|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1785 |
15.7.2024 |
TREOIR (AE) 2024/1785 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2024
lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le líonadh talún le dramhaíl
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é atá sa teachtaireacht an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘an Comhaontú Glas don Eoraip’ straitéis na hEorpa chun a áirithiú go mbeidh geilleagar aici atá aeráidneodrach, glan agus ciorclach faoi 2050, trí úsáid, athúsáid agus bainistiú acmhainní a bharrfheabhsú, an truailliú a íoslaghdú, agus an tráth céanna, aitheantas a thabhairt don ghá atá le beartais an-chlaochlaitheach, chomh maith leis an ngá atá le sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus iarmhairtí a bhaineann leis an gcomhshaol. Is é is aidhm di freisin a áirithiú go mbeidh aistriú den sórt sin cóir agus cuimsitheach, agus nach bhfágfar aon duine ar lár. Tá an tAontas tiomanta freisin do Chomhaontú Pháras (4), do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus dá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chomh maith lena rannpháirtíocht san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Le Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach a glacadh i mí na Bealtaine 2021, tugtar aghaidh go sonrach ar ghnéithe truaillithe den Chomhaontú Glas don Eoraip. An tráth céanna, leagtar béim bhreise sa Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag teicneolaíochtaí claochlaitheacha. I measc na mbeartas eile a bhaineann leis an athbhreithniú ar Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) atá ábhartha maidir leis an tionscnamh seo tá an Dlí Aeráide Eorpach (6), an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, an Straitéis um Meatán agus Gealltanas Ghlaschú um Meatán, an Straitéis maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide, an Straitéis Bhithéagsúlacht, an Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc, an Straitéis Ithreach agus an Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe. Ina theannta sin, mar chuid de fhreagairt an Aontais ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, moltar le REPowerEU comhghníomhaíocht Eorpach chun tacú le soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh. |
|
(2) |
D’fhógair an Coimisiún sa Chomhaontú Glas don Eoraip, athbhreithniú ar bhearta an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar thruailliú ó mhórshuiteálacha tionsclaíocha, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme earnála na reachtaíochta agus conas í a chur i gcomhréir iomlán le beartais aeráide, beartais fuinnimh agus beartais an gheilleagair chiorclaigh. Ina theannta sin, iarrtar freisin sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach, sa Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach agus sa Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc go bhfeabhsófar éifeachtúlacht agus athúsáid acmhainní agus astaíochtaí truailleán á laghdú ag an bhfoinse, lena n-áirítear foinsí nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE faoi láthair. Is gá, mar sin, truailliú ó ghníomhaíochtaí agraithionsclaíocha áirithe a áireamh faoi raon feidhme na Treorach sin chun aghaidh a thabhairt orthu, agus cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe a bhfuil iliomad comhshocar acu le haghaidh chuspóirí comhshaoil agus aeráide an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip á gcur chun cinn. |
|
(3) |
Tá tionscal eastóscach an Aontais ríthábhachtach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus straitéis thionsclaíoch an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear aon an straitéis sin a thabhairt cothrom le dáta. Tá tábhacht straitéiseach ag baint le miotail maidir leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas, maidir leis an gclaochlú fuinnimh, an claochlú ábhar agus claochlú an gheilleagair chiorclaigh chomh maith le hathléimneacht eacnamaíoch agus neamhspleáchas eacnamaíoch an Aontais a neartú. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is gá tuilleadh forbartha a dhéanamh ar acmhainneacht agus soláthar intíre inbhuanaithe, go háirithe i bhfianaise an éilimh dhomhanda atá ag dul i méid, leochaileacht na slabhraí soláthair agus na teannais gheopholaitiúla. Chuige sin, teastaíonn bearta éifeachtacha, saincheaptha agus comhchuibhithe chun a áirithiú go leagtar síos agus go n-úsáidtear na teicnící is fearr atá ar fáil, agus ar an mbealach sin, próisis a chur i bhfeidhm arb iad na cinn is éifeachtúla iad agus a bhfuil an tionchar is ísle is féidir acu ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Sásraí rialachais Threoir 2010/75/AE lena nasctar saineolaithe tionscail le forbairt ceanglas comhshaoil atá comhthoiliúil agus saincheaptha, is sásraí iad a bheidh ag tacú le fás inbhuanaithe na ngníomhaíochtaí sin san Aontas. Trí chaighdeáin a chomhaontaítear go comhpháirteach a fhorbairt agus a bheith ar fáil, beidh cothrom na hiomaíochta san Aontais agus áiritheofar ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol an tráth céanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, na gníomhaíochtaí sin a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, gan dochar do Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Leis an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha tacófar le tionscal an Aontais tionscadail a fhorbairt agus fás inbhuanaithe agus comhthoiliúil na ngníomhaíochtaí mianadóireachta a éascú san Aontas i gcomhréir le tagarmharcanna 2030 an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla. Beidh an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha ina cabhair chun na spriocanna i ndáil le próiseas cuíchóirithe deonaithe ceadanna an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla a chomhlíonadh trí thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le coinníollacha ceada oibriúcháin a shocrú agus ceadanna a sholáthar go tapa. |
|
(4) |
Ba cheart go ndéanfaí soiléiriú sa ghníomh leasaitheach sin gur cheart truailliú boltanach a chur i gcuntas nuair a dhéantar na teicnící is fearr atá ar fáil (‘BAT’) a shainiú agus ceadanna a athbhreithniú nó a dheonú. |
|
(5) |
Ba cheart an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag sceitheadh tionsclaíoch ar staid na ndobharlach de bharr éagsúlachtaí i ndinimic an tsreafa uisce a chur i gcuntas go sainráite mar chuid de dheonú agus d’athbhreithniú ceadanna. |
|
(6) |
Tá tógáil beostoic ina cúis mhór le hastaíochtaí truailleán a scaoileadh isteach san aer agus san uisce. Chun na hastaíochtaí sin a laghdú, lena n-áirítear amóinia, meatán, níotráití agus gáis ceaptha teasa agus, ar an mbealach sin, cáilíocht an aeir, an uisce agus na hithreach a fheabhsú, is gá an tairseach ar os a cionn a áirítear suiteálacha muc agus éanlaithe clóis faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE a ísliú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún measúnú agus tuairisciú a dhéanamh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an ngá atá le gníomhaíocht ón Aontas chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar na hastaíochtaí ó thógáil beostoic, go háirithe eallach, agus raon na n-ionstraimí atá ar fáil agus sainiúlachtaí na hearnála á gcur san áireamh. An tráth céanna, ba cheart don Choimisiún measúnú agus tuairisciú a dhéanamh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, bunaithe ar fhianaise, maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht AE chun an cuspóir maidir le cosaint an chomhshaoil dhomhanda a bhaint amach i ndáil le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh trí astaíochtaí ó fheirmeoireacht beostoic a chosc agus a rialú, ar bhealach atá comhsheasmhach le hoibleagáidí idirnáisiúnta |
|
(7) |
Le ceanglais BAT atá ábhartha do chineál na suiteálacha, cuirtear san áireamh cineál, méid, dlús agus castacht na suiteálacha sin, lena n-áirítear sainiúlachtaí na gcóras tógála agus raon na dtionchar ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh a bheith acu. Tá gá leis an aistriú i dtreo cleachtais talmhaíochta a éireoidh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol de réir a chéile, agus is é is aidhm do na ceanglais chomhréireachta in BATanna feirmeoirí a spreagadh an t-aistriú sin a chur chun feidhme. |
|
(8) |
Ba cheart tógáil muc i suiteálacha a oibríonn faoi chórais orgánacha nó táirgeachta a bhfuil dlús stocála íseal acu a dhíolmhú ó raon feidhme Threoir 2010/75/AE ós rud é go rannchuidíonn siad go dearfach le tírdhreacha a chaomhnú, le dóiteáin foraoise a chosc agus le héagsúlacht bhitheolaíoch agus gnáthóga a chosaint. Ba cheart go gcumhdófaí leis an díolúine suiteálacha le tógáil bunaithe ar fhéarach muc a bhfuil dlús íseal stocála acu agus ina dtógtar na hainmhithe lasmuigh ar feadh tréimhse shuntasach ama in aghaidh na bliana, go háirithe i rith an lae, agus ina n-áirithíonn dálaí aimsire agus sábháilteachta leas na n-ainmhithe, nó ina dtógtar lasmuigh go séasúrach iad. Ba cheart an limistéar a úsáidtear le haghaidh ríomh an dlúis a úsáid le haghaidh innilt ag na hainmhithe sa tsuiteáil nó le haghaidh fás farae nó foráiste a úsáidtear chun na hainmhithe a bheathú sa tsuiteáil. |
|
(9) |
Tá freagracht ar an Aontas leanúint air ina a ról ceannasach maidir le gníomhú domhanda ar son an haeráide, lena n-áirítear tríd an gcuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Trí aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí meatáin ó bheostoc go domhanda, rannchuideofaí le laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar laghdú é a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. |
|
(10) |
Leis an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc (F2F), leagadh amach an gealltanas an t-aistriú domhanda chuig córais bhia inbhuanaithe a chur chun cinn i gcomhlachtaí socraithe caighdeán agus stiúir a ghlacadh ar an obair ar chaighdeáin inbhuanaitheachta idirnáisiúnta. Leanfaidh an tAontas de bheith ag iarraidh caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun cinn sna comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha agus spreagfaidh sé táirgeadh táirgí agraibhia a chomhlíonann ardchaighdeáin sábháilteachta agus inbhuanaitheachta. Ina theannta sin, mar a luaitear sa tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal ‘Cur i bhfeidhm chaighdeáin sláinte agus chomhshaoil an Aontais maidir le táirgí talmhaíochta agus agraibhia allmhairithe’, cuireann caighdeáin agus cuspóirí uaillmhianacha sláinte, comhshaoil agus inbhuanaitheachta eile le cuspóirí dlisteanacha a bhaint amach maidir le hábhair imní dhomhanda, i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin freisin. Leanfaidh an tAontas dá chuid iarrachtaí ar an leibhéal iltaobhach chun comhthoil dhomhanda a bhaint amach maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht agus le caighdeáin a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta. |
|
(11) |
Ba cheart don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta sa chomhar idirnáisiúnta freisin chun córas iltaobhach atá oscailte agus cothrom a chruthú ina ngníomhóidh an trádáil inbhuanaithe mar phríomhchumasóir don aistriú glas. I gcomhréir leis an athbhreithniú ar bheartas Trádála agus Forbartha Inbhuanaithe an Aontais agus leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch atá glan agus cóir’, tá sé ríthábhachtach dul i dteagmháil le comhpháirtithe i bpróiseas comhoibritheach chun rialachas idirnáisiúnta comhshaoil agus comhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta comhshaoil a chothú. |
|
(12) |
Chun cosc a chur le feirmeacha a roinnt ar bhealach saorga, rud a d’fhéadfadh acmhainneacht aonaid beostoic feirme a laghdú go leibhéal faoi bhun na tairsí arna bunú in Iarscríbhinn Ia chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun a áirithiú, má tá dhá shuiteáil nó níos mó suite i ngar dá chéile agus más ionann a n-oibreoir nó má tá na suiteálacha faoi rialú oibreoirí atá i mbun caidreamh eacnamaíoch nó dlíthiúil, gur féidir leis an údarás inniúil na suiteálacha sin a mheas mar aonad aonair chun an acmhainneacht beostoic a ríomh. Níor cheart an tairseach le haghaidh feirmeoireacht mheasctha a úsáid chun dul timpeall ar an tairseach a bhaineann le gach beostoc ar leith. |
|
(13) |
Is dócha go dtiocfaidh méadú suntasach ar líon na suiteálacha mórscála laistigh den Aontas ina dtairgfear ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha faoi 2030 agus ina dhiaidh sin, rud a chuirfidh le sciar an Aontais de tháirgeadh domhanda na gceallraí. Rialaítear roinnt de ghníomhaíochtaí i luachshlabhra na gceallraí cheana féin le Treoir 2010/75/AE agus rialaítear ceallraí mar tháirgí le Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Mar sin féin, is gá fós suiteálacha móra ina monaraítear ceallraí a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, chun a áirithiú go gcumhdaítear freisin iad leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2010/75/AE. Trí shuiteálacha móra ina monaraítear ceallraí a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, seachas suiteálacha nach ndéanann ach ceallraí a chóimeáil, cuirfear feabhas ar inbhuanaitheacht na gceallraí ar bhealach iomlánaíoch agus déanfar an tionchar a bheidh acu ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a íoslaghdú. Rannchuideoidh sé sin le fás i monarú ceallraí atá níos inbhuanaithe. |
|
(14) |
D’fhonn rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a neartú a thuilleadh, is gá a shoiléiriú go bhfuil na ceadanna le haghaidh suiteálacha arna ndeonú de bhun Threoir 2010/75/AE le cur ar fáil don phobal ar an idirlíon, saor in aisce agus gan an rochtain a shrianadh d’úsáideoirí cláraithe amháin, agus a áirithiú an tráth céanna go ndéantar faisnéis rúnda ghnó a choimirciú. |
|
(15) |
Ba cheart do Bhallstáit córais um cheadú leictreonach a fhorbairt a laghdóidh an t-ualach riaracháin d’oibreoirí agus d’údaráis inniúla, a fheabhsóidh rochtain phoiblí ar fhaisnéis agus a éascóidh rannpháirtíocht an phobail in nósanna imeachta um cheadú. Ba cheart don Choimisiún tacú le Ballstáit ceadú leictreonach a fhorbairt tríd an malartú faisnéise idir na Ballstáit a eagrú agus trí threoir maidir le dea-chleachtais a sholáthar. |
|
(16) |
Is féidir le tionchar truaillithe, lena n-áirítear nuair is teagmhais nó timpistí is cúis leis, leathnú taobh amuigh de chríoch Ballstáit. I gcásanna den sórt sin, gan dochar do Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), chun iarmhairtí teagmhas nó timpistí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a theorannú agus chun teagmhais nó timpistí eile a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc, tá gá le malartú faisnéise pras agus le dlúth-chomhordú idir údaráis inniúla na mBallstát a ndéanann na heachtraí sin difear dóibh nó a bhféadfadh na heachtraí sin difear a dhéanamh dóibh. Dá bhrí sin, i gcás aon teagmhais nó timpiste a mbeidh tionchar suntasach aige ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine i mBallstát eile, ba cheart malartú faisnéise agus comhar trasteorann ildisciplíneach idir na Ballstáit a ndéantar difear dóibh a chothú chun na hiarmhairtí ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a theorannú agus chun teagmhais nó timpistí eile a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc. |
|
(17) |
Ba cheart do na Ballstáit bearta dearbhaithe comhlíontachta a ghlacadh freisin chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a chuirtear ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha faoi Threoir 2010/75/AE a chur chun cinn, a fhorfheidhmiú agus chun faireachán a dhéanamh air. Mar chuid de na bearta dearbhaithe comhlíontachta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh líon leordhóthanach ball foirne cáilithe agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha ag na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar an Treoir seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú chun a bhfeidhmeanna a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo a fheidhmiú go héifeachtach. |
|
(18) |
Chomh maith leis sin, mar chuid de bhearta dearbhaithe comhlíontachta, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann oibriú suiteála a chur ar fionraí i gcás ina mbeidh contúirt ann do shláinte an duine nó ina mbeidh riosca ann go mbeadh éifeacht dhíobhálach shuntasach ar an gcomhshaol de dheasca sárú leanúnach ar choinníollacha an cheada agus de dheasca nár cuireadh torthaí na tuarascála cigireachta i bhfeidhm, chun an chontúirt sin a bhaint. |
|
(19) |
I gcás truailliú a dhéanann difear d’acmhainní uisce óil, lena n-áirítear acmhainní trasteorann, nó a dhéanann difear do bhonneagar fuíolluisce, ba cheart go gcuirfeadh an t-údarás inniúil na hoibreoirí uisce óil agus fuíolluisce a ndéantar difear dóibh ar an eolas faoi na bearta arna ndéanamh chun damáiste de dheasca an truaillithe sin do shláinte an duine nó don chomhshaol a chosc nó a leigheas. |
|
(20) |
Baineadh de thátal as an meastóireacht a rinneadh ar Threoir 2010/75/AE gur gá na naisc idir an Treoir sin agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a neartú, chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le húsáid ceimiceán i suiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE. Chun sineirgí a fhorbairt idir an obair a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) ar cheimiceáin agus ullmhú doiciméad tagartha BAT faoi Threoir 2010/75/AE, ba cheart ról foirmiúil a thabhairt do ECHA san ullmhúchán sin de dhoiciméid tagartha BAT. |
|
(21) |
Ba cheart don Choimisiún rannpháirtíocht a spreagadh san fhóram le haghaidh malartú faisnéise ag geallsealbhóirí agus ionadaithe na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ENRanna a bhfuil baint acu le cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún rannpháirtíocht na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil sa mhalartú faisnéise a áirithiú, i gcás ina rachadh saineolas na Gníomhaireachta chun tairbhe don mhalartú faisnéise. I bhfianaise leathnú raon feidhme agus ualach oibre méadaitheach an fhóraim malartaithe agus na meithle teicniúla, ba cheart don Choimisiún acmhainní leormhaithe a ghealladh agus na hathruithe is gá a ghlacadh, lena n-áirítear trí Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/119/AE ón gCoimisiún (11) a leasú, chun feidhmiú an fhóraim agus na meithle teicniúla a áirithiú. |
|
(22) |
Chun an malartú faisnéise lena dtacaítear le cinneadh na leibhéal astaíochtaí agus na leibhéal feidhmíochta comhshaoil a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil a éascú, agus sláine faisnéise rúnda gnó a choinneáil ar bun an tráth céanna, ba cheart na nósanna imeachta a shonrú maidir le faisnéis a láimhseáil, ar faisnéis rúnda ghnó í nó ar faisnéis í atá íogair ó thaobh na tráchtála de, lena n-áirítear coinníollacha maidir le catagóirí áirithe geallsealbhóirí a anaithnidiú, agus faisnéis a bhailítear ón tionscal i gcomhthéacs an mhalartaithe faisnéise arna eagrú ag an gCoimisiún chun doiciméid tagartha BAT a dhréachtú, a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart a áirithiú nach ndéanfaidh daoine aonair atá rannpháirteach sa mhalartú faisnéise faisnéis ar faisnéis rúnda ghnó í nó ar faisnéis í atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chomhroinnt le haon ionadaí gnóthas nó comhlachtaí trádála a bhfuil leas eacnamaíoch acu sna gníomhaíochtaí tionsclaíocha lena mbaineann agus sna margaí gaolmhara. Tá malartú faisnéise den sórt sin gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
|
(23) |
Ní chruthaítear leis an Treoir seo aon oibleagáidí faisnéis rúnda ghnó a nochtadh don phobal ar oibleagáidí iad a bheadh ina n-oibleagáidí breise ar na cinn sin atá leagtha síos cheana i dTreoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). |
|
(24) |
Chun cosaint shláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil ina iomláine a áirithiú, tá gá le sineirgí agus comhordú le reachtaíocht ábhartha eile an Aontais maidir leis an gcomhshaol, ag gach céim de chur chun feidhme Threoir 2010/75/AE. Dá bhrí sin, ba cheart dul i gcomhairle go cuí leis na húdaráis inniúla ábhartha uile ar a bhfuil freagracht maidir le comhlíonadh reachtaíocht ábhartha eile an Aontais maidir leis an gcomhshaol sula ndeonófar cead faoin Treoir sin. |
|
(25) |
D’fhonn feidhmíocht chomhshaoil agus sábháilteacht na suiteálacha a fheabhsú go leanúnach, lena n-áirítear trí ghiniúint dramhaíola a chosc, úsáid acmhainní agus athúsáid uisce a bharrfheabhsú, agus rioscaí a bhaineann le húsáid substaintí guaiseacha a chosc nó a laghdú, ba cheart d’oibreoirí suiteálacha córas bainistithe comhshaoil (EMS) a bhunú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Treoir seo agus le conclúidí ábhartha BAT, agus ba cheart dóibh codanna ábhartha a chur ar fáil don phobal. Sula gcuirtear na codanna ábhartha dá EMS ar fáil don phobal, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an oibreoir faisnéis rúnda ghnó a fholú nó a eisiamh. Ba cheart feidhm a bheith ag féidearthacht den sórt sin ar bhealach sriantach, agus an cás áirithe de leas an phobail á chur san áireamh a ndéantar fónamh dó tríd an bhfaisnéis a nochtadh. Ba cheart go gcumhdófaí le EMS freisin bainistiú na rioscaí a bhaineann le substaintí guaiseacha a úsáid agus anailís ar an bhféidearthacht roghanna malartacha níos sábháilte a chur in ionad na substaintí guaiseacha. |
|
(26) |
Chun a áirithiú go bhfuil EMS i gcomhréir le ceanglais Threoir 2010/75/AE, ba cheart don oibreoir athbhreithniú a dhéanamh ar EMS agus d’iniúchóir seachtrach atá ar conradh ag an oibreoir iniúchadh a dhéanamh air. Ba cheart don iniúchóir a bheith ina chomhlacht um measúnú comhréireachta arna chreidiúnú i gcomhréir le hAirteagal 2(20) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), mar a cheanglaítear faoi ISO 17021, nó ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cead mar fhíoraitheoir comhshaoil faighte aige i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle l (15). |
|
(27) |
Chun tacú le dícharbónú, éifeachtúlacht acmhainní agus geilleagar ciorclach, ba cheart a áireamh sna conclúidí BAT leibhéil cheangailteacha feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT agus leibhéil táscacha feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le teicnící atá ag teacht chun cinn, le haghaidh próisis aonair a bhfuil saintréithe comhchosúla acu amhail iompróirí fuinnimh, amhábhair, aonaid táirgthe agus táirgí deiridh agus leibhéal ard aonchineálachta ar fud an Aontais, i gcásanna nach bhfuil na sonraí a chuirtear ar fáil sa mhalartú faisnéise lena dtacaítear le cinneadh BAT láidir go leor. Ba cheart tagarmharcanna táscacha a áireamh sna conclúidí BAT freisin le haghaidh cásanna eile atá le cur san áireamh ag oibreoirí ina EMSanna, i gcás ina bhfuil an fheidhmíocht chomhshaoil ag brath go mór ar imthosca sonracha na bpróiseas. D’fhéadfaí a áireamh ar na leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT agus leis na tagarmharcanna, leibhéil tomhaltais, leibhéil éifeachtúlachta acmhainní agus leibhéil athúsáide acmhainní lena gcumhdaítear ábhair, uisce agus acmhainní fuinnimh, leibhéil dramhaíola agus leibhéil eile a fhaightear faoi choinníollacha tagartha sonraithe. Ba cheart leibhéil feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna a bhunú agus na hacmhainní is gá le haghaidh claochlú suiteálacha arb é is aidhm dóibh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú á gcur san áireamh, chomh maith le héagsúlachtaí éileamhbhunaithe ar riachtanais acmhainní le haghaidh táirgí sonracha, amhail éagsúlachtaí tomhaltas uisce. Ba cheart don údarás inniúil raonta ceangailteacha le haghaidh feidhmíocht chomhshaoil mar a leagtar síos i gconclúidí BAT a shocrú sa chead, chomh maith le teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil ceangailteacha a bhaineann le huisce agus leibhéil tháscacha feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le dramhaíl agus le hacmhainní seachas uisce, nach lú déine ó thaobh an chomhshaoil de ná na raonta ceangailteacha, ar choinníoll go n-áiritheofar an ceann íochtarach feidhmíochta den raon sainordaitheach. Ba cheart don oibreoir na tagarmharcanna a áireamh sa chóras bainistithe comhshaoil. |
|
(28) |
Is gá sonrú breise a dhéanamh ar na coinníollacha faoinar féidir leis an údarás inniúil na próisis chóireála iartheachtacha i ngléasra cóireála fuíolluisce a chur san áireamh agus na teorainnluachanna astaíochtaí is infheidhme maidir le scaoiltí truailleán san uisce á socrú aige i gcead arna dheonú faoi Threoir 2010/75/AE. Ba cheart na teorainnluachanna astaíochtaí a shonrú ar bhealach lena n-áiritheofaí nach bhfágfadh scaoiltí den sórt sin go mbeadh ualach méadaithe truailleán in uiscí glactha nó nach gcuirfí bac ar an acmhainneacht nó an acmhainneacht fhéideartha acmhainní ón sruth cóireála fuíolluisce a aisghabháil i gcomparáid le staid ina gcuirfeadh an tsuiteáil BAT i bhfeidhm agus ina gcomhlíonfadh sí leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil i gcás scaoiltí díreacha. |
|
(29) |
Chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol ina iomláine a sholáthar, is gá, inter alia, teorainnluachanna astaíochtaí a leagan síos i gceadanna ar leibhéal lena n-áiritheofar comhlíonadh na leibhéal astaíochtaí is infheidhme a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil a leagtar amach i gconclúidí BAT. De ghnáth, sloinntear leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) mar raonta, seachas mar luachanna aonair, chun na difríochtaí a léiriú laistigh de chineál áirithe suiteála as a n-eascraíonn éagsúlachtaí sna feidhmíochtaí comhshaoil a bhaintear amach agus BAT á chur i bhfeidhm. Ní thabharfaidh BAT áirithe an fheidhmíocht chéanna i gcás suiteálacha éagsúla, d’fhéadfadh sé nach bhfuil roinnt BATanna oiriúnach lena n-úsáid i suiteálacha áirithe, nó d’fhéadfadh sé go bhfuil meascán de BATanna níos éifeachtaí i gcás truailleáin áirithe nó meáin áirithe chomhshaoil ná cinn eile, mar shampla. Cuireadh baint amach ardleibhéil cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol ina iomláine i gcontúirt mar gheall ar an gcleachtas mar atá teorainnluachanna astaíochtaí a shocrú ag an gceann is scaoilte de raon na leibhéal astaíochtaí a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil, gan a mheas go bhféadfadh suiteáil áirithe leibhéil astaíochtaí níos ísle a bhaint amach trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm. Le cleachtas den sórt sin, cuirtear drochmhisneach ar shuiteálacha atá chun tosaigh i dtaobh teicnící atá níos éifeachtaí a chur chun feidhme, agus cuirtear bac ar chothrom na hiomaíochta a bhaint amach, rud lena n-áiritheofaí ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol. Chun na hastaíochtaí a laghdú, ba cheart don údarás inniúil teorainnluachanna astaíochtaí a shocrú ag an leibhéal is déine is féidir a bhaint amach don tsuiteáil shonrach, agus raon iomlán BAT-AELanna á chur san áireamh chomh maith le héifeachtaí trasmheán. Ba cheart na teorainnluachanna astaíochtaí a bheith bunaithe ar mheasúnú arna dhéanamh ag an oibreoir lena ndéanfaí anailís ar an bhféidearthacht an ceann is déine de raon BAT-AEL a bhaint amach agus lena ndíreofar ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil is fearr is féidir do na suiteálacha sonracha; is é sin mura léiríonn an t-oibreoir go n-éireoidh leis an tsuiteáil lena mbaineann teorainnluachanna astaíochtaí is lú déine a chomhlíonadh má chuireann sí na teicnící is fearr atá ar fáil i bhfeidhm, ar teicnící iad a ndéantar tuairisc orthu i gconclúidí BAT. Chun tacú le teorainnluachanna astaíochtaí a shocrú i gceadanna agus le rialacha ceangailteacha ginearálta a ghlacadh, ba cheart faisnéis a bheith i gconclúidí BAT maidir leis na himthosca lenar féidir leibhéil astaíochtaí níos ísle a bhaint amach laistigh den raon BAT-AELanna a leagtar síos le haghaidh catagóirí suiteálacha a bhfuil saintréithe comhchosúla acu. Nuair atá teorainnluachanna astaíochtaí á socrú laistigh den raon BAT-AELanna, níor cheart don nós imeachta um maolú a bheith infheidhme. |
|
(30) |
Le conclúidí BAT, ba cheart teicnící atá ag teacht chun cinn agus na teicnící is fearr atá ar fáil a shainaithint, ar teicnící iad is féidir le hoibreoirí tionsclaíocha a chur chun feidhme chun suiteálacha a chlaochlú chun go mbeidh siad comhsheasmhach le cuspóir an Aontais maidir le geilleagar inbhuanaithe, glan, ciorclach agus aeráidneodrach. Ba cheart é a bheith ceadaithe d’údaráis inniúla a ndóthain ama a dheonú d’oibreoirí tionsclaíocha chun claochlú tionsclaíoch ó bhonn a chur chun feidhme, a mbeadh infheistíocht shubstainteach riachtanach ina leith trí BATanna nó teicnící atá ag teacht chun cinn lena mbaineann mórathrú ar an dearadh nó ar an teicneolaíocht, nó athsholáthar suiteála atá ann cheana, mar a thuairiscítear i gconclúidí BAT agus a leagtar síos i bplean claochlaithe. |
|
(31) |
Le blianta beaga anuas, rinne géarchéimeanna eisceachtúla difear don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit, amhail paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Chuaigh na géarchéimeanna sin i bhfeidhm go tobann agus go díreach ar sholáthar fuinnimh agus ar sholáthar acmhainní, ábhar nó trealaimh atá criticiúil don tsochaí, rud a d’fhág go raibh ganntanais agus suaitheadh mór ann, agus is gá freagairt a thabhairt orthu sin go pras. I gcás ina n-éilítear freagairt den sórt sin le géarchéimeanna, d’fhéadfadh sé gur ghá teorainnluachanna astaíochtaí agus teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil is lú déine ná na leibhéil atá i gconclúidí BAT a shocrú, chun táirgeadh fuinnimh nó táirgeadh trealaimh eile a bhfuil ríthábhacht ag baint leis a choinneáil nó chun leanúnachas oibríochtaí suiteálacha criticiúla a cheadú. Tá an gá atá le teorainnluachanna astaíochtaí nó teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil is lú déine a shocrú le cothromú leis an ngá atá ann an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint chomh maith le cothrom na hiomaíochta agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Dá bhrí sin, ní féidir teorainneacha is lú déine a shocrú ach amháin mar rogha dheireanach, nuair a bheidh na bearta eile a bhfuil níos lú truaillithe ann mar thoradh orthu ídithe. Ba cheart don údarás inniúil a áirithiú nach bhfuil aon truailliú suntasach mar thoradh ar astaíochtaí ón tsuiteáil. Chun maoirseacht a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte phoiblí, ba cheart faireachán a dhéanamh ar na hastaíochtaí. Chun cothrom na hiomaíochta a áirithiú agus an margadh inmheánach a chosaint, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann treoir dhocht a sholáthar maidir leis na géarchéimeanna eisceachtúla agus a n-imthosca a d’fhéadfaí a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún a fhíorú go bhfuil bonn cirt leis na maoluithe sin arna ndeonú ag na Ballstáit agus agóidí a dhéanamh i gcás ina gcinneann sé nach bhfuil bonn cirt le maolú, agus sa chás sin ba cheart don Bhallstát athbhreithniú a dhéanamh ar an maolú gan mhoill. |
|
(32) |
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh aonaid dócháin áirithe nó aonaid eile a astaíonn dé-ocsaíd charbóin agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa (16) a dhíolmhú ó cheanglais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i gcoinníollacha an cheada. |
|
(33) |
D’fhonn astú truailleán ó shuiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE a chosc nó a íoslaghdú agus d’fhonn cothrom na hiomaíochta a chur ar fáil ar fud an Aontais, ba cheart na coinníollacha faoina bhféadfar maoluithe ar theorainnluachanna astaíochtaí a dheonú a leagan amach ar bhealach níos fearr trí úsáid a bhaint as prionsabail ghinearálta, lena n-áirítear ceanglas maidir lena n-athmheasúnú rialta, chun a áirithiú go mbeidh cur chun feidhme na maoluithe sin níos comhchuibhithe ar fud an Aontais. Thairis sin, níor cheart maoluithe ar theorainnluachanna astaíochtaí a dheonú i gcás ina bhféadfaidís comhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil a chur i mbaol. |
|
(34) |
Baineadh de thátal as an meastóireacht a rinneadh ar Threoir 2010/75/AE go raibh éagothromaíocht sna cineálacha cur chuige measúnaithe comhlíontachta le haghaidh suiteálacha a chumhdaítear le Caibidil II den Treoir sin. Chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol ina iomláine a bhaint amach, cur chun feidhme comhsheasmhach dhlí an Aontais agus cothrom na hiomaíochta ar fud an Aontais a áirithiú, agus an tráth céanna, an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí agus ar údaráis phoiblí á íoslaghdú, ba cheart don Choimisiún rialacha comhchoiteanna a leagan síos, atá bunaithe ar na teicnící is fearr atá ar fáil, maidir le measúnú ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí agus maidir le leibhéil thomhaiste d’astaíochtaí san aer agus san uisce araon a bhailíochtú. Ba cheart tús áite a bheith ag na rialacha sin maidir le measúnú comhlíontachta ar na rialacha a leagtar amach i gCaibidlí III agus IV maidir le measúnú ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí atá in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Treoir 2010/75/AE. |
|
(35) |
Ba cheart a thuiscint le caighdeáin cáilíochta comhshaoil go dtagraítear do na ceanglais uile a leagtar amach i ndlí an Aontais, amhail reachtaíocht an Aontais maidir le haer agus le huisce; ar ceanglais iad nach mór do thimpeallacht áirithe nó cuid ar leith di a chomhlíonadh tráth áirithe. Dá bhrí sin, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart d’údaráis inniúla, agus cead á dheonú acu do shuiteáil, ní hamháin coinníollacha a leagan amach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibríochtaí na suiteála na conclúidí BAT, ach i gcás inarb iomchuí, d’fhonn rannchuidiú sonrach na suiteála leis an truailliú a tharlaíonn sa limistéar ábhartha a laghdú, agus tiúchán na dtruailleán lena mbaineanna sa timpeallacht ghlactha á chur san áireamh, ba cheart dóibh freisin coinníollacha breise sonracha a áireamh sa chead atá níos déine ná na coinníollacha a leagtar amach i gconclúidí ábhartha BAT, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an tsuiteáil caighdeáin cáilíochta comhshaoil. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis na coinníollacha sin teorainnluachanna níos déine astaíochtaí nó teorainneacha maidir le hualach astaíochtaí truailleán a shocrú nó oibriú nó acmhainneacht na suiteála a theorannú. |
|
(36) |
Ba cheart don údarás inniúil coinníollacha an cheada a athbhreithniú go rialta agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta chun comhlíonadh na reachtaíochta ábhartha a áirithiú. Ba cheart athbhreithnithe nó tabhairt cothrom le dáta den sórt sin a dhéanamh freisin i gcás inar gá don tsuiteáil caighdeán cáilíochta comhshaoil a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás caighdeán cáilíochta comhshaoil nua nó athbhreithnithe nó i gcás inar gá an cead a athbhreithniú mar gheall ar stádas na timpeallachta glactha chun go mbainfear comhlíonadh na bpleananna agus na gclár arna socrú faoi reachtaíocht an Aontais amach, amhail na pleananna bainistithe abhantraí faoi Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). |
|
(37) |
Ag an seachtú seisiún a bhí ag páirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, d’fhormhuinigh siad torthaí Choiste an Choinbhinsiúin um Chomhlíontacht i gcás ACCC/C/2014/121, ar dá réir, trí chreat dlíthiúil a chur ar bun nach mbeartaítear leis aon fhéidearthacht maidir le rannpháirtíocht an phobail i ndáil le hathmhachnamh ná le tabhairt cothrom le dáta faoi Airteagal 21(3), (4) agus (5)(b) agus (c) de Threoir 2010/75/AE, nach gcomhlíonann an tAontas Eorpach Airteagal 6(10) den Choinbhinsiún. Tá na torthaí sin formhuinithe ag an Aontas agus ag a Bhallstáit, agus d’fhonn Coinbhinsiún Aarhus a chomhlíonadh ina iomláine, is gá a shonrú gur cheart deiseanna luatha agus éifeachtacha a thabhairt do dhaoine den phobal lena mbaineann páirt a ghlacadh i ndeonú nó i dtabhairt cothrom le dáta coinníollacha ceada arna socrú ag an údarás inniúil freisin nuair a dhéantar coinníollacha ceada a athmheas tar éis fhoilsiú na gcinntí maidir le conclúidí BAT a bhaineann le príomhghníomhaíocht na suiteála, nuair is féidir laghdú suntasach astaíochtaí a dhéanamh de bharr forbairtí sna teicnící is fearr atá ar fáil, nuair is gá teicnící eile a úsáid mar gheall ar an tsábháilteacht oibríochtúil, agus nuair is gá caighdeán cáilíochta comhshaoil nua nó athbhreithnithe a chomhlíonadh. |
|
(38) |
Mar a shoiléirítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (18), ní féidir leis na Ballstáit ceart dlíthiúil chun agóid a dhéanamh in aghaidh cinneadh ó údarás poiblí a shrianadh do na daoine sin den phobal lena mbaineann a rinne idirghabháil sa nós imeachta riaracháin roimhe sin chun an cinneadh sin a ghlacadh. Mar a shoiléirítear freisin le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (19), chun rochtain éifeachtach ar cheartas in ábhair chomhshaoil agus leigheasanna éifeachtacha a bheith ann, is gá inter alia go mbeadh sé de cheart ag daoine den phobal lena mbaineann iarraidh ar an gcúirt nó ar chomhlacht inniúil neamhspleách agus neamhchlaonta bearta eatramhacha a ordú chun cás áirithe truaillithe a chosc, lena n-áirítear, i gcás inar gá, tríd an gcead is ábhar díospóide a chur ar fionraí go sealadach. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú nár cheart seasamh dlíthiúil a bheith ag brath ar an ról a bhí ag an duine den phobal lena mbaineann le linn céim rannpháirtíochta de na nósanna imeachta cinnteoireachta, go háirithe maidir le deonú ceadanna agus dúnadh láithreán, faoin Treoir seo. Ina theannta sin, ba cheart aon nós imeachta um athbhreithniú a bheith cóir, cothrom agus tráthúil agus níor cheart dó a bheith róchostasach, agus ba cheart foráil a dhéanamh ann maidir le réitigh leordhóthanacha agus éifeachtacha, lena n-áirítear faoiseamh urghaire de réir mar is iomchuí. Maidir le feirmeacha tógála beostoic, ba cheart fionraí oibríochtaí a bheith gan dochar do leanúint de ghníomhaíochtaí atá riachtanach ar mhaithe le leas an bheostoic. |
|
(39) |
Ba cheart comhar trasteorann a bheith déanta sula ndeonófar ceadanna i gcás ina bhféadfadh oibriú suiteála difear a dhéanamh do níos mó ná Ballstát amháin, agus ba cheart a áireamh ann faisnéis roimh ré do dhaoine den phobal lena mbaineann agus do na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus dul i gcomhairle leo roimh ré. |
|
(40) |
Leis an meastóireacht a rinneadh ar Threoir 2010/75/AE, fuarthas, fiú má tá sé beartaithe claochlú thionscal na hEorpa a chothú, nach bhfuil sí dinimiciúil go leor agus nach dtacaíonn sí go leordhóthanach le próisis agus teicneolaíochtaí nuálacha a úsáid, lena n-áirítear iad siúd atá bunriachtanach don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus do bhaint amach chuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh. Gan úsáid aon teicníce ná aon teicneolaíochta sonraí a fhorordú, is iomchuí, dá bhrí sin, tástáil agus úsáid teicnící atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil feidhmíocht chomhshaoil fheabhsaithe acu a éascú, comhar a éascú le taighdeoirí agus le tionscail i dtionscadail taighde arna gcistiú go poiblí faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna hionstraimí cistiúcháin ábhartha Eorpacha agus náisiúnta, chomh maith le lárionad tiomnaithe a bhunú chun tacú leis an nuálaíocht trí fhaisnéis faoi theicnící atá ag teacht chun cinn a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu, atá ábhartha maidir le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin, lena n-áirítear tógáil éanlaithe clóis agus muc, agus a leibhéal forbartha ó thaighde go húsáid trí úsáid a bhaint as scála an leibhéil ullmhachta teicneolaí (‘LUT’) a chur i dtréith agus leibhéal feidhmíochta comhshaoil na dteicnící sin a mheas, agus aon teorannú a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hinfhaighteacht sonraí agus a láidreacht á chur san áireamh. Déanfaidh sin eolas freisin don mhalartú faisnéise maidir le doiciméid tagartha BAT a tharraingt suas, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart na teicnící atá ag teacht chun cinn agus atá le bailiú agus le hanailísiú ag an ionad a bheith ar a laghad ag an leibhéal LUT 6-7, eadhon teicneolaíocht a léirítear sa timpeallacht ábhartha (timpeallacht atá ábhartha ó thaobh na tionsclaíochta de i gcás eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin) nó ag leibhéal léirithe fréamhshamhla córais i dtimpeallacht oibríochta. |
|
(41) |
Chun cuspóirí an Aontais maidir le geilleagar glan, ciorclach agus aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, is gá geilleagar an Aontais a chlaochlú ó bhonn. I gcomhréir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, ba cheart, dá bhrí sin, a cheangal ar oibreoirí suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2010/75/AE pleananna claochlaithe a áireamh ina gcórais bainistithe comhshaoil. Ina theannta sin, comhlánófar leis na pleananna claochlaithe sin na ceanglais maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach faoi Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) trí bhealach a sholáthar chun na ceanglais sin a chur chun feidhme ar leibhéal na suiteála. Ba cheart claochlú na ngníomhaíochtaí dianfhuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith ar an gcéad tosaíocht. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí suiteálacha dianfhuinnimh pleananna claochlaithe a chur ar fáil faoin 30 Meitheamh 2030. Ba cheart a cheangal ar oibreoirí suiteálacha a dhéanann gníomhaíochtaí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I pleananna claochlaithe a chur ar fáil mar chuid d’athmheas agus tabhairt cothrom le dáta an cheada tar éis fhoilsiú na gcinntí maidir le conclúidí BAT a fhoilseofar tar éis an 1 Eanáir 2030. Ba cheart é a bheith ceadaithe d’oibreoirí plean claochlaithe aonair a chur ar fáil lena gcumhdófar na suiteálacha uile atá faoina rialú i mBallstát agus, i gcás ina bhfuil gnéithe de na pleananna claochlaithe forbartha cheana féin in ndoiciméid eile agus ina bhfuil siad i gcomhréir le ceanglais Threoir 2010/75/AE, ba cheart é a bheith ceadaithe d’oibreoirí tagairt do na doiciméid ábhartha a chur san áireamh sa phlean claochlaithe. Cé gur cheart do na pleananna claochlaithe leanúint de bheith ina ndoiciméid tháscacha a ullmhaítear faoi fhreagracht na n-oibreoirí, ba cheart don chomhlacht um measúnú comhréireachta nó don fhíoraitheoir comhshaoil atá ar conradh ag na hoibreoirí mar chuid dá gcórais bainistithe comhshaoil a sheiceáil go bhfuil an t-íosmhéid faisnéise iontu a cheanglaítear de bhun gníomh tarmligthe atá le glacadh ag an gCoimisiún, agus ba cheart do na hoibreoirí na pleananna claochlaithe a chur ar fáil don phobal. |
|
(42) |
D’fhéadfadh uirlisí digiteacha amhail córais bhainistithe dhigitithe cabhrú le rioscaí a bhaineann le truailliú a mheasúnú go cainníochtúil agus go cáilíochtúil agus a bhainistiú, agus cabhrú le hoibreoirí a suiteálacha a chlaochlú. |
|
(43) |
Tá gá le tuilleadh soiléireachta maidir leis na critéir chun measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na gáis ghlanta nó na leachtanna glanta a eascraíonn as gású nó pirealú dramhaíola íonaithe go leordhóthanach sa mhéid nach dramhaíl iad a thuilleadh sula loisctear iad. |
|
(44) |
I bhfianaise líon ard na suiteálacha tógála ba cheart a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, agus i bhfianaise shimplíocht phróisis agus phatrúin astaíochtaí na suiteálacha sin i gcomparáid le suiteálacha eile, is iomchuí nósanna imeachta sonracha riaracháin a leagan amach chun ceadanna a eisiúint agus maidir le hoibriú na ngníomhaíochtaí ábhartha atá oiriúnaithe don earnáil, gan dochar do cheanglais a bhaineann le faisnéis phoiblí, rannpháirtíocht an phobail, faireachán ná comhlíontacht. Ba cheart go gceadófaí leis sin rialacha ceangailteacha ginearálta a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta agus feirmeacha a chlárú seachas ceadanna aonair a eisiúint d’fheirmeacha. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndaingneodh rialacha ceangailteacha ginearálta agus nósanna imeachta clárúcháin ardleibhéal cosanta comhshaoil atá coibhéiseach leis an leibhéal is féidir a bhaint amach le coinníollacha ceada aonair. |
|
(45) |
De bharr teicnící nuálacha atá ag teacht ar an margadh, meastar go dtiocfaidh laghdú níos mó agus níos mó ar astaíochtaí truailleán agus gás ceaptha teasa araon ó shuiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus Threoir 2010/75/AE. Cé go mbeifear in ann sineirgí eile a chruthú idir na Treoracha sin dá bharr sin, d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh dá n-oibriú, lena n-áirítear ar an margadh carbóin. Tá foráil i dTreoir 2003/87/CE maidir leis sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht na sineirgí le Treoir 2010/75/AE, agus lena n-iarrtar ceadanna atá ábhartha maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a chomhordú chun a áirithiú go bhforghníomhófar na bearta is gá chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais a chomhlíonadh go héifeachtúil agus ar bhealach níos tapúla. Chun dinimic na nuálaíochta maidir leis sin agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2003/87/CE a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil lena ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme Threoir 2010/75/AE a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi 2028 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. |
|
(46) |
Ag tógáil ar shimpliú an tuairiscithe a dhéantar faoi Threoir 2010/75/AE, ba cheart don Choimisiún leanúint de chuíchóiriú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann na Ballstáit faisnéis ar fáil dó de bhun na treorach seo le ceanglais ábhartha eile de dhlí an Aontais, agus go háirithe Rialachán (AE) 2024/1244 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Leis an bhfaisnéis a thuairiscítear, ba cheart go mbeifí in ann athbhreithniú fóinteach a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus ar na torthaí a baineadh amach maidir le hastaíochtaí agus cineálacha eile truaillithe, teorainnluachanna astaíochtaí, cur i bhfeidhm BAT, deonú maoluithe agus stádas oibríochta suiteálacha. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún an cinneadh cur chun feidhme ina leagtar amach cineál, formáid agus minicíocht thuairisciú faisnéise ag na Ballstáit a thabhairt cothrom le dáta faoin 5 Lúnasa 2026. |
|
(47) |
Chun a áirithiú go leanfaidh Treoir 2010/75/AE dá cuspóirí a chomhlíonadh chun astaíochtaí truailleán a chosc nó a laghdú agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach, ba cheart rialacha oibriúcháin a bhaineann le tógáil éanlaithe clóis a bhunú, agus sainiúlachtaí gach earnála gníomhaíochta á gcur san áireamh. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. |
|
(48) |
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá atá le rialú a dhéanamh ar astaíochtaí ó thaiscéalaíocht agus táirgeadh ola mianraí agus gáis ar tír agus amach ón gcósta, á gcur san áireamh agus creat reachtach an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), an gá atá le rialú a dhéanamh ar astaíochtaí ón gcóireáil ar an láthair agus eastóscadh mianraí tionsclaíocha neamhfhuinnimh a úsáidtear sa tionscal seachas le haghaidh tógála, chomh maith leis an ngá atá le rialú a dhéanamh ar astaíochtaí ón gcóireáil ar an láthair agus ó eastóscadh mianta atá déanta as an nua san Aontas, agus an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach ghníomhaíochta in Iarscríbhinn I le haghaidh táirgeadh hidrigine trí leictrealú uisce. |
|
(49) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2010/75/AE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le bunú na nithe seo a leanas: (i) modheolaíocht chaighdeánaithe chun measúnú a dhéanamh ar an díréireacht idir na costais a bhaineann le conclúidí BAT a chur chun feidhme agus na tairbhí comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 15(4) agus modhanna amhail an ‘Luach Saoil Staitisticiúil’ (VSL) nó an ‘Luach Bliana Saoil’ (VOLY) á gcur san áireamh, más iomchuí, (ii) modheolaíocht chaighdeánaithe chun an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 15(6) a dhéanamh, (iii) an modh tomhais chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí a leagtar amach sa chead maidir le hastaíochtaí san aer agus san uisce, (iv) na socruithe mionsonraithe is gá chun an lárionad nuálaíochta um chlaochlú tionsclaíoch agus um astaíochtaí tionsclaíocha a bhunú agus a fheidhmiú, (v) an fhormáid atá le húsáid le haghaidh pleananna claochlaithe agus (vi) cén fhaisnéis ó EMS atá ábhartha le haghaidh foilsithe, ar cheart faisnéis maidir leis na táscairí agus leis na cuspóirí feidhmíochta comhshaoil ar a laghad a bheith san áireamh léi, chomh maith le faisnéis maidir leis an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí comhshaoil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(50) |
Chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar amach i dTreoir 2010/75/AE a áirithiú, is gá an t-íosmhéid inneachair a bheidh i bpionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a shonrú. Déantar dochar do chothrom na hiomaíochta maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha ar fud an Aontais mar gheall ar éagothromaíochtaí i gcórais pionós, ar an bhfíoras go meastar in a lán cásanna go bhfuil pionóis arna ngearradh ró-íseal chun éifeacht dhíspreagthach a bheith acu ar iompraíochtaí neamhdhleathacha, agus ar easpa cur chun feidhme aonfhoirmeach ó Bhallstát go chéile. |
|
(51) |
Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin chomh maith le pionóis choiriúla. In aon chás, níor cheart an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna (prionsabal ne bis in idem), mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais é, a shárú mar thoradh ar phionóis choiriúla agus riaracháin a fhorchur. I gcás na sáruithe is tromchúisí arna ndéanamh ag duine dlítheanach, amhail na sáruithe sin atá ar ardleibhéal tromchúise mar gheall ar a gcineál, a méid agus a n-athdhéanamh, nó i gcás ina bhfuil riosca suntasach do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint leis na sáruithe sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-áirítear ina gcóras náisiúnta pionós fíneálacha ar cheart a n-uasmhéid a bheith cothrom le 3 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an oibreora san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain ina ngearrtar an fhíneáil. I gcás na sáruithe sin, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), féadfaidh na Ballstáit pionóis choiriúla a ghlacadh freisin nó de rogha air sin, ar choinníoll go bhfuil siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. |
|
(52) |
I gcás ina ndearnadh damáiste do shláinte an duine de dheasca sárú ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir 2010/75/AE, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na daoine aonair a ndéantar difear dóibh in ann cúiteamh maidir leis an damáiste sin a éileamh agus a fháil ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha. Leis na rialacha sin maidir le cúiteamh, rannchuidítear leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 191 CFAE a shaothrú, maidir le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus sláinte an duine a chosaint. Ina theannta sin, cuireann siad bonn taca faoin gceart chun na beatha, chun sláine an duine agus chun cúraim sláinte a leagtar síos in Airteagail 2, 3 agus 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus faoin gceart chun leighis éifeachtaigh mar a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt. Thairis sin, ní thugtar le Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) ceart cúitimh do pháirtithe príobháideacha de thoradh ar dhamáiste don chomhshaol ná de thoradh ar gharbhagairt damáiste den sórt sin. |
|
(53) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, go dtabharfaí aghaidh le Treoir 2010/75/AE ar an gceart le haghaidh cúiteamh de dheasca damáistí a bhain do dhaoine aonair agus chun a áirithiú go mbeidh daoine aonair in ann a gcearta a chosaint in aghaidh damáiste don tsláinte de dheasca sáruithe ar Threoir 2010/75/AE, agus ar an mbealach sin, forfheidhmiú níos éifeachtúla na Treorach sin a áirithiú. Ba cheart nósanna imeachta a bhaineann le héilimh ar chúiteamh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair an ceart chun cúitimh i gcás damáiste a fheidhmiú. |
|
(54) |
Ba cheart tionchar Threoir 2010/75/AE ar neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát a theorannú don mhéid is gá chun na cuspóirí chun sláinte an duine a chosaint trí thimpeallacht shábháilte a shaothraítear inti a áirithiú, agus níor cheart difear a dhéanamh léi do rialacha náisiúnta eile nós imeachta lena mbunaítear an ceart chun cúiteamh a lorg as sáruithe ar an Treoir sin. Leis na rialacha náisiúnta sin, níor cheart, áfach, cur isteach ar fheidhmiú éifeachtach an tsásra lena lorgaítear cúiteamh a cheanglaítear le Treoir 2010/75/AE. |
|
(55) |
Cuireadh Treoir 2010/75/AE chun feidhme ar bhealach éagsúil ar fud na mBallstát maidir le cumhdach na suiteálacha le haghaidh táirgí ceirmeacha a mhonarú trí bhácáil, mar bhí na Ballstáit in ann, de dheasca fhoclaíocht shainmhíniú na gníomhaíochta sin, a chinneadh an gcuirfidís ceann amháin den dá chritéar maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus le hacmhainneacht áithe i bhfeidhm nó an gcuirfidís an dá cheann díobh i bhfeidhm. D’fhonn cur chun feidhme níos comhsheasmhaí na Treorach sin agus cothrom na hiomaíochta a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart suiteálacha den sórt sin a áireamh faoi raon feidhme na Treorach sin aon uair a chomhlíontar critéar amháin den dá chritéar sin. |
|
(56) |
Agus teorainnluachanna astaíochtaí maidir le substaintí truaillitheacha á socrú, ba cheart don údarás inniúil breithniú a dhéanamh ar gach substaint, lena n-áirítear substaintí a bhfuil imní fúthu ag teacht chun cinn, ar substaintí iad a d’fhéadfaí a astú ón tsuiteáil lena mbaineann agus a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart go mbreithneofaí saintréithe guaise, cainníocht agus cineál na substaintí a astaítear agus a n-acmhainneacht aon mheán comhshaoil a thruailliú. Is iad conclúidí BAT, i gcás inarb ábhartha, an pointe tagartha chun na substaintí a bhfuil teorainnluachanna astaíochtaí le socrú maidir leo a roghnú, cé go bhféadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh substaintí breise a roghnú. Faoi láthair, liostaítear substaintí truaillitheacha aonair ar bhealach neamh-uileghabhálach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2010/75/AE; rud nach bhfuil comhoiriúnach le cur chuige iomlánaíoch na Treorach sin agus rud nach léirítear leis an gá go gcuirfeadh na húdaráis inniúla na substaintí truaillitheacha ábhartha uile san áireamh, lena n-áirítear substaintí a bhfuil imní fúthu ag teacht chun cinn. Ba cheart, dá bhrí sin, an liosta neamh-uileghabhálach de shubstaintí truaillitheacha a scriosadh. Ina ionad sin, ba cheart tagairt a dhéanamh don liosta truailleán in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27). |
|
(57) |
Cé go n-áirítear láithreáin líonta talún faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, níl aon chonclúid BAT ann maidir le líonadh talún ós rud é go dtagann an ghníomhaíocht sin faoi raon feidhme Threoir 1999/31/CE ón gComhairle (28) agus go meastar gur BAT iad ceanglais na Treorach deiridh sin. De bharr na bhforbairtí teicniúla agus na nuálaíochta a tharla ó glacadh Treoir 1999/31/CE, tá teicnící níos éifeachtaí ar fáil anois chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint. Trí chonclúidí BAT a ghlacadh faoi Threoir 2010/75/AE, bheifí in ann aghaidh a thabhairt ar na príomhcheisteanna comhshaoil a bhaineann le líonadh talún le dramhaíl a oibriú, lena n-áirítear astaíochtaí suntasacha meatáin. Ba cheart, dá bhrí sin, go gceadófaí le Treoir 1999/31/CE conclúidí BAT maidir le líonadh talún a ghlacadh faoi Threoir 2010/75/AE. |
|
(58) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon ardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhas ar cháilíocht an chomhshaoil a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr chineál trasteorann an truaillithe ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(59) |
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí go leagfar rialacha síos maidir le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú a eascraíonn as gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus gníomhaíochtaí tógála beostoic chun an bunchuspóir ardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhas ar cháilíocht an chomhshaoil a áirithiú, a ghnóthú. Ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
|
(60) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (29), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil bonn cirt le doiciméid den sórt sin a tharchur, |
|
(61) |
D’fhéadfadh dúshláin speisialta a bheith i ndán do ghléasraí dócháin atá ina gcuid de chórais bheaga scoite, mar gheall ar a suíomh geografach agus an easpa idirnasctha le heangach mhórthír na mBallstát nó eangach Ballstáit eile, ar dúshláin speisialta iad a dteastaíonn níos mó ama uathu chun na teorainnluachanna astaíochtaí a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann plean comhlíontachta a bhunú lena gcumhdófaí gléasraí dócháin atá ina gcuid de chóras beag scoite ina leagtar amach na bearta chun comhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí a áirithiú faoin 31 Nollaig 2029 ar a dhéanaí. Ba cheart tuairisc a thabhairt sa phlean ar na bearta a rinneadh chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú agus ar na bearta chun méid agus fad na n-astaíochtaí truailleán a íoslaghdú le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean agus ba cheart faisnéis a áireamh ann maidir le bearta bainistithe éilimh agus na féidearthachtaí maidir le féidearthachtaí malartaithe breosla níos glaine nó roghanna malartacha níos glaine, amhail foinsí in-athnuaite fuinnimh a imscaradh agus idirnascadh le heangacha mórthíre nó le heangach Ballstáit eile. Ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann a bPlean Comhlíontachta a chur in iúl don Choimisiún. Ba cheart do na Ballstáit an plean a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina ndéanann an Coimisiún agóidí. Ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann tuarascáil bhliantúil a thabhairt maidir leis an dul chun cinn i dtreo comhlíontachta. |
|
(62) |
Chun am a thabhairt do na Ballstáit, d’údaráis inniúla agus do shuiteálacha na forálacha nua a chomhlíonadh, agus chun am a thabhairt freisin don Choimisiún conclúidí nua BAT a ghlacadh lena gcuirfí na forálacha nua san áireamh, ba cheart forálacha idirthréimhseacha a fhorordú. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá dáta socraithe a bheith ann maidir le cathain a chaithfear, ar a dhéanaí ar fad, na forálacha a bheith á gcomhlíonadh. Maidir le próiseas Sevilla agus líon na ndoiciméad tagartha BAT is gá a athbhreithniú, ba cheart an dáta sin a shocrú ag 12 bliana le haghaidh gníomhaíochtaí atá ann cheana agus 10 mbliana le haghaidh gníomhaíochtaí nua. Ní chuireann sé sin cosc ar chonclúidí BAT a ghlacadh agus a chur chun feidhme níos luaithe, rud a bhfuiltear ag dréim leis i gcás fhormhór na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an treoir seo. Ba cheart do shuiteálacha atá ann cheana na forálacha i dTreoir 2010/75/AE sa leagan atá i bhfeidhm an 3 Lúnasa 2024 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha a chomhlíonadh, go dtí go mbeidh conclúidí nua BAT ann nó go dtí go dtabharfar cead cothrom le dáta. |
|
(63) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2010/75/AE agus 1999/31/CE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2010/75/AE
Leasaítear Treoir 2010/75/AE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú)’ ; |
|
(2) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Leagtar síos léi freisin rialacha atá ceaptha cosc a chur ar astaíochtaí isteach san aer, san uisce nó sa talamh, nó i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, na hastaíochtaí sin a laghdú go leanúnach, cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola, feabhas a chur ar éifeachtúlacht acmhainní, agus an geilleagar ciorclach agus an dícharbónú a chur chun cinn, chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol ina iomláine a bhaint amach.’ ; |
|
(3) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na gníomhaíochtaí tionsclaíocha as a n-eascraíonn truailliú dá dtagraítear i gCaibidlí II go VIa.’ |
|
(4) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(5) |
in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit nós imeachta a leagan síos maidir le clárú suiteálacha nach gcumhdaítear ach le Caibidil V nó le Caibidil VIa.’ ; |
|
(6) |
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘4. Déanfaidh na Ballstáit córais a fhorbairt maidir le ceadú leictreonach suiteálacha agus déanfaidh siad nósanna imeachta um cheadú leictreonach a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2035. Eagróidh an Coimisiún malartú faisnéise leis na Ballstáit maidir le ceadú leictreonach agus foilseoidh sé treoir maidir le dea-chleachtais.’ |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 7 agus 8: ‘Airteagal 7 Teagmhais agus timpistí Gan dochar do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), i gcás aon teagmhais nó timpiste lena ndéantar difear suntasach do shláinte an duine nó don chomhshaol, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:
I gcás truailliú a dhéanann difear d’acmhainní uisce óil, lena n-áirítear acmhainní trasteorann, nó a dhéanann difear do bhonneagar fuíolluisce i gcás sceitheadh indíreach, cuirfidh an t-údarás inniúil na hoibreoirí uisce óil agus fuíolluisce a ndéantar difear dóibh ar an eolas faoi na bearta arna ndéanamh chun damáiste de dheasca an truaillithe sin do shláinte an duine agus don chomhshaol a chosc nó a leigheas. I gcás aon teagmhais nó timpiste lena ndéantar difear suntasach do shláinte an duine nó don chomhshaol i mBallstát eile, áiritheoidh an Ballstát arb ina chríoch a tharla an teagmhas nó an timpiste go gcuirfear údarás inniúil an Bhallstáit eile ar an eolas láithreach. Beidh sé mar aidhm leis an gcomhar trasteorann ildisciplíneach idir na Ballstáit a ndearnadh difear dóibh teorainn a chur leis na hiarmhairtí ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine agus cosc a chur ar theagmhais nó timpistí eile a d’fhéadfadh a bheith ann. Airteagal 8 Neamhchomhlíontacht 1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar coinníollacha an cheada. Glacfaidh siad bearta dearbhaithe comhlíontachta freisin chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a chuirtear ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha faoin Treoir seo a chur chun cinn, a fhorfheidhmiú agus chun faireachán a dhéanamh air. 2. I gcás sárú ar choinníollacha an cheada, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
3. I gcás ina bhfuil sárú ar choinníollacha an cheada ina chontúirt láithreach do shláinte an duine nó ina mbagraíonn sé éifeacht dhíobhálach shuntasach ar an gcomhshaol a bheith aige láithreach, agus go dtí go mbeidh an chomhlíontacht curtha ar bun arís i gcomhréir leis an dara fomhír, pointí (b) agus (c), cuirfear oibriú na suiteála, an ghléasra dócháin, an ghléasra loiscthe dramhaíola, an ghléasra comhloiscthe dramhaíola nó na coda ábhartha de nó di ar fionraí gan aon mhoill. I gcás ina ndéantar difear le sárú den sórt sin ar choinníollacha an cheada do shláinte an duine nó don chomhshaol i mBallstát eile, áiritheoidh an Ballstát arb ina chríoch a tharla an sárú ar choinníollacha an cheada go gcuirfear an Ballstát eile ar an eolas láithreach. 4. I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 3 den Airteagal seo, i gcás ina leanann sárú leanúnach ar choinníollacha an cheada de bheith ina chúis le contúirt do shláinte an duine nó de bheith ina chúis le héifeacht dhíobhálach shuntasach ar an gcomhshaol, agus i gcás nár cuireadh chun feidhme an ghníomhaíocht ba ghá a sainaithníodh sa tuarascáil chigireachta dá dtagraítear in Airteagal 23(6) chun comhlíontacht a chur ar bun arís, féadfaidh an t-údarás inniúil oibriú na suiteála, an ghléasra dócháin, an ghléasra loiscthe dramhaíola, an ghléasra comhloiscthe dramhaíola nó na coda ábhartha de nó di a chur ar fionraí go dtí go gcuirfear comhlíonadh choinníollacha an cheada ar bun arís. 5. Maidir leis na bearta fionraíochta dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 agus arna nglacadh ag údaráis inniúla i ndáil le hoibreoir a sháraíonn na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtach. 6. I gcás sárú ar chomhlíontacht a dhéanann difear d’acmhainní uisce óil, lena n-áirítear acmhainní trasteorann, nó a dhéanann difear do bhonneagar fuíolluisce i gcás sceitheadh indíreach, cuirfidh an t-údarás inniúil na hoibreoirí uisce óil agus fuíolluisce, agus na húdaráis ábhartha uile a bhfuil freagracht orthu maidir le comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil lena mbaineann, ar an eolas faoin sárú agus faoi na bearta a rinneadh chun an damáiste a rinneadh do shláinte an duine agus don chomhshaol a chosc nó a leigheas. (*3) Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).’;" |
|
(8) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (2): ‘2. Maidir leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, beidh sé de rogha ag na Ballstáit gan ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14(1), pointe (aa) agus Airteagal 15(4) den Treoir seo a fhorchur, ar ceanglais iad a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh i leith aonaid dócháin nó aonaid eile a astaíonn dé-ocsaíd charbóin ar an láithreán.’ |
|
(9) |
in Airteagal 11, leasaítear pointe (f) mar a leanas:
; |
|
(10) |
in Airteagal 11, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
; |
|
(11) |
in Airteagal 12(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b), (c) agus (f):
; |
|
(12) |
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
|
(13) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
|
(14) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 14a Córas bainistithe comhshaoil 1. Maidir le gach suiteáil a thagann faoi raon feidhme na Caibidle seo, ceanglóidh na Ballstáit ar an oibreoir córas bainistithe comhshaoil (“EMS”) a ullmhú agus a chur chun feidhme. Áiritheofar san EMS na forálacha a liostaítear i mír 2 agus comhlíonfaidh sé na conclúidí ábhartha BAT lena gcinntear gnéithe atá le cumhdach san EMS. 2. Áireofar san EMS an méid seo a leanas ar a laghad:
3. Beidh leibhéal mionsonraithe an EMS comhsheasmhach le cineál, le scála agus le castacht na suiteála, agus le raon na dtionchar ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh a bheith aige. I gcás ina bhfuil gnéithe a cheanglaítear a áireamh san EMS, lena n-áirítear cuspóirí, táscairí feidhmíochta nó bearta, forbartha cheana féin i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais agus ina gcomhlíonann siad an tAirteagal seo, beidh tagairt san EMS do na doiciméid ábhartha leordhóthanach. 4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis ábhartha a leagtar amach san EMS agus a liostaítear i mír 2 ar fáil ar an idirlíon, saor in aisce agus gan an rochtain a shrianadh d’úsáideoirí cláraithe amháin. Glacfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, gníomh cur chun feidhme maidir le cén fhaisnéis atá ábhartha lena foilsiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2). Féadfar faisnéis a fholú, nó mura féidir sin a dhéanamh, a eisiamh nuair a chuirtear ar fáil ar an idirlíon í, más rud é go ndéanfadh nochtadh na faisnéise dochar d’aon cheann de na leasanna a liostaítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (h), de Threoir 2003/4/CE. Déanfaidh an t-oibreoir an EMS a ullmhú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na conclúidí ábhartha BAT don earnáil faoin 1 Iúil 2027, cé is moite de shuiteálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2024/1785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). Athbhreithneofar an EMS go tréimhsiúil chun a áirithiú go leanfaidh sé de bheith oiriúnach, leordhóthanach agus éifeachtach. Déanfar iniúchadh ar an EMS den chéad uair faoin 1 Iúil 2027, cé is moite de shuiteálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2024/1785. Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó fíoraitheoir comhshaoil creidiúnaithe nó ceadúnaithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 20, de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, iniúchadh ar an EMS gach 3 bliana ar a laghad, a fhíoróidh comhréireacht an EMS, agus a chur chun feidhme, leis an Airteagal seo. (*4) Treoir (AE) 2024/1785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L, 2024/1785, 15.7.2024, ELI:: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1785/oj).’;" |
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: ‘Airteagal 15 Teorainnluachanna astaíochtaí, teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil, paraiméadair choibhéiseacha agus bearta teicniúla 1. Beidh feidhm ag na teorainnluachanna astaíochtaí maidir le substaintí truaillitheacha ag an bpointe óna bhfágann na hastaíochtaí an tsuiteáil, agus tabharfar neamhaird ar aon chaolú roimh an bpointe sin agus na luachanna sin á gcinneadh. Maidir le scaoiltí indíreacha substaintí truaillitheacha isteach san uisce, féadfar éifeacht gléasra cóireála fuíolluisce lasmuigh den tsuiteáil a chur san áireamh agus teorainnluachanna astaíochtaí na suiteála lena mbaineann á gcinneadh, ar choinníoll nach mbeidh leibhéil truaillithe níos airde sa chomhshaol mar thoradh air sin, go ráthaítear leibhéal coibhéiseach cosanta don chomhshaol ina iomláine, agus go n-áirithíonn an t-oibreoir, i gcomhairle le hoibreoir an ghléasra cóireála fuíolluisce, nach gcuireann na scaoiltí indíreacha comhlíonadh fhorálacha chead an ghléasra cóireála fuíolluisce faoin Treoir seo nó comhlíonadh an údaraithe shonraigh faoi Threoir 91/271/CEE i mbaol agus go gcomhlíontar na ceanglais seo uile a leanas:
Déanfaidh an t-údarás inniúil na cúiseanna atá le cur i bhfeidhm an dara fomhír, lena n-áirítear toradh an mheasúnaithe a dhéanfaidh an t-oibreoir ar chomhlíontacht leis na ceanglais is gá, a leagan amach in iarscríbhinn a bheidh ag gabháil le coinníollacha an cheada. Soláthróidh an t-oibreoir measúnú cothrom le dáta i gcásanna inar cheart coinníollacha an cheada a athrú chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa dara fomhír, pointí (a) go (d). 2. Gan dochar d’Airteagal 18, bunófar na teorainnluachanna astaíochtaí agus na paraiméadair agus bearta teicniúla coibhéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (2) ar BAT, gan úsáid aon teicníce ná aon teicneolaíochta sonraí a fhorordú. 3. Socróidh an t-údarás inniúil na teorainnluachanna astaíochtaí is déine is féidir a bhaint amach trí BAT a chur i bhfeidhm sa tsuiteáil, agus raon iomlán na leibhéal astaíochtaí a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (“BAT-AELanna”) á mheas chun a áirithiú, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, nach mó astaíochtaí ná na BAT-AELanna mar a leagtar síos sna cinntí i ndáil le conclúidí BAT dá dtagraítear in Airteagal 13(5). Bunófar na teorainnluachanna astaíochtaí ar mheasúnú a chuirfidh oibreoir an raon BAT-AEL ina iomláine i gcrích ina ndéanfar anailís ar a indéanta atá sé an ceann is déine den raon BAT-AEL a bhaint amach agus lena léireofar an fheidhmíocht fhoriomlán is fearr is féidir leis an tsuiteáil a bhaint amach trí BAT a chur i bhfeidhm mar a thugtar tuairisc air i gconclúidí BAT, ag féachaint d’éifeachtaí féideartha trasmheán. Socrófar na teorainnluachanna astaíochtaí trí cheachtar díobh seo a leanas:
I gcás ina socraítear teorainnluachanna astaíochtaí i gcomhréir le pointe (b), déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, ar thorthaí an fhaireacháin ar astaíochtaí chun a áirithiú nár mhó astaíochtaí faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin ná na BAT-AELanna. Féadfar rialacha ceangailteacha ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 6 a chur i bhfeidhm agus teorainnluachanna astaíochtaí ábhartha á socrú i gcomhréir leis an Airteagal seo. Má ghlactar rialacha ceangailteacha ginearálta, socrófar na teorainnluachanna astaíochtaí is déine is féidir a bhaint amach trí BAT a chur i bhfeidhm le haghaidh catagóirí suiteálacha a bhfuil saintréithe comhchosúla acu atá ábhartha maidir leis na leibhéil astaíochtaí is ísle is féidir a bhaint amach a chinneadh, agus raon iomlán na BAT-AELanna á gcur san áireamh. Bunóidh an Ballstát na rialacha ceangailteacha ginearálta, bunaithe ar an bhfaisnéis sna conclúidí BAT, ina ndéanfar anailís ar a indéanta atá sé an ceann is déine de raon BAT-AEL a bhaint amach, agus lena léireofar an fheidhmíocht is fearr is féidir leis na catagóirí suiteálacha sin a bhaint amach trí BAT a chur i bhfeidhm mar a thugtar tuairisc air i gconclúidí BAT. 4. Gan dochar d’Airteagal 9(2), socróidh an t-údarás inniúil, le haghaidh gnáthdhálaí oibriúcháin, raonta ceangailteacha maidir le feidhmíocht chomhshaoil nach bhfuil le sárú le linn tréimhse amháin nó níos mó, mar a leagtar síos sna cinntí maidir le conclúidí BAT dá dtagraítear in Airteagal 13(5). Ina theannta sin, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
5. De mhaolú ar mhír 3, agus gan dochar d’Airteagal 18, féadfaidh an t-údarás inniúil, i gcásanna sonracha, teorainnluachanna astaíochta atá níos airde ná na BAT-AELanna a shocrú. Ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag an maolú sin ach amháin i gcás ina léirítear le measúnú gurbh é a bheadh ina thoradh ar bhaint amach BAT-AELanna, a dtugtar tuairisc orthu i gconclúidí BAT, costais atá díréireach ard i gcomparáid leis na tairbhí comhshaoil, mar gheall ar an méid seo a leanas:
Déanfaidh an t-údarás inniúil na cúiseanna atá le maolú ar mhír 3 agus toradh an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus an bonn cirt leis na coinníollacha arna bhforchur a dhoiciméadú in iarscríbhinn a ghabhann le coinníollacha an cheada. Mar sin féin, ní bheidh na teorainnluachanna astaíochtaí a shocraítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír níos mó ná na teorainnluachanna astaíochtaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo, i gcás inarb infheidhme. Leis na maoluithe a dheonófar i gcomhréir leis an mír seo, urramófar na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go soláthróidh an t-oibreoir measúnú ar thionchar an mhaolaithe ar thiúchan na dtruailleán lena mbaineann sa timpeallacht glactha agus in aon chás, áiritheoidh sé nach mbeidh aon truailliú suntasach ann agus go mbainfear amach ardleibhéal cosanta don chomhshaol ina iomláine. Ní dheonófar maoluithe i gcás ina bhféadfaidís comhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 18 a chur i mbaol. Déanfaidh an t-údarás inniúil athmheasúnú i dtaobh an bhfuil bonn cirt leis na maoluithe a deonaíodh i gcomhréir leis an mír seo gach 4 bliana nó mar chuid de gach athmhachnamh ar choinníollacha an cheada de bhun Airteagal 21, i gcás ina ndéanfar an t-athmhachnamh sin níos luaithe ná 4 bliana tar éis dheonú an mhaolaithe. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun modheolaíocht chaighdeánaithe a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar an díréireacht idir na costais a bhaineann le conclúidí BAT a chur chun feidhme agus na tairbhí comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2). 6. De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh an t-údarás inniúil, i gcásanna sonracha, raonta ceangailteacha le haghaidh feidhmíocht chomhshaoil nó teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil is lú déine a shocrú. Ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag an maolú sin ach amháin i gcás ina léirítear le measúnú gurb é a bheidh mar thoradh ar na leibhéil feidhmíochta a bhaineann le baint amach na dteicnící is fearr atá ar fáil, a dtugtar tuairisc orthu i gconclúidí BAT, tionchar diúltach suntasach ar an gcomhshaol, lena n-áirítear éifeachtaí trasmheán nó tionchar eacnamaíoch suntasach mar gheall ar an méid seo a leanas:
Déanfaidh an t-údarás inniúil na cúiseanna atá le maolú ar mhír 4 agus toradh an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus an bonn cirt leis na coinníollacha arna bhforchur a dhoiciméadú in iarscríbhinn a ghabhann le coinníollacha an cheada. Áiritheoidh an t-údarás inniúil nach mbeidh aon tionchar suntasach ar an gcomhshaol, lena n-áirítear ídiú acmhainní uisce, mar thoradh ar oibriú faoi raonta ceangailteacha le haghaidh feidhmíocht chomhshaoil nó theorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil is lú déine, agus go mbainfear amach ardleibhéal cosanta don chomhshaol ina iomláine. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modheolaíocht chaighdeánaithe chun an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2). 7. De mhaolú ar mhíreanna 3 agus 4, agus ar choinníoll nach mbeidh aon truailliú suntasach ann agus go mbeidh na bearta uile a bhfuil níos lú truaillithe mar thoradh orthu ídithe, féadfaidh an t-údarás inniúil teorainnluachanna astaíochtaí nó teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil is lú déine a shocrú i gcás géarchéime de dheasca imthosca urghnácha nach bhfuil neart ag an oibreoir ná ag na Ballstáit orthu, as a dtiocfaidh mórshuaitheadh nó ganntanas i dtaobh an mhéid seo a leanas:
Ní dheonófar an maolú ar feadh tréimhse is faide ná 3 mhí. Má leantar leis na cúiseanna lena dtugtar údar le maolú a dheonú, féadfar síneadh a chur leis an maolú sin ar feadh uastréimhse 3 mhí. A luaithe a dhéanfar na coinníollacha soláthair a athbhunú nó i gcás ina mbeidh rogha mhalartach ann maidir leis na soláthairtí fuinnimh, na hacmhainní, na hábhair nó an trealamh, áiritheoidh an Ballstát go scoirfidh an cinneadh maidir le teorainnluachanna astaíochtaí agus teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil is lú déine a shocrú d’éifeacht a bheith leis, agus comhlíonfaidh an tsuiteáil na coinníollacha ceada a leagtar síos i gcomhréir le míreanna 3 agus 4. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar astaíochtaí a eascraíonn as an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfidh an t-údarás inniúil faisnéis maidir leis an maolú agus na coinníollacha arna bhforchur ar fáil go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 24(2). Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, measúnú agus soiléiriú breise a dhéanamh, trí threoir, ar na critéir atá le cur san áireamh chun an mhír seo a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon mhaolú a dheonaítear faoin mír seo, lena n-áirítear na cúiseanna lena dtugtar údar le maolú a dheonú agus na coinníollacha arna bhforchur. Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil údar leis an maolú a deonaíodh, ag féachaint go cuí do na critéir a leagtar síos sa mhír seo. Má dhéanann an Coimisiún agóidí laistigh de 2 mhí ón dáta a dtugann an Ballstát fógra, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú gan mhoill ar an maolú dá réir sin.’ |
|
(16) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 15a Measúnú comhlíontachta 1. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (h), ní bheidh an ceartúchán a dhéantar ar thomhais chun na meán-teorainnluachanna astaíochtaí bailíochtaithe a chinneadh níos mó ná neamhchinnteacht tomhais an mhodha tomhais. 2. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Meán Fómhair 2026, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos an modh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin a leagtar amach sa chead maidir le hastaíochtaí san aer agus san uisce. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2). Leis an modh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfar aghaidh, ar a laghad, ar chinneadh na meán-teorainnluachanna astaíochtaí bailíochtaithe agus leagfar amach ann conas a chuirfear neamhchinnteacht tomhais agus minicíocht shárú na dteorainnluachanna astaíochtaí san áireamh sa mheasúnú comhlíontachta. 3. Maidir le suiteáil a thagann faoi raon feidhme na Caibidle seo, i gcás ina dtagann sí faoi raon feidhme Chaibidlí III nó IV freisin agus inar léiríodh comhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí a shocraítear i gcomhréir leis an gCaibidil seo de bhun mhír 1 den Airteagal seo, measfar go gcomhlíonann an tsuiteáil freisin na teorainnluachanna astaíochtaí a shocraítear i gcomhréir le Caibidil III nó IV maidir leis na truailleáin lena mbaineann faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin.’ |
|
(17) |
in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Déanfaidh an t-údarás inniúil minicíocht an fhaireacháin thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (e), a chinneadh i gcead le haghaidh gach suiteála aonair nó i rialacha ceangailteacha ginearálta. Gan dochar don chéad fhomhír, déanfar faireachán tréimhsiúil mar a leagtar amach i gconclúidí BAT, i gcás inarb infheidhme, agus uair amháin, ar a laghad, gach 4 bliana i gcás screamhuisce agus gach 9 mbliana i gcás ithreach, mura rud é go bhfuil an faireachán sin bunaithe ar mheastóireacht chórasach ar an riosca éillithe.’ |
|
(18) |
in Airteagal 16, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Beidh rialú cáilíochta na saotharlann a dhéanann an faireachán bunaithe ar chaighdeáin CEN nó, mura bhfuil fáil orthu, bainfear úsáid as caighdeáin ISO, caighdeáin náisiúnta nó caighdeáin idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear soláthar sonraí ar cháilíocht eolaíoch choibhéiseach.’ |
|
(19) |
in Airteagal 16, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘4. I gcás ina léiríonn an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 15(5) go mbeidh tionchar inchainníochtaithe nó intomhaiste ag an maolú ar an gcomhshaol, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar thiúchan na dtruailleán lena mbaineann sa timpeallacht ghlactha. I gcás inarb ábhartha, bainfear úsáid as modhanna faireacháin agus tomhais maidir le gach truailleán lena mbaineann a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha eile an Aontais chun críche an fhaireacháin dá dtagraítear sa mhír seo.’ |
|
(20) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: ‘Airteagal 18 Caighdeáin cáilíochta comhshaoil I gcás ina gceanglaítear le caighdeán cáilíochta comhshaoil coinníollacha atá níos déine ná na cinn sin is féidir a bhaint amach trí úsáid a bhaint as na teicnící is fearr atá ar fáil, áireofar bearta breise sa chead, d’fhonn an méid sonrach a chuireann an tsuiteáil leis an truailliú a tharlaíonn sa limistéar ábhartha a laghdú gan dochar do bhearta eile a fhéadfar a ghlacadh chun caighdeáin cáilíochta comhshaoil a chomhlíonadh. I gcás inar áiríodh coinníollacha níos déine sa chead i gcomhréir leis an gcéad mhír, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar thionchar na gcoinníollacha níos déine ar thiúchan na dtruailleán lena mbaineann sa timpeallacht ghlactha. I gcás ina mbeidh éifeacht inchainníochtaithe nó intomhaiste ar an gcomhshaol ag ualach na dtruailleán a astaítear as an tsuiteáil, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar thiúchan na dtruailleán lena mbaineann sa timpeallacht ghlactha. Déanfar torthaí faireacháin den sórt sin a tharchur chuig an údarás inniúil. I gcás ina leagtar amach modhanna faireacháin agus tomhais maidir leis na truailleáin lena mbaineann i reachtaíocht ábhartha eile an Aontais, bainfear úsáid as na modhanna sin, lena n-áirítear modhanna éifeachtbhunaithe de réir mar is iomchuí, chun críche an fhaireacháin dá dtagraítear sa tríú mír.’ |
|
(21) |
in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go gcuireann an t-oibreoir an t-údarás inniúil ar an eolas maidir le haon athrú a bheartaítear ar chineál nó feidhmiú na suiteála, nó leathnú ar an tsuiteáil, a bhfhéadfadh iarmhairtí ar an gcomhshaol a bheith aige, in am trátha agus in aon chás sula gcuirfear aon athrú nó leathnú den sórt sin chun feidhme. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an t-údarás inniúil an cead a thabhairt cothrom le dáta. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás inniúil freagairt in am trátha don fhaisnéis a chuirfidh an t-oibreoir ar fáil.’ |
|
(22) |
in Airteagal 21(3), sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
; |
|
(23) |
in Airteagal 21(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
; |
|
(24) |
in Airteagal 21(5), cuirtear an mhír seo a leanas leis:
; |
|
(25) |
in Airteagal 23(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír: ‘Glacfaidh an Coimisiún treoir maidir leis na critéir chun rioscaí comhshaoil a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé cothrom le dáta go rialta iad.’ ; |
|
(26) |
leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
|
|
(27) |
in Airteagal 25(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis: ‘Ní bheidh seasamh sa nós imeachta um athbhreithniú ag brath ar an ról a bhí ag an duine den phobal lena mbaineann le linn céim rannpháirtíochta de na nósanna imeachta cinnteoireachta faoin Treoir seo. Beidh an nós imeachta um athbhreithniú cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh sé róchostasach, agus déanfar foráil ann maidir le réitigh leordhóthanacha agus éifeachtacha, lena n-áirítear faoiseamh urghaire de réir mar is iomchuí.’ ; |
|
(28) |
in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: ‘1. I gcás ina bhfuil Ballstát ar an eolas go bhféadfaí éifeachtaí diúltacha suntasacha a bheith ar chomhshaol Ballstáit eile mar gheall ar shuiteáil a bheith á hoibriú, nó i gcás ina n-iarrann Ballstát a bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh dó amhlaidh, déanfaidh an Ballstát ar ar a chríoch a cuireadh isteach an t-iarratas ar chead de bhun Airteagal 4 nó Airteagal 20(2), aon fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig an mBallstát eile an tráth céanna a chuireann sé ar fáil don phobal í, ar faisnéis í is gá a thabhairt nó a chur ar fáil de bhun Iarscríbhinn IV. Ar bhonn na faisnéise sin, déanfar comhairliúcháin idir an dá Bhallstát, agus an tráth céanna, áiritheofar go soláthrófar na barúlacha ón mBallstát a bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh dó sula dtiocfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ar cuireadh an t-iarratas ar chead isteach ar a chríoch ar chinneadh. I gcás nach ndéanfaidh an Ballstát a bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh dó aon bharúil a sholáthar laistigh den tréimhse chun dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann, rachaidh an t-údarás inniúil ar aghaidh leis an nós imeachta um cheadú. 2. Áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, go gcuirfear an t-iarratas ar chead ar fáil le haghaidh barúlacha freisin do phobal an Bhallstáit a bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh dó agus go mbeidh sé ar fáil ar feadh na tréimhse ama céanna agus a bhí sé ar fáil sa Bhallstát ina ndearnadh an t-iarratas.’ |
|
(29) |
cuirtear an ceannteideal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 26: ‘ CAIBIDIL IIA AN NUÁLAÍOCHT A CHUMASÚ AGUS A CHUR CHUN CINN’ ; |
|
(30) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27: ‘Airteagal 27 Teicnící atá ag teacht chun cinn I gcás inarb iomchuí, spreagfaidh na Ballstáit forbairt agus cur i bhfeidhm teicnící atá ag teacht chun cinn, go háirithe i gcás ina mbeidh na teicnící sin sainaitheanta i gconclúidí BAT, i ndoiciméid tagartha BAT nó i dtorthaí an lárionaid nuálaíochta um chlaochlú tionsclaíoch agus um astaíochtaí tionsclaíocha dá dtagraítear in Airteagal 27a.’ |
|
(31) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 27a Lárionad nuálaíochta um chlaochlú tionsclaíoch agus um astaíochtaí tionsclaíocha 1. Bunóidh agus oibreoidh an Coimisiún lárionad nuálaíochta um chlaochlú tionsclaíoch agus um astaíochtaí tionsclaíocha (“an lárionad” nó “INCITE”). 2. Baileoidh an lárionad faisnéis agus déanfaidh sé anailís ar theicnící nuálacha, lena n-áirítear teicnící atá ag teacht chun cinn agus teicnící claochlaitheacha, a rannchuidíonn, inter alia, le truailliú a íoslaghdú, dícharbónú, éifeachtúlacht acmhainní, geilleagar ciorclach ina n-úsáidtear níos lú ceimiceán nó ceimiceáin atá níos sábháilte, agus atá ábhartha do ghníomhaíochtaí faoi raon feidhme na Treorach seo, agus léireoidh sé a leibhéal forbartha agus a bhfeidhmíocht chomhshaoil. Cuirfidh an Coimisiún torthaí an lárionaid san áireamh agus an clár oibre um malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13(3), pointe (b) á ullmhú aige, agus le linn dó doiciméid tagartha BAT dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a tharraingt suas, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta. 3. Tabharfaidh na heintitis seo a leanas cúnamh don lárionad:
4. Cuirfidh an lárionad a thorthaí ar fáil don phobal faoi réir na srianta a leagtar síos in Airteagal 4(1) agus (2) de Threoir 2003/4/CE. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar amach na socruithe mionsonraithe is gá chun an lárionad a bhunú agus a fheidhmiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2). Airteagal 27b Teicnící atá ag teacht chun cinn a thástáil Gan dochar d’Airteagal 18, féadfaidh an t-údarás inniúil maoluithe sealadacha a dheonú ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 15(2), (3) agus (4) agus ar na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 11, pointí (a) agus (b), chun teicnící atá ag teacht chun cinn a thástáil ar feadh tréimhse iomlán nach faide ná 30 mhí, ar choinníoll, tar éis na tréimhse sonraithe sa chead, go gcuirfear deireadh le tástáil na teicníce nó go mbainfear amach leis an ngníomhaíocht na BAT-AELanna ar a laghad. Airteagal 27c Leibhéil astaíochtaí agus luachanna táscacha feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le teicnící atá ag teacht chun cinn De mhaolú ar Airteagal 21(3), féadfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas a shocrú:
Airteagal 27d Claochlú i dtreo tionscal atá glan, ciorclach agus aeráidneodrach 1. Ceanglóidh na Ballstáit go n-áireoidh oibreoirí plean claochlaithe táscach ina gcuimseofar a ngníomhaíochtaí mar a liostaítear i bpointí 1, 2, 3, 4, 6.1 a, agus 6.1 b d’Iarscríbhinn I ina bplean bainistithe comhshaoil faoin 30 Meitheamh 2030. Beidh faisnéis sa phlean claochlaithe faoi conas a chlaochlófar an tsuiteáil ar feadh na tréimhse 2030-2050 chun rannchuidiú le teacht chun cinn geilleagair atá inbhuanaithe, glan, ciorclach, tíosach ar acmhainní agus aeráidneodrach faoi 2050, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha, claochlú tionsclaíoch ó bhonn dá dtagraítear in Airteagal 27e. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an spriocdháta a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo, go ndéanfaidh an eagraíocht iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 14a(4), an séú fomhír, measúnú ar chomhréireacht na bpleananna claochlaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. 2. Ceanglóidh na Ballstáit, mar chuid den athbhreithniú ar choinníollacha an cheada de bhun Airteagal 21(3) tar éis fhoilsiú na gcinntí maidir le conclúidí BAT tar éis an 1 Eanáir 2030, go n-áireoidh an t-oibreoir plean claochlaithe ina EMS le haghaidh gach suiteála a dhéanann aon ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I nach dtagraítear di i mír 1 den Airteagal seo. Beidh faisnéis sa phlean claochlaithe faoi conas a dhéanfaidh an t-oibreoir claochlú ar an tsuiteáil ar feadh na tréimhse 2030-2050 chun rannchuidiú le teacht chun cinn geilleagair atá inbhuanaithe, glan, ciorclach agus aeráidneodrach faoi 2050, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 21(3) a thabhairt chun críche, go ndéanfaidh an eagraíocht iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 14a(4), an séú fomhír, measúnú ar chomhréireacht na bpleananna claochlaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. 3. I gcás ina bhfuil dhá shuiteáil nó níos mó faoi rialú an oibreora chéanna, nó i gcás ina bhfuil na suiteálacha faoi rialú oibreoirí éagsúla ar cuid den chuideachta chéanna, sa Bhallstát céanna iad, féadfar na suiteálacha sin a chumhdach le plean claochlaithe amháin. I gcás ina bhfuil gnéithe de na pleananna claochlaithe forbartha cheana féin i gcomhréir le reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus ina bhfuil siad i gcomhréir leis an Airteagal seo, féadfar tagairt a dhéanamh sa phlean claochlaithe do na doiciméid ábhartha. 4. Déanfaidh an t-oibreoir a phlean claochlaithe, nuashonruithe ar an bplean claochclaithe, mar aon le torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur ar fáil don phobal, mar chuid d’fhoilsiú na faisnéise ábhartha a leagtar amach in EMS dá dtagraítear in Airteagal 14a(4). 5. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2026, gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an inneachar le haghaidh na bpleananna claochlaithe a shonrú, ar bhonn na faisnéise a cheanglaítear faoi mhíreanna 1, 2 agus 3. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2034, athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, athcheartú ar an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír.’. Airteagal 27e Claochlú Tionsclaíoch ó Bhonn 1. Gan dochar d’Airteagal 18, i gcás claochlú tionsclaíoch ó bhonn na suiteála a leagtar amach sa phlean claochlaithe ábhartha lena gcumhdaítear an tsuiteáil, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh 8 mbliana ar a mhéad san iomlán a chur leis an tréimhse chun go gcomhlíonfaidh an tsuiteáil na coinníollacha ceada cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), ar choinníoll:
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas uair sa bhliain ar a laghad faoi mhaoluithe a dheonaítear mar chuid dá dtuairisciú don Choimisiún faoi Airteagal 72. (2) Gan dochar d’Airteagail 18 agus 22, i gcás claochlú tionsclaíoch ó bhonn arb é atá ann suiteáil a dhúnadh agus suiteáil nua a leagtar amach sa phlean claochlaithe ábhartha a chur ina hionad, ar plean é lena gcumhdaítear an tsuiteáil agus atá le cur i gcrích laistigh de 8 mbliana ó fhoilsiú na gcinntí maidir le conclúidí BAT, i gcomhréir le hAirteagal 13(5), a bhaineann le príomhghníomhaíocht na suiteála atá ann cheana, féadfaidh an t-údarás inniúil an oibleagáid an cead a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 21(3) a tharscaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo uile a leanas:
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid dá dtuairisciú faoi Airteagal 72, uair sa bhliain ar a laghad faoi na maoluithe a dheonaítear.’ |
|
(32) |
in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: ‘5. Féadfaidh an t-údarás inniúil maolú a dheonú ar feadh uastréimhse 6 mhí ón oibleagáid na teorainnluachanna astaíochtaí dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 a chomhlíonadh maidir le dé-ocsaíd sulfair i ndáil le gléasra dócháin a úsáideann breosla ísealsulfair de ghnáth chun na críche sin, i gcásanna nach féidir leis an oibreoir na teorainnluachanna sin a chomhlíonadh de dheasca briseadh i soláthar breosla ísealsulfair de dheasca mórghanntanais. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon mhaolú a dheonaítear faoin gcéad fhomhír, lena n-áirítear na cúiseanna lena dtugtar údar leis an maolú agus na coinníollacha a forchuireadh.’ |
|
(33) |
in Airteagal 30(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: ‘Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon mhaolú a dheonaítear faoin gcéad fhomhír, lena n-áirítear na cúiseanna lena dtugtar údar leis an maolú agus na coinníollacha a forchuireadh.’ ; |
|
(34) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 34a Gléasraí dócháin ar cuid de chóras beag scoite iad 1. Féadfaidh na Ballstáit, go dtí an 31 Nollaig 2029, gléasraí dócháin atá ina gcuid de chóras beag scoite an 4 Lúnasa 2024 a dhíolmhú ó chomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 30(2) agus in Airteagal 15(3) do dhé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine agus deannach nó, i gcás inarb infheidhme, na rátaí díshulfaraithe dá dtagraítear in Airteagal 31. Déanfar na teorainnluachanna astaíochtaí do dhé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine agus deannach a leagtar amach sa chead do ghléasraí dócháin den sórt sin, de bhun cheanglais Threoracha 2001/80/CE agus 2008/1/CE, a choimeád ar bun ar a laghad. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar na hastaíochtaí agus nach gcúiseofar aon truailliú suntasach. Ní fhéadfaidh na Ballstáit suiteálacha a dhíolmhú ó na teorainnluachanna astaíochtaí ach amháin nuair a bheidh na bearta go léir a bhfuil níos lú truaillithe mar thoradh orthu ídithe. Ní dhéanfar an díolúine ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá. 2. Ón 1 Eanáir 2030, comhlíonfaidh na gléasraí dócháin lena mbaineann na teorainnluachanna astaíochtaí do dhé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine agus deannach a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V agus comhlíonfaidh siad na teorainnluachanna astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(3) do dhé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine agus deannach. 3. Déanfaidh na Ballstáit a sholáthraíonn díolúintí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo plean comhlíontachta a chur chun feidhme lena gcumhdófar na gléasraí dócháin a bhaineann tairbhe as na díolúintí sin. Beidh faisnéis sa phlean comhlíontachta maidir leis na bearta chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gléasraí lena mbaineann, faoin 31 Nollaig 2029, na teorainnluachanna astaíochtaí do dhé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine agus deannach a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V agus na teorainnluachanna astaíochtaí in Airteagal 15(3) do dhé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine agus deannach. Beidh faisnéis sa phlean freisin maidir leis na bearta chun méid agus fad na n-astaíochtaí truailleán a íoslaghdú le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean agus faisnéis maidir le bearta bainistithe éilimh agus na féidearthachtaí maidir le breosla níos glaine a athrú nó chun roghanna malartacha níos glaine, amhail foinsí in-athnuaite fuinnimh a imscaradh agus idirnascadh le heangacha mórthíre. 4. Tráth nach déanaí ná an 5 Feabhra 2025, cuirfidh na Ballstáit a bplean comhlíontachta in iúl don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na pleananna agus, i gcás nach mbeidh aon agóid déanta ag an gCoimisiún laistigh de 12 mhí tar éis an plean a fháil, measfaidh an Ballstát lena mbaineann gur glacadh lena phlean. I gcás ina ndéanann an Coimisiún agóidí ar an bhforas nach ráthaítear leis an bplean comhlíontacht na ngléasraí lena mbaineann faoin 31 Nollaig 2029 nó nach n-íoslaghdaíonn sé méid agus fad na n-astaíochtaí truailleán le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann plean athbhreithnithe in iúl don Choimisiún laistigh de 6 mhí tar éis fógra a fháil faoi agóidí an Choimisiúin. Maidir leis an meastóireacht ar leagan athbhreithnithe de phlean a chuirfidh Ballstát in iúl don Choimisiún, 6 mhí a bheidh sa tréimhse dá dtagraítear sa dara habairt. 5. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún faoin dul chun cinn a bheidh déanta i ndáil leis na gníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu sa phlean comhlíontachta tráth nach déanaí ná an 5 Feabhra 2026, agus ag deireadh gach bliana féilire ina dhiaidh sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon athruithe ina dhiaidh sin ar an bplean comhlíontachta. Maidir leis an meastóireacht ar leagan athbhreithnithe de phlean a chuirfidh Ballstát in iúl don Choimisiún, 6 mhí a bheidh sa tréimhse dá dtagraítear sa dara habairt de mhír 4. 6. Cuirfidh an Ballstát faisnéis maidir leis an maolú agus na coinníollacha arna bhforchur ar fáil go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 24(2).’ |
|
(35) |
in Airteagal 42(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le gléasraí gásúcháin ná pirealaithe, má chóireáiltear na gáis nó na leachtanna a eascraíonn as cóireáil theirmeach dramhaíola den sórt sin sula loisctear iad a mhéid:
|
|
(36) |
in Airteagal 48, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar astaíochtaí i gcomhréir le Codanna 6 agus 7 d’Iarscríbhinn VI. Déanfar faireachán freisin ar astaíochtaí san aer ó ghléasraí loiscthe agus comhloiscthe dramhaíola le linn dálaí oibriúcháin nach gnáthdhálaí oibriúcháin iad. Déanfar astaíochtaí le linn tosú agus múchadh nuair nach bhfuil aon dramhaíl á loscadh, lena n-áirítear astaíochtaí PCDD/F agus PCBanna de chineál dé-ocsaine, a mheas bunaithe ar fheachtais tomhais, a dhéanfar go tráthrialta, amhail gach 3 bliana, a dhéanfar le linn oibríochtaí tosaithe nó múchta atá beartaithe. Déanfar astaíochtaí PCDD/F agus PCBanna de chineál dé-ocsaine a chosc nó a íoslaghdú a mhéid is féidir.’ |
|
(37) |
in Airteagal 63, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. I gcás ina ndéantar athrú substaintiúil ar shuiteáil atá ann cheana, nó i gcás ina dtagann sí faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair tar éis athrú substaintiúil a dhéanamh, déileálfar leis an gcuid sin den ghléasra a ndéantar an t-athrú substaintiúil uirthi mar shuiteáil nua.’ |
|
(38) |
in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Déanfar an faireachán, agus beidh córas dearbhaithe cáilíochta na saotharlainne a dhéanann an faireachán i gcomhréir le caighdeáin CEN nó, mura mbeidh fáil ar chaighdeáin CEN, i gcomhréir le caighdeáin ISO, le caighdeáin náisiúnta nó le caighdeáin idirnáisiúnta eile lena n-áiritheofar soláthar sonraí ar cháilíocht choibhéiseach eolaíoch.’ |
|
(39) |
cuirtear an ceannteideal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 70: ‘ CAIBIDIL VIA FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LE HÉANLAITH CHLÓIS AGUS MUCA A THÓGÁIL’ ; |
|
(40) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach tar éis an cheannteidil ‘CAIBIDIL VIa’: ‘Airteagal 70a Raon feidhme Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia lena sroichtear na tairseacha acmhainneachta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Airteagal 70b Riail chomhiomlánaithe 1. Glacfaidh na Ballstáit bearta lena áirithiú sa chás go bhfuil dhá shuiteáil nó níos mó atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí tógála beostoic suite gar dá chéile agus más ionann a n-oibreoir, nó má tá na suiteálacha faoi rialú oibreoirí a bhfuil caidreamh eacnamaíoch nó dlíthiúil eatarthu, go bhféadfaidh an t-údarás inniúil a mheas gur aonad aonair iad na suiteálacha sin chun críche an tairseach acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 70a a ríomh. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an riail dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun dul timpeall ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo. 2. Faoin 5 Lúnasa 2028, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, maidir leis na critéir chun suiteálacha éagsúla a mheas mar aonad aonair faoi mhír 1. Airteagal 70c Ceadanna agus clárúcháin 1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach n-oibreoidh aon suiteáil a thagann faoi raon feidhme na Caibidle seo gan chead nó gan bheith cláraithe agus go gcomhlíonfar le hoibriú na suiteálacha uile a thagann faoi raon feidhme na Caibidle seo na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialacha oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 70i. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as aon nós imeachta den chineál céanna atá ann cheana maidir le suiteálacha a chlárú chun nach gcruthófar ualach riaracháin. Féadfaidh na Ballstáit nós imeachta um cheadú a chur i bhfeidhm maidir le diantógáil éanlaithe clóis agus muc:
Féadfaidh na Ballstáit ceanglais maidir le catagóirí áirithe suiteálacha a thagann faoi raon feidhme na Caibidle seo a áireamh sna rialacha ceangailteacha ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 6. Sonróidh na Ballstáit an nós imeachta chun cead a chlárú nó a dheonú i leith suiteálacha a thagann faoi raon feidhme na Caibidle seo. Áireofar sna nósanna imeachta sin an fhaisnéis a liostaítear i mír 2 ar a laghad. 2. Áireofar i gclárú na gceadanna nó sna hiarratais ar cheadanna tuairisc ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
3. Áireofar in iarratais freisin achoimre neamhtheicniúil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2. 4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an t-oibreoir an t-údarás inniúil ar an eolas, gan mhoill, faoi aon athrú substaintiúil a bheartaítear a dhéanamh ar na suiteálacha a thagann faoi raon feidhme na Caibidle seo, arb athrú é a bhféadfadh iarmhairtí ar an gcomhshaol a bheith leis. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an t-údarás inniúil an cead a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta nó iarrfaidh sé ar an oibreoir iarratas a dhéanamh ar chead nó clárúchán nua a dhéanamh. 5. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchair chur chun feidhme na rialacha oibriúcháin a leagtar síos in Airteagal 70i agus cuirfidh sé, faoi 11 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 70i(2), tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí an mheasúnaithe sin. Airteagal 70d Oibleagáidí an oibreora 1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-oibreoir faireachán ar astaíochtaí agus ar leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann leo i gcomhréir leis na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialacha oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 70i. Gheofar sonraí faireacháin trí mhodhanna tomhais nó, i gcás nach bhfuil sé indéanta, trí mhodhanna ríofa amhail fachtóirí astaíochta a úsáid. Tabharfar tuairisc sna rialacha oibriúcháin ar na modhanna a úsáidtear chun na sonraí faireacháin a fháil. Coimeádfaidh an t-oibreoir taifead ar thorthaí uile an fhaireacháin, agus déanfaidh sé iad a phróiseáil, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad, ar bhealach lenar féidir fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí agus na dteorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil a leagtar amach sna rialacha oibriúcháin. 2. I gcás neamhchomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochtaí agus na dteorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil a leagtar amach sna coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialacha oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 70i, ceanglóidh na Ballstáit ar an oibreoir na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear comhlíontacht ar bun arís, laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir. 3. Maidir le haon bhainistiú aoiligh, lena n-áirítear dramhaíl, seachtháirgí ainmhí nó iarmhar eile arna ghiniúint ag an tsuiteáil a leathadh ar thalamh, áiritheoidh an t-oibreoir go ndéanfar é i gcomhréir leis na teicnící is fearr atá ar fáil, mar a shonraítear sna rialacha oibriúcháin, agus i reachtaíocht ábhartha eile an Aontais agus nach mbeidh sé ina chúis le truailliú suntasach an chomhshaoil. Airteagal 70e Faireachán 1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán oiriúnach i gcomhréir leis na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialacha oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 70i. 2. Déanfar torthaí uile an fhaireacháin a thaifeadadh, a phróiseáil agus a chur i láthair ar bhealach lena gcumasófar don údarás inniúil fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha oibriúcháin, na dteorainnluachanna astaíochtaí agus na dteorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil a áirítear sna rialacha ceangailteacha ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 6 nó sa chead. 3. Cuirfidh an t-oibreoir na sonraí agus an fhaisnéis a liostaítear i mír 2 ar fáil don údarás inniúil gan mhoill, arna iarraidh sin aige. Féadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh den sórt sin a dhéanamh chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialacha oibriúcháin. Déanfaidh an t-údarás inniúil an iarraidh sin má iarrann duine den phobal rochtain ar na sonraí nó ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 2. Airteagal 70f Neamhchomhlíontacht 1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar na luachanna maidir le hastaíochtaí agus maidir le leibhéil feidhmíochta comhshaoil i gcomhréir leis na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialacha oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 70i agus nach rachaidh siad thar na teorainnluachanna astaíochtaí agus na teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil a leagtar amach ann. 2. Bunóidh na Ballstáit córas éifeachtach um fhaireachán ar chomhlíontacht, a bheidh bunaithe ar chigireachtaí comhshaoil nó ar bhearta eile, chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Chaibidil seo a sheiceáil. 3. I gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Chaibidil seo, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglóidh an t-údarás inniúil ar an oibreoir aon bheart is gá a dhéanamh, sa bhreis ar na bearta arna ndéanamh ag an oibreoir faoi Airteagal 70d, chun a áirithiú go gcuirfear comhlíontacht ar bun arís gan mhoill. I gcás ina mbeidh neamhchomhlíontacht ina cúis le díghrádú suntasach ar dhálaí áitiúla aeir, uisce nó ithreach, nó i gcás ina mbeidh sí ina contúirt shuntasach do shláinte an duine, nó i gcás ina bhfuil an riosca ann go mbeidh sí ina contúirt den sórt sin, cuirfidh an t-údarás inniúil oibriú na suiteála ar fionraí go dtí go gcuirfear comhlíontacht ar bun arís. Airteagal 70g Faisnéis phoiblí agus rannpháirtíocht an phobail 1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar deiseanna luatha agus éifeachtacha don phobal lena mbaineann chun páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta seo a leanas:
2. Cuirfidh an t-údarás inniúil na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don phobal, lena n-áirítear, go córasach, tríd an idirlíon, saor in aisce agus gan an rochtain a shrianadh d’úsáideoirí cláraithe amháin:
Airteagal 70h Rochtain ar an gceartas 1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an gcóras dlí náisiúnta ábhartha, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí chun agóid a dhéanamh in aghaidh dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht nós imeachta cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha faoi réir na Caibidle seo nuair a chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
Ní bheidh seasamh sa nós imeachta um athbhreithniú ag brath ar an ról a bhí ag an duine den phobal lena mbaineann le linn céim rannpháirtíochta de na nósanna imeachta cinnteoireachta faoin Treoir seo. Beidh an nós imeachta um athbhreithniú cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh sé róchostasach, agus déanfar foráil ann maidir le réitigh leordhóthanacha agus éifeachtacha, lena n-áirítear faoiseamh urghaire de réir mar is iomchuí. 2. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an chéim ag ar féidir agóid a dhéanamh in aghaidh na gcinntí, na ngníomhartha nó na neamhghníomhartha. Airteagal 70i Coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialacha oibriúcháin 1. Eagróidh an Coimisiún malartú faisnéise idir na Ballstáit, na hearnálacha lena mbaineann, na heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn, agus an Coimisiún sula mbunóidh sé coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialacha oibriúcháin i gcomhréir le mír 2. Rachaidh an malartú faisnéise i ngleic, go háirithe, leis na nithe seo a leanas:
2. Faoin 1 Meán Fómhair 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú le haghaidh rialacha oibriúcháin i gcás gach aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn Ia. Beidh na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialacha oibriúcháin comhsheasmhach le húsáid na dteicnící is fearr atá ar fáil do na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn Ia agus cuirfear san áireamh leo nádúr, cineál, méid agus dlús stocála na suiteálacha sin, méid tréadaí de chineálacha aonair ainmhithe i bhfeirmeacha measctha agus sainiúlachtaí na gcóras tógála atá bunaithe ar fhéarach, i gcás nach dtógtar ainmhithe i suiteálacha laistigh ach go séasúrach. Áireofar iontu freisin faisnéis tháscach maidir le teicnící atá ag teacht chun cinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2). 3. Áiritheoidh na Ballstáit go leanann an t-údarás inniúil forbairtí ar na teicnící is fearr atá ar fáil nó go ndéantar é a chur ar an eolas fúthu agus faoi fhoilsiú aon choinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialacha oibriúcháin nua nó cothrom le dáta.’ |
|
(41) |
in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Suífear cineál, formáid agus minicíocht na faisnéise a bheidh le cur ar fáil de bhun mhír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2). Déanfar an cinneadh cur chun feidhme lena mbunaítear cineál, formáid agus minicíocht na faisnéise atá le cur ar fáil de bhun mhír 1 den Airteagal seo a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá agus tráth nach déanaí ná an 5 Lúnasa 2026.’ |
|
(42) |
in Airteagal 73(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír: ‘Faoin 30 Meitheamh 2028 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina n-athbhreithneofar cur chun feidhme na Treorach seo. Áireofar sa tuarascáil faisnéis maidir le gníomhaíochtaí ar glacadh nó nár glacadh conclúidí BAT ina leith de bhun Airteagal 13(5) den Treoir seo, agus cuirfear dinimic na nuálaíochta san áireamh, lena n-áirítear teicnící atá ag teacht chun cinn, an gá atá le bearta breise chun truailliú a chosc agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2003/87/CE. Áireofar sa tuarascáil sin measúnú ar an ngá le gníomhaíocht ón Aontas trí íoscheanglais ar fud an Aontais maidir le teorainnluachanna astaíochtaí a leagan síos nó a thabhairt cothrom le dáta agus ar an ngá le rialacha maidir le faireachán agus comhlíontacht le haghaidh gníomhaíochtaí faoi raon feidhme chonclúidí BAT arna nglacadh le linn na tréimhse 5 bliana roimhe sin, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
|
|
(43) |
leasaítear Airteagal 73 mar a leanas:
|
|
(44) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 74: ‘Airteagal 74 Leasuithe ar Iarscríbhinní 1. Chun gur féidir forálacha na Treorach seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil ar bhonn na dteicnící is fearr atá ar fáil, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 76 a mhéid a bhaineann le Codanna 3 agus 4 d’Iarscríbhinn V, le Codanna 2, 6, 7 agus 8 d’Iarscríbhinn VI agus le Codanna 5, 6, 7 agus 8 d’Iarscríbhinn VII a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sin. 2. Déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le geallsealbhóirí sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an Airteagal seo. Maidir leis na staidéir agus na hanailísí ábhartha arna n-úsáid chun gníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal iad, tráth nach déanaí ná tráth glactha an ghnímh tharmligthe.’ |
|
(45) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75: ‘Airteagal 75 Nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’ |
|
(46) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76: ‘Airteagal 76 An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 27d, Airteagal 48(5), agus in Airteagal 74 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Lúnasa 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 27d, Airteagal 48(5) agus Airteagal 74 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 27d, Airteagal 48(5) nó Airteagal 74 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’ |
|
(47) |
scriostar Airteagail 77 agus 78; |
|
(48) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79: ‘Airteagal 79 Pionóis 1. Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2. Áireofar ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1 pionóis airgeadais riaracháin a bhainfidh na sochair eacnamaíocha a eascraíonn as a sáruithe dóibh siúd a rinne an sárú, go bunúsach. I gcás na sáruithe is tromchúisí arna ndéanamh ag duine dlítheanach, beidh uasmhéid na bpionós airgeadais riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír cothrom le 3 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an oibreora san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain ina ngearrtar an fhíneáil. Féadfaidh na Ballstáit freisin, nó de rogha air sin, pionóis choiriúla a úsáid ar choinníoll go bhfuil siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar bhealach atá coibhéiseach leis na pionóis airgeadais riaracháin dá dtagraítear san Airteagal seo; 3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí ar an nithe seo a leanas sna pionóis a bhunófar de bhun an Airteagail seo:
4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faoi na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon leasú ina dhiaidh a dhéanfaidh difear dóibh. (*5) Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).’;" |
|
(49) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 79a Cúiteamh 1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndearnadh dochar do shláinte an duine de dheasca sárú ar bhearta náisiúnta a glacadh de bhun na Treorach seo, go mbeidh sé de cheart ag na daoine aonair a ndéantar difear dóibh cúiteamh maidir leis an dochar sin a éileamh agus a fháil ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar rialacha náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le héilimh ar chúiteamh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair an ceart chun cúitimh i gcás dochar arb é sárú is cúis leis a fheidhmiú de bhun mhír 1. 3. Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí teorann a bhunú chun caingne a thionscnamh le haghaidh cúitimh dá dtagraítear i mír 1. Ní chuirfear tús leis na tréimhsí sin sula mbeidh deireadh leis an sárú agus sula mbeidh a fhios ag an duine a éileoidh an cúiteamh gur bhain dochar dó nó di de dheasca sárú de bhun mhír 1, nó gur féidir coinne réasúnta a bheith leis go mbeidh a fhios aige nó aici faoi sin.’ |
|
(50) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(51) |
cuirtear isteach Iarscríbhinn Ia a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(52) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn II; |
|
(53) |
leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(54) |
leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(55) |
leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(56) |
leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 1999/31/CE
In Airteagal 1 de Threoir 1999/31/CE, scriostar mír 2.
Airteagal 3
Forálacha idirthréimhseacha
1. Maidir le suiteálacha a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, cuirfidh na Ballstáit Airteagal 14 (1), an dara fomhír, pointí (aa), (bb), agus (h), agus Airteagal 15(4) agus (6) i bhfeidhm laistigh de 4 bliana tar éis fhoilsiú na gcinntí i dtaobh conclúidí BAT a foilsíodh tar éis an 1 Iúil 2026 a bhaineann le príomhghníomhaíocht suiteála i gcomhréir le hAirteagal 13(5).
Suiteálacha a cheadaítear den chéad uair tar éis fhoilsiú na gcinntí i dtaobh conclúidí BAT arna bhfoilsiú tar éis an 1 Iúil 2026 a bhaineann le príomhghníomhaíocht suiteála i gcomhréir le hAirteagal 13(5), cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón dáta a bhfoilseofar na conclúidí BAT.
2. Maidir le suiteálacha a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a thagann faoi raon feidhme na Treorach roimh an 4 Lúnasa 2024 agus atá ag oibriú agus a bhfuil cead acu roimh an 1 Iúil 2026, beidh feidhm ag Airteagal 14(1), an dara fomhír, pointí (a), (b), (ba) agus (d), agus Airteagal 15(1), Airteagal 15(5), Airteagal 15a agus Airteagal 16(4) nuair a dhéantar an cead a dheonú nó a thabhairt cothrom le dáta de bhun Airteagal 20(2) nó Airteagal 21(5), nó a thabhairt cothrom le dáta laistigh de 4 bliana ó fhoilsiú cinntí maidir le conclúidí BAT a foilsíodh tar éis an 1 Iúil 2026, i gcomhréir le hAirteagal 13(5) a bhaineann le príomhghníomhaíocht suiteála, nó faoin 1 Meán Fómhair 2036, cibé acu is túisce.
Maidir le suiteálacha a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach roimh an 4 Lúnasa 2024, agus a bhfuil iarratas iomlán ar chead curtha isteach ag na hoibreoirí ina leith roimh an dáta sin, ar choinníoll go gcuirtear na suiteálacha sin i ngníomh tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2026, beidh feidhm ag Airteagal 14 (1), an dara fhomhír, pointí (a), (b), (ba), agus (d), Airteagal 15(1), Airteagal 15(5), Airteagal 15a agus Airteagal 16(4) nuair a dhéantar an cead a dheonú nó a thabhairt cothrom le dáta de bhun Airteagal 20(2) nó Airteagal 21(5), nó a thabhairt cothrom le dáta laistigh de 4 bliana ó fhoilsiú cinntí maidir le conclúidí BAT a foilsíodh tar éis an 1 Iúil 2026, i gcomhréir le hAirteagal 13(5) a bhaineann le príomhghníomhaíocht suiteála, nó faoin 1 Meán Fómhair 2036, cibé acu is túisce.
Maidir le suiteálacha a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a thagann faoi raon feidhme na treorach roimh an 4 Lúnasa 2024 beidh feidhm ag Airteagal 15(3) nuair a dhéantar an cead a thabhairt cothrom le dáta laistigh de 4 bliana tar éis fhoilsiú, nó a dheonú i ndiaidh, na gcinntí i dtaobh conclúidí BAT a foilsíodh tar éis an 1 Iúil 2026 i gcomhréir le hAirteagal 13(5) a bhaineann le príomhghníomhaíocht suiteála, nó nuair a dhéantar an cead a thabhairt cothrom le dáta de bhun Airteagal 21(5), nó faoin 1 Meán Fómhair 2036, cibé acu is túisce.
Go dtí an dáta ábhartha cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa chéad fhomhír, dara fomhír, agus an tríú fomhír comhlíonfaidh na suiteálacha a luaitear sna fomhíreanna sin, a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, sa leagan atá i bhfeidhm an 3 Lúnasa 2024, Treoir 2010/75/AE sa leagan sin.
3. Maidir le suiteálacha nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach roimh an 4 Lúnasa 2024 agus a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 2.3 (aa) agus bailchríochnú snáithíní teicstíle nó teicstílí faoi phointe 6.2 den Iarscríbhinn sin atá i bhfeidhm roimh an 1 Iúil 2026, déanfaidh na Ballstáit, cé is moite d’Airteagal 14(1), an dara fomhír, pointí (aa), (bb), agus (h), Airteagal 15(4) agus Airteagal 15(6), na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm laistigh de 4 bliana ón 1 Iúil 2026.
4. Maidir le suiteálacha nach dtagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2010/75 roimh an 4 Lúnasa 2024 agus a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointí 1.4, 2.3(b), 2.3(ba), 2.7 agus 3.6, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm, cé is moite d’Airteagal 14(1), an dara fomhír, pointí (aa), (bb) agus (h), Airteagal 15 (4) agus Airteagal 15(6), na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir seo laistigh de 4 bliana tar éis fhoilsiú na gcinntí i dtaobh conclúidí BAT i gcomhréir le hAirteagal 13(5) a bhaineann le príomhghníomhaíocht suiteála nó faoin 1 Meán Fómhair 2034, cibé acu is túisce.
Go dtí an dáta ábhartha cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhlíonfaidh na suiteálacha a luaitear san fhomhír sin, a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, sa leagan atá i bhfeidhm an lá roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, Treoir 2010/75/AE sa leagan sin.
Maidir le suiteálacha a cheadaítear den chéad uair tar éis fhoilsiú na gcinntí i dtaobh conclúidí BAT arna bhfoilsiú tar éis an 1 Iúil 2026 a bhaineann le príomhghníomhaíocht suiteála i gcomhréir le hAirteagal 13(5), beidh feidhm ag na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir seo maidir le deonú a gceadanna ón dáta a bhfoilseofar na conclúidí BAT.
5. Maidir le suiteálacha a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a, cuirfidh Ballstáit i bhfeidhm na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir seo laistigh de:
|
(a) |
4 bliana ó theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 70i(2), má tá acmhainneacht 600 aonad beostoic nó níos mó ag an tsuiteáil; |
|
(b) |
5 bliana ó theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 70i(2), má tá acmhainneacht 400 aonad beostoic nó níos mó ag an tsuiteáil; |
|
(c) |
6 bliana ó theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 70i(2), maidir le gach suiteáil eile a chumhdaítear le hIarscríbhinn Ia. |
Go dtí an dáta ábhartha cur i bhfeidhm, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhlíonfaidh na suiteálacha a luaitear san fhomhír sin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE, sa leagan atá i bhfeidhm an lá roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, Treoir 2010/75/AE sa leagan sin.
6. Maoluithe atá deonaithe ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 15(5) roimh an 1 Iúil 2026, leanfaidh siad de bheith bailí go dtí go ndéanfaidh an t-údarás inniúil athmheasúnú i dtaobh an bhfuil bonn cirt leis an maolú faoi Airteagal 15(5). Déanfar an t-athmheasúnú 4 bliana ón 1 Iúil 2026 nó mar chuid den athbhreithniú ar choinníollacha an cheada de bhun Airteagal 21, cibé acu is túisce.
7. Maoluithe maidir le tástáil agus úsáid teicnící atá ag teacht chun cinn arna ndeonú ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 15(7) de Threoir 2010/75/AE sa leagan a bheidh i bhfeidhm an 3 Lúnasa 2024, roimh an 1 Iúil 2026, leanfaidh siad de bheith bailí go dtí deireadh na tréimhse a shonraítear sa chinneadh lena ndeonaítear an maolú. Tar éis na tréimhse a shonraítear, cuirfear stop le tástáil na teicníce nó bainfear amach na BAT-AELanna ar a laghad leis an ngníomhaíocht.
Airteagal 4
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Iúil 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MICHEL
(1) IO C 443, 22.11.2022, lch. 130.
(2) IO C 498, 30.12.2022, lch. 154.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2024.
(4) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(5) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú); (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(6) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2004, ELI: https://eurlex.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).
(8) Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).
(9) Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthimpiste lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(11) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/119/AE ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2012 lena leagtar síos rialacha maidir le treoir i ndáil le bailiú sonraí agus doiciméid tagartha BAT a tharraingt suas agus maidir lena ndearbhú cáilíochta dá dtagraítear i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IO L 63, 2.3.2012, lch. 1).
(12) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(13) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne a n-éadála, a n-úsáide agus a nochta neamhdhleathaigh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(14) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93, (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).
(16) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(17) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(18) Breithiúnas ón gCúirt (an Chéad Dlísheomra) an 14 Eanáir 2021, LB agus Eile v College van burgemeester en wethouders van de gemeente Echt-Susteren, Cás C-826/18, ECLI:EU:C:2021:7, míreanna 58 agus 59.
(19) Breithiúnas ón gCúirt (an Mór-Dhlísheomra), an 15 Eanáir 2013, Jozef Križan agus Eile v Slovenská inšpekcia životného prostredia, Cás C-416/10, ECLI:EU:C:2013:8, mír 109.
(20) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuairiscí gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle; (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(21) Rialachán (AE) 2024/1244 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir leis an tuairisciú ar shonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha agus lena mbunaítear an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 (IO L, 2024/1244, 2.5.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/1244/oj).
(22) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(23) Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2024 maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú san earnáil fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (IO L, 2024/1787, 15.7.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj).
(24) Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 178, 28.6.2013, lch. 66).
(25) Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).
(26) Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).
(27) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Cinneadh 91/689/CEE agus Cinneadh 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).
(28) Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE mar a leanas:
|
(a) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.4:
|
|
(b) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.3:
|
|
(c) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(d) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.5:
|
|
(e) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(f) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2(a):
|
|
(g) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5.3:
(*1) Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).’;" |
|
(h) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.2:
|
|
(i) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.5:
|
|
(j) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.6:
|
(*1) Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).’;’
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN Ia
Gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 70a
Tagann suiteálacha faoi raon feidhme na hiarscríbhinne seo má thagann siad faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí gníomhaíochta seo a leanas:
|
1. |
Muca a thógáil arb ionann iad agus 350 aonad beostoic nó níos mó, cé is moite de ghníomhaíochtaí tógála a dhéantar faoi chórais táirgthe orgánaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848, nó i gcás inar lú an dlús stocála ná 2 aonad beostoic/heicteár nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh innilte nó le haghaidh fás farae nó foráiste a úsáidtear chun na hainmhithe a bheathú, agus i gcás ina dtógtar na hainmhithe lasmuigh ar feadh tréimhse shuntasach ama i mbliain nó ina tógtar go séasúrach lasmuigh iad. |
|
2. |
Gan ach béaróga a thógáil arb ionann iad agus 300 aonad beostoic nó níos mó, nó gan ach catagóirí eile éanlaithe clóis a thógáil arb ionann iad agus 280 aonad beostoic nó níos mó. I suiteálacha ina dtógtar meascán éanlaithe clóis, lena n-áirítear béaróga, is 280 aonad beostoic an tairseach a bheidh ann agus déanfar an acmhainneacht a ríomh trí úsáid a bhaint as 0,93 mar fhachtóir ualúcháin (*1) le haghaidh béaróg. |
|
3. |
Aon mheascán muc nó éanlaithe clóis a thógáil, arb ionann é agus 380 aonad beostoic nó níos mó, cé is moite de mhuca a thógáil i suiteálacha a oibríonn faoi chórais táirgthe orgánaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848, nó i gcás inar lú an dlús stocála ná 2 aonad beostoic/heicteár nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh innilte nó le haghaidh fás farae nó foráiste a úsáidtear chun na hainmhithe a bheathú, agus i gcás ina dtógtar na hainmhithe lasmuigh ar feadh tréimhse shuntasach ama i mbliain nó ina dtógtar go séasúrach lasmuigh iad. |
Déantar leibhéal aonaid beostoic suiteála a ríomh trí úsáid a bhaint as na rátaí comhshó seo a leanas:
Muca:
Cránacha pórúcháin > 50 kg … 0,500
Bainbh < 20 kg … 0,027
Muca eile … 0,300
Éanlaith chlóis:
Sicíní grísce … 0,007
Béaróga … 0,014
Turcaithe … 0,030
Lachain … 0,010
Géanna … 0,020
Ostraisí … 0,350
Éanlaith chlóis eile … 0,001
(*1) Rinneadh an fachtóir ualúcháin le haghaidh béaróg a ríomh tríd an tairseach eile éanlaithe clóis (280 aonad beostoic) a roinnt ar thairseach na mbéaróg (300 aonad beostoic). Is ionann é sin agus 280/300 = 0,93 (slánaithe).’.’
IARSCRÍBHINN III
‘IARSCRÍBHINN II
Prionsabail atá le comhlíonadh agus maolú dá dtagraítear in Airteagal 15(5) á dheonú
Le maoluithe a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 15(5) urramófar na prionsabail seo a leanas:
1. Costais
|
1.1. |
Is é a bheidh sna costais dá dtagraítear in Airteagal 15(5) na costais a bhaineann le comhlíonadh na leibhéal astaíochtaí a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil agus áirítear iontu costais chaipitil agus costais oibriúcháin araon. Ní áireofar costais shóisialta ná eacnamaíocha níos leithne. |
|
1.2. |
Beidh an mheastóireacht a dhéanfar ar na costais cainníochtúil agus beidh measúnú cáilíochtúil ag tacú léi. |
|
1.3. |
Beidh an méid seo a leanas fíor maidir leis na costais a chuirfear san áireamh sa mheastóireacht:
|
|
1.4. |
San iarratas ar mhaolú, sainaithneofar go soiléir foinse na gcostas agus na modhanna a úsáidfear chun iad a ríomh, lena n-áirítear an ráta lascaine a luaitear i bpointe 1.3(c) agus an meastachán ar neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an meastóireacht ar na costais. |
|
1.5. |
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar na costais a ndearna an t-oibreoir meastóireacht orthu, bunaithe ar fhaisnéis ó fhoinsí eile amhail soláthraithe teicneolaíochta, taighde piarmheasúnaithe, breithiúnais saineolaithe nó sonraí ó shuiteálacha eile inar suiteáladh na teicnící is fearr atá ar fáil le déanaí. |
2. Tairbhí comhshaoil
|
2.1. |
Is é a bheidh sna tairbhí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 15(4) na tairbhí comhshaoil a bhaineann le comhlíonadh na leibhéal astaíochtaí a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil. |
|
2.2. |
Beidh an mheastóireacht a dhéanfar ar na tairbhí comhshaoil cainníochtúil (i dtéarmaí airgeadaíochta) agus beidh measúnú cáilíochtúil ag tacú léi. Bainfear úsáid as costais aitheanta a bhaineann le damáiste ó thruailliú, i gcás ina mbeidh fáil orthu. |
|
2.3. |
Déanfar breithniú sa mheastóireacht ar na tairbhí comhshaoil ar ráta lascaine arna chur i bhfeidhm ar aon tairbhe a bhfuil luach airgid curtha air agus lena dtugtar aghaidh ar dhifríochtaí i luachanna i dtuairim na sochaí le himeacht ama. |
|
2.4. |
San iarratas ar mhaolú, sainaithneofar go soiléir foinse na faisnéise faoi na tairbhí comhshaoil agus na modhanna a úsáidfear chun na tairbhí comhshaoil a ríomh, lena n-áirítear an ráta lascaine a luaitear i bpointe 1.3(c) agus an meastachán ar neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an meastóireacht ar na tairbhí comhshaoil. |
|
2.5. |
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar na tairbhí comhshaoil a ndearna an t-oibreoir meastóireacht orthu, bunaithe ar bhreithiúnas saineolach nó ar shonraí ó shuiteálacha eile inar suiteáladh na teicnící is fearr atá ar fáil le déanaí. |
3. Díréireacht na gcostas i comparáid le tairbhí comhshaoil
|
3.1. |
Chun a chinneadh an bhfuil díréireacht ann, déanfar comparáid idir na costais a bhaineann le comhlíonadh na leibhéal astaíochtaí a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil agus na tairbhí a bhaineann leis an gcomhlíontacht sin. |
|
3.2. |
Áireofar na gnéithe seo a leanas sa sásra comparáide:
|
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2010/75/AE mar a leanas:
|
(a) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
|
|
(b) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:
|
|
(c) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:
|
|
(d) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:
|
|
(e) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:
|
IARSCRÍBHINN V
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2010/75/AE mar a leanas:
|
(a) |
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:
|
|
(b) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
|
|
(c) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
|
IARSCRÍBHINN VI
Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2010/75/AE mar a leanas:
|
(a) |
i gCuid 3, mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: ‘Cuirfidh an t-oibreoir an t-údarás inniúil ar an eolas faoin toradh ar an tseiceáil ar na córais uathoibrithe tomhais gan moill mhíchuí.’; |
|
(b) |
i gCuid 3, mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Aon lá ina mbeidh níos mó ná trí mheánluach in aghaidh na huaire neamhbhailí i ngeall ar mhífheidhmiú nó cothabháil an chórais uathoibrithe tomhais, déanfar é a chur ó bhail. Má dhéantar níos mó ná 10 lá in aon bhliain amháin a chur ó bhail le haghaidh cásanna den sórt sin, ceanglóidh an t-údarás inniúil ar an oibreoir bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun iontaofacht an chórais uathoibrithe tomhais a fheabhsú gan moill mhíchuí.’. |
IARSCRÍBHINN VII
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2010/75/AE mar a leanas:
i gCuid 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.2:
|
‘1.2. |
Is i gcomhréir le caighdeáin CEN a dhéanfar sampláil agus anailís ar na substaintí truaillitheacha uile lena n-áirítear dé-ocsainí agus fúráin, mar aon leis an dearbhú cáilíochta ar chórais uathoibrithe tomhais agus ar na modhanna tagartha tomhais chun iad a chalabrú. Mura bhfuil fáil ar chaighdeáin CEN, beidh feidhm ag caighdeáin ISO, náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear soláthar sonraí ar cháilíocht choibhéiseach eolaíoch. Tá feidhm aige sin freisin maidir le córas dearbhaithe cáilíochta na saotharlainne a dhéanann an tsampláil agus an anailís. Beidh na córais uathoibrithe tomhais faoi réir rialú trí bhíthin tomhais chomhthreomhara leis na modhanna tagartha uair sa bhliain ar a laghad.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1785/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)