáirtithe incháilithe ar na sonraí.
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh aon mhuirear a ghearrann eintitis rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí sonraí réasúnach agus cuí-réasúnaithe.
Airteagal 23
Ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí sa mhargadh do ghás nádúrtha
1. Chun iomaíochas sa mhargadh miondíola do ghás nádúrtha a chur chun cinn agus chun costais riaracháin iomarcacha a sheachaint do na páirtithe incháilithe, éascóidh na Ballstáit lán-idirinoibritheacht na seirbhísí fuinnimh laistigh den Aontas.
2. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha chun rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 91(2).
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais gáis nádúrtha na ceanglais idir-inoibritheachta agus na nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm. Beidh na ceanglais agus na nósanna imeachta sin bunaithe ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana.
Airteagal 24
Pointí teagmhála aonair
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar pointí teagmhála aonair chun an fhaisnéis uile is gá maidir lena gcearta, uirlisí comparáide deimhnithe, bearta tacaíochta atá ar fáil dóibh, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar chustaiméirí leochaileacha dá dtagraítear in Airteagal 26 den Treoir seo, faoin dlí is infheidhme agus faoi na sásraí um réiteach díospóide lasmuigh den chúirt atá ar fáil dóibh i gcás díospóide, a sholáthar do na custaiméirí uile, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil rochtain acu ar an idirlíon. Féadfaidh pointí teagmhála aonair den sórt sin a bheith ina gcuid de phointí faisnéise ginearálta do thomhaltóirí agus d’fhéadfadh na heintitis chéanna a bheith i gceist leo agus atá i gceist i gcás na bpointí teagmhála aonair le haghaidh leictreachais dá dtagraítear in Airteagal 25 de Threoir (AE) 2019/944 nó pointí teagmhála arna mbunú de bhun Airteagal 16(3) de Threoir (AE) 2018/2001 agus ionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagail 21 agus 22 de Threoir (AE) 2023/1791, agus Airteagal 18 de Threoir (AE) 2024/1275. Cuirfidh na Ballstáit ailíniú chun cinn idir na pointí teagmhála aonair arna mbunú de bhun na Treorach seo agus na comhlachtaí arna mbunú de bhun na ngníomhartha dlí sin de chuid an Aontais.
Airteagal 25
Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na custaiméirí deiridh ar shásraí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, réasúnach, trédhearcach, neamhspleách, costéifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhunaítear faoin Treoir seo, agus go mbeidh sé sin acu trí shásra neamhspleách mar shampla ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí, nó trí údarás rialála. I gcás inar tomhaltóir é an custaiméir deiridh de réir bhrí Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48), comhlíonfaidh sásraí den sórt sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ceanglais cháilíochta na Treorach sin agus déanfar foráil iontu, i gcás ina bhfuil údar leis, do chórais aisíocaíochta agus chúitimh.
2. I gcás inar gá sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh eintitis um réiteach malartach díospóidí le chéile chun sásraí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar chun díospóidí a eascraíonn as táirgí nó seirbhísí atá ceangailte nó cuachta le haon táirge nó seirbhís a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a réiteach.
3. Beidh rannpháirtíocht gnóthas gáis nádúrtha i sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt do chustaiméirí teaghlaigh éigeantach mura rud é go léiríonn an Ballstát lena mbaineann don Choimisiún go bhfuil sásraí eile ann atá chomh héifeachtach céanna.
4. Gan dochar do Threoir 2013/11/AE, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar fheidhmiú a sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá dtagraítear san Airteagal seo.
Airteagal 26
Cosaint custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun na custaiméirí deiridh a chosaint, agus áiritheoidh siad, go háirithe, go mbeidh coimircí leormhaithe ann chun na custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh a chosaint. Sa chomhthéacs sin, sainmhíneoidh gach Ballstát coincheap na gcustaiméirí leochaileacha lenar féidir tagairt a dhéanamh don bhochtaineacht fuinnimh. Beidh an sainmhíniú ar chustaiméirí leochaileacha comhsheasmhach le coincheap an chustaiméara leochailigh mar a shainmhíníonn Ballstát é de bhun Airteagal 28 de Threoir (AE) 2019/944.
2. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun na custaiméirí deiridh i gceantair iargúlta atá nasctha leis na córais gáis nádúrtha nó hidrigine a chosaint. Áiritheoidh na Ballstáit ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, go háirithe i ndáil le trédhearcacht i dtaobh téarmaí agus coinníollacha conarthacha, agus praghsanna iomaíocha, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, faisnéis ghinearálta agus sásraí um réiteach díospóidí.
Airteagal 27
Bochtaineacht fuinnimh agus díchoimisiúnú an ghréasáin dáilte gáis nádúrtha
Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil maidir le cosaint custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nuair a bheidh céimniú amach an gháis nádúrtha á phleanáil agus á dhéanamh nó nuair a bheidh gréasáin dáilte gáis nádúrtha á ndíchoimisiúnú, go háirithe chun a áirithiú go gcuirfear riachtanais shonracha custaiméirí den sórt sin san áireamh go hiomchuí i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (d).
Airteagal 28
Cosaint ar dhínascadh
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun cosc a chur ar dhínascadh custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh. Maidir le custaiméirí leochaileacha, beidh na bearta sin faoi réir Airteagal 26.
Agus fógra á thabhairt don Choimisiún maidir lena mbearta chun an Treoir seo a thrasuí, míneoidh na Ballstáit an gaol idir an chéad fhomhír agus na páirteanna comhfhreagracha de na hionstraimí náisiúnta um thrasuí.
2. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh soláthróirí conarthaí le custaiméirí a fhoirceannadh, nó nach ndéanfaidh siad na custaiméirí sin a dhínascadh ar fhorais a bhfuil gearán á láimhseáil ag an soláthróir ábhartha ina leith i gcomhréir le hAirteagal 11(9) nó atá faoi réir réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 25 agus nach ndéanfar dochar do chearta ná oibleagáidí conarthacha na bpáirtithe. Féadfaidh na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun mí-úsáid próisis a sheachaint.
3. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a chur ar chumas custaiméirí dínascadh a sheachaint, a bhféadfaidh na bearta seo a leanas a bheith san áireamh leo:
|
(a) |
cóid dheonacha de sholáthróirí agus custaiméirí a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh cásanna ina mbíonn custaiméirí i riaráiste a chosc agus a bhainistiú, a d’fhéadfadh a bheith bainteach le tacaíocht do chustaiméirí chun a n-úsáid fuinnimh agus a gcostais fuinnimh a bhainistiú, lena n-áirítear fógra a thabhairt i ndáil le spící fuinnimh nó úsáid neamhghnách, pleananna íocaíochta solúbtha iomchuí a thairiscint, bearta comhairle fiachais, cumarsáid níos fearr le custaiméirí agus gníomhaireachtaí tacaíochta; |
|
(b) |
oideachas agus feasacht custaiméirí a chur chun cinn maidir lena gcearta agus lena mbainistiú fiach; agus |
|
(c) |
rochtain ar mhaoiniú, dearbháin nó fóirdheontais mar thaca chun billí a íoc. |
Airteagal 29
Soláthróir na dála deiridh
1. Bunóidh na Ballstáit córas i ndáil le soláthróirí na dála deiridh nó glacfaidh siad bearta coibhéiseacha chun leanúnachas an tsoláthair a áirithiú do chustaiméirí teaghlaigh ar a laghad. Ceapfar soláthróirí na dála deiridh trí nós imeachta cothrom, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach.
2. Leanfaidh na custaiméirí deiridh a aistrítear chuig soláthróirí na dála deiridh de thairbhe a bhaint as a gcearta mar chustaiméirí.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthróirí na dála deiridh a dtéarmaí agus coinníollacha in iúl go pras do chustaiméirí a aistríodh agus áiritheoidh siad leanúnachas rianúil na seirbhíse do chustaiméirí den sórt sin ar feadh na tréimhse is gá chun soláthróir nua a aimsiú.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar faisnéis agus spreagadh do na custaiméirí deiridh athrú chuig tairiscint mhargadhbhunaithe.
5. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthróir na dála deiridh gás nádúrtha a sholáthar do chustaiméirí teaghlaigh agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide nach bhfaigheann tairiscintí margadhbhunaithe, lena n-áirítear chun críoch Airteagal 28(3). I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4.
CAIBIDIL IV
ROCHTAIN TRÍÚ PÁIRTÍ AR AN MBONNEAGAR
Airteagal 30
Rochtain ag an ngás in-athnuaite agus ag an ngás ísealcharbóin ar an margadh
Cuirfidh na Ballstáit ar a gcumas do ghás in-athnuaite agus do ghás ísealcharbóin rochtain a bheith acu ar an margadh agus ar an mbonneagar gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil na saoráidí táirgthe le haghaidh gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin nasctha leis na gréasáin dáileacháin nó tarchurtha, agus na toimhdí maidir le héabhlóid tháirgeadh, sholáthar agus thomhaltas an gháis nádúrtha á gcur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 55(2), pointe (f).
Airteagal 31
Rochtain tríú páirtí ar dháileadh agus tarchur gáis nádúrtha agus críochfoirt GNL
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme córas um rochtain tríú páirtí ar an gcóras tarchurtha agus dáileacháin, agus ar shaoráidí GNL, bunaithe ar tharaifí arna bhfoilsiú, a bheidh infheidhme maidir le gach custaiméir, lena n-áirítear gnóthais soláthair, agus a chuirfear i bhfeidhm go hoibiachtúil agus gan idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí córais. Áiritheoidh na Ballstáit go bhformheasfaidh údarás rialála na taraifí sin, nó na modheolaíochtaí is bun lena ríomh, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 78, agus go bhfoilseofar na taraifí sin – agus na modheolaíochtaí, i gcás nach ndéanfar ach modheolaíochtaí a fhormheas – sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.
2. Beidh rochtain ag oibreoirí córais tarchuir, más gá sin chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir le tarchur trasteorann, ar ghréasán de chuid oibreoirí córais tarchuir eile.
3. Ní choiscfear leis an Treoir seo conarthaí fadtéarmacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin a thabhairt i gcrích a mhéid a chomhlíonann siad rialacha iomaíochta an Aontais agus a rannchuidíonn siad le dícharbónú. Ní thabharfar aon chonarthaí fadtéarmacha i gcrích maidir le gás iontaise neamhlaghdaithe a sholáthar a mhairfidh níos faide ná an 31 Nollaig 2049.
Airteagal 32
Rochtain ar ghréasáin píblínte réamhtheachtacha gáis nádúrtha
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go mbeidh gnóthais gáis nádúrtha agus custaiméirí incháilithe, gan beann ar an áit a bhfuil siad, in ann rochtain a fháil ar ghréasáin píblínte réamhtheachtacha, lena n-áirítear saoráidí a sholáthraíonn seirbhísí teicniúla ar gné theagmhasach iad den rochtain sin, i gcomhréir leis an Airteagal seo, seachas na codanna de ghréasáin agus saoráidí den sórt sin a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí táirgthe áitiúla ar shuíomh ceantair ina dtáirgtear an gás nádúrtha. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi na bearta i gcomhréir le hAirteagal 94.
2. An rochtain dá dtagraítear i mír 1, soláthrófar í ar bhealach a chinnfidh an Ballstát i gcomhréir leis na hionstraimí dlí ábhartha. Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na cuspóirí maidir le rochtain chothrom oscailte a chur ar fáil, margadh iomaíoch do ghás nádúrtha a bhaint amach agus aon mhí-úsáid ceannasachta a sheachaint, agus iad ag cur san áireamh slándáil agus rialtacht soláthairtí, an acmhainneacht atá ar fáil nó is féidir a chur ar fáil go réasúnach, agus cosaint an chomhshaoil. Féadfar na riachtanais seo a leanas a chur san áireamh:
|
(a) |
an gá atá le rochtain a dhiúltú i gcás ina bhfuil neamhréireacht sonraíochtaí teicniúla i gceist, ar neamhréireacht í nach féidir a shárú go réasúnach; |
|
(b) |
an gá atá ann deacrachtaí a sheachaint ar deacrachtaí iad nach féidir a shárú go réasúnach agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do tháirgeadh éifeachtúil hidreacarbón, anois agus amach anseo, lena n-áirítear hidreacarbóin arna dtáirgeadh ó cheantair atá imeallach ó thaobh na hinmharthanachta eacnamaíche; |
|
(c) |
an gá le riachtanais réasúnacha chuí-mhínithe úinéir nó oibreoir an ghréasáin píblínte réamhtheachtaigh a urramú maidir le gás nádúrtha a iompar agus a phróiseáil, agus leasanna úsáideoirí uile eile an ghréasáin réamhtheachtaigh píblínte nó na saoráidí ábhartha próiseála nó láimhseála a bhféadfadh an méid sin éifeacht a bheith aige orthu; agus |
|
(d) |
an gá lena ndlíthe agus a nósanna imeachta riaracháin a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le húdarú a dheonú do tháirgeadh nó d'fhorbairt réamhtheachtach. |
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh socruithe um réiteach díospóidí i bhfeidhm acu, lena n-áirítear údarás atá neamhspleách ar na páirtithe agus a bhfuil rochtain aige ar an bhfaisnéis ábhartha uile, ionas go bhféadfar réiteach gasta a fháil ar dhíospóidí a bhaineann le rochtain ar ghréasáin píblínte réamhtheachtacha, agus aird á tabhairt ar na riachtanais i mír 2 agus an líon páirtithe a bhféadfadh baint a bheith acu le caibidlíocht a dhéanamh ar rochtain ar na gréasáin sin.
4. I gcás díospóidí trasteorann, cuirfear i bhfeidhm na socruithe um réiteach díospóidí don Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an ngréasán píblínte réamhtheachtach a bhfuil rochtain á diúltú aige. Más rud é, i ndíospóidí trasteorann, go gcumhdaíonn níos mó ná Ballstát amháin an gréasán lena mbaineann, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle lena chéile d’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhsheasmhach. I gcás ina dtagann an gréasán píblínte réamhtheachtach as tríú tír agus go ndéanann sé nasc le Ballstát amháin, ar a laghad, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile agus rachaidh an Ballstát ina bhfuil an chéad phointe iontrála chuig gréasán an dara Ballstát i gcomhairle leis an tríú tír lena mbaineann as a dtagann an gréasán píblínte réamhtheachtach, d’fhonn a áirithiú, ó thaobh an ghréasáin lena mbaineann, go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhsheasmhach ar chríoch na mBallstát.
Airteagal 33
Rochtain ar stóráil gáis nádúrtha
1. Ar mhaithe leis an rochtain ar shaoráidí stórála gáis nádúrtha agus ar línephacáil a eagrú i gcás ina mbeidh gá teicniúil nó eacnamaíoch leis sin chun rochtain éifeachtúil a thabhairt ar an gcóras chun soláthar a sholáthar do chustaiméirí, agus ar mhaithe leis an rochtain ar sheirbhísí coimhdeacha a eagrú, féadfaidh na Ballstáit ceachtar den dá nós imeachta dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, nó an dá cheann acu sin, a roghnú. Feidhmeofar na nósanna imeachta sin i gcomhréir le critéir atá oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach.
Agus an nós imeachta maidir le rochtain ar stóráil gáis nádúrtha á roghnú faoin Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit san áireamh torthaí na measúnuithe riosca comhchoiteanna agus náisiúnta a dhéantar de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1938.
Bunóidh agus foilseoidh na húdaráis rialála critéir ar dá réir a fhéadfar an córas rochtana is infheidhme maidir le saoráidí stórála gáis nádúrtha agus línephacáil a chinneadh. Déanfaidh siad a phoibliú, nó cuirfidh siad d’oibleagáid ar oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha agus oibreoirí córais tarchuir gáis nádúrtha a phoibliú cé na saoráidí stórála, nó cé na codanna de na saoráidí stórála gáis nádúrtha sin, agus cén línephacáil atá á gcur ar fáil faoi na nósanna imeachta éagsúla dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le seirbhísí coimhdeacha agus stóráil shealadach a bhaineann le saoráidí GNL agus atá riachtanach don phróiseas athghásaithe agus do sheachadadh ina dhiaidh sin chuig an gcóras tarchuir.
3. I gcás rochtain chaibidlithe, déanfaidh na húdaráis rialála na bearta is gá ionas go mbeidh gnóthais agus custaiméirí incháilithe, atá laistigh den chríoch nó lasmuigh den chríoch a chumhdaítear leis an gcóras idirnasctha, in ann rochtain ar shaoráidí stórála gáis nádúrtha agus ar línephacáil a chaibidil, nuair a bheidh gá teicniúil nó eacnamaíoch leis sin chun rochtain éifeachtúil ar an gcóras a sholáthar, agus chun rochtain ar sheirbhísí coimhdeacha eile a eagrú. Beidh sé d’oibleagáid ar na páirtithe dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta maidir le rochtain ar stóráil, ar línephacáil agus ar sheirbhísí coimhdeacha eile.
Déanfar conarthaí le haghaidh rochtain ar stóráil, ar línephacáil agus ar sheirbhísí coimhdeacha eile a chaibidil leis an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha ábhartha. Ceanglóidh na húdaráis rialála ar oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha agus ar ghnóthais gáis nádúrtha a bpríomhchoinníollacha tráchtála a fhoilsiú maidir le húsáid stórála, línephacála agus seirbhísí coimhdeacha eile go bliantúil.
Agus na coinníollacha sin á bhforbairt acu, rachaidh oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha i gcomhairle le húsáideoirí córais.
4. I gcás rochtain rialáilte, déanfaidh na húdaráis rialála na bearta is gá chun an ceart a thabhairt do ghnóthais gáis nádúrtha agus do chustaiméirí incháilithe, atá laistigh den chríoch nó lasmuigh den chríoch a chumhdaítear leis an gcóras idirnasctha, rochtain a bheith acu ar stóráil, línephacáil agus seirbhísí coimhdeacha eile, ar bhonn taraifí arna bhfoilsiú nó téarmaí agus oibleagáidí eile i leith an stóráil agus an línephacáil sin a úsáid, nuair a bheidh gá teicniúil nó eacnamaíoch leis sin chun rochtain éifeachtúil ar an gcóras a sholáthar, agus chun rochtain ar sheirbhísí coimhdeacha eile a eagrú. Rachaidh na húdaráis rialála i gcomhairle le húsáideoirí córais agus na taraifí sin nó na modheolaíochtaí i leith na dtaraifí sin á bhforbairt acu. Féadfar an ceart rochtana do chustaiméirí incháilithe a thabhairt trína chur ar a gcumas conarthaí soláthair a dhéanamh le gnóthais iomaíocha seachas úinéir nó oibreoir an chórais nó gnóthas gaolmhar.
Airteagal 34
Línte díreacha le haghaidh gáis nádúrtha
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá:
|
(a) |
lena gcur ar a gcumas do ghnóthais gáis nádúrtha atá bunaithe laistigh dá gcríoch gás a sholáthar do na custaiméirí incháilithe trí líne dhíreach; agus |
|
(b) |
le gur féidir gnóthais gáis nádúrtha soláthar a dhéanamh chuig aon chustaiméir den sórt sin laistigh dá gcríoch trí líne dhíreach. |
2. In imthosca ina gceanglaítear údarú, amhail ceadúnas, cead, lamháltas, toiliú nó formheas, i leith línte díreacha a fhoirgniú nó a oibriú, déanfaidh na Ballstáit, nó aon údarás inniúil a ainmneoidh siad, na critéir a leagan síos maidir le húdaruithe a dheonú i dtaobh na línte sin a thógáil nó a oibriú ina gcríoch. Beidh na critéir sin oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
3. Féadfaidh na Ballstáit údarú a eisiúint chun líne dhíreach a fhoirgniú faoi réir diúltú do rochtain ar chóras bunaithe ar Airteagal 38 nó faoi réir nós imeachta um réiteach díospóidí a oscailt de bhun Airteagal 79.
Airteagal 35
Rochtain tríú páirtí ar ghréasáin hidrigine
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme córas rochtana rialáilte tríú páirtí ar ghréasáin hidrigine bunaithe ar tharaifí foilsithe agus a chuirtear i bhfeidhm go hoibiachtúil agus gan idirdhealú a dhéanamh idir aon úsáideoirí gréasáin hidrigine.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údarás rialála na taraifí dá dtagraítear in i mír 1 den Airteagal seo, nó na modheolaíochtaí is bun lena ríomh, a fhormheas, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 78, agus go bhfoilseofar na taraifí sin – agus na modheolaíochtaí, i gcás nach ndéanfar ach modheolaíochtaí a fhormheas – sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.
3. Beidh rochtain ag na hoibreoirí gréasáin hidrigine, más gá sin chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir le hiompar trasteorann hidrigine, ar ghréasán de chuid oibreoirí gréasáin hidrigine eile.
4. Go dtí an 31 Nollaig 2032, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, áiritheoidh an Ballstát go gcuirfear chun feidhme córas rochtana caibidlithe tríú páirtí ar ghréasáin hidrigine i gcomhréir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha. Déanfaidh na húdaráis rialála na bearta is gá chun go mbeidh úsáideoirí gréasáin hidrigine in ann caibidlíocht a dhéanamh maidir le rochtain ar ghréasáin hidrigine agus chun a áirithiú go mbeidh sé d’oibleagáid ar na páirtithe rochtain ar ghréasáin hidrigine a chaibidil de mheon macánta.
5. I gcás ina n-úsáidfear rochtain chaibidlithe dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh na húdaráis rialála treoir a sholáthar d’úsáideoirí gréasáin hidrigine maidir leis an éifeacht atá le bheith ar tharaifí caibidlithe nuair a thabharfar isteach rochtain rialáilte tríú páirtí.
Airteagal 36
Rochtain tríú páirtí ar chríochfoirt hidrigine
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme córas rochtana tríú páirtí ar chríochfoirt hidrigine bunaithe ar rochtain chaibidlithe ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, ina nglacfaidh na húdaráis rialála na bearta is gá chun go mbeidh úsáideoirí na gcríochfort hidrigine in ann rochtain ar chríochfoirt den sórt sin a chaibidil. Beidh sé d’oibleagáid ar na páirtithe dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta maidir le rochtain.
2. Déanfaidh na húdaráis rialála faireachán ar na coinníollacha maidir le rochtain tríú páirtí ar chríochfoirt hidrigine agus a dtionchar ar an margadh do hidrigin agus, i gcás inar gá sin chun iomaíochas a choimirciú, déanfaidh siad bearta chun rochtain a fheabhsú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 1.
Airteagal 37
Rochtain ar stóráil hidrigine
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme córas rochtana rialáilte tríú páirtí ar stóráil hidrigine agus, nuair is gá sin go teicniúil agus ó thaobh na heacnamaíochta de chun rochtain éifeachtúil ar an gcóras a chur ar fáil chun soláthar a dhéanamh do chustaiméirí, rochtain ar línephacáil, chomh maith le rochtain ar sheirbhísí coimhdeacha a eagrú, bunaithe ar tharaifí foilsithe agus a chuirtear i bhfeidhm go hoibiachtúil agus gan idirdhealú a dhéanamh idir aon úsáideoirí córais hidrigine. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás rialála na taraifí sin, nó na modheolaíochtaí is bun lena ríomh, a fhormheas, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 78.
2. Go dtí an 31 Nollaig 2032, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, áiritheoidh an Ballstát go gcuirfear chun feidhme córas rochtana caibidlithe tríú páirtí ar stóráil hidrigine agus, nuair is gá sin go teicniúil agus ó thaobh na heacnamaíochta de chun rochtain éifeachtúil ar an gcóras a chur ar fáil chun soláthar a dhéanamh do chustaiméirí, rochtain ar línephacáil, chomh maith le rochtain ar sheirbhísí coimhdeacha a eagrú, i gcomhréir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha. Déanfaidh na húdaráis rialála na bearta is gá chun go mbeidh úsáideoirí stórála hidrigine in ann caibidlíocht a dhéanamh maidir le rochtain ar stóráil hidrigine agus chun a áirithiú go mbeidh sé d’oibleagáid ar na páirtithe rochtain ar stóráil hidrigine a chaibidil de mheon macánta.
3. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cearta acmhainneachta a leithdháileadh roimh an 5 Lúnasa 2026 faoi chóras rochtana caibidlithe tríú páirtí de bhun mhír 2 a bheidh le hurramú go dtí a ndáta éaga agus nach mbeidh éifeacht ag cur chun feidhme na rochtana rialáilte tríú páirtí de bhun mhír 1 orthu.
Airteagal 38
Rochtain agus nascadh a dhiúltú
1. Féadfaidh oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin agus oibreoirí gréasáin hidrigine rochtain ar an gcóras gáis nádúrtha nó an córas hidrigine nó nascadh leo a dhiúltú ar bhonn easpa acmhainneachta nó ar an mbonn nach bhfuil nasc ann.
2. Gan dochar do chuspóirí an Aontais agus cuspóirí náisiúnta maidir le dícharbónú agus do cheanglais atá ann cheana maidir le hídiú gáis iontaise a laghdú nó athrú uaidh, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú, i gcás oibreoir córais tarchuir, oibreoir córais dáileacháin nó oibreoirí gréasáin hidrigine a dhiúltóidh rochtain ar an gcóras gáis nádúrtha nó hidrigine nó a dhiúltóidh nasc a thabhairt leis ar bhonn easpa acmhainneachta nó ceal naisc, go ndéanfaidh sé na feabhsuithe is gá, a mhéid is eacnamúil é sin a dhéanamh, nó nuair a bheidh custaiméir féideartha toilteanach íoc astu.
3. Ní fhéadfar rochtain ar an gcóras le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin a dhiúltú ach amháin faoi réir Airteagail 20 agus 36 de Rialachán (AE) 2024/1789.
4. De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, áiritheoidh Ballstát go gceadaítear d’oibreoirí córais tarchuir agus d’oibreoirí córais dáileacháin rochtain nó nasc a dhiúltú d’úsáideoirí gréasáin gáis nádúrtha, nó dínascadh a dhéanamh, go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar cur chun feidhme chuspóir na haeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, ar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
foráiltear sa phlean forbartha gréasáin arna bhunú de bhun Airteagal 55 do dhíchoimisiúnú an chórais tarchuir nó codanna ábhartha de; |
|
(b) |
tá an plean díchoimisiúnaithe gréasáin formheasta ag an údarás náisiúnta ábhartha de bhun Airteagal 57(3); |
|
(c) |
chuir an t-oibreoir gréasáin dáileacháin ábhartha, atá díolmhaithe ó phlean díchoimisiúnaithe gréasáin a thíolacadh de bhun Airteagal 57(5), an t-údarás náisiúnta ábhartha ar an eolas faoi dhíchoimisiúnú an ghréasáin dáileacháin nó codanna ábhartha de. |
5. Na Ballstáit a cheadaíonn rochtain nó nasc a dhiúltú nó úsáideoirí gréasáin a dhínascadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh siad foráil do chreat rialála chun rochtain nó nasc a dhiúltú nó chun dínascadh a dhéanamh, ar creat é a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha arna mbunú ag an údarás rialála, agus na leasanna a mbíonn éifeacht ag an méid seo orthu, na ceanglais atá ann cheana maidir le laghdú nó athrú ó thomhaltas gáis nádúrtha agus na pleananna áitiúla téimh agus fuaraithe ábhartha arna mbunú de bhun Airteagal 25(6) de Threoir (AE) 2023/1791 á gcur san áireamh. Déanfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha chun úsáideoirí gréasáin a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir seo nuair a bheidh dínascadh á cheadú acu.
6. Beidh aon diúltú rochtana nó nasctha agus aon dínascadh de bhun an Airteagail seo cuí-réasúnaithe.
CAIBIDIL V
RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE HOIBREOIRÍ CÓRAIS TARCHUIR, STÓRÁLA AGUS GNL DO GHÁS NÁDÚRTHA
Airteagal 39
Cúraimí oibreoirí córais tarchuir, stórála nó GNL do ghás nádúrtha
1. Déanfaidh gach oibreoir córais tarchuir, stórála nó GNL do ghás nádúrtha an méid seo a leanas:
|
(a) |
saoráidí stórála nó GNL do ghás nádúrtha atá slán, iontaofa agus éifeachtúil a oibriú, a chothabháil, a fhorbairt nó a dhíchoimisiúnú faoi chúinsí eacnamúla chun margadh oscailte a áirithiú, agus aird chuí á tabhairt ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, agus ar na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE)/ 2024/1787, agus modhanna leordhóthanacha a áirithiú i dtaobh a oibleagáidí seirbhíse a chomhlíonadh; |
|
(b) |
gan idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí córais ná aicmí úsáideoirí córais, go sonrach i bhfabhar gnóthais ghaolmhara dá chuid féin; |
|
(c) |
faisnéis leordhóthanach a sholáthar d’aon oibreoir córais tarchuir eile, d’aon oibreoir córais stórála gáis nádúrtha eile, d’aon oibreoir córais GNL eile nó d’aon oibreoir córais dáileacháin chun a áirithiú go bhféadfar gás nádúrtha a iompar agus a stóráil ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcóras idirnasctha a oibriú ar bhealach slán, éifeachtúil; |
|
(d) |
an fhaisnéis a sholáthar d’úsáideoirí córais a theastaíonn uathu chun rochtain éifeachtúil a bheith acu ar an gcóras. |
2. Tógfaidh gach oibreoir córais tarchuir acmhainneacht leordhóthanach trasteorann chun go mbeidh sé in ann bonneagar tarchuir Eorpach a chomhtháthú lena bhfreastalaítear ar na héilimh uile ar acmhainneacht ar réasúnach go heacnamaíoch agus ar indéanta go teicniúil iad, agus slándáil an tsoláthair gáis á cur san áireamh.
3. Comhoibreoidh na hoibreoirí córais tarchuir leis na hoibreoirí córais dáileacháin chun rannpháirtíocht éifeachtach rannpháirtithe sa mhargadh atá nasctha leis an eangach i margaí miondíola, mórdhíola agus cothromaíochta a áirithiú.
4. Áiritheoidh na hoibreoirí córais tarchuir go ndéanfar bainistiú éifeachtúil ar cháilíocht gáis ina gcuid saoráidí i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme maidir le cáilíocht gáis.
5. Na rialacha a ghlacfaidh na hoibreoirí córais tarchuir maidir leis an gcóras tarchurtha gáis a chothromú, beidh siad oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus áireofar leo rialacha maidir le muirear a ghearradh ar úsáideoirí córais de chuid a ngréasán i leith éagothroime fuinnimh. Na téarmaí agus na coinníollacha, lena n-áirítear rialacha agus taraifí, maidir leis na seirbhísí sin a bheith á soláthar ag oibreoirí córais tarchuir, bunófar iad de bhun modheolaíocht atá comhoiriúnach le hAirteagal 78 (7), ar bhealach atá neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir leis an gcostas, agus foilseofar iad.
6. Féadfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, féadfaidh na húdaráis rialála a cheangal ar oibreoirí córais tarchuir íoschaighdeáin a chomhlíonadh maidir leis an gcóras tarchuir, lena n-áirítear an acmhainneacht idirnaisc, a chothabháil agus a fhorbairt.
7. Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na cúraimí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo sannta ar oibreoir córais tarchuir seachas an t-oibreoir sin a bhfuil úinéireacht aige ar an gcóras tarchuir ar a mbeadh na freagrachtaí lena mbaineann infheidhme murach sin. An t-oibreoir córais tarchuir ar a sannfar na cúraimí, beidh sé deimhnithe faoi shamhail na húinéireachta díchuachta, faoi shamhail an oibreora córais neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora córais tarchuir neamhspleách, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 60, ach ní bheidh sé de cheangal air úinéireacht a bheith aige ar an gcóras tarchuir a bhfuil sé freagrach as.
8. Oibreoir córais tarchuir ar leis an córas tarchuir, comhlíonfaidh sé na ceanglais dá bhforáiltear i gCaibidil IX agus beidh sé deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 71. Beidh sé sin gan dochar don fhéidearthacht a bheith ag na hoibreoirí córais tarchuir atá deimhnithe faoi shamhail na húinéireachta díchuachta, faoi shamhail an oibreora córais neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora tarchuir neamhspleách go ndéanfaidís, ar a dtionscnamh féin agus faoina maoirseacht, cúraimí áirithe a tharmligean chuig oibreoirí córais tarchuir eile, atá deimhnithe faoi shamhail na húinéireachta díchuachta, faoi shamhail an oibreora córais neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora tarchuir neamhspleách, i gcás nach ndéanann tarmligean na gcúraimí sin cearta cinnteoireachta éifeachtacha agus neamhspleácha an oibreora córais tarchuir a dhéanann an tarmligean a chur i gcontúirt.
9. Comhoibreoidh oibreoirí córais GNL, na hoibreoirí córais tarchuir agus na hoibreoirí córais stórála gáis nádúrtha, laistigh de Bhallstát agus go réigiúnach, chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtúla as acmhainneachtaí na saoráidí agus as sineirgí idir na saoráidí sin, agus sláine agus oibriú an chórais á gcur san áireamh agus gan srianta a chruthú maidir le saoráidí stórála GNL agus gáis nádúrtha a oibriú.
10. Is i gcomhréir le nósanna imeachta atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, margadhbhunaithe a gheobhaidh na hoibreoirí córais tarchuir an fuinneamh a úsáideann siad chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.
Airteagal 40
Rúndacht i ndáil le hoibreoirí córais tarchuir agus úinéirí córais tarchuir
1. Gan dochar d’Airteagal 74 ná d’aon dualgas dlíthiúil eile i dtaobh faisnéis a nochtadh, caomhnóidh gach oibreoir córais tarchuir do ghás nádúrtha, córais stórála nó córais GNL, agus gach úinéir córais tarchuir, rúndacht aon fhaisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a fhaightear le linn a ghníomhaíochtaí a chur i gcrích, agus déanfaidh sé a chosc go nochtfar ar bhealach idirdhealaitheach faisnéis faoina chuid gníomhaíochtaí féin lena bhféadfaí buntáiste tráchtála a thabhairt. Más rud é go bhfuil oibreoir córais tarchuir, stórála nó GNL do ghás nádúrtha, nó úinéir an chórais tarchuir, ina chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ní nochtfaidh sé, go háirithe, aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de do na codanna eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach seachas oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin nó oibreoirí gréasáin hidrigine, ach amháin más gá sin chun idirbheart gnó a dhéanamh. Chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán na rialacha maidir le díchuachadh faisnéise, áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an úinéir córais tarchuir, lena n-áirítear, i gcás oibreoir comhcheangailte, an t-oibreoir córais dáileacháin, agus maidir leis na codanna eile den ghnóthas nach oibreoir córais tarchuir nó dáileacháin nó oibreoir gréasáin hidrigine iad, nach n-úsáidfidh siad seirbhísí comhpháirteacha, mar shampla seirbhísí comhpháirteacha dlí, cé is moite d’fheidhmeanna ar feidhmeanna riaracháin nó feidhmeanna TF amháin iad.
2. Ní bhainfidh oibreoirí córais tarchuir, stórála nó GNL do ghás nádúrtha, i gcomhthéacs gás nádúrtha a bheith á dhíol nó á cheannach ag gnóthais ghaolmhara, mí-úsáid as faisnéis íogair tráchtála a fhaightear ó thríú páirtithe i gcomhthéacs rochtain ar an gcóras a sholáthar nó caibidlíocht a dhéanamh i leith na rochtana sin.
3. Déanfar an fhaisnéis is gá a phoibliú le haghaidh iomaíocht éifeachtach agus fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh. Beidh an oibleagáid sin gan dochar d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint.
Airteagal 41
Cumhachtaí cinnteoireachta maidir le saoráidí táirgeachta le haghaidh gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin a nascadh leis an gcóras tarchuir
1. Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir nósanna imeachta trédhearcacha éifeachtúla a bhunú agus a fhoilsiú maidir le nascadh neamh-idirdhealaitheach saoráidí táirgeachta le haghaidh gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin, i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí a shainaithnítear sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 55. Beidh na nósanna imeachta sin faoi réir a bhformheasta ag na húdaráis rialála. Féadfaidh na Ballstáit tús áite a thabhairt do shaoráidí táirgeachta bithmheatáin maidir le nascadh.
2. Ní bheidh na hoibreoirí córais tarchuir i dteideal iarrataí ar nascadh atá réasúnach go heacnamaíoch agus atá indéanta go teicniúil a dhiúltú do shaoráidí táirgeachta nua nó do shaoráidí táirgeachta a bhí ann cheana ach nach bhfuil nasctha fós, le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin, seachas faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 38.
3. Chun táirgeadh bithmheatáin a nascadh leis an eangach a chur chun feidhme go tapa, féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir córais tarchuir teorainneacha ama réasúnta chun iarrataí ar instealladh bithmheatáin a mheasúnú, chun tairiscint a dhéanamh agus chun an nasc a chur chun feidhme, faoin bhfaireachán arna dhéanamh ag na húdaráis rialála i gcomhréir le hAirteagal 78(1), pointe (t).
Airteagal 42
Cumhachtaí cinnteoireachta maidir le nascadh leis an gcóras tarchuir agus leis an ngréasán tarchurtha hidrigine
1. Bunóidh agus oibreoidh an t-oibreoir córais tarchuir agus an t-oibreoir tarchurtha hidrigine nósanna imeachta agus taraifí trédhearcacha, éifeachtúla maidir le saoráidí stórála gáis nádúrtha agus hidrigine, saoráidí GNL, críochfoirt hidrigine agus custaiméirí tionsclaíocha a nascadh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach leis an gcóras tarchuir agus leis an ngréasán tarchurtha hidrigine. Beidh na nósanna imeachta sin faoi réir a bhformheasta ag an údarás rialála.
2. Ní bheidh an t-oibreoir córais tarchuir ná an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine i dteideal diúltú saoráid stórála gáis nádúrtha nó hidrigine, saoráid GNL, críochfort hidrigine nó custaiméir tionsclaíoch nua a nascadh ar an mbonn go bhféadfadh teorainneacha a bheith ann amach anseo maidir leis na hacmhainneachtaí gréasáin atá ar fáil nó ar bhonn costais bhreise a bhaineann le méadú riachtanach acmhainneachta. Áiritheoidh an t-oibreoir córais tarchuir agus an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach iontrála agus scoir ann don nasc nua.
CAIBIDIL VI
OIBRIÚ CÓRAIS DÁILTE GÁIS NÁDÚRTHA AGUS HIDRIGINE
Airteagal 43
Ainmniú oibreoirí córais dáileacháin agus oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine
Ainmneoidh na Ballstáit, tar éis nós imeachta trédhearcach, oibreoir córais dáileacháin nó oibreoir gréasáin dáilte hidrigine amháin nó níos mó, nó ceanglóidh siad ar ghnóthais ar leo córais dáileacháin nó gréasáin dáilte hidrigine nó atá freagrach astu déanamh amhlaidh, ar feadh tréimhse a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit, ag féachaint don éifeachtúlacht eacnamaíoch agus fuinnimh agus don chothromaíocht eacnamaíoch, agus áiritheoidh siad go ngníomhóidh na hoibreoirí sin i gcomhréir le hAirteagail 44, 46, 47 agus 50.
Airteagal 44
Cúraimí na n-oibreoirí córais dáileacháin
1. Beidh gach oibreoir córais dáileacháin freagrach as cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú chun freastal ar éilimh réasúnta ar ghás nádúrtha a dháileadh, i gcomhréir le hAirteagail 55 agus 57 den Treoir seo, lena n-áirítear le haghaidh instealladh bithmheatáin, agus as córas atá slán, iontaofa agus éifeachtúil a oibriú, a chothabháil, a fhorbairt nó a dhíchoimisiúnú faoi chúinsí eacnamúla ina limistéar, agus aird chuí á tabhairt ar an gcomhshaol, ar na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1787 agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh.
2. Nuair a chinnfidh na húdaráis rialála sin, féadfaidh na hoibreoirí córais dáileacháin a bheith freagrach as bainistiú éifeachtúil cáilíochta gáis a áirithiú ina gcórais i gcomhréir leis na caighdeáin cáilíochta gáis is infheidhme, i gcás inar gá sin chun an córas a bhainistiú de bharr gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin a bheith á instealladh.
3. Ar aon chaoi, ní dhéanfaidh an t-oibreoir córais dáileacháin idirdhealú idir úsáideoirí córais ná aicmí úsáideoirí córais, go háirithe i bhfabhar gnóthais ghaolmhara dá chuid féin.
4. Soláthróidh gach oibreoir córais dáileacháin faisnéis d’aon oibreoir córais dáileacháin eile, d’aon oibreoir córais tarchuir eile, d’aon oibreoir córais GNL eile nó d’aon oibreoir córais stórála gáis nádúrtha eile, ar faisnéis leordhóthanach í lena áirithiú go ndéanfar gás nádúrtha a iompar agus a stóráil ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcóras idirnasctha a oibriú ar bhealach slán éifeachtúil.
5. Soláthróidh gach oibreoir córais dáileacháin d’úsáideoirí córais an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun rochtain éifeachtúil a bheith acu ar an gcóras, lena n-áirítear chun an córas a úsáid.
6. I gcás ina mbeidh oibreoir córais dáileacháin freagrach as an gcóras dáileacháin a chothromú, beidh na rialacha a ghlacfaidh sé chun na críche sin oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear rialacha maidir le muirear a ghearradh ar úsáideoirí córais i leith éagothroime fuinnimh. Na téarmaí agus na coinníollacha, lena n-áirítear rialacha agus taraifí, maidir le seirbhísí den sórt sin a bheith á soláthar ag oibreoirí córais dáileacháin, bunófar iad de bhun modheolaíocht atá comhoiriúnach le hAirteagal 78 (7), ar bhealach atá neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir leis an gcostas, agus foilseofar iad.
7. Comhoibreoidh na hoibreoirí córais dáileacháin leis na hoibreoirí córais tarchuir chun rannpháirtíocht éifeachtach rannpháirtithe sa mhargadh atá nasctha lena mbonneagar i margaí miondíola, mórdhíola agus cothromaíochta a áirithiú sa chóras iontrála-scoir a bhfuil an córas dáileacháin ina chuid de nó a bhfuil an córas dáileacháin nasctha leis.
8. Ní bheidh na hoibreoirí córais dáileacháin i dteideal iarrataí ar nascadh atá réasúnach go heacnamaíoch agus indéanta go teicniúil a dhiúltú do shaoráid táirgeachta nua nó do shaoráid a bhí ann cheana, ach nach bhfuil nasctha fós, le haghaidh gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin, seachas faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 38.
Airteagal 45
Cumhachtaí cinnteoireachta maidir le saoráidí táirgeachta le haghaidh gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin a nascadh leis an gcóras dáileacháin
Cuirfidh na húdaráis rialála de cheangal ar an oibreoir córais dáileacháin nósanna imeachta trédhearcacha éifeachtúla a fhoilsiú maidir le nascadh neamh-idirdhealaitheach saoráidí táirgthe le haghaidh gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin. Beidh na nósanna imeachta sin faoi réir a bhformheasta ag na húdaráis rialála. Féadfaidh na Ballstáit tús áite a thabhairt do shaoráidí táirgeachta bithmheatáin maidir le nascadh.
Chun táirgeadh bithmheatáin a nascadh leis an eangach a chur chun feidhme go tapa, féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir córais dáileacháin teorainneacha ama réasúnta chun iarrataí ar instealladh bithmheatáin a mheasúnú, chun tairiscint a dhéanamh agus chun an nascadh a chur chun feidhme, faoin bhfaireachán arna dhéanamh ag na húdaráis rialála i gcomhréir le hAirteagal 78(1), pointe (t).
Airteagal 46
Oibreoirí córais dáileacháin agus oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine a dhíchuachadh
1. I gcás ina mbeidh an t-oibreoir córais dáileacháin nó an t-oibreoir gréasáin dáilte hidrigine ina chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach, beidh sé neamhspleách ar a laghad ó thaobh a fhoirme dlíthiúla, a eagrúcháin agus a chinnteoireachta ar ghníomhaíochtaí eile nach mbaineann le dáileadh nó dáileadh hidrigine. Ní chruthófar leis na rialacha sin aon oibleagáid úinéireacht shócmhainní an chórais dáileacháin nó an ghréasáin dáilte hidrigine a dheighilt ón ngnóthas atá comhtháite go hingearach. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine in ann sócmhainní gréasáin hidrigine a fháil ar cíos nó ar léas ó úinéirí córais dáileacháin eile, ó oibreoirí córais dáileacháin nó ó oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine laistigh den ghnóthas céanna. Ní bheidh tras-fhóirdheontais idir oibreoirí éagsúla ann mar thoradh ar na sócmhainní sin a fháil ar cíos nó ar léas.
2. De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i mír 1, i gcás ina bhfuil an t-oibreoir córais dáileacháin nó an t-oibreoir gréasáin dáilte hidrigine ina chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach, beidh sé neamhspleách ar a laghad ó thaobh a eagrúcháin agus a chinnteoireachta de ar na gníomhaíochtaí eile nach mbaineann le dáileadh nó dáileadh hidrigine. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, beidh feidhm ag na híoschritéir seo a leanas:
|
(a) |
ní bheidh lucht bainistíochta an oibreora córais dáileacháin ná lucht bainistíochta an oibreora gréasáin dáilte hidrigine rannpháirteach i struchtúir chuideachta an ghnóthais gáis nádúrtha chomhtháite ná an ghnóthais atá comhtháite go hingearach, ar a bhfuil freagracht go díreach nó go hindíreach as oibriú laethúil tháirgeadh, tharchur, agus sholáthar an gháis nádúrtha agus na hidrigine; |
|
(b) |
déanfar bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh leasanna gairmiúla daoine atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar an oibreoir córais dáileacháin nó ar an oibreoir gréasáin dáilte hidrigine ar bhealach lena n-áirithítear go mbeidh siad in ann gníomhú go neamhspleách; |
|
(c) |
beidh cearta éifeachtacha cinnteoireachta ag an oibreoir córais dáileacháin nó ag an oibreoir gréasáin dáilte hidrigine, a bheidh neamhspleách ar an ngnóthas gáis nádúrtha nó an gnóthas atá comhtháite go hingearach, i leith na sócmhainní is gá chun an gréasán a oibriú, a chothabháil nó a fhorbairt; chun na cúraimí sin a chomhlíonadh, beidh na hacmhainní is gá ar fáil don oibreoir córais dáileacháin nó don oibreoir gréasáin dáilte hidrigine, lena n-áirítear acmhainní daonna, teicniúla, airgeadais agus fisiceacha; ní chuirfear cosc leis sin ar shásraí comhordúcháin iomchuí a bheith ann chun a áirithiú go gcosnófar cearta maoirseachta eacnamaíche agus bainistithe na máthairchuideachta maidir le toradh ar shócmhainní, a rialaítear go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 78(7), i bhfochuideachta; go háirithe, cuirfidh sé sin ar chumas na máthairchuideachta formheas a dhéanamh ar an bplean airgeadais bliantúil, nó aon ionstraim choibhéiseach, de chuid an oibreora córais dáileacháin nó de chuid an oibreora gréasáin dáilte hidrigine agus teorainneacha domhanda a leagan síos maidir leis an leibhéal féichiúnais atá ar a fochuideachta; ní cheadóidh sé don mháthairchuideachta treoracha a thabhairt maidir le hoibríochtaí laethúla, ná maidir le cinntí aonair a bhaineann le línte dáileacháin a fhoirgniú nó a uasghrádú, nach sáraíonn téarmaí an phlean airgeadais a formheasadh, ná téarmaí aon ionstraime coibhéisí; |
|
(d) |
déanfaidh an t-oibreoir córais dáileacháin nó an t-oibreoir gréasáin dáilte hidrigine clár comhlíontachta a bhunú, ina leagfar amach na bearta a dhéanfar chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a eisiamh, agus áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán leordhóthanach ar urramú an chláir comhlíontachta sin; leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha a bheidh ar fhostaithe i dtaobh an cuspóir sin a chomhlíonadh; an duine nó an comhlacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an gclár comhlíontachta, oifigeach comhlíontachta an oibreora córais dáileacháin, nó an oibreora gréasáin dáilte hidrigine, cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil, ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh, faoi bhráid an údaráis rialála agus foilseofar an tuarascáil bhliantúil sin; oifigeach comhlíontachta an oibreora córais dáileacháin nó an oibreora gréasáin dáilte hidrigine, beidh sé iomlán neamhspleách agus, chun cúram an oifigigh comhlíontachta a chomhlíonadh, beidh rochtain aige nó aici ar an bhfaisnéis uile is gá de chuid an oibreora córais dáileacháin nó de chuid an oibreora gréasáin dáilte hidrigine agus de chuid aon ghnóthais chleamhnaithe. |
3. I gcás ina mbeidh an t-oibreoir córais dáileacháin nó an t-oibreoir gréasáin dáilte hidrigine ina chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis rialála nó comhlachtaí inniúla eile faireachán ar ghníomhaíochtaí an oibreora córais dáileacháin nó an oibreora gréasáin dáilte hidrigine ionas nach féidir leis leas a bhaint as a chomhtháthú ingearach chun an iomaíocht a shaobhadh. Go háirithe, ní dhéanfaidh oibreoirí córais dáileacháin ná oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine atá comhtháite go hingearach mearbhall a chruthú, ina gcumarsáid ná ina mbrandáil, i leith fhéiniúlacht ar leithligh bhrainse soláthair an ghnóthais atá comhtháite go hingearach.
4. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan míreanna 1, 2 ná 3 a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoirí córais dáileacháin atá ina gcuid de ghnóthas gáis nádúrtha chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir nasctha. I gcás ina dtairbhíonn oibreoir córais dáileacháin de mhaolú i gcomhréir leis an mír seo an 4 Lúnasa 2024, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan míreanna 1, 2 ná 3 a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoir gréasáin dáilte hidrigine laistigh den ghnóthas céanna, ar choinníoll nach sáróidh líon iomlán chustaiméirí nasctha an oibreora córais dáileacháin agus an oibreora gréasáin dáilte hidrigine 100 000.
Airteagal 47
Oibleagáidí rúndachta ar na hoibreoirí córais dáileacháin
1. Gan dochar d’Airteagal 74 ná d’aon dualgas dlíthiúil eile i dtaobh faisnéis a nochtadh, caomhnóidh gach oibreoir córais dáileacháin rúndacht aon fhaisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a fhaightear le linn a ghnó a dhéanamh, agus déanfaidh sé a chosc go nochtfar ar bhealach idirdhealaitheach faisnéis faoina chuid gníomhaíochtaí féin lena bhféadfaí buntáiste tráchtála a fháil.
2. I gcomhthéacs gás nádúrtha a bheith á dhíol nó á cheannach ag gnóthais ghaolmhara, ní bhainfidh oibreoirí córais dáileacháin mí-úsáid as faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála a fhaightear ó thríú páirtithe i gcomhthéacs rochtain ar an gcóras a sholáthar nó caibidlíocht a dhéanamh i leith na rochtana sin.
Airteagal 48
Córais dáileacháin iata gáis nádúrtha
1. I gcás córas a dháileann gás nádúrtha laistigh de shuíomh tionsclaíoch, suíomh tráchtála nó suíomh seirbhísí comhroinnte atá críochaithe go geografach, agus nach soláthraíonn, gan dochar do mhír 4, gás do chustaiméirí teaghlaigh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údaráis rialála nó údaráis inniúla eile an córas sin a aicmiú mar chóras dáileachán iata ar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
ar chúiseanna sonracha teicniúla nó sábháilteachta, go bhfuil oibríochtaí nó próiseas táirgeachta úsáideoirí an chórais sin comhtháite; nó |
|
(b) |
go ndáileann an córas sin gás nádúrtha go príomha ar úinéir nó oibreoir an chórais nó ar a ngnóthais ghaolmhara. |
2. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údaráis rialála an t-oibreoir córais dáileacháin iata gáis nádúrtha a dhíolmhú ón gceanglas a leagtar síos in Airteagal 31(1) go ndéanfar taraifí, nó na modheolaíochtaí is bun lena ríomh, a fhormheas sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 78.
3. I gcás ina ndeonófar díolúine de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfar na taraifí is infheidhme, nó na modheolaíochtaí is bun lena ríomh, a athbhreithniú agus a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 78 arna iarraidh sin d'úsáideoir de chuid an chórais dáileacháin iata gáis nádúrtha.
4. É a bheith á úsáid go teagmhasach ag líon beag custaiméirí teaghlaigh a bhfuil ceangal fostaíochta nó ceangal cosúil leis sin acu le húinéir an chórais dáileacháin agus atá suite laistigh den limistéar a bhfreastalaíonn córas dáileacháin iata air, ní chuirfidh an úsáid sin bac ar dhíolúine a dheonú de bhun mhír 2.
5. Measfar gur córais dáileacháin iad na córais dáileacháin iata chun críocha na Treorach seo.
Airteagal 49
Oibreoir comhcheangailte
1. Le hAirteagal 46(1) ní chuirfear cosc ar an oibriú a dhéanann oibreoir córais comhcheangailte tarchuir, saoráidí stórála nó GNL le haghaidh gás nádúrtha nó córas dáileacháin, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-oibreoir sin forálacha ábhartha Chaibidil IX.
2. Le hAirteagal 46(1), ní chuirfear cosc ar oibriú a dhéanann oibreoir chomhcheangailte gréasáin tarchurtha hidrigine, críochfort hidrigine, saoráidí stórála hidrigine nó gréasáin dáilte hidrigine, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-oibreoir Airteagail 68 agus 69.
3. Le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní chuirfear cosc ar oibriú a dhéanann oibreoir comhcheangailte sna córais gáis nádúrtha agus hidrigine, faoi réir cheanglais Airteagal 69.
CAIBIDIL VII
RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE GRÉASÁIN HIDRIGINE
Airteagal 50
Cúraimí oibreoirí gréasáin, stórála agus críochfoirt hidrigine
1. Beidh gach oibreoir gréasáin, stórála, críochfoirt hidrigine freagrach as an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
bonneagar slán, iontaofa a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, lena n-áirítear athrú cuspóra, faoi chúinsí eacnamúla, le haghaidh an hidrigin a iompar agus a stóráil agus aird chuí á tabhairt ar an gcomhshaol, i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí gréasáin hidrigine nasctha agus comharsanacha chun an breisluach is fearr a fháil ó chomhshuí tháirgeadh agus úsáid na hidrigine agus ar bhonn an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 55; |
|
(b) |
cumas fadtéarmach an chórais hidrigine a áirithiú freastal ar éilimh réasúnta shainaitheanta ar iompar agus ar stóráil hidrigine i gcomhréir leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 55; |
|
(c) |
a áirithiú go mbeidh modhanna iomchuí ann chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh; |
|
(d) |
a leordhóthain faisnéise a sholáthar d’oibreoir gréasáin nó córais eile a bhfuil a chóras idirnasctha leis, lena n-áirítear maidir le cáilíocht na hidrigine, chun oibriú slán éifeachtúil, forbairt chomhordaithe agus idir-inoibritheacht an chórais idirnasctha a áirithiú; |
|
(e) |
gan idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí córais hidrigine nó aicmí úsáideoirí bonneagair, go sonrach i bhfabhar a chuid gnóthas gaolmhar féin; |
|
(f) |
an fhaisnéis a theastaíonn ó na húsáideoirí córais hidrigine le haghaidh rochtain éifeachtúil ar an mbonneagar a sholáthar dóibh; |
|
(g) |
gach beart réasúnta atá ar fáil dóibh a dhéanamh chun astaíochtaí hidrigine ina n-oibríochtaí a chosc agus a íoslaghdú agus suirbhé a dhéanamh ar bhrath agus deisiú sceití hidrigine go tráthrialta ar na comhpháirteanna ábhartha uile atá faoi fhreagracht an oibreora; |
|
(h) |
tuarascáil maidir le brath sceití hidrigine agus, i gcás inar gá, clár deisithe nó athsholáthair a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil, lena gcuirfear faisnéis staitistiúil maidir le brath agus deisiú sceití hidrigine ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil. |
2. Beidh sé mar aidhm ag oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine acmhainneacht leordhóthanach trasteorann a áirithiú chun an bonneagar hidrigine Eorpach a chomhtháthú chun freastal ar na héilimh uile ar acmhainneacht atá réasúnach go heacnamaíoch agus indéanta go teicniúil arna sainaithint sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 55 den Treoir seo agus sa phlean forbartha gréasáin uile-Aontais 10 mbliana le haghaidh hidrigin dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus slándáil an tsoláthair hidrigine á cur san áireamh. Ar a ndeimhniú de bhun Airteagal 71 den Treoir seo agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1789, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát cinneadh a dhéanamh an fhreagracht as acmhainneacht trasteorann a áirithiú a chur de chúram ar oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine amháin nó ar líon teoranta oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine.
3. I gcás inarb iomchuí le haghaidh bainistiú córais agus le haghaidh úsáideoirí deiridh, cuirfidh an t-údarás rialála an fhreagracht ar oibreoirí gréasáin hidrigine as bainistiú éifeachtúil cáilíochta na hidrigine agus cáilíocht chobhsaí na hidrigine a áirithiú ina ngréasáin i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta hidrigine is infheidhme.
4. Beidh oibreoirí gréasáin hidrigine freagrach as cothromú a dhéanamh ina ngréasáin ón 1 Eanáir 2033, nó ó dháta níos luaithe i gcás ina bhforálann an t-údarás rialála amhlaidh. Na rialacha a ghlacfaidh na hoibreoirí gréasáin hidrigine maidir leis an ngréasán hidrigine a chothromú, beidh siad oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus áireofar leo rialacha maidir le muirear a ghearradh ar úsáideoirí na ngréasán as éagothroime fuinnimh.
Airteagal 51
Gréasáin hidrigine atá ann cheana
1. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh na húdaráis rialála maolú a dheonú ó na ceanglais atá i gceann amháin nó níos mó d’Airteagail 35, 46, 68, 69, 70 agus 71 den Treoir seo agus Airteagail 7 agus 65 den Rialachán (AE) 2024/1789 do ghréasáin hidrigine ar le gnóthas atá comhtháite go hingearach iad an 4 Lúnasa 2024.
2. Rachaidh aon mhaolú a dheonaítear de bhun mhír 1 in éag sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
cinneann an t-údarás rialála, arna iarraidh sin don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, deireadh a chur leis an maolú; |
|
(b) |
nasctar an gréasán hidrigine a thairbhíonn den mhaolú le gréasán hidrigine eile; |
|
(c) |
déantar an gréasán hidrigine a thairbhíonn den mhaolú nó a acmhainneacht a leathnú níos mó ná 5 % ó thaobh faid nó acmhainneachta i gcomparáid leis an 4 Lúnasa 2024; nó |
|
(d) |
tagann an t-údarás rialála ar an tátal, le cinneadh, go mbeadh an riosca ann dá leanfaí den mhaolú a chur i bhfeidhm go gcuirfí bac ar an iomaíocht nó go mbeadh éifeacht dhiúltach aige ar imscaradh éifeachtúil an bhonneagair hidrigine nó ar fhorbairt agus feidhmiú an mhargaidh do hidrigin sa Bhallstát nó san Aontas. |
3. Gach seacht mbliana ón dáta a dheonaítear maolú de bhun mhír 1, foilseoidh an t-údarás rialála measúnú ar thionchar an mhaolaithe ar an iomaíocht, ar an mbonneagar hidrigine agus ar fhorbairt agus feidhmiú an mhargaidh do hidrigin san Aontas nó sa Bhallstát.
4. Féadfaidh údaráis rialála a iarraidh ar oibreoirí gréasáin hidrigine atá ann cheana an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí a chur i gcrích a chur ar fáil dóibh.
Airteagal 52
Gréasáin hidrigine atá teoranta go geografach
1. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh na húdaráis rialála maolú a dheonú ó Airteagail 68 agus 71 nó ó Airteagal 46 do ghréasáin hidrigine a iompraíonn hidrigin laistigh de limistéar tionsclaíoch nó tráchtála atá críochaithe go geografach. Ar feadh ré an mhaolaithe, comhlíonfar, le gréasán den sórt sin, na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a) |
ní áireofar idirnascairí hidrigine ann; |
|
(b) |
ní bheidh naisc dhíreacha aige le saoráidí stórála hidrigine nó críochfoirt hidrigine, mura bhfuil na saoráidí stórála nó na críochfoirt sin nasctha freisin le gréasán hidrigine nach dtairbhíonn de mhaolú arna ndeonú de bhun an Airteagail seo nó de bhun Airteagal 51; |
|
(c) |
beidh sé de chuspóir aige hidrigin a sholáthar do chustaiméirí atá nasctha go díreach leis an ngréasán sin; agus |
|
(d) |
ní bheidh sé nasctha le haon ghréasán hidrigine eile, seachas le gréasáin a thairbhíonn freisin de mhaolú arna dheonú de bhun an Airteagail seo agus atá á n-oibriú ag an oibreoir gréasáin hidrigine céanna. |
2. Glacfaidh an t-údarás rialála cinneadh chun an maolú a tharraingt siar de bhun mhír 1 má thagann sé ar an tátal go mbeadh riosca ann dá leanfaí den mhaolú a chur i bhfeidhm go gcuirfí bac ar an iomaíocht nó go mbeadh éifeacht dhiúltach aige ar imscaradh éifeachtúil bonneagair hidrigine nó ar fhorbairt agus feidhmiú an mhargaidh do hidrigin san Aontas nó sa Bhallstát, nó i gcás nach gcomhlíontar fiú ceann amháin de na coinníollacha a liostaítear i mír 1 a thuilleadh.
Gach seacht mbliana ón dáta a dheonaítear maolú de bhun mhír 1, foilseoidh an t-údarás rialála measúnú ar thionchar an mhaolaithe ar an iomaíocht, ar an mbonneagar hidrigine agus ar fhorbairt agus feidhmiú an mhargaidh do hidrigin san Aontas nó sa Bhallstát.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar fógra don údarás rialála maidir le hiarrataí ar rochtain ó tháirgeoirí hidrigine chomh maith le hiarrataí ar nascadh ó chustaiméirí tionsclaíocha, go ndéanfar iad a phoibliú agus go ndéileálfar leo de bhun Airteagal 42. Agus iarrataí ar rochtain á bhfoilsiú, caomhnófar rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.
Airteagal 53
Idirnascairí hidrigine le tríú tíortha
1. I gcás gach idirnascaire hidrigine idir na Ballstáit agus tríú tíortha, tabharfaidh an tAontas comhaontú idirnáisiúnta i gcrích, sula ndéantar é a oibriú, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE leis na tríú tíortha nasctha lena mbaineann, ina leagfar amach na rialacha oibriúcháin don idirnascaire hidrigine lena mbaineann, i gcás inar gá sin chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú leis na rialacha is infheidhme maidir le gréasáin hidrigine a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2024/1789. Ní mheasfar comhaontú idirnáisiúnta a bheith riachtanach i gcás ina ndéanfaidh an Ballstát nasctha nó an Ballstát a bhfuil rún aige a bheith nasctha le hidirnascaire hidrigine comhaontú idir-rialtasach a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 89 den Treoir seo leis na tríú tíortha nasctha lena mbaineann, ina leagfar amach na rialacha oibriúcháin don idirnascaire hidrigine lena mbaineann chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú leis na rialacha is infheidhme maidir le gréasáin hidrigine a leagtar síos sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2024/1789.
2. Beidh mír 1 den Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 85 agus gan dochar do leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit.
3. Beidh mír 1 gan dochar freisin don fhéidearthacht atá ag an Aontas agus ag na Ballstáit, de bhun a n-inniúlacht faoi seach agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme, dul i mbun idirphlé le tríú tíortha nasctha, lena n-áirítear chun comhar a bhunú maidir le hábhair atá ábhartha do tháirgeadh hidrigine, amhail ábhair shóisialta agus chomhshaoil.
Airteagal 54
Rúndacht le haghaidh oibreoirí gréasáin hidrigine, saoráidí stórála hidrigine agus críochfoirt hidrigine
1. Gan dochar do na dualgais dhlíthiúla i dtaobh faisnéis a nochtadh, caomhnóidh gach oibreoir gréasáin hidrigine, saoráide stórála hidrigine nó críochfoirt hidrigine, agus gach úinéir gréasáin hidrigine, rúndacht aon fhaisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a fhaightear le linn a ghníomhaíochtaí a chur i gcrích, agus déanfaidh sé a chosc go nochtfar ar bhealach idirdhealaitheach faisnéis faoina chuid gníomhaíochtaí féin lena bhféadfaí buntáiste tráchtála a fháil. Go háirithe, más cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é oibreoir gréasáin hidrigine, oibreoir saoráide stórála hidrigine nó oibreoir críochfoirt hidrigine, nó úinéir gréasáin hidrigine, ní nochtfaidh sé aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de do na codanna eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach nach oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin nó oibreoirí gréasáin hidrigine iad, mura mbeidh gá leis sin chun idirbheart gnó a dhéanamh.
2. Ní bhainfidh an t-oibreoir gréasáin hidrigine, an t-oibreoir saoráide stórála hidrigine nó an t-oibreoir críochfoirt hidrigine, i gcomhthéacs hidrigin a bheith á díol nó á ceannach ag gnóthais ghaolmhara, mí-úsáid as faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a fhaightear ó thríú páirtithe i gcomhthéacs rochtain ar an gcóras a sholáthar nó caibidlíocht a dhéanamh i leith na rochtana sin.
3. Déanfar an fhaisnéis is gá a phoibliú le haghaidh iomaíocht éifeachtach agus fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh. Beidh an oibleagáid sin gan dochar do chosaint na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála.
CAIBIDIL VIII
PLEANÁIL CHOMHTHÁITE GRÉASÁIN
Airteagal 55
Forbairt gréasán le haghaidh gás nádúrtha agus hidrigine agus cumhachtaí i dtaobh cinntí infheistíochta a dhéanamh
1. Gach 2 bhliain ar a laghad, cuirfidh na hoibreoirí córais tarchuir agus na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine ar fad plean forbartha gréasáin 10 mbliana faoi bhráid an údaráis rialála ábhartha bunaithe ar an soláthar agus ar an éileamh mar atá agus mar a thuartar go mbeidh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha i gcomhréir le mír 2, pointe (f). Beidh aon phlean forbartha gréasáin amháin ann in aghaidh an Bhallstáit le haghaidh gás nádúrtha agus aon phlean forbartha gréasáin amháin in aghaidh an Bhallstáit le haghaidh hidrigine, nó plean comhpháirteach amháin le haghaidh gás nádúrtha agus hidrigine in aghaidh an Bhallstáit.
Ballstáit a cheadaíonn aon phlean comhpháirteach amháin, áiritheoidh siad go bhfuil an plean sin trédhearcach go leor chun go mbeidh an t-údarás rialála in ann riachtanais shonracha na hearnála gáis nádúrtha agus riachtanais shonracha na hearnála hidrigine a bhfuil aghaidh á tabhairt orthu sa phlean a shainaithint go soiléir. Déanfar samhaltú ar leithligh le haghaidh gach iompróir fuinnimh, le caibidlí ar leith ina léireofar léarscáileanna gréasáin le haghaidh gás nádúrtha agus léarscáileanna gréasáin le haghaidh hidrigine.
Na Ballstáit ina bhforbraítear pleananna ar leith le haghaidh gáis nádúrtha agus hidrigine, áiritheoidh siad go n-oibreoidh oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine i ndlúthchomhar le chéile i gcás inar gá cinntí a dhéanamh chun éifeachtúlacht córais, mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2023/1791, a áirithiú sna hiompróirí fuinnimh ar fad, mar shampla, le haghaidh athrú cuspóra.
Oibreoidh oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine i ndlúthchomhar le hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais agus le hoibreoirí córais dáilte leictreachais, más infheidhme, chun ceanglais bonneagair chomhpháirtigh a chomhordú, mar shampla, suíomh na leictrealóirí agus an bhonneagair tarchuir ábhartha, agus tabharfaidh siad lánaird ar a dtuairimí.
Féachfaidh na Ballstáit le céimeanna pleanála comhordaithe a áirithiú maidir leis na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana le haghaidh gáis nádúrtha, hidrigine agus leictreachais, faoi seach.
Maidir le oibreoirí bonneagair, lena n-áirítear oibreoirí críochfoirt GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine, na hoibreoirí críochfoirt hidrigine, na hoibreoirí stórála hidrigine, na hoibreoirí bonneagair téite ceantair agus na hoibreoirí leictreachais, ceanglófar orthu an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar d’oibreoirí córais tarchuir agus d’oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana agus a mhalartú leo. Cuimseofar sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana le haghaidh gás nádúrtha bearta éifeachtúla chun leordhóthanacht an chórais gáis nádúrtha agus slándáil an tsoláthair a ráthú, go háirithe comhlíonadh na gcaighdeán bonneagair a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1938. Foilseofar na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana agus beidh siad inrochtana ar shuíomh gréasáin mar aon le toradh an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí. Tabharfar an suíomh gréasáin sin cothrom le dáta go tráthrialta chun a áirithiú go gcuirfear na geallsealbhóirí ábhartha uile ar an eolas maidir le huainiú, modh agus raon feidhme an chomhairliúcháin.
2. Go háirithe, sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
beidh faisnéis chuimsitheach mhionsonraithe iontu maidir leis an bpríomhbhonneagar is gá a thógáil nó a uasghrádú sna 10 mbliana atá amach romhainn agus aon atreisiú is gá ar an mbonneagar chun suiteálacha gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin a nascadh á chur san áireamh agus bonneagar arna fhorbairt le gur féidir sreafaí cúltreo a chur chuig an ngréasán tarchurtha á chur san áireamh freisin; |
|
(b) |
beidh faisnéis iontu maidir leis na hinfheistíochtaí uile a bhfuil cinneadh déanta ina leith cheana agus sainaithneofar iontu infheistíochtaí nua agus réitigh ar thaobh an éilimh nach dteastaíonn infheistíochtaí bonneagair nua ina leith nach mór a chur i gcrích sna 3 bliana ina dhiaidh sin; |
|
(c) |
i gcás an gháis nádúrtha, áireofar iontu faisnéis chuimsitheach mhionsonraithe maidir leis an mbonneagar is féidir a dhíchoimisiúnú nó atá le díchoimisiúnú; |
|
(d) |
i gcás na hidrigine, áireofar iontu faisnéis chuimsitheach mhionsonraithe maidir le bonneagar ar féidir athrú cuspóra a dhéanamh air nó a bhfuil athrú cuspóra le déanamh air chun hidrigin a tharchur, go háirithe chun hidrigin a sholáthar d’úsáideoirí deiridh in earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú agus an acmhainneacht laghdaithe gás ceaptha teasa agus an éifeachtúlacht ó thaobh fuinnimh agus costais de le hais roghanna eile á gcur san áireamh; |
|
(e) |
forálfar iontu d'amchlár do na tionscadail infheistíochta agus díchoimisiúnúcháin uile; |
|
(f) |
beidh siad bunaithe ar chás comhpháirteach arna fhorbairt gach dhá bhliain idir na hoibreoirí bonneagair ábhartha, lena n-áirítear na hoibreoirí córais dáileacháin ábhartha, ar a laghad sa ghás nádúrtha, hidrigin, leictreachas agus, i gcás inarb infheidhme, téamh ceantair; |
|
(g) |
i gcás an gháis nádúrtha, beidh siad comhsheasmhach le torthaí na measúnuithe riosca comhchoiteanna agus náisiúnta a dhéantar de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1938; |
|
(h) |
beidh siad i gcomhréir leis an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus leis na nuashonruithe air, cuirfear san áireamh iontu staid na himeartha sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, beidh siad comhsheasmhach leis na spriocanna a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001 agus tacóidh siad leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/1119; |
|
(i) |
beidh siad comhsheasmhach leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais 10 mbliana le haghaidh gáis nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais 10 mbliana le haghaidh hidrigine dá dtagraítear in Airteagal 60 den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme; |
|
(j) |
déanfaidh siad an plean forbartha gréasáin dáilte hidrigine dá dtagraítear in Airteagal 56 agus na pleananna díchoimisiúnúcháin maidir le gréasáin gáis nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 57 a chur san áireamh. |
Beidh na cásanna comhpháirteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), bunaithe ar thoimhdí réasúnacha faoi éabhlóid an táirgthe, an tsoláthair agus an tomhaltais, go háirithe riachtanais na n-earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú, agus an acmhainneacht laghdaithe gás ceaptha teasa agus an éifeachtúlacht ó thaobh fuinnimh agus ó thaobh costais de le hais roghanna eile á gcur san áireamh, agus cuirfear san áireamh iontu réitigh ar thaobh an éilimh nach dteastaíonn infheistíochtaí bonneagair nua ina leith. Cuirfear san áireamh iontu freisin malartuithe trasteorann, lena n-áirítear malartuithe le tríú tíortha agus ról na stórála hidrigine agus comhtháthú na gcríochfort hidrigine. Déanfaidh oibreoirí bonneagair próiseas forleathan comhairliúcháin maidir leis na cásanna sin a bheidh oscailte do na geallsealbhóirí ábhartha lena n-áirítear na hoibreoirí córais dáileacháin le haghaidh gáis nádúrtha agus leictreachais, oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí do leictreachas, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, cuideachtaí téimh agus fuaraithe, gnóthais soláthair agus táirgthe, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha éilimh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, agus ionadaithe na sochaí sibhialta. Déanfar na comhairliúcháin ag céim luath, ar bhealach oscailte, cuimsitheach trédhearcach, sula ndéanfar an plean forbartha gréasáin 10 mbliana a fhorbairt. Na doiciméid uile a chuirfidh na hoibreoirí bonneagair ar fáil chun na comhairliúcháin a éascú, déanfar iad a phoibliú, mar aon le toradh an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí. Tabharfar an suíomh gréasáin ábhartha cothrom le dáta go tráthúil nuair a bheidh na doiciméid sin ar fáil ionas go gcuirfear na geallsealbhóirí ábhartha ar an eolas go leordhóthanach chun go mbeidh siad in ann páirt éifeachtach a ghlacadh sa chomhairliúchán.
Na cásanna comhpháirteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), den mhír seo, beidh siad i gcomhréir leis na cásanna uile-Aontais arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2022/869 agus leis an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na nuashonruithe air i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 agus tacóidh siad le baint amach chuspóir na haeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagail 2(1) agus 4(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. Is é an t-údarás náisiúnta inniúil a dhéanfaidh cásanna comhpháirteacha den sórt sin a fhormheas. Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide arna bhunú de bhun Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt maidir le comhoiriúnacht cásanna comhpháirteacha le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050. Déanfaidh an t-údarás náisiúnta inniúil an tuairim sin a chur san áireamh.
3. Agus na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana á dtarraingt suas aige, cuirfidh an t-oibreoir córais tarchuir agus an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine san áireamh go hiomlán na roghanna malartacha atá ann seachas méadú an chórais, mar shampla úsáid na freagartha ar éileamh, chomh maith leis an tomhaltas a bhfuiltear ag súil leis tar éis chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir (AE) 2023/1791, trádáil le tíortha eile agus na pleananna forbartha gréasáin uile-Aontais. I bhfianaise chomhtháthú an chórais fuinnimh, déanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir agus an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine measúnú ar conas aghaidh a thabhairt, i gcás inar féidir, ar an ngá atá ann ar fud na gcóras leictreachais, teasa i gcás inarb infheidhme, agus gáis nádúrtha agus hidrigine, lena n-áirítear faisnéis maidir le suíomh optamach agus méid optamach na stórála fuinnimh agus na sócmhainní tiontaithe leictreachais go gás chomh maith le comhshuí tháirgeadh agus thomhaltas na hidrigine. Áireoidh an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine faisnéis faoi shuíomh na n-úsáideoirí deiridh in earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú d’fhonn díriú ar úsáid hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin sna hearnálacha sin.
4. Rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le gach úsáideoir córais idir iarbhír agus féideartha, ar bhealach oscailte trédhearcach, maidir leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana. I gcás daoine nó gnóthais a mhaíonn gur úsáideoirí córais féideartha iad, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí orthu bunús a thabhairt leis an maíomh sin. Foilseoidh an t-údarás rialála toradh an phróisis comhairliúcháin, lena n-áirítear aon riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh infheistíochtaí, díchoimisiúnú sócmhainní agus réitigh ar thaobh an éilimh nach dteastaíonn infheistíochtaí bonneagair nua dóibh.
5. Scrúdóidh an t-údarás rialála an gcomhlíonann an plean forbartha gréasáin 10 mbliana míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, an gcumhdaíonn sé na riachtanais infheistíochta uile a sainaithníodh le linn an phróisis comhairliúcháin, agus, i gcás inarb iomchuí, an bhfuil sé comhsheasmhach leis an ionsamhlúchán uile-Aontais ar chásanna suaite is déanaí arna dhéanamh ag an nGréasán Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO le haghaidh Gáis) de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1938, leis na measúnuithe riosca réigiúnacha agus náisiúnta de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1938 agus leis na pleananna neamhcheangailteacha forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais (na ‘pleananna forbartha gréasáin uile-Aontais’) dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/943, agus le hAirteagail 32 agus 60 de Rialachán (AE) 2024/1789. Má bhíonn aon amhras ann faoin gcomhsheasmhacht leis na pleananna forbartha gréasáin uile-Aontais, rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le ACER. Féadfaidh an t-údarás rialála a cheangal ar an oibreoir córais tarchuir a phlean forbartha gréasáin 10 mbliana a leasú.
Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta scrúdú ar chomhsheasmhacht an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, leis an bplean náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na nuashonruithe a rinneadh air sin agus leis na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh arna dtíolacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 agus, i gcás nach bhfuil sé comhsheasmhach, féadfaidh siad tuairim chuí-réasúnaithe a thabhairt don údarás rialála ina leagfar amach an neamhréireacht, a bhfuil aird chuí le tabhairt uirthi.
6. Déanfaidh an t-údarás rialála faireachán agus meastóireacht ar chur chun feidhme an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana.
7. In imthosca nach ndéanann an t-oibreoir córais neamhspleách nó an t-oibreoir tarchuir neamhspleách, nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách, ar chúiseanna seachas ar chúiseanna sáraitheacha nach bhfuil neart aige orthu, infheistíocht a chur i gcrích, ar infheistíocht í a bhí le déanamh, faoin bplean forbartha gréasáin 10 mbliana, sna trí bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar an údarás rialála ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an infheistíocht sin má tá an infheistíocht sin fós ábhartha ar bhonn an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana is déanaí:
|
(a) |
a cheangal ar an oibreoir córais tarchuir nó ar an oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine an infheistíocht sin a chur i gcrích; |
|
(b) |
nós imeachta tairisceana a eagrú le haghaidh na hinfheistíochta sin, agus é oscailte d’aon infheisteoir; |
|
(c) |
a chur d’oibleagáid ar an oibreoir córais tarchuir nó ar an oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine glacadh le méadú caipitil chun an infheistíocht riachtanach sin a mhaoiniú agus a cheadú d’infheisteoirí neamhspleácha a bheith páirteach sa chaipiteal. |
I gcás inar bhain an t-údarás rialála leas as a chumhachtaí de bhun phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh sé a chur d’oibleagáid ar an oibreoir córais tarchuir nó ar an oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine glacadh le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
|
(a) |
maoiniú arna chur ar fáil ag aon tríú páirtí; |
|
(b) |
foirgniú, athrú cuspóra nó díchoimisiúnú arna dhéanamh ag aon tríú páirtí; |
|
(c) |
na sócmhainní nua lena mbaineann a thógáil é féin; |
|
(d) |
na sócmhainní nua lena mbaineann a oibriú é féin. |
Tabharfaidh an t-oibreoir córais tarchuir nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine do na hinfheisteoirí an fhaisnéis uile is gá chun an infheistíocht a dhéanamh, nascfaidh sé sócmhainní nua leis an gcóras tarchuir nó leis an ngréasán tarchurtha hidrigine agus déanfaidh sé a dhícheall i gcoitinne cur chun feidhme an tionscadail infheistíochta a éascú.
Beidh na socruithe maoinithe ábhartha faoi réir a bhformheasta ag an údarás rialála.
8. I gcás inar bhain an t-údarás rialála úsáid as a chuid cumhachtaí de bhun mhír 7, cumhdóidh na taraifí rochtana gréasáin ábhartha, mar a shocraigh nó a d’fhormheas an t-údarás rialála, costais na hinfheistíochta atá i gceist.
Airteagal 56
Plean forbartha gréasáin dáilte hidrigine
1. Cuirfidh oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine plean faoi bhráid an údaráis rialála gach ceithre bliana ina leagtar amach an bonneagar gréasáin hidrigine a bhfuil sé mar aidhm acu é a fhorbairt. Déanfar an plean a fhorbairt i ndlúthchomhar le hoibreoirí córais dáileacháin le haghaidh gáis nádúrtha agus leictreachais, chomh maith le hoibreoirí téimh agus fuaraithe ceantair i gcás inarb infheidhme, lena n-áiritheofar comhtháthú éifeachtach na gcóras fuinnimh, agus lánaird á tabhairt ar a dtuairimí. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoirí córais dáilte hidrigine i gcomhréir leis an Airteagal seo agus d’oibreoirí córais dáileacháin i gcomhréir le hAirteagal 57 atá gníomhach sa réigiún céanna plean comhpháirteach a fhorbairt.
Na Ballstáit a cheadaíonn aon phlean chomhpháirteach amháin, áiritheoidh siad go bhfuil an plean trédhearcach go leor chun riachtanais shonracha na hearnála gáis nádúrtha agus riachtanais shonracha na hearnála hidrigine a bhfuil aghaidh á tabhairt orthu sa phlean a shainaithint go soiléir. Déanfar samhaltú ar leithligh le haghaidh gach iompróir fuinnimh agus beidh caibidlí ar leith ann ina mbeidh léarscáileanna gréasáin le haghaidh gás nádúrtha agus léarscáileanna gréasáin le haghaidh hidrigin.
Na Ballstáit ina bhforbraítear pleananna ar leith le haghaidh gáis nádúrtha agus hidrigine, áiritheoidh siad go n-oibreoidh oibreoirí córais dáileacháin agus oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine i ndlúthchomhar le chéile i gcás inar gá cinntí a dhéanamh chun éifeachtúlacht córais a áirithiú sna hiompróirí fuinnimh ar fad, amhail le haghaidh athrú cuspóra.
2. Maidir leis an bplean forbartha gréasáin dáilte hidrigine, beidh an méid seo a leanas go háirithe i gceist leis:
|
(a) |
cuirfear ar áireamh ann faisnéis maidir le riachtanais acmhainneachta, ó thaobh toirte agus faid araon, mar a caibidlíodh idir úsáideoirí gréasáin dáilte hidrigine agus oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine, maidir le soláthar hidrigine, agus maidir le riachtanais acmhainneachta, ó thaobh toirte agus faid de, na n-úsáideoirí deiridh atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus ar deacair iad a dhícharbónú, agus an acmhainneacht laghdaithe gás ceaptha teasa agus an éifeachtúlacht ó thaobh fuinnimh agus ó thaobh costais de le hais roghanna eile agus lonnú na n-úsáideoirí deiridh sin á gcur san áireamh d’fhonn díriú ar úsáid hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin sna hearnálacha sin; |
|
(b) |
aird á tabhairt ar na pleananna téimh agus fuaraithe arna mbunú de bhun Airteagal 25(6) de Threoir (AE) 2023/1791 agus éileamh na n-earnálacha nach gcumhdaítear leis na pleananna téimh agus fuaraithe, agus measúnú a dhéanamh an chaoi a n-urramaítear bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 27 den Treoir sin nuair a bhítear ag féachaint an bhféadfaí an gréasán dáilte hidrigine a leathnú in earnálacha ina bhfuil roghanna malartacha atá níos tíosaí ar fhuinneamh ar fáil; |
|
(c) |
cuirfear ar áireamh ann faisnéis faoina mhéid atáthar le píblínte gáis nádúrtha a ndearnadh athrú cuspóra orthu a úsáid chun hidrigin a iompar, agus faoina mhéid is gá an t-athrú cuspóra sin chun na riachtanais acmhainneachta a bhunaítear i gcomhréir le pointe (a) a chomhlíonadh; |
|
(d) |
beidh sé bunaithe ar phróiseas comhairliúcháin a bheidh oscailte do na geallsealbhóirí ábhartha chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh go luath agus go héifeachtach sa phróiseas pleanála, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar agus a mhalartú; |
|
(e) |
déanfar é a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an oibreora gréasáin dáilte hidrigine maille le toradh an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí agus cuirfear faoi bhráid an údaráis rialála é, in éineacht le toradh an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí; tabharfar an suíomh gréasáin sin cothrom le dáta go tráthrialta ionas go gcuirfear na geallsealbhóirí ábhartha ar an eolas go leordhóthanach chun go mbeidh siad in ann páirt éifeachtach a ghlacadh sa chomhairliúchán; |
|
(f) |
beidh sé i gcomhréir leis an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus leis na nuashonruithe air, agus leis na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 agus tacóidh sé le baint amach chuspóir na haeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119; |
|
(g) |
beidh sé comhsheasmhach leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus leis na pleananna náisiúnta forbartha gréasáin 10 mbliana arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 55 den Treoir seo. |
3. Malartóidh oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun an plean a fhorbairt le hoibreoirí gréasáin hidrigine eile, lena n-áirítear le hoibreoirí gréasáin hidrigine sna Ballstáit chomharsanacha má tá nasc díreach ann.
4. Measúnóidh an t-údarás rialála an gcomhlíonann an plean gréasáin forbartha dáilte hidrigine mír 1 den Airteagal seo. Scrúdóidh an t-údarás rialála an plean agus féadfaidh sé leasuithe ar an bplean a iarraidh i gcomhréir leis an measúnú. Cuirfear san áireamh sa scrúdú sin riachtanas eacnamaíochta fuinnimh foriomlán an ghréasáin hidrigine chomh maith le creat na gcás comhpháirteach a forbraíodh de bhun Airteagal 55(2), pointe (f). Maidir le pleananna arna gcur isteach a bhaineann le gréasáin hidrigine a thairbhíonn de mhaolú de bhun Airteagal 51 nó 52, féadfaidh an t-údarás rialála staonadh ón bplean a scrúdú agus ó mholtaí le haghaidh leasuithe a dhéanamh.
5. Cuirfidh an t-údarás rialála an scrúdú ar an bplean gréasáin forbartha dáilte hidrigine san áireamh agus muirir thiomnaithe de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1789 á bhformheas aige.
6. Go dtí an 31 Nollaig 2032, agus gan dochar do chumhachtaí an údaráis rialála maoirseacht a dhéanamh ar rialacha maidir le rochtain ar an ngréasán, féadfaidh na Ballstáit a chur de chúram ar údarás inniúil eile an plean gréasáin forbartha dáilte hidrigine a scrúdú agus moltaí a dhéanamh i ndáil le leasuithe ar an bplean a dhéanfaidh an t-oibreoir gréasáin dáilte hidrigine chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus leis na nuashonruithe a dhéantar orthu.
7. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 55 maidir le hoibreoirí gréasáin dáilte hidrigine a chur i bhfeidhm ón 4 Lúnasa 2024.
Airteagal 57
Pleananna díchoimisiúnaithe gréasáin le haghaidh oibreoirí córais dáileacháin
1. I gcás ina meastar go mbeidh laghdú san éileamh ar ghás nádúrtha a dteastódh díchoimisiúnú gréasán dáilte gáis nádúrtha nó díchoimisiúnú codanna de na gréasáin sin dá bharr, áiritheoidh na Ballstáit go bhforbróidh oibreoirí córais dáilte pleananna díchoimisiúnaithe gréasáin. Déanfar na pleananna sin a fhorbairt i ndlúthchomhar le hoibreoirí gréasáin dáilte hidrigine, le hoibreoirí córais dáileacháin le haghaidh leictreachais, agus le hoibreoirí téimh agus fuaraithe ceantair, lena n-áiritheofar comhtháthú éifeachtach córas fuinnimh agus a bheidh i gcomhréir le húsáid laghdaithe an gháis nádúrtha chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú i gcás ina bhfuil roghanna malartacha ar fáil atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh agus costais de. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoirí córais dáileacháin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus d’oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine i gcomhréir le hAirteagal 56 atá gníomhach sa réigiún céanna plean comhpháirteach a fhorbairt má táthar le hathrú cuspóra a dhéanamh ar chodanna de bhonneagar an gháis nádúrtha. Na Ballstáit a cheadaíonn go ndéanfaí an t-aon phlean comhpháirteach amháin, áiritheoidh siad go bhfuil an plean trédhearcach go leor chun riachtanais shonracha na hearnála gáis nádúrtha agus riachtanais shonracha na hearnála hidrigine a bhfuil aghaidh á tabhairt orthu sa phlean a shainaithint go soiléir. I gcás inarb infheidhme, déanfar samhaltú ar leithligh le haghaidh gach iompróir fuinnimh, agus beidh caibidlí ar leith ann ina mbeidh léarscáileanna gréasáin le haghaidh gáis nádúrtha agus léarscáileanna gréasáin le haghaidh hidrigine.
Na Ballstáit ina bhforbraítear pleananna ar leith le haghaidh gáis nádúrtha agus hidrigine, áiritheoidh siad go n-oibreoidh oibreoirí córais dáileacháin agus oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine i ndlúthchomhar le chéile i gcás inar gá cinntí a dhéanamh chun éifeachtúlacht córais a áirithiú sna hiompróirí fuinnimh ar fad, amhail le haghaidh athrú cuspóra.
2. Comhlíonfaidh na pleananna díchoimisiúnaithe gréasáin dáileacháin ar a laghad na prionsabail seo a leanas:
|
(a) |
go bhfuil na pleananna bunaithe ar na pleananna téimh agus fuaraithe arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir (AE) 2023/1791 agus go dtugann siad aird chuí ar éileamh na n-earnálacha nach gcumhdaítear leis na pleananna téimh agus fuaraithe; |
|
(b) |
go bhfuil na pleananna bunaithe ar thoimhdí réasúnta maidir le héabhlóid an táirgthe, an insteallta agus an tsoláthair gáis nádúrtha, lena n-áirítear bithmheatán, ar thaobh amháin, agus tomhaltas gáis nádúrtha i ngach earnáil ar an leibhéal dáileacháin, ar an taobh eile; |
|
(c) |
go sainíonn oibreoirí córais dáileacháin na hoiriúnuithe bonneagair a bhfuil gá leo, agus go bhfuil tosaíocht á tabhairt do réitigh ar thaobh an éilimh nach dteastaíonn infheistíochtaí i mbonneagair nua dóibh, agus go liostaítear sna pleananna bonneagar atá le díchoimisiúnú, d’fhonn freisin trédhearcacht a chruthú maidir le haon athrú cuspóra a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an mbonneagar sin chun hidrigin a iompar; |
|
(d) |
agus an plean á fhorbairt acu, go reáchtálann oibreoirí córais dáileacháin próiseas comhairliúcháin atá oscailte do na geallsealbhóirí ábhartha chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh go luath agus go héifeachtach sa phróiseas pleanála, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar agus a mhalartú; go gcuirtear torthaí an chomhairliúcháin agus an plean díchoimisiúnaithe gréasáin faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha; |
|
(e) |
go bhfoilsítear na pleananna agus toradh an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ar shuíomhanna gréasáin na n-oibreoirí córais dáileacháin agus go ndéantar na suíomhanna gréasáin sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun a áirithiú go gcuirfear na geallsealbhóirí ábhartha ar an eolas ar bhealach leordhóthanach chun go mbeidh siad in ann páirt éifeachtach a ghlacadh sa chomhairliúchán; |
|
(f) |
go ndéantar na pleananna a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana ar a laghad, bunaithe ar na réamh-mheastacháin is déanaí le haghaidh éileamh agus sholáthar an gháis nádúrtha sa réigiún ábhartha, agus go gcumhdóidh siad tréimhse 10 mbliana; |
|
(g) |
oibreoirí córais dáileacháin atá gníomhach sa limistéar réigiúnach céanna, go bhféadfaidh siad rogha a dhéanamh plean comhpháirteach amháin díchoimisiúnaithe gréasáin a fhorbairt; |
|
(h) |
go mbeidh na pleananna comhsheasmhach leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh gás nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus leis na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 55 den Treoir seo; |
|
(i) |
go bhfuil na pleananna comhsheasmhach le plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit, leis an tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn agus leis an straitéis fhadtéarmach arna tíolacadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus go dtacaíonn siad le baint amach an chuspóra aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. |
3. Measúnóidh na húdaráis náisiúnta ábhartha an gcomhlíonann na pleananna díchoimisiúnaithe gréasáin dáileacháin na prionsabail a leagtar síos i mír 2. Déanfaidh siad an plean díchoimisiúnaithe gréasáin dáileacháin a fhormheas nó a dhiúltú agus féadfaidh siad leasuithe ar an bplean sin a éileamh.
4. Le forbairt na bpleananna díchoimisiúnaithe gréasáin dáileacháin, éascófar cosaint na gcustaiméirí deiridh i gcomhréir le hAirteagal 13 chomh maith lena gcearta de bhun Airteagal 38(6) a chur san áireamh.
5. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoirí córais dáileacháin ar lú ná 45 000 líon na gcustaiméirí nasctha a bhfuil siad ag freastal orthu faoin 4 Lúnasa 2024. I gcás ina bhfuil oibreoirí córais dáileacháin díolmhaithe ó phlean díchoimisiúnaithe gréasáin dáileacháin a thíolacadh, cuirfidh siad an t-údarás rialála ar an eolas faoi dhíchoimisiúnú na ngréasán dáileacháin nó faoi dhíchoimisiúnú codanna díobh.
6. I gcás ina bhféadfadh gur ghá codanna den ghréasán dáilte gáis nádúrtha a dhíchoimisiúnú roimh dheireadh a saolré mar a measadh i dtús í, bunóidh an t-údarás rialála treoirlínte le haghaidh cur chuige struchtúrach i leith dhímheas na sócmhainní sin agus socrú taraifí i gcomhréir le hAirteagal 78(7). Agus na treoirlínte sin á bhforbairt acu, rachaidh na húdaráis rialála i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe oibreoirí córais dáileacháin agus comhlachtaí tomhaltóirí.
Airteagal 58
Táillí agus costais an nasctha le haghaidh saoráidí táirgthe bithmheatáin
1. Soláthróidh na Ballstáit creat rialála cumasúcháin le haghaidh saoráidí táirgthe bithmheatáin i ndáil le táillí agus costais an nasctha a eascraíonn as iad a nascadh leis na gréasáin tarchuir nó dáileacháin. Le creat rialála den sórt sin, áiritheofar an méid seo a leanas:
|
(a) |
go gcuirfear san áireamh le táillí agus costais an nasctha bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh is infheidhme maidir le forbairt gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 27(2) de Threoir (AE) 2023/1791; |
|
(b) |
go ndéanfar táillí agus costais an nasctha a fhoilsiú mar chuid de na nósanna imeachta chun saoráidí táirgthe nua le haghaidh gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin a nascadh leis an gcóras tarchuir agus dáileacháin a bhunaítear in Airteagail 41 agus 45 den Treoir seo agus de bhun Airteagal 20(2) de Threoir (AE) 2018/2001; |
|
(c) |
go gcuirfear san áireamh prionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe, an gá atá le creataí cobhsaí airgeadais le haghaidh infheistíochtaí atá ann cheana, cur chun feidhme céimneach gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin sa Bhallstát lena mbaineann agus sásraí tacaíochta malartacha a bheith ann chun úsáid gáis in-athnuaite nó gáis ísealcharbóin a uas-scálú, i gcás inarb iomchuí. |
2. Agus taraifí nó na modheolaíochtaí atá le húsáid ag oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin á socrú nó á bhformheas ag na húdaráis rialála, féadfaidh na húdaráis rialála na costais a tabhaíodh agus na hinfheistíochtaí a rinne na hoibreoirí córais sin a chur san áireamh chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh agus nach n-aisghabhtar go díreach ó chostais agus táillí an nasctha, a mhéid a chomhfhreagraíonn na costais do chostais oibreora rialáilte atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige.
Airteagal 59
Bonneagar hidrigine trasteorann a mhaoiniú
1. I gcás ina gcuireann na Ballstáit córas rochtana rialáilte tríú páirtí ar ghréasáin tarchurtha hidrigine i bhfeidhm de bhun Airteagal 35(1) agus i gcás tionscadal idirnascaire hidrigine nach tionscadal leasa choitinn é dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49) agus i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, is iad na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine cóngaracha a mbíonn éifeacht ag an méid sin orthu a íocfaidh costais an tionscadail agus féadfaidh siad iad a áireamh laistigh dá gcórais taraife faoi seach, faoi réir fhormheas an údaráis rialála. Má shainaithníonn na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine bearna shubstaintiúil idir na sochair agus na costais, féadfaidh siad plean tionscadail a dhearadh, lena n-áirítear iarraidh ar leithdháileadh costas trasteorann, agus é a chur, go comhpháirteach, faoi bhráid na n-údarás rialála lena mbaineann le haghaidh formheas comhpháirteach.
2. Agus plean tionscadail á thíolacadh ag na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine, mar a leagtar amach i mír 1, beidh anailís costais is tairbhe atá sonrach don tionscadal ag gabháil leis an bplean tionscadail sin agus leis an iarraidh ar leithdháileadh costas trasteorann, ina mbeidh tairbhí thar theorainneacha na mBallstát lena mbaineann á gcur san áireamh, agus beidh plean gnó ag gabháil leo ina mbeidh meastóireacht ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail, lena n-áireofar réiteach maoinithe agus lena sonrófar an aontaíonn na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine lena mbaineann maidir le togra cuí-réasúnaithe maidir le leithdháileadh costas trasteorann.
Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine, déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinneadh comhpháirteach maidir le leithdháileadh na gcostas infheistíochta a bheidh le híoc ag gach oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine le haghaidh an tionscadail.
3. Ón 1 Eanáir 2033, déanfaidh gach oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine lena mbaineann córas cúitimh airgeadais a chaibidil chun maoiniú a áirithiú do bhonneagar hidrigine trasteorann i gcás nach mbeidh aon taraifí á ngearradh ar rochtain ar ghréasáin tarchurtha hidrigine ag pointí idirnaisc idir na Ballstáit de bhun Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2024/1789. Agus an córas sin á fhorbairt, cuirfidh oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine próiseas forleathan comhairliúcháin i gcrích a mbeidh baint ag na rannpháirtithe ábhartha ar fad sa mhargadh leis.
4. Na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine lena mbaineann, tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir leis an gcóras cúitimh airgeadais faoin 31 Nollaig 2035 agus cuirfidh siad faoi bhráid na n-údarás rialála lena mbaineann é lena bhformheas comhpháirteach. Mura dtagtar ar chomhaontú laistigh den tréimhse sin, déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinneadh comhpháirteach laistigh de 2 bhliain. I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála lena mbaineann teacht ar chomhaontú laistigh de 2 bhliain, déanfaidh ACER cinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942.
5. Cuirfear an córas cúitimh airgeadais i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 78(1), pointe (c).
6. Maidir leis an aistriú chuig córas cúitimh airgeadais, ní dhéanfaidh an sásra cúiteamh airgeadais atá bunaithe cheana féin aon difear do chonarthaí acmhainneachta atá ann cheana.
7. Maidir le tuilleadh sonraí is gá chun an próiseas a leagtar amach san Airteagal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear na próisis agus na tréimhsí ama is gá, an próiseas is gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra cúitimh agus, más gá, leasú a dhéanamh ar chóras cúiteamh airgeadais le gur féidir éabhlóid na dtaraifí agus forbairt na ngréasán hidrigine a chur san áireamh, déanfar iad a leagan síos i gcód gréasáin arna bhunú de bhun Airteagal 72 de Rialachán (AE) 2024/1789.
CAIBIDIL IX
DÍCHUACHADH OIBREOIRÍ CÓRAIS TARCHUIR AGUS OIBREOIRÍ GRÉASÁIN TARCHURTHA HIDRIGINE
Airteagal 60
Córais tarchuir agus oibreoirí córais tarchuir a dhíchuachadh
1. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a) |
i gcás gach gnóthais ar leis córas tarchuir, go ngníomhóidh sé mar oibreoir córais tarchuir; |
|
(b) |
nach mbeidh an duine i dteideal:
|
|
(c) |
nach mbeidh an duine céanna i dteideal comhaltaí a cheapadh ar an mbord maoirseachta ná ar an mbord riaracháin in oibreoir córais tarchuir nó i gcóras tarchuir, ná comhaltaí a cheapadh i gcomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas in oibreoir córais tarchuir nó i gcóras tarchuir, ná rialú a dhéanamh ná aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair; |
|
(d) |
nach mbeidh an duine céanna i dteideal a bheith ina chomhalta den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin ná de chomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas, i ngnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair ná in oibreoir córais tarchuir nó i gcóras tarchuir. |
2. Leis na cearta dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c), áireofar an méid seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
an chumhacht cearta vótála a fheidhmiú; |
|
(b) |
an chumhacht comhaltaí a cheapadh ar an mbord maoirseachta, ar an mbord riaracháin nó comhaltaí de chomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas; nó |
|
(c) |
scair thromlaigh a shealbhú. |
3. Chun críocha mhír 1, pointe (b), tuigfear go n-áireofar leis an téarma ‘a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair’‘gnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair’ de réir bhrí Threoir (AE) 2019/944, agus tuigfear go n-áireofar leis na téarmaí ‘oibreoir córais tarchuir’ agus ‘córas tarchuir’‘oibreoir córais tarchuir’ agus ‘córas tarchuir’ de réir bhrí na Treorach sin.
4. Measfar go bhfuil an oibleagáid a leagtar amach i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo á comhlíonadh más rud é, i gcás dhá ghnóthas nó níos mó ar leo córais tarchuir, gur chruthaigh na gnóthais sin comhfhiontar a ghníomhaíonn mar oibreoir córais tarchuir in dhá Bhallstát nó níos mó le haghaidh na gcóras tarchuir lena mbaineann. Ní fhéadfaidh aon ghnóthas eile a bheith ina chuid den chomhfhiontar, murar formheasadh é de bhun Airteagal 61 mar oibreoir córais neamhspleách nó mar oibreoir tarchuir neamhspleách chun críocha Roinn 3.
5. Chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, i gcás inarb é an duine dá dtagraítear i mír 1, bpointí (b), (c) agus (d), an Ballstát nó comhlacht poiblí eile, ní mheasfar gurb é an duine céanna dhá chomhlacht phoiblí ar leithligh a bhfuil rialú á fheidhmiú acu ar oibreoir córais tarchuir nó ar chóras tarchuir ar thaobh amháin, agus ar ghnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair ar an taobh eile.
6. Faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de dá dtagraítear in Airteagal 40 agus atá ina sheilbh ag oibreoir córais tarchuir a bhí mar chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar an fhaisnéis sin ná foireann an oibreora córais tarchuir sin, a aistriú chuig gnóthais a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe agus soláthair.
7. Sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir an 3 Meán Fómhair 2009, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm. Maidir leis an gcuid sin den chóras tarchuir a nascann Ballstát le tríú tír idir teorainn an Bhallstáit sin agus an chéad phointe nasctha chuig gréasán an Bhallstáit sin, sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir an 23 Bealtaine 2019, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm.
Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann ceann de na bearta seo a leanas:
|
(a) |
oibreoir córais neamhspleách a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 61; nó |
|
(b) |
forálacha Roinn 3 a chomhlíonadh. |
8. Sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir an 3 Meán Fómhair 2009 agus go bhfuil socruithe i bhfeidhm a ráthóidh neamhspleáchas níos éifeachtaí don oibreoir córais tarchuir ná le forálacha Roinn 3, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
A mhéid a bhaineann leis an gcuid sin den chóras tarchuir a nascann Ballstát le tríú tír idir teorainn an Bhallstáit sin agus an chéad phointe nasctha chuig gréasán an Bhallstáit sin, sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir an 23 Bealtaine 2019 agus go bhfuil socruithe i bhfeidhm a ráthóidh neamhspleáchas níos éifeachtaí don oibreoir córais tarchuir ná le forálacha Roinn 3, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
9. Sula ndéanfar gnóthas a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoir córais tarchuir de bhun mhír 8 den Airteagal seo, déanfar é a dheimhniú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 71(4), (5) agus (6) den Treoir seo agus in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1789. Ina dhiaidh sin, fíoróidh an Coimisiún gur léir go rathaítear leis na socruithe atá i bhfeidhm neamhspleáchas níos éifeachtaí d'oibreoir córais tarchuir ná le forálacha Roinn 3.
10. Gnóthas atá comhtháite go hingearach agus ar leis córas tarchuir, ní chuirfear cosc air i gcás ar bith bearta a dhéanamh chun mír 1 a chomhlíonadh.
11. Gnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair, ní bheidh sé in ann, i gcás ar bith, rialú a dhéanamh ná aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoirí córais tarchuir díchuachta sna Ballstáit a chuireann mír 1 i bhfeidhm.
Airteagal 61
Oibreoirí córais neamhspleácha
1. I gcás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir an 3 Meán Fómhair 2009, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan Airteagal 60(1) a chur i bhfeidhm agus oibreoir córais neamhspleách a ainmniú ar mholadh ó úinéir an chórais tarchuir.
Maidir leis an gcuid sin den chóras tarchuir a nascann Ballstát le tríú tír idir teorainn an Bhallstáit sin agus an chéad phointe nasctha chuig gréasán an Bhallstáit sin, sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir an 23 Bealtaine 2019, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan Airteagal 60(1) a chur i bhfeidhm agus oibreoir córais neamhspleách a ainmniú ar mholadh ó úinéir an chórais tarchuir.
Beidh ainmniú oibreoir córais neamhspleách faoi réir formheas ón gCoimisiún.
2. Ní fhéadfaidh an Ballstát oibreoir córais neamhspleách a fhormheas agus a ainmniú ach amháin sna cásanna a leanas:
|
(a) |
gur léirigh an t-oibreoir is iarrthóir go gcomhlíonann sé ceanglais Airteagal 60(1), pointí (b), (c) agus (d); |
|
(b) |
gur léirigh an t-oibreoir is iarrthóir go bhfuil na hacmhainní airgeadais, teicniúla, fisiceacha agus daonna is gá aige chun a chúraimí de bhun Airteagal 39 a chomhlíonadh; |
|
(c) |
go bhfuil gealltanas tugtha ag an oibreoir is iarrthóir plean forbartha gréasáin 10 mbliana a chomhlíonadh faoi fhaireachán an údaráis rialála; |
|
(d) |
gur léirigh úinéir an chórais tarchuir go bhfuil ar a chumas a chuid oibleagáidí de bhun mhír 5 a chomhlíonadh, agus go soláthróidh sé, chuige sin, na dréachtsocruithe conarthacha ar fad leis an ngnóthas is iarrthóir agus le haon eintiteas ábhartha eile; |
|
(e) |
gur léirigh an t-oibreoir is iarrthóir go bhfuil sé in ann a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2024/1789 a chomhlíonadh, lena n-áirítear an comhar idir oibreoirí córais tarchuir ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal réigiúnach. |
3. Gnóthais a bhfuil sé deimhnithe ag an údarás rialála ina leith gur chomhlíon siad ceanglais Airteagal 72 agus ceanglais mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit iad a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoirí córais neamhspleácha. Is é an nós imeachta deimhniúcháin in Airteagal 71 den Treoir seo agus in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1789 a bheidh infheidhme, sin nó an ceann in Airteagal 72 den Treoir seo.
4. Beidh gach oibreoir córais neamhspleách freagrach as rochtain tríú páirtí a dheonú agus a bhainistiú, lena n-áirítear muirir rochtana agus muirir phlódúcháin a bhailiú, as an gcóras tarchuir a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, agus freisin as cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú freastal ar éileamh réasúnta trí infheistíocht a phleanáil. Agus an córas tarchuir á fhorbairt aige, beidh an t-oibreoir córais neamhspleách freagrach as pleanáil, lena n-áirítear an nós imeachta údarúcháin, foirgniú agus coimisiúnú an bhonneagair nua. Chun na críche sin, gníomhóidh an t-oibreoir córais neamhspleách mar oibreoir córais tarchuir i gcomhréir leis an gCaibidil seo. Ní bheidh úinéir an chórais tarchuir freagrach as rochtain tríú páirtí a dheonú ná a bhainistiú, ná as infheistíocht a phleanáil.
5. I gcás ina bhfuil oibreoir córais neamhspleách ainmnithe, déanfaidh úinéir an chórais tarchuir an méid seo a leanas:
|
(a) |
tabharfaidh sé an comhar agus an tacaíocht ábhartha uile don oibreoir córais neamhspleách chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe, an fhaisnéis ábhartha uile; |
|
(b) |
maoineoidh sé na hinfheistíochtaí arna gcinneadh ag an oibreoir córais neamhspleách agus arna bhformheas ag an údarás rialála, nó toileoidh sé le maoiniú ó aon pháirtí leasmhar lena n-áirítear an t-oibreoir córais neamhspleách; beidh na socruithe maoinithe ábhartha faoi réir a bhformheasta ag an údarás rialála; sula ndéanfaidh sé an formheas sin, rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le húinéir an chórais tarchuir agus le páirtithe leasmhara eile; |
|
(c) |
déanfaidh sé foráil do chumhdach an dliteanais i ndáil leis na sócmhainní gréasáin, cé is moite den dliteanas a bhaineann le cúraimí an oibreora córais neamhspleách; |
|
(d) |
soláthróidh sé ráthaíochtaí chun maoiniú ar aon leathnú ar an ngréasán a éascú, cé is moite de na hinfheistíochtaí sin arb amhlaidh ina leith, de bhun phointe (b), gur thoiligh sé le maoiniú ó aon pháirtí leasmhar lena n-áirítear an t-oibreoir córais neamhspleách. |
6. I ndlúthchomhar leis an údarás rialála, deonófar don údarás iomaíochta náisiúnta ábhartha na cumhachtaí ábhartha uile chun faireachán éifeachtach a dhéanamh go bhfuil a chuid oibleagáidí de bhun mhír 5 á gcomhlíonadh ag úinéir an chórais tarchuir.
Airteagal 62
Úinéirí córais tarchurtha, úinéirí gréasáin tarchurtha hidrigine, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha agus oibreoirí stórála hidrigine a dhíchuachadh
1. Úinéirí córais tarchuir agus úinéirí gréasáin tarchurtha hidrigine, i gcás ina mbeidh oibreoir córais neamhspleách nó oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách ceaptha, agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí stórála hidrigine atá ina gcuid de ghnóthais atá comhtháite go hingearach, beidh siad neamhspleách ar a laghad ó thaobh a bhfoirme dlíthiúla, a n-eagrúcháin agus a gcinnteoireachta ar ghníomhaíochtaí eile nach mbaineann le tarchur, dáileadh, iompar ná stóráil gáis nádúrtha agus hidrigine.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le saoráidí stórála gáis nádúrtha a bhfuil gá teicniúil nó eacnamaíoch leo chun rochtain éifeachtúil a sholáthar ar an gcóras ar mhaithe le soláthar a chur ar fáil do chustaiméirí de bhun Airteagal 33.
2. Chun neamhspleáchas úinéir an chórais tarchuir nó úinéir an ghréasáin tarchurtha hidrigine agus an t-oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó an t-oibreoir stórála hidrigine dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, beidh feidhm ag na híoschritéir seo a leanas:
|
(a) |
daoine atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar úinéir an chórais tarchuir nó úinéir an ghréasáin tarchurtha hidrigine agus ar an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó ar an oibreoir stórála hidrigine, ní bheidh siad rannpháirteach i struchtúir chuideachta an ghnóthais gáis nádúrtha chomhtháite atá freagrach, go díreach nó go hindíreach, as oibriú laethúil tháirgeadh agus sholáthar an gháis nádúrtha agus na hidrigine; |
|
(b) |
déanfar bearta iomchuí chun a áirithiú, maidir le leasanna gairmiúla na ndaoine atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar úinéir an chórais tarchuir nó úinéir an ghréasáin tarchurtha hidrigine agus ar an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó ar an oibreoir stórála hidrigine, go gcuirfear san áireamh na leasanna sin ar bhealach lena n-áirithítear go bhfuil na daoine sin in ann gníomhú go neamhspleách; |
|
(c) |
beidh cearta éifeachtacha cinnteoireachta ag an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó ag an oibreoir stórála hidrigine, a bheidh neamhspleách ar an ngnóthas gáis nádúrtha comhtháite, maidir leis na sócmhainní is gá chun na saoráidí stórála a oibriú, a chothabháil nó a fhorbairt; ní chuirfear bac leis an méid sin ar shásraí comhordúcháin iomchuí a bheith ann chun a áirithiú go gcosnófar cearta maoirseachta eacnamaíche agus bainistithe na máthairchuideachta maidir le toradh ar shócmhainní arna rialáil go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 78(7), i bhfochuideachta; cuirfidh sé sin ar chumas na máthairchuideachta go háirithe formheas a dhéanamh ar an bplean airgeadais bliantúil, nó ar aon ionstraim choibhéiseach, atá ag an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó ag an oibreoir stórála hidrigine agus teorainneacha foriomlána a leagan síos maidir le leibhéal féichiúnais a fochuideachta; ní cheadóidh sé don mháthairchuideachta treoracha a thabhairt maidir le hoibríochtaí laethúla, ná i leith cinntí aonair a bhaineann le saoráidí stórála a fhoirgniú nó a uasghrádú, nach sáraíonn téarmaí an phlean airgeadais arna fhormheas, ná téarmaí aon ionstraime coibhéisí; |
|
(d) |
bunóidh úinéir an chórais tarchuir nó úinéir an ghréasáin tarchurtha hidrigine agus an t-oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó an t-oibreoir stórála hidrigine clár comhlíontachta, ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a eisiamh, agus áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán leordhóthanach go bhfuil an clár á urramú; leagfar amach ann freisin na hoibleagáidí sonracha atá ar fhostaithe i dtaobh na cuspóirí sin a chomhlíonadh; an duine nó an comhlacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an gclár comhlíontachta, cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil, ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh, faoi bhráid an údaráis rialála, agus foilseofar an tuarascáil bhliantúil sin. |
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 90 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun treoirlínte a shocrú lena áirithiú go gcomhlíonfaidh úinéir an chórais tarchuir nó úinéir an ghréasáin tarchurtha hidrigine agus an t-oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó an t-oibreoir stórála hidrigine mír 2 den Airteagal seo go hiomlán agus go héifeachtach.
Airteagal 63
Sócmhainní, trealamh, foireann agus féiniúlacht
1. Beidh na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais uile is gá ag na hoibreoirí córais tarchuir chun a gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus chun gníomhaíocht an tarchurtha gáis nádúrtha a chomhlíonadh, go háirithe:
|
(a) |
na sócmhainní is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha gáis nádúrtha, lena n-áirítear an córas tarchuir, is faoi úinéireacht an oibreora córais tarchuir a bheidh siad; |
|
(b) |
an pearsanra is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha gáis nádúrtha, lena n-áirítear comhlíonadh na gcúraimí corparáideacha uile, beidh siad fostaithe ag an oibreoir córais tarchuir; |
|
(c) |
beidh toirmeasc ar phearsanra a léasú agus seirbhísí a thabhairt d’aon chuid eile nó ó aon chuid eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ach féadfaidh oibreoir córais tarchuir seirbhísí a thabhairt don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ar choinníoll:
|
|
(d) |
gan dochar do chinntí an Chomhlachta Maoirseachta de bhun Airteagal 66, go gcuirfidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach ar fáil in am trátha don oibreoir córais tarchuir acmhainní airgeadais iomchuí le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí nó chun sócmhainní atá ann cheana a athsholáthar, tar éis iarraidh iomchuí a fháil ón oibreoir córais tarchuir. |
2. Áireofar le gníomhaíocht an tarchurtha gáis nádúrtha na cúraimí seo a leanas ar a laghad i dteannta na gcúraimí a liostaítear in Airteagal 39:
|
(a) |
ionadaíocht a dhéanamh don oibreoir córais tarchuir agus teagmhálacha a dhéanamh le tríú páirtithe agus leis na húdaráis rialála; |
|
(b) |
ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an oibreora córais tarchuir laistigh de ENTSO le haghaidh Gáis; |
|
(c) |
rochtain tríú páirtí a dheonú agus a bhainistiú ar bhonn neamh-idirdhealaitheach idir úsáideoirí córais nó aicmí d’úsáideoirí córais; |
|
(d) |
na muirir uile a bhaineann leis an gcóras tarchuir a bhailiú, lena n-áirítear muirir rochtana, muirir chothromaíochta i leith seirbhísí coimhdeacha, amhail cóireáil gáis nádúrtha, seirbhísí a cheannach (costais chothromaíochta, fuinneamh i leith caillteanas); |
|
(e) |
córas tarchuir atá slán, éifeachtúil, eacnamúil a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt; |
|
(f) |
infheistíocht a phleanáil lena n-áirithítear cumas fadtéarmach an chórais freastal ar éileamh réasúnta agus lena rathaítear slándáil an tsoláthair; |
|
(g) |
comhfhiontair iomchuí a bhunú, lena n-áirítear le hoibreoir córais tarchuir amháin nó níos mó, le malartáin gáis nádúrtha, agus leis na rannpháirtithe ábhartha eile sa mhargadh a bhfuil sé de chuspóir acu margaí réigiúnacha a fhorbairt nó an próiseas léirscaoilte a éascú; |
|
(h) |
gach seirbhís chorparáideach, lena n-áirítear seirbhísí dlí, cuntasaíochta agus TF. |
3. Beidh na hoibreoirí córais tarchuir eagraithe de réir na foirme dlíthiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (50).
4. Ó thaobh féiniúlacht chorparáideach, cumarsáide, brandála nó áitribh de, ní bheidh an t-oibreoir córais tarchuir ina chúis mearbhaill i leith fhéiniúlacht ar leithligh an ghnóthais atá comhtháite go hingearach ná aon chuid de.
5. Ní dhéanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir córais ná trealamh TF, áitreabh fisiceach ná córais rochtana slándála a chomhroinnt le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ná ní bhainfidh sé leas as na sainchomhairleoirí céanna ná na conraitheoirí seachtracha céanna le haghaidh córais nó trealamh TF, ná le haghaidh córais rochtana slándála.
6. Is iniúchóir eile seachas an t-iniúchóir a dhéanann iniúchadh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach nó ar aon chuid de a dhéanfaidh iniúchadh ar chuntais oibreoirí córais tarchuir.
Airteagal 64
Neamhspleáchas an oibreora córais tarchuir
1. Gan dochar do chinntí an Chomhlachta Maoirseachta de bhun Airteagal 66, beidh ag an oibreoir córais tarchuir an méid seo a leanas:
|
(a) |
cearta éifeachtacha cinnteoireachta, a bheidh neamhspleách ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, i leith na sócmhainní is gá chun an córas tarchuir a oibriú, a chothabháil nó a fhorbairt; |
|
(b) |
an chumhacht airgead a bhailiú ar an margadh caipitil, go háirithe trí iasachtaíocht agus méadú caipitil. |
2. Gníomhóidh an t-oibreoir córais tarchuir i gcónaí lena áirithiú go bhfuil na hacmhainní aige atá de dhíth air chun gníomhaíocht an tarchurtha a chur i gcrích go cuí agus go héifeachtúil agus chun córas tarchuir atá éifeachtúil, slán, eacnamúil a fhorbairt agus a chothabháil.
3. Fochuideachtaí de chuid an ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus a dhéanann feidhmeanna táirgthe nó soláthair, ní bheidh aon scairsheilbh dhíreach ná indíreach acu san oibreoir córais tarchuir. Ní bheidh aon scairsheilbh dhíreach ná indíreach ag an oibreoir córais tarchuir in aon fhochuideachta de chuid an ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus a dhéanann feidhmeanna táirgthe nó soláthair, ná ní bhfaighidh sé díbhinní ná aon sochar airgeadais eile ón bhfochuideachta sin.
4. Le struchtúr bainistíochta foriomlán agus le reachtanna corparáideacha an oibreora córais tarchuir, áiritheofar neamhspleáchas éifeachtach an oibreora córais tarchuir i gcomhlíonadh na Roinne seo. An gnóthas atá comhtháite go hingearach, ní chinnfidh sé go díreach ná go hindíreach iompraíocht iomaíoch an oibreora córais tarchuir i ndáil le gníomhaíochtaí laethúla an oibreora córais tarchuir agus bainistiú an ghréasáin, ná i ndáil leis na gníomhaíochtaí is gá le haghaidh ullmhú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana arna fhorbairt de bhun Airteagal 55.
5. Agus iad ag comhlíonadh a gcuid cúraimí a liostaítear in Airteagal 39 agus in Airteagal 63(2) den Treoir seo, agus i gcomhlíonadh Airteagal 6(1), pointe (a), Airteagal 10(2), (3) agus (4), Airteagal 13(1), Airteagal 17(1) agus Airteagal 33(6) de Rialachán (AE) 2024/1789, ní dhéanfaidh oibreoirí córais tarchuir idirdhealú in aghaidh daoine difriúla nó eintitis dhifriúla ná ní dhéanfaidh siad an iomaíocht sa táirgeadh nó sa soláthar a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc.
6. Aon chaidreamh tráchtála agus airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchuir, lena n-áirítear iasachtaí arna dtabhairt ag an oibreoir córais tarchuir don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, comhlíonfaidh an caidreamh sin coinníollacha an mhargaidh. Coimeádfaidh an t-oibreoir córais tarchuir taifid mhionsonraithe ar an gcaidreamh tráchtála agus airgeadais sin agus cuirfidh sé ar fáil iad don údarás rialála arna iarraidh sin.
7. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchuir faoi bhráid an údaráis rialála lena bhformheas na comhaontuithe tráchtála agus airgeadais uile leis an ngnóthas atá comhtháite go hingearach.
8. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchuir an t-údarás rialála ar an eolas faoi na hacmhainní airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 63(1), pointe (d), atá ar fáil le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí nó chun sócmhainní atá ann cheana a athsholáthar.
9. Staonfaidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach ó aon bheart lena gcuirfear bac ar an oibreoir córais tarchuir a chuid oibleagáidí sa Roinn seo a chomhlíonadh nó lena rachfar i gcion air i dtaca le gan a chuid oibleagáidí sa Roinn seo a chomhlíonadh, agus ní cheanglóidh sé ar an oibreoir córais tarchuir cead a lorg ón ngnóthas atá comhtháite go hingearach agus na hoibleagáidí sin á gcomhlíonadh aige.
10. Gnóthas a bhfuil sé deimhnithe ag an údarás rialála ina leith go bhfuil na ceanglais sa Roinn seo á gcomhlíonadh aige, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann é a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoir córais tarchuir. Beidh feidhm ag an nós imeachta deimhniúcháin a leagtar síos in Airteagal 71 den Treoir seo agus a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1789, sin nó beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 72 den Treoir seo.
11. Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchuir faisnéis mhionsonraithe a phoibliú maidir le cáilíocht an gháis nádúrtha a iompraítear ina ghréasáin, bunaithe ar Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) 2015/703 ón gCoimisiún (51).
Airteagal 65
Neamhspleáchas fhoireann agus lucht bainistíochta an oibreora córais tarchuir
1. Is é Comhlacht Maoirseachta an oibreora córais tarchuir arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 66 a dhéanfaidh cinntí maidir le ceapacháin agus athnuachaintí, coinníollacha oibre lena n-áirítear luach saothair, agus foirceannadh théarma oifige na ndaoine atá freagrach as an mbainistiú nó chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchuir.
2. Tabharfar fógra don údarás rialála i leith chéannacht na ndaoine arna n-ainmniú ag an gComhlacht Maoirseachta lena gceapadh nó lena n-athnuachan mar dhaoine atá freagrach as bainistiú feidhmiúcháin chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchuir nó mar chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchuir, agus na coinníollacha lena rialaítear a dtéarmaí oifige, fad a dtéarmaí oifige agus foirceannadh a dtéarmaí oifige, agus na cúiseanna le haon chinneadh a bheadh á bheartú lena ndéanfaí téarmaí oifige a fhoirceannadh. Ní bheidh na coinníollacha sin ná na cinntí dá dtagraítear i mír 1 ceangailteach ach amháin más rud é nach mbeidh aon agóid déanta ag an údarás rialála laistigh de 3 seachtaine ón bhfógra a fháil.
Féadfaidh an t-údarás rialála agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear i mír 1 más rud é:
|
(a) |
go bhfuil amhras ann faoi neamhspleáchas gairmiúil duine ainmnithe atá freagrach as na comhlachtaí riaracháin a bhainistiú nó neamhspleáchas gairmiúil comhalta de chuid na gcomhlachtaí riaracháin; nó |
|
(b) |
i gcás ina ndéantar téarma oifige a fhoirceannadh roimh am, go bhfuil amhras ann maidir le húdar a bheith leis an bhfoirceannadh roimh am sin. |
3. Maidir le haon phost gairmiúil nó aon fhreagracht ghairmiúil, aon leas nó aon chaidreamh gnó, go díreach nó go hindíreach, leis an ngnóthas atá comhtháite go hingearach nó le haon chuid de nó leis na scairshealbhóirí a rialaíonn é seachas an t-oibreoir córais tarchuir, ní dhéanfar iad a fheidhmiú ar feadh tréimhse 3 bliana roimh cheapadh na ndaoine atá freagrach as an oibreoir córais tarchuir a bhainistiú nó roimh cheapadh chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchuir atá faoi réir na míre seo.
4. I gcás na ndaoine atá freagrach as an mbainistiú nó comhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, agus i gcás fostaithe de chuid an oibreora córais tarchuir, ní bheidh aon phost gairmiúil eile acu ná ní bheidh aon fhreagracht ghairmiúil eile orthu, ná ní bheidh aon leas ná caidreamh gnó eile acu, go díreach nó go hindíreach, le haon chuid eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach ná leis na scairshealbhóirí a rialaíonn é.
5. Na daoine atá freagrach as an mbainistiú nó comhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, agus fostaithe de chuid an oibreora córais tarchuir, ní bheidh aon leas acu, go díreach nó go hindíreach, in aon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach seachas an t-oibreoir córais tarchuir, ná ní bhfaighidh siad aon sochar airgeadais, go díreach nó go hindíreach, ó aon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach seachas an t-oibreoir córais tarchuir. Ní bheidh a luach saothair ag brath ar ghníomhaíochtaí ná ar thorthaí an ghnóthais atá comhtháite go hingearach seachas ar na gníomhaíochtaí agus na torthaí sin de chuid an oibreora córais tarchuir.
6. Déanfar cearta éifeachtacha achomhairc chuig an údarás rialála a ráthú maidir le haon ghearán a bhaineann le foirceannadh a dtéarma oifige roimh am ó na daoine atá freagrach as an mbainistiú nó ó chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchuir.
7. Tar éis fhoirceannadh a dtéarma oifige leis an oibreoir córais tarchuir, ní bheidh aon phost gairmiúil ag na daoine atá freagrach as an oibreoir córais tarchuir a bhainistiú ná ag comhaltaí a chomhlachtaí riaracháin ná ní bheidh aon fhreagracht orthu, ná ní bheidh aon leas acu in aon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach ná aon chaidreamh gnó leis, cé is moite den oibreoir córais tarchuir, ná leis na scairshealbhóirí a rialaíonn é, ar feadh tréimhse nach lú ná 4 bliana.
8. Beidh feidhm ag mír 3 maidir le tromlach na ndaoine atá freagrach as an mbainistiú nó le tromlach chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchuir.
Na daoine atá freagrach as an mbainistiú nó comhaltaí chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchuir nach bhfuil faoi réir mhír 3, ní bheidh aon ghníomhaíocht bhainistíochta ná aon ghníomhaíocht ábhartha eile déanta acu sa ghnóthas atá comhtháite go hingearach ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad sula gceapfar iad.
Beidh an chéad fhomhír den mhír seo agus míreanna 4 go 7 infheidhme maidir leis an lucht bainistíochta feidhmiúcháin uile agus maidir leis na daoine a thuairiscíonn go díreach dóibh i ndáil le hábhair a bhaineann leis an ngréasán a oibriú, a chothabháil nó a fhorbairt.
Airteagal 66
Comhlacht Maoirseachta
1. Beidh Comhlacht Maoirseachta ag an oibreoir córais tarchuir a bheidh i gceannas ar chinntí a dhéanamh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar luach shócmhainní na scairshealbhóirí san oibreoir córais tarchuir, go háirithe cinntí maidir le pleananna airgeadais bliantúla agus pleananna airgeadais níos fadtéarmaí a fhormheas, maidir le leibhéal an fhéichiúnais atá ar an oibreoir córais tarchuir agus maidir le méid na ndíbhinní a dháiltear ar scairshealbhóirí. Ní áireofar leis na cinntí a thagann faoi shainchúram an Chomhlachta Maoirseachta na cinntí sin a bhaineann le gníomhaíochtaí laethúla an oibreora córais tarchuir agus bainistiú an ghréasáin, ná cinntí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí is gá chun an plean forbartha gréasáin 10 mbliana arna fhorbairt de bhun Airteagal 55 a ullmhú.
2. Beidh an Comhlacht Maoirseachta comhdhéanta de chomhaltaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann an ghnóthais atá comhtháite go hingearach, comhaltaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann scairshealbhóirí tríú páirtí agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, comhaltaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann páirtithe leasmhara eile, amhail fostaithe de chuid an oibreora córais tarchuir.
3. Beidh feidhm ag Airteagal 65(2), an chéad fhomhír, agus Airteagal 65(3) go (7) maidir le leath chomhaltaí an Chomhlachta Maoirseachta, lúide comhalta amháin, ar a laghad.
Beidh feidhm ag Airteagal 65(2), an dara fomhír, pointe (b), maidir le comhaltaí uile an Chomhlachta Maoirseachta.
Airteagal 67
Clár comhlíontachta agus oifigeach comhlíontachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hoibreoirí córais tarchuir clár comhlíontachta a bhunú agus a chur chun feidhme ina leagfar amach na bearta a dhéanfar chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a eisiamh, agus chun a áirithiú go ndéanfar faireachán leormhaith ar chomhlíonadh an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha atá ar fhostaithe i dtaobh na cuspóirí sin a chomhlíonadh. Beidh sé faoi réir a fhormheasta ag an údarás rialála. Gan dochar do chumhachtaí an údaráis rialála, déanfaidh oifigeach comhlíontachta faireachán neamhspleách ar chomhlíonadh an chláir.
2. Is é an Comhlacht Maoirseachta a cheapfaidh an t-oifigeach comhlíontachta, faoi réir a fhormheasta ag an údarás rialála. Ní fhéadfaidh an t-údarás rialála formheas an oifigigh comhlíontachta a dhiúltú ach amháin ar chúiseanna a bhaineann le heaspa neamhspleáchais nó easpa cáil ghairmiúil. Féadfaidh sé gur duine nádúrtha nó dlítheanach é an t-oifigeach comhlíontachta. Beidh feidhm ag Airteagal 65(2) go (8) maidir leis an oifigeach comhlíontachta.
3. Beidh an t-oifigeach comhlíontachta i gceannas ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir comhlíontachta; |
|
(b) |
tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas, ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun an clár comhlíontachta a chur chun feidhme, agus í a chur faoi bhráid an údaráis rialála; |
|
(c) |
tuairisciú don Chomhlacht Maoirseachta agus moltaí a eisiúint maidir leis an gclár comhlíontachta agus a chur chun feidhme; |
|
(d) |
fógra a thabhairt don údarás rialála maidir le haon sárú suntasach i ndáil le cur chun feidhme an chláir comhlíontachta; |
|
(e) |
tuairisciú don údarás rialála maidir le haon chaidreamh tráchtála agus airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchuir. |
4. Na cinntí atá beartaithe maidir leis an bplean infheistíochta nó maidir le hinfheistíochtaí aonair sa ghréasán, cuirfidh an t-oifigeach comhlíontachta faoi bhráid an údaráis rialála iad. Tarlóidh sé sin ar a dhéanaí an tráth a chuirfidh lucht bainistíochta nó comhlacht riaracháin inniúil an oibreora córais tarchuir faoi bhráid an Chomhlachta Maoirseachta iad.
5. I gcás inar chuir an gnóthas atá comhtháite go hingearach, sa chomhthionól ginearálta nó trí vóta de chuid chomhaltaí an Chomhlachta Maoirseachta a cheap sé, cosc ar chinneadh a ghlacadh agus a bhfuil mar thoradh air sin go ndéanfar infheistíochtaí a chosc nó a mhoilliú, ar cinneadh é a bhí le forghníomhú sna 3 bliana le teacht faoin bplean forbartha gréasáin 10 mbliana, tuairisceoidh an t-oifigeach comhlíontachta an méid sin don údarás rialála, agus gníomhóidh an t-údarás rialála ansin i gcomhréir le hAirteagal 55.
6. Beidh na coinníollacha lena rialaítear sainordú nó coinníollacha fostaíochta an oifigigh comhlíontachta, lena n-áirítear fad a shainordaithe, faoi réir a bhformheasta ag an údarás rialála. Áiritheofar leis na coinníollacha sin neamhspleáchas an oifigigh comhlíontachta, lena n-áirítear trí na hacmhainní uile a sholáthar dó is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh. Le linn thréimhse a shainordaithe, ní bheidh aon phost gairmiúil eile ag an oifigeach comhlíontachta, ná aon fhreagracht ghairmiúil eile air, ná aon leas gairmiúil eile aige, go díreach nó go hindíreach, sa ghnóthas atá comhtháite go hingearach ná in aon chuid de, ná leis an ngnóthas atá comhtháite go hingearach ná le aon chuid de, ná leis na scairshealbhóirí a rialaíonn é.
7. Tuairisceoidh an t-oifigeach comhlíontachta go tráthrialta, ó bhéal nó i scríbhinn, don údarás rialála agus beidh sé de cheart aige tuairisciú go tráthrialta, ó bhéal nó i scríbhinn, do Chomhlacht Maoirseachta an oibreora córais tarchuir.
8. Féadfaidh an t-oifigeach comhlíontachta freastal ar gach cruinniú de chomhlachtaí bainistíochta nó riaracháin an oibreora córais tarchuir, agus ar chruinnithe an Chomhlachta Maoirseachta agus an chomhthionóil. Freastalóidh an t-oifigeach comhlíontachta ar na cruinnithe uile ina dtugtar aghaidh ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
na coinníollacha rochtana ar an ngréasán arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1789, go háirithe maidir le taraifí, seirbhísí rochtana tríú páirtí, leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú, trédhearcacht, cothromú agus margaí tánaisteacha; |
|
(b) |
tionscadail a dhéantar chun an córas tarchuir a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíochtaí i naisc iompair nua, i leathnú acmhainneachta agus in uasmhéadú a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann cheana; |
|
(c) |
ceannacháin nó díolacháin fuinnimh is gá chun an córas tarchuir a oibriú. |
9. Déanfaidh an t-oifigeach comhlíontachta faireachán go bhfuil Airteagal 40 á chomhlíonadh ag an oibreoir córais tarchuir.
10. Beidh rochtain ag an oifigeach comhlíontachta ar na sonraí ábhartha uile agus ar oifigí an oibreora córais tarchuir agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun cúram an oifigigh comhlíontachta a chomhlíonadh.
11. Tar éis formheas roimh ré ón údarás rialála, féadfaidh an Comhlacht Maoirseachta an t-oifigeach comhlíontachta a bhriseadh as a phost. Brisfidh sé an t-oifigeach comhlíontachta as a phost ar chúiseanna a bhaineann le heaspa neamhspleáchais nó easpa inniúlacht ghairmiúil arna iarraidh sin don údarás rialála.
12. Beidh rochtain ag an oifigeach comhlíontachta ar oifigí an oibreora córais tarchuir gan fógra roimh ré.
Airteagal 68
Oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine a dhíchuachadh
1. Áiritheoidh na Ballstáit, ón 5 Lúnasa 2026, go ndéanfar oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine a dhíchuachadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le hoibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha a leagtar amach in Airteagal 60.
2. Chun críoch an Airteagail seo, Airteagail 46 agus 60 den Treoir seo, agus Airteagail 35 agus 43 de Threoir (AE) 2019/944, áireofar le táirgeadh nó soláthar táirgeadh agus soláthar hidrigine, agus áireofar iompar hidrigine le tarchur.
3. Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le gréasáin tarchurtha hidrigine ar le gnóthas atá comhtháite go hingearach iad. Sa chás sin, ainmneoidh an Ballstát lena mbaineann oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách a bheidh díchuachta i gcomhréir leis na rialacha maidir le hoibreoirí córais neamhspleácha le haghaidh gáis nádúrtha a leagtar amach in Airteagal 61. Féadfaidh na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine agus na hoibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha atá díchuachta i gcomhréir le hAirteagal 60(1) gníomhú mar oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleácha, faoi réir na gceanglas de bhun Airteagal 69.
4. I gcás gréasán tarchurtha hidrigine ar le hoibreoir córais tarchuir deimhnithe amháin le haghaidh gás nádúrtha nó níos mó é nó i gcás gréasán tarchurtha hidrigine ar le gnóthas atá comhtháite go hingearach agus atá gníomhach i dtáirgeadh nó soláthar hidrigine é an 4 Lúnasa 2024, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus eintiteas faoi rialú aonair an oibreora córais tarchuir nó faoi rialú comhpháirteach dhá oibreoir córais tarchuir nó níos mó, nó faoi rialú aonair an ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus atá gníomhach i dtáirgeadh nó soláthar hidrigine a ainmniú mar oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite atá díchuachta i gcomhréir leis na rialacha maidir le hoibreoirí tarchuir neamhspleácha le haghaidh gáis nádúrtha a leagtar amach i Roinn 3 den Chaibidil seo.
D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás inar dheonaigh Ballstát maolú ar cheanglais Airteagal 69 de bhun mhír 2 den Airteagal sin agus i gcás gréasán tarchurtha hidrigine ar le hoibreoir córais tarchuir deimhnithe amháin le haghaidh gáis nádúrtha nó níos mó atá díchuachta i gcomhréir leis na rialacha maidir le hoibreoirí tarchuir neamhspleácha le haghaidh gás nádúrtha a leagtar amach i Roinn 3 den Chaibidil seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus an t-eintiteas sin nó eintiteas atá faoi rialú comhpháirteach dhá oibreoir córais tarchuir nó níos mó a ainmniú mar oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite atá díchuachta i gcomhréir leis na rialacha maidir le hoibreoirí neamhspleácha tarchuir le haghaidh gás nádúrtha a leagtar amach i Roinn 3 den Chaibidil seo.
I gcás ina n-áiríonn gnóthas oibreoir córais tarchuir atá díchuachta i gcomhréir le hAirteagal 60(1) agus oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite, féadfaidh an gnóthas sin a bheith gníomhach i dtáirgeadh nó soláthar hidrigine, ach ní fhéadfaidh sé a bheith gníomhach i dtáirgeadh ná soláthar gáis nádúrtha nó leictreachais. I gcás ina mbíonn gnóthas den sórt sin ag gabháil do tháirgeadh nó soláthar hidrigine, comhlíonfaidh an t-oibreoir córais tarchuir le haghaidh gáis nádúrtha na ceanglais a leagtar amach i Roinn 3 den Chaibidil seo, agus ní dhéanfaidh an gnóthas ná aon chuid de cearta acmhainneachta a chur in áirithe ná a úsáid chun aon hidrigin a instealladh i gcóras tarchuir nó dáileacháin le haghaidh gáis nádúrtha arna oibriú ag an ngnóthas.
5. Na rialacha is infheidhme maidir le hoibreoirí córais tarchuir a leagtar amach in Airteagal 72, beidh feidhm acu maidir leis na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine.
Airteagal 69
Oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine a dhíchuachadh go cothrománach
1. I gcás ina bhfuil oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine ina chuid de ghnóthas atá gníomhach i dtarchur nó dáileadh gáis nádúrtha nó leictreachais, beidh sé neamhspleách ó thaobh a fhoirme dlíthiúla ar a laghad.
2. Féadfaidh na Ballstáit maoluithe ar cheanglais mhír 1 a dheonú, ar bhonn anailís dhearfach costais is tairbhe arna chur ar fáil go poiblí, d’oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine, faoi réir measúnú dearfach ón údarás rialála i gcomhréir le mír 4.
3. Maidir le maoluithe a dheonaítear de bhun mhír 2, foilseofar iad agus tabharfar fógra don Choimisiún fúthu, agus an measúnú lena mbaineann dá dtagraítear i mír 4 ag gabháil leo, agus rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú ag an am céanna.
4. Tráth a dheonaítear maolú de bhun mhír 2, agus ar a laghad gach seacht mbliana ina dhiaidh sin, nó ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún, foilseoidh údarás rialála an Bhallstáit a dheonaíonn an maolú measúnú ar thionchar an mhaolaithe ar thrédhearcacht, ar thras-fhóirdheontais, ar tharaifí gréasáin agus ar thrádáil trasteorann. Áireofar sa mheasúnú sin ar a laghad féilire na n-aistrithe sócmhainní a bhfuiltear ag súil leo ó earnáil an gháis nádúrtha chuig an earnáil hidrigine.
Má chinneann an t-údarás rialála, ar bhonn measúnú, go mbeadh tionchar diúltach ag cur i bhfeidhm leanúnach an mhaolaithe ar thrédhearcacht, tras-fhóirdheontais, taraifí gréasáin agus trádáil trasteorann, nó nuair a bheidh aistriú sócmhainní ó earnáil an gháis nádúrtha chuig an earnáil hidrigine tugtha i gcrích, tarraingeoidh an Ballstát an maolú siar.
5. De mhaolú ar mhíreanna 2, 3 agus 4, féadfaidh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin maoluithe ar cheanglais mhír 1 a dheonú d’oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le haon bheart den sórt sin agus rachaidh sí in éag faoin 31 Nollaig 2030. Tar éis dháta éaga maolaithe arna dheonú de bhun na míre seo, féadfaidh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin maoluithe a dheonú de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4.
Airteagal 70
Cuntais a dhíchuachadh le haghaidh oibreoirí gréasáin hidrigine
Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar cuntais na n-oibreoirí gréasáin hidrigine i gcomhréir le hAirteagal 75.
Airteagal 71
Ainmniú agus deimhniú oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine
1. Sula ndéanfar gnóthas a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoir córais tarchuir nó mar oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine, déanfar é a dheimhniú de réir na nósanna imeachta a leagtar síos i míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo agus de réir Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1789.
2. I gcás gnóthais a bhfuil sé deimhnithe ag an údarás rialála gur chomhlíon siad ceanglais Airteagal 60 nó 68, de bhun an nós imeachta deimhniúcháin, déanfaidh na Ballstáit iad a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoirí córais tarchuir nó oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi ainmniú oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí gréasáin hidrigine agus déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
3. Tabharfaidh na gnóthais dheimhnithe fógra don údarás rialála faoi aon idirbheart atá beartaithe dá bhféadfadh athmheasúnú a bheith ag teastáil maidir le ceanglais Airteagal 60 nó Airteagal 68 a bheith á gcomhlíonadh acu.
4. Déanfaidh na húdaráis rialála faireachán ar cheanglais Airteagal 60 nó Airteagal 68 a bheith á gcomhlíonadh i gcónaí ag na gnóthais dheimhnithe. Osclóidh siad nós imeachta deimhniúcháin lena áirithiú go bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh acu:
|
(a) |
ar fhógra a fháil ón ngnóthas deimhnithe de bhun mhír 3; |
|
(b) |
ar a dtionscnamh féin i gcás ina bhfuil eolas acu go bhféadfadh sárú ar Airteagal 60 nó Airteagal 68 a bheith ina thoradh ar athrú atá á bheartú a dhéanamh ar chearta nó ar thionchar ar ghnóthais deimhnithe nó ar úinéirí córais tarchuir, nó i gcás ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint go bhféadfadh sé gur tharla sárú den sórt sin; nó |
|
(c) |
ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún. |
5. Glacfaidh na húdaráis rialála cinneadh maidir le deimhniúchán oibreora córais tarchuir nó oibreora gréasáin hidrigine laistigh de 100 lá oibre ó dháta an fhógra ón oibreoir córais tarchuir nó ón oibreoir gréasáin hidrigine nó ó dháta na hiarrata ón gCoimisiún. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, measfar gur deonaíodh an deimhniúchán. Ní bheidh éifeacht ag cinneadh sainráite nó intuigthe an údaráis rialála go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 6 tugtha i gcrích.
6. Tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún gan mhoill faoin gcinneadh sainráite nó intuigthe maidir leis an deimhniúchán, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile i dtaca leis an gcinneadh sin. Gníomhóidh an Coimisiún de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1789.
7. Féadfaidh na húdaráis rialála agus/nó an Coimisiún aon fhaisnéis a iarraidh ar oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine agus gnóthais a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair, ar faisnéis í atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo.
8. Déanfaidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú.
Airteagal 72
Deimhniúchán i ndáil le tríú tíortha
1. I gcás ina bhfaightear iarraidh ar dheimhniúchán ó úinéir córais tarchurtha, oibreoir córais tarchuir, oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine nó úinéir gréasáin tarchurtha hidrigine atá faoi rialú duine ó thríú tír, tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún.
Ina theannta sin, tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon imthosca a mbeadh sé ina thoradh orthu go bhfaigheadh duine ó thríú tír rialú ar chóras tarchuir, ar oibreoir córais tarchuir, ar chóras tarchurtha hidrigine nó ar oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine.
2. Tabharfaidh an t-oibreoir córais tarchuir nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine fógra don údarás rialála faoi aon imthosca a mbeadh sé ina thoradh orthu go bhfaigheadh duine ó thríú tír rialú ar an gcóras tarchuir nó ar an oibreoir córais tarchuir nó ar an ngréasán tarchurtha hidrigine nó ar an oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine.
3. Glacfaidh an t-údarás rialála dréachtchinneadh maidir le deimhniúchán oibreora córais tarchuir nó oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine laistigh de 100 lá oibre ó dháta an fhógra ón oibreoir córais tarchuir nó ón oibreoir gréasáin hidrigine. Diúltóidh sé an deimhniúchán a dheonú más rud é:
|
(a) |
nár léiríodh go gcomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann ceanglais Airteagal 60 nó 68; agus |
|
(b) |
nár léiríodh don údarás rialála, nó d’údarás inniúil eile arna ainmniú ag an mBallstát, nach bhfágfadh deonú an deimhniúcháin go gcuirfí slándáil sholáthar fuinnimh nó leasanna bunúsacha slándála an Bhallstáit agus an Aontais i mbaol; agus an cheist sin á breithniú, cuirfidh an t-údarás rialála nó an t-údarás inniúil eile arna ainmniú san áireamh:
|
4. Tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún gan mhoill faoin dréachtchinneadh, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile i dtaca leis an gcinneadh sin.
5. Forálfaidh na Ballstáit, i ndáil leis an údarás rialála nó leis an údarás inniúil ainmnithe dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), den Airteagal seo go n-iarrfaidh sé tuairim ón gCoimisiún, sula nglacfaidh an t-údarás rialála cinneadh faoin deimhniúchán, cé acu:
|
(a) |
a chomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann ceanglais Airteagal 60 nó 68; agus |
|
(b) |
a chuirfear slándáil an tsoláthair fuinnimh i mbaol san Aontas de thairbhe an deimhniúchán a dheonú. |
6. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 5 a luaithe a gheofar í. Laistigh de thréimhse 50 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil, tabharfaidh sé a thuairim don údarás rialála nó, más é an t-údarás inniúil ainmnithe a rinne an iarraidh, don údarás sin.
Agus a thuairim á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún tuairimí a iarraidh ó ACER, ón mBallstát lena mbaineann, agus ó pháirtithe leasmhara. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún iarraidh den sórt sin, cuirfear síneadh 50 lá oibre eile leis an tréimhse 50 lá oibre sin.
In éagmais tuairim ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil agóid á déanamh ag an gCoimisiún i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.
7. Agus measúnú á dhéanamh aige féachaint an gcuirfear i mbaol leis an rialú sin arna dhéanamh ag duine ó thríú tír slándáil an tsoláthair fuinnimh chuig an Aontas, nó leasanna slándála riachtanacha an Aontais nó aon Bhallstáit, cuirfidh an Coimisiún san áireamh:
|
(a) |
fíorais shonracha an cháis agus an tríú tír nó lena mbaineann, lena n-áirítear fianaise ar thionchar an tríú tír nó na dtríú tíortha lena mbaineann ar an staid a thuairiscítear i mír 3, pointe (b)(iii); agus |
|
(b) |
cearta agus oibleagáidí an Aontais maidir leis an tríú tír sin a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann agus lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna shlándáil an tsoláthair. |
8. Laistigh de thréimhse 50 lá oibre tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 6, glacfaidh an t-údarás rialála a chinneadh críochnaitheach maidir leis an deimhniúchán. Agus a chinneadh críochnaitheach á ghlacadh aige, cuirfidh an t-údarás rialála san áireamh a mhéid is mó is féidir an tuairim ón gCoimisiún. In aon chás, beidh sé de cheart ag na Ballstáit a dhiúltú deimhniúchán a dheonú i gcás ina bhfágfadh deonú deimhniúcháin go gcuirfí i mbaol slándáil sholáthar fuinnimh an Bhallstáit nó slándáil soláthar fuinnimh Ballstáit eile. I gcás inar ainmnigh an Ballstát údarás inniúil eile de bhun mhír 3, pointe (b), féadfaidh sé a cheangal ar an údarás rialála a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh i gcomhréir le measúnú an údaráis inniúil sin. Foilseofar in éineacht lena chéile cinneadh críochnaitheach an údaráis rialála agus an tuairim ón gCoimisiún. I gcás ina n-imeoidh an cinneadh críochnaitheach ón tuairim ón gCoimisiún, soláthróidh agus foilseoidh an Ballstát lena mbaineann, i dteannta an chinnidh sin, an réasúnaíocht is bun leis an gcinneadh sin.
9. Ní dhéanfaidh aon ní san Airteagal seo difear do cheart na mBallstát, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, chun rialuithe dlíthiúla náisiúnta a fheidhmiú ar mhaithe le leasanna dlisteanacha slándála poiblí a chosaint.
10. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 90 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí threoirlínte a sholáthar ina leagtar amach mionsonraí an nós imeachta atá le leanúint chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.
Airteagal 73
Ainmniú oibreoirí stórála gáis nádúrtha, stórála hidrigine, saoráidí LNG agus críochfort hidrigine
Ainmneoidh na Ballstáit, nó ceanglóidh siad ar ghnóthais ar leo saoráidí stórála gáis nádúrtha, saoráidí stórála hidrigine, saoráidí GNL agus críochfoirt hidrigine a ainmniú, ar feadh tréimhse a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit, ag féachaint don éifeachtúlacht agus don chothromaíocht eacnamaíoch, oibreoir amháin nó níos mó le haghaidh bonneagar den sórt sin.
Airteagal 74
An ceart chun rochtain a fháil ar chuntais
1. Beidh ceart rochtana ag na Ballstáit nó ag aon údarás inniúil a ainmneoidh siad, lena n-áirítear na húdaráis rialála agus na húdaráis réitigh díospóidí dá dtagraítear in Airteagal 32(3), a mhéid is gá chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh, ar chuntais gnóthas gáis nádúrtha agus hidrigine mar a leagtar amach in Airteagal 75.
2. Caomhnóidh na Ballstáit agus aon údarás inniúil ainmnithe, lena n-áirítear na húdaráis rialála agus na húdaráis um réiteach díospóidí, rúndacht aon fhaisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le faisnéis den sórt sin a nochtadh i gcás inar gá sin chun go gcomhlíonfaidh na húdaráis inniúla a gcuid feidhmeanna.
Airteagal 75
Cuntais a dhíchuachadh
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go gcoimeádfar cuntais gnóthas gáis nádúrtha agus hidrigine i gcomhréir le míreanna 2 go 5.
2. Déanfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus hidrigine, is cuma cén córas úinéireachta atá acu nó cén fhoirm dhlíthiúil ina bhfuil siad, a gcuntais bhliantúla a tharraingt suas, a chur faoi bhráid iniúchóra agus a fhoilsiú i gcomhréir le rialacha an dlí náisiúnta maidir le cuntais bhliantúla cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta arna nglacadh de bhun Threoir 2013/34/AE.
I gcás gnóthais nach bhfuil oibleagáid orthu faoin dlí a gcuid cuntas bliantúil a fhoilsiú, coimeádfaidh siad cóip de na cuntais sin ar fáil don phobal ag a gceannoifig.
3. Coimeádfaidh gnóthais, ina gcuntasaíocht inmheánach, cuntais ar leithligh maidir le gach ceann dá ngníomhaíochtaí tarchuir, dáileacháin, GNL, críochfoirt hidrigine, stórála gáis nádúrtha agus hidrigine agus iompair hidrigine de réir mar a bheadh de cheangal orthu a dhéanamh dá mbeadh na gníomhaíochtaí sin á ndéanamh ag gnóthais ar leithligh, d’fhonn idirdhealú, tras-fhóirdheonú agus saobhadh na hiomaíochta a sheachaint. Leithdháilfear sócmhainní bonneagair na ngnóthas ar na cuntais agus na boinn sócmhainní rialála ábhartha ar leithligh le haghaidh sócmhainní gáis nádúrtha, leictreachais nó hidrigine agus déanfar go mbeidh an leithdháileadh sin trédhearcach. Coimeádfaidh gnóthais cuntais freisin, ar féidir leo a bheith ina gcuntais chomhdhlúite, i leith gníomhaíochtaí eile nach mbaineann le gníomhaíochtaí tarchuir, dáileacháin, GNL, críochfort hidrigine, stórála gáis nádúrtha nó hidrigine nó iompair hidrigine. Déanfar an t-ioncam ó úinéireacht an ghréasáin tarchuir, dáileacháin nó hidrigine a shonrú sna cuntais. I gcás inarb iomchuí, coimeádfaidh gnóthais cuntais chomhdhlúite i leith gníomhaíochtaí eile, nach mbaineann le gás nádúrtha ná le hidrigin. Áireofar sna cuntais inmheánacha clár comhardaithe agus cuntas brabúis agus caillteanais i leith gach gníomhaíochta. Déanfar deighilt na gcuntas a iniúchadh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i mír 2 agus déanfar iad a thuairisciú don údarás rialála lena mbaineann.
4. San iniúchadh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, fíorófar, go háirithe, go bhfuil urramú á dhéanamh ar an oibleagáid i dtaobh idirdhealú agus tras-fhóirdheontais a sheachaint, dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Gan dochar d'Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1789, ní dhéanfar aon tras-fhóirdheonú idir úsáideoirí an chórais gáis nádúrtha agus úsáideoirí an ghréasáin hidrigine.
5. Gan dochar do rialacha cuntasaíochta is infheidhme go náisiúnta, sonróidh na gnóthais ina gcuntasaíocht inmheánach na rialacha maidir le sócmhainní agus dliteanais, caiteachas agus ioncam a leithdháileadh, chomh maith leis na rialacha maidir le dímheas, a leanann siad agus na cuntais ar leithligh dá dtagraítear i mír 3 á dtarraingt suas acu. Ní fhéadfar na rialacha inmheánacha sin a leasú ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Tabharfar fógra maidir le faoi leasuithe den sórt sin don údarás rialála agus beidh siad cuí-réasúnaithe.
6. Cuirfear in iúl i nótaí a ghabhann leis na cuntais bhliantúla aon idirbheart de mhéid áirithe arna sheoladh le gnóthais ghaolmhara.
CAIBIDIL X
ÚDARÁIS RIALÁLA
Airteagal 76
Ainmniú agus neamhspleáchas údarás rialála
1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás rialála amháin ar an leibhéal náisiúnta.
2. Beidh mír 1 den Airteagal seo gan dochar d’ainmniú údarás rialála eile ar an leibhéal réigiúnach laistigh de na Ballstáit, ar choinníoll go mbeidh ionadaí sinsearach amháin, chun críoch ionadaíochta agus teagmhála ar leibhéal an Aontais, ar Bhord Rialálaithe ACER i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2019/942.
3. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstát údaráis rialála a ainmniú i leith córais bheaga i réigiún atá ar leithligh go geografach agus a raibh tomhaltas ann, in 2008, a bhí níos lú ná 3 % de thomhaltas iomlán an Bhallstáit a bhfuil sé ina chuid de. Beidh an maolú sin gan dochar do cheapadh ionadaí shinsearaigh amháin, chun críoch ionadaíochta agus teagmhála ar leibhéal an Aontais, ar Bhord Rialálaithe ACER i gcomhlíonadh Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2019/942.
4. Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála agus áiritheoidh siad go bhfeidhmeoidh sé a chuid cumhachtaí ar bhealach atá neamhchlaonta trédhearcach. Chun na críche sin, áiritheoidh na Ballstáit, agus na cúraimí rialála a thugtar dó leis an Treoir seo agus leis na gníomhartha dlí gaolmhara á gcur i gcrích aige, go mbeidh an méid seo a leanas fíor i leith an údaráis rialála:
|
(a) |
beidh sé neamhspleách ó thaobh dlí agus feidhme de ar aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile; |
|
(b) |
áiritheoidh sé, maidir lena fhoireann agus na daoine atá freagrach as é a bhainistiú:
|
5. Chun neamhspleáchas an údaráis rialála a chosaint, áiritheoidh na Ballstáit go háirithe:
|
(a) |
go bhféadfaidh an t-údarás rialála cinntí uathrialacha a dhéanamh, go neamhspleách ar aon chomhlacht polaitiúil; |
|
(b) |
go bhfuil ag an údarás rialála na hacmhainní daonna agus airgeadais riachtanacha uile a theastaíonn uaidh chun a chuid dualgas a dhéanamh agus a chuid cumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach éifeachtúil; |
|
(c) |
go bhfuil ag an údarás rialála leithdháileadh buiséadach bliantúil ar leithligh agus go bhfuil sé uathrialach i gcur chun feidhme an bhuiséid sin atá leithdháilte air; |
|
(d) |
go gceapfar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, in éagmais boird, bainistíocht shinsearach an údaráis rialála, ar feadh téarma seasta idir 5 bliana agus 7 mbliana, ar féidir athnuachan a dhéanamh air uair amháin; |
|
(e) |
go gceaptar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, in éagmais boird, bainistíocht shinsearach an údaráis rialála, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus atá foilsithe, faoi nós imeachta neamhspleách neamhchlaonta, lena n-áirithítear go mbeidh na scileanna agus an taithí is gá ag na hiarrthóirí d’aon phost ábhartha san údarás rialála; |
|
(f) |
go bhfuil forálacha maidir le coinbhleacht leasa i bhfeidhm agus go leanann oibleagáidí rúndachta d’fheidhm a bheith acu tar éis dheireadh théarma oifige chomhaltaí bhord an údaráis rialála nó, in éagmais boird, tar éis dheireadh théarma oifige bhainistíocht shinsearach an údaráis rialála; |
|
(g) |
nach féidir comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, in éagmais boird, comhaltaí bhainistíocht shinsearach an údaráis rialála a bhriseadh as a bpost ach amháin ar bhonn critéir thrédhearcachta atá i bhfeidhm. |
Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (d), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh scéim uainíochta iomchuí ann le haghaidh an bhoird nó na bainistíochta sinsearaí. Ní fhéadfar comhaltaí an bhoird nó, in éagmais boird, comhaltaí den bhainistíocht shinsearach, a chur as oifig i rith a dtéarma ach amháin mura gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo nó má bhí siad ciontach as mí-iompar faoin dlí náisiúnta.
Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go ndéanfadh iniúchóir neamhspleách rialú ex-post ar chuntais bhliantúla na n-údarás rialála.
6. Faoin 5 Iúil 2026 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an gcomhlíonadh arna dhéanamh ag na húdaráis náisiúnta i ndáil le prionsabal an neamhspleáchais a leagtar amach san Airteagal seo. Cuirfidh an Coimisiún moltaí den sórt sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 77
Cuspóirí ginearálta an údaráis rialála
Agus na cúraimí rialála a shonraítear sa Treoir seo á gcur i gcrích aige, déanfaidh an t-údarás rialála gach beart réasúnta chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach laistigh de chreat a dhualgais agus a chumhachtaí mar a leagtar síos in Airteagal 78 iad, i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta ábhartha eile lena n-áirítear údaráis iomaíochta agus údaráis ábhartha ó Bhallstáit chomharsanachta agus ó thríú tíortha comharsanachta, de réir mar is iomchuí, agus gan dochar dá n-inniúlachtaí:
|
(a) |
cur chun cinn a dhéanamh, i ndlúthchomhar le húdaráis rialála de chuid na mBallstát eile, leis an gCoimisiún agus ACER, ar mhargaí inmheánacha atá iomaíoch, solúbtha, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, do ghás nádúrtha, do ghás in-athnuaite agus do ghás ísealcharbóin agus do hidrigin laistigh den Aontas, agus coinníollacha iomchuí a áirithiú maidir le gréasán gáis nádúrtha agus hidrigine a oibriú ar bhealach éifeachtach iontaofa agus comhtháthú an chórais fuinnimh a chur chun cinn, agus cuspóirí fadtéarmacha á gcur san áireamh, ag cur, ar an gcaoi sin, le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtúil éifeachtach chun spriocanna an Aontais maidir leis an aeráid agus fuinneamh a bhaint amach; |
|
(b) |
margaí réigiúnacha trasteorann iomaíocha dea-fheidhmitheacha a fhorbairt laistigh den Aontas d’fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) a bhaint amach; |
|
(c) |
deireadh a chur le srianta ar thrádáil gáis nádúrtha agus hidrigine idir na Ballstáit, lena n-áirítear deireadh a chur le srianta a bhíonn ann de thoradh difríochtaí i gcáilíocht an gháis nádúrtha agus na hidrigine nó i dtoirt na hidrigine a chumasctar i gcóras gáis nádúrtha nó de thoradh difríochtaí i gcáilíocht na hidrigine sa chóras hidrigine, acmhainneachtaí iomchuí ó thaobh an tarchurtha nó an iompair trasteorann a fhorbairt chun freastal ar an éileamh agus feabhas a chur ar chomhtháthú na margaí náisiúnta, lena n-áirithítear idir-inoibritheacht chóras idirnasctha gáis nádúrtha an Aontais nó chóras idirnasctha hidrigine an Aontais, lena bhféadfaí sreabhadh an gháis nádúrtha ar fud an Aontais a éascú; |
|
(d) |
cabhrú chun córais neamh-idirdhealaitheacha shlána, iontaofa éifeachtacha atá dírithe ar chustaiméirí a fhorbairt, agus é sin a dhéanamh ar an mbealach is costéifeachtaí agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur san áireamh, agus leordhóthanacht an chórais a chur chun cinn agus, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta an bheartais fuinnimh agus aeráide, an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, chomh maith le comhtháthú an táirgthe mórscála agus mionscála gáis ó fhoinsí in-athnuaite agus an táirgthe dháilte sna gréasáin tarchuir agus dáileacháin araon agus a n-oibriú siúd a éascú i dtaca le gréasáin fuinnimh gáis nó teasa eile; |
|
(e) |
nascadh leis an ngréasán agus rochtain air a éascú d’acmhainneacht táirgthe nua, go háirithe deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh cosc a chur ar nascadh agus rochtain d’iontrálaithe sna margaí do ghás agus do hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite; |
|
(f) |
a áirithiú go ndéantar dreasachtaí oiriúnacha a dheonú d’oibreoirí córais agus d’úsáideoirí córais, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, chun éifeachtúlachtaí, go háirithe éifeachtúlacht fuinnimh, a mhéadú i bhfeidhmíocht na gcóras agus chun comhtháthú na margaí a chothú; |
|
(g) |
a áirithiú go rachaidh feidhmiú éifeachtach a margaidh náisiúnta chun tairbhe na gcustaiméirí, agus iomaíocht éifeachtach á cur chun cinn agus ag cabhrú chun leibhéil arda cosanta a áirithiú do chustaiméirí i ndlúthchomhar leis na húdaráis cosanta tomhaltóirí agus i gcomhairle le comhlachtaí tomhaltóirí ábhartha; |
|
(h) |
cabhrú le hardchaighdeáin seirbhíse poiblí a bhaint amach maidir le gás nádúrtha, rannchuidiú chun custaiméirí leochaileacha a chosaint agus rannchuidiú le comhoiriúnacht na bpróiseas malartaithe sonraí is gá le go mbeidh custaiméirí in ann athrú. |
Airteagal 78
Dualgais agus cumhachtaí an údaráis rialála
1. Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála:
|
(a) |
taraifí dáileacháin, nó taraifí tarchuir nó na modheolaíochtaí a ghabhann leo, nó an dá rud, a shocrú nó a fhormheas, i gcomhréir leis na critéir thrédhearcacha; |
|
(b) |
na cásanna comhpháirteacha le haghaidh na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana i gcomhréir le hAirteagal 55(2), pointe (f), a fhormheas, i gcás ina bhforáiltear formheas den sórt sin ag an mBallstát; |
|
(c) |
taraifí nó na modheolaíochtaí a ghabhann leo, nó an dá rud, a shocrú nó a fhormheas, i gcomhréir le critéir thrédhearcacha, le haghaidh rochtain ar an ngréasán hidrigine, gan dochar do chinntí na mBallstát de bhun Airteagal 35(4); |
|
(d) |
a shocrú nó a fhormheas i gcomhréir le critéir thrédhearcacha:
|
|
(e) |
a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí córais tarchuir agus na hoibreoirí córais dáileacháin agus, i gcás inarb iomchuí, na húinéirí córais, chomh maith le hoibreoirí gréasáin hidrigine, aon ghnóthas gáis nádúrtha agus gnóthas hidrigine agus rannpháirtithe eile sa mhargadh, a gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo agus Rialachán (AE) 2024/1789 na cóid ghréasáin agus na treoirlínte a glacadh de bhun Airteagail 70, 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789, Rialachán (AE) 2017/1938 agus faoi reachtaíocht ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna trasteorann, chomh maith le cinntí ó ACER; |
|
(f) |
i ndlúth-chomhordú leis na húdaráis rialála eile, a áirithiú go bhfuil ENTSO le haghaidh Gáis, an t-eintiteas Eorpach d'oibreoirí córais dáileacháin (‘DSO an Aontais’) arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagail 52 go 57 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (‘ENNOH’) arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1789, ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Treoir seo agus Rialachán (AE) 2024/1789, na cóid ghréasáin agus na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 70 go 74 de Rialachán (AE) 2024/1789, agus dlí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le saincheisteanna trasteorann, mar aon le cinntí ó ACER, agus cásanna nach bhfuil a gcuid oibleagáidí faoi seach á gcomhlíonadh ag ENTSO le haghaidh Gáis, DSO an Aontais agus ENNOH a shainaithint go comhpháirteach; i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse 4 mhí tar éis tús a chur leis na comhairliúcháin chun neamhchomhlíonadh a shainaithint go comhpháirteach, déanfar an cheist a tharchur chuig ACER le haghaidh cinnidh, de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942; |
|
(g) |
faireachán a dhéanamh ar fhorbairt cháilíocht an gháis agus ar bhainistiú cáilíochta gáis arna ndéanamh ag na hoibreoirí córais tarchuir agus, i gcás inarb ábhartha, ag na hoibreoirí córais dáileacháin, lena n-áirítear faireachán ar fhorbairt na gcostas a bhaineann le bainistiú cháilíocht an gháis arna déanamh ag na hoibreoirí córais agus ar na forbairtí a bhaineann le hidrigin a bheith á cumasc agus á díchumasc ag oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha agus ag oibreoirí saoráidí GNL sa chóras gáis nádúrtha agus, i gcás ina bhfuil sainordú tugtha ag Ballstát d’údarás inniúil eile chun an fhaisnéis sin a bhailiú, roinnfidh an t-údarás inniúil sin an fhaisnéis sin leis an údarás rialála; |
|
(h) |
faireachán a dhéanamh ar fhorbairt cháilíocht na hidrigine agus ar bhainistiú cáilíochta hidrigine arna ndéanamh ag na hoibreoirí gréasáin hidrigine i gcás inarb ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 50, lena n-áirítear faireachán ar fhorbairt na gcostas a bhaineann le bainistiú na cáilíochta hidrigine; |
|
(i) |
an scrúdú agus an measúnú ar na pleananna maidir le forbairt an bhonneagair iompair hidrigine arna gcur isteach ag oibreoirí gréasáin hidrigine de bhun Airteagail 55 agus 56 den Treoir seo a chur san áireamh nuair a fhormheasann sé na muirir thiomnaithe de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1789; |
|
(j) |
comhoibriú le húdarás rialála nó le húdaráis na mBallstát lena mbaineann agus le ACER i ndáil le saincheisteanna trasteorann, go háirithe trína bheith rannpháirteach in obair Bhord Rialálaithe ACER de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/942. I dtaca le bonneagar go dtí tríú tíortha agus uathu, féadfaidh údarás rialála an Bhallstáit ina bhfuil an chéad phointe idirnaisc chuig gréasán an Bhallstáit oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha an tríú tír, lena n-áirítear iad sin de chuid Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát eile lena mbaineann, agus an aidhm a bheith ann, ó thaobh an bhonneagair sin de, an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach i gcríoch na mBallstát; |
|
(k) |
aon chinneadh ábhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí de ó ACER agus ón gCoimisiún a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme; |
|
(l) |
tuairisciú bliantúil a dhéanamh chuig údaráis ábhartha na mBallstát, ACER agus chuig an gCoimisiún maidir lena ghníomhaíochtaí agus maidir le comhlíonadh a dhualgas, lena gclúdaítear an méid a rinneadh agus na torthaí a fuarthas i ndáil le gach ceann de na cúraimí a liostaítear san Airteagal seo; |
|
(m) |
a áirithiú nach bhfuil tras-fhóirdheontais ann idir gníomhaíochtaí tarchurtha, dáileacháin, iompair hidrigine, stórála gáis nádúrtha agus hidrigine, agus chríochfort GNL agus críochfort hidrigine, agus soláthair gáis nádúrtha agus hidrigine, gan dochar d'Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2024/1789; |
|
(n) |
faireachán a dhéanamh ar phleananna infheistíochta na n-oibreoirí córais tarchuir agus na n-oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine, measúnú a sholáthar ina thuarascáil bhliantúil ar phleananna infheistíochta na n-oibreoirí córais tarchuir agus na n-oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine a mhéid a bhaineann lena gcomhsheasmhacht leis na pleananna forbartha gréasáin uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagail 32 agus 60 de Rialachán (AE) 2024/1789, agus lena n-áirítear sna measúnuithe sin, moltaí chun na pleananna infheistíochta sin a leasú; |
|
(o) |
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha slándála agus iontaofachta gréasáin agus athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht na rialacha sin san am atá caite, agus caighdeáin agus ceanglais a leagan síos nó a fhormheas maidir le cáilíocht seirbhíse agus soláthair nó rannchuidiú leis an méid sin in éineacht le húdaráis inniúla eile; |
|
(p) |
faireachán a dhéanamh ar leibhéal na trédhearcachta, lena n-áirítear i dtaca le praghsanna mórdhíola, agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus hidrigine na hoibleagáidí trédhearcachta; |
|
(q) |
faireachán a dhéanamh ar leibhéal agus éifeachtacht oscailt an mhargaidh agus na hiomaíochta ar an leibhéal mórdhíola agus ar an leibhéal miondíola, lena n-áirítear maidir le malartuithe gáis nádúrtha agus hidrigine, praghsanna do chustaiméirí teaghlaigh lena n-áirítear córais réamhíocaíochta, trédhearcacht tairiscintí, spící praghsanna agus a dtionchar ar phraghsanna mórdíola agus ar phraghsanna do thomhaltóirí, an gaol idir praghsanna teaghlaigh agus praghsanna mórdhíola, rátaí athraithe, rátaí dínasctha, muirir ar sheirbhísí cothabhála agus cur i gcrích na seirbhísí sin, gearáin ó chustaiméirí teaghlaigh, agus aon saobhadh nó srian ar an iomaíocht, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar, agus aon chásanna ábhartha a chur ar aird na n-údarás iomaíochta ábhartha, go háirithe maidir le custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh; |
|
(r) |
faireachán a dhéanamh ar chleachtais chonarthacha shriantacha a bheith ag tarlú, lena n-áirítear clásail eiseachais a d’fhéadfadh cosc a chur ar chustaiméirí móra nach custaiméirí teaghlaigh iad ó bheith faoi chonradh an tráth céanna le níos mó ná soláthróir amháin nó srian a chur ar an rogha atá acu ina leith sin, agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis iomaíochta náisiúnta a chur ar an eolas faoi na cleachtais sin; |
|
(s) |
saoirse chonarthach a urramú maidir le conarthaí fadtéarmacha ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais, go bhfuil siad comhsheasmhach le beartais an Aontais agus go rannchuidíonn siad le cuspóirí an dícharbónúcháin, ar choinníoll nach dtugtar i gcrích aon chonarthaí fadtéarmacha maidir le soláthar gáis iontaise neamhlaghdaithe tar éis an 31 Nollaig 2049; |
|
(t) |
faireachán a dhéanamh ar an achar ama a thógann sé ar na hoibreoirí córais tarchuir agus dáilte gáis nádúrtha nó oibreoirí gréasáin hidrigine naisc agus deisiúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear iarrataí ar naisc ghréasáin ó shaoráidí táirgthe bithmheatáin; |
|
(u) |
faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha rochtana ar stóráil gáis nádúrtha, ar línephacáil agus ar sheirbhísí coimhdeacha eile dá bhforáiltear in Airteagal 33 nó 37, cé is moite den athbhreithniú ar tharaifí i gcás ina mbeidh an córas rochtana ar stóráil gáis nádúrtha bunaithe de bhun Airteagal 33(3); |
|
(v) |
cabhrú lena áirithiú, i gcomhar le húdaráis ábhartha eile, go bhfuil na bearta cosanta tomhaltóirí, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn I, éifeachtach agus go bhforfheidhmítear iad, agus, go háirithe, measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil bacainní ann do chustaiméirí maidir lena gcearta a fheidhmiú, amhail athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, conradh a fhoirceannadh, agus rochtain ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, mar shampla; |
|
(w) |
moltaí a fhoilsiú, ar a laghad gach bliain, maidir le comhlíonadh Airteagal 7 i gcás praghsanna soláthair, agus na moltaí sin a sholáthar do na húdaráis iomaíochta, i gcás inarb iomchuí sin; |
|
(x) |
rochtain neamh-idirdhealaitheach a áirithiú ar shonraí tomhaltais na gcustaiméirí, go soláthrófar formáid chomhchuibhithe, sothuigthe a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, i leith sonraí tomhaltais, lena húsáid ar bhonn roghnach, agus rochtain phras a bheith ag na custaiméirí uile ar na sonraí sin de bhun Airteagail 23 agus 24; |
|
(y) |
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme rialacha a bhaineann le róil agus freagrachtaí na n-oibreoirí córais tarchuir, na n-oibreoirí córais dáileacháin, na n-oibreoirí gréasáin hidrigine, na soláthróirí agus na gcustaiméirí agus rannpháirtithe sa mhargadh de bhun Rialachán (AE) 2024/1789; |
|
(z) |
faireachán a dhéanamh go ndéantar na critéir lena gcinntear an dtagann saoráid stórála gáis nádúrtha faoi Airteagal 33(3) nó (4) a chur i bhfeidhm mar is ceart; |
|
(aa) |
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart coimirce dá dtagraítear in Airteagal 83; |
|
(bb) |
rannchuidiú le comhoiriúnacht na bpróiseas malartaithe sonraí i gcás na bpróiseas margaidh is tábhachtaí ar an leibhéal réigiúnach; |
|
(cc) |
na cóid ghréasáin agus Treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 70 go 74 de Rialachán (AE) 2024/1789 a chur chun feidhme trí bhíthin bearta náisiúnta nó, i gcás inar gá sin, trí bhíthin bearta comhordaithe réigiúnacha nó uile-Aontais; |
|
(dd) |
próiseas oscailte, trédhearcach, éifeachtúil, cuimsitheach a áirithiú chun an plean forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta a chur ar bun i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 55, an plean forbartha gréasáin dáilte hidrigine a chur ar bun i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 56 agus, i gcás inarb ábhartha, an plean díchoimisiúnaithe gréasáin a chur ar bun i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 57; |
|
(ee) |
pleananna forbartha gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 55 agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 57 a fhormheas agus a leasú; |
|
(ff) |
scrúdú a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, leasuithe a iarraidh ar an bplean forbartha gréasáin dáilte hidrigine, dá dtagraítear in Airteagal 56(4), i gcás ina ndéantar foráil do chúram den sórt sin de bhun mhír 6 den Airteagal sin; |
|
(gg) |
na treoirlínte a bhunú dá dtagraítear in Airteagal 57(6) lena soláthraítear critéir agus modheolaíochtaí le haghaidh cur chuige struchtúrach maidir le díchoimisiúnú codanna den ghréasán dáilte gáis nádúrtha agus costais an díchoimisiúnaithe agus cás sonrach na sócmhainní sin dá bhféadfadh díchoimisiúnú a bheith ag teastáil roimh an tsaolré a cheapadh dóibh i dtús á gcur san áireamh agus treoir a thabhairt maidir le socrú taraifí sna cásanna sin; |
|
(hh) |
faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht suíomhanna gréasáin chun comparáid a dhéanamh, lena n-áirítear uirlisí comparáide a chomhlíonann na critéir in Airteagal 14; |
|
(ii) |
faireachán a dhéanamh ar dhíchur bacainní agus srianta nach bhfuil cúis leo ar fhorbairt an tomhaltais gáis nádúrtha in-athnuaite fhéinghinte. |
|
(jj) |
aon dualgais eile a thugtar don údarás rialála de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2024/1789 a dhéanamh. |
2. I gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, féadfaidh údaráis eile seachas an t-údarás rialála na dualgais faireacháin a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh. Sa chás sin, cuirfear an fhaisnéis a eascraíonn as an bhfaireachán sin ar fáil don údarás rialála a luaithe is féidir.
Agus a neamhspleáchas á chaomhnú aige, gan dochar dá inniúlachtaí sonracha féin agus ag teacht le prionsabail na rialála níos fearr, rachaidh an t-údarás rialála, de réir mar is iomchuí, i gcomhairle le hoibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha agus oibreoirí gréasáin hidrigine agus, de réir mar is iomchuí, comhoibreoidh sé go dlúth le húdaráis náisiúnta ábhartha eile agus na dualgais a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh aige.
Aon fhormheas a thabharfaidh údarás rialála nó ACER faoin Treoir seo, beidh sé gan dochar d’aon úsáid chuí-réasúnaithe a bhainfidh an t-údarás rialála as a chumhachtaí amach anseo faoin Airteagal seo, ná d’aon phionóis arna bhforchur ag údaráis ábhartha eile nó ag an gCoimisiún.
3. De bhreis ar na dualgais a thugtar dó de bhun mhír 1 den Airteagal seo, nuair a bheidh oibreoir córais neamhspleách nó oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách ainmnithe de bhun Airteagal 61 nó Airteagal 68, déanfaidh an t-údarás rialála an méid seo a leanas:
|
(a) |
faireachán a dhéanamh go bhfuil a gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo á gcomhlíonadh ag úinéir an chórais tarchuir, ag an oibreoir córais neamhspleách nó ag úinéir an ghréasáin tarchurtha hidrigine agus ag an oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách, agus pionóis a eisiúint i gcás nach bhfuil na hoibleagáidí á gcomhlíonadh, de bhun mír 4, pointe (d); |
|
(b) |
faireachán a dhéanamh ar an gcaidreamh agus ar an gcumarsáid idir an t-oibreoir córais neamhspleách agus úinéir an chórais tarchuir nó idir an t-úinéir gréasáin tarchurtha hidrigine agus an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách, lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir córais neamhspleách nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách a chuid oibleagáidí, agus go háirithe conarthaí a fhormheas agus gníomhú mar údarás réitigh díospóidí idir an t-oibreoir córais neamhspleách agus úinéir an chórais tarchuir nó idir an t-úinéir gréasáin tarchurtha hidrigine agus an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách i leith aon ghearán a chuirfidh ceachtar páirtí isteach de bhun mhír 11; |
|
(c) |
gan dochar don nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 61(2), pointe (c), don chéad phlean forbartha gréasáin 10 mbliana, formheas a dhéanamh ar phleanáil na n-infheistíochtaí agus ar an bplean forbartha gréasáin ilbhliantúil arna chur isteach gach bliain ag an oibreoir córais neamhspleách nó an oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách; |
|
(d) |
a áirithiú go n-áireofar leis na taraifí rochtana gréasáin a bhaileoidh an t-oibreoir córais neamhspleách nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine neamhspleách luach saothair don úinéir gréasáin nó do na húinéirí gréasáin, lena bhforáiltear do luach saothair leordhóthanach ar shócmhainní an ghréasáin agus ar aon infheistíochtaí nua arna ndéanamh sna sócmhainní sin, ar choinníoll gur go heacnamúil agus go héifeachtúil a tabhaíodh iad; |
|
(e) |
an chumhacht a bheith aige cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí gan fógra roimh ré, ag áitreabh úinéir an chórais tarchuir agus an oibreora córais neamhspleách, nó ag áitreabh úinéir an ghréasáin tarchurtha hidrigine agus an oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách. |
4. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar na cumhachtaí d’údaráis rialála lena gcuirfear ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 6 a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtúil gasta. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad ag an údarás rialála:
|
(a) |
cinntí ceangailteacha a eisiúint maidir le gnóthais gáis nádúrtha agus hidrigine; |
|
(b) |
imscrúduithe a dhéanamh maidir le feidhmiú na margaí do ghás nádúrtha agus do hidrigin, agus aon bheart comhréireach is gá a chinneadh agus a fhorchur chun an iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus dea-fheidhmiú na margaí do ghás nádúrtha agus do hidrigin a áirithiú agus, i gcás inarb iomchuí, comhoibriú leis an údarás iomaíochta náisiúnta agus le rialálaithe an mhargaidh airgeadais nó leis an gCoimisiún maidir le himscrúdú a dhéanamh a bhaineann le dlí na hiomaíochta; |
|
(c) |
a cheangal ar ghnóthais gáis nádúrtha agus hidrigine aon fhaisnéis a sholáthar is ábhartha chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear an réasúnú atá le haon diúltú rochtain tríú páirtí a dheonú, agus aon fhaisnéis maidir le bearta is gá chun an gréasán a threisiú; |
|
(d) |
pionóis atá éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach a fhorchur ar ghnóthais gáis nádúrtha agus hidrigine nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí faoin Treoir seo nó aon chinneadh ábhartha de chuid an údaráis rialála nó ACER, ar cinneadh é atá ceangailteach ó thaobh dlí de, nó a mholadh do chúirt inniúil na pionóis sin a fhorchur, lena n-áirítear an chumhacht chun pionóis suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an oibreora córais tarchuir nó an oibreora gréasáin hidrigine nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a fhorchur ar an oibreoir córais tarchuir nó ar an oibreoir gréasáin hidrigine nó ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, de réir mar a bheidh, nó a mholadh go ndéanfar na pionóis sin a fhorchur, i ndáil le neamhchomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi seach de bhun na Treorach seo; |
|
(e) |
cearta iomchuí imscrúduithe agus cumhachtaí ábhartha maidir le treoracha i dtaobh réiteach díospóidí de bhun mhíreanna 11 agus 12. |
5. An t-údarás rialála atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh ag ENTSO le haghaidh Gáis, ENNOH nó DSO an Aontais, beidh de chumhacht aige pionóis éifeachtacha, chomhréireacha, athchomhairleacha a fhorchur ar na heintitis sin i gcás nach gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2024/1789 nó faoi aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó a mholadh go ndéanfadh cúirt inniúil na pionóis sin a fhorchur.
6. De bhreis ar na dualgais agus na cumhachtaí a thugtar dó de bhun mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, i gcás ina ndéantar oibreoir tarchuir neamhspleách nó oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite a ainmniú i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil IX, tabharfar na dualgais agus na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad don údarás rialála:
|
(a) |
pionóis a fhorchuir de bhun mhír 4, pointe (d), as ucht iompar idirdhealaitheach i bhfabhar an ghnóthais atá comhtháite go hingearach; |
|
(b) |
faireachán a dhéanamh ar an gcumarsáid idir an t-oibreoir córais tarchuir nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite agus an gnóthas atá comhtháite go hingearach ionas go n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir córais tarchuir nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite a chuid oibleagáidí; |
|
(c) |
gníomhú mar údarás réitigh díospóidí idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchuir nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite i leith aon ghearán arna chur isteach de bhun mhír 11; |
|
(d) |
faireachán a dhéanamh ar an gcaidreamh tráchtála agus airgeadais, lena n-áirítear iasachtaí, idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchuir nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite; |
|
(e) |
formheas a dhéanamh ar gach comhaontú tráchtála agus airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchuir nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha an mhargaidh; |
|
(f) |
réasúnú a iarraidh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach nuair a thugann an t-oifigeach comhlíontachta fógra i gcomhréir le hAirteagal 67(4), go háirithe, lena n-áirítear fianaise nár tharla aon iompar idirdhealaitheach a bhí chun tairbhe an ghnóthais atá comhtháite go hingearach; |
|
(g) |
cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí gan fógra, ag áitreabh an ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus an oibreora córais tarchuir nó an oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine comhtháite; |
|
(h) |
cúraimí uile an oibreora córais tarchuir nó an oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine chomhtháite nó cúraimí sonracha dá chuid a shannadh d’oibreoir córais neamhspleách nó d’oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine neamhspleách arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 68 i gcás sárú leanúnach a bheith á dhéanamh ag an oibreoir córais tarchuir nó ag an oibreoir gréasáin hidrigine comhtháite ar a chuid oibleagáidí faoin Treoir seo, go háirithe i gcás iompar idirdhealaitheach a bheith ag tarlú arís agus arís eile chun tairbhe an ghnóthais atá comhtháite go hingearach. |
7. Beidh na húdaráis rialála freagrach as a shocrú nó a fhormheas, fada go leor roimh a dteacht i bhfeidhm, ar a laghad na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad seo a leanas a ríomh nó chun na téarmaí agus na coinníollacha ina leith a leagan síos:
|
(a) |
an nascadh le gréasáin náisiúnta gáis nádúrtha agus rochtain orthu, lena n-áirítear taraifí tarchuir agus dáileacháin, agus téarmaí, coinníollacha agus taraifí maidir le rochtain ar shaoráidí GNL, trína bhfágfaidh na taraifí nó na modheolaíochtaí sin gur féidir na hinfheistíochtaí is gá sna gréasáin agus sna saoráidí GNL a dhéanamh ar bhealach lenar féidir leis na hinfheistíochtaí sin inmharthanacht na ngréasán agus na saoráidí GNL a áirithiú; |
|
(b) |
an nascadh le gréasáin hidrigine náisiúnta agus rochtain orthu, lena n-áirítear taraifí an ghréasáin hidrigine, i gcás inarb infheidhme, agus na téarmaí agus coinníollacha agus na taraifí chun rochtain a fháil ar stóráil hidrigine agus ar chríochfoirt hidrigine; |
|
(c) |
seirbhísí cothromaíochta a sholáthar a bheidh le déanamh ar an mbealach is eacnamúla, chun dreasachtaí iomchuí a chur ar fáil d’úsáideoirí gréasáin chun a n-ionchur gáis agus a n-aistarraingt gáis a chothromú ar bhealach cóir neamh-idirdhealaitheach, agus a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla; |
|
(d) |
muirir thiomnaithe a fhormheas agus faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1789; |
|
(e) |
rochtain ar bhonneagair thrasteorann, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú. |
8. Foilseofar na modheolaíochtaí nó na téarmaí agus coinníollacha dá dtagraítear i mír 7.
9. Agus na taraifí nó na modheolaíochtaí agus na seirbhísí cothromaíochta dá dtagraítear i mír 7 á socrú nó á bhformheas acu, áiritheoidh na húdaráis rialála go dtabharfar dreasachtaí iomchuí do na hoibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin agus, gan dochar do chinneadh arna dhéanamh ag Ballstát de bhun Airteagal 35(4), do na hoibreoirí gréasáin hidrigine, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon, chun cur leis an éifeachtúlacht, chun comhtháthú an mhargaidh agus slándáil an tsoláthair a chothú agus chun tacú leis na gníomhaíochtaí taighde gaolmhara.
10. Déanfaidh na húdaráis rialála faireachán ar an mbainistiú ar phlódú ar ghréasáin náisiúnta tarchuir agus ar ghréasáin náisiúnta tarchurtha hidrigine lena n-áirítear idirnascairí agus idirnascairí hidrigine, agus ar chur chun feidhme na rialacha maidir le bainistiú ar phlódú. Chuige sin, cuirfidh na hoibreoirí córais tarchuir, na hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine nó na hoibreoirí margaidh a gcuid rialacha maidir le bainistiú ar phlódú, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainneachta, faoi bhráid na n-údarás rialála. Féadfaidh údaráis rialála leasuithe ar na rialacha sin a iarraidh.
Airteagal 79
Cinntí agus gearáin
1. Beidh sé d’údarás ag na húdaráis rialála a cheangal ar oibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha, stórála gáis nádúrtha, GNL agus dáilte gáis nádúrtha, ar oibreoirí stórála hidrigine agus oibreoirí críochfoirt hidrigine, agus ar oibreoirí gréasáin hidrigine más gá, na téarmaí agus na coinníollacha, lena n-áirítear na taraifí agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo, a mhodhnú chun a áirithiú go mbeidh siad comhréireach agus go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach iad. I gcás ina mbunófar an córas rochtana ar stóráil gáis nádúrtha de bhun Airteagal 33(3), eisiafar an modhnú taraifí ón gcúram sin. I gcás ina mbeidh an córas rochtana ar ghréasáin hidrigine, ar shaoráidí hidrigine nó ar stóráil hidrigine bunaithe ar rochtain caibidlithe tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 35(4), le hAirteagal 36(1) nó le hAirteagal 37(2), eisiafar an modhnú taraifí ón gcúram sin. I gcás moill a bheith ann maidir le taraifí tarchuir agus dáilte gáis nádúrtha a shocrú agus, i gcás inarb iomchuí, taraifí gréasáin hidrigine, beidh sé de chumhacht ag údaráis rialála taraifí sealadacha tarchuir agus dáileacháin nó modheolaíochtaí agus taraifí gréasáin hidrigine nó modheolaíochtaí a shocrú agus a fhormheas agus a chinneadh céard iad na bearta cúitimh iomchuí má imíonn na taraifí nó na modheolaíochtaí deiridh ó na taraifí nó na modheolaíochtaí sealadacha sin.
2. Aon pháirtí a bhfuil gearán aige in aghaidh oibreoir córais tarchurtha gáis nádúrtha, stórála gáis nádúrtha, GNL nó córais dáileacháin nó oibreoir gréasáin hidrigine, stórála hidrigine nó críochfoirt hidrigine i ndáil leis na hoibleagáidí atá ar an oibreoir sin faoin Treoir seo, féadfaidh sé nó sí an gearán a tharchur chuig an údarás rialála, a eiseoidh cinneadh, ag gníomhú dó mar údarás réitigh díospóidí, laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis dó an gearán a fháil. Féadfar síneadh 2 mhí a chur leis an tréimhse sin i gcás ina lorgóidh an t-údarás rialála faisnéis bhreise. Féadfar síneadh ama eile a chur leis an tréimhse shínithe sin le comhaontú ón ngearánaí. Beidh éifeacht cheangailteach ag cinneadh an údaráis rialála ach amháin má chuirtear ar neamhní é ar bhonn achomhairc, agus go dtí go ndéantar é sin.
3. Aon pháirtí a mbíonn éifeacht ag cinneadh air agus a bhfuil sé de cheart aige gearán a dhéanamh faoi chinneadh maidir le modheolaíochtaí a rinneadh de bhun an Airteagail seo nó, i gcás ina mbeidh dualgas comhairliúcháin ar an údarás rialála, faoi na taraifí nó na modheolaíochtaí atá beartaithe, féadfaidh sé, laistigh de 2 mhí, nó laistigh de thréimhse níos giorra arna foráil ag na Ballstáit, tar éis fhoilsiú an chinnidh nó an togra maidir le cinneadh, gearán a chur isteach ina n-iarrtar athbhreithniú. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag gearán den sórt sin.
4. Cruthóidh na Ballstáit sásraí iomchuí éifeachtúla maidir le rialáil, rialú agus trédhearcacht ionas go seachnófar aon mhí-úsáid ceannasachta, go háirithe mí-úsáid a dhéanfadh díobháil do thomhaltóirí, agus aon iompraíocht chreachach. Leis na sásraí sin, cuirfear forálacha CFAE, go háirithe Airteagal 102 de, san áireamh.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta iomchuí, lena n-áirítear gníomhaíocht riaracháin nó imeachtaí coiriúla i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach i gcás nár urramaíodh na rialacha rúndachta a fhorchuirtear leis an Treoir seo.
6. Na gearáin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, beidh siad gan dochar d’fheidhmiú na gceart achomhairc faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
7. Cinntí a dhéanfaidh údaráis rialála, beidh siad lánréasúnaithe lánmhínithe ionas gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Beidh na cinntí ar fáil go poiblí agus caomhnófar rúndacht aon fhaisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de san am céanna.
8. Páirtí a mbíonn éifeacht ag cinneadh de chuid údarás rialála air, áiritheoidh na Ballstáit gur ann do shásraí oiriúnacha ar an leibhéal náisiúnta faoina mbeidh ceart achomhairc aige chuig comhlacht atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon rialtas.
Airteagal 80
Comhar réigiúnach idir údaráis rialála maidir le saincheisteanna trasteorann
1. Rachaidh údaráis rialála i ndlúthchomhairle lena chéile agus comhoibreoidh siad lena chéile, agus go háirithe laistigh de ACER, agus déanfaidh siad aon fhaisnéis is gá chun a gcúraimí faoin Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt dá chéile agus do ACER. Maidir leis an bhfaisnéis a mhalartófar, áiritheoidh an t-údarás is faighteoir an leibhéal céanna rúndachta agus a cheanglófar ar an údarás tionscnaimh.
2. Comhoibreoidh na húdaráis rialála, ar an leibhéal réigiúnach ar a laghad, chun an méid a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
a chothú go gcruthófar socruithe oibriúcháin chun an bainistiú is fearr is féidir a dhéanamh ar an ngréasán, chun malartuithe comhpháirteacha gáis nádúrtha agus hidrigine agus leithdháileadh acmhainneachta trasteorann a chur chun cinn, agus le gur féidir leibhéal leordhóthanach acmhainneachta idirnaisc a chur ar fáil, lena n-áirítear trí idirnaisc nua, laistigh den réigiún agus idir réigiúin ionas gur féidir iomaíocht éifeachtach a fhorbairt agus slándáil an tsoláthair a fheabhsú gan idirdhealú a dhéanamh idir gnóthais soláthair i mBallstáit éagsúla; |
|
(b) |
comhordú a dhéanamh ar fhorbairt na gcód gréasáin uile i leith na n-oibreoirí córais tarchuir ábhartha, oibreoirí gréasáin hidrigine agus rannpháirtithe eile sa mhargadh; |
|
(c) |
comhordú a dhéanamh ar fhorbairt na rialacha lena rialaítear an bainistiú ar phlódú; |
|
(d) |
comhlíonadh rialála na n-eintiteas dlíthiúil a áirithiú a bhfuil cúraimí na n-oibreoirí tarchuir agus na n-oibreoirí gréasáin á ndéanamh acu ar an leibhéal trasteorann nó réigiúnach. |
3. Beidh sé de cheart ag na húdaráis rialála socruithe comhair a dhéanamh lena chéile ar mhaithe leis an gcomhar rialála a chothú.
4. Na bearta dá dtagraítear i mír 2, déanfar iad, de réir mar is iomchuí, i ndlúthchomhairliúchán leis na húdaráis náisiúnta ábhartha eile agus gan dochar dá n-inniúlachtaí sonracha.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 90 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí threoirlínte a bhunú maidir lena mhéid a bheidh sé de dhualgais ar na húdaráis rialála comhoibriú le chéile agus le ACER.
6. Féadfaidh na húdaráis rialála, nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla eile, dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha tríú tíortha, lena n-áirítear Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, agus oibreoidh siad i gcomhar leo maidir le bonneagar gáis nádúrtha agus hidrigine a oibriú go dtí tríú tíortha agus uathu d’fhonn a áirithiú, maidir leis an mbonneagar lena mbaineann, go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcríoch agus i bhfarraige teorann Ballstáit.
Airteagal 81
Comhlíonadh na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte
1. Féadfaidh aon údarás rialála agus an Coimisiún tuairim ACER a iarraidh faoi cé acu atá nó nach bhfuil na cóid ghréasáin agus na treoirlínte a glacadh de bhun na Treorach seo nó de bhun Rialachán (AE) 2024/1789 á gcomhlíonadh le cinneadh arna dhéanamh ag údarás rialála.
2. Soláthróidh ACER a thuairim don údarás rialála a d’iarr an tuairim sin nó don Choimisiún, faoi seach, agus don údarás rialála a rinne an cinneadh, laistigh de 3 mhí ón dáta a fuarthas an iarraidh.
3. I gcás nach gcomhlíonann an t-údarás rialála a rinne an cinneadh an tuairim ó ACER laistigh de 4 mhí ón dáta a fuarthas an tuairim sin, cuirfidh ACER an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
4. Féadfaidh aon údarás rialála an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina measann sé, maidir le cinneadh atá ábhartha i dtaobh trádáil trasteorann agus ar cinneadh é a rinne údarás rialála eile, nach gcomhlíonann an cinneadh sin na cóid gréasáin ná na treoirlínte a glacadh de bhun na Treorach seo nó de bhun Rialachán (AE) 2024/1789 laistigh de 2 mhí ó dháta an chinnidh sin.
5. I gcás ina n-aimsíonn an Coimisiún, laistigh de 2 mhí tar éis do ACER é a chur ar an eolas i gcomhréir le mír 3, nó d'údarás rialála é a chur ar an eolas i gcomhréir le mír 4, nó ar a thionscnamh féin, laistigh de trí mhí ó dháta an chinnidh, go mbaineann amhras tromchúiseach leis an gcinneadh ón údarás rialála i dtaca lena comhoiriúnacht leis na cóid ghréasáin agus leis na treoirlínte a glacadh de bhun na Treorach seo nó de bhun Rialachán (AE) 2024/1789, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh scrúdú breise a dhéanamh ar an gcás. I gcás den sórt sin, iarrfaidh sé ar an údarás rialála agus ar na páirtithe sna himeachtaí teacht os comhair an údaráis rialála chun barúlacha a chur isteach.
6. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh an cás a scrúdú i gcomhréir le mír 5, eiseoidh sé cinneadh críochnaitheach laistigh de 4 mhí ó dháta an chinnidh sin:
|
(a) |
gan agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh ón údarás rialála; nó |
|
(b) |
a chur de cheangal ar an údarás rialála lena mbaineann a chinneadh a tharraingt siar ar an mbonn nár comhlíonadh na cóid ghréasáin agus na treoirlínte. |
7. I gcás nach mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún an cás a scrúdú a thuilleadh ná nach mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta aige laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 5 agus 6, measfar nach ndearna sé agóid i gcoinne an chinnidh ón údarás rialála.
8. An cinneadh ón gCoimisiún i dtaobh cinneadh ón údarás rialála a tharraingt siar, comhlíonfaidh an t-údarás rialála é laistigh de thréimhse 2 mhí agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
9. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 90 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí threoirlínte a bhunú ina leagtar amach mionsonraí an nós imeachta atá le leanúint chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.
Airteagal 82
Coimeád taifead
1. Ceanglóidh na Ballstáit ar na gnóthais soláthair a choimeád ar fáil do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear an t-údarás rialála agus na húdaráis náisiúnta iomaíochta, agus an Coimisiún, chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh, ar feadh 5 bliana ar a laghad, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach idirbheart i gconarthaí soláthair gáis nádúrtha agus hidrigine i ndíorthaigh gáis nádúrtha agus hidrigine le custaiméirí mórdhíola agus le hoibreoirí córais tarchuir, le hoibreoirí stórála gáis nádúrtha agus oibreoirí GNL chomh maith le hoibreoirí gréasáin hidrigine, oibreoirí stórála hidrigine agus oibreoirí críochfoirt hidrigine.
2. Áireofar leis na sonraí mionsonraí maidir le saintréithe na n-idirbheart ábhartha, amhail fad, seachadadh agus rialacha maidir le socrú, an chainníocht, na dátaí agus amanna a cuireadh i gcrích agus praghsanna na n-idirbheart agus na modhanna chun an custaiméir mórdhíola lena mbaineann a aithint, chomh maith le sonraí sonraithe i dtaobh na gconarthaí soláthair gáis nádúrtha agus hidrigine agus na ndíorthach gáis nádúrtha agus hidrigine uile nach bhfuil socraithe.
3. Féadfaidh an t-údarás rialála a chinneadh gnéithe den fhaisnéis sin a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh ar choinníoll nach scaoilfear faisnéis íogair tráchtála faoi rannpháirtithe aonair sa mhargadh ná faoi idirbhearta aonair. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le faisnéis faoi ionstraimí airgeadais a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/65/AE.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Treoir seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 90, trí threoirlínte a bhunú ina saineofar na modhanna agus na socruithe maidir le coimeád taifead chomh maith le foirm agus ábhar na sonraí a choimeádfar.
5. Maidir le hidirbhearta i ndíorthaigh gáis nádúrtha agus hidrigine de chuid gnóthais soláthair le custaiméirí mórdhíola agus oibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha, oibreoirí stórála gáis nádúrtha agus oibreoirí GNL chomh maith le hoibreoirí gréasáin, stórála agus críochfoirt hidrigine, ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo go dtí go nglacfaidh an Coimisiún na treoirlínte dá dtagraítear i mír 4.
6. Ní chruthófar leis an Airteagail seo oibleagáidí breise i leith na n-údarás dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás eintitis a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/65/AE.
7. I gcás ina mbeidh gá ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le rochtain a bheith acu ar shonraí a choimeádann na heintitis a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/65/AE, cuirfidh na húdaráis atá freagrach faoin Treoir sin na sonraí is gá ar fáil dóibh.
CAIBIDIL XI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 83
Bearta coimirce
I gcás géarchéim thobann sa mhargadh fuinnimh nó i gcás ina bhfuil sábháilteacht nó slándáil fhisiciúil daoine, gaireas nó suiteálacha nó sláine an chórais faoi bhagairt, féadfaidh Ballstát na bearta dá bhforáiltear sa phlean éigeandála náisiúnta a ghlacadh agus ceann amháin de na leibhéil géarchéime éigeandála a fhógairt, más infheidhme, de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/1938.
Airteagal 84
Cothrom iomaíochta
1. Na bearta a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh de bhun na Treorach seo chun cothrom iomaíochta a áirithiú, beidh siad comhoiriúnach le CFAE, go háirithe Airteagal 36 de, agus le dlí eile an Aontais.
2. Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh siad comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach. Ní fhéadfar na bearta sin a chur i bhfeidhm ach amháin tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún agus tar éis don Choimisiún iad a fhormheas.
3. Gníomhóidh an Coimisiún de bhun an fhógra dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 2 mhí tar éis an dáta a fuarthas an fógra. Tosóidh an tréimhse sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil. I gcás nár ghníomhaigh an Coimisiún laistigh den tréimhse 2 mhí sin, measfar nach ndearna sé agóid i gcoinne na mbeart ar tugadh fógra ina leith.
Airteagal 85
Comhaontuithe teicniúla maidir le hoibriú línte píblínte gáis nádúrtha agus hidrigine le tríú tíortha
Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí gréasáin hidrigine ná oibreoirí eacnamaíocha eile comhaontuithe teicniúla maidir le saincheisteanna a bhaineann le hoibriú píblínte idir Ballstát agus tríú tír a choimeád i bhfeidhm nó a thabhairt i gcrích, a mhéid atá na comhaontuithe sin comhoiriúnach le dlí an Aontais agus le cinntí ábhartha údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann. Cuirfear údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann ar an eolas maidir leis na comhaontuithe sin.
Airteagal 86
Maoluithe maidir leis an gcóras gáis nádúrtha
1. Na Ballstáit nach bhfuil nasctha go díreach le córas idirnasctha aon Bhallstáit eile, féadfaidh siad maolú ar Airteagal 3, 8, 34 nó 60 nó Airteagal 31(1). Rachaidh aon mhaolú den sórt sin in éag a luaithe a chuirfear an chéad idirnascaire chuig an mBallstát i gcrích. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le haon mhaolú den sórt sin.
2. Féadfaidh na Ballstáit iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún le haghaidh maoluithe ar Airteagal 3, 8, 60 nó 31 a chur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE nó maidir le limistéir iargúlta eile. Rachaidh aon mhaolú den sórt sin in éag a luaithe a chuirfear nasc i gcrích ón réigiún nó ón limistéar chuig Ballstát le córas idirnasctha.
3. Féadfaidh Lucsamburg maolú ar Airteagal 60. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le haon mhaolú den sórt sin.
4. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi iarratais ar mhaoluithe de bhun mhír 2 sula ndéanfaidh sé cinneadh, agus aird á tabhairt aige ar iarrataí a bhfuil údar leo ar fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de.
5. Beidh na maoluithe a dheonóidh an Coimisiún de bhun mhír 2 teoranta ó thaobh ama agus faoi réir coinníollacha a bhfuil sé d’aidhm acu iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh a mhéadú agus chun a áirithiú nach gcuirfidh na maoluithe bacainn ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite ná ar chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh.
6. Na maoluithe a deonaíodh de bhun Threoir 2009/73/CE gan dáta éaga nó gan tréimhse shonraithe cur i bhfeidhm acu, rachaidh siad in éag an 31 Nollaig 2025. Maidir leis na Ballstáit atá fós ag baint tairbhe as maoluithe den sórt sin an 4 Lúnasa 2024, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh maolú nua a chur i bhfeidhm de bhun mhír 1 nó 7 den Airteagal seo, nó féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún le haghaidh maolú nua de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
7. Na Ballstáit a fhaigheann an chéad soláthar tráchtála dá gcéad chonradh soláthair gáis nádúrtha fadtéarmach tar éis an 4 Lúnasa 2024, féadfaidh siad maolú ar Airteagal 3(1) go (4), Airteagal 4(1), Airteagal 8, Airteagal 31(1), Airteagal 32(1), Airteagal 34, Airteagal 39(1) go (5), Airteagal 43, Airteagal 44(6) agus Airteagail 46, 60, 61 agus 75. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le haon mhaolú den sórt sin. Rachaidh an maolú in éag 10 mbliana tar éis an chéad soláthair tráchtála dá gcéad chonradh soláthair gáis nádúrtha fadtéarmach a fháil.
8. Fógraí maidir le maoluithe arna ndeonú ag na Ballstáit de bhun mhíreanna 1, 3 agus 7, agus cinntí ón gCoimisiún maidir le maoluithe a dheonú de bhun mhíreanna 2, 5, agus 6, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.
Airteagal 87
Gréasáin hidrigine i réigiúin iargúlta
1. Féadfaidh na Ballstáit maoluithe a dheonú ar chur i bhfeidhm Airteagail 46, 68 nó 71 maidir le gréasáin hidrigine atá lonnaithe sna réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE agus i réigiúin iargúlta a bhfuil na cóid NUTS 2 agus NUTS 3 Ainmníocht na nAonad Críche le haghaidh Staidrimh (NUTS) arna bhunú ag Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (52) seo a leanas acu:
|
(i) |
An Chipir (NUTS 2 CY00) |
|
(ii) |
Kainuu (NUTS 3 FI1D8) |
|
(iii) |
An Laplainn (NUTS 3 FI1D7) |
|
(iv) |
Málta (NUTS 2 MT00) |
|
(v) |
Ostrobothnia Thuaidh (NUTS 3 FI1D9) |
|
(vi) |
Norrland Uachtarach (NUTS 2 SE33) |
2. Maidir le maoluithe a dheonaítear de bhun mhír 1, déanfar iad a phoibliú agus tabharfar fógra don Choimisiún fúthu.
3. Rachaidh maoluithe arna ndeonú de bhun mhír 1 in éag 15 bliana ón dáta a deonaíodh iad, agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2044. Ní dhéanfar na maoluithe sin a athnuachan. Tarraingeoidh na Ballstáit maolú a deonaíodh de bhun mhír 1 siar i gcás ina ndéanfar gréasán hidrigine a bhaineann tairbhe as maolú den sórt sin a shíneadh lastall den réigiún iargúlta nó i gcás ina mbeidh sé nasctha le gréasáin hidrigine atá lonnaithe lasmuigh den réigiún.
4. Gach 7 mbliana ón dáta a dheonaítear maolú de bhun mhír 1, nó ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún, foilseoidh údarás rialála an Bhallstáit a dheonaigh an maolú sin measúnú ar thionchar an mhaolaithe sin ar iomaíocht, ar fhorbairt bonneagair agus ar fheidhmiú an mhargaidh. Má thagann an t-údarás rialála ar an tátal, tar éis measúnú den sórt sin, go mbeadh riosca ann dá leanfaí den mhaolú a chur i bhfeidhm go gcuirfí bac ar an iomaíocht nó go ndéanfaí dochar d’imscaradh éifeachtúil bonneagair hidrigine nó d’fhorbairt an mhargaidh do hidrigin sa Bhallstát nó san Aontas, déanfaidh an Ballstát an maolú a tharraingt siar.
Airteagal 88
Maoluithe maidir le línte tarchurtha gáis nádúrtha go dtí tríú tíortha agus uathu
1. Maidir leis na línte tarchurtha gáis nádúrtha idir Ballstát agus tríú tír arna gcur i gcrích roimh an 23 Bealtaine 2019, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil an chéad phointe nasctha de líne tarchuir den sórt sin le gréasán Ballstáit cinneadh a dhéanamh maolú ar Airteagail 31, 60, 71 agus 72, Airteagal 78(7) agus (9) agus Airteagal 79(1) do na codanna den líne tarchurtha gáis nádúrtha sin ina chríoch agus ina fharraige theorann, ar chúiseanna oibiachtúla, amhail chun costas na hinfheistíochta a rinneadh a aisghabháil nó ar chúiseanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair, ar choinníoll nach ndéanann an maolú dochar do chumas iomaíochta ná d’fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha, ná do shlándáil an tsoláthair san Aontas.
Beidh teorainn ama leis an maolú sin suas go dtí 20 bliain bunaithe ar réasúnú oibiachtúil, tréimhse is féidir a athnuachan má bhíonn údar leis sin agus féadfaidh sé a bheith faoi réir coinníollacha a chuideoidh chun na dálaí sa chéad fhomhír a bhaint amach.
Ní bheidh feidhm ag na maoluithe sin maidir le línte tarchuir idir Ballstát agus tríú tír a bhfuil sé d’oibleagáid uirthi an Treoir seo a thrasuí agus a chuireann an Treoir seo chun feidhme go héifeachtach ina dlíchóras faoi chomhaontú arna thabhairt i gcrích leis an Aontas.
2. I gcás ina bhfuil an líne tharchuir lena mbaineann suite i gcríoch níos mó ná Ballstát amháin, is é an Ballstát ar ina chríoch atá an chéad phointe nasctha chuig gréasán na mBallstát a dhéanfaidh cinneadh maidir le maolú i dtaca leis an líne tharchuir sin a dheonú tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit uile lena mbaineann.
Arna iarraidh sin do na Ballstáit lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gníomhú mar bhreathnóir i gcomhairliúchán idir an Ballstát a bhfuil an chéad phointe nasctha ar a chríoch agus an tríú tír a bhaineann le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na Treorach seo i gcríoch agus i bhfarraige theorann an Bhallstáit ina bhfuil an chéad phointe idirnaisc suite, lena n-áirítear díolúintí a dheonú i ndáil le línte tarchuir den sórt sin.
3. Glacfar cinntí de bhun mhíreanna 1 agus 2 faoin 24 Bealtaine 2020. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi aon chinneadh den sórt sin don Choimisiún agus foilseoidh siad iad.
4. Faoin 5 Lúnasa 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar na maoluithe a deonaíodh faoin Airteagal seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil, go háirithe, ar thionchar maoluithe den sórt sin ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha agus ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus ar leasanna slándála riachtanacha an Aontais agus na mBallstát.
Airteagal 89
Nós imeachta cumhachtaithe
1. Gan dochar d’oibleagáidí eile faoi dhlí an Aontais, agus do leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit, féadfar na comhaontuithe atá ann cheana idir Ballstát agus tríú tír maidir le líne tharchuir nó an gréasán píblínte réamhtheachtach a oibriú agus a choimeád i bhfeidhm go dtí go mbeidh comhaontú a dhéanfar ina dhiaidh sin idir an tAontas agus an tríú tír chéanna sin i bhfeidhm nó go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 2 go 15 i bhfeidhm.
2. Gan dochar do leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit, i gcás ina mbeidh sé ar intinn ag Ballstát dul i mbun caibidlíochta le tríú tír chun comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, a athnuachan nó a thabhairt i gcrích, maidir le líne tharchuir a oibriú le tríú tír nó idirnascaire hidrigine a oibriú le tríú tír i dtaca le nithe a thagann, go hiomlán nó i bpáirt, laistigh de raon feidhme na Treorach seo nó raon feidhme Rialacháin (AE) 2024/1789, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoina intinn i scríbhinn.
Áireofar i bhfógra den sórt sin an doiciméadacht ábhartha agus léiriú ar na forálacha a dtabharfar aghaidh orthu sa chaibidlíocht nó atá le hathchaibidil, cuspóirí na caibidlíochta agus aon fhaisnéis ábhartha eile agus tarchuirfear an méid sin ar fad chuig an gCoimisiún, 5 mhí, ar a laghad, roimh an dáta atá beartaithe tús a chur leis an gcaibidlíocht.
3. Tar éis aon fhógra a fháil de bhun mhír 2, tabharfaidh an Coimisiún údarú don Bhallstát lena mbaineann dul i mbun caibidlíocht fhoirmiúil le tríú tír maidir leis an gcuid a d’fhéadfadh éifeacht a bheith aici ar rialacha comhchoiteanna an Aontais ach amháin i gcás ina measann sé:
|
(a) |
go mbeadh oscailt na caibidlíochta sin i gcoinbhleacht le dlí an Aontais de bhreis ar na neamhréireachtaí ag eascairt as leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit; |
|
(b) |
go ndéanfadh oscailt na caibidlíochta sin dochar d’fheidhmiú na margaí inmheánacha do ghás nádúrtha nó do hidrigin, d’iomaíocht, nó do shlándáil an tsoláthair i mBallstát nó san Aontas, agus prionsabal na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit de bhun Airteagal 194(1) CFAE á chur san áireamh; |
|
(c) |
go mbainfeadh oscailt na caibidlíochta sin an bonn de chuspóirí na caibidlíochta atá fós le déanamh maidir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta idir an tAontas agus tríú tír; |
|
(d) |
go mbeadh oscailt na caibidlíochta sin idirdhealaitheach. |
4. Agus an measúnú á dhéanamh de bhun mhír 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an mbaineann an comhaontú atá beartaithe le líne tharchuir nó le píblíne réamhtheachtach a rannchuidíonn le héagsúlú soláthairtí agus soláthróirí gáis nádúrtha trí bhíthin foinsí nua gáis nádúrtha.
5. Laistigh de 90 lá ón tráth a fhaightear an fógra dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena dtabharfar údarú nó lena ndiúltófar údarú do Bhallstát dul i mbun caibidlíochta chun comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, nó a athnuachan nó a thabhairt i gcrích le tríú tír. I gcás inar gá faisnéis bhreise le cinneadh a ghlacadh, tosóidh an tréimhse 90 lá ón dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise sin.
6. I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndiúltófar údarú a thabhairt do Bhallstát dul i mbun caibidlíochta chun comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, nó a athnuachan nó a thabhairt i gcrích le tríú tír, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus tabharfaidh sé na cúiseanna a bhí leis sin.
7. Glacfar cinntí lena dtabharfar údarú nó lena ndiúltófar údarú do Bhallstát dul i mbun caibidlíochta chun comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, nó a athnuachan nó a thabhairt i gcrích le tríú tír, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(2).
8. Féadfaidh an Coimisiún treoir a sholáthar agus féadfaidh sé a iarraidh go gcuirfear clásail ar leith isteach sa chomhaontú atá beartaithe chun comhréireacht le dlí an Aontais a áirithiú i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/684 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53).
9. Coinneofar an Coimisiún ar an eolas faoi dhul chun cinn agus torthaí na caibidlíochta maidir le comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, a athnuachan nó a thabhairt i gcrích ó chéim go céim, agus féadfaidh sé rannchuidiú sa chaibidlíocht idir an Ballstát agus an tríú tír a iarraidh i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/684.
10. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cinntí a ghlactar de bhun mhír 5.
11. Sula síneoidh sé comhaontú le tríú tír, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le toradh na caibidlíochta agus déanfaidh sé téacs an chomhaontaithe chaibidlithe a tharchur chuig an gCoimisiún.
12. Ar fhógra a fháil de bhun mhír 11, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcomhaontú caibidlithe de bhun mhír 3. I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil comhaontú ann de thoradh na caibidlíochta agus go bhfuil sé i gcomhréir le mír 3, tabharfaidh sé údarú don Bhallstát an comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích.
13. Laistigh de 90 lá ón tráth a fhaightear an fógra dá dtagraítear i mír 11, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena dtabharfar údarú nó lena ndiúltófar údarú do Bhallstát an comhaontú le tríú tír a shíniú agus a thabhairt i gcrích. I gcás inar gá faisnéis bhreise le cinneadh a ghlacadh, tosóidh an tréimhse 90 lá ón dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise sin.
14. I gcás ina nglacann an Coimisiún cinneadh de bhun mhír 13, lena n-údaraítear do Bhallstát an comhaontú le tríú tír a shíniú agus a thabhairt i gcrích, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le tabhairt i gcrích agus teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe, agus maidir le haon athrú a dhéanfar ar stádas an chomhaontaithe sin dá éis sin.
15. I gcás ina nglacann an Coimisiún cinneadh lena ndiúltaítear údarú a thabhairt do Bhallstát an comhaontú le tríú tír a shíniú agus a thabhairt i gcrích de bhun mhír 13, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus tabharfaidh sé na cúiseanna a bhí leis sin.
Airteagal 90
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 9, 62, 72, 80, 81 agus 82 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 4 Lúnasa 2024.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 9, 62, 72, 80, 81 agus 82 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9, 62, 72, 80, 81 ná 82 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 91
An nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 92
Athbhreithniú agus tuairisciú
1. Faoin 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, más gá, tograí reachtacha iomchuí. Déanfar scrúdú san athbhreithniú, go háirithe, ar chur i bhfeidhm Airteagal 9, agus ar chur i bhfeidhm na sainmhínithe gaolmhara in Airteagal 2, chun a mheas an léirítear leis na saoráidí a chuirfear i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2031 go bhfuil laghduithe níos airde ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ina thoradh ar úsáid breoslaí ísealcharbóin agus hidrigin ísealcharbóin chun deimhniú a fháil de bhun an Airteagail sin.
2. Faoin 5 Lúnasa 2035, foilseoidh an Coimisiún teachtaireacht lena ndéanfar measúnú ar chur chun feidhme Airteagal 46 maidir le hoibreoirí gréasáin dáilte hidrigine, agus ar chur chun feidhme Airteagail 68 agus 69 maidir le hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine.
3. Faoin 5 Lúnasa 2034, foilseoidh ACER, chun críche na teachtaireachta ón gCoimisiún de bhun mhír 2 den Airteagal seo, tuarascáil maidir le tionchar Airteagail 46, 68 agus 69 ar fheidhmiú an mhargaidh hidrigine, ar an iomaíocht, ar leachtacht, ar fhorbairt bonneagair hidrigine agus ar thrédhearcacht an mhargaidh do hidrigin. Áireofar i dtuarascáil ACER comhairliúchán leis na geallsealbhóirí ábhartha.
Airteagal 93
Leasuithe ar Threoir (AE) 2023/1791
Leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 mar a leanas:
|
(1) |
scriostar Airteagail 17 agus 19; |
|
(2) |
in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Beidh feidhm ag Airteagail 13 go 16 agus Airteagail 18 agus 20 agus Iarscríbhinní II, IX, XII, XIII agus XIV ón 12 Deireadh Fómhair 2025 ’; |
|
(3) |
scriostar Iarscríbhinn VIII. |
Airteagal 94
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 2 go 6, Airteagail 8 go 31, Airteagal 33, Airteagail 35 go 38, Airteagal 39(1), pointe (a), Airteagal 39(3), (4), (7), (8) agus (9), Airteagal 40(1), Airteagail 41, 42 agus 43, Airteagal 44 (1), (2), (7) agus (8), Airteagal 45, Airteagal 46(2) agus (3), Airteagail 50 go 59, Airteagal 62, Airteagal 64(11), Airteagail 68 go 75, Airteagal 76(5) agus (6), Airteagail 77, 78 agus 79, Airteagal 81(1) agus (6), Airteagail 82 agus 83, agus Iarscríbhinní I agus II a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 5 Lúnasa 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 95
Aisghairm
Aisghairtear Treoir 2009/73/CE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear in Iarscríbhinn III, Cuid A den Treoir seo, le héifeacht ón 4 Lúnasa 2024, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dáta chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IV.
Airteagal 96
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 93 ón 5 Lúnasa 2026.
Airteagal 97
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) IO C 323, 26.8.2022, lch. 101.
(2) IO C 498, 30.12.2022, lch. 83.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 (níor foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024.
(4) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna do mhargadh inmheánach an gháis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(5) Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le rialacha comhchoiteanna do mhargadh inmheánach an gháis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 98/30/CE (IO L 176, 15.7.2003, lch. 57).
(6) Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).
(7) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(8) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(9) IO C 371, 15.9.2021, lch. 58.
(10) Rialachán (AE) 2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (IO L 111, 26.4.2023, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2023/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí muiriompair a áireamh i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus astaíochtaí ó chineálacha breise long (IO L 130, 16.5.2023, lch. 105).
(12) Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48.).
(13) Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (IO L, 2023/2405, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj).
(14) Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).
(15) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).
(16) Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).
(17) Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le margaí inmheánacha an gháis in-athnuaite, an gháis nádúrtha agus na hidrigine, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938, (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L, 2024/1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).
(19) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(20) Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (IO L, 2024/1787, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj).
(21) Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).
(22) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(23) Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).
(24) Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).
(25) Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).
(26) Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).
(27) Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L 357, 27.10.2020, lch. 35).
(28) Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L, 2023/2407, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2407/oj).
(29) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
(30) IO L 198, 20.7.2006, lch. 18.
(31) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(32) Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaireachán agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).
(33) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(34) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Iúil 2019, an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Beilge, C-543/17, ECLI:EU:C:2019:573.
(35) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(36) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(37) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
(38) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(39) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(40) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 2002/92/CE agus 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(41) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).
(42) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (IO L 168, 27.6.2022, lch. 1).
(43) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta um faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(44) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(45) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
(46) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(47) Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).
(48) Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (an Treoir maidir le RMD le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).
(49) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).
(50) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(51) Rialachán ón gCoimisiún (AE) 2015/703 an 30 Aibreán 2015 lena mbunaítear Cód Gréasáin maidir le hidir-inoibritheacht agus rialacha maidir le malartú sonraí (IO L 113, 1.5.2015, lch. 13).
(52) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 lena mbunaítear aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
(53) Cinneadh (AE) 2017/684 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le sásra a bhunú chun eolas a mhalartú i ndáil le comhaontuithe idir-rialtasacha agus ionstraimí neamhcheangailteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha i réimse an fhuinnimh, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 994/2012/AE (IO L 99, 12.4.2017, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Íoscheanglais maidir le billeáil agus faisnéis bhilleála le haghaidh gáis nádúrtha agus hidrigine
1. An fhaisnéis íosta atá le bheith ar an mbille agus san fhaisnéis bhilleála le haghaidh gáis nádúrtha agus hidrigine
|
1.1. |
Léireofar go feiceálach an phríomhfhaisnéis seo a leanas do na custaiméirí deiridh ina mbillí, agus beidh sí scartha amach go soiléir ó chodanna eile den bhille:
|
|
1.2. |
Léireofar go feiceálach an phríomhfhaisnéis seo a leanas do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus san fhaisnéis bhilleála, agus beidh sí scartha amach go soiléir ó chodanna eile den bhille agus den fhaisnéis bhilleála:
|
|
1.3. |
I gcás ina bhfuil billí bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar chianléamh arna dhéanamh ag an oibreoir, déanfar an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus ina mbillí réitithe tréimhsiúla, nó déanfar an fhaisnéis sin a chur leo nó comhartha ina leith sin a chur iontu:
|
2. Minicíocht na billeála agus soláthar na faisnéise billeála:
|
(a) |
déanfar an bhilleáil uair sa bhliain ar a laghad ar bhonn an tomhaltais iarbhír; |
|
(b) |
i gcás nach bhfuil méadar ag custaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, nó i gcás inar roghnaigh an custaiméir deiridh go gníomhach cianléamh a dhíchumasú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfar faisnéis bhilleála bheacht bunaithe ar an tomhaltas iarbhír a chur ar fáil don chustaiméir deiridh gach 6 mhí, ar a laghad, nó uair amháin gach 3 mhí, arna iarraidh sin nó i gcás ina bhfuil sé roghnaithe ag an gcustaiméir deiridh billeáil leictreonach a fháil; |
|
(c) |
i gcás nach bhfuil méadar ag custaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, nó i gcás inar roghnaigh an custaiméir deiridh go gníomhach cianléamh a dhíchumasú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, féadfar na hoibleagáidí i bpointí (a) agus (b) a chomhlíonadh trí bhíthin córas féinléitheoireachta arna dhéanamh go tráthrialta ag an gcustaiméir deiridh, trína ndéanann an custaiméir deiridh na léamha ón méadar a chur in iúl don oibreoir; ní fhéadfar an bhilleáil ná an fhaisnéis bhilleála a bheith bunaithe ar an tomhaltas measta nó ar ráta comhréidh ach amháin sa chás nár chuir an custaiméir deiridh léamh méadair ar fáil maidir le tréimhse billeála ar leith. Beidh an tomhaltas measta bunaithe ar thomhaltas an chustaiméara deiridh sa bhliain roimhe sin nó ar thomhaltas custaiméara deiridh inchomparáide; |
|
(d) |
i gcás ina bhfuil méadar ag an gcustaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, déanfar faisnéis bhilleála bheacht bunaithe ar an tomhaltas iarbhír a sholáthar uair sa mhí ar a laghad; féadfar faisnéis den sórt a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin, agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí tomhais agus na córais tomhais a úsáidtear. |
3. Miondealú ar phraghas an chustaiméara deiridh
Suim na dtrí chomhpháirt a leanas a bheidh i bpraghas an chustaiméara deiridh: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur, dáileadh, iompar) agus comhpháirt na gcánacha, na dtobhach, na dtáillí agus na muirear.
I gcás ina mbeidh miondealú ar phraghas an chustaiméara deiridh curtha i láthair i mbillí, úsáidfear ar fud an Aontais na sainmhínithe coiteanna ar na trí chomhpháirt sa mhiondealú sin a bhunaítear i Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
4. Rochtain ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil
Ceanglóidh na Ballstáit, sa mhéid go bhfuil fáil ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil, go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don soláthróir nó don soláthraí seirbhíse arna ainmniú ag an gcustaiméir deiridh, arna iarraidh sin don chustaiméir deiridh.
I gcás ina mbeidh suiteáilte ag an gcustaiméir deiridh méadar a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, beidh an custaiméir deiridh in ann rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil a chuirfidh ar a chumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.
Cuimseofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil:
|
(a) |
sonraí carnacha do na 3 bliana roimhe sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair gáis, más giorra an tréimhse sin. Comhfhreagróidh na sonraí do na tréimhsí dar táirgeadh faisnéis thráthrialta billeála; agus |
|
(b) |
sonraí mionsonraithe de réir am na húsáide do gach lá, seachtain, mí agus bliain, a chuirfear ar fáil don chustaiméir deiridh gan mhoill tríd an idirlíon nó trí chomhéadan an mhéadair, lena gcumhdaítear an tréimhse den 24 mhí roimhe sin ar a laghad nó an tréimhse ó thús an chonartha soláthair gáis, más giorra an tréimhse sin. |
5. Foinsí fuinnimh a nochtadh
Sonróidh soláthróirí i mbillí an sciar de ghás in-athnuaite agus de ghás ísealcharbóin ar leithligh a cheannaigh an custaiméir deiridh i gcomhréir leis an gconradh soláthair le haghaidh gás nádúrtha agus hidrigine (nochtadh ar leibhéal an táirge). I gcás meascáin, soláthróidh an soláthróir an fhaisnéis chéanna ar leithligh do chatagóirí éagsúla gáis, lena n-áirítear gás in-athnuaite nó gás ísealcharbóin.
Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus ina bhfaisnéis bhilleála, nó déanfar í a chur leo nó comhartha ina leith a chur iontu:
|
(a) |
an sciar de ghás in-athnuaite agus de ghás ísealcharbóin atá i meascán an tsoláthróra (ar an leibhéal náisiúnta, eadhon sa Bhallstát inar tugadh an conradh soláthair le haghaidh gáis i gcrích, agus ar leibhéal an tsoláthróra má tá an soláthróir gníomhach i roinnt Ballstát) le linn na bliana roimhe sin ar bhealach soiléir so-chomparáide; |
|
(b) |
faisnéis maidir leis an tionchar ar an gcomhshaol, ar a laghad i dtéarmaí astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin a eascraíonn as gás nádúrtha nó hidrigin arna soláthar ag an soláthróir le linn na bliana roimhe sin. |
A mhéid a bhaineann le pointe (a) den dara mír, i ndáil le gás nádúrtha agus hidrigin arna bhfáil trí mhalartán gáis nó arna n-allmhairiú ó ghnóthas atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, féadfar na figiúirí comhiomlána arna soláthar ag an malartán nó ag an ngnóthas lena mbaineann le bliain roimhe sin a úsáid.
Déanfar an sciar den ghás in-athnuaite a cheannaigh na custaiméirí deiridh a nochtadh trí ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid, bunaithe ar Threoir (AE) 2018/2001. I gcás ina dtomhlaíonn custaiméir gás nádúrtha nó hidrigin ó ghréasán hidrigine nó ó ghréasán gáis nádúrtha, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus bithmheatán, mar a léirítear sa tairiscint tráchtála ón soláthróir, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhfhreagróidh na ráthaíochtaí tionscnaimh a chuirtear ar ceal do na saintréithe gréasáin ábhartha.
Déanfaidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil náisiúnta eile na bearta is gá lena áirithiú go mbíonn an fhaisnéis a thugann na soláthróirí do na custaiméirí deiridh de bhun an phointe seo iontaofa agus go soláthraítear, ar an leibhéal náisiúnta, ar bhealach soiléir so-chomparáide í.
(1) Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE (IO L 311, 17.11.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
Córais méadraithe chliste i ngás nádúrtha agus hidrigin
1.
Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear i bhfeidhm córais méadraithe chliste ina gcríocha ach amháin tar éis measúnú eacnamaíoch a dhéanamh ar na costais agus na tairbhí don mhargadh agus don tomhaltóir aonair san fhadtéarma nó ar cén cineál méadrúcháin chliste is réasúnta ó thaobh na heacnamúlachta agus na costéifeachta de agus cén creat ama is indéanta i leith a ndáileacháin.
2.
Cuirfear san áireamh sa mheasúnú eacnamaíoch sin pleananna forbartha gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 55, go háirithe, mír 2, pointe (c), de, maidir le díchoimisiúnú gréasán.
3.
Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh an mhodheolaíocht don anailís costais is tairbhe agus na híosfheidhmiúlachtaí do chórais méadraithe chliste dá bhforáiltear i Moladh 2012/148/AE (1) ón gCoimisiún sa mhéid go mbeidh siad infheidhme maidir le gás nádúrtha agus hidrigin, chomh maith leis na teicnící is fearr atá ar fáil chun an leibhéal is airde cibearshlándála agus cosanta sonraí a áirithiú.Leis an measúnú sin, déanfar machnamh cuí freisin ar shineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le bonneagar méadrúcháin chliste leictreachais a rolladh amach cheana féin, nó roghanna le haghaidh rolladh amach roghnaitheach maidir le cásanna inar féidir glantairbhí a thabhairt ar ais go tapa chun bang a choinneáil ar chostais.
4.
Faoi réir an mheasúnaithe sin, ullmhóidh na Ballstáit tráthchlár le sprioc de suas le 10 mbliana le haghaidh cur i bhfeidhm córas méadraithe chliste. I gcás ina mbeidh toradh dearfach ar an measúnú ar imscaradh na gcóras méadraithe chliste, beidh córais méadrúcháin chliste ag 80 % ar a laghad de na custaiméirí deiridh laistigh de 7 mbliana ó dháta an mheasúnaithe dhearfaigh orthu.
(1) Moladh 2012/148/AE ón Coimisiún an 9 Márta 2012 maidir le hullmhúcháin do leathadh amach na gcóras méadraithe chliste (IO L 73, 13.3.2012, lch. 9).
IARSCRÍBHINN III
Cuid A
Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi (dá dtagraítear in Airteagal 95)
|
Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94) |
|
|
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1) |
Airteagal 51 amháin |
|
Treoir (AE) 2019/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 117, 3.5.2019, lch. 1) |
|
|
Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45) |
Airteagal 41(1), pointe (v)), amháin |
Cuid B
Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dáta cur i bhfeidhm (dá dtagraítear in Airteagal 95)
|
Treoir |
Teorainn ama don trasuí |
Dáta cur i bhfeidhm |
|
Treoir 2009/73/CE |
an 3 Márta 2011 |
an 3 Márta 2011 seachas a mhéid a bhaineann le hAirteagal 11; an 3 Márta 2013 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 11 |
|
Treoir (AE) 2019/692 |
an 24 Feabhra 2020 |
|
IARSCRÍBHINN IV
Tábla comhghaoil
|
Treoir 2009/73/CE |
An Treoir seo |
|
— |
Airteagal 1(1) |
|
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1(2) |
|
Airteagal 1(2) |
— |
|
— |
Airteagal 1(3) |
|
— |
Airteagal 1(4) |
|
— |
Airteagal 1(5) |
|
Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach |
Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach |
|
— |
Airteagal 2, pointí 1 go 14 |
|
Airteagal 2, pointe 1 |
Airteagal 2, pointe 15 |
|
Airteagal 2, pointe 2 |
Airteagal 2, pointe 16 |
|
Airteagal 2, pointe 3 |
Airteagal 2, pointe 17 |
|
Airteagal 2, pointe 4 |
Airteagal 2, pointe 18 |
|
Airteagal 2, pointe 5 |
Airteagal 2, pointe 19 |
|
Airteagal 2, pointe 6 |
Airteagal 2, pointe 20 |
|
— |
Airteagal 2, pointí 21 go 27 |
|
Airteagal 2, pointe 7 |
Airteagal 2, pointe 28 |
|
Airteagal 2, pointe 8 |
Airteagal 2, pointe 29 |
|
— |
Airteagal 2, pointe 30 |
|
Airteagal 2, pointe 9 |
Airteagal 2, pointe 31 |
|
Airteagal 2, pointe 10 |
Airteagal 2, pointe 32 |
|
Airteagal 2, pointe 11 |
Airteagal 2, pointe 33 |
|
Airteagal 2, pointe 12 |
Airteagal 2, pointe 34 |
|
Airteagal 2, pointe 13 |
Airteagal 2, pointe 35 |
|
Airteagal 2, pointe 14 |
Airteagal 2, pointe 36 |
|
Airteagal 2, pointe 15 |
Airteagal 2, pointe 37 |
|
Airteagal 2, pointe 16 |
Airteagal 2, pointe 38 |
|
Airteagal 2, pointe 17 |
Airteagal 2, pointe 39 |
|
— |
Airteagal 2, pointe 40 |
|
Airteagal 2, pointe 18 |
Airteagal 2, pointe 41 |
|
Airteagal 2, pointe 19 |
Airteagal 2, pointe 42 |
|
Airteagal 2, pointe 20 |
Airteagal 2, pointe 43 |
|
Airteagal 2, pointe 21 |
Airteagal 2, pointe 44 |
|
Airteagal 2, pointe 22 |
Airteagal 2, pointe 45 |
|
Airteagal 2, pointe 23 |
Airteagal 2, pointe 46 |
|
Airteagal 2, pointe 24 |
Airteagal 2, pointe 47 |
|
Airteagal 2, pointe 25 |
Airteagal 2, pointe 48 |
|
Airteagal 2, pointe 26 |
Airteagal 2, pointe 49 |
|
Airteagal 2, pointe 27 |
Airteagal 2, pointe 50 |
|
Airteagal 2, pointe 29 |
Airteagal 2, pointe 51 |
|
— |
Airteagal 2. pointe 52 |
|
Airteagal 2, pointe 34 |
Airteagal 2, pointe 53 |
|
Airteagal 2, pointe 35 |
Airteagal 2, pointe 54 |
|
Airteagal 2, pointe 36 |
Airteagal 2, pointe 55 |
|
— |
Airteagal 2, pointí 56 go 77 |
|
Airteagal 37 |
Airteagal 3(1) |
|
— |
Airteagal 3(2) go (7) |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 4 |
|
— |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 3(1) agus (2) |
Airteagal 6(1) agus (2) |
|
— |
Airteagal 6(3) agus (4) |
|
Airteagal 5(11) |
Airteagal 6(5) |
|
— |
Airteagal 6(6) |
|
Airteagal 7(1) agus (2) |
Airteagal 7(1) agus (2) |
|
Airteagal 7(3) |
— |
|
Airteagal 7(4) |
Airteagal 7(3) |
|
Airteagal 4(1) agus (2) |
Airteagal 8(1) agus (2) |
|
— |
Airteagal 8(3) go (11) |
|
Airteagal 4(3) agus (4) |
Airteagal 8(12) agus (13) |
|
— |
Airteagal 8(14) agus (15) |
|
— |
Airteagal 9 |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 10 |
|
Airteagal 3(3) agus (12), agus Iarscríbhinn I, mír 1, pointí (a), (b), (c), (d), (e), (f), (g), agus (j) |
Airteagal 11 |
|
— |
Airteagal 12 |
|
— |
Airteagal 13 |
|
— |
Airteagal 14 |
|
— |
Airteagal 15 |
|
Iarscríbhinn I, mír 1, pointe (i) |
Airteagail 16 agus 19 |
|
Iarscríbhinn I, mír 2, |
Airteagal 17 |
|
— |
Airteagal 18 |
|
— |
Airteagal 20 |
|
— |
Airteagal 21 |
|
Iarscríbhinn I, mír 1, pointe (h) |
Airteagal 22 |
|
— |
Airteagal 23 |
|
Airteagal 3(9) |
Airteagal 24 |
|
Airteagal 3(9) agus Iarscríbhinn I, mír 1, pointe (f) |
Airteagal 25 |
|
Airteagal 3(3) |
Airteagal 26 |
|
— |
Airteagal 27 |
|
— |
Airteagal 28 |
|
— |
Airteagal 29 |
|
— |
Airteagal 30 |
|
Airteagal 32 |
Airteagal 31 |
|
Airteagal 34 |
Airteagal 32 |
|
Airteagal 33 |
Airteagal 33 |
|
Airteagal 38 |
Airteagal 34 |
|
— |
Airteagal 35 |
|
— |
Airteagal 36 |
|
— |
Airteagal 37 |
|
Airteagal 35 |
Airteagal 38(1) agus (2) |
|
— |
Airteagal 38(3) go (6) |
|
Airteagal 13(1) agus (2) |
Airteagal 39(1) agus (2) |
|
— |
Airteagal 39(3) agus (4) |
|
Airteagal 13(3) agus (4) |
Airteagal 39(5) agus (6) |
|
— |
Airteagal 39(7), (8) agus (9) |
|
Airteagal 13(5) |
Airteagal 39(10) |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 40 |
|
— |
Airteagal 41 |
|
Airteagal 23 |
Airteagal 42 |
|
Airteagal 24 |
Airteagal 43 |
|
Airteagal 25(1) |
Airteagal 44(1) |
|
— |
Airteagal 44(2) |
|
Airteagal 25(2) go (5) |
Airteagal 44(3) go (6) |
|
— |
Airteagal 44(7) agus (8) |
|
— |
Airteagal 45 |
|
Airteagal 26 |
Airteagal 46 |
|
Airteagal 27 |
Airteagal 47 |
|
Airteagal 28(1) go (4) |
Airteagal 48(1) go (4) |
|
— |
Airteagal 48(5) |
|
Airteagal 29 |
Airteagal 49(1) |
|
— |
Airteagal 49(2) agus (3) |
|
— |
Airteagal 50 |
|
— |
Airteagal 51 |
|
— |
Airteagal 52 |
|
— |
Airteagal 53 |
|
— |
Airteagal 54 |
|
Airteagal 22(1) |
Airteagal 55(1) an chéad fhomhír |
|
— |
Airteagal 55(1) an dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír |
|
Airteagal 22(2) |
Airteagal 55(2) |
|
— |
Airteagal 55(3) |
|
Airteagal 22(4) go (8) |
Airteagal 55(4) go (8) |
|
— |
Airteagal 56 |
|
— |
Airteagal 57 |
|
— |
Airteagal 58 |
|
— |
Airteagal 59 |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 60 |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 61 |
|
Airteagal 15 |
Airteagal 62 |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 63 |
|
Airteagal 18(1) go (10) |
Airteagal 64(1) go (10) |
|
— |
Airteagal 64(11) |
|
Airteagal 19 |
Airteagal 65 |
|
Airteagal 20 |
Airteagal 66 |
|
Airteagal 21 |
Airteagal 67 |
|
— |
Airteagal 68 |
|
— |
Airteagal 69 |
|
— |
Airteagal 70 |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 71 |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 72 |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 73 |
|
Airteagal 30 |
Airteagal 74 |
|
Airteagal 31 |
Airteagal 75 |
|
Airteagal 39 |
Airteagal 76(1) go (5) |
|
— |
Airteagal 76(6) |
|
Airteagal 40 |
Airteagal 77 |
|
Airteagal 41(1) go (4) |
Airteagal 78(1) go (4) |
|
— |
Airteagal 78(5) |
|
Airteagal 41(5) go (9) |
Airteagal 78(6) go (10) |
|
Airteagal 41(10) go (17) |
Airteagal 79(1) go (8) |
|
Airteagal 42 |
Airteagal 80 |
|
Airteagal 43 |
Airteagal 81 |
|
Airteagal 44 |
Airteagal 82 |
|
Airteagal 46(1) |
Airteagal 83 |
|
Airteagal 46(2) agus (3) |
— |
|
Airteagal 47 |
Airteagal 84 |
|
Airteagal 48a |
Airteagal 85 |
|
— |
Airteagal 86 |
|
— |
Airteagal 87 |
|
Airteagal 49a |
Airteagal 88(1), (2) agus (3) |
|
— |
Airteagal 88(4) |
|
Airteagal 49b |
Airteagal 89 |
|
— |
Airteagal 90 |
|
— |
Airteagal 91 |
|
— |
Airteagal 92 |
|
— |
Airteagal 93 |
|
Airteagal 54 |
Airteagal 94 |
|
Airteagal 53 |
Airteagal 95 |
|
Airteagal 55 |
Airteagal 96 |
|
Airteagal 56 |
Airteagal 97 |
|
— |
Iarscríbhinn I |
|
— |
Iarscríbhinn II |
|
— |
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn IV |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)