European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1781

28.6.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1781 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é an Comhaontú Glas don Eoraip a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 straitéis fáis inbhuanaithe na hEorpa agus tá sé d’aidhm aici sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha, iomaíoch, neodrach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach agus comhshaol saor ó thocsainí. Leagtar amach an cuspóir uaillmhianach chun a áirithiú go mbeidh an tAontas ar an gcéad ilchríoch a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Aithníonn sé na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh in inbhuanaitheacht iomaíoch an Aontais trí Eoraip níos cothroime, níos glaise agus níos digití a thógáil. Tá ról lárnach ag táirgí san aistriú glas seo. Ag cur i dtábhacht go bhfuil na próisis táirgthe agus na patrúin tomhaltais atá ann faoi láthair fós rólíneach agus go bhfuil siad ag brath an iomarca ar thréchur ábhar nua a bhaintear, a thrádáiltear agus a phróiseáiltear ina n-earraí agus a dhiúscraítear ar deireadh mar dhramhaíl nó mar astaíochtaí, cuireann an Comhaontú Glas don Eoraip béim ar an ngéarghá atá le haistriú go samhail an gheilleagair chiorclaigh agus cuireann sé béim ar an dul chun cinn suntasach atá fós le déanamh. Sainaithnítear leis an éifeachtúlacht fuinnimh mar thosaíocht i ndícharbónú na hearnála fuinnimh agus i mbaint amach na gcuspóirí aeráide in 2030 agus 2050.

(2)

Chun dlús a chur leis an aistriú chuig samhail den gheilleagar ciorclach, cheap an Coimisiún clár oibre dírithe ar an todhchaí i dteachtaireacht uaidh an 11 Márta 2020 ar Phlean Gníomhaíochta nua um an nGeilleagar Ciorclach le haghaidh Eoraip a bheidh níos glaine agus níos iomaíche(CEAP), agus é ina chuspóir aige an creat rialála a chur in oiriúint do thodhchaí inbhuanaithe. Cuirtear i bhfios go láidir in CEAP, ‘go gcuirfidh an geilleagar ciorclach táirgí ardcháilíochta, feidhmiúla agus sábháilte ar fáil do na saoránaigh, ar táirgí iad atá éifeachtúil agus inacmhainne, a mhaireann níos faide agus atá ceaptha lena n-athúsáid, lena ndeisiú agus lena n-athchúrsáil ar ardcháilíocht’. Mar a leagtar amach in CEAP, níl aon tacar cuimsitheach ceanglas ann faoi láthair chun a áirithiú go n-éireoidh na táirgí uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais níos inbhuanaithe agus go gcomhlíonfaidh siad critéir na ciorclaíochta. Go háirithe, le dearadh táirgí ní chuirtear inbhuanaitheacht chun cinn go leordhóthanach le linn na saolré iomláine. Dá thoradh sin, tá táirgí á n-athsholáthar go minic, lena mbaineann úsáid shuntasach fuinnimh agus acmhainní chun táirgí nua a tháirgeadh agus a dháileadh agus chun seantáirgí a dhiúscairt. Tá sé ródheacair fós d’oibreoirí eacnamaíocha agus do shaoránaigh roghanna inbhuanaithe a dhéanamh i ndáil le táirgí ós rud é go bhfuil an fhaisnéis ábhartha nó roghanna inacmhainne chun é sin a dhéanamh in easnamh. Dá thoradh sin cailltear deiseanna i dtaca le hinbhuanaitheacht agus le hoibríochtaí luachchoinneála, leis an éileamh teoranta ar ábhair thánaisteacha agus le bacainní ar ghlacadh samhlacha gnó ciorclacha.

(3)

Is réamhriachtanas é margadh inmheánach lánfheidhmiúil do tháirgí inbhuanaithe chun geilleagar ciorclach a bhunú san Aontas. Le comhcheanglais éicidhearthóireachta ar leibhéal an Aontais, chumasófaí samhlacha gnó nua an gheilleagair chiorclaigh a fhorbairt, a chur in úsáid agus a mhéadú de réir scála ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Leis na bearta sin, mhaolófaí an t-ualach díréireach ar chuideachtaí agus thabharfaí rochtain don tionscal agus do thomhaltóirí ar shonraí iontaofa soiléire, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí roghanna níos inbhuanaithe.

(4)

Leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 i dtaobh Straitéis Thionsclaíoch Nua le haghaidh na hEorpa uaillmhian uileghabhálach an Aontais ‘dé-aistriú’ chun neodracht aeráide agus ceannaireacht dhigiteach a chothú. Tacaíonn sí leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus í ag díriú ar an ról ceannasach nach mór do thionscal na hEorpa a imirt ina leith sin, trína lorg carbóin agus lorg ábhair a laghdú agus trí chiorclaíocht a neadú ar fud an gheilleagair, agus cuirtear i dtábhacht inti an gá atá ann aistriú ó shamhlacha traidisiúnta, agus athrú ó bhonn ar an tslí a ndearaimid, a ndéanaimid, a n-úsáidimid agus a ndiúscraímid táirgí, chomh maith leis an ngá atá le soláthar slán amhábhar. Cuideoidh athchúrsáil agus úsáid amhábhar tánaisteach le spleáchas an Aontais a laghdú. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 maidir le ‘Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery’ [Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa] neartaítear príomhtheachtaireachtaí Straitéis 2020 le Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa agus dírítear ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19, lena n-áirítear an gá le hathléimneacht a chothú.

(5)

In éagmais dhlí an Aontais, tá cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta ann cheana chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ceanglais faisnéise a bhaineann le fad comhoiriúnachta bogearraí feistí leictreonacha agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le láimhseáil earraí marthanacha gan díol ina measc. Is léiriú é seo gur dócha go mbeadh ilroinnt bhreise sa mhargadh inmheánach de thoradh iarrachtaí breise náisiúnta chun na haidhmeanna atá á saothrú leis an Rialachán seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, chun gur féidir cur le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú an tráth céanna, tá gá le creat rialála uaillmhianach chun ceanglais éicidhearthóireachta a thabhairt isteach de réir a chéile le haghaidh táirgí. Leis an Rialachán seo, bunófar creat den sórt sin tríd an gcur chuige éicidhearthóireachta a leagadh amach ar dtús i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) is infheidhme maidir leis an réimse is leithne is féidir táirgí.

(6)

Leis an Rialachán seo, tacófar le patrúin táirgthe agus tomhaltais atá ailínithe le spriocanna inbhuanaitheachta foriomlána an Aontais, lena n-áirítear spriocanna aeráide, comhshaoil, fuinnimh, úsáide acmhainní agus bithéagsúlachta, agus beifear ag fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid, trí chreat reachtach a bhunú a chuireann le cuimsiú táirgí atá oiriúnach do gheilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní, le dramhaíl a laghdú agus lena áirithiú go ndéanfar gnáthchleachtas de réir a chéile d’fheidhmíocht na gceannródaithe san inbhuanaitheacht. Ba cheart a fhoráil leis sin ceanglais nua éicidhearthóireachta a leagan síos chun marthanacht, iontaofacht, in-athsholáthar, in-uasghrádú, ath-inúsáidteacht, agus in-athchúrsáilteacht táirgí, an cumas athchóirithe agus cothabhála táirgí a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar láithreacht ceimiceán guaiseach i dtáirgí,éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní táirgí a mhéadú, lena n-áirítear i dtaobh an féidir amhábhar straitéiseacha agus ríthábhachtach a aisghabháil, a nginiúint ionchasach dramhaíola a laghdú agus an t-ábhar athchúrsáilte i dtáirgí a mhéadú, agus a bhfeidhmíocht agus a sábháilteacht a áirithiú, athmhonarú agus athchúrsáil ardcháilíochta a chumasú agus lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú.

(7)

Leis na ceanglais éicidhearthóireachta, ba cheart díriú freisin ar chleachtais atá bainteach le dífheidhmeacht anabaí. Bíonn tionchar diúltach foriomlán ag na cleachtais sin ar an gcomhshaol ó thaobh dramhaíl mhéadaithe agus úsáid mhéadaithe fuinnimh agus ábhar ar féidir iad a laghdú trí cheanglais éicidhearthóireachta agus rannchuidiú le tomhaltas inbhuanaithe ag an am céanna.

(8)

I rún uaithi an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘I dtreo margaidh aonair níos inbhuanaithe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí’ (4), chuir Parlaimint na hEorpa in iúl gur díol sásaimh di táirgí marthanacha a chur chun cinn, ar táirgí iad atá níos éasca a dheisiú, a athúsáid agus a athchúrsáil. I rún uaithi an 10 Feabhra 2021 ar an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach (5), chuir Parlaimint na hEorpa i bhfios go láidir gur cheart táirgí agus ábhair atá inbhuanaithe, ciorclach, sábháilte agus neamhthocsaineach a bheith ina ngnáthchleachtas i margadh an Aontais seachas mar eisceacht, agus gur cheart breathnú orthu mar an rogha réamhshocraithe, atá tarraingteach, inacmhainne agus inrochtana do gach tomhaltóir. D’iarr Parlaimint na hEorpa freisin go ndéanfadh spriocanna ceangailteacha an Aontais laghdú suntasach ar loirg ábhair agus tomhaltais an Aontais. Mheas sí, leis an aistriú go dtí geilleagar ciorclach, gur féidir réitigh a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil reatha agus ar an ngéarchéim eacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19. Ina conclúidí maidir le bheith ag féachaint le Téarnamh Ciorclach Glas, a glacadh an 11 Nollaig 2020, ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin intinn an Choimisiúin tograí reachtacha a chur isteach mar chuid de chreat beartais cuimsitheach, comhtháite agus inbhuanaithe do tháirgí lena gcuirtear neodracht aeráide, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní agus geilleagar ciorclach neamhthocsaineach chun cinn, lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, agus lena gcumasaítear agus lena gcosnaítear tomhaltóirí agus ceannaitheoirí poiblí.

(9)

Leis an Rialachán seo, rannchuideofar le cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. I gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach i gComhaontú Pháras, a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (6) (‘Comhaontú Pháras’), a d’fhormheas an tAontas an 5 Deireadh Fómhair 2016 (7), i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) bunaítear gealltanas ceangailteach de laghdú intíre de chuid an Aontais ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa 55 % ar a laghad faoi 2030 agus cumhdaítear sa reachtaíocht an sprioc aeráidneodrachta ar fud an gheilleagair faoi 2050. In 2021, ghlac an Coimisiún pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ionas go mbeadh beartais aeráide agus fuinnimh an Aontais oiriúnach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Chun é sin a dhéanamh, i gcomhréir le céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chumhdaítear i dTreoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ní mór feabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú go suntasach, go dtí thart ar 36 % i dtéarmaí an tomhaltais fuinnimh deiridh faoi 2030. Beidh ról suntasach ag ceanglais táirge a bhunaítear faoin Rialachán seo chun an sprioc sin a bhaint amach trí lorg fuinnimh táirgí a laghdú go suntasach. Leis na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh sin, laghdófar freisin leochaileacht na dtomhaltóirí i leith méaduithe ar phraghsanna fuinnimh. Mar a aithnítear i gComhaontú Pháras, beidh ról tábhachtach ag inbhuanaitheacht an tomhaltais agus an táirgthe a fheabhsú in aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.

(10)

Leis an Rialachán seo, rannchuideofar freisin le cuspóirí comhshaoil níos leithne an Aontais a bhaint amach. Cumhdaíonn an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil arna bhunú le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) i gcreat dlíthiúil cuspóir an Aontais fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid agus sainaithnítear ann coinníollacha cumasúcháin chun cuspóirí tosaíochta a bhaint amach, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach neamhthocsaineach san áireamh. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, iarrtar ar an Aontas freisin faireachán níos fearr a dhéanamh ar thruailliú aeir, uisce, ithreach agus táirgí tomhaltais, agus an truailliú sin a chosc agus a leigheas. Ciallaíonn sé sin nach mór ceimiceáin, ábhair agus táirgí a bheith sábháilte agus inbhuanaithe ina ndearadh agus le linn a saolré, rud a bheidh timthriallta ábhar neamhthocsaineach ina thoradh air arna leagan amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 ar Phlean Gníomhaíochta AE: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair i dTreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] agus teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht – I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí’, ina n-iarrtar go nglacfaí leis na spriocanna truaillithe nialasaigh i dtáirgeadh agus i dtomhaltas. Ina theannta sin, leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le CEAP aithnítear go soláthraíonn margadh inmheánach an Aontais mais chriticiúil lenar féidir tionchar a imirt ar chaighdeáin dhomhanda maidir le hinbhuanaitheacht táirgí agus dearadh táirgí. Dá bhrí sin, beidh ról suntasach ag an Rialachán seo maidir le roinnt spriocanna arna mbunú faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, go háirithe spriocanna faoi Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 (‘Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach’).

(11)

Le Treoir 2009/125/CE bunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú. I gcomhar le Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tá laghdú nach beag tagtha ar éileamh fuinnimh phríomhúil an Aontais ar tháirgí agus meastar go leanfaidh an coigilteas sin de bheith ag méadú. Áiríodh freisin sna bearta cur chun feidhme a glacadh faoi Threoir 2009/125/CE ceanglais a bhaineann le gnéithe ciorclaíochta, amhail marthanacht, indeisitheacht agus in-athchúrsáilteacht. An tráth céanna, tá raon feidhme ionstraimí amhail Éicilipéad AE, a tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), nó critéir AE um sholáthar poiblí glas a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2008 maidir le soláthar Poiblí ar mhaithe le timpeallacht níos fearr níos leithne ach tá tionchar laghdaithe acu toisc na srianta a bhaineann le cur chuige deonach.

(12)

Tríd is tríd, d’éirigh go maith le Treoir 2009/125/CE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus roinnt gnéithe ciorclachta de tháirgí a bhaineann le fuinneamh a chothú, agus lena cur chuige éicidhearthóireachta d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt de réir a chéile ar inbhuanaitheacht na dtáirgí uile. Chun gealltanais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, ba cheart an cur chuige sin a leathnú chuig grúpaí táirgí eile agus aghaidh a thabhairt go córasach ar phríomhghnéithe chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a mhéadú le ceanglais cheangailteacha. Trína áirithiú nach gcuirfear ar mhargadh an Aontais ach táirgí a chomhlíonann na ceanglais sin, ní hamháin go bhfeabhsóidh an Rialachán seo saorghluaiseacht na dtáirgí sin trí mhíchothromaíochtaí náisiúnta a sheachaint, ach go laghdófar freisin tionchair dhiúltacha chomhshaoil saolré na dtáirgí sin a bhfuil na ceanglais sin leagtha síos dóibh.

(13)

Chun creat rialála comhchuibhithe a bheidh éifeachtach agus slán i bhfad na haimsire a chruthú, is gá foráil a dhéanamh chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú i leith na n-earraí fisiceacha ar fad a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís, lena n-áirítear comhpháirteanna amhail boinn agus táirgí idirmheánacha. Tá ábhar digiteach atá mar dhlúthchuid de tháirge fisiceach le cur san áireamh sa raon feidhme. Leis sin, ba cheart a cheadú don Choimisiún an réimse is leithne táirgí is féidir a chur i gcuntas agus tús áite á thabhairt aige do bhunú ceanglas éicidhearthóireachta agus ar an gcaoi sin a éifeachtacht a uasmhéadú. I gcás inar gá, ba cheart foráil a dhéanamh do dhíolúintí sonracha agus ceanglais éicidhearthóireachta á leagan síos, go háirithe i gcás nach gá ceanglais éicidhearthóireachta chun rannchuidiú le hinbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí sonracha, nó mar shampla i gcás táirgí a bhfuil úsáid nó cuspóir ar leith acu nach bhféadfaí a chomhlíonadh agus ceanglais éicidhearthóireachta nó táirgí a tháirgtear i gcainníochtaí an-bheag á gcomhlíonadh, nó sainiúlacht agus méid mhargadh an táirge á gcur i gcuntas. Ina theannta sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgí ar léir cheana nach mbeadh na ceanglais éicidhearthóireachta oiriúnach nó i gcás ina bhforáiltear i gcreataí eile do na ceanglais sin a shocrú. Ba cheart gurb amhlaidh a bheadh i gcás bia agus beatha mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), i gcás táirgí íocshláinte mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), i gcás plandaí beo, ainmhithe agus miocrorgánaigh, i gcás táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo agus i gcás feithiclí dá dtagraítear in Airteagal, in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), i leith na ngnéithe táirgí sin a bhfuil ceanglais leagtha síos ina leith faoi ghníomhartha reachtacha earnáilsonracha de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis na feithiclí sin. Tá na feithiclí sin faoi réir roinnt ceanglas táirgeshonrach agus faoi réir córais chomhchuibhithe cineálcheadaithe éagsúla faoi ghníomhartha dlíthiúla an Aontais, amhail Treoracha 2000/53/CE (19) agus 2005/64/CE (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2018/858. Ba cheart ceanglais chomhchuibhithe bhreise feithiclí a theorannú do ghnéithe nach dtugtar aghaidh orthu faoi láthair, mar shampla ceanglais chomhshaoil bonn. Níor cheart, áfach, r-rothair ná scútair leictreacha a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)

Le Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), ní foláir do na Ballstáit íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocrú d’eilimintí foirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgneamh, agus ceanglais chórais a shocrú i leith na feidhmíochta fuinnimh go foriomlán, suiteáil cheart agus toisiú cuí, coigeartú agus rialú iomchuí na gcóras teicniúil foirgneamh i bhfoirgnimh nua nó i bhfoirgnimh atá ann cheana. Tá sé comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo go bhféadfaidh na íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh sin, i gcúinsí áirithe, srian a chur le suiteáil táirgí a bhaineann le fuinneamh a chomhlíonann an Rialachán seo agus a ghníomhartha tarmligthe, ar an gcoinníoll nach gcuirfeadh na ceanglais sin bac ar an margadh gan údar maith.

(15)

Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú agus chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chun an Choimisiúin chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan amach. Mar riail, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais éicidhearthóireachta sin maidir le grúpaí sonracha táirgí, amhail meaisíní níocháin tí agus niteoir-triomadóirí tí. Chun éifeachtacht na gceanglas éicidhearthóireachta a uasmhéadú agus chun inbhuanaitheacht comhshaoil na dtáirgí a fheabhsú go héifeachtúil, ba cheart a bheith in ann ceanglas cothrománach éicidhearthóireachta amháin nó níos mó a leagan amach le haghaidh réimse níos leithne de ghrúpaí táirgí, amhail fearais leictreonacha nó teicstílí. Ba cheart ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a bhunú i gcás ina bhfágann cosúlachtaí teicniúla grúpaí táirgí gur féidir feabhas a chur ar a n-inbhuanaitheacht comhshaoil bunaithe ar na ceanglais chéanna. Tá sé tábhachtach go bhforbrófaí ceanglais chothrománacha go háirithe maidir le marthanacht agus indeisitheacht.

(16)

Ba cheart ceanglais feidhmíochta nó ceanglais faisnéise, nó an dá rud, a áireamh sna ceanglais éicidhearthóireachta, de réir mar is iomchuí. Ba cheart na ceanglais sin a úsáid chun gnéithe táirgí atá ábhartha d’inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú, amhail marthanacht, ath-inúsáidteacht, indeisitheacht, éifeachtúlacht fuinnimh, in-athchúrsáilteacht, agus an lorg carbóin agus comhshaoil. Ba cheart na ceanglais éicidhearthóireachta a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus i gcomhréir le rialacha trádála idirnáisiúnta.

(17)

Tá ról tábhachtach ag an earnáil athláimhe i dtáirgeadh agus i dtomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear i bhforbairt samhlacha gnó ciorclacha nua, agus cuidíonn sí le saolré táirge a fhadú chun nach ndéanfar dramhaíl de. Ní táirgí nua iad táirgí athláimhe, go háirithe táirgí a dhéantar a athchóiriú nó a dheisiú, is táirgí ó laistigh den Aontas iad agus is féidir iad a chur i gcúrsaíocht laistigh den mhargadh inmheánach gan gá gníomhartha tarmligthe a chomhlíonadh lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta a tháinig i bhfeidhm tar éis iad a chur ar an margadh. Meastar gur táirgí nua iad táirgí a athmhonaraítear, áfach, agus beidh siad faoi réir ceanglais éicidhearthóireachta má thagann siad faoi raon feidhme gnímh tharmligthe.

(18)

A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta i gcás grúpa táirgí ar leith, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ceanglais feidhmíochta náisiúnta a shocrú a thuilleadh bunaithe ar pharaiméadair táirgí a chumhdaítear faoi na ceanglais feidhmíochta sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin, agus níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit a thuilleadh ceanglais faisnéise náisiúnta a shocrú bunaithe ar pharaiméadair táirgí a chumhdaítear leis na ceanglais faisnéise sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin. Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú agus chun a saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun a shuí nach gá aon cheanglais éicidhearthóireachta i bhfoirm ceanglais feidhmíochta nó i bhfoirm ceanglais faisnéise i ndáil le paraiméadar sonrach táirge dá mbeadh tionchar diúltach ag ceanglas a bhaineann leis an bparaiméadar táirge sonrach sin ar na ceanglais éicidhearthóireachta a mheastar le haghaidh an ghrúpa táirgí.

(19)

Agus ceanglais éicidhearthóireachta á mbunú aige, ba cheart don Choimisiún cineál agus cuspóir na dtáirgí lena mbaineann chomh maith le saintréithe na margaí ábhartha a chur i gcuntas. Mar shampla, ní mór trealamh cosanta a bheith ábalta oibriú faoi choinníollacha sonracha agus faoi dhálaí géara uaireanta, agus is gá é sin a mheas agus ceanglais éicidhearthóireachta á leagan síos. Níor cheart faisnéis áirithe faoi threalamh cosanta a nochtadh agus ba cheart í a chosaint. Dá bhrí sin, níor cheart ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos i gcás táirgí arb é an t-aon chuspóir atá leo freastal ar chosaint nó ar shlándáil náisiúnta. Tá sé tábhachtach, i gcás trealamh míleata nó íogair eile, go gcuirfí i gcuntas le ceanglais éicidhearthóireachta riachtanais slándála agus saintréithe mhargadh na cosanta, mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Ar an gcaoi chéanna, tá tionscal an spáis straitéiseach don Eoraip agus dá neamhspleáchas teicneolaíoch. Ós rud é go n-oibríonn teicneolaíochtaí spáis i ndálaí foircneacha, ba cheart, le haon cheanglas éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí spáis, cothromaíocht a bheith ann idir breithnithe inbhuanaitheachta agus athléimneacht agus an fheidhmíocht a mheastar a bheidh ann. Ina theannta sin, i gcás feistí leighis mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), ba cheart don Choimisiún a chur i gcuntas gur gá gan drochthionchar a bheith aige ar shláinte agus ar shábháilteacht othar agus úsáideoirí. Ina theannta sin, agus measúnú á dhéanamh ar shaintréithe an mhargaidh agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh saintréithe náisiúnta a bhreithniú, amhail na dálaí aeráide éagsúla sna Ballstáit agus cleachtais agus teicneolaíochtaí a úsáidtear sna Ballstáit a bhfuil éifeachtaí tairbheacha comhshaoil cruthaithe acu.

(20)

Chun ualach rialála a sheachaint, ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar amach i ndlí eile de chuid an Aontais nó dá bun, go háirithe maidir le táirgí, ceimiceáin, pacáistíocht agus dramhaíl. Mar sin féin, le cumhachtuithe faoi dhlí eile de chuid an Aontais chun ceanglais a shocrú ag a bhfuil na héifeachtaí céanna nó comhchosúla leis na ceanglais faoin Rialachán seo, níor cheart teorainn a chur leis na cumhachtuithe a áirítear sa Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo.

(21)

Agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún roinnt gnéithe a chur i gcuntas, eadhon tosaíochtaí an Aontais, dlí ábhartha náisiúnta agus an Aontais, comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha chomh maith le bearta féinrialála agus caighdeáin ábhartha. Ba cheart don Choimisiún tosaíochtaí na haeráide, an chomhshaoil, na héifeachtúlachta fuinnimh, éifeachtúlacht agus slándáil na n-acmhainní, lena n-áirítear geilleagar ciorclach neamhthocsaineach, agus tosaíochtaí agus spriocanna gaolmhara eile an Aontais a chur i gcuntas chomh maith. Tá sé tábhachtach aird a thabhairt ar chuspóirí an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/591, lena n-áirítear, faoi 2050 ar a dhéanaí, go mairfidh daoine go maith, i dteorainneacha an phláinéid i ngeilleagar dea-bhaile, prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’ agus ord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), chomh maith le gealltanais an Aontais an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú mar a cuireadh in iúl freisin i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 – an dúlra a thabhairt ar ais inár saol agus i gCreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal arna nglacadh ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe(COP-15) i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht.

(22)

Ba cheart do ghníomhartha tarmligthe lena leagtar amach ceanglais éicidhearthóireachta, mar a tharla i gcás bearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE, dul faoi mheasúnú tionchair tiomnaithe agus faoi chomhairliúchán tiomnaithe leis na geallsealbhóirí, agus ba cheart iad a tharraingt suas i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr, agus measúnú ar an ngné idirnáisiúnta agus ar an tionchar ar thríú tíortha a áireamh iontu. Ba cheart don Choimisiún a mheasúnú tionchair a bhunú ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil agus aird chuí a thabhairt ar gach gné de shaolré an táirge. Agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún cur chuige eolaíoch a úsáid agus aird a thabhairt freisin ar fhaisnéis theicniúil ábhartha go háirithe a úsáidtear mar bhonn do, nó a dhíorthaítear ó Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), critéir scagtha theicniúla arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus critéir AE um sholáthar poiblí glas.

(23)

Chun éagsúlacht na dtáirgí a chur i gcuntas, ba cheart don Choimisiún modhanna a roghnú chun measúnú a dhéanamh ar leagan síos na gceanglas éicidhearthóireachta agus, de réir mar is iomchuí, iad a fhorbairt tuilleadh. Ba cheart modhanna den sórt sin a bheith bunaithe ar chineál an táirge, ar na gnéithe is ábhartha de agus ar a thionchar le linn a shaolré. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún a thaithí a chur i gcuntas le linn measúnú a dhéanamh ar leagan amach na gceanglas faoi Threoir 2009/125/CE agus ar na hiarrachtaí leanúnacha chun uirlisí measúnaithe eolaíochtbhunaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, lena n-áirítear an mhodheolaíocht d’éicidhearthóireacht táirgí a bhaineann le fuinneamh a thabhairt cothrom le dáta, agus an modh tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún (28), lena n-áirítear maidir le stóráil shealadach carbóin, chomh maith le caighdeáin a fhorbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha um chaighdeánú, lena n-áirítear éifeachtúlacht ábhartha táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ag cur leis na huirlisí sin agus ag baint úsáid as staidéir thiomnaithe nuair is gá, ba cheart don Choimisiún gnéithe ciorclaíochta a threisiú tuilleadh (amhail marthanacht, indeisitheacht lena n-áirítear scóráil indeisitheachta, in-athchúrsáilteacht, in-athúsáidteacht, sainaithint ceimiceán a chuireann bac ar athúsáid agus athchúrsáil agus measúnú á dhéanamh ar tháirgí, i gcomhréir le cur chuige saolré d’fhonn ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, agus ba cheart dó modhanna nó uirlisí nua a fhorbairt i gcás inarb iomchuí. Ba cheart faisnéis a bhaineann le táscairí saolré comhshaoil, amhail an lorg carbóin, a ríomh agus modhanna atá curtha chun feidhme cheana féin i ndlí an Aontais á gcur san áireamh. Tá sé tábhachtach freisin go gcuirfear san áireamh modhanna eolaíocha arna moladh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha um chaighdeánú. Go háirithe, i dtaobh shamhaltú an fhuinnimh a úsáidtear sna próisis mhonaraíochta, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shamhaltú an mheascáin fuinnimh lena gcuirfí saincheisteanna i gcuntas chomh maith amhail comhaontuithe ceannaigh cumhachta, ráthaíochtaí tionscnaimh agus táirgeadh leictreachas dílis. D’fhéadfadh cineálacha cur chuige nua a bheith ag teastáil freisin chun critéir éigeantacha um sholáthar poiblí a ullmhú agus chun cosc a chur ar tháirgí tomhaltais gan díol a dhíothú.

(24)

Ba cheart baint a bheith ag na ceanglais feidhmíochta le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha don ghné táirge spriocdhírithe a sainaithníodh go bhféadfaí inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú ina leith. D’fhéadfaí a áireamh ar na ceanglais sin íosleibhéil nó uasleibhéil feidhmíochta i ndáil le paraiméadar an táirge, ceanglais neamhchainníochtúla arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht i ndáil le paraiméadar an táirge, nó ceanglais a bhaineann le feidhmíocht fheidhmiúil an táirge chun a áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag na ceanglais feidhmíochta roghnaithe ar chumas an táirge an fheidhm ar ceapadh agus ar margaíodh é lena haghaidh a chomhlíonadh. Maidir le híosleibhéil nó le huasleibhéil, d’fhéadfaidís, mar shampla, a bheith i bhfoirm teorann ar thomhaltas fuinnimh sa chéim úsáide nó i bhfoirm cainníochtaí ábhair ar leith a ionchorpraítear sa táirge, i bhfoirm ceanglas i gcás íoschainníochtaí d’ábhar athchúrsáilte, nó i bhfoirm teorann ar chatagóir shonrach tionchair ar an gcomhshaol nó i bhfoirm comhiomlánaithe de na tionchair ábhartha uile ar an gcomhshaol. Sampla de cheanglas neamhchainníochtúil is ea an toirmeasc ar réiteach teicniúil sonrach a dhéanann dochar d’indeisitheacht an táirge. Úsáidfear ceanglais feidhmíochta chun a áirithiú go mbainfear na táirgí is neamhfheidhmiúla den mhargadh agus chun bogadh de réir a chéile chun na dtáirgí is fearr feidhmíocht i gcás inar gá sin chun rannchuidiú le cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin seo. D’fhéadfadh go mbaineann ceanglais feidhmíochta freisin le húsáid acmhainní, lena n-áirítear ceanglais a bhaineann le húsáid na n-acmhainní in-athnuaite nó ábhar bithbhunaithe sa táirge agus a thugann aghaidh ar scaoileadh nanaphlaisteach agus micreaphlaisteach. Le linn meascán riachtanas a shamhlú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh orthu ina n-iomláine agus an teaglaim ceanglas lena soláthraítear na tairbhí inbhuanaitheachta comhshaoil is airde a shainaithint.

(25)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú, leis na ceanglais feidhmíochta ba cheart cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le dramhaíl a chomhlánú. Cé go leagtar síos ceanglais chun pacáistiú a chur ar an margadh mar tháirge deiridh faoi Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), d’fhéadfadh an Rialachán seo an Treoir sin a chomhlánú trí cheanglais táirge-bhunaithe a leagan síos a dhíríonn ar phacáistíocht táirgí sonracha nuair a chuirtear ar an margadh iad. I gcás inarb ábhartha, leis na ceanglais chomhlántacha sin ba cheart rannchuidiú go háirithe le méid na pacáistíochta a úsáidtear a íoslaghdú, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le giniúint dramhaíola san Aontas a chosc.

(26)

Is gné aitheanta d’inbhuanaitheacht táirge í an tsábháilteacht cheimiceach. Tá sé bunaithe ar ghuaiseacha intreacha ceimiceán don tsláinte nó don chomhshaol in éineacht le nochtadh sonrach nó cineálach, agus tugtar aghaidh air le dlí an Aontais maidir le ceimiceáin, amhail Rialacháin (CE) Uimh. 1935/2004 (30), (CE) Uimh. 1907/2006 (31), (CE) Uimh. 1272/2008 (32), (CE) Uimh. 1223/2009 (33), (AE) 2017/745 agus (AE) 2019/1021 (34) agus Treoir 2009/48/CE (35) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Níor cheart don Rialachán seo a fhoráil go srianfar substaintí bunaithe go príomha ar shábháilteacht cheimiceach, mar a rinneadh faoi dhlí eile de chuid an Aontais. Foráiltear cheana féin i ndlí an Aontais maidir le ceimiceáin go sriantar substaintí nó meascáin a bhaineann le sábháilteacht nó le riosca, i gcás inar gá. Le leagan síos ceanglas feidhmíochta, áfach, ba cheart freisin, i gcás inarb iomchuí, rioscaí suntasacha do shláinte an duine nó don chomhshaol a laghdú. Le ceanglais na faisnéise a bhaineann le substaintí is údar imní, cuirfear freisin leis an nochtadh do cheimiceáin a laghdú, rud a chuirfidh leis na bearta bainistithe riosca dá bhforáiltear le dlí eile de chuid an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart don Rialachán seo srianadh substaintí a chumasú ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht bia. Le dlí an Aontais maidir le ceimiceáin agus bia, áfach, ní fhoráiltear do thionchair ar inbhuanaitheacht nach mbaineann le sábháilteacht cheimiceach ná le sábháilteacht bia a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu trí shrianta ar shubstaintí áirithe. D’fhonn an teorannú sin a shárú, ba cheart a fhoráil leis an Rialachán seo, faoi choinníollacha áirithe, substaintí a shrianadh atá i dtáirgí nó a úsáidtear ina bpróisis déantúsaíochta a mbíonn tionchar diúltach acu ar inbhuanaitheacht táirgí. Leis an Rialachán seo, i gcás inar gá, ba cheart srianta ar shubstaintí a chumhdaítear le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) a chomhlanú, a bhfuil sé mar chuspóir aici sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear aisghabháil agus diúscairt dramhaíola ó threalamh leictreach agus leictreonach ar shlí neamhdhíobhálach don chomhshaol, ach níor cheart na srianta sin a dhúbláil ná a ionadú.

(27)

Agus ceanglais feidhmíochta á socrú aige, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann ceanglais a thabhairt isteach chun substaintí áirithe a chosc a bheadh ar áireamh i dtáirge. Ba cheart sainaithint na substaintí sin a bheith mar chuid de mheasúnú an Choimisiúin sula socrófar ceanglais éicidhearthóireachta do ghrúpa táirgí ar leith agus ba cheart don Choimisiún a chur i gcuntas sa mheasúnú sin, mar shampla, an ndéantar athúsáid nó athchúrsáil táirge níos casta le substaint nó an ndéanann substaint difear diúltach d’airíonna an ábhair athchúrsáilte, mar shampla trína dhath nó trína bholadh. I gcás ina bhfuil sé suite cheana féin go gcuireann substaint ar leith bac ar chiorclaíocht do ghrúpa táirgí amháin, is féidir gur léiriú é sin go gcuireann sé bac ar chiorclaíocht do ghrúpaí táirgí eile. Le sainaithint substainte agus srian féideartha ar shubstaint, ba cheart ceanglas faisnéise a spreagadh chomh maith.

(28)

Chun inbhuanaitheacht comhshaoil na dtáirgí a fheabhsú, ba cheart baint a bheith ag ceanglais faisnéise le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha do ghné an táirge, amhail lorg comhshaoil agus carbóin an táirge agus a mharthanacht. Ba cheart dóibh a cheangal ar an monaróir faisnéis a chur ar fáil faoi fheidhmíocht an táirge i ndáil le paraiméadar roghnaithe táirge nó faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun feidhmíocht a fheabhsú i ndáil le paraiméadar den sórt sin. Ba cheart na ceanglais faisnéise sin a shocrú sa bhreis ar na ceanglais feidhmíochta maidir leis an bparaiméadar táirge céanna, nó ina n-ionad, de réir mar is iomchuí. Tá sé tábhachtach go dtabharfadh an Coimisiún údar cuí lena chinneadh gan ach ceanglais faisnéise a leagan síos in ionad ceanglais feidhmíochta. I gcás ina n-áirítear ceanglais faisnéise i ngníomh tarmligthe, ba cheart a shonrú ann an modh chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana go héasca, amhail í a chur ar shuíomh gréasáin saor-rochtana, i bpas táirge digiteach nó ar lipéad táirge. Ba cheart faisnéis bhunriachtanach a bhaineann le sláinte, sábháilteacht agus cearta úsáideoirí deiridh a sholáthar do thomhaltóirí i gcónaí trí mhodhanna fisiceacha agus ba cheart rochtain a bheith uirthi trí iompróir sonraí atá ar an táirge. Tá gá le ceanglais faisnéise le go dtarlóidh an t-athrú iompraíochta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin seo. Ba cheart faisnéis atá ábhartha chun cinneadh ceannaigh feasach a dhéanamh a chur ar fáil don tomhaltóir sula gceannaítear an táirge. Trí mhodhanna iomchuí a chur ar fáil do cheannaitheoirí agus d’údaráis phoiblí chun táirgí a chur i gcomparáid le chéile ar bhonn a n-inbhuanaitheachta comhshaoil, táthar ag súil go gcuirfidh na ceanglais faisnéise dlús le tomhaltóirí agus le húdaráis phoiblí i dtreo roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh. Le ceanglais faisnéise, ba cheart rannchuidiú freisin le rátaí bailithe feabhsaithe na mBallstát do ghrúpaí táirgí ábhartha, go háirithe dóibh siúd a bhfuil acmhainneacht shuntasach athúsáide agus athchóirithe ann ina leith, amhail fóin phóca nach mó ná 5 % an ráta bailithe sna Ballstáit ina leith, mar shampla trí fhaisnéis a éascú maidir le scéimeanna aisghabhála trí dhreasachtaí airgeadais agus córais aisíoca éarlaise, ráthaíochtaí príobháideachais sonraí, bunachair sonraí na bpointí fágála, agus faisnéis phearsantaithe faoi dheireadh ré, tríd an bpas táirge digiteach, ar luach an táirge agus trí dhea-chleachtais i dtaobh diúscairt chuí.

(29)

I gcás ina mbeidh ceanglais faisnéise sna gníomhartha tarmligthe, d’fhéadfaidís, sa bhreis air sin, aicmí feidhmíochta a chinneadh i ndáil le paraiméadar táirge ábhartha amháin nó níos mó, chun comparáid idir táirgí a éascú. Le haicmí feidhmíochta, ba cheart a bheith in ann táirgí a dhifreáil bunaithe ar a n-inbhuanaitheacht choibhneasta agus d’fhéadfadh tomhaltóirí agus údaráis phoiblí araon iad a úsáid. Dá réir sin, tá sé i gceist leo an margadh a chur chun cinn i dtreo táirgí níos inbhuanaithe.

(30)

Tá ról lárnach ag ceanglais faisnéise a bhaineann le hindeisitheacht agus marthanacht le linn tomhaltóirí a chumasú chun páirt a ghlacadh i dtomhaltas inbhuanaithe. Leis an Rialachán seo, ba cheart a bheith in ann scóir indeisitheachta nó mharthanachta a bhunú le haghaidh táirgí i gcás ina meastar gurb iomchuí na scóir sin, chun tairbhí comhshaoil a sholáthar agus faisnéis níos soiléire a chur ar fáil do thomhaltóirí. Chun go mbeidh tomhaltóirí ábalta measúnú agus comparáid éifeachtach a dhéanamh ar tháirgí, tá sé tábhachtach go n-áireofar i bhformáid, in ábhar agus i dtaispeáint na scór indeisitheachta agus marthanachta sin teanga agus picteagraim atá éasca le tuiscint agus go mbeidh an scór indeisitheachta bunaithe ar mhodheolaíocht chomhchuibhithe a shonraítear don táirge nó don ghrúpa táirgí, a chomhiomlánaíonn paraiméadair amhail infhaighteacht agus praghas na bpáirteanna spártha, éascaíocht na díchóimeála agus infhaighteacht uirlisí in aon scór amháin.

(31)

Chun táirgí atá inbhuanaithe a shainaithint agus a chur chun cinn, is príomheilimint í faisnéis maidir le láithreacht substaintí ar ábhar imní iad i dtáirgí. Cinneann comhdhéanamh ceimiceach táirgí a bhfeidhmiúlachtaí agus a dtionchar den chuid is mó, chomh maith leis an bhféidearthacht chun iad a athúsáid nó a aisghabháil nuair a dhéantar dramhaíl díobh. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment’ [Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí], iarrtar go n-íoslaghdófar láithreacht substaintí is údar imní i dtáirgí, agus go n-áiritheofar go mbeidh fáil ar fhaisnéis faoi ábhar ceimiceach agus úsáid shábháilte, trí cheanglais faisnéise a thabhairt isteach agus láithreacht substaintí ar údar imní iad a rianú le linn shaolré na n-ábhar agus na dtáirgí. Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus le dlíceimiceán láithreach eile amhail Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, áirithítear cumarsáid cheana féin maidir le guaiseacha ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol mar gheall ar shubstaintí áirithe ar ábhar imní iad astu féin nó i meascán. Ba cheart faisnéis ábhartha a sholáthar d’úsáideoirí substaintí agus meascán freisin. Thairis sin, ba cheart d’úsáideoirí táirgí nach substaintí ná meascáin iad, agus do bhainisteoirí dramhaíola ó na táirgí sin, faisnéis ábhartha a fháil freisin, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann go príomha le guaiseacha na gceimiceán ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart, leis an Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le ceanglais a shocrú a bhaineann le faisnéis inbhuanaitheachta a rianú agus a chur in iúl, lena n-áirítear láithreacht substaintí ar ábhar imní iad i dtáirgí le linn a saolré, chomh maith d’fhonn na táirgí sin a dhí-éilliú agus a aisghabháil freisin nuair is dramhaíl iad. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag creat den sórt sin na substaintí is údar imní a chumhdach de réir a chéile i ngach táirge a liostaítear i bpleananna oibre atá le glacadh ag an gCoimisiún. Ba cheart ceanglais den sórt sin a bhaineann le rianú substaintí is údar imní a áireamh mar réamhshocrú i gcás ina bhfuil ceanglas faisnéise le socrú faoin Rialachán seo, ach amháin nuair is cuid de cheanglais chothrománacha éicidhearthóireachta ceanglas faisnéise den sórt sin. Chun na critéir atá le comhlíonadh leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chur i gcuntas, agus go háirithe chun ualach riaracháin díréireach d’oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann, de réir mar is iomchuí don ghrúpa táirgí lena mbaineann, tairseacha a shocrú maidir le tiúchan substaintí sa táirge nó sna comhpháirteanna ábhartha lena spreagtar an ceanglas rianaithe, sprioc-amanna difreáilte iarratais a leagan síos agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, díolúintí a sholáthar ón gceanglas rianaithe. Agus mionsonraí na faisnéise is gá agus na tairseacha á socrú aige, ba cheart don Choimisiún na ceanglais faisnéise agus na tairseacha láithreacha faoi dhlí an Aontais a chur san áireamh, go háirithe faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006 agus (CE) Uimh. 1272/2008, agus faoi reachtaíocht earnála táirgí eile. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag maolú a bheadh bunaithe ar an bhféidearthacht theicniúil i gcásanna nach féidir láithreacht substainte i dtáirge a fhíorú leis na teicneolaíochtaí reatha atá ar fáil.

(32)

Ba cheart a chur san áireamh sna ceanglais faisnéise a leagtar amach faoin Rialachán seo an ceanglas pas táirge digiteach a chur ar fáil. Is uirlis thábhachtach é an pas táirge digiteach chun faisnéis a chur ar fáil do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus táthar ag súil le feabhsú suaithinseach ar inrianaitheacht táirge ó cheann go ceann ar feadh a shlabhra luacha má tá pas táirge digiteach ar fáil. I measc nithe eile, táthar ag súil go gcuideoidh an pas táirge digiteach le custaiméirí roghanna eolasacha a dhéanamh trína rochtain ar fhaisnéis ábhartha a fheabhsú, ligean d’oibreoirí eacnamaíocha, eadhon monaróirí, ionadaithe údaraithe, allmhaireoirí, dáileoirí, déileálaithe agus soláthraithe seirbhíse comhlíonta, agus do ghníomhaithe slabhra luacha eile, amhail custaiméirí, deisitheoirí gairmiúla, oibreoirí neamhspleácha, athchóiritheoirí, athmhonaróirí, athchúrsálaithe, údaráis faireachais margaidh agus custam, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, taighdeoirí, ceardchumainn, agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht a ghníomhaíonn thar a gceann, rochtain a fháil ar na sonraí ábhartha, í a thabhairt isteach nó a nuashonrú, agus a chur ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta a ndualgais a chomhlíonadh, gan cosaint faisnéise rúnda gnó a chur i mbaol. Chuige sin, tá sé tábhachtach go mbeadh an pas táirge digiteach éasca le húsáid agus go mbeadh na sonraí atá ann cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. Ba cheart an pas táirge digiteach, i gcás inar gá, a bheith comhlánaithe le foirmeacha neamhdhigiteacha tarchurtha faisnéise, amhail faisnéis sa lámhleabhar táirge nó ar lipéad. Ina theannta sin, ba cheart a bheith ábalta an pas táirge digiteach a úsáid i gcás faisnéise a chur ar fáil maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha de bhun dlí eile de chuid an Aontais.

(33)

Chun cineál an táirge agus a mhargadh a chur i gcuntas, ba cheart an fhaisnéis atá le cuimsiú sa phas táirge digiteach a scrúdú go cúramach ar bhonn cás ar chás agus rialacha a bhaineann go sonrach leis an táirge á n-ullmhú. Chun rochtain ar na sonraí a eascraíonn as sin a bharrfheabhsú agus cearta maoine intleachtúla á gcosaint an tráth céanna, ní mór an pas táirge digiteach a cheapadh agus a chur chun feidhme ar mhodh a lamhálann rochtain dhifreáilte ar na sonraí sa phas táirge digiteach ag brath ar chineál na sonraí agus ar thíopeolaíocht na ngeallsealbhóirí. Ar an gcaoi chéanna, chun costais do chuideachtaí agus ar an bpobal a sheachaint, ar costais iad atá díréireach leis na sochair is leithne, ba cheart baint shonrach a bheith ag an bpas táirge digiteach leis an tsamhail ítime, bhaisce nó táirge, ag brath, mar shampla, ar chastacht an tslabhra luacha, ar mhéid, ar chineál nó ar thionchair na dtáirgí a bhreithnítear. Sna measúnuithe tionchair a dhéanfar agus na gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta, ba cheart anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann le ceanglais faisnéise a shocrú trí phasanna táirgí digiteacha ar leibhéal na samhla, na baisce nó na hítime. De ghnáth, tagraíonn an téarma ‘samhail’ do leagan de tháirge a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna atá ábhartha do na ceanglais éicidhearthóireachta agus an t-aitheantóir múnla céanna ag gach aonad de, de ghnáth tagraíonn an téarma ‘baisc’ d’fhothacar de shamhail shonrach atá comhdhéanta de na táirgí go léir a tháirgtear i ngléasra monaraíochta ar leith ag am ar leith agus tagraíonn an téarma ‘ítim’ d’aonad aonair de mhúnla de ghnáth. Ba cheart a mheas sa mheasúnú tionchair ina theannta sin, a mhéid atá an pas táirge digiteach ag brath ar chaighdeáin nach bhfuil saor in aisce, an bhfuil spleáchas den sórt sin iomchuí agus an féidir costais dhíréireacha do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a sheachaint.

(34)

Ós rud é go socraítear, le dlí eile an Aontais, ceanglais faisnéise i gcás táirgí agus go socraítear leis córais chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chustaiméirí, ba cheart don Choimisiún breithniú ar cheanglais faisnéise faoin Rialachán seo a nascadh leis na ceanglais eile sin, amhail an oibleagáid bileoga sonraí sábháilteachta a sholáthar i gcás substaintí agus meascán de réir Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. I gcás inar féidir, ba cheart don Choimisiún an pas táirge digiteach a nascadh freisin le bunachair sonraí agus uirlisí láithreacha an Aontais amhail an Chlárlann Eorpach Táirgí le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL) nó an bunachar sonraí i gcás faisnéis maidir le Substaintí ar Ábhar Imní iad in earraí, mar sin nó in earraí casta (Táirgí) (SCIP).

(35)

Chun nach gcuirfear moill gan ghá ar shocrú ceanglas éicidhearthóireachta seachas na cinn sin maidir leis an bpas táirge digiteach nó chun a áirithiú gur féidir pasanna táirge digiteacha a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais pasanna táirge digiteacha i gcás nach bhfuil sonraíochtaí teicniúla ar fáil i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha i gcomhair dhearadh agus oibriú teicniúil an phas táirge dhigitigh. Ar an gcaoi chéanna, chun ualach riaracháin nach gá ar oibreoirí eacnamaíocha a chosc, ba cheart lamháil don Choimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais pasanna táirge digiteacha i gcás ina bhfuil córas ann cheana féin i ndlí an Aontais chun faisnéis faoin táirge a sholáthar go digiteach lena lamháiltear do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha rochtain a fháil ar fhaisnéis táirge ábhartha agus lena n-éascófar fíorú ar chomhlíontacht an táirge ag údaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na díolúintí sin agus infhaighteacht bhreise sonraíochtaí teicniúla á cur i gcuntas.

(36)

Gné bhunúsach is ea sainaithint uathúil táirgí i dtaobh inrianaitheacht a chumasú ar fud an tslabhra soláthair. Dá bhrí sin, ba cheart an pas táirge digiteach a bheith nasctha le haitheantóir táirge uathúil. Ina theannta sin, i gcás inarb iomchuí, ba cheart an pas táirge digiteach a nascadh le haitheantóir oibreora uathúil agus le haitheantóir saoráide uathúil a lamhálfadh go bhféadfaí na gníomhaithe agus na saoráidí monaraíochta a bhaineann leis an táirge sin a rianú. Chun idir-inoibritheacht a áirithiú, ba cheart an t-iompróir sonraí, aitheantóirí uathúla an oibreora agus aitheantóirí uathúla na saoráide lena gcumasófar inrianaitheacht a eisíodh i gcomhréir le caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú trí chaighdeáin a ionadú nó a chur isteach, ar caighdeáin iad ar i gcomhréir leo is féidir an t-iompróir sonraí, aitheantóir uathúil an oibreora agus aitheantóir uathúil na saoráide a eisiúint, i bhfianaise dul chun cinn teicniúil nó eolaíoch. Ba cheart a áirithiú leis sin go bhféadfaidh gach oibreoir eacnamaíoch na sonraí atá sa phas táirge digiteach a thaifeadadh agus a tharchur, chomh maith le comhoiriúnacht na n-aitheantóirí uathúla le comhpháirteanna seachtracha amhail gairis scanacháin a ráthú. Thairis sin, ba cheart na sonraí a bheith inaistrithe trí líonra malartaithe sonraí idir-inoibritheach oscailte gan gaibhniú díoltóirí.

(37)

Trí iompróir sonraí a scanadh, amhail comhartha uisce nó cód mearfhreagartha (QR), ba cheart rochtain éasca a bheith ar fhaisnéis dhigitithe faoin táirge agus faoina shaolré nó, i gcás inarb infheidhme, faoina phas. I gcás inar féidir, ba cheart an t-iompróir sonraí a bheith ar an táirge féin lena áirithiú go leanfaidh na sonraí de bheith inrochtana i rith a shaolré. Ba cheart a bheith in ann maoluithe a dhéanamh, áfach, ag brath ar chineál, ar mhéid nó ar úsáid na dtáirgí lena mbaineann.

(38)

Chun rochtain ar an bpas táirge digiteach a áirithiú go ceann na tréimhse a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe, lena n-áirítear tar éis dócmhainneachta, leachtaithe, nó scor de ghníomhaíocht san Aontas, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch, agus an táirge á chur ar an margadh aige, cóip chúltaca den phas táirge digiteach a chur ar fáil trí sholáthraí seirbhíse pasanna táirge digiteacha ar tríú páirtí neamhspleách é.

(39)

Chun leathadh amach éifeachtach an phas táirge dhigitigh a áirithiú, ba cheart dearadh teicniúil, ceanglais sonraí agus oibriú an phas táirge cloí le tacar ceanglas teicniúil fíor-riachtanach a sholáthraíonn bonn chun an pas táirge digiteach a imscaradh go comhsheasmhach thar earnálacha éagsúla. Ba cheart sonraíochtaí teicniúla a bhunú chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas fíor-riachtanach sin a áirithiú, i bhfoirm na gcaighdeán comhchuibhithe a bhfuil na huimhreacha tagartha foilsithe ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó, mar rogha chúltaca, sonraíocht choiteann arna glacadh ag an gCoimisiún trí ghníomhartha cur chun feidhme. Leis an dearadh teicniúil, ba cheart a áirithiú go mbeidh sonraí á n-iompar ar an bpas táirge digiteach ar bhealach slán, agus rialacha príobháideachais á n-urramú. Is gá an pas táirge digiteach a fhorbairt i gcomhphlé oscailte le comhpháirtithe idirnáisiúnta, chun a dtuairimí a chur i gcuntas agus sonraíochtaí teicniúla á bhforbairt agus chun a áirithiú go gcuideoidh siad le deireadh a chur le bacainní trádála ar tháirgí níos glaise a bhfuil saolré fadaithe agus ciorclaíocht acu, lena n-ísleofar costais d’infheistíochtaí, do mhargaíocht do chomhlíonadh inbhuanaithe agus chun tacú leis an nuálaíocht. Chun go bhféadfar iad a chur chun feidhme go héifeachtach, tá sé tábhachtach go ndéantar sonraíochtaí teicniúla agus ceanglais theicniúla a bhaineann le hinrianaitheacht ar fud an tslabhra luacha a fhorbairt, a mhéid is féidir, ar chur chuige comhthoiliúil agus ar rannpháirtíocht, ceannach isteach agus comhoibriú éifeachtach tacar éagsúil gníomhaithe, lena n-áirítear comhlachtaí um chaighdeánú, comhlachais tionscail, gnólachtaí nuathionscanta, eagraíochtaí tomhaltóirí, saineolaithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear geilleagair i mbéal forbartha.

(40)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ról agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla a shainiú go soiléir amhail gníomhaireachtaí eisiúna agus soláthraithe seirbhíse a mbeidh baint acu le cruthú, fíordheimhniú, próiseáil, agus stóráil sonraí, agus b’fhéidir eilimintí tábhachtacha den phas táirge digiteach a tharraingt siar, amhail aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí. D’fhéadfadh an Coimisiún, sa mhéid sin, measúnú tionchair a dhéanamh chun oiriúnacht forbartha scéim deimhniúcháin a imscrúdú do sholáthraithe seirbhísí pas táirge digiteach.

(41)

Chun a áirithiú go mbeidh an pas táirge digiteach solúbtha, láidir agus faoi thionchar an mhargaidh agus go bhforbraíonn sé i gcomhréir le samhlacha gnó, margaí agus nuálaíocht, ba cheart é a bheith bunaithe ar chóras sonraí díláraithe, agus ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha é a chur ar bun agus a bhainistiú. Mar sin féin, chun críoch forfheidhmithe agus faireacháin, is gá go mbeadh rochtain dhíreach ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus ag an gCoimisiún ar thaifead ar gach iompróir sonraí agus aitheantóir uathúil atá nasctha le táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún clárlann pasanna táirge digiteach a chur ar bun agus a bhainistiú chun na sonraí sin (‘an chlárlann’) a stóráil. I gcás inar gá chun forfheidhmiú a éascú a thuilleadh, ba cheart don Choimisiún, de réir mar is iomchuí, faisnéis eile a shonrú a chuimsítear sa phas táirge nach mór a stóráil sa chlárlann.

(42)

Ba cheart don Choimisiún tairseach ghréasáin atá soláimhsithe d’úsáideoirí agus ar fáil go poiblí a bhunú agus a chothabháil ina mbeidh rochtain ag geallsealbhóirí amhail custaiméirí, oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile ar shonraí a áirítear sna pasanna táirgí digiteacha agus gur féidir na sonraí a áirítear sna pasanna sin a chuardach agus a chur i gcomparáid i gcomhréir lena gcearta rochtana faoi seach a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta. Leis an tairseach ghréasáin, ba cheart nascanna le sonraí a sholáthar atá stóráilte cheana féin ag an oibreoir eacnamaíoch ina phas táirge digiteach díláraithe.

(43)

Comhlíonfaidh aon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla laistigh de na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) agus aird ar leith á tabhairt ar phrionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Aon phróiseáil a dhéanfaidh an Coimisiún ar shonraí pearsanta, go háirithe na cinn sin atá stóráilte sa chlárlann, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38). Níor cheart sonraí pearsanta custaiméirí a stóráil sa phas táirge digiteach.

(44)

Tá forfheidhmiú éifeachtach i ndáil le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, cibé acu a tháirgtear ar bhonn intíre nó a allmhairítear iad, riachtanach chun aidhmeanna an Rialacháin seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, nuair atá an chlárlann curtha ar bun ag an gCoimisiún, ba cheart rochtain dhíreach a bheith ag na húdaráis chustaim uirthi trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39). Is é an ról ba cheart a bheith ag údaráis chustaim a fhíorú ar a laghad go gcomhfhreagraíonn aitheantóir uathúil clárúcháin táirge a cheanglaítear air a sholáthar nó a chur ar fáil dóibh agus an cód tráchtearraí ábhartha do na sonraí a stóráiltear sa chlárlann. Lamhálfadh sé sin do na húdaráis custam a fhíorú go bhfuil pas táirge digiteach ann le haghaidh táirgí allmhairithe. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún a leagan síos ina ghníomh cur chun feidhme maidir leis an gclárlann na hoibleagáidí is gá chun go gcoimeádfaidh oibreoirí eacnamaíocha cothrom le dáta na sonraí atá stóráilte sa chlárlann.

(45)

Leis na sonraí a chuimsítear sa phas táirge digiteach, beartaítear a lamháil do na húdaráis custam an bhainistíocht riosca a fheabhsú agus a éascú agus díriú níos fearr ar rialuithe ag an teorainn a chumasú. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis custam a bheith ábalta na sonraí a chuimsítear sa phas táirge digiteach agus sa chlár gaolmhar a aisghabháil agus a úsáid chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear iad a dhéanamh le haghaidh bainistíocht riosca i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40).

(46)

Chun tomhaltóirí a chur chun roghanna inbhuanaithe, ba cheart faisnéis shoiléir shothuigthe a sholáthar ar lipéid, nuair a cheanglaítear sin leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, lena gceadófaí comparáid éifeachtach a dhéanamh idir táirgí, mar shampla trí aicmí feidhmíochta a léiriú. I gcomhair tomhaltóirí go sonrach, is féidir le lipéid fhisiceacha a bheith ina bhfoinse bhreise faisnéise ag an áit díolacháin. Ba cheart dóibh bonn tapa amhairc a chur ar fáil do thomhaltóirí chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí bunaithe ar a bhfeidhmíocht i ndáil le paraiméadar sonrach táirge nó tacar paraiméadar táirge. Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, go bhféadfaí rochtain a fháil ar fhaisnéis bhreise trí thagairtí sonracha a bheith orthu amhail seoltaí suíomhanna gréasáin, cóid dhinimiciúla QR, naisc chuig lipéid ar líne nó aon mhodh iomchuí atá dírithe ar an tomhaltóir. Ba cheart don Choimisiún a leagan amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha an tslí is éifeachtaí chun na lipéid sin a thaispeáint, lena n-áirítear iad a thaispeáint i gcás ciandíolachán ar líne, agus na himpleachtaí le haghaidh custaiméirí agus oibreoirí eacnamaíocha agus saintréithe na dtáirgí lena mbaineann á gcur i gcuntas. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a cheangal freisin go ndéanfar an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge.

(47)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2017/1369, a leagann síos creat ar lipéadú fuinnimh, i gcomhthráth leis an Rialachán seo, maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Is ionstraim rathúil iad lipéid fuinnimh maidir leis an bhfhaisnéis iomchuí a chur ar fáil do thomhaltóirí i gcás táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ba cheart aicmí feidhmíochta a chinntear faoin Rialachán seo, a ionchorprú, i gcás inarb iomchuí, sa lipéad fuinnimh mar fhaisnéis fhorlíontach dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2017/1369. I gcásanna nach féidir faisnéis ábhartha faoi fheidhmíocht táirge i ndáil le paraiméadar táirge a áireamh mar fhaisnéis fhorlíontach ar an lipéad fuinnimh, ba cheart don Choimisiún a bheith ábalta, i gcás inarb iomchuí, a cheangal go mbunófar lipéad i gcomhréir leis an Rialachán seo in ionad an lipéid fuinnimh, inar féidir an fhaisnéis ábhartha ar an lipéad fuinnimh a ionchorprú amhlaidh.

(48)

Ní mór tomhaltóirí a chosaint ar fhaisnéis mhíthreorach a d’fhéadfadh cur isteach ar a roghanna i gcás táirgí níos inbhuanaithe. Ar an gcúis sin, ba cheart é a bheith toirmiscthe táirgí a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís ar a bhfuil lipéid, nó a bhfuil lipéid ag gabháil leo, ar dóigh dóibh custaiméirí a chur amú nó mearbhall a chur orthu trí na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán seo a aithris, nó a bhfuil faisnéis ag gabháil leo ar dóigh di custaiméirí a chur amú nó mearbhall a chur uirthi maidir leis na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ní mheasfar Éicilipéad AE agus eicilipéid eile chineál I EN ISO 14024 atá aitheanta go hoifigiúil, go náisiúnta nó go réigiúnach gur lipéid mhíthreoracha nó mhearbhallacha iad ar choinníoll go mbeidh na critéir a fhorbraítear faoi na scéimeanna lipéadaithe sin ar a laghad chomh dian leis na ceanglais éicidhearthóireachta.

(49)

Chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla agus chun aghaidh a thabhairt ar na táirgí is mó tionchar ar dtús, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt do na táirgí atá le rialáil faoin Rialachán seo agus do na ceanglais a mbeidh feidhm acu maidir leo. Ba cheart don Choimisiún plean oibre a ghlacadh bunaithe ar an bpróiseas a leanadh le haghaidh beartú tosaíochta faoi Threoir 2009/125/CE, lena gcumhdófaí trí bliana ar a laghad, agus lena leagfaí síos liosta de ghrúpaí táirgí a bhfuil sé beartaithe aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith mar aon le gnéithe an táirge a bhfuil sé beartaithe aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith a bhfuil feidhm chothrománach acu. Ba cheart don Choimisiún a thosaíocht a bhunú ar shraith critéar a bhaineann go háirithe le rannchuidiú féideartha na ngníomhartha tarmligthe le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus a n-acmhainneacht chun gnéithe an táirge a fheabhsú a roghnaítear gan costais dhíréireacha a bheith ar oibreoirí poiblí agus eacnamaíocha. Ba cheart dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí freisin trí Fhóram Éicidhearthóireachta atá le cur ar bun ag an gCoimisiún. I ngeall ar na comhlántachtaí idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2017/1369 i gcás táirgí a bhaineann le fuinneamh, ba cheart na hamlínte i gcomhair an phlean oibre faoin Rialachán seo agus an plean oibre dá bhforáiltear faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2017/1369 a ailíniú. Agus tosaíocht á tabhairt do tháirgí idirmheánacha, ba cheart don Choimisiún na hiarmhairtí do tháirgí deiridh atá déanta de na táirgí idirmheánacha sin a chur i gcuntas chomh maith. I bhfianaise a thábhachtaí atá siad chun cuspóirí fuinnimh an Aontais a bhaint amach, ba cheart a áireamh sna pleananna oibre sciar leordhóthanach de na gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Tá feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/858 faoi réir forálacha cuimsitheacha cheana, lena n-áirítear ceanglais shonracha chomhshaoil agus, mar sin, níor cheart tosaíocht a thabhairt dóibh chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú. I gcás an chéad phlean oibre, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt d’iarann, cruach, alúmanam, teicstílí, go háirithe baill éadaigh agus coisbheart, troscán, lena n-áirítear tochtanna, boinn, glantaigh, péinteanna, bealaí, ceimiceáin, táirgí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus táirgí eile a bhaineann le leictreonaic agus fuinneamh, a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta le socrú ina leith den chéad uair nó a bhfuil athbhreithniú le déanamh orthu faoin Rialachán seo ar bhearta láithreacha arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE. Ba cheart don Choimisiún údar iomchuí a chur ar fáil i gcás ina gcinnfidh sé an liosta sin a mhodhnú.

(50)

Is ó thionscal na stroighne, mar cheann de na hearnálacha is mó atá dian ar fhuinneamh, ar ábhair agus ar charbón, a thagann thart ar 7 % de na hastaíochtaí domhanda agus 4 % d’astaíochtaí CO2 an Aontais, rud a fhágann gur príomhearnáil í chun ailíniú le comhaontú Pháras agus le cuspóirí aeráide an Aontais a luaithe is féidir. Cé go bhfuil táirgí foirgníochta, lena n-áirítear stroighin, le cumhdach faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe chun táirgí foirgníochta a mhargú (‘an Rialachán maidir le táirgí foirgníochta’), fanann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Chun nach mbeidh easpa ceanglas táirge ann a bhfuil géarghá leo chun ár gcuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena socrófar ceanglais éicidhearthóireachta do stroighin tráth nach luaithe ná an 31 Nollaig 2028 agus nach déanaí ná an 1 Eanáir 2030 in éagmais na gceanglas leormhaith feidhmíochta agus na gceanglas faisnéise le haghaidh táirgí den sórt sin faoin Rialachán maidir le táirgí foirgníochta.

(51)

Agus aghaidh á tabhairt ar tháirgí foirgníochta, níor cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo ceanglais do tháirgí deiridh ach amháin i gcás nach dócha go ngnóthóidh na hoibleagáidí a chruthaítear leis an Rialachán maidir le táirgí foirgníochta agus nuair nach dócha go ngnóthóidh a chur chun feidhme na cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil a shaothraítear leis an Rialachán seo go leordhóthanach. Ina theannta sin, agus pleananna oibre á gceapadh aige, ba cheart don Choimisiún a chur i gcuntas, agus é ag leanúint den chleachtas reatha, go dtugtar, leis an Rialachán maidir le táirgí foirgníochta, leitheadúlacht do cheanglais inbhuanaitheachta arna leagan síos faoin Rialachán seo i gcás táirgí a bhaineann le fuinneamh ar táirgí foirgníochta iad chomh maith. Ba cheart an cás a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás téitheoirí, coirí, teaschaidéil, fearais téite uisce agus spáis, gaothráin, córais fuaraithe agus aerála agus táirgí fótavoltacha, cé is moite de phainéil fhótavoltacha atá comhtháite san fhoirgneamh. Is féidir feidhm a bheith ag an Rialachán maidir le táirgí foirgníochta maidir leis na táirgí sin ar shlí chomhlántach i gcás inar gá, go príomha i ndáil le gnéithe sábháilteachta, agus dlí eile an Aontais maidir le táirgí amhail fearais gháis, trealamh agus innealra ísealvoltais á cur i gcuntas chomh maith.

(52)

Chun a áirithiú go ndéanfar comhairliúchán cuí leis na páirtithe leasmhara uile, ba cheart don Choimisiún Fóram Éicidhearthóireachta a bhunú, a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile, amhail ionadaithe tionscail, lena n-áirítear FBManna agus an tionscal ceardaíochta, fiontair shóisialta, ceardchumainn, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhshaoil, gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an gheilleagair chiorclaigh, eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, chomh maith le taighdeoirí. Laistigh den Fhóram Éicidhearthóireachta, ba cheart don Choimisiún Grúpa Saineolaithe de chuid na mBallstát a bhunú, ar cheart dó rannchuidiú le ceanglais éicidhearthóireachta nua a ullmhú, le measúnú a dhéanamh ar bhearta féinrialála, le malartú faisnéise agus dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le bearta chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fheabhsú, amhail feachtais oideachais agus faisnéise nó tacaíocht a sholáthar do FBManna, chomh maith le tosaíochtaí a leagan síos.

(53)

Ar mhaithe le féinrialáil a spreagadh mar rogha mhalartach bhailí ar chineálacha cur chuige rialála, ba cheart a áireamh sa Rialachán seo, ag cur le Treoir 2009/125/CE, go bhféadfadh an tionscal bearta féinrialála a chur isteach le haghaidh táirgí nó grúpaí táirgí nach n-áirítear sa phlean oibre. Ba cheart bearta féinrialála a ailíniú le cuspóirí an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na bearta féinrialála arna moladh ag an tionscal, mar aon leis an bhfaisnéis agus leis an bhfianaise a chuir na sínitheoirí isteach, agus freisin i bhfianaise, inter alia, ghealltanais trádála idirnáisiúnta an Aontais, an gá atá le comhsheasmhacht le dlí an Aontais a áirithiú. Is iomchuí freisin, mar shampla i bhfianaise forbairtí ábhartha sa mhargadh nó forbairtí teicneolaíocha ábhartha laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann, go mbeadh an Coimisiún in ann leagan athbhreithnithe den bheart féinrialála a iarraidh aon uair a mheastar gur gá sin. A luaithe a liostaítear beart féinrialála i ngníomh cur chun feidhme ina bhfuil liosta de bhearta féinrialála lena gcomhlíontar na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo, bíonn ionchas dlisteanach ann d’oibreoirí eacnamaíocha go ndéanfaidh an Coimisiún ábhar an bhirt sin a mheas ar dtús, sula molfaidh sé gníomh tarmligthe lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta don ghrúpa táirgí sonrach lena mbaineann. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann ceanglais éicidhearthóireachta a ghlacadh a mbeadh feidhm acu freisin maidir le roinnt de na táirgí nó na táirgí uile a chumhdaítear le beart féinrialála aitheanta le haghaidh ghnéithe an táirge nach dtugtar aghaidh orthu leis an mbeart féinrialála sin. I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart féinrialála na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, ba cheart dó é a bhaint den ghníomh cur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos le haghaidh na ngrúpaí táirgí ar tugadh aghaidh orthu roimhe seo leis an mbeart féinrialála sin.

(54)

D’fhéadfadh FBManna tairbhe mhór a bhaint as méadú ar an éileamh ar tháirgí inbhuanaithe ach d’fhéadfadh costais agus deacrachtaí a bheith orthu freisin mar gheall ar roinnt de na ceanglais. Ba cheart don Choimisiún, agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, a dtionchar ar FBManna a chur san áireamh, go háirithe a dtionchar ar mhicrifhiontair, atá gníomhach san earnáil táirgí ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, ina réimsí freagrachta faoi seach, faisnéis leormhaith, lena n-áirítear treoir, a sholáthar, oiliúint spriocdhírithe agus speisialaithe a sholáthar, agus cúnamh agus tacaíocht shonrach a sholáthar, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, do FBManna atá gníomhach i monarú táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na gníomhaíochtaí sin do ghrúpaí táirgí i gcás ina bhfuil láithreacht FBManna ábhartha. Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, tacú le ríomh lorg comhshaoil an táirge trí uirlisí digiteacha a sholáthar, amhail uirlisí chun measúnú saolré a ríomh, agus tacú le cur chun feidhme an phas táirge digitigh. Tá sé tábhachtach go ndéanann an Choimisiún tacaíocht airgeadais a sholáthar d’ionadaithe FBManna, go háirithe ionadaithe micrifhiontar, chun a rannpháirtíocht éifeachtach san Fhóram Éicidhearthóireachta a chumasú agus go ndéanann sé faisnéis atá inrochtana go héasca a sholáthar do FBManna maidir leis an tacaíocht airgeadais agus na cláir atá ar fáil. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. Agus na gníomhaíochtaí sin á bhforbairt agus á gcur chun feidhme acu, is féidir leis na Ballstáit brath ar an tacaíocht a sholáthraítear le cláir agus tionscnaimh de chuid an Aontais do FBManna.

(55)

Tá díothú táirgí tomhaltais gan díol, amhail teicstílí agus coisbheart, ag oibreoirí eacnamaíocha ag teacht chun bheith ina fhadhb chomhshaoil fhorleathan ar fud an Aontais, go háirithe mar gheall ar an bhfás tapa atá tagtha ar dhíolacháin ar líne. Is ionann é agus caillteanas acmhainní eacnamaíocha luachmhara toisc go ndéantar earraí a tháirgeadh, a iompar, agus a dhíothú ina dhiaidh sin, gan iad a úsáid riamh chun na críche a ceapadh dóibh. Is gá, dá bhrí sin, ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil, creat a bhunú leis an Rialachán seo chun díothú táirgí gan díol a chosc, ar táirgí iad a ceapadh go príomha do thomhaltóirí, lena n-áirítear táirgí nár tairgeadh lena ndíol nó táirgí arna gcur ar ais ag tomhaltóirí ar bhonn a gcirt tarraingt siar mar a leagtar síos le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) nó le linn aon tréimhse aistarraingthe níos faide arna soláthar ag an trádálaí. Ba cheart a chumhdach le coincheap an díothaithe mar a leagtar amach sa Rialachán seo na trí ghníomhaíocht dheireanacha maidir le hord na réiteach dramhaíola, eadhon athchúrsáil, aisghabháil agus diúscairt eile. Níor cheart ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-áirítear athchóiriú agus athmhonaraíocht, a mheas mar dhíothú. Má dhéantar díothú a chosc, laghdófar tionchar na dtáirgí sin ar an gcomhshaol trí ghiniúint dramhaíola a laghdú agus trí rótháirgeadh a dhídhreasú. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha na bearta is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar an ngá atá le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú. Ina theannta sin, ós rud é gur thug roinnt Ballstát reachtaíocht náisiúnta isteach maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú, rud a chruthaigh saobhadh margaidh, tá gá le rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú chun a áirithiú go mbeidh dáileoirí, miondíoltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile faoi réir na rialacha agus na ndreasachtaí céanna ar fud na mBallstát.

(56)

Chun díothú táirgí tomhaltais gan díol a dhídhreasú agus tuilleadh sonraí a ghiniúint maidir leis an gcleachtas sin a bheith ag tarlú, ba cheart oibleagáid trédhearcachta a thabhairt isteach leis an Rialachán seo d’oibreoirí eacnamaíocha, cé is moite de mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga, lena gceanglófaí orthu faisnéis a nochtadh maidir le líon agus meáchan na dtáirgí tomhaltais gan díol a dhiúscraítear in aghaidh na bliana ar a laghad ar leathanach dá suíomh gréasáin is éasca a rochtain. I gcás inarb infheidhme, ba cheart an deis a bheith acu freisin an fhaisnéis sin a áireamh ina dtuarascálacha bainistíochta de bhun Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42). Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid maidir le fiontair mheánmhéide 6 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart don oibreoir eacnamaíoch cineál nó catagóir an táirge, na cúiseanna a bhí le diúscairt na dtáirgí agus lena seachadadh le haghaidh oibríochtaí cóireála dramhaíola ina dhiaidh sin, chomh maith le bearta a rinneadh agus bearta atá beartaithe chun cosc a chur ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol a léiriú.

(57)

Bíonn tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag méideanna táirgeachta nach bhfuil gá leo agus ag céim ghearr úsáide na dteicstílí, arb iad éadaí atá i gceist leis an sciar is mó dá dtomhaltas san Aontas, mar a thuairiscítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Márta 2022 maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha. Tá teicstílí nua-tháirgthe gan díol, go háirithe éadaí, i measc na nithe a thuairiscítear a bhíonn á ndíothú. Ba cheart luach níos airde a chur ar éadaí, agus iad a chaitheamh ar feadh tréimhse níos faide agus aire níos fearr a thabhairt dóibh, ná mar is amhlaidh i gcás chultúr mearfhaisin an lae inniu. Ó thaobh an gheilleagair chiorclaigh de, is léir go bhfuil cur amú acmhainní luachmhara den sórt sin contrártha do chuspóirí an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, tá údar maith le díothú éadaí tomhaltais agus díothú gabhálas éadaigh neamhdhíolta, chomh maith le díothú coisbhirt, a thoirmeasc.

(58)

Chun an tionchar ar an gcomhshaol a bhíonn ag díothú cineálacha eile táirgí tomhaltais gan díol a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú trí ghrúpaí nó táirgí nua a chur le liosta táirgí tomhaltais a bhfuil toirmeasc ar oibreoirí eacnamaíocha a scriosadh. I bhfianaise an réimse leathain táirgí a d’fhéadfaí a dhíothú gan iad a dhíol ná a úsáid riamh, is gá go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar a mhéid a dhíothaítear na táirgí sin go hiarbhír, agus an fhaisnéis arna cur ar fáil ag oibreoirí eacnamaíocha á cur san áireamh i gcás inarb iomchuí. Chun a áirithiú go bhfuil an oibleagáid sin comhréireach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhaoluithe sonracha a leagan amach faoinar féidir táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú fós, mar shampla i bhfianaise saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta. Chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht toirmisc den sórt sin agus chun teacht timpeall a dhídhreasú, ba cheart a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha líon agus meáchan na dtáirgí tomhaltais gan díol arna ndiúscairt, na cúiseanna leis na táirgí sin a dhiúscairt agus na maoluithe is infheidhme a nochtadh. Ar deireadh, chun aon ualach riaracháin míchuí do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga a sheachaint, ba cheart iad a dhíolmhú ón toirmeasc ar dhíothú táirgí sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin maidir le fiontair mheánmhéide 6 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil fianaise réasúnta ann go bhféadfaí micrifhiontair agus fiontair bheaga a úsáid chun teacht timpeall ar an toirmeasc sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a cheangal, i ngníomhartha tarmligthe, go mbeadh feidhm ag an toirmeasc ar tháirgí tomhaltais gan díol a dhíothú nó ag an oibleagáid um nochtadh maidir leis na fiontair sin le haghaidh táirgí sonracha.

(59)

Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit bearta náisiúnta a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú i gcás táirgí nach bhfuil faoi réir an toirmisc faoin Rialachán seo, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

(60)

Bunaithe ar an bhfaisnéis a nochtann oibreoirí eacnamaíocha agus ar fhianaise eile atá ar fáil, ba cheart don Choimisiún faisnéis chomhdhlúite maidir le díothú táirgí tomhaltais gan díol a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus ba cheart dó na táirgí ar cheart an toirmeasc ar dhíothú a mheas ina leith a shainaithint sa phlean oibre. Ba cheart trealamh leictreach agus leictreonach a chur san áireamh sa chéad phlean oibre.

(61)

Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as táirgí a bheith ag comhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta, i ndáil lena róil faoi seach sa slabhra soláthair, chun saorghluaiseacht na dtáirgí sin ar an margadh inmheánach a áirithiú agus chun a n-inbhuanaitheacht a fheabhsú. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann idirghabháil sa slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach táirgí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun.

(62)

Ós rud é go bhfuil eolas mionsonraithe ag monaróirí ar an bpróiseas deartha agus táirgthe, ba cheart dóibh a bheith freagrach as an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme a dhéanamh nó as a shocrú go ndéanfar é thar a gceann.

(63)

Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, is gá a áirithiú go gcomhlíonann táirgí ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun, cibé acu a allmhairítear iad mar tháirgí, mar chomhpháirteanna nó mar tháirgí idirmheánacha. Is gá, go háirithe, a áirithiú gur chuir monaróirí nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta i gcrích maidir leis na táirgí sin. Ba cheart a cheangal ar allmhaireoirí, dá bhrí sin, a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí a chuireann siad ar an margadh na ceanglais sin agus go bhfuil an mharcáil CE agus an doiciméadacht arna dtarraingt suas ag monaróirí ar fáil le haghaidh cigireachta ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Ba cheart a cheangal ar allmhaireoirí freisin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil pas táirge digiteach ar fáil i gcomhair na dtáirgí sin.

(64)

Agus táirge á chur ar an margadh acu, ba cheart d’allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe mar aon leis an seoladh poist agus an modh leictreonach cumarsáide trínar féidir dul i dteagmháil leo a léiriú ar an táirge. Ba cheart foráil a dhéanamh do mhaoluithe i gcásanna nach bhfágann méid an táirge gur féidir na tásca sin nó i gcás a bheith ann nó i gcás ina mbeadh ar allmhaireoirí an phacáistíocht a oscailt chun an t-ainm agus an seoladh a chur ar an táirge nó i gcás ina bhfuil an táirge róbheag chun an fhaisnéis sin a ghreamú.

(65)

Ós rud é go gcuireann dáileoirí táirgí ar fáil ar an margadh tar éis don mhonaróir nó don allmhaireoir na táirgí sin a chur air, ba cheart dóibh gníomhú leis an gcúram is cuí i ndáil leis na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme. Ba cheart do dháileoirí a áirithiú freisin nach ndéanann an chaoi a láimhseálann siad táirgí dochar don Rialacháin seo nó na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun a bheith á gcomhlíonadh ag na táirgí sin.

(66)

Ós rud é go bhfuil dáileoirí agus allmhaireoirí gar don mhargadh agus go bhfuil ról tábhachtach acu maidir le comhlíonadh táirgí a áirithiú, ba cheart dóibh ról a bheith acu i gcúraimí faireachais margaidh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus ba cheart dóibh a bheith réidh chun bheith rannpháirteach go gníomhach tríd an bhfaisnéis uile is gá a bhaineann leis an táirge lena mbaineann a thabhairt do na húdaráis sin.

(67)

Toisc go dtairgeann déileálaithe táirgí lena ndíol, lena bhfruiliú nó lena bhfruilcheannach, nó go dtaispeánann siad táirgí do chustaiméirí nó do shuiteálaithe, is gá go n-áirithíonn déileálaithe go mbeidh a gcuid custaiméirí, lena n-áirítear custaiméirí ionchasacha, in ann rochtain éifeachtach a fháil ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear i gcás ciandíolacháin. Ba cheart, go háirithe, a chur de cheangal ar dhéileálaithe leis an Rialachán seo a áirithiú go mbeidh rochtain ag a gcustaiméirí, lena n-áirítear custaiméirí ionchasacha, ar an bpas táirge digiteach agus go mbeidh na lipéid ar taispeáint go soiléir, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme. Ba cheart do dhéileálaithe an oibleagáid sin a chomhlíonadh gach uair a thairgtear táirge lena dhíol, lena fhruiliú nó lena fhruilcheannach.

(68)

Chun roghnú táirgí níos inbhuanaithe a éascú, ba cheart lipéid a thaispeáint, i gcás inar gá, ar bhealach atá infheicthe agus inaitheanta go soiléir. Ba cheart iad a bheith inaitheanta mar na lipéid a bhaineann leis an táirge i dtrácht, gan gá do chustaiméirí, lena n-áirítear custaiméirí ionchasacha, an t-ainm branda agus uimhir an mhúnla ar na lipéid a léamh. Ba cheart do lipéid aird na gcustaiméirí a tharraingt agus é ag brabhsáil trí na táirgí atá ar taispeáint. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag custaiméirí ar na lipéid agus ceannach á mheas acu, ba cheart don déileálaí agus don oibreoir eacnamaíoch freagrach araon iad a chur ar taispeáint aon uair a dhéantar fógraíocht ar an táirge, agus i gcásanna ciandíolacháin freisin, lena n-áirítear ar líne.

(69)

Aon allmhaireoirí nó dáileoirí a chuireann táirge atá cumhdaithe ag gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo ar an margadh faoina n-ainm nó faoina dtrádmharc féin, nó a mhodhnaíonn táirge den sórt sin sula gcuirtear i mbun seirbhíse é ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh an Rialacháin seo nó an ghnímh tharmligthe ábhartha, ba cheart a mheas gurb é an monaróir é agus ba cheart dó oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh air féin.

(70)

Tá ról ríthábhachtach ag soláthraithe margaí ar líne sa slabhra soláthair, rud a ligeann d’oibreoirí eacnamaíocha teacht ar líon mór custaiméirí. I bhfianaise an róil thábhachtaigh atá acu mar idirghabhálaithe idir oibreoirí eacnamaíocha agus custaiméirí i ndíol táirgí, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne freagracht a ghlacadh as aghaidh a thabhairt ar dhíol táirgí nach gcomhlíonann na ceanglais éicidhearthóireachta agus ba cheart dóibh comhoibriú leis na húdaráis faireachais margaidh. Le Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), déantar foráil maidir leis an gcreat ginearálta le haghaidh ríomhthráchtála agus leagtar síos oibleagáidí áirithe le haghaidh ardáin ar líne. Le Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), rialaítear freagracht agus cuntasacht soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar líne maidir le hábhar neamhdhleathach, lena n-áirítear táirgí nach gcomhlíonann ceanglais éicidhearthóireachta. Chun cur leis an gcreat ginearálta sin, ba cheart ceanglais shonracha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhíolachán táirgí neamhchomhlíontacha ar líne.

(71)

Tá sé bunriachtanach go n-oibreodh soláthraithe margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis faireachaismargaidh. Forchuirtear oibleagáid maidir le comhar leis na húdaráis faireachais margaidh ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45) i ndáil le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, lena n-áirítear táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh faoin Rialachán seo. Chun na críche sin, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí ginearálta a leagtar síos faoi Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065, go háirithe an oibleagáid a bhaineann le comhlíonadh trí dhearadh do sholáthraithe margaí ar líne in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065. Chun críocha Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne úsáid a bhaint, inter alia, as an bhfaisnéis atá ar fáil i gcomhéadan poiblí úsáideora an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne comhoibriú freisin le húdaráis faireachais margaidh chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach a bhaineann le táirgí neamhchomhlíontacha. Ba cheart a áireamh ar na gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chomhair sin malartú rialta agus struchtúrtha faisnéise a bhunú maidir le gníomhaíocht a dhéanann soláthraithe margaí ar líne, lena n-áirítear tairiscintí táirgí a bhaint. Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne rochtain ar a gcomhéadain a thabhairt freisin chun cabhrú le húdaráis ufaireachais margaidh táirgí neamhchomhlíontacha a dhíoltar ar líne a shainaithint. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na húdaráis faireachais margaidh sonraí a scriosadh a chamchóipeáil ó na margaí ar líne freisin.

(72)

I gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun deireadh a chur le riosca tromchúiseach, le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020 tugtar de chumhacht do na húdaráis faireachais margaidh a éileamh go mbainfí ábhar a thagraíonn do tháirgí neamhchomhlíontacha ó chomhéadan ar líne. Na cumhachtaí a thugtar do na húdaráis faireachais margaidh le an Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith acu i gcomhthéacs an Rialacháin seo freisin. Mar sin féin, ionas go ndéanfar faireachas éifeachtach ar an margadh faoin Rialachán seo agus chun táirgí neamhchomhlíontacha a sheachaint ar mhargadh an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag na cumhachtaí sin maidir le gach cás atá riachtanach agus comhréireach, lena n-áirítear táirgí nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065.

(73)

Trí inrianaitheacht táirge a áirithiú feadh an tslabhra soláthair ina iomláine éascaítear cúram na n-údarás faireachais margaidh oibreoirí eacnamaíocha a rianú a chuir táirgí neamhchomhlíontacha ar an margadh nó a chuir ar fáil ar an margadh iad. Ba cheart a éileamh ar oibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, an fhaisnéis faoina n-idirbhearta a choinneáil go ceann tréimhse ama áirithe.

(74)

Chun dlús a chur le fíorú chomhlíontacht na dtáirgí a chuirtear ar an margadh agus chun an fíorú sin a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha, i gcás inar gá, codanna sonracha den doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil go digiteach d’údaráis inniúla náisiúnta agus don Choimisiún araon. Ligfí leis sin ligean do na húdaráis náisiúnta inniúla rochtain a fháil ar fhaisnéis den sórt sin gan iarraidh, agus cosaint rún trádála agus cearta maoine intleachtúla fós á ráthú ag an am céanna. Maidir le modhanna féideartha chun faisnéis den sórt sin a chur ar fáil go digiteach, ba cheart, mar riail, pas táirge digiteach a áireamh iontu, nó trína háireamh sa chuid sin den bhunachar sonraí táirgí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/1369 a bhaineann le comhlíontacht, nó ar shuíomh gréasáin de chuid an oibreora eacnamaíoch. Níor cheart don oibleagáid sin laghdú ar cheart na n-údarás náisiúnta inniúil rochtain a fháil ar chodanna eile den doiciméadacht theicniúil arna hiarraidh sin.

(75)

Le go bhféadfaí meastachán níos fearr a dhéanamh ar dhul i bhfód ar mhargadh na dtáirgí ábhartha, eolas níos fearr a chur ar fáil do staidéir a chuireann le dréachtú nó nuashonrú ceanglas agus pleananna oibre éicidhearthóireachta, agus chun cuidiú leis an sciar den mhargadh atá ag grúpaí sonracha táirgí a shainaithint d’fhonn dlús a chur le foirmliú nó athbhreithniú na gceanglas éicidhearthóireachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína cheangal go mbaileofar sonraí leordhóthanacha iontaofa maidir le táirgí a dhíol, trína cheadú don Choimisiún sonraí den sórt sin a bhailiú go díreach ó mhonaróirí nó miondíoltóirí nó trína cheadú go ndéanfaí é sin thar ceann an Choimisiúin. Agus rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh an gá atá ann an leas is fearr is féidir a bhaint as na sonraí atá ar fáil maidir le dul i bhfód ar an margadh agus an gá atá ann an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a íoslaghdú, go háirithe do FBManna.

(76)

Chun na ceanglais éicidhearthóireachta a fheabhsú amach anseo agus chun feabhas a chur ar mhuinín úsáideoirí deiridh maidir le agus diallais idir fuinneamh le linn úsáide agus paraiméadair eile feidhmíochta a shainaithint agus cheartú acu nuair a dhéantar iad a thomhas faoi dhálaí tástála agus faoi fheidhmiú iarbhír, ba cheart rochtain a bheith ag an gCoimisiún ar shonraí neamhphearsanta faoi fhíorthomhaltas fuinnimh táirgí agus iad in úsáid agus i gcás inarb ábhartha iad sin do pharaiméadair feidhmíochta eile. Chuige sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína cheangal ar tháirgí aonair, ar an gcaoi chéanna le feithiclí bóthair, a dtomhaltas fuinnimh le linn úsáide agus paraiméadair ábhartha eile feidhmíochta a thaifeadadh agus na sonraí gaolmhara a thaispeáint don úsáideoir deiridh. I gcás táirgí atá nasctha leis an idirlíon, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha sonraí neamhphearsanta in-úsáide a bhailiú go cianda agus na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún, mar go bhfuil sé bunriachtanach an chaoi a n-oibríonn na táirgí a shainaithint agus an pobal a chur ar an eolas. I gcás táirgí a mbraitheann a bhfeidhmíocht in-úsáide go mór ar dhálaí aeráide nó geografacha freisin, ba cheart faisnéis ghinearálta aeráide nó gheografach a a bhailiúagus a thuairisciú freisin, ar bhealach nach bhfágann gur féidir suíomh sonrach fearas aonair a shainaithint. Ba cheart d’úsáideoirí deiridh aontú go sainráite le bailiú faisnéise a mheasann siad a bheith iomchuí a roinnt. Níor cheart go gceadófaí bailiú faisnéise faoi iompraíocht na bhfearas a bhíonn ar siúl i gcomhthéacs inar féidir le duine aonair a bheith ag súil le réasún nach bhfuil aon bhreathnóireacht ná taifeadadh á dhéanamh, nó bailiú faisnéise lena bhféadfaí daoine aonair a shainaithint nó ina bhféadfaí a n-iompraíocht a thabhairt le tuiscint.

(77)

Chun cabhrú le fíorú chomhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta, lena n-áirítear measúnú comhréireachta agus faireachas margaidh, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún a cheangal ar ghníomhaithe sa slabhra soláthair, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, faisnéis a sholáthar, saor in aisce, maidir lena soláthraíonn siad amhail cainníocht agus cineál nó comhdhéanamh ceimiceach na n-ábhar a úsáidtear nó an próiseas táirgeachta a úsáidtear, nó faisnéis a chur ar fáil maidir lena gcoinníollacha soláthair seirbhísí. Ba cheart é a bheith indéanta freisin cead a thabhairt do mhonaróirí rochtain a bheith acu ar na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis sin nó ar shaoráidí iarbhír ghníomhaithe an tslabhra soláthair ionas gur féidir leo rochtain dhíreach a fháil ar an bhfaisnéis is gá mura soláthraíonn gníomhaithe an tslabhra soláthair an fhaisnéis a iarradh laistigh de thréimhse réasúnach ama. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún é a chur ar a gcumas do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis náisiúnta cruinneas na faisnéise a bhaineann le gníomhaíochtaí na ngníomhaithe sa slabhra soláthair a fhíorú.

(78)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuibhithe na gceanglas éicidhearthóireachta a leagtar amach faoin Rialachán seo a áirithiú, lena n-áirítear gnéithe amhail úsáid fuinnimh nó éifeachtúlacht, marthanacht agus iontaofacht, chomh maith le cion athchúrsáilte, ba cheart comhlíonadh na gceanglas sin a thomhas trí úsáid a bhaint as modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe a gcuirtear san áireamh leo na modhanna úrscothacha a aithnítear go ginearálta. De ghnáth, ba cheart na sonraíochtaí le haghaidh tástálacha, tomhais nó ríomhanna is gá chun comhlíontacht a shuí nó a fhíorú a bheith ar áireamh i ngníomhartha tarmligthe lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta i gcomhair táirgí. Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína cheangal go n-úsáidfear uirlisí digiteacha lena léirítear na ceanglais ríofa is infheidhme, chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhchuibhithe iad.

(79)

Chun a áirithiú go mbainfidh ceanglais éicidhearthóireachta na héifeachtaí atá beartaithe dóibh amach, ba cheart forálacha cuimsitheacha uileghabhálacha a leagan amach sa Rialachán seo, forálacha a bheidh infheidhme maidir le gach táirge a chumhdaítear le ceanglais éicidhearthóireachta agus lena dtoirmeasctar teacht timpeall ar na ceanglais sin. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar aon chleachtas as a n-eascraíonn athrú gan údar ar fheidhmíocht an táirge le linn tástáil chomhlíontachta nó laistigh de thréimhse ghearr tar éis an táirge a chur i mbun seirbhíse, as a n-eascródh feidhmíocht dhearbhaithe lena dtabharfaí bréagléiriú ar fheidhmíocht iarbhír an táirge agus é in úsáid.

(80)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart é a bheith indéanta gníomhartha tarmligthe lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta tagairt a dhéanamh d’úsáid caighdeán chun comhlíontacht a shuí nó a fhíorú. Chun a áirithiú nach mbeidh aon bhacainn ar thrádáil ar an margadh inmheánach, ba cheart na caighdeáin sin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. A luaithe a ghlacfar tagairt do chaighdeáin den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) agus a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh í, ba cheart a mheas go bhfuil táirgí atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin i gcomhréir leis na ceanglais éicidhearthóireachta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a mhéid a chumhdaítear leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha iad. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart a mheas go bhfuil modhanna tástála, tomhais nó ríofa atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe i gcomhréir leis na ceanglais tástála, tomhais agus modhanna ríofa a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe ábhartha lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta, a mhéid atá siad cumhdaithe ag na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha.

(81)

Maidir le creat reatha an Aontais um chaighdeánú, atá bunaithe ar phrionsabail an Chur Chuige Nua a leagtar amach i Rún ón gComhairle an 7 Bealtaine 1985 maidir le cur chuige nua i leith comhchuibhiú teicniúil agus caighdeán (47) agus i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, is é atá ann, mar réamhshocrú, an creat chun caighdeáin a tharraingt suas lena bhforailtear do thoimhde comhréireachta leis na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo. In éagmais tagairtí ábhartha do chaighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna mar réiteach cúltaca eisceachtúil chun comhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta ag an monaróir a éascú, mar shampla nuair a chuirtear bac ar an bpróiseas caighdeánaithe mar gheall ar easpa comhthola idir geallsealbhóirí nó i gcás ina bhfuil moilleanna ann maidir le caighdeán comhchuibhithe a bhunú agus nach féidir an spriocdháta a leagadh síos a urramú. D’fhéadfadh na moilleanna sin a bheith ann, mar shampla, nuair nach mbaintear amach an cháilíocht is gá. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann dul i muinín an réitigh sin i gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a shrianadh nó a tharraingt siar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Ba cheart toimhde comhréireachta a bheith mar thoradh ar chomhlíonadh sonraíochtaí coiteanna freisin. Chun éifeachtúlacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún ról a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha sa phróiseas lena mbunaítear sonraíochtaí comhchoiteanna lena gcumhdaítear na ceanglais éicidhearthóireachta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

(82)

Chun a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha a léiriú, agus d’údaráis inniúla a fhíorú, go gcomhlíonann táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh na ceanglais éicidhearthóireachta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagan síos a bheidh iomchuí agus comhréireach le cineál an táirge lena mbaineann agus le cineál na bparaiméadar táirgí a rialáiltear. Chun comhsheasmhacht le dlí eile de chuid an Aontais a áirithiú, ba cheart na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú as measc na nósanna imeachta sin sa mhodúl um rialú inmheánach táirgthe a áirítear sa Rialachán seo agus as measc na modúl a áirítear i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48), ó na cinn is lú déine go dtí na modúil is déine. Lena áirithiú tuilleadh go bhfuil an modúl is infheidhme iomchuí agus comhréireach le cineál an táirge lena mbaineann agus le cineál na bparaiméadar táirgí a rialaítear, ba cheart don Choimisiún, i gcás inar gá, an modúl a roghnaítear a oiriúnú dá réir sin.

(83)

Ba cheart do mhonaróirí dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais a dhréachtú chun faisnéis a sholáthar faoi chomhréireacht táirgí leis an Rialachán seo. D’fhéadfaí a cheangal ar mhonaróirí le dlí eile de chuid an Aontais dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas freisin. Chun rochtain éifeachtach ar fhaisnéis a áirithiú chun críoch faireachais margaidh, ba cheart dearbhú comhréireachta aonair de chuid an Aontais a dhréachtú i ndáil le dlí uile an Aontais. Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart don dearbhú comhréireachta aonair sin de chuid an Aontais a bheith in ann a bheith ina shainchomhad ina mbeidh na dearbhuithe comhréireachta aonair ábhartha de chuid an Aontais.

(84)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leagtar (49) síos rialacha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus leagtar amach leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear an mharcáil CE agus an gaol atá aige le marcálacha eile. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a bhaineann tairbhe as an tsaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas ceanglais lena soláthraítear ardleibhéal cosanta i gcomhair leas an phobail, mar shampla sláinte an duine, sábháilteacht agus an comhshaol. I gcás inar glacadh ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirge, ba cheart a chur in iúl leis an marcáil CE go bhfuil an táirge sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na ceanglais éicidhearthóireachta a glacadh dá bhun, a mhéid a bhaineann siad leis an táirge. Ós rud é go ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú le haghaidh raon mór táirgí, ba cheart a leagaan amach sna gníomhartha tarmligthe lena socraítear na ceanglais sin rialacha maidir le marcáil chomhréireachta i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na ceanglais faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis na táirgí a chumhdaítear, chun mearbhall le marcálacha eile a chosc agus chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a íoslaghdú.

(85)

Le cuid de na modúil um measúnú comhréireachta a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE, éilítear idirghabháil na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart d’údaráis na mBallstát fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na comhlachtaí sin.

(86)

Chun leibhéal comhsheasmhach cáilíochta a áirithiú agus measúnú comhréireachta á dhéanamh, is gá ceanglais a shocrú le haghaidh na n-údarás a thugann fógra atá bainteach le measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, fógra a thabhairt dóibh agus faireachán a dhéanamh orthu. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a dhearbhú go bhfuil an t-údarás a thugann fógra oibiachtúil agus neamhchlaonta maidir lena ghníomhaíocht. Thairis sin, ba cheart a éileamh ar na húdaráis a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú ach ba cheart dóibh, mar sin féin, a bheith in ann faisnéis a mhalartú faoi na comhlachtaí dá dtugtar fógra leis an húdaráis náisiúnta, leis na húdaráis a thugann fógra sna Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún chun comhsheasmhacht leis an measúnú comhréireachta a áirithiú. Chun inniúlacht agus neamhspleáchas na gcomhlachtaí is iarratasóirí a shuí agus faireachán a dhéanamh orthu go héifeachtach, níor cheart do na húdaráis a thugann fógra measúnú a dhéanamh ach amháin ar an gcomhlacht dlíthiúil sonrach a dhéanann iarratas ar fhógra, gan dintiúir máthairchuideachtaí nó comhchuideachtaí a chur san áireamh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do na húdaráis a thugann fógra measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí is iarratasóirí i ndáil leis na gceanglas ábhartha uile agus na gcúraimí um measúnú comhréireachta uile, agus iad ag brath ar chaighdeáin chomhchuibhithe maidir leis na ceanglais agus na cúraimí a chumhdaítear leis na caighdeáin sin.

(87)

I bhfianaise an róil lárnaigh atá acu maidir le hiontaofacht na measúnuithe comhréireachta i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta a áirithiú, tá sé bunriachtanach go mbeidh dóthain pearsanra inniúil agus maoiniú leordhóthanach ar fáil do na húdaráis a thugann fógra chun a gcuid cúraimí a dhéanamh mar is ceart.

(88)

Tá sé bunriachtanach go ndéanfadh na comhlachtaí dá dtugtar fógra go léir a bhfeidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí comhionanna iomaíochta agus go huathrialach. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais a shocrú i gcomhair comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo stádas comhlachta dá dtugtar fógra a fháil chun gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a sholáthar. Ba cheart go leanfadh na ceanglais sin d’fheidhm a bheith acu chun a áirithiú go ndéantar inniúlacht an chomhlachta dá dtugtar fógra a choinneáil. Chun a neamhspleáchas a áirithiú, ba cheart a cheangal ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra agus ar an bhfoireann atá fostaithe aige a bheith neamhspleách ar oibreoirí eacnamaíocha i slabhra luacha na dtáirgí ar tugadh fógra dó ina leith agus ar chuideachtaí eile, lena n-áirítear comhlachais ghnó agus máthairchuideachtaí agus comhchuideachtaí, fochuideachtaí agus fochonraitheoirí.

(89)

Má léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go bhfuil sé i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart glacadh leis go gcomhlíonann sé na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(90)

Is minic a ligeann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an measúnú comhréireachta ar fochonradh nó a théann ann siad i muinín fochuideachta. Chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais ceanglais éicidhearthóireachta, ba cheart d’fhochonraitheoirí agus d’fhochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna a chomhlíonadh is a chomhlíonann na comhlachtaí dá dtugtar fógra maidir le feidhmiú cúraimí um measúnú comhréireachta faoin Rialachán seo. Chun a áirithiú gurb amhlaidh atá an cás, ba cheart do na comhlachtaí ábhartha dá dtugtar fógra nósanna imeachta a bhunú chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar inniúlacht, gníomhaíochtaí agus feidhmíocht a bhfochonraitheoirí nó a bhfochuideachtaí, mar shampla trí mhaitrís cháilíochta.

(91)

Le go bhféadfaidh na húdaráis a thugann fógra inniúlacht agus neamhspleáchas na gcomhlachtaí is iarratasóirí a bhunú agus faireachán a dhéanamh orthu go héifeachtach, ba cheart do na húdaráis sin a bheith neamhspleách agus leanúint de bheith neamhspleách. Dá bhrí sin, ba cheart don chomhlacht ar leith dá dtugtar fógra gníomhaíochtaí agus próisis áirithe chinnteoireachta a dhéanamh é féin, maidir le measúnú comhréireachta ar tháirgí agus le gníomhaíochtaí eile araon ar tháirgí agus gníomhaíochtaí inmheánacha de chuid an chomhlachta dá dtugtar fógra iad.

(92)

Chun an próiseas a éascú chun inniúlacht agus neamhspleáchas na gcomhlachtaí is iarratasóirí a bhunú agus faireachán a dhéanamh orthu, ba cheart do na comhlachtaí is iarrthóirí tuairisc a thabhairt ar conas a chomhfhreagraíonn a bpearsanra ábhartha agus stádas agus cúraimí an phearsanra sin do na cúraimí um measúnú comhréireachta a bhfuil sé beartaithe ag na comhlachtaí sin fógra a fháil ina leith, amhail i bhfoirm maitrís cháilíochta, agus ar an gcaoi sin, a chur ar chumas an údaráis a thugann fógra measúnú níos éifeachtaí a dhéanamh ar leordhóthanacht an tsoláthair foirne agus ar neamhspleáchas leanúnach na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra. Ba cheart do chomhlachtaí dá dtugtar fógra a áirithiú go ndéantar uainíocht ar an bpearsanra a bheidh i mbun cúraimí éagsúla um measúnú comhréireachta.

(93)

Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh baint ag na seirbhísí atá á dtairiscint ag na comhlachtaí dá dtugtar fógra i mBallstát le táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóid a dhéanamh maidir le comhlacht dá dtugtar fógra.

(94)

Ar mhaithe leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta a éascú agus dlús a chur leis, agus chun cóir chomhionann a áirithiú i gcomhair oibreoirí eacnamaíocha, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm go comhsheasmhach agus gan ualach nach bhfuil gá leis a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha.

(95)

Sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach cibé acu an féidir deimhniú comhréireachta a bhronnadh ar tháirge nó nach féidir, níor cheart cead a bheith ag an oibreoir eacnamaíoch ar mian leis an táirge sin a chur ar an margadh an doiciméadacht ábhartha a fhorlíonadh ach aon uair amháin. Tá an teorannú sin riachtanach chun a áirithiú nach mbeidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra in ann cúnamh a thabhairt do mhonaróirí athruithe a dhéanamh go dtí go mbainfear amach comhréireacht, ós rud é go gciallódh sé sin go mbeadh an tseirbhís a chuirtear ar fáil cosúil le seirbhís comhairliúcháin agus go bhféadfadh sí, sa chleachtas, caolú a dhéanamh ar chúraimí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra ar chun leas an phobail iad. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na comhlachtaí dá dtugtar fógra a bheith in ann aon deimhniú nó aon chinneadh formheasa a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar.

(96)

Chun éascú a dhéanamh ar shainaithint agus réiteach cásanna ina mbíonn comhlachtaí dá dtugtar fógra, monaróirí nó táirgí neamhchomhréireach, ba cheart do na comhlachtaí dá dtugtar fógra faisnéis ábhartha atá ar fáil dóibh a chur ar aghaidh go réamhghníomhach chuig na húdaráis a thugann fógra nó chuig na húdaráis faireachais margaidh.

(97)

Tá sé bunriachtanach malartú éifeachtúil faisnéise a áirithiú idir na comhlachtaí dá dtugtar fógra agus na húdaráis faireachais, lena n-áirítear faisnéis ó Bhallstáit eile. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis a thugann fógra agus do na comhlachtaí dá dtugtar fógra a áirithiú go ndéanfar obair leantach ar iarrataí ar fhaisnéis ó na húdaráis faireachais margaidh.

(98)

Ba cheart don Choimisiún comhordú agus comhar iomchuí a éascú idir na comhlachtaí dá dtugtar fógra. Chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe na gceanglas éicidhearthóireachta a áirithiú, ba cheart do na comhlachtaí dá dtugtar fógra plé agus comhordú a dhéanamh maidir le hábhair a d’fhéadfadh a bheith dibhéirseach. Agus iad i mbun an phróisis sin, ba cheart dóibh aon treoir agus aon mholtaí ábhartha arna n-eisiúint ag coistí teicniúla inniúla na gcomhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú a chur san áireamh.

(99)

Chun tomhaltóirí a dhreasú le roghanna inbhuanaithe a dhéanamh, go háirithe nuair nach mbíonn na táirgí is inbhuanaithe inacmhainne go leor, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir le sásraí amhail éiceadhearbháin agus cánachas comhshaoil. Nuair a chinnfidh na Ballstáit úsáid a bhaint as dreasachtaí chun luaíocht a thabhairt do na táirgí is fearr feidhmíocht, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh trí dhíriú ar na dreasachtaí sin ar an dá aicme feidhmíochta is airde daonra a leagadh síos leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, agus ní gá go nglacfaí go carnach iad, i gcás ina socrófar aicmí feidhmíochta i ndáil le níos mó ná paraiméadar amháin. Maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/1369 nó maidir le boinn a chumhdaítear le ceanglais lipéadaithe i ndáil le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile faoi Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (50), ba cheart feidhm a bheith ag na critéir a leagtar síos faoin dá ionstraim sin seachas acu sin faoin Rialachán seo. Mar sin féin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann toirmeasc a chur ar tháirge a chur ar an margadh bunaithe ar a aicme feidhmíochta. Tabhairt isteach dhreasachtaí na mBallstát, ba cheart é a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair.

(100)

Is ionann soláthar poiblí agus 14 % de OTI an Aontais. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a fheabhsú agus aistriú chuig geilleagar ciorclach lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, trína áirithiú go bhfuil éileamh leordhóthanach ar tháirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha, i gcás inarb iomchuí, a soláthar a ailíniú le ceanglais shonracha maidir le soláthar poiblí glas. I gcomparáid le cur chuige deonach, áiritheofar le ceanglais éigeantacha maidir le soláthar poiblí glas go n-uasmhéadófar giaráil an chaiteachais phoiblí chun borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí a fheidhmíonn níos fearr. Tá sé tábhachtach go soláthródh na Ballstáit cúnamh d’údaráis chonarthacha náisiúnta chun foireann atá i gceannas ar sholáthar poiblí glas a uas-sciliú agus a athsciliú. Ba cheart gur íoscheanglais iad na ceanglais sin maidir le soláthar poiblí glas, rud a chiallaíonn gur cheart go mbeadh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha in ann ceanglais bhreise agus ceanglais níos déine a shocrú. Ba cheart do na ceanglais sin a bheith trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart gur údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a chuirfeadh an nós imeachta soláthair phoiblí i gcrích i gcomhréir le Treoracha 2014/24/AE (51) agus 2014/25/AE (52) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus leis an reachtaíocht earnála is infheidhme, chomh maith le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus comhaontuithe idirnáisiúnta eile a bhfuil an tAontas faoi cheangal acu. Tá na ceanglais sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag údaráis chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha brath ar mhaoluithe nó ar dhíolúintí maidir le conarthaí poiblí a leagtar amach i ndlí an Aontais, go háirithe Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE. Ba cheart na ceanglais a leagtar síos i gcomhair grúpaí sonracha táirgí a chomhlíonadh ní hamháin nuair a fhaightear na táirgí sin go díreach i gconarthaí soláthair phoiblí ach i gconarthaí oibreacha poiblí nó conarthaí seirbhísí poiblí freisin i gcás ina n-úsáidfear na táirgí sin le haghaidh gníomhaíochtaí arb iad ábhar na gconarthaí sin iad. Ba cheart na ceanglais sin a shocrú i ndáil leis na gnéithe táirgí a dtugtar aghaidh orthu sa ghníomh tarmligthe lena rialaítear na táirgí i dtrácht. Mar chuid de na ceanglais sin, d’fhéadfadh an Coimisiún íos-sonraíochtaí teicniúla éigeantacha a leagan amach lena gceanglófaí ar tháirgí na leibhéil feidhmíochta is fearr is féidir a chomhlíonadh mar a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe ábhartha, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu, comhlíonadh an dá aicme feidhmíochta is airde nó an dá scór is airde. Mar thoradh air sin, mar shampla, bheadh sé éigeantach d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha a cheangal go gcomhlíonfadh táirgí na dtairgeoirí ceanglais shonracha maidir le lorg carbóin. I gcomhréir leis an gcreat um sholáthar poiblí, ba cheart, leis na híos-sonraíochtaí teicniúla éigeantacha sin, srian saorga a chur leis an iomaíocht agus tús áite a thabhairt d’oibreoir eacnamaíoch ar leith a sheachaint. D’fhéadfadh an Coimisiún íoschritéir dhámhachtana éigeantacha a chur ar bun freisin, lena n-áirítear ualú sonrach, idir 15 % agus 30 %, a shannadh do na critéir sin chun a áirithiú gur féidir leo tionchar suntasach a imirt ar rogha na dtáirgí i bhfabhar na dtáirgí sin is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Mar thoradh air sin, mar shampla, bheadh sé éigeantach d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha íosualú idir 20 % agus 30 % a thabhairt do chion athchúrsáilte na dtáirgí i dtrácht. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, sa nós imeachta dámhachtana sonrach, ualú is airde ná 30 %, ach nach lú ná 20 %, a shannadh do chion athchúrsáilte. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chritéir dhámhachtana thar shonraíochtaí teicniúla nuair is ann d’éiginnteachtaí maidir le hinfhaighteacht nó costas na dtáirgí is fearr feidhmíocht i margadh an Aontais. D’fhéadfadh an Coimisiún coinníollacha agus spriocanna feidhmíochta conartha a leagan síos freisin ar dá réir, mar shampla, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha 50 % ar a laghad dá soláthar bliantúil de tháirgí áirithe a dhámhachtain orthu siúd a bhfuil céatadán d’ábhar in-athchúrsáilte níos mó ná 70 % acu. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh na Ballstáit spriocanna níos airde a leagan síos maidir le soláthar na dtáirgí sin. Nuair a bhíonn gníomhartha cur chun feidhme á bhforbairt aige agus, go háirithe, nuair a bhíonn indéantacht eacnamaíoch na n-údarás conarthach agus na n-eintiteas conarthach á meas aige, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar na táirgí agus na réitigh chomhshaoil is fearr is féidir atá ar fáil ar an margadh, ar éifeachtaí na gceanglas ar an iomaíocht agus ar an bhfíoras go bhféadfadh acmhainneachtaí buiséadacha éagsúla nó srianta eile amhail dálaí aeráide nó bonneagar líonra a bheith ag údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha éagsúla i mBallstáit éagsúla.

(101)

Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit bearta náisiúnta a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun maidir le soláthar poiblí glas i dtaobh grúpaí táirgí nach bhfuil ceanglais soláthair phoiblí faoin Rialachán seo leagtha síos ina leith go fóill ná níor ceart cosc a chur orthu ceanglais náisiúnta níos déine a thabhairt isteach maidir le táirgí a thagann faoi raon feidhme gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach ceanglais maidir le soláthar poiblí glas, ar choinníoll go bhfuil na bearta agus na ceanglais sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

(102)

Tá forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta bunriachtanach chun iomaíocht chomhionann i margadh an Aontais a áirithiú agus chun a áirithiú go mbainfear amach na tairbhí a mheastar a thiocfaidh as an Rialachán seo agus an méid a mheastar a chuirfidh sé le cuspóirí aeráide, fuinnimh agus ciorclaíochta an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 lena leagtar amach creat cothrománach maidir le faireachas margaidh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais maidir le táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos ina leith de bhun an Rialacháin seo, sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir, an cineál nó an éifeacht chéanna acu sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta na dtáirgí a chumhdaítear le bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE a laghdú, chun neamhchomhlíontacht le ceanglais éicidhearthóireachta amach anseo a chosc ar bhealach níos éifeachtúla, agus raon feidhme níos leithne agus uaillmhian mhéadaithe an Rialacháin seo i gcomparáid le Treoir 2009/125/CE á gcur san áireamh, ba cheart rialacha breise sonracha a bheith sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear an creat a cruthaíodh le Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart na rialacha sin a dhíriú ar phleanáil, comhordú agus tacaíocht iarrachtaí na mBallstát a neartú a thuilleadh agus ba cheart uirlisí breise a sholáthar don Choimisiún chun cabhrú lena áirithiú go ndéanfaidh údaráis faireachais margaidh gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc.

(103)

Chomh maith leis na húdaráis faireachais margaidh, tá ról tábhachtach ag na húdaráis chustaim freisin maidir leis an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i ndáil le hearraí arna n-allmhairiú agus féadfaidh siad brath ar Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (53) chun na críche sin.

(104)

Chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí ar scála leormhaith i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta, ina straitéis náisiúnta faireachais margaidh dábhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart do na Ballstáit roinn thiomnaithe a tharraingt suas ina liostófar na táirgí nó na ceanglais atá shainaitheanta acu mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán seo agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht táirgí ábhartha leis na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha a laghdú nó chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíontacht sin.

(105)

Ba cheart tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán seo a shainaithint bunaithe ar chritéir oibiachtúla amhail na leibhéil neamhchomhlíontachta a bhreathnaítear nó na tionchair ar an gcomhshaol a eascraíonn as neamhchomhlíontacht. Na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin, ba cheart iad a bheith comhréireach ina seal leis na fíorais is cúis lena dtosaíocht.

(106)

Ar bhonn sonraí a iontráladh sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas ina mbeidh faisnéis faoi chineál agus líon na seiceálacha a rinneadh, faoi na leibhéil neamhchomhlíontachta a sainaithníodh agus faoi chineál agus déine na bpionós a forchuireadh i ndáil le neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta le 4 bliana féilire roimhe sin. Ba cheart comparáid a bheith sa tuarascáil idir gníomhaíochtaí na mBallstát agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe, tagarmharcanna táscacha agus liosta tosaíochtaí d’údaráis faireachais margaidh. Agus breithniú á dhéanamh ar ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart don Choimisiún torthaí na dtuarascálacha a tharraing sé suas de bhun an Rialacháin seo a chur san áireamh ar bhonn na faisnéise a chuir údaráis faireachais margaidh isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1020, agus ba cheart dó aghaidh a thabhairt, de réir mar is iomchuí, ar na táirgí nó ar na grúpaí táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo i ndáil leis na rioscaí sonracha nó sáruithe tromchúiseacha a shainaithnítear go leanúnach, chun ardleibhéal comhlíontachta leis an Rialachán seo a áirithiú.

(107)

Chun comhordú na n-údarás faireachais margaidh a neartú a thuilleadh, ba cheart don ghrúpa comhair riaracháin (‘ADCO’) a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2019/1020, chun na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí d’fhaireachas margaidh faoin Rialachán seo agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht leis an Rialachán seo a laghdú nó chun deireadh a chur leis, teacht le chéile go tráthrialta agus comhthosaíochtaí maidir le faireachas margaidh a bheidh le cur san áireamh i straitéisí faireachais margaidh náisiúnta na mBallstát, tosaíochtaí maidir le soláthar tacaíochta ón Aontas, agus ceanglais arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a chuirtear i bhfeidhm nó a léirmhínítear ar bhealaí éagsúla as a dtiocfaidh saobhadh sa mhargadh a shainaithint, dá bhrí sin.

(108)

Chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as na bearta tacaíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart don Choimisiún comhthionscadail faireachais agus tástáil margaidh i réimsí comhleasa, infheistíochtaí comhpháirteacha in acmhainneachtaí faireachais margaidh agus cláir oiliúna coiteanna d’fhoireann na n-údarás faireachais margaidh, na n-údarás custaim, na n-údarás a thugann fógra agus na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra a eagrú agus, i gcás inarb iomchuí, iad a mhaoiniú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le conas ceanglais arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gcás inar gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhchuibhithe iad.

(109)

Níor cheart táirgí a chur ar an margadh ach amháin mura bhfuil riosca ag baint leo. Chun é a ailíniú níos fearr le cineál sonrach na gceanglas éicidhearthóireachta agus chun a áirithiú go ndíreofar sna hiarrachtaí maidir le faireachas margaidh ar neamhchomhlíontacht leis na ceanglais sin, ba cheart, chun críocha an Rialacháin seo, táirge a bhfuil riosca ag baint leis a shainiú mar tháirge a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol nó do leasanna eile de chuid an phobail a chosnaítear leis an gceanglas sin, toisc nach gcomhlíonann sé ceanglas éicidhearthóireachta nó toisc nach gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch freagrach ceanglas éicidhearthóireachta. Ba cheart an sainiú níos sonraí sin a úsáid agus Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 á gcur i bhfeidhm.

(110)

Ba cheart nós imeachta a bheith ann faoina gcuirtear páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta a bheartaítear a ghlacadh i ndáil le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo. Ba cheart dó a cheadú freisin do na húdaráis faireachais margaidh sna Ballstáit, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim luath maidir leis na táirgí sin. Chuige sin, ba cheart an clásal cosanta atá i dTreoir 2009/125/CE faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta agus a ailíniú leis na nósanna imeachta cosanta atá ar áireamh i reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais agus i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(111)

Ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh ar bhonn torthaí a léiríonn nach gcomhlíonann táirge na ceanglais éicidhearthóireachta nó gur sháraigh an t-oibreoir eacnamaíoch na rialacha maidir le táirgí a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh, nó rialacha eile atá dírithe air.

(112)

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige de bhun Airteagal 290 CFAE, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (54). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(113)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas: (a) nósanna imeachta a bhunú chun na dintiúir dhigiteacha a eisiúint agus a fhíorú chun rochtana ar na sonraí a stórálann oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile sa phas táirge digiteach bunaithe ar a gceart faoi seach; (b) socruithe cur chun feidhme a shonrú le haghaidh idirnascadh na clárlainne agus Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, lena n-áirítear an t-aitheantóir uathúil clárúcháin a chur in iúl; (c) comhcheanglais a bhunú maidir le leagan amach lipéad; (d) liosta de bhearta féinrialála a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta arna bhunú mar roghanna malartacha bailí ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo; (e) na sonraí agus an fhormáid a leagan amach chun an fhaisnéis faoi tháirgí tomhaltais gan díol a nochtadh, ar táirgí iad lena bhfuarthas réidh; (f) sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear ceanglais éicidhearthóireachta, na ceanglais bhunriachtanacha i gcomhair pasanna táirgí digiteacha nó na ceanglais do mhodhanna tástála, tomhais nó ríomha a bhunú, a leasú nó a aisghairm; (g) íoscheanglais a leagan síos maidir le conarthaí poiblí a dhámhachtain chun táirgí a chumhdaítear le ceanglais éicidhearthóireachta a cheannach, nó le haghaidh oibreacha nó seirbhísí i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin le haghaidh gníomhaíochtaí arb iad ábhar na gconarthaí sin iad agus (h) a chinneadh, de bhun nós imeachta cosanta an Aontais, an bhfuil bonn cirt le beart náisiúnta nó nach bhfuil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55).

(114)

Chun muinín as na táirgí a chuirtear ar an margadh a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann le táirgí a bheith ag comhlíonadh ceanglais éicidhearthóireachta, ní mór don phobal a bheith cinnte go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann táirgí neamhchomhlíontacha ar an margadh faoi réir pionós. Dá bhrí sin, is gá do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ba cheart a áireamh orthu, ar a laghad, fíneálacha agus eisiamh ó nósanna imeachta soláthair phoiblí, atá teoranta ó thaobh ama de. Gan dochar do neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát ná do lánrogha na n-údarás inniúil agus na mbreithiúna pionóis iomchuí a fhorchur sna cásanna aonair, ba cheart critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha a bhunú chun na cineálacha agus na leibhéil pionós a bheidh le forchur i gcás sáruithe ar an Rialachán seo a chinneadh, chun cur i bhfeidhm níos comhsheasmhaí na bpionós a éascú. Ba cheart a áireamh ar na critéir sin, inter alia, cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, staid airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a mheastar a bheith freagrach mar a léirítear mar shampla leis an láimhdeachas iomlán nó leis an ioncam bliantúil, agus na tairbhí eacnamaíocha a baineadh as an sárú agus a ghineadh as an tsárú, a mhéid is féidir na tairbhí sin a chinneadh.

(115)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar chúig chritéar mar atá éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar a thionchar ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. I gcás inarb iomchuí, ba cheart togra chun an Rialachán a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil.

(116)

Is iomchuí go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le ceanglais a leagan síos i ndáil le gnéithe sóisialta táirgí freisin. Mar chuid den mheasúnú sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh na ceanglais sin dlí an Aontais a chomhlánú, agus, ar an gcaoi sin, aghaidh a thabhairt ar thionchair dhíobhálacha ar chearta an duine agus ar chearta sóisialta a eascraíonn as oibríochtaí cuideachtaí agus as táirgí. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, meastóireacht a dhéanamh laistigh de 4 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann dá n-áireofaí ceanglais inbhuanaitheachta sóisialta faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil ar an meastóireacht a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. I gcás inarb iomchuí, ba cheart togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil.

(117)

Chun forfheidhmiú príobháideach an Rialacháin seo a éascú, ba cheart an ceart a bheith ag tomhaltóirí ar bhain damáiste dóibh toisc nár chomhlíon an táirge ceanglais éicidhearthóireachta cúiteamh a éileamh as an damáiste sin ó mhonaróir an táirge, nó, más rud é nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, ón allmhaireoir nó ó ionadaí údaraithe an mhonaróra, nó, más rud é nach bhfuil aon cheann de na hoibreoirí eacnamaíocha sin bunaithe san Aontas, ón soláthraí seirbhíse comhlíonta. Ba cheart an ceart chun cúitimh sin a bheith gan dochar do leigheasanna eile atá ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais, amhail na leigheasanna i gcoinne an díoltóra i gcás easpa comhréireachta na n-earraí a dhíoltar i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56). Thairis sin, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit cearta a choinneáil nó a thabhairt isteach do thomhaltóirí ar leigheasanna eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, amhail deisiú nó athsholáthar táirgí a sháraíonn ceanglais éicidhearthóireachta.

(118)

Ba cheart tomhaltóirí a bheith i dteideal a gcearta a fhorfheidhmiú i ndáil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar mhonaróirí agus, i gcás inarb infheidhme, ar allmhaireoirí, ar ionadaithe údaraithe agus ar sholáthraithe seirbhíse comhlíonta faoin Rialachán seo trí chaingne ionadaíocha i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57). Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do Threoir (AE) 2020/1828 a bheith infheidhme maidir le caingne ionadaíocha a bhaineann le sáruithe ar an Rialachán seo ag monaróirí agus, i gcás inarb infheidhme, ag allmhaireoirí, ionadaithe údaraithe agus soláthraithe seirbhíse comhlíonta atá cáilithe mar thrádálaithe faoi Airteagal 3, pointe (2), den Treoir sin, a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin a leasú dá réir. Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú go léirítear an leasú ina mbearta trasuite arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir sin, cé nach bhfuil glacadh na mbeart trasuite náisiúnta i ndáil leis an méid sin mar choinníoll i dtaca le hinfheidhmeacht na Treorach sin maidir leis na caingne ionadaíochta sin. Infheidhmeacht na Treorach sin i ndáil leis na caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe ag monaróirí agus, i gcás inarb infheidhme, allmhaireoirí, ionadaithe údaraithe agus soláthraithe seirbhíse comhlíonta ar fhorálacha an Rialacháin seo a dhéanann díobháil nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do chomhleasanna tomhaltóirí, ba cheart go dtosóidh sí amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(119)

Tá sé riachtanach go mbeidh feidhm ag na ceanglais éicidhearthóireachta maidir leis an réimse is leithne táirgí is féidir, agus ní hamháin maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh, agus go leathnófar an sainmhíniú ar cheanglais éicidhearthóireachta chun gach gné den chiorclaíocht a chuimsiú. Is gá freisin an Rialachán seo a ailíniú leis an gCreat Reachtach Nua a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE, agus na forálacha a bhaineann le faireachas margaidh a fheabhsú. Ba cheart Treoir 2009/125/CE a ionadú dá bhrí sin. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do gach oibreoir eacnamaíoch ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus chun cothroime iomaíochta a áirithiú do ghnólachtaí atá ag oibriú ar an margadh inmheánach, ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha lena leagtar amach oibleagáidí trédhearcachta a bhaineann le fáil réidh le táirgí tomhaltais gan díol, teacht timpeall, agus faireachas margaidh, a bheith aonfhoirmeach i gcás na n-oibreoirí uile ar fud an Aontais. Ba cheart Rialachán a chur in ionad Threoir 2009/125/CE dá bhrí sin.

(120)

I bPlean Oibre Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh 2022-2024, a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2022, sainaithníodh na tosaíochtaí polaitiúla le haghaidh obair ar tháirgí a bhaineann le fuinneamh. Nuair a thiocfaidh forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm, beidh obair ullmhúcháin lena ndéanfaí measúnú ar indéantacht na gceanglas éicidhearthóireachta de bhun Threoir 2009/125/CE ag céim shuntasach chun tosaigh i gcás painéil fhótavoltacha, téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí, téitheoirí uisce, téitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh, aerchóiritheoirí lena n-áirítear teaschaidéil aer go haer agus gaothráin chompoird, coirí breosla sholadaigh, táirgí téimh agus fuaraithe, aonaid aerála agus fuaraithe, folúsghlantóirí, fearais cócaireachta, caidéil uisce, gaothráin thionsclaíocha, imshruthaithe, soláthairtí cumhachta seachtracha, ríomhairí, freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, claochladáin chumhachta, trealamh cuisniúcháin gairmiúil agus trealamh íomháithe. A bhuí leis an obair ullmhúcháin sin, sainaithníodh an iliomad réimsí inar féidir fuinneamh agus ábhar a shábháil, agus rinneadh comhairliúcháin fhorleathana le saoránaigh agus le geallsealbhóirí. Dá gcuirfí tús athuair ar an obair ullmhúcháin sin faoin Rialachán seo, chuirfí moill mhór ar ghlacadh na gceanglas a bhaineann le coigilteas fuinnimh agus ábhair do na táirgí sin. Chun a áirithiú nach gcaillfear an obair ullmhúcháin, is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le rialacha idirthréimhseacha lena gceadófar bearta cur chun feidhme maidir leis na táirgí sin atá le glacadh de bhun Threoir 2009/125/CE, faoin 31 Nollaig 2026. Inatheannta sin, agus chun feidhmiú cuí na mbeart cur chun feidhme arna nglacadh faoi Airteagal 15 de Threoir 2009/125/CE a áirithiú, ba cheart leasuithe is gá lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna teicniúla a ghlacadh, más ábhartha, i gcomhréir le forálacha ábhartha na Treorach sin, faoin 31 Nollaig 2030.

(121)

Chun deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas a áirithiú maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse i gcomhréir le bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE, sa leagan di is infheidhme ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ba cheart do na bearta sin leanúint de bheith i bhfeidhm tar éis an dáta sin, agus go dtí go n-aisghairfear iad le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart do roinnt forálacha i dTreoir 2009/125/CE leanúint d’éifeacht iomlán a bheith acu i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme sin. Baineann sé sin go háirithe le forálacha de chuid Threoir 2009/125/CE lena n-eisiatar modhanna iompair i gcomhair earraí nó daoine óna raon feidhme, lena mbunaítear sainmhínithe atá ábhartha maidir le bearta cur chun feidhme, lena leagtar síos freagrachtaí oibreoirí eacnamaíocha maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh, lena sonraítear mionsonraí na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta agus dearbhú comhréireachta CE, lena mbunaítear toimhde comhréireachta le haghaidh táirgí ar bronnadh Éicilipéad AE orthu agus lena gcumasaítear gníomhaíocht riachtanach i ndáil le caighdeáin chomhchuibhithe. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé saorghluaiseacht earraí a áirithiú, cosc a chur ar chleachtais lena n-athraítear feidhmíocht táirgí go neamhdhleathach chun toradh níos fabhraí a bhaint amach agus forfheidhmiú cuí na gceanglas éicidhearthóireachta a áirithiú, ba cheart forálacha ábhartha an Rialacháin seo a bheith infheidhme maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh arna gcur ar an margadh de bhun bearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE.

(122)

I dtaca le cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá cur le hinbhuanaitheacht comhshaoil táirgí agus saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach i gcomhair táirgí ar leagadh síos ceanglais éicidhearthóireachta ina leith, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú nach mór táirgí a chomhlíonadh chun go gcuirfear ar an margadh iad nó chun go gcuirfear i seirbhís iad, agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar inbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí chun go mbeidh táirgí inbhuanaithe ar na gnáth-tháirgí agus chun an lorg foriomlán carbóin agus an lorg comhshaoil le linn a saolré a laghdú, agus chun a saorghluaiseacht laistigh den mhargadh inmheánach a áirithiú.

Leis an Rialachán seo freisin, bunaítear pas táirge digiteach, déantar foráil maidir le ceanglais éigeantacha maidir le soláthar poiblí glas a leagan síos agus cruthaítear creat chun cosc a chur ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon earraí fisiceacha a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse, lena n-áirítear comhpháirteanna agus táirgí idirmheánacha. Níl feidhm aige, áfach, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

bia mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(b)

beatha mar a shainmhínítear í in Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(c)

táirgí íocshláinte mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Threoir 2001/83/CE;

(d)

táirgí íocshláinte tréidliachta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/6;

(e)

plandaí beo, ainmhithe agus miocrorgánaigh;

(f)

táirgí de thionscnamh an duine;

(g)

táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo;

(h)

feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/858, i leith na ngnéithe táirge sin a leagtar ceanglais síos ina leith faoi ghníomhartha reachtacha earnáilsonracha de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis na feithiclí sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘táirge’ aon earraí fisiceacha a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse;

(2)

ciallaíonn ‘comhpháirt’ táirge atá ceaptha lena ionchorprú i dtáirge eile;

(3)

ciallaíonn ‘táirge idirmheánach’ táirge ar gá monarú nó claochlú breise a dhéanamh air, amhail meascadh, bratú nó cóimeáil, chun go mbeidh sé oiriúnach d’úsáideoirí deiridh;

(4)

ciallaíonn ‘táirge a bhaineann le fuinneamh’ aon táirge a mbíonn tionchar aige ar an ídiú fuinnimh agus é á úsáid;

(5)

ciallaíonn ‘grúpa táirgí’ sraith táirgí a fhónann do chríocha comhchosúla agus atá comhchosúil le chéile ó thaobh úsáide de, nó a bhfuil airíonna feidhmiúla comhchosúla acu, agus atá comhchosúil le chéile ó thaobh an dearcadh atá ag an tomhaltóir orthu;

(6)

ciallaíonn ‘éicidhearthóireacht’ comhtháthú breithnithe inbhuanaitheachta comhshaoil i saintréithe táirge agus na próisis a tharlaíonn ar feadh shlabhra luacha an táirge;

(7)

ciallaíonn ‘ceanglas éicidhearthóireachta’ ceanglas feidhmíochta nó ceanglas faisnéise arb é is aidhm dó táirge, lena n-áirítear próisis a tharlaíonn ar feadh shlabhra luacha an táirge, a dhéanamh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;

(8)

ciallaíonn ‘ceanglas feidhmíochta’ ceanglas cainníochtúil nó neamhchainníochtúil le haghaidh táirge nó i ndáil le táirge chun leibhéal áirithe feidhmíochta a bhaint amach i ndáil le paraiméadar táirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I;

(9)

ciallaíonn ‘ceanglas faisnéise’ oibleagáid maidir le faisnéis mar a shonraítear in Airteagal 7(2) a bheith ag gabháil le táirge;

(10)

ciallaíonn ‘slabhra soláthair’ na gníomhaíochtaí agus na próisis réamhtheachtacha uile a bhaineann le slabhra luacha an táirge, go dtí go sroicheann an táirge an custaiméir;

(11)

ciallaíonn ‘slabhra luacha’ na gníomhaíochtaí agus na próisis uile ar cuid iad de shaolré táirge, mar aon lena athmhonarú féideartha;

(12)

ciallaíonn ‘saolré’ na céimeanna leantacha agus idirnasctha i saol táirge, arb é atá iontu amhábhar a fháil nó a ghiniúint as acmhainní nádúrtha, réamhphróiseáil, monarú, stóráil, dáileadh, suiteáil, úsáid, cothabháil, deisiú, uasghrádú, athfheistiú agus athúsáid, agus deireadh ré;

(13)

ciallaíonn ‘deireadh ré’ an chéim sa tsaolré a thosaíonn nuair a dhéantar táirge a dhiúscairt agus a chríochnaíonn nuair a chuirtear ábhar dramhaíola an táirge ar ais sa dúlra nó nuair a théann sé isteach i saolré táirge eile;

(14)

ciallaíonn ‘tionchar ar an gcomhshaol’ aon athrú ar an gcomhshaol, cibé dochrach nó leasmhar é, a eascraíonn go hiomlán nó i bpáirt as táirge le linn a shaolré;

(15)

ciallaíonn ‘aicme feidhmíochta’ raon leibhéal feidhmíochta i ndáil le paraiméadar táirge amháin nó níos mó dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, a bhunaítear ar mhodheolaíocht choiteann don táirge nó don ghrúpa táirgí, agus iad ordaithe ar bhealach chun gur féidir difreáil táirgí a dhéanamh;

(16)

ciallaíonn ‘athmhonarú’ gníomhaíochtaí trína ndéantar táirge nua a tháirgtear as nithe ar dramhaíl, táirgí nó comhpháirteanna iad agus trína ndéantar athrú amháin ar a laghad a dhéanann difear substaintiúil do shábháilteacht, feidhmíocht, cuspóir nó cineál an táirge;

(17)

ciallaíonn ‘uasghrádú’ gníomhaíochtaí a dhéantar chun feidhmiúlacht, feidhmíocht, acmhainneacht, sábháilteacht nó aeistéitic táirge a fheabhsú;

(18)

ciallaíonn ‘athfheistiú’ gníomhaíochtaí a dhéantar chun táirge nó táirge diúscartha a ullmhú, a ghlanadh, a thástáil, a sheirbhísiú agus, i gcás inar gá, a dheisiú chun a fheidhmíocht nó a fheidhmiúlacht a athbhunú de réir na húsáide beartaithe agus raon na feidhmíochta a ceapadh ar dtús ag céim an dearaidh tráth a cuireadh an táirge ar an margadh;

(19)

ciallaíonn ‘cothabháil’ gníomhaíocht amháin nó roinnt gníomhaíochtaí a dhéantar chun táirge a choinneáil i riocht a fhágann gur féidir leis an gcuspóir atá beartaithe dó a chomhlíonadh;

(20)

ciallaíonn ‘deisiú’ gníomhaíocht amháin nó roinnt gníomhaíochtaí a dhéantar chun táirge lochtach nó dramhaíl a chur ar ais i riocht a fhágann gur féidir an táirge an cuspóir atá beartaithe dó a chomhlíonadh;

(21)

ciallaíonn ‘dífheidhmeacht anabaí’ gné dearaidh táirge nó gníomhaíocht nó easnamh iardain a fhágann go bhfuil an táirge neamhfheidhmiúil nó ina tháirge is lú feidhmíocht, gan na hathruithe ar fheidhmiúlacht nó ar fheidhmíocht a bheith mar thoradh ar ghnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt;

(22)

ciallaíonn ‘marthanacht’ cumas táirge a fheidhm agus a fheidhmíocht a choinneáil le himeacht ama faoi choinníollacha sonraithe úsáide, cothabhála agus deisiúcháin;

(23)

ciallaíonn ‘iontaofacht’ an dóchúlacht go bhfeidhmeodh táirge mar is gá faoi choinníollacha áirithe go ceann tréimhse áirithe ama gan teagmhas a bheith ann a d’fhágfadh nach ndéanfaí feidhm phríomhúil ná feidhm thánaisteach an táirge a chomhlíonadh a thuilleadh;

(24)

ciallaíonn ‘lorg comhshaoil’ cainníochtú ar thionchair chomhshaoil a eascraíonn as táirge ar feadh a shaolré, cibé acu i ndáil le catagóir amháin tionchair ar an gcomhshaol nó le sraith chomhiomlánaithe de chatagóirí tionchair bunaithe ar an modh tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil arna bhunú le Moladh (AE) 2021/2279 nó ar mhodhanna eolaíocha eile arna bhforbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, arna dtástáil go forleathan i gcomhar le hearnálacha tionscail éagsúla agus arna nglacadh nó arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún i ndlí eile de chuid an Aontais;

(25)

ciallaíonn ‘lorg carbóin’ suim na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa i gcóras táirge, a shloinntear ina coibhéis CO2 agus a bhunaítear ar mheasúnú saolré agus úsáid á baint as catagóir tionchair aonair an athraithe aeráide;

(26)

tagraíonn ‘lorg amhábhair’ do mhéid iomlán na n-amhábhar arna n-eastóscadh chun an t-éileamh deiridh ar thomhaltas a chomhlíonadh;

(27)

ciallaíonn ‘substaint ar ábhar imní í’ substaint:

(a)

lena gcomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 59(1) den Rialachán sin;

(b)

lena n-aicmítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 i gceann de na haicmí guaise nó de na catagóirí guaise seo a leanas:

(i)

carcanaigineacht, catagóirí 1 agus 2;

(ii)

só-ghineacht gaiméite, catagóirí 1 agus 2;

(iii)

tocsaineacht atáirgthe, catagóirí 1 agus 2;

(iv)

suaitheadh inchríneach do shláinte an duine, catagóirí 1 agus 2;

(v)

suaitheadh inchríneach don chomhshaol, catagóirí 1 agus 2;

(vi)

siríonna marthanacha, soghluaiste agus tocsaineacha nó airíonna an-mharthanach, an-soghluaiste;

(vii)

airíonna marthanacha, inbhithbhailithe agus tocsaineacha nó airíonna an-mharthanach agus an-inbhithbhailithe;

(viii)

íogrú riospráide, catagóir 1;

(ix)

íogrú craicinn, catagóir 1;

(x)

guaiseach don chomhshaol uisceach - catagóir ainsealach 1 go 4;

(xi)

guaiseach don chiseal ózóin;

(xii)

tocsaineacht sain-spriocorgáin – ilnochtadh, catagóirí 1 agus 2;

(xiii)

tocsaineacht sain–spriocorgáin – aon nochtadh amháin, catagóirí 1 agus 2;

(c)

lena rialaítear faoi Rialachán (AE) 2019/1021; nó

(d)

a bhfuil tionchar diúltach aici ar athúsáid agus ar athchúrsáil ábhar sa táirge ina bhfuil sí;

(28)

ciallaíonn ‘pas táirge digiteach’ tacar sonraí a bhaineann go sonrach le táirge ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus atá inrochtana trí mheán leictreonach trí iompróir sonraí i gcomhréir le Caibidil III;

(29)

ciallaíonn ‘iompróir sonraí’ siombail barrachóid línigh, siombail dhéthoiseach nó meán gabhála sonraí eile um shainaithint uathoibríoch is féidir a léamh le feiste;

(30)

ciallaíonn ‘aitheantóir táirge uathúil’ teaghrán uathúil carachtar chun táirge a shainaithint lenar féidir nasc gréasáin a dhéanamh leis an bpas táirge digiteach;

(31)

ciallaíonn ‘aitheantóir oibreora uathúil’ teaghrán uathúil carachtar chun gníomhaí atá bainteach le slabhra luacha táirge a shainaithint;

(32)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse pas táirge dhigitigh’ duine nádúrtha nó dlítheanach ar triú páirtí neamhspléach é nó í atá údaraithe ag an oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh nó a chuireann i seirbhís é agus a phróiseálann na sonraí maidir leis an bpas táirge digiteach don táirge sin chun na sonraí sin a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha agus do ghníomhaithe ábhartha eile a bhfuil sé de cheart acu rochtain a fháil ar na sonraí sin faoin Rialachán seo nó faoi dhlíthe eile de chuid an Aontais;

(33)

ciallaíonn ‘aitheantóir saoráide uathúil’ teaghrán uathúil carachtar chun suíomhanna nó foirgnimh a bhfuil baint acu le slabhra luacha táirge a shainaithint nó a úsáideann gníomhaithe a bhfuil baint acu le slabhra luacha táirge;

(34)

ciallaíonn ‘díothú’ dochar a dhéanamh do tháirge d’aon ghnó nó táirge a dhiúscairt mar dhramhaíl d’aon ghnó, cé is moite de dhiúscairt chun críche an táirge diúscartha a sheachadadh chun ullmhú d’oibríochtaí athúsáide, lena n-áirítear oibríochtaí athfheistithe nó athmhonaraithe, agus chun na críche sin amháin;

(35)

ciallaíonn ‘custaiméir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn, a fhruilíonn nó a fhaigheann táirge dá úsáid féin, bíodh sé ag gníomhú chun críocha atá lasmuigh dá shlí maireachtála, gnó, ceird nó gairm féin, nó ná bíodh;

(36)

ciallaíonn ‘táirge tomhaltais’ aon táirge, cé is moite de chomhpháirteanna agus de tháirgí idirmheánacha, atá ceaptha go príomha do thomhaltóirí;

(37)

ciallaíonn ‘táirge tomhaltais neamhdhíolta’ aon táirge tomhaltais nár díoladh lena n-áirítear barrachas stoic, fardal breise agus marbhstoc agus táirgí arna dtabhairt ar ais ag tomhaltóir ar bhonn a gcirt chun tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2011/83/AE, nó, i gcás inarb infheidhme, le linn aon tréimhse aistarraingthe níos faide arna soláthar ag an trádálaí;

(38)

ciallaíonn ‘beart féinrialála’ comhaontú deonach nó cód iompair, arna dtabhairt i gcrích ag oibreoirí eacnamaíocha ar a dtionscnamh féin, a bhfuil siad freagrach as é a fhorfheidhmiú;

(39)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ táirge a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sé sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(40)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(41)

ciallaíonn ‘cur i mbun seirbhíse’ céadúsáid táirge san Aontas, chun na críche dar ceapadh é;

(42)

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a ndéantar táirge a dhearadh nó a mhonarú dó, agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc;

(43)

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ón monaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin Rialachán seo;

(44)

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(45)

ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh;

(46)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir, an déileálaí agus an soláthraí seirbhíse comhlíonta;

(47)

ciallaíonn ‘oibreoir neamhspleách’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá neamhspleách ar an monaróir agus atá páirteach go díreach nó go hindíreach in athchóiriú, i ndeisiú, i gcothabháil nó in athrú cuspóra táirge, agus áirítear air oibreoirí bainistíochta dramhaíola, athchóiritheoirí, deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh deisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, mar aon le foilsitheoirí faisnéise teicniúla, oibreoirí a thairgeann seirbhísí cigireachta agus tástála agus oibreoirí a thairgeann oiliúint do shuiteálaithe, do mhonaróirí agus do dheisitheoirí trealaimh;

(48)

ciallaíonn ‘deisitheoir gairmiúil’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí gairmiúla deisithe nó cothabhála do tháirge, gan beann ar cibé acu a ghníomhaíonn an duine sin laistigh de chóras dáileacháin an mhonaróra nó go neamhspleách;

(49)

ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ doiciméad ina leagtar síos na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirge, próiseas nó seirbhís;

(50)

ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena léiríonn an monaróir go bhfuil an táirge ábhartha i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena ndéantar foráil dá ghreamú;

(51)

ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear ar chomhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 4;

(52)

ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus iniúchadh;

(53)

ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra i gcomhréir le Caibidil IX;

(54)

ciallaíonn ‘soláthraí margaidh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a úsáideann comhéadan ar líne a fhágann gur féidir le custaiméirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hoibreoirí eacnamaíocha chun táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 a dhíol;

(55)

ciallaíonn ‘déileálaí’ dáileoir nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann táirgí lena ndíol, lena bhfruiliú nó lena bhfruilcheannach, nó a thaispeánann táirgí d’úsáideoirí deiridh le linn gníomhaíocht tráchtála, lena n-áirítear trí chiandíol; agus áirítear air aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirge i mbun seirbhíse le linn gníomhaíocht tráchtála;

(56)

ciallaíonn ‘ciandíol’ táirgí a thairiscint lena ndíol, lena bhfruiliú nó lena bhfruilcheannach, ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíola, nuair nach féidir leis an gcustaiméir ionchasach rochtain fhisiceach a fháil ar an táirge;

(57)

ciallaíonn ‘táirge lena mbaineann riosca’ táirge a d’fhéadfadh, trí neamhchomhlíontacht le ceanglas éicidhearthóireachta a shocraítear sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo, seachas na ceanglais sin a liostaítear in Airteagal 71(1), dochar a dhéanamh don chomhshaol nó do leasanna poiblí eile a chosnaítear leis an gceanglas sin;

(58)

ciallaíonn ‘táirge lena mbaineann riosca tromchúiseach’ táirge lena mbaineann riosca a meastar ina leith, bunaithe ar mheasúnú, gurb amhlaidh, de thoradh mhéid na neamhchomhlíontachta ábhartha nó na díobhála gaolmhaire, atá gá le hidirghabháil mhear ó na húdaráis faireachais margaidh, lena n-áirítear i gcásanna nach mbíonn éifeachtaí láithreacha ag an neamhchomhlíontacht.

Tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘FBManna’, ‘fiontair bheaga’ agus ‘micrifhiontair’ in Airteagal 2(1), (2) agus (3), faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Moladh 2003/361/CE (58) ón gCoimisiún.

Tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘substaint’ agus ‘meascán’ in Airteagal 3, pointí (1) agus (2), faoi seach, de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

Tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘creidiúnú’ agus ar ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ in Airteagal 2, pointí (10) agus (11), faoi seach, de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘dramhaíl’, ‘dramhaíl ghuaiseach’, ‘athúsáid’‘aisghabháil’, ‘ullmhú le haghaidh athúsáide’ agus ‘athchúrsáil’ in Airteagal 3, pointí (1), (2), (13), (15), (16) agus (17), faoi seach, de Threoir 2008/98/CE.

Tá feidhm ag an sainmhíniú ar ‘caighdeán comhchuibhithe’ in Airteagal 2, pointe (1) (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘údaráis chonarthacha’ in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2014/24/AE agus ar ‘eintitis chonarthacha’ in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE. ciallaíonn ‘conarthaí poiblí’ conarthaí a chumhdaítear le Treoir 2014/24/AE agus le Treoir 2014/25/AE.

Tá feidhm ag an sainmhíniú ar ‘próiseáil’ in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (59).

Tá feidhm ag an sainmhíniú ar ‘tomhaltóir’ in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2019/771.

Tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘faireachas margaidh’, ‘údarás faireachais margaidh’, ‘soláthraí seirbhíse comhlíonta’, ‘comhéadan ar líne’, ‘gníomhaíocht cheartaitheach’, ‘úsáideoir deiridh’, ‘aisghairm’, ‘tarraingt siar’, ‘údaráis chustaim’ agus ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ in Airteagal 3, pointí (3), (4), (11), (15), (16), (21), (22), (23), (24) agus (25), faoi seach, de Rialachán (AE) 2019/1020.

Airteagal 3

Saorghluaiseacht

1.   Ní chuirfear táirgí ar an margadh ná i mbun seirbhíse ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis na táirgí sin, a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

2.   Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar tháirgí a chomhlíonann na ceanglais feidhmíochta a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse toisc nár comhlíonadh na ceanglais feidhmíochta náisiúnta a bhaineann le paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na ceanglais feidhmíochta a chuimsítear sna gníomhartha tarmligthe sin.

Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar tháirgí a chomhlíonann na ceanglais faisnéise a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse toisc nár comhlíonadh na ceanglais faisnéise náisiúnta a bhaineann le paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chumhdaítear le ceanglais faisnéise a chuimsítear sna ngníomhartha tarmligthe sin.

3.   D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, ní chuirfear bac ar na Ballstáit íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2024/1275 agus ceanglais chórais a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir sin.

4.   Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar tháirgí a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís ar ina leith a shuitear, le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4(2), nach mbeidh ceanglais feidhmíochta, ceanglais faisnéise ná ceanglais feidhmíochta ná faisnéise le socrú do pharaiméadar tháirge sonrach amháin nó roinnt paraiméadair tháirge shonracha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, toisc nár comhlíonadh na ceanglais náisiúnta a bhaineann leis na paraiméadair sin.

5.   Ag aontaí trádála, taispeántais agus imeachtaí comhchosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar tháirgí a thaispeáint nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ar choinníoll go dtabharfar le fios go soiléir, ar chomhartha infheicthe, nach gcomhlíonann na táirgí sin na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha sin ná nach mbeidh siad ar díol go dtí go dtabharfar chun comhréireachta iad.

CAIBIDIL II

CEANGLAIS ÉICIDHEARTHÓIREACHTA

Airteagal 4

Cumhachtuithe chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan amach. Áireofar sna gníomhartha tarmligthe sin na heilimintí a liostaítear in Airteagal 8 ar a laghad. Leagfar na ceanglais éicidhearthóireachta sin amach i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 7 agus le Caibidil III.

2.   Áireofar leis an gcumhachtú dá dtagraítear i mír 1 an fhéidearthacht a shuí nach bhfuil ceanglais feidhmíochta, ceanglais faisnéise ná ceanglais feidhmíochta ná faisnéise le leagan amach le haghaidh paraiméadair tháirge áirithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I i gcás ina mbeadh tionchar diúltach ag ceanglas a bhaineann leis na paraiméadair táirge sonrach sin ar na ceanglais éicidhearthóireachta a bhreithnítear le haghaidh an ghrúpa táirgí lena mbaineann.

3.   Ní áireofar leis an gcumhachtú dá dtagraítear i mír 1 an fhéidearthacht gníomh tarmligthe a ghlacadh lena suitear nach bhfuil gá le ceanglais éicidhearthóireachta ar bith le haghaidh grúpa táirgí.

4.   Sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1, tabharfaidh an Coimisiún dóthain ama d’oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe sin a chomhlíonadh, agus riachtanais FBManna, go háirithe micrifhiontar, á gcur i gcuntas go háirithe. Ní bheidh dáta cur i bhfeidhm gnímh tharmligthe níos luaithe ná 18 mí ón uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, i gcás an ghnímh ina iomláine nó i gcás ceanglais shonracha áirithe nó cé is moite de chásanna ina ndéantar gníomhartha tarmligthe a aisghairm go páirteach nó a leasú go páirteach ar ina leith a fhéadfar dáta cur i bhfeidhm níos luaithe a shocrú.

5.   Sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, forlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán seo trí na nósanna imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta a shonrú ó mhodúl A a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo nó ó cheann de mhodúil B go H1 a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, maille leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na gceanglas táirge nó éicidhearthóireachta lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 43 den Rialachán seo.

I gcás ina bhfuil modúil éagsúla um measúnú comhréireachta in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 768/2008/CE le húsáid de bhun dlí eile de chuid an Aontais i leith an aon táirge, úsáidfear an modúl dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh an cheanglais éicidhearthóireachta lena mbaineann.

Nuair a bhíonn feidhm ag an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí, maidir le grúpa táirgí ar bhealach atá comhlántach le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú (‘an Rialachán maidir le táirgí foirgníochta’), sonrófar sa ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 1 an nós imeachta um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon chórais dá bhforáiltear de bhun birt faoin Rialachán maidir le táirgí foirgníochta, agus saintréithe an ghrúpa táirgí, na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha, agus an costas atá le seasamh ag oibreoirí eacnamaíocha, á gcur i gcuntas.

6.   Féadfar aon cheann de na ceanglais bhreise seo a leanas a áireamh sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1, de réir mar is iomchuí i bhfianaise shainiúlachtaí an ghrúpa táirgí:

(a)

i gcás inar gá sin chun go bhféadfar faireachas margaidh éifeachtach a dhéanamh:

(i)

coinneoidh monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí an doiciméadacht theicniúil agus dearbhú comhréireachta AE go ceann tréimhse nach í an tréimhse 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 27(3), Airteagal 28(2), pointe (a), nó Airteagal 29(7) í, de réir mar is infheidhme, tar éis an táirge ábhartha a bheith curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís agus cineál an táirge nó na gceanglas éicidhearthóireachta lena mbaineann á gcur i gcuntas;

(ii)

soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin dóibh, an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 36(2), an dara fomhír, do na húdaráis faireachais margaidh go ceann tréimhse nach í an tréimhse 10 mbliana dá dtagraítear ann í tar éis an táirge ábhartha a bheith soláthartha;

(iii)

déanfaidh monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil go digiteach don Choimisiún nó do na húdaráis faireachais margaidh gan gá a bheith le hiarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 36(3);

(iv)

comhlíonfaidh gníomhaithe sa slabhra soláthair na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 38.

(b)

déanfaidh monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí faisnéis ar chainníochtaí táirge a chumhdaítear leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse a chur ar fáil don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 37(1);

(c)

i gcás inar gá chun úsáid fhuinneamhéifeachtúil táirgí a áirithiú nó chun ceanglais éicidhearthóireachta a fhorbairt don am atá le teacht:

(i)

beidh táirgí in ann an fuinneamh a ídíonn siad nó a bhfeidhmíocht a thomhas i ndáil le paraiméadair tháirge ábhartha eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus iad in úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 37(2);

(ii)

baileoidh monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí sonraí in-úsáide neamhphearsanta dá dtagraítear i bpointe (i), agus tabharfaidh siad tuairisc don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 37(4);

(iii)

úsáidfear uirlisí digiteacha chun feidhmíocht táirge a ríomh i ndáil le paraiméadar táirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, i gcomhréir le hAirteagal 39(2);

(d)

chun trédhearcacht a áirithiú maidir le comhréireacht le ceanglais éicidhearthóireachta, rialacha maidir le marcálacha lena léirítear comhréireacht le ceanglais éicidhearthóireachta, maidir le táirgí nach bhfuil faoi réir an cheanglais marcáil CE a ghreamú sula gcuirtear ar an margadh nó i seirbhís iad, i gcomhréir le hAirteagal 47.

7.   Ní thiocfaidh an chéad ghníomh tarmligthe atá le glacadh faoin Airteagal seo i bhfeidhm roimh an 19 Iúil 2025.

Airteagal 5

Ceanglais éicidhearthóireachta

1.   Chun aghaidh a thabhairt ar thionchair chomhshaoil agus bunaithe ar na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, beidh na ceanglais éicidhearthóireachta sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 de chineál a fheabhsóidh na gnéithe táirge seo a leanas (‘gnéithe táirge’) i gcás ina mbeidh na gnéithe táirge sin ábhartha don ghrúpa táirgí lena mbaineann:

(a)

marthanacht;

(b)

iontaofacht;

(c)

in-athúsáidteacht;

(d)

in-uasghrádaitheacht;

(e)

indeisitheacht;

(f)

an fhéidearthacht cothabháil nó athfheistiú a dhéanamh;

(g)

substaintí ar ábhar imní iad a bheith i dtáirgí;

(h)

úsáid fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh;

(i)

úsáid uisce agus éifeachtúlacht uisce;

(j)

úsáid acmhainní agus éifeachtúlacht acmhainní;

(k)

cion athchúrsáilte;

(l)

an fhéidearthacht athmhonarú a dhéanamh;

(m)

in-athchúrsáilteacht;

(n)

an fhéidearthacht ábhair a aisghabháil;

(o)

tionchair chomhshaoil, lena n-áirítear an lorg carbóin agus an lorg comhshaoil;

(p)

an dramhaíl a mheastar a ghinfear.

2.   Áiritheofar le ceanglais éicidhearthóireachta, i gcás inarb ábhartha bunaithe ar pharaiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nach rachaidh táirgí i léig go hanabaí, ar chúiseanna lena n-áirítear roghanna dearaidh monaróirí, úsáid comhpháirteanna atá i bhfad níos laige ná comhpháirteanna eile, bac a chur ar phríomh-chomhpháirteanna a dhíchóimeáil, neamhfhaighteacht faisnéise faoi dheisiú nó páirteanna spártha, bogearraí gan a bheith ag feidhmiú a thuilleadh a thúisce a thugtar córas oibriúcháin cothrom le dáta nó nuashonruithe bogearraí gan a bheith á soláthar.

3.   Roghnóidh nó forbróidh an Coimisiún uirlisí nó modheolaíochtaí, de réir mar is gá, chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú.

4.   Déanfar ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú le haghaidh grúpaí táirgí sonracha. Féadfar iad a dhifreáil i gcás aon táirge sonrach a bhaineann le grúpa táirgí ar leith.

5.   Táirgí arb é an t-aon chuspóir atá leo fónamh don chosaint nó don tslándáil náisiúnta, déanfar iad a eisiamh ón ghrúpaí táirgí.

6.   Féadfaidh an Coimisiún ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a shocrú freisin do na grúpaí táirgí sin nach bhfuil san áireamh sa phlean oibre dá dtagraítear in Airteagal 18.

7.   I gcás ina léiríonn dhá ghrúpa táirgí go bhfuil cosúlacht amháin nó níos mó eatarthu a fhágann gur féidir feabhas éifeachtach a chur ar ghné táirge bunaithe ar cheanglais choiteanna éicidhearthóireachta nó ar cheanglais feidhmíochta, féadfar ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a shocrú le haghaidh na ngrúpaí táirgí sin (‘ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha’). Agus breithniú á dhéanamh aige i dtaobh ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a shocrú, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas freisin éifeachtaí dearfacha an gceanglas sin i ndáil le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, go háirithe an cumas raon leathan grúpaí táirgí a chumhdach sa ghníomh tarmligthe céanna. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan síos do ghrúpa táirgí sonrach.

8.   Le ceanglas éicidhearthóireachta féadfar táirgí a thagann faoi raon feidhme birt féinrialála a áirítear sa liosta atá sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 21(3) a chumhdach, i gcás nach dtugann an beart féinrialála sin aghaidh ar na gnéithe táirgí a chumhdaítear leis an gceanglas éicidhearthóireachta sin.

9.   Áireofar ar na ceanglais éicidhearthóireachta, de réir mar is iomchuí chun feabhas a chur ar ghnéithe sonracha an táirge, ceachtar den dá rud seo a leanas nó iad araon:

(a)

ceanglais feidhmíochta mar a leagtar amach in Airteagal 6;

(b)

ceanglais faisnéise mar a leagtar amach in Airteagal 7.

10.   Agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht le dlí eile an Aontais a áirithiú agus déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

na nithe seo a leanas a chur i gcuntas:

(i)

tosaíochtaí an Aontais maidir leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht fuinnimh, éifeachtúlacht agus slándáil acmhainní, lena n-áirítear geilleagar ciorclach neamhthocsaineach, agus tosaíochtaí agus spriocanna gaolmhara eile de chuid an Aontais;

(ii)

dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugtar aghaidh faoi ar na gnéithe táirge ábhartha;

(iii)

comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha;

(iv)

bearta féinrialála;

(v)

dlí náisiúnta ábhartha maidir leis an gcomhshaol;

(vi)

caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta ábhartha;

(b)

measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise agus ar na hanailísí is fearr atá ar fáil, agus, i gcás inarb iomchuí, ar staidéir bhreise agus ar thorthaí taighde arna dtáirgeadh faoi chláir chistiúcháin an Aontais. Ní chuirfear moill mhíchuí ar shocrú ceanglas éicidhearthóireachta a bhaineann leis na gnéithe áirithe de tháirgí de dheasca éiginnteachtaí maidir leis an bhféidearthacht ceanglais éicidhearthóireachta a leagan amach chun feabhas a chur ar ghnéithe táirge eile den táirge sin. Sna measúnuithe tionchair, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(i)

an mhodheolaíocht a bheidh úsáidte a léiriú;

(ii)

a áirithiú go ndéanfar anailís ar na gnéithe táirge uile agus go mbeidh doimhneacht na hanailíse ar na gnéithe táirge comhréireach leis an tábhacht atá leo don táirge lena mbaineann;

(iii)

a áirithiú go ndéanfar anailís ar idirthuilleamaíochtaí idir na gnéithe éagsúla táirge;

(iv)

na hathruithe a bhfuiltear ag dréim leo ó thaobh tionchair ar an gcomhshaol de a leagan amach, lena n-áirítear iad a chainníochtú mar lorg carbóin agus lorg comhshaoil nuair is féidir;

(v)

anailís a dhéanamh ar infhaighteacht bunábhair don earnáil athchóirithe, i gcás inarb iomchuí;

(vi)

anailís a dhéanamh ar aon tionchar ábhartha ar shláinte an duine;

(vii)

breithniú a dhéanamh ar leibhéal íosta feidhmíochta táirge nó grúpa táirgí is gá chun tosaíochtaí an Aontais mar a liostaítear i b pointe (a)(i), a bhaint amach anseo;

(c)

faisnéis theicniúil ábhartha arna húsáid mar bhonn le dlí nó ionstraimí an Aontais nó arna díorthú uathu a chur san áireamh, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, Treoir 2010/75/AE, critéir scagtha theicniúla arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/852 agus critéir AE um sholáthar poiblí glas;

(d)

cosaint faisnéise gnó rúnda a chur san áireamh;

(e)

na tuairimí arna gcur in iúl ag an bhFóram Éicidhearthóireachta dá dtagraítear in Airteagal 19 agus ag Grúpa Saineolaithe na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 20 a chur i gcuntas.

11.   Comhlíonfaidh ceanglais éicidhearthóireachta na critéir seo a leanas:

(a)

ní bheidh tionchar diúltach suntasach ar bith ar fheidhmiúlacht an táirge, ó thaobh dhearcadh an úsáideora de;

(b)

ní bheidh aon éifeacht dhíobhálach ar shláinte ná ar shábháilteacht daoine;

(c)

ní bheidh aon tionchar diúltach suntasach ar thomhaltóirí ó thaobh inacmhainneacht táirgí ábhartha de, agus rochtain ar tháirgí athláimhe, marthanacht agus costas saolré táirgí á gcur i gcuntas freisin;

(d)

ní bheidh aon tionchar diúltach díréireach ar iomaíochas oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe eile sa slabhra luacha, lena n-áirítear FBManna, go háirithe micrifhiontair;

(e)

ní fhorchuirfear aon teicneolaíocht dhílsithe ar mhonaróirí ná ar ghníomhaithe eile sa slabhra luacha;

(f)

ní bheidh aon ualach riaracháin díréireach ar mhonaróirí ná ar ghníomhaithe eile sa slabhra luacha, lena n-áirítear FBManna, go háirithe ar mhicrifhiontair.

12.   Beidh na ceanglais éicidhearthóireachta infhíoraithe. Sainaithneoidh an Coimisiún modhanna iomchuí fíorúcháin maidir le ceanglais éicidhearthóireachta shonracha, lena n-áirítear seiceálacha díreacha ar an táirge nó ar bhonn na doiciméadachta teicniúla.

13.   Foilseoidh an Coimisiún staidéir agus anailísí ábhartha, lena n-áirítear na measúnuithe tionchair dá dtagraítear i mír 10, pointe (b), arna n-úsáid chun ceanglais éicidhearthóireachta a leagan amach.

14.   I gcás gach grúpa táirgí a mbaineann ceanglais éicidhearthóireachta leo, cinnfidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, cé na substaintí a thagann faoin sainmhíniú in Airteagal 2(27), pointe (d), á chur san áireamh dó, ar a laghad, cibé:

(a)

bunaithe ar theicneolaíochtaí caighdeánacha, a fhágann na substaintí an próiseas athúsáide nó athchúrsála a bheith níos casta, níos costasaí, tionchar níos mó a bheith aige ar an gcomhshaol, nó a bheith níos éilithí ar fhuinneamh nó ar acmhainní;

(b)

a dhéanann na substaintí dochar d’airíonna nó feidhmiúlachtaí teicniúla, úsáideacht nó luach an ábhair athchúrsáilte a thagann as an táirge nó na dtáirgí a mhonaraítear as an ábhar athchúrsáilte sin;

(c)

atá tionchar diúltach ag na substaintí ar airíonna aeistéitiúla nó boltanacha an ábhair athchúrsáilte.

Airteagal 6

Ceanglais feidhmíochta

1.   Comhlíonfaidh táirgí na ceanglais feidhmíochta a bhaineann leis na gnéithe táirge, mar a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

2.   Beidh na ceanglais feidhmíochta bunaithe ar na paraiméadair tháirge ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus áireofar orthu, de réir mar is iomchuí, ceachtar den dá rud seo a leanas nó an dá rud seo a leanas:

(a)

íosleibhéil nó uasleibhéil i ndáil le paraiméadar sonrach táirge nó i ndáil le teaglaim díobh;

(b)

ceanglais neamhchainníochtúla arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht i ndáil le paraiméadair táirge amháin den sórt sin nó níos mó;

3.   Ní chuirfidh ceanglais feidhmíochta bunaithe ar an bparaiméadar táirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (f), srian, ar chúiseanna a bhaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach, ar shubstaintí a bheith i dtáirgí.

Le socrú ceanglas feidhmíochta, áfach, déanfar, i gcás inarb iomchuí, rioscaí suntasacha do shláinte an duine nó don chomhshaol a laghdú freisin.

4.   Agus ceanglais feidhmíochta á socrú aige, déanfaidh an Coimisiún de réir an nóis imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 7

Ceanglais faisnéise

1.   Comhlíonfaidh táirgí na ceanglais feidhmíochta a bhaineann leis na gnéithe táirge, mar a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

2.   Maidir leis na ceanglais faisnéise:

(a)

áireofar orthu, ar a laghad, ceanglais a bhaineann leis an bpas táirge digiteach a leagtar amach i gCaibidil III agus ceanglais a bhaineann le substaintí ar ábhar imní iad a leagtar amach i mír 5;

(b)

de réir mar is iomchuí, ceanglófar leo chomh maith go mbeadh na nithe seo a leanas ag gabháil le táirgí:

(i)

faisnéis ar fheidhmíocht an táirge i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear scór indeisitheachta, scór marthanachta, lorg carbóin nó lorg comhshaoil;

(ii)

faisnéis do chustaiméirí agus do ghníomhaithe eile ar conas an táirge a shuiteáil, a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú, chun a thionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus chun an mharthanacht is fearr is féidir a áirithiú, ar conas córais oibriúcháin tríú páirtí a shuiteáil i gcás inarb ábhartha, agus freisin ar bhailiú le haghaidh athchóirithe nó athmhonaraithe, agus ar conas an táirge a thabhairt ar ais nó a láimhseáil ag deireadh na saolré;

(iii)

faisnéis do shaoráidí cóireála ar dhíchóimeáil, athúsáid, athfheistiú, athchúrsáil, nó diúscairt ag deireadh na saolré;

(iv)

faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar roghanna táirgí inbhuanaithe do chustaiméirí agus ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun úsáid iomchuí, oibríochtaí coinneála luacha agus cóireáil cheart ag deireadh na saolré a éascú;

(c)

beidh siad soiléir, sothuigthe agus in oiriúint do shaintréithe ar leith na ngrúpaí táirgí lena mbaineann agus faighteoirí beartaithe na faisnéise.

Féadfar ceanglas faisnéise a shocrú maidir le paraiméadar táirge sonrach gan beann ar cibé a shocraítear ceanglas feidhmíochta don pharaiméadar táirge sonrach sin.

I gcás ina bhfuil ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta i ngníomh tarmligthe, ní bheidh feidhm ag pointe (a) den mhír seo.

3.   Ní bhainfidh na ceanglais faisnéise atá bunaithe ar an bparaiméadar táirge a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (f), le lipéadú substaintí nó meascán ar chúiseanna a bhaineann go príomha lena nguaiseacha don tsláinte nó don chomhshaol.

4.   Agus na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) (i), á socrú aige, cinnfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise shonraíocht an ghrúpa táirgí, na haicmí feidhmíochta.

Féadfaidh an Coimisiún na haicmí feidhmíochta a bhunú ar pharaiméadair aonair nó ar scóir chomhiomlánaithe. Féadfar na haicmí feidhmíochta sin a shloinneadh i ndearbhthéarmaí nó in aon fhoirm eile lena gcuirtear ar chumas custaiméirí ionchasacha na táirgí is fearr feidhmíocht a roghnú.

Comhfhreagróidh na haicmí feidhmíochta sin d’fheabhsuithe suntasacha ar na leibhéil feidhmíochta.

I gcás ina bhfuil aicmí feidhmíochta bunaithe ar pharaiméadair a shocraítear ceanglais feidhmíochta ina leith, comhfhreagróidh an aicme is ísle don fheidhmíocht íosta is gá tráth a thosóidh na haicmí feidhmíochta d’fheidhm a bheith acu.

5.   Mura bhforáiltear a mhalairt faoi mhír 6, pointe (b), leis na ceanglais faisnéise beidh sé indéanta na substaintí ar ábhar imní iad a rianú, i rith shaolré na dtáirgí lena mbaineann, mura rud é gur féidir rianú den sórt sin a dhéanamh cheana de bhun ceanglais faisnéise a leagtar síos i ngníomh tarmligthe eile a ghlactar de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí lena mbaineann, agus áireofar orthu na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

ainm nó cód uimhriúil na substaintí ar ábhar imní iad atá sa táirge, mar seo a leanas:

(i)

ainm in ainmníocht Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC), nó ainm idirnáisiúnta eile nuair nach bhfuil ainm IUPAC ar fáil;

(ii)

ainmneacha eile, lena n-áirítear gnáthainm, trádainm, giorrúchán;

(iii)

uimhir an Chomhphobail Eorpaigh (CE), mar a léirítear san Fhardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS), sa Liosta Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha faoina dTugtar Fógra (ELINCS) nó sa Liosta Substaintí nach Polaiméirí iad a Thuilleadh (NLP) nó an uimhir arna sannadh ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), má tá sí ar fáil agus más iomchuí;

(iv)

ainm agus uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS), má tá siad ar fáil;

(b)

suíomh na substaintí ar ábhar imní iad laistigh den táirge;

(c)

tiúchan, uastiúchan nó raon tiúchana na substaintí ar ábhar imní iad, ar leibhéal an táirge, a chomhpháirteanna ábhartha, nó a pháirteanna spártha;

(d)

treoracha ábhartha maidir leis an táirge a úsáid go sábháilte;

(e)

faisnéis is ábhartha do dhíchóimeáil, ullmhú le haghaidh athúsáide, athúsáid, athchúrsáil agus bainistiú neamhdhíobhálach don chomhshaol ar an táirge ag deireadh a shaolré.

Féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí i gcás an ghrúpa táirgí lena mbaineann, tairseacha a leagan síos do cá huair atá feidhm le bheith ag an gceanglas faisnéise maidir le substaintí ar ábhar imní iad.

6.   I gcás ina leagann an Coimisiún amach ceanglais faisnéise i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh sé an méid seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:

(a)

dátaí theacht i bhfeidhm ceanglas faisnéise den sórt sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 5 a leagan síos, agus idirdhealú á dhéanamh idir substaintí ar ábhar imní iad aige i gcás inar gá;

(b)

díolúintí cuí-réasúnaithe a sholáthar le haghaidh substaintí ar ábhar imní iad nó eilimintí faisnéise ó cheanglais faisnéise den sórt sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 5, bunaithe ar a indéanta atá sé go teicniúil nó a ábhartha atá sé na substaintí ar ábhar imní iad a rianú, ar mhodhanna anailíseacha a bheith ann chun iad a bhrath agus a chainníochtú, ar an ngá atá le faisnéis rúnda ghnó a chosaint nó i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo; substaintí ar ábhar imní iad de réir bhrí Airteagal 2(27), pointe (a), ní dhíolmhófar iad má tá siad i dtáirgí, ina gcomhpháirteanna ábhartha nó ina bpáirteanna spártha ábhartha i dtiúchan is mó ná meáchan 0,1 % de réir meáchain; agus

(c)

comhsheasmhacht leis na ceanglais faisnéise atá ann cheana faoi dhlí an Aontais a áirithiú agus an t-ualach riaracháin a íoslaghdú, lena n-áirítear trí réitigh theicniúla iomchuí.

7.   Tabharfar le fios leis na ceanglais faisnéise an chaoi a bhfuil an fhaisnéis riachtanach le cur ar fáil. I gcás ina mbíonn pas táirge digiteach ar fáil, soláthrófar an fhaisnéis is gá ann agus, i gcás inar gá, soláthrófar í ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:

(a)

ar an táirge féin;

(b)

ar phacáistíocht an táirge;

(c)

ar lipéad dá dtagraítear in Airteagal 16;

(d)

i lámhleabhar úsáideora nó i ndoiciméadacht eile a ghabhann leis an táirge;

(e)

ar shuíomh gréasáin nó ar fheidhmchlár a bhfuil rochtain saor in aisce air.

Tabharfar faisnéis a fhágann gur féidir substaintí ar ábhar imní iad a rianú de bhun mhír 5 ar an táirge nó beidh sí inrochtana trí iompróir sonraí atá ar áireamh ar an táirge.

8.   An fhaisnéis atá le soláthar de bhun ceanglais faisnéise, soláthrófar í i dteanga is féidir leis na custaiméirí a thuiscint gan stró, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh nó le cur i mbun seirbhíse.

Airteagal 8

A bhfuil sna gníomhartha tarmligthe

Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

an sainmhíniú ar an ngrúpa táirgí nó na grúpaí táirgí a chumhdaítear, lena n-áirítear liosta na gcód tráchtearraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (60) agus tuairiscí ar tháirgí;

(b)

na ceanglais éicidhearthóireachta i leith na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear;

(c)

i gcás inarb ábhartha, na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a luann an Coimisiún nach bhfuil gá le ceanglais éicidhearthóireachta ina leith, de bhun Airteagal 4;

(d)

na caighdeáin nó na modhanna tástála, tomhais nó ríomha a bheidh le húsáid de bhun Airteagal 39(1);

(e)

i gcás inarb ábhartha, ceanglais maidir le húsáid uirlisí digiteacha de bhun Airteagal 39(2);

(f)

i gcás inarb ábhartha, na modhanna idirthréimhseacha, na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, a mbeidh tagairtí ina leith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó na sonraíochtaí comhchoiteanna a bheidh le húsáid;

(g)

an fhormáid, an bealach agus an t-ord ina mbeidh an fhaisnéis is gá chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh le cur fáil;

(h)

an modúl um measúnú comhréireachta a bheidh le húsáid de bhun Airteagal 4, (5); i gcás ina mbeidh an modúl a bheidh le cur i bhfeidhm éagsúil leis an modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, na tosca a bhi ann an modúil sin a roghnú;

(i)

na ceanglais a bhaineann le faisnéis a bheidh le soláthar ag monaróirí, lena n-áirítear faisnéis ar na heilimintí den doiciméadacht theicniúil is gá chun gur féidir comhlíontacht an táirge leis na ceanglais éicidhearthóireachta a fhíorú;

(j)

i gcás inarb ábhartha, aon cheanglais faisnéise breise faoi Airteagail 36 agus 37;

(k)

fad na hidirthréimhse ar lena linn a bheidh na Ballstáit le cead a thabhairt táirgí a mbeidh na bearta náisiúnta a bheidh i bhfeidhm ar a gcríoch dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 á gcomhlíonadh acu a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse;

(l)

an dáta don athbhreithniú ar an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo, agus an méid seo a leanas, i measc gnéithe eile, á chur i gcuntas:

(i)

saintréithe an ghrúpa táirgí agus a mhargaidh;

(ii)

an gá atá leis na ceanglais a oiriúnú chun táirgí a dhéanamh níos inbhuanaithe;

(iii)

cuspóirí beartais an Aontais;

(iv)

dul chun cinn teicniúil; agus

(v)

infhaighteacht modhanna;

CAIBIDIL III

PAS TÁIRGE DIGITEACH

Airteagal 9

Pas táirge digiteach

1.   Leis na ceanglais faisnéise, forálfar nach féidir táirgí a chur ar an margadh ná i mbun seirbhíse ach amháin má tá pas táirge digiteach ar fáil i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus Airteagail 10 agus 11. Beidh na sonraí sa phas táirge digiteach cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.

2.   Leis na ceanglais maidir leis an bpas táirge digiteach a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, sonrófar an méid seo a leanas, de réir mar is iomchuí le haghaidh na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear:

(a)

na sonraí a bheidh le cuimsiú sa phas táirge digiteach de bhun Iarscríbhinn III;

(b)

iompróir sonraí amháin nó níos mó a bheidh le húsáid;

(c)

an leagan amach ina mbeidh an t-iompróir sonraí le cur i láthair agus a shuíomh;

(d)

cé acu is gá an pas táirge digiteach a bhunú ar leibhéal múnla, baisce, nó ítim, agus an sainmhíniú ar leibhéil den sórt sin;

(e)

an chaoi a mbeidh rochtain le soláthar do chustaiméirí ar an bpas táirge digiteach sula mbeidh siad faoi cheangal ag conradh díolacháin, fruilithe nó fruilcheannaigh, lena n-áirítear i gcás ciandíola;

(f)

na gníomhaithe a mbeidh rochtain le bheith acu ar na sonraí sa phas táirge digiteach agus ar cén sonraí a mbeidh rochtain le bheith acu uirthi;

(g)

na gníomhaithe a bheidh le pas táirge digiteach a chruthú nó na sonraí i bpas táirge digiteach a nuashonrú agus cén sonraí a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a nuashonrú;

(h)

na socruithe mionsonraithe maidir le sonraí a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta;

(i)

an tréimhse a mbeidh an pas táirge digiteach le leanúint de bheith ar fáil lena linn, a chomhfhreagróidh do shaolré ionchasach táirge ar leith ar a laghad.

3.   Maidir leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2:

(a)

áiritheoidh siad gur féidir le gníomhaithe ar feadh an tslabhra luacha rochtain a fháil, go héasca, ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh, agus í a thuiscint;

(b)

fágfaidh siad go mbeidh na húdaráis inniúla náisiúnta in ann fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh táirgí; agus

(c)

cuirfidh siad feabhas ar inrianaitheacht táirgí ar feadh an tslabhra luacha.

4.   Agus na ceanglais a bhaineann leis an bpas táirge digiteach á socrú aige, féadfaidh an Coimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ón gceanglas pas táirge digiteach a bheith acu i gcás:

(a)

nach bhfuil sonraíochtaí teicniúla an phas táirge digiteach ar fáil i ndáil leis na ceanglais shár-riachtanacha a áirítear in Airteagail 10 agus 11; nó

(b)

ina n-áirítear i ndlí eile de chuid an Aontais córas chun faisnéis a bhaineann le grúpa táirgí a sholáthar go digiteach a measann an Coimisiún go mbaineann sé amach na cuspóirí dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b).

Airteagal 10

Ceanglais le haghaidh an phas táirge digitigh

1.   Comhlíonfaidh pas táirge digiteach na ceanglais shár-riachtanacha seo a leanas:

(a)

beidh sé nasctha le haitheantóir táirge uathúil leanúnach trí iompróir sonraí;

(b)

beidh an t-iompróir sonraí i láthair go fisiceach ar an táirge, ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméadacht a ghabhann leis an táirge, mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;

(c)

comhlíonfaidh an t-iompróir sonraí agus an t-aitheantóir uathúil ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an dara mír, nó caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta choibhéiseacha go dtí go ndéanfar tagairtí caighdeán comhchuibhithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(d)

beidh na sonraí uile a chuimsítear sa phas táirge digiteach bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbrófar í de réir formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí, de réir mar is iomchuí, inléite ag meaisín, struchtúrtha, inchuardaithe, agus inaistrithe trí ghréasán malartaithe sonraí idir-inoibritheach oscailte gan gaibhniú díoltóirí, i gcomhréir leis na ceanglais shár-riachtanacha a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 11;

(e)

ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leis na custaiméirí a stóráil sa phas táirge digiteach gan a dtoiliú sainráite i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679;

(f)

na sonraí a áirítear sa phas táirge digiteach, déanfar tagairt do mhúnla, baisc nó ítim an táirge, mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;

(g)

déanfar an rochtain ar na sonraí a airítear sa phas táirge digiteach a rialú i gcomhréir leis na ceanglais shár-riachtanacha a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 11 agus leis na cearta rochtana sonracha ar leibhéal an ghrúpa táirgí mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (c) agus an dara mír a leasú i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch trí na caighdeáin a ionadú nó trí chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta eile a chur leo a mbeadh na hiompróirí sonraí, na haitheantóirí oibreora uathúla agus na haitheantóirí saoráide uathúla, le comhlíonadh chun na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh.

2.   I gcás ina gceanglaítear le dlí eile de chuid an Aontais go ndéanfaí sonraí sonracha a chuimsiú sa phas táirge digiteach, nó i gcás ina gceadaítear le reachtaíocht eile de chuid an Aontais sonraí sonracha a chuimsiú sa phas táirge digiteach, féadfar na sonraí sin a chuimsiú sa phas táirge digiteach de bhun an ghnímh tharmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

3.   Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh an méid seo a leanas:

(a)

cóip dhigiteach den iompróir sonraí nó den aitheantóir táirge uathúil a sholáthar do dhéileálaithe agus do sholáthraithe margaí ar líne, de réir mar is ábhartha, ionas go mbeidh siad in ann an t-iompróir sonraí nó an t-aitheantóir táirge uathúil a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí ionchasacha i gcás nach féidir leo rochtain a fháil ar an táirge go fisiceach;

(b)

an chóip dhigiteach dá dtagraítear i bpointe (a) nó nasc leathanaigh gréasáin a sholáthar saor in aisce go pras agus in aon chás laistigh de chúig lá oibre tar éis iarraidh a fháil é sin a dhéanamh.

4.   Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch, agus an táirge á chur ar an margadh aige, cóip chúltaca den phas táirge digiteach a chur ar fáil trí sholáthraí seirbhíse pas táirge digiteach.

Airteagal 11

Dearadh teicniúil agus oibriú an phas táirge dhigitigh

Comhlíonfaidh dearadh agus oibriú teicniúil an phas táirge dhigitigh na ceanglais shár-riachtanacha seo a leanas:

(a)

beidh an pas táirge digiteach go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna táirge digiteacha eile a cheanglaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 i ndáil le gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla na cumarsáide ó cheann go ceann agus an aistrithe sonraí;

(b)

beidh rochtain saor in aisce agus éasca ag custaiméirí, monaróirí, allmhaireoirí, dáileoirí, déileálaithe, deisitheoirí gairmiúla, oibreoirí neamhspleácha, athchóiritheoirí, athmhonaróirí, athchúrsálaithe, údaráis faireachais margaidh agus údaráis chustaim, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn agus gníomhaithe ábhartha eile ar an bpas táirge digiteach bunaithe ar a gcearta rochtana faoi seach a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;

(c)

is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an bpas táirge digiteach a chruthú, nó soláthraithe seirbhíse pasanna táirge digiteacha, a stórálfaidh an pas táirge;

(d)

i gcás ina gcruthófar pas táirge digiteach nua le haghaidh táirge a bhfuil pas táirge digiteach aige cheana, déanfar an pas táirge digiteach nua a nascadh leis an bpas táirge digiteach bunaidh nó leis na pasanna bunaidh;

(e)

leanfaidh an pas táirge digiteach de bheith ar fáil go ceann na tréimhse a shonraítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, lena n-áirítear tar éis dhócmhainneacht nó leachtú an oibreora eacnamaíoch atá freagrach as an bpas táirge digiteach a chruthú nó tar éis an t-oibreoir sin scor de ghníomhaíocht san Aontas;

(f)

beidh na cearta chun sonraí a thabhairt isteach, a mhodhnú nó a nuashonrú sa phas táirge digiteach srianta bunaithe ar na cearta rochtana a shonraítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4;

(g)

áiritheofar fíordheimhniú, iontaofacht agus sláine sonraí;

(h)

déanfar pasanna táirge digiteacha a dhearadh agus a oibriú ar shlí lena n-áiritheofar ardleibhéal slándála agus príobháideachais agus lena seachnófar calaois.

Má dhéanann soláthraithe neamhspleácha seirbhíse pas táirge digiteacha an pas táirge digiteach a stóráil de bhun phointe (c) den chéad fhomhír nó a phróiseáil ar bhealach eile,, ní dhéanfaidh na soláthraithe neamhspleácha seirbhíse pas táirge digiteacha sin na sonraí sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, go hiomlán nó go páirteach, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar, mura rud é go comhaontaítear go sonrach leis an oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh, nó a chuireann i seirbhís é, déanamh amhlaidh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí na ceanglais a leagan amach nach mór do sholáthraithe seirbhíse pasanna táirgí digiteacha a chomhlíonadh chun bheith in ann a bheith ina soláthraithe den sórt sin, agus, i gcás inarb iomchuí, scéim deimhniúcháin chun comhlíonadh na gceanglas sin a fhíorú, agus trí na ceanglais a leagan amach atá le comhlíonadh ag na soláthraithe seirbhíse sin agus seirbhísí pas táirge digiteacha á soláthar acu.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach nósanna imeachta chun dintiúir dhigiteacha oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile a mbeidh cearta rochtana le bheith acu ar na sonraí a áirítear sa phas táirge digiteach a eisiúint agus a fhíorú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).

Airteagal 12

Aitheantóirí uathúla

1.   Comhlíonfaidh na haitheantóirí oibreora uathúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointí (g) agus (h), agus na haitheantóirí saoráide uathúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (i), na caighdeáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (c), agus an dara mír, nó caighdeáin choibhéiseacha Eorpacha nó idirnáisiúnta, go dtí go bhfoilseofar tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   I gcás nach bhfuil aitheantóir oibreora uathúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (h), ar fáil go fóill, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chruthaíonn an pas táirge digiteach, nó a dhéanann nuashonrú air, aitheantóir oibreora uathúil a iarraidh thar ceann an ghníomhaí ábhartha agus déanfaidh sé mionsonraí iomlána an aitheantóra uathúil oibreora a sholáthar don ghníomhaí sin a luaithe a eiseofar é.

Sula n-eiseoidh sé iarraidh amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lorgóidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chruthaíonn nó a nuashonraíonn an pas táirge digiteach deimhniú ón ngníomhaí ábhartha sin nach bhfuil aon aitheantóir oibreora uathúil ann.

3.   I gcás nach bhfuil aitheantóir uathúil saoráide dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (i), ar fáil go fóill, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chruthaíonn nó a nuashonraíonn an pas táirge digiteach aitheantóir saoráide uathúil a iarraidh thar ceann an ghníomhaí atá freagrach as an suíomh nó an foirgneamh ábhartha agus déanfaidh sé mionsonraí iomlána an aitheantóra saoráide uathúil a sholáthar don ghníomhaí sin a luaithe a eiseofar é.

Sula n-eiseoidh sé iarraidh amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lorgóidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chruthaíonn nó a nuashonraíonn an pas táirge digiteach deimhniú ón ngníomhaí ábhartha nach ann d’aitheantóir saoráide uathúil.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú saolré aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí a bhunú. Go háirithe, déanfar an méid seo a leanas leis na gníomhartha tarmligthe sin:

(a)

rialacha a bhunú d’eagraíochtaí ar mian leo a bheith ina ngníomhaireacht eisiúna d’aitheantóirí uathúla agus d’iompróirí sonraí; agus

(b)

rialacha a bhunú d’oibreoirí eacnamaíocha ar mian leo a n-aitheantóirí uathúla féin agus a n-iompróirí sonraí a chruthú gan a bheith ag brath ar ghníomhaireacht eisiúna le haghaidh aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí.

5.   Leagfar amach an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4:

(a)

na critéir d’aitheantóirí uathúla agus d’iompróirí sonraí chun bheith ina ngníomhaireacht eisiúna;

(b)

an ról atá ag gníomhaireacht eisiúna d’aitheantóirí uathúla agus d’iompróirí sonraí;

(c)

na rialacha chun a áirithiú go mbeidh aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí iontaofa, infhíoraithe agus uathúil ar fud an domhain;

(d)

na rialacha maidir le aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí a chruthú, a chothabháil, a nuashonrú agus a tharraingt siar;

(e)

na rialacha a bhaineann le bainistiú sonraí.

6.   Agus na rialacha agus na nósanna imeachta amhail dá dtagraítear i mír 4 á mbunú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

féachaint le hidir-inoibritheacht idir cuir chuige éagsúla a áirithiú;

(b)

na réitigh agus na caighdeáin theicniúla ábhartha atá ann cheana a chur i gcuntas;

(c)

a áirithiú go leanfaidh na rialacha agus na nósanna imeachta arna mbunú de bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, a mhéid is féidir.

Airteagal 13

Clárlann na bpasanna táirge digitigh

1.   Faoin 19 Iúil 2026, déanfaidh an Coimisiún clárlann dhigiteach (‘an chlárlann’) a chur ar bun ina stórálfar, ar bhealach slán, an t-aitheantóir táirge uathúil, an t-aitheantóir oibreora uathúil agus na haitheantóirí saoráide uathúla, ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún an chlárlann a bhainistiú.

I gcás táirgí a bheartaítear a chur faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, stórálfaidh an chlárlann cód tráchtearra an táirge freisin.

Déanfaidh an chlárlann aitheantóirí uathúla sin le haghaidh ceallraí dá dtagraítear in Airteagal 77(3) de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a stóráil freisin (61).

Bainisteoidh an Coimisiún an chlárlann agus áiritheoidh sé go ndéanfar na sonraí atá stóráilte sa chlárlann a phróiseáil go slán agus i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Sonróidh an Coimisiún, sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, aon sonraí eile a bheidh, sa bhreis ar a bheith áirithe sa phas táirge digiteach, le stóráil sa chlárlann, agus na critéir seo a leanas ar a laghad á gcur i gcuntas:

(a)

an gá atá ann a fhágáil gur féidir barántúlacht an phas táirge digiteach a fhíorú;

(b)

a ábhartha atá an fhaisnéis i ndáil le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht seiceálacha faireachais margaidh agus rialuithe custaim;

(c)

an gá atá ann ualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim a sheachaint.

3.   I ndáil leis an bhfreagracht atá air an chlárlann a chur ar bun agus a bhainistiú agus aon sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an ngníomhaíocht sin a phróiseáil, measfar gur rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725, é an Coimisiún.

4.   Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh nó i mbun seirbhíse na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a uaslódáil sa chlárlann.

5.   Tráth a dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a uaslódáil sa chlárlann, déanfaidh an chlárlann aitheantóir clárúcháin uathúil a bhaineann leis na trí aitheantóir uathúil arna n-uaslódáil sa chlárlann le haghaidh táirge sonrach a chur in iúl go huathoibríoch don oibreoir eacnamaíoch de bhun mhír 4. Ní mheasfar an chumarsáid sin ón gclárlann a bheith ina cruthúnas ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo ná le dlí de chuid an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe cur chun feidhme don chlárlann, lena n-áirítear an t-aitheantóir uathúil clárúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).

6.   Beidh rochtain ag an gCoimisiún, ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus ag na húdaráis chustaim ar an gclárlann chun a ndualgais a chomhlíonadh de bhun dhlí an Aontais.

Airteagal 14

An tairseach gréasáin le haghaidh sonraí sa phas táirge digiteach

Déanfaidh an Coimisiún tairseach gréasáin a chur ar bun agus a bhainistiú, ar tairseach é a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi agus lena gcuirfear ar chumas geallsealbhóirí sonraí a áirítear i bpasanna táirge digiteacha a chuardach agus a chur i gcomparáid le chéile. Dearfar an tairseach gréasáin ar shlí lena ráthófar gur féidir le geallsealbhóirí na sonraí a chuardach agus a chur i gcomparáid le chéile ar bhealach atá comhsheasmhach lena gcearta rochtana faoi seach a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

Airteagal 15

Rialuithe custaim a bhaineann leis an bpas táirge digiteach

1.   Aon duine a bheartaíonn táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chur isteach faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, soláthróidh sé aitheantóir clárúcháin uathúil an táirge sin dá dtagraítear in Airteagal 13(5) do na húdaráis chustaim, nó cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis chustaim é.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo ón uair a bheidh an chlárlann oibríochtúil.

2.   Ní fhéadfaidh na húdaráis chustaim táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht ach amháin tar éis dóibh a fhíorú gurb amhlaidh, ar a laghad, a chomhfhreagraíonn an t-aitheantóir clárúcháin uathúil dá dtagraítear in Airteagal 13(5) agus an cód tráchtearra arna soláthar nó arna gcur ar fáil dóibh do na sonraí atá stóráilte sa chlárlann.

Déanfar an fíorú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo go leictreonach agus go huathoibríoch tríd an idirnasc dá dtagraítear i mír 3. Beidh feidhm aige ón uair a bheidh an t-idirnasc oibríochtúil.

Ní mheasfar an scaoileadh i saorchúrsaíocht a bheith ina chruthúnas ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo ná le dlí eile de chuid an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an chlárlann a idirnascadh le Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE), rud a fhágfaidh go bhféadfar faisnéis a mhalartú go huathoibríoch leis na córais chustaim náisiúnta trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399.

Beidh an t-idirnasc sin oibríochtúil laistigh de 4 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(5).

4.   Féadfaidh an Coimisiún agus na húdaráis chustaim na sonraí a áirítear sa phas táirge digiteach agus sa chlárlann a aisghabháil agus a úsáid chun a ndualgais a dhéanamh de bhun dhlí an Aontais, lena n-áirítear maidir le bainistiú riosca, rialuithe custaim agus scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

5.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus do Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 agus d’aon dlí eile de chuid an Aontais.

CAIBIDIL IV

LIPÉID

Airteagal 16

Lipéid

1.   I gcás ina léirítear sna ceanglais faisnéise go bhfuil faisnéis le háireamh i lipéad de bhun Airteagal 7(7), pointe (c), sonrófar an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4:

(a)

ábhar an lipéid;

(b)

leagan amach an lipéid, lena n-áirithítear infheictheacht agus inléiteacht;

(c)

an chaoi a mbeidh an lipéad le taispeáint do chustaiméirí, lena n-áirítear i gcás ciandíola, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 32 agus na himpleachtaí do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha á gcur i gcuntas;

(d)

i gcás inarb iomchuí, modhanna leictreonacha chun lipéid a ghiniúint.

2.   I gcás ina mbeidh sé i gceist le ceanglas faisnéise go gcuimseofar an aicme feidhmíochta ar lipéad, beidh leagan amach an lipéid dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), soiléir agus sothuigthe, agus cuirfidh sé ar chumas custaiméirí feidhmíocht an táirge a chur i gcomparáid go héasca leis an bparaiméadar táirge ábhartha agus táirgí a fheidhmíonn níos fearr a roghnú.

3.   I gcás táirgí a bhaineann le fuinneamh atá faoi réir lipéid fuinnimh arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 2017/1369, i gcás nach féidir faisnéis maidir le paraiméadar táirge ábhartha, lena n-áirítear maidir leis na haicmí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(4) den Rialachán seo, a ionchorprú sa lipéad fuinnimh, agus ar choinníoll go measfar fhaisnéis den sórt sin a bheith níos ábhartha agus níos cuimsithí ná an fhaisnéis a chumhdaítear leis an lipéad fuinnimh, tar éis don Coimisiún measúnú a dhéanamh ar an mbaol go gcuirfí mearbhall ar chustaiméirí, a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha agus a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun an fhaisnéis áirithe sin a chur in iúl, féadfaidh sé, más iomchuí, a cheangal go mbunófaí lipéad i gcomhréir leis an Rialachán seo seachas an lipéad fuinnimh arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2017/1369.

4.   Agus na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 1 á leagan amach aige, ceanglóidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar iompróirí sonraí nó modhanna eile a áireamh ar an lipéad chun go mbeidh custaiméirí in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis bhreise faoin táirge, lena n-áirítear modhanna lena bhféadfar rochtain a fháil ar an bpas táirge digiteach.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear ceanglais choiteanna maidir le leagan amach na lipéad a cheanglaítear de bhun Airteagal 7(7), pointe (c).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).

Airteagal 17

Lipéid aithriseacha

Táirgí a bhfuil lipéid orthu nó a bhfuil lipéid ag gabháil leo ar dóigh dóibh custaiméirí nó custaiméirí ionchasacha a chur ar míthreoir nó mearbhall a chur orthu trí aithris a dhéanamh ar na lipéid dá bhforáiltear in Airteagal 16 nó a bhfuil aon fhaisnéis eile ag gabháil leo ar dóigh di custaiméirí nó custaiméirí ionchasacha a chur ar míthreoir nó mearbhall a chur orthu maidir leis na lipéid dá bhforáiltear san Airteagal sin, ní chuirfear ar an margadh iad ná ní chuirfear i seirbhís iad.

CAIBIDIL V

TOSAÍOCHT, PLEANÁIL AGUS COMHAIRLIÚCHÁN

Airteagal 18

Tosaíocht agus pleanáil

1.   Agus tosaíocht á tabhairt aige do tháirgí a bheidh le cumhdach le ceanglais éicidhearthóireachta, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an rannchuidiú a d’fhéadfadh na táirgí sin a dhéanamh le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach, agus na critéir seo a leanas á gcur i gcuntas:

(a)

an fhéidearthacht feabhas a chur ar na gnéithe táirge gan costais dhíréireacha a bheith ann, agus an méid seo a leanas, go háirithe, á chur i gcuntas:

(i)

easpa nó neamhdhóthanacht dhlí an Aontais nó mainneachtain fórsaí margaidh nó beart féinrialála aghaidh a thabhairt go cuí ar an gcuspóir; agus

(ii)

an difríocht i bhfeidhmíocht táirgí atá ar fáil ar an margadh a bhfuil feidhmiúlacht choibhéiseach acu maidir leis na gnéithe táirge;

(b)

an méid díolachán agus trádála i gcás na dtáirgí sin laistigh den Aontas;

(c)

dáileadh na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, na húsáide fuinnimh, na húsáide acmhainní agus na giniúna dramhaíola a bhaineann leis na táirgí sin ar fud an tslabhra luacha;

(d)

an gá atá ann athbhreithniú agus oiriúnú rialta a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus margaidh.

Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall freisin measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú féideartha na dtáirgí sin le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le hathléimneacht eacnamaíoch an Aontais.

2.   Agus tosaíocht á tabhairt aige do ghnéithe a bheidh le cumhdach le ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na buntáistí a bhaineann le raon leathan táirgí agus grúpaí táirgí a chumhdach sa ghníomh tarmligthe céanna i ndáil le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

3.   Déanfaidh an Coimisiún plean oibre a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí, in éineacht leis na doiciméid ullmhúcháin ábhartha (‘plean oibre’). Leagfar amach sa phlean oibre liosta de ghrúpaí táirgí a mbeidh tosaíocht le tabhairt dóibh chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú mar aon leis na hamlínte measta i leith a socraithe. Áireofar sa liosta sin gnéithe táirge agus grúpaí táirgí atáthar lena mheas gur tosaíochtaí iad maidir le ceanglais éicidhearthóireachta chothrománacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, chomh maith leis na grúpaí de tháirgí tomhaltais gan díol, más ann dóibh, ar ina leith a bheidh breithniú le déanamh i dtaobh toirmeasc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha scriosadh a dhéanamh, bunaithe ar an bhfaisnéis chomhdhlúite a sholáthraítear de bhun Airteagal 26 agus ar aon fhianaise eile atá ar fáil.

Déanfaidh an Coimisiún a mheas, go háirithe, trealamh leictreach agus leictreonach a áireamh nuair a shainaithníonn sé na grúpaí de tháirgí tomhaltais gan díol den chéad uair, más ann dóibh, a measfaidh sé toirmeasc ar dhíothú ag oibreoirí eacnamaíocha a thabhairt isteach ina leith.

Cumhdóidh an plean oibre tréimhse trí bliana ar a laghad agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

Agus an plean oibre á ghlacadh nó á thabhairt cothrom le dáta aige, déanfaidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a chur i gcuntas.

4.   Cuirfidh an Coimisiún dréacht den phlean oibre faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa sula nglacfar an plean oibre.

5.   Sa chéad phlean oibre, a ghlacfar faoin 19 Aibreán 2025, tabharfaidh an Coimisiún tús áite do na grúpaí táirgí seo a leanas:

(a)

iarann agus cruach;

(b)

alúmanam;

(c)

teicstílí, go háirithe éadaí agus coisbheart;

(d)

troscán, lena n-áirítear tochtanna;

(e)

boinn;

(f)

glantaigh;

(g)

péinteanna;

(h)

bealaí;

(i)

ceimiceáin;

(j)

táirgí a bhaineann le fuinneamh a mbeidh ceanglais éicidhearthóireachta le socrú ina leith den chéad uair nó ar ina leith a bheidh bearta atá ann cheana arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE le hathbhreithniú faoin Rialachán seo; agus

(k)

táirgí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus leictreonaic eile.

Mura n-áirítear aon cheann de na grúpaí táirgí sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa chéad phlean oibre nó má áirítear aon ghrúpa táirgí eile ann, tabharfaidh an Coimisiún údar cuí lena chinneadh sa phlean oibre sin.

6.   I gcás nach ann do cheanglais feidhmíochta agus ceanglais faisnéise leormhaithe a bhaineann le lorg comhshaoil agus lorg carbóin na stroighne faoin Rialachán maidir le táirgí foirgníochta, déanfaidh an Coimisiún ceanglais éicidhearthóireachta maidir le stroighin a shocrú i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 tráth nach luaithe ná an 31 Nollaig 2028 agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2030.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoin dul chun cinn atá déanta i leith chur chun feidhme an phlean oibre.

Airteagal 19

Fóram Éicidhearthóireachta

Bunóidh an Coimisiún Fóram Éicidhearthóireachta mar shainghrúpa ina mbeidh rannpháirtíocht chothrom éifeachtach saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus páirtithe leasmhara uile a bhfuil leas acu leis an táirge nó leis an ngrúpa táirgí i dtrácht.

Rannchuideoidh an Fóram Éicidhearthóireachta go háirithe leis an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú;

(b)

pleananna oibre a ullmhú;

(c)

scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht na sásraí bunaithe maidir le faireachas margaidh;

(d)

measúnú a dhéanamh ar bhearta féinrialála; agus

(e)

measúnú a dhéanamh ar na toirmisc ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol sa bhreis ar na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 20

Grúpa Saineolaithe na mBallstát

Bunóidh an Coimisiún Grúpa Saineolaithe na mBallstát mar fhoghrúpa den Fhóram Éicidhearthóireachta, ina mbeidh saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit.

Rannchuideoidh na saineolaithe sin go háirithe leis an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú;

(b)

measúnú a dhéanamh ar bhearta féinrialála;

(c)

faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le bearta chun feabhas a chur ar chomhlíonadh an Rialacháin seo;

(d)

tosaíochtaí a shocrú faoi Airteagal 26.

Airteagal 21

Bearta féinrialála

1.   Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha beart féinrialála a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí nach dtagann faoi raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 nó nach n-áirítear sa phlean oibre. Cuirfidh na hoibreoirí sin fianaise ar fáil go gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa bheart féinrialála a thíolacfar de bhun mhír 1:

(a)

liosta de na hoibreoirí eacnamaíocha ar sínitheoirí leis an mbeart féinrialála iad;

(b)

na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála;

(c)

plean faireacháin mionsonraithe trédhearcach oibiachtúil, ina mbeidh freagrachtaí arna sainaithint go soiléir ar chigirí tionscail agus cigirí neamhspleácha, agus lena n-áirítear na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, pointe 6;

(d)

rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú ag sínitheoirí agus maidir le tástáil agus cigireachtaí;

(e)

rialacha maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh sínitheora lena n-áirítear forálacha lena ndéantar, mura ndearna an sínitheoir gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach laistigh de 3 mhí, an sínitheoir a bhaint de shínitheoirí an bhirt féinrialála sin; agus

(f)

nóta ina mínítear an chaoi a gcuireann an beart féinrialála a thíolactar de bhun mhír 1 feabhas ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo ar bhealach níos tapúla nó ar chostas níos lú ná mar a dhéantar le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; tacófar leis an nóta sin le fianaise, ina mbeidh anailís struchtúrtha theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena dtabharfar údar cuí do cheanglais agus do chuspóirí éicidhearthóireacht an bhirt féinrialála, agus lena ndéanfar measúnú ar thionchair na gceanglas éicidhearthóireachta sin

Coinneoidh sínitheoirí an bhirt féinrialála an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo cothrom le dáta agus ar fáil ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus a bhfuil rochtain gan bhac air.

Tabharfaidh sínitheoirí an bhirt féinrialála fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi aon athruithe ar an mbeart féinrialála, go háirithe faoi aon athruithe a bhaineann leo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an mbeart féinrialála a thíolactar agus, i gcás inar gá, lorgóidh sé comhairle eolaíoch ar ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais. Fíoróidh an Coimisiún, sa mheasúnú, an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

dhá oibreoir eacnamaíocha ar a laghad a thíolacann an beart féinrialála;

(b)

an sciar den mhargadh ó thaobh mhéid shínitheoirí an bhirt féinrialála de i ndáil leis na táirgí a chumhdaítear leis an mbeart sin, is ionann é agus 80 % ar a laghad de na haonaid a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís;

(c)

cuireann an beart féinrialála le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo agus le saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú níos tapúla nó ar chostas níos lú ná gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus is éard atá sa bheart ceanglais éicidhearthóireachta a bhfuil gá leo chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach;

(d)

comhlíonann an beart féinrialála na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(e)

tá an beart féinrialála i gcomhréir le dlí an Aontais agus le gealltanais trádála idirnáisiúnta an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina mbeidh liosta de bhearta féinrialála a chomhlíonann critéir an Airteagail seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 73(2).

4.   Féadfaidh an Coimisiún, ag aon tráth, a iarraidh ar shínitheoirí birt féinrialála arna liostú i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3, an dara fomhír, leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh, laistigh de thréimhse ama iomchuí, i bhfianaise forbairtí ábhartha margaidh nó teicneolaíochta a bhaineann leis an ngrúpa táirgí lena mbaineann. I gcás ina mbeidh cúis ag an gCoimisiún lena chreidiúint nach bhfuil na critéir a leagtar amach san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh na sínitheoirí leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh laistigh de 3 mhí ón iarraidh a dhéanfaidh an Coimisiún.

5.   A luaithe a liostófar beart féinrialála i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3, an dara fomhír, tuairisceoidh sínitheoirí an bhirt sin don Choimisiún go tráthrialta, de réir mar a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin, maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh i dtreo chuspóirí an bhirt féinrialála a bhaint amach agus chun a léiriú go bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh i gcónaí.

Tabharfaidh an cigire neamhspleách, dá dtagraítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn VI, fógra don Choimisiún maidir le neamhchomhlíonadh sínitheora.

Déanfaidh na sínitheoirí tuarascálacha ar dhul chun cinn, lena n-áirítear tuarascálacha ar chomhlíonadh arna ndéanamh ag an gcigire neamhspleách, agus fógraí maidir le neamhchomhlíonadh agus gníomhaíocht cheartaitheach chomhfhreagrach a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air.

6.   I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart féinrialála a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3, an dara fomhír, na critéir a leagtar amach san Airteagal seo a thuilleadh nó i gcás nár chomhlíon sínitheoirí an bhirt féinrialála lena mbaineann an sprioc-am dá dtagraítear i mír 4, scriosfaidh sé an beart sin ón liosta dá dtagraítear i mír 3 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 73(2).

I gcás inar scriosadh beart féinrialála ón liosta dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Coimisiún ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an táirge a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála sin a shocrú i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

Airteagal 22

Fiontair bheaga agus mheánmhéide

1.   I gcomhthéacs na gclár ar féidir le FBManna, go háirithe micrifhiontair, tairbhe a bhaint astu, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh tionscnaimh ann a chuidíonn leis na fiontair sin inbhuanaitheacht comhshaoil, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh a chomhtháthú ina slabhra luacha.

2.   Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, uirlisí digiteacha a chur leis na gníomhartha tarmligthe sin, agus treoirlínte lena gcumhdaítear sainiúlachtaí FBManna, go háirithe micrifhiontair, atá gníomhach san earnáil táirgí nó in earnáil an ghrúpa táirgí lena mbaineann, chun comhlíonadh an Rialacháin seo ag na fiontair sin a éascú. Agus na treoirlínte sin á ndréachtú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar FBManna.

3.   Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cuidiú le FBManna, go háirithe micrifhiontair, na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a chomhlíonadh. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar FBManna maidir leis na cineálacha beart a mheasann FBManna a bheith úsáideach.

Áireofar ar na bearta sin a áirithiú ar a laghad go mbeidh ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla ar fáil chun feasacht a mhéadú maidir le ceanglais éicidhearthóireachta agus deiseanna líonraithe a chruthú le haghaidh FBManna, go háirithe micrifhiontair, chun iad féin a chur in oiriúint do cheanglais éicidhearthóireachta.

Ina theannta sin, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair, d’fhéadaí na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin:

(a)

tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear trí bhuntáistí fioscacha a sholáthar agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagair fhisiciúla agus dhigiteacha;

(b)

rochtain ar mhaoiniú;

(c)

bainistíocht speisialaithe agus oiliúint foirne;

(d)

cúnamh oibríochtúil agus teicniúil.

CAIBIDIL VI

DÍOTHÚ TÁIRGÍ TOMHALTAIS GAN DÍOL

Airteagal 23

Prionsabal ginearálta an choiscthe ar dhíothú

Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha na bearta is gá a dhéanamh lenar féidir a bheith ag súil le réasún go gcoiscfidh siad an gá atá le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú.

Airteagal 24

Faisnéis a nochtadh maidir le táirgí tomhaltais gan díol

1.   Oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann táirgí tomhaltais gan díol a dhiúscairt go díreach, nó a mbíonn táirgí tomhaltais gan díol á ndiúscairt thar a gceann, nochtfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

líon agus meáchan na dtáirgí tomhaltais gan díol a dhiúscraítear in aghaidh na bliana, difreáilte de réir cineál táirge nó catagóir táirgí;

(b)

na cúiseanna le táirgí a dhiúscairt, agus i gcás inarb infheidhme, an maolú ábhartha faoi Airteagal 25(5);

(c)

cion na dtáirgí diúscartha a sheachadtar, cibé acu go díreach nó trí thríú páirtí, chun dul i mbun gach ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas: ullmhúchán le haghaidh athúsáide, lena n-áirítear athchóiriú agus athmhonaraíocht, athchúrsáil, aisghabháil eile lena n-áirítear oibríochtaí aisghabhála fuinnimh, agus diúscartha i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE;

(d)

bearta a rinneadh agus bearta atá beartaithe chun cosc a chur ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol.

Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a nochtadh ar bhealach soiléir infheicthe ar a laghad ar leathanach dá suíomh gréasáin a bhfuil rochtain éasca air. Oibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir na hoibleagáide an tuairisciú inbhuanaitheachta a fhoilsiú ina dtuarascáil bhainistíochta de bhun Airteagal 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE, féadfaidh siad an fhaisnéis sin a áireamh sa tuairisciú inbhuanaitheachta sin freisin.

Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a nochtadh ar bhonn bliantúil agus áireoidh siad mar chuid den fhaisnéis sin na táirgí tomhaltais gan díol a diúscraíodh le linn na bliana airgeadais roimhe sin. Cuirfidh siad an fhaisnéis do gach bliain ar fáil go poiblí. Cumhdófar leis an gcéad nochtadh sin táirgí tomhaltais gan díol agus a diúscraíodh le linn na chéad bhliana airgeadais iomláine ar lena linn a bheidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga.

Beidh feidhm ag an mír seo maidir le fiontair mheánmhéide ón 19 Iúil 2030.

2.   Cé is moite den chás ina mbeidh an fhaisnéis ar fáil don údarás náisiúnta inniúil ar bhonn gníomh dlí eile, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin don Choimisiún nó d’údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a sholáthar chun seachadadh agus fáil na dtáirgí diúscartha a léiriú mar a nochtar de bhun mhír 1, pointe (c), den Airteagal seo, agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis is gá chun infheidhmeacht maolaithe a léiriú faoi Airteagal 25(5). Soláthrófar fhaisnéis agus doiciméadacht den sórt sin ar páipéar nó i bhfoirm leictreonach, laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach na mionsonraí agus an fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh, lena n-áirítear teorannú na gcineálacha táirgí nó na gcatagóirí táirgí agus an chaoi a ndéanfar an fhaisnéis sin a fhíorú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 19 Iúil 2025.

Airteagal 25

Díothú táirgí tomhaltais gan díol

1.   Ón 19 Iúil 2026, beidh toirmeasc ar tháirgí tomhaltais gan díol a dhíothú mar a liostaítear in Iarscríbhinn VII.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga.

Beidh feidhm ag an mír seo maidir le fiontair mheánmhéide ón 19 Iúil 2030.

2.   Oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil faoi réir an toirmisc, dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfaidh siad táirgí tomhaltais gan díol a sholáthraítear dóibh a dhíothú chun dul timpeall ar an toirmeasc sin.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72, chun Iarscríbhinn VII a leasú.

(a)

táirgí nua a chur leis, chun tionchair a ndíothaithe ar an gcomhshaol a chur san áireamh;

(b)

iontrálacha laistigh de ghrúpaí táirgí a thabhairt cothrom le dáta, chun iad a ailíniú le modhnuithe ar a gcóid tráchtearraí nó ar a dtuairiscí faoi seach a dhéantar in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás inar gá.

4.   Agus gníomh tarmligthe atá le glacadh de bhun mhír 3, pointe (a), á ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

measúnú ar leitheadúlacht agus ar tionchair chomhshaoil a bhaineann le díothú táirgí tomhaltais áirithe gan díol;

(b)

an fhaisnéis a nocht oibreoirí eacnamaíocha de bhun Airteagal 24(1) a chur san áireamh;

(c)

measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise agus ar na hanailísí is fearr atá ar fáil, agus ar staidéir bhreise de réir mar is gá.

Sonrófar sa ghníomh tarmligthe dáta a chur i bhfeidhm, agus i gcás inarb iomchuí, aon bhearta cisealta nó bearta nó tréimhsí idirthréimhseacha.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 72 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí mhaoluithe a leagan amach ón toirmeasc ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol a liostaítear in Iarscríbhinn VII i gcás inarb iomchuí ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

cúiseanna sláinte, sláinteachais agus sábháilteachta;

(b)

damáiste a rinneadh do tháirgí mar thoradh ar iad a láimhseáil nó a bhraitear tar éis táirgí a bheith curtha ar ais, ar damáiste é nach féidir a dheisiú ar bhealach costéifeachtach;

(c)

mí-oiriúnacht táirgí don chríoch dá bhfuil siad beartaithe, agus i gcás inarb infheidhme, dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta agus caighdeáin theicniúla á gcur san áireamh;

(d)

neamhghlacadh le táirgí a thairgtear lena ndeonú;

(e)

mí-oiriúnacht táirgí le haghaidh ullmhú d’athúsáid nó d’athmhonarú;

(f)

dodhíoltacht táirgí de dheasca sárú ar chearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear táirgí góchumtha;

(g)

is é díothú an rogha a imríonn an tionchar diúltach is lú ar an gcomhshaol.

Féadfar a fhoráil leis na gníomhartha tarmligthe sin freisin, i gcás inarb ábhartha, go mbeadh feidhm ag an toirmeasc ar tháirgí tomhaltais gan díol dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhíothú nó ag an oibleagáid maidir le nochtadh a leagtar amach in Airteagal 24 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhféadfaí na fiontair sin a úsáid chun dul timpeall ar an toirmeasc sin nó ar an oibleagáid sin.

Déanfar an chéad ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh faoin 19 Iúil 2025.

Airteagal 26

Faisnéis chomhdhlúite maidir le díothú táirgí tomhaltais gan díol

Faoin 19 Iúil 2027 agus gach 36 mhí ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin, faisnéis chomhdhlúite maidir le díothú táirgí tomhaltais gan díol lena n-áirítear na heilimintí seo a leanas:

(a)

leitheadúlacht an díothaithe ar ghrúpaí sonracha táirgí tomhaltais gan díol in aghaidh na bliana, ar bhonn na faisnéise a nochtann oibreoirí eacnamaíocha de bhun Airteagal 24(1);

(b)

na tionchair chomparáideacha ar an gcomhshaol a eascraíonn as díothú táirgí tomhaltais gan díol in aghaidh an ghrúpa táirgí.

CAIBIDIL VII

OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 27

Oibleagáidí na monaróirí

1.   Agus táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 á gcur ar an margadh nó á gcur i mbun seirbhíse acu, áiritheoidh monaróirí an méid seo a leanas:

(a)

gur dearadh agus gur monaraíodh na táirgí sin i gcomhréir leis na ceanglais feidhmíochta a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4;

(b)

go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 ag gabháil leis na táirgí sin; agus

(c)

go bhfuil pas táirge digiteach ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 9 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, lena n-áirítear cóip chúltaca den leagan is cothroime le dáta den phas táirge digiteach atá á stóráil ag soláthraí seirbhíse pas táirge digiteach i gcomhréir le hAirteagal 10(4).

2.   Sula gcuirfear táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é, déanfaidh monaróirí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, nó socróidh siad go ndéanfar é thar a gceann, agus tarraingeoidh siad suas an doiciméadacht theicniúil is gá.

I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta sin go bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 ag comhlíonadh na gceanglas is infheidhme, dréachtóidh monaróirí dearbhú comhréireachta AE i gcomhréir le hAirteagal 44 agus déanfaidh siad marcáil CE a ghreamú de i gcomhréir le hAirteagal 46. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil rialacha malartacha sonraithe ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(6), pointe (d), déanfaidh an monaróir marcáil chomhréireachta a ghreamú de i gcomhréir leis na rialacha sin.

3.   Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh nó é a chur i seirbhís ach amháin má tá tréimhse éagsúil sonraithe sa ghníomh tarmligthe sin.

4.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfanfaidh táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 atá mar chuid de tháirgeadh sraithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme. Aon athruithe ar an bpróiseas táirgthe, ar dhearadh an táirge nó ar shaintréithe an táirge, mar aon le hathruithe ar chaighdeáin chomhchuibhithe, ar shonraíochtaí coiteanna nó ar shonraíochtaí teicniúla eile a ndearbhaítear comhréireacht an táirge faoina dtreoir nó a bhfíoraítear comhréireacht táirge trína gcur i bhfeidhm, cuirfidh monaróirí san áireamh go leormhaith iad agus, i gcás ina bhfionann siad go ndéantar difear do chomhréireacht an táirge leis na hathruithe sin, déanfaidh monaróirí athmheasúnú i gcomhréir leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme dá dtagraítear i mír 2, nó socróidh siad go ndéanfar an t-athmheasúnú sin thar a gceann.

5.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir nó sraithuimhir, nó eilimint eile lenar féidir iad a aithint, ar a dtáirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, nó, i gcás nach féidir é sin de bharr mhéid nó chineál an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.

6.   I gcás táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm nó a dtrádmharc cláraithe, a seoladh poist lenar féidir teagmháil a dhéanamh leo agus modhanna leictreonacha cumarsáide, trínar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú:

(a)

ar an gcuid phoiblí den phas táirge digiteach, i gcás inarb infheidhme; agus

(b)

ar an táirge nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht, nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.

Beidh aon phointe amháin léirithe sa seoladh lenar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir. Beidh na sonraí teagmhála soiléir, intuigthe agus inléite.

7.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha i bhformáid dhigiteach a bhaineann leis an táirge (‘treoracha digiteacha’) ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 i dteanga is féidir a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha digiteacha soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh ar a laghad an fhaisnéis iontu a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin.

Mar sin féin, cuirfidh monaróirí faisnéis sábháilteachta agus na treoracha is ábhartha maidir le sláinte agus sábháilteacht custaiméirí agus gníomhaithe ábhartha eile ar fáil ar páipéar, i bhformáid ghonta.

Agus na treoracha digiteacha á soláthar aige, déanfaidh an monaróir iad a áireamh sa phas táirge digiteach agus cuirfidh sé ar fáil iad tríd an iompróir sonraí comhfhreagrach, nó, i gcás nach bhfuil an pas táirge digiteach infheidhme, léireoidh sé ar an táirge iad, nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis, conas rochtain a fháil ar na treoracha digiteacha.

Cuirfidh an monaróir na treoracha digiteacha i láthair i bhformáid a fhágfaidh gur féidir iad a íoslódáil agus a shábháil ar fheiste leictreonach ionas gur féidir leis an úsáideoir rochtain a fháil orthu i gcónaí agus cuirfidh sé ar fáil iad ar líne le linn shaolré ionchasach an táirge, ach in aon chás go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

I gcás ina n-iarrfaidh an custaiméir amhlaidh tráth an cheannaigh, nó suas le 6 mhí tar éis an cheannaigh sin, soláthróidh an monaróir na treoracha digiteacha i bhformáid páipéir saor in aisce, laistigh de mhí amháin tar éis na hiarrata a fháil.

Féadfar a shonrú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 go soláthrófar faisnéis áirithe atá mar chuid de na treoracha digiteacha i bhformáid páipéir freisin.

8.   Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 atá curtha ar an margadh nó i seirbhís acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin, déanfaidh siad an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá gan moill mhíchuí chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó é tharraingt siar nó a aisghairm láithreach, más iomchuí.

Cuirfidh monaróirí údaráis faireachais margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil nó i mbun seirbhíse ar an eolas láithreach faoin neamhchomhlíonadh amhrasta agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

9.   Cuirfidh monaróirí bealaí cumarsáide ar fáil go poiblí amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó roinn thiomnaithe ar a suíomh gréasáin, agus riachtanais inrochtaineachta na ndaoine atá faoi mhíchumas á gcur san áireamh acu, chun go mbeidh custaiméirí in ann gearáin nó ábhair imní a chur isteach maidir le neamhchomhréireacht fhéideartha táirgí.

Coinneoidh monaróirí clár de ghearáin agus d’ábhair imní a fhad is gá chun críocha an Rialacháin seo, ach tráth nach faide ná 5 bliana tar éis iad a thíolacadh agus cuirfidh siad an clár ar fáil arna iarraidh sin d’údarás faireachais margaidh.

10.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, soláthróidh monaróirí, i gcás táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht na dtáirgí sin a léiriú, agus beidh an doiciméadacht theicniúil ann i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhfoirm páipéir nó leictreonach, a luaithe agus is féidir agus in aon chás laistigh de 15 lá ón uair a fhaigheann an t-údarás sin iarraidh.

Oibreoidh monaróirí i gcomhar leis an údarás náisiúnta inniúil maidir le haon ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanfar chun aon chás a leigheas nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme de bhun Airteagal 4.

Airteagal 28

Ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh monaróir, trí shainordú scríofa, ionadaí údaraithe a cheapadh.

Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 27(1) ná ullmhú na doiciméadachta teicniúla ina gcuid de shainordú an ionadaithe údaraithe.

2.   Comhlíonfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

(a)

dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh ar feadh 10 mbliana tar éis táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh nó i seirbhís ach amháin má shonraítear tréimhse éagsúil sa ghníomh tarmligthe sin;

(b)

obair a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a dhéantar maidir le cásanna neamhchomhlíonta an táirge a chumhdaítear faoi shainordú an ionadaí údaraithe;

(c)

de thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú a chur ar fáil don údarás sin i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca a luaithe agus is féidir agus in aon chás laistigh de 15 lá tar éis an iarraidh sin a fháil; agus

(d)

an sainordú a fhoirceannadh má ghníomhaíonn an monaróir i gcontrártha lena oibleagáidí faoin Rialachán seo.

Airteagal 29

Oibleagáidí allmhaireoirí

1.   I ndáil le táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach táirgí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme.

2.   Sula gcuirfidh siad táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 ar an margadh, fíoróidh allmhaireoirí an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta curtha i gcrích ag an monaróir agus go bhfuil an doiciméadacht theicniúil dréachtaithe ag an monaróir;

(b)

go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7 agus faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 ag gabháil leis an táirge; agus

(c)

go bhfuil pas táirge digiteach ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 9 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, lena n-áirítear cóip chúltaca den leagan is cothroime le dáta den phas táirge digiteach atá á stóráil ag soláthraí seirbhíse pas táirge digiteach i gcomhréir le hAirteagal 10(4).

Thairis sin, áiritheoidh an t-allmhaireoir go bhfuil an mharcáil riachtanach CE ar tháirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, marcáil dá dtagraítear in Airteagal 45, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 46, nó an mharcáil chomhréireachta mhalartach mar a leagtar síos i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 (6), pointe (d), agus go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear ag gabháil leis, agus go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27(5) agus (6) comhlíonta ag an monaróir.

I gcás ina measann allmhaireoirí nó ina bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ní chuirfidh siad an táirge ar an margadh ná i mbun seirbhíse go dtí go dtabharfar an táirge sin chun comhréireachta.

3.   I gcás táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm nó a dtrádmharc cláraithe, a seoladh poist lenar féidir teagmháil a dhéanamh leo agus modhanna leictreonacha cumarsáide, trínar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú:

(a)

ar an gcuid phoiblí den phas táirge digiteach, i gcás inarb infheidhme; agus

(b)

ar an táirge nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht, nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.

Beidh na sonraí teagmhála soiléir, intuigthe agus inléite.

4.   Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh treoracha digiteacha ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 i dteanga is féidir a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh ar a laghad an fhaisnéis iontu a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b)(ii), mar a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 27(7), an ceathrú agus an cúigiú fomhíreanna.

5.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad atá táirge faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair an táirge comhlíonadh na gceanglas i mbaol a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

6.   Allmhaireoirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, atá curtha ar an margadh acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin, déanfaidh siad an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá gan moill mhíchuí chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó é a tharraingt siar nó a aisghairm láithreach, más iomchuí.

Cuirfidh allmhaireoirí údaráis faireachais margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas láithreach faoin neamhchomhlíonadh amhrasta agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

7.   Coinneoidh allmhaireoirí cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh, ar feadh 10 mbliana tar éis do tháirge, a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, a bheith curtha ar an margadh nó i seirbhís, ach amháin má shonraítear tréimhse éagsúil sa ghníomh tarmligthe sin.

8.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, soláthróidh allmhaireoirí, i gcás táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht na dtáirgí sin a léiriú, agus beidh an doiciméadacht theicniúil ann i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhfoirm páipéir nó leictreonach, a luaithe agus is féidir agus in aon chás laistigh de 15 lá ón uair a fhaigheann an t-údarás sin iarraidh.

Oibreoidh allmhaireoirí i gcomhar leis an údarás náisiúnta inniúil maidir le haon ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanfar chun aon chás a leigheas nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme de bhun Airteagal 4.

Airteagal 30

Oibleagáidí na ndáileoirí

1.   Agus táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 á chur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme.

2.   Sula gcuirfidh siad táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an mharcáil CE ar an táirge i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 46 nó an mharcáil chomhréireachta arna glacadh i gcomhréir le hAirteagal 4(6) pointe (d), agus, i gcás inarb ábhartha, go bhfuil sé lipéadaithe nó nasctha le pas táirge digiteach i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe sin;

(b)

go bhfuil na doiciméid is gá agus treoracha digiteacha ag gabháil leis an táirge, i dteanga is féidir leis na custaiméirí a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus go bhfuil na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus go n-áirítear iontu ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 27(7), sa cheathrú agus sa chuigiú fomhíreanna; agus

(c)

gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27(5) agus (6) agus in Airteagal 29(3).

3.   I gcás ina measann dáileoirí, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, sula gcuirfear ar fáil ar an margadh é, nó nach bhfuil a mhonaróir ag comhlíonadh na gceanglas sin, ní chuirfidh siad an táirge ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge tugtha chun comhréireachta nó go dtí go gcomhlíonfaidh an monaróir na ceanglais sin.

Áiritheoidh dáileoirí, fad atá táirge faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair an táirge comhlíonadh na gceanglas i mbaol a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

4.   Dáileoirí a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil táirge atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, áiritheoidh siad go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí.

Cuirfidh dáileoirí údaráis faireachais margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas láithreach faoin neamhchomhlíonadh amhrasta agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

5.   De bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad a bhfuil rochtain acu orthu ar fáil agus a bhfuil gá leo chun comhréireacht táirge a léiriú. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhfoirm páipéir nó leictreonach, laistigh de 15 lá ón uair a fhaigheann an t-údarás sin iarraidh.

Oibreoidh dáileoirí i gcomhar leis an údarás náisiúnta inniúil maidir le haon ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanfar chun aon chás a leigheas nach gcomhlíontar an gníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

Airteagal 31

Oibleagáidí déileálaithe

1.   Áiritheoidh déileálaithe go mbeidh rochtain ag a gcustaiméirí agus ag a gcustaiméirí ionchasacha ar aon fhaisnéis ábhartha a ghabhann leis na táirgí, mar a cheanglaítear leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, lena n-áirítear i gcás ciandíolacháin.

2.   Áiritheoidh déileálaithe go mbeidh rochtain éasca ag custaiméirí agus ag custaiméirí ionchasacha ar an bpas táirge digiteach, lena n-áirítear i gcás ciandíolacháin, mar a leagtar amach in Airteagal 9(2), pointe (e), agus a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

3.   Déanfaidh déileálaithe, lena n-áirítear i gcás ciandíolacháin an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh siad ar taispeáint do chustaiméirí agus custaiméirí ionchasacha agus custaiméirí, ar bhealach soiléir, na lipéid a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 32(1), pointe (b) nó pointe (c);

(b)

déanfaidh siad tagairt don fhaisnéis atá ar na lipéid a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 32(1), pointe (b) nó pointe (c), i bhfógraí amhairc nó in ábhar fógraíochta teicniúil le haghaidh múnla sonrach, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4; agus

(c)

ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall ar chustaiméirí ionchasacha leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad maidir le ceanglais éicidhearthóireachta.

Airteagal 32

Oibleagáidí a bhaineann le lipéid

1.   I gcás ina gceanglaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 lipéad dá dtagraítear in Airteagal 16 a bheith ar tháirgí, maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann na táirgí ar an margadh nó a chuireann i mbun seirbhíse iad:

(a)

áiritheoidh sé go mbeidh lipéid chlóite ag gabháil le táirgí, i gcás gach aonaid aonair agus saor in aisce, i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe sin;

(b)

cuirfidh sé lipéid chlóite nó cóipeanna digiteacha den lipéad ar fáil don déileálaí saor in aisce, go pras agus, ar aon slí, laistigh de 5 lá oibre tar éis iarraidh an déileálaí a fháil; agus

(c)

a áirithiú go bhfuil a gcuid lipéad cruinn, agus doiciméid theicniúla a sholáthar a bheidh leordhóthanach chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar chruinneas a gcuid lipéad.

2.   I gcás ina gceanglaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 lipéad dá dtagraítear in Airteagal 16 a bheith ar tháirgí, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíoch a chuireann na táirgí ar fáil nó a chuireann i mbun seirbhíse iad an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don fhaisnéis atá ar an lipéad, i bhfógraí amhairc nó in ábhar fógraíochta teicniúil le haghaidh múnla sonrach, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4;

(b)

ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall ar chustaiméirí ionchasacha leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad maidir le ceanglais éicidhearthóireachta.

Airteagal 33

Oibleagáidí soláthraithe seirbhíse comhlíonta

I gcás na dtáirgí a láimhseálann siad a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, áiritheoidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta nach ndéanfaidh na dálaí le linn ollstórála, pacáistiú, seolacháin nó seoladh, comhlíontacht na dtáirgí leis an ngníomh tarmligthe sin a chur i mbaol.

Airteagal 34

Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí

Measfar allmhaireoirí nó dáileoirí a bheith ina monaróirí chun críocha an Rialacháin seo sna cásanna seo a leanas:

(a)

ina gcuireann sé táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 ar fáil ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc; nó

(b)

ina ndéanann sé táirge den sórt sin atá curtha ar an margadh cheana a mhodhnú ar bhealach a dhéanfaidh difear do chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

Airteagal 35

Oibleagáidí soláthraithe margaí ar líne agus inneall cuardaigh ar líne

1.   Beidh feidhm ag na hoibleagáidí ginearálta dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 30 de Rialachán (AE) 2022/2065 chun críocha an Rialacháin seo.

Gan dochar do na hoibleagáidí ginearálta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhoibreoidh soláthraithe margaí ar líne leis na húdaráis faireachais margaidh, arna iarraidh sin do na húdaráis sin agus i gcásanna sonracha, chun éascú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh táirge a thairgtear nó a tairgeadh lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí, nó chun an neamhchomhlíonadh a mhaolú mura féidir é sin a dhéanamh.

2.   A mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí a thugann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis faireachais margaidh, i ndáil leis na táirgí uile a chumhdaítear le gníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, a ordú do sholáthraí margadh ar líne gníomhú in aghaidh ceann amháin nó níos mó de mhíreanna sonracha inneachair a thagraíonn do tháirge neamhchomhlíontach, lena n-áirítear trína bhaint. Measfar gur ábhar neamhdhleathach é an t-ábhar sin de réir bhrí Airteagal 3, pointe (h) de Rialachán (AE) 2022/2065. Féadfaidh údaráis faireachais margaidh, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065, na horduithe sin a eisiúint.

3.   Bunóidh soláthraithe margaí ar líne pointe teagmhála aonair chun críocha teagmháil dhíreach a dhéanamh le húdaráis faireachais margaidh na mBallstát maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo.

Féadfaidh gurb é sin an pointe teagmhála aonair an pointe teagmhála céanna dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (62) nó in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2022/2065.

Airteagal 36

Oibleagáidí faisnéise na n-oibreoirí eacnamaíocha

1.   Nuair a dhéantar táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar fáil ar an margadh trí chiandíolachán, áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go léireoidh an tairiscint táirge an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad go soiléir agus go feiceálach:

(a)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon leis an seoladh poist agus an seoladh leictreonach lenar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir;

(b)

i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, ainm, seoladh poist agus seoladh leictreonach agus uimhir theileafóin an oibreora eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2019/1020; agus

(c)

faisnéis lenar féidir an táirge a shainaithint, lena n-áirítear pictiúr de, a chineál agus aon aitheantóir táirge eile.

2.   Soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin orthu go réasúnaithe, an méid seo a leanas do na húdaráis faireachais margaidh:

(a)

ainm aon oibreora eacnamaíoch a sholáthair táirge dóibh a thagann faoi raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;

(b)

ainm aon oibreora eacnamaíoch ar sholáthair siad táirgí den sórt sin dó, mar aon leis na cainníochtaí agus múnlaí beachta na dtáirgí sin.

Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go mbeidh siad in ann an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil go ceann 10 mbliana ón uair a sholáthraítear na táirgí ábhartha dóibh agus go ceann 10 mbliana tar éis dóibh na táirgí sin a sholáthar, mura rud é go sonraítear tréimhse dhifriúil sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1. Soláthrófar an fhaisnéis sin ar páipéar nó i bhfoirm leictreonach, laistigh de 15 lá ón uair a fhaightear iarraidh ón údarás faireachais margaidh.

3.   Agus ceangal á chur ar mhonaróirí, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil go digiteach de bhun Airteagal 4(6), pointe (a)(iii), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

an gá le héascú d’údaráis faireachais margaidh a fhíorú go bhfuil na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag monaróirí, ag a n-ionadaithe údaraithe agus ag a n-allmhaireoirí; agus

(b)

an gá le hualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, go háirithe i gcás FBManna.

Is é an Coimisiún a shonróidh an bealach ina mbeidh na codanna ábhartha den doiciméadacht theicniúil le cur ar fáil. I gcás ina mbeidh an pas táirge digiteach ar fáil, cuirfear doiciméadacht theicniúil ar fáil tríd.

Airteagal 37

Oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe na n-oibreoirí eacnamaíocha

1.   Nuair a bheidh ceangal á chur ar mhonaróirí, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le cainníochtaí táirge de bhun Airteagal 4 (6), pointe (b), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

infhaighteacht fianaise a bhaineann leis an táirge ábhartha a bheith ag dul i bhfód ar an margadh agus a bhfuil gá léi chun an t-athbhreithniú ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 is infheidhme maidir leis an táirge sin a éascú;

(b)

an gá le hualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, go háirithe i gcás FBManna; agus

(c)

a úsáidí atá an fhaisnéis is gá agus comhréireacht an cheanglais sin.

Is é an Coimisiún a shonróidh an tréimhse lena mbainfidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an fhaisnéis sin a dhifreáil de réir múnla táirge.

Is é an Coimisiún a shonróidh na modhanna trína gcuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil agus a mhinice a chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil.

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a phróiseáil go slán agus i gcomhréir le dlí an Aontais.

2.   Agus é á cheangal go mbeadh táirge in ann an fuinneamh a ídíonn sé nó a fheidhmíocht a thomhas i ndáil le paraiméadair tháirge ábhartha eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus iad in úsáid, de bhun Airteagal 4 (6), pointe (c)(i), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

a úsáidí atá sonraí in-úsáide le haghaidh úsáideoirí deiridh chun úsáid fuinnimh nó feidhmíocht an táirge a thuiscint agus a bhainistiú;

(b)

an fhéidearthacht theicniúil sonraí in-úsáide a thaifeadadh;

(c)

an gá le hualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, go háirithe i gcás FBManna; agus

(d)

an gá atá ann a áirithiú nach mbaileofar aon sonraí lena bhféadfaí daoine aonair a shainaithint nó ina bhféadfaí a n-iompraíocht a thabhairt le tuiscint.

3.   Maidir leis na táirgí a chumhdaítear le ceanglas a shocraítear de bhun Airteagal 4(6), pointe (c), déanfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na critéir i mír 2 den Airteagal seo, taifead ar na sonraí in-úsáide agus cinnteofar go mbeidh na sonraí sin infheicthe don úsáideoir deiridh.

4.   Agus ceangal á chur ar mhonaróirí, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar a n-allmhaireoirí sonraí in-úsáide neamhphearsanta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú ar féidir rochtain a fháil orthu go cianda tríd an idirlíon tar éis cead a bheith a bheith tugtha go sainráite ag an úsáideoir deiridh agus na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún, de bhun Airteagal 4(6), pointe (c)(ii), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

a úsáidí atá na sonraí neamhphearsanta in-úsáide le haghaidh an Choimisiúin agus athbhreithniú á dhéanamh ar cheanglais éicidhearthóireachta nó i gcuidiú le húdaráis faireachais margaidh le faisnéis staidrimh chun anailís rioscabhunaithe a dhéanamh; agus

(b)

an gá le hualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, go háirithe i gcás FBManna.

5.   Féadfaidh an méid seo a leanas, go háirithe, a bheith sna ceanglais dá dtagraítear i mír 4:

(a)

sonraí in-úsáide neamhphearsanta a bhailiú más féidir rochtain a fháil orthu go cianda tríd an idirlíon, tar éis don úsáideoir deiridh toiliú sainráite a thabhairt chun na sonraí sin a chur ar fáil; agus

(b)

na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún uair amháin sa bhliain ar a laghad.

I gcás ina gceanglaítear tuairisciú de bhun phointe (b) den chéad fhomhír, áireofar sna sonraí sin, i gcás ina mbeidh fáil orthu, uimhir aitheantais an mhúnla mar a chláraítear é sa bhunachar sonraí táirgí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus, más ábhartha dá bhfeidhmíocht, faisnéis gheografach ghinearálta maidir leis na táirgí.

6.   Sonróidh an Coimisiún, sa ghníomh tarmligthe ábhartha, na mionsonraí agus an fhormáid chun na sonraí neamhphearsanta in-úsáide dá dtagraítear i mír 4.

7.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú tréimhsiúil ar na sonraí in-úsáide neamhphearsanta a fhaightear de bhun mhír 4 agus, i gcás inarb iomchuí, foilseoidh sé tacair sonraí comhiomlánaithe.

Airteagal 38

Ceanglais ar ghníomhaithe sa slabhra soláthair

Nuair a shonraítear amhlaidh sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh gníomhaithe sa slabhra soláthair an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil a bhaineann leis na táirgí a sholáthraíonn siad nó leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil, arna iarraidh sin agus saor in aisce, do mhonaróirí, do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis náisiúnta inniúla;

(b)

cead a thabhairt do mhonaróirí, in éagmais na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a), measúnú a dhéanamh ar na táirgí a sholáthraíonn siad nó ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus rochtain a thabhairt do na monaróirí sin ar dhoiciméid nó ar shaoráidí ábhartha; agus

(c)

é a chur ar a gcumas do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis náisiúnta inniúla cruinneas na faisnéise ábhartha a bhaineann lena ngníomhaíochtaí a fhíorú.

CAIBIDIL VIII

COMHRÉIREACHT TÁIRGÍ

Airteagal 39

Modhanna tástála, tomhais agus ríofa

1.   Chun na ceanglais éicidhearthóireachta a chomhlíonadh agus chun comhlíonadh na gceanglas sin a fhíorú, déanfar tástálacha, tomhais agus ríomhanna trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe nó modhanna iontaofa, cruinne agus in-athsholáthraithe eile lena gcuirfear san áireamh na modhanna úrscothacha a aithnítear go ginearálta. Comhlíonfaidh na modhanna sin na ceanglais le haghaidh modhanna tástála, tomhais agus ríofa a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

2.   Nuair a bheidh an ceanglas i leith uirlisí digiteacha a úsáid á shocrú de bhun Airteagal 4(6) pointe (c)(iii), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

an gá atá ann cur i bhfeidhm comhchuibhithe na modhanna ríofa a áirithiú; agus

(b)

an gá leis an ualach riaracháin a fhorchuirtear ar oibreoirí eacnamaíocha a íoslaghdú.

Beidh saor-rochtain ar uirlisí digiteacha ag oibreoirí eacnamaíocha.

Airteagal 40

Imchéimniú a chosc agus feidhmíocht ag dul in olcas

1.   Ní ghabhfaidh oibreoirí eacnamaíocha d’aon iompraíocht a bhaineann an bonn de chomhlíontacht táirgí leis an Rialachán seo, is cuma an de chineál conarthach, tráchtála, teicniúil nó de chineál eile an iompraíocht sin.

2.   Ní dhéanfar táirgí a thagann faoi raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh ná i mbun seirbhíse más rud é go ndeartar iad chun a n-iompraíocht nó a n-airíonna a athrú nuair a dhéantar tástáil orthu ar mhaithe le toradh níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair tháirge a rialaítear sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

Chun críocha na míre seo, táirgí a dheartar sa chaoi gur féidir leo a bhrath go bhfuil tástáil á déanamh orthu agus a athraíonn go huathoibríoch a bhfeidhmíocht mar fhreagairt air sin agus táirgí atá réamhshocraithe chun a bhfeidhmíocht a athrú tráth na tástála, measfar gur táirgí iad a dearadh chun a n-iompraíocht nó a n-airíonna a athrú nuair a dhéantar tástáil orthu.

3.   Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann táirge ar an margadh nó i seirbhís a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 treoracha sonracha a fhorordú maidir le tástáil a athraíonn iompraíocht nó airíonna táirgí chun toradh níos fabhraí a bhaint amach le haghaidh aon cheann de na paraiméadair tháirge a rialaítear sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

Chun críocha na míre seo, treoracha as a dtiocfaidh athrú de láimh ar an táirge, sula ndéanfar tástáil, lena n-athraítear feidhmíocht an táirge, measfar gur treoracha iad a bhaineann go sonrach le tástáil a dhéanamh a athraíonn iompraíocht nó airíonna an táirge.

4.   Ní dhéanfar táirgí a thagann faoi raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh ná i seirbhís má dheartar iad chun a n-iompraíocht nó a n-airíonna a athrú laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a bheith curtha i seirbhís, rud a fhágann go mbeidh a bhfeidhmíocht níos measa i ndáil le haon cheann de na paraiméadair tháirge a rialaítear le gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, nó lena bhfeidhmíocht fheidhmiúil ó thaobh an úsáideora de.

5.   Ní fhágfaidh nuashonruithe ar bhogearraí nó dochtearraí go mbeidh feidhmíocht an táirge níos measa ná na corrlaigh inghlactha a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4 i ndáil le haon cheann de na paraiméadair tháirge arna rialú sna gníomhartha tarmligthe sin nó i ndáil leis an bhfeidhmíocht fheidhmiúil ó thaobh an úsáideora de nuair a dhéantar í a thomhas leis an modh tástála a úsáidtear don mheasúnú comhréireachta, ach amháin sa chás ina dtoilíonn an custaiméir go sainráite leis an feidhmíocht níos measa sin roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú de thoradh diúltú don nuashonrú.

Maidir le nuashonruithe ar bhogearraí nó dochtearraí, ní fhágfaidh siad, in imthosca ar bith, go mbeidh feidhmíocht an táirge dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo níos measa sa mhéid nach gcomhlíonfaidh an táirge a thuilleadh na ceanglais a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 is infheidhme tráth a chuirfear an táirge ar an margadh nó tráth a chuirfear i mbun seirbhíse é.

Airteagal 41

Toimhde chomhréireachta

1.   Maidir le modhanna tástála, tomhais nó ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39 atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin agus le ceanglais tástála, tomhais agus ríofa a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó le codanna díobh.

2.   Maidir le pasanna táirgí digiteacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó le codanna díobh.

3.   Maidir le táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó le codanna díobh.

4.   Na táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus ar bronnadh Éicilipéad AE orthu de bhun Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, toimhdeofar go gcomhlíonann siad na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le critéir an Eicilipéid AE arna mbunú de bhun Airteagal 16(2) den Rialachán sin.

Airteagal 42

Sonraíochtaí coiteanna

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear, i gcás táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear ceanglais éicidhearthóireachta, na ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh pasanna táirgí digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 nó na modhanna tástála, tomhais nó ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39.

Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh ceanglas éicidhearthóireachta, le haghaidh ceanglas fíor-riachtanach maidir le pasanna táirge digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 den Rialachán seo nó maidir le modh tástála, tomhais nó ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán seo; agus:

(i)

nár glacadh leis an iarraidh;

(ii)

nach ndéantar an caighdeán comhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii)

ní chomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe an iarraidh; agus

(b)

níor foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh ceanglas éicidhearthóireachta ná do cheanglas fíor-riachtanach le haghaidh pasanna táirge digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 den Rialachán seo ná le haghaidh modh tástála, tomhais nó ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).

2.   Sula n-ullmhóidh an Coimisiún an dréacht de na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé gur comhlíonadh na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Agus an dréacht de na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí an Fhóraim Éicidhearthóireachta agus Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát chomh maith le tuairimí aon chomhlachtaí ábhartha eile, agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

4.   Na modhanna tástála, tomhais agus ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39, ar modhanna iad atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a bhunaítear le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó le codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin agus leis na ceanglais tástála, tomhais agus ríofa a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

5.   Measfar táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo atá i gcomhréir le sonraíochtaí coiteanna arna mbunú le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó codanna díobh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais éicidhearthóireachta nó leis na ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh pasanna táirge digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus 11 nó leis na ceanglais le haghaidh modhanna tástála, tomhais nó ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39 a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó codanna díobh.

6.   I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí é don Choimisiún chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Nuair a fhoilseofar tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm nó na codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais éicidhearthóireachta chéanna, ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh pasanna táirge digiteacha agus ceanglais le haghaidh modhanna tástála, tomhais nó ríofa.

7.   I gcás ina measann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais éicidhearthóireachta ina n-iomláine, na ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh pasanna táirgí digiteacha agus ceanglais le haghaidh na modhanna tástála, tomhais nó ríofa, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

Airteagal 43

Measúnú comhréireachta

1.   Nuair a bheidh an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme á shonrú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(5), cuirfidh sé na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

an bhfuil an modúl lena mbaineann iomchuí don chineál táirge agus do na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha, agus i gcomhréir leis an leas poiblí atá á shaothrú;

(b)

cineál na rioscaí a ghabhann leis an táirge agus a mhéid a chomhfhreagraíonn an measúnú comhréireachta do chineál agus do mhéid na rioscaí sin; agus

(c)

i gcás ina bhfuil sé éigeantach tríú páirtí a bheith rannpháirteach, an gá don mhonaróir rogha a bheith aige idir na modúil dearbhaithe cáilíochta agus na modúil deimhnithe táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

2.   Déanfar taifid agus comhfhreagras a bhaineann leis an measúnú comhréireachta a tharraingt suas i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra a bhfuil baint aige le nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, nó i dteanga a nglacann an comhlacht sin léi.

Airteagal 44

Dearbhú comhréireachta AE

1.   Maidir le comhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, sonrófar i ndearbhú comhréireachta AE gur léiríodh an comhlíonadh sin nó go bhfuil feidhm ag toimhde chomhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 41.

2.   Leanfaidh dearbhú comhréireachta AE an struchtúr samplach a leagtar amach in Iarscríbhinn V, agus beidh na heilimintí a shonraítear sa nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme ann agus tagairt do na gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Déanfar é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach agus aistreofar é go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éilíonn an Ballstát ina ndéantar an táirge a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh.

3.   I gcás ina bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 faoi réir níos mó ná gníomh dlí amháin de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta AE, déanfar dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i leith na ngníomhartha uile dlí den sórt sin de chuid an Aontais. Luafar sa dearbhú sin na gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena mbaineann agus a dtagairtí foilseacháin. Féadfaidh sé a bheith i sainchomhad ina mbeidh dearbhuithe comhréireachta AE ábhartha aonair éagsúla.

4.   Tríd an dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú, gabhfaidh an monaróir air féin a bheith freagrach as comhlíontacht an táirge.

Airteagal 45

Prionsabail ghinearálta na marcála CE

Beidh an mharcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 46

Rialacha agus coinníollacha maidir leis an marcáil CE a ghreamú

1.   Greamófar an mharcáil CE go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta den táirge. Mura féidir é sin a dhéanamh nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an táirge, greamófar ar an bpacáistíocht é agus ar na doiciméid a ghabhann leis.

2.   Greamófar an mharcáil CE sula gcuirfear an táirge ar an margadh nó sula gcuirfear i seirbhís é.

3.   Maidir le táirge ina bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra rannpháirteach ina chéim rialaithe táirgthe, cuirfear uimhir aitheantais an chomhlachta sin faoina dtugtar fógra i ndiaidh na marcála CE.

Is é an comhlacht é féin a ghreamóidh uimhir aitheantais an chomhlachta sin faoina dtugtar fógra, nó greamóidh an monaróir nó a ionadaí í, faoi threoir an chomhlachta sin.

4.   Féadfar picteagram nó marcáil eile lena léirítear riosca nó úsáid ar leith a chur i ndiaidh na marcála CE agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra.

5.   Cuirfidh na Ballstáit leis na sásraí reatha chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart an réim lena rialaítear an mharcáil CE agus glacfaidh siad beart iomchuí i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an marcáil CE.

Airteagal 47

Rialacha sonracha maidir le marcálacha

Maidir le táirgí nach bhfuil faoi réir ceanglas le haghaidh marcáil CE faoi dhlí an Aontais, agus rialacha á sonrú maidir le marcálacha, lena léirítear comhréireacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme de bhun Airteagal 4(6), pointe (d), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

an gá atá ann an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a íoslaghdú;

(b)

an gá atá ann a áirithiú go bhfuil comhleanúnachas ann i ndáil le marcálacha eile is infheidhme maidir le táirge sonrach; agus

(c)

an gá le mearbhall a chosc maidir le brí na marcálacha faoi dhlíthe eile de chuid an Aontais.

CAIBIDIL IX

FÓGRA A THABHAIRT FAOI CHOMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 48

Fógra a thabhairt

I gcás ina ndéantar foráil maidir le cúraimí tríú páirtí um measúnú comhréireachta faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir leis na comhlachtaí atá údaraithe na cúraimí sin a dhéanamh.

Airteagal 49

Na húdaráis a thugann fógra

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt fúthu agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear Airteagal 54 a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh an measúnú agus an faireachán, dá dtagraítear i mír 1, le déanamh ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis.

3.   I gcás ina ndéanann an t-údarás a thugann fógra an measúnú, tabhairt an fhógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharmligean chuig comhlacht nó a chur, ar shlí eile, ar iontaoibh comhlachta nach eintiteas rialtais é, is eintiteas dlíthiúil a bheidh sa chomhlacht sin agus comhlíonfaidh sé mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 50. Ina theannta sin, beidh socruithe aige chun dliteanais a eascraíonn as a ghníomhaíochtaí a chumhdach.

4.   Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra freagracht iomlán as na cúraimí arna gcur i gcrích ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 50

Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra

1.   Bunófar údarás a thugann fógra sa chaoi nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2.   Déanfar údarás a thugann fógra á eagrú agus a riar ar bhealach a chaomhnóidh oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí.

3.   Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach a áiritheoidh gur daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú, a dhéanfaidh gach aon chinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlacht um measúnú comhréireachta.

4.   Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh údarás a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ná aon seirbhís comhairleachta ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch.

5.   Déanfaidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a gheobhaidh sé a choimirciú. Mar sin féin, malartóidh sé, arna iarraidh sin air, faisnéis faoi chomhlachtaí faoina dtugtar fógra leis an gCoimisiún, le comhlachtaí a thugann fógra sna Ballstáit eile agus le húdaráis náisiúnta ábhartha eile.

6.   Ní dhéanfaidh údarás a thugann fógra ach measúnú ar an gcomhlacht sonrach um measúnú comhréireachta a bhfuil iarratas ar fhógra á dhéanamh aige agus ní chuirfidh sé san áireamh acmhainneachtaí ná pearsanra na máthairchuideachtaí nó na gcomhchuideachtaí. Déanfaidh an t-údarás a thugann fógra measúnú ar an gcomhlacht sin i ndáil leis na ceanglais ábhartha uile agus na cúraimí um measúnú comhréireachta.

7.   Beidh fáil ag údarás a thugann fógra ar líon leordhóthanach daoine inniúla agus ar chistiú leordhóthanach chun a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.

Airteagal 51

An oibleagáid faisnéise ar na húdaráis a thugann fógra

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta, maidir le fógra a thabhairt do na comhlachtaí sin agus maidir le faireachán a dhéanamh ar na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus faoi aon athrú a dhéanfar orthu.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 52

Na ceanglais i dtaca leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Chun críoch fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 12.

2.   Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

3.   Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge ar a ndéanann sé measúnú. Ní bheidh aon nasc gnó aige le heagraíochtaí a bhfuil leas acu sna táirgí a ndéanann sé measúnú orthu, go háirithe monaróirí, a gcomhpháirtithe trádála agus a n-infheisteoirí scairshealbhóireachta. Leis sin, ní chuirfear bac ar an gcomhlacht um measúnú comhréireachta gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh le haghaidh monaróirí atá in iomaíocht le chéile.

4.   Ní dearthóir, monaróir, soláthraí, allmhaireoir, dáileoir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná cothabhálaí na dtáirgí a ndéanann siad measúnú orthu, ná ionadaí ar aon pháirtí de na páirtithe sin, a bheidh sa chomhlacht um measúnú comhréireachta, i mbainistíocht ardleibhéil an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná sa phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh. Ní choiscfidh sé sin táirgí a ndearnadh measúnú orthu a bhfuil gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta a úsáid ná na táirgí sin a úsáid chun críoch pearsanta.

Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, ardbhainistíocht an chomhlachta sin ná an pearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích rannpháirteach go díreach i ndearadh, monarú ná tógail, margaíocht, suiteáil, úsáid ná cothabháil na dtáirgí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar na páirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm ag an gceanglas sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.

Áiritheoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a máthairchuideachtaí ná a gcomhchuideachtaí, a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.

Ní dhéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta bunú agus maoirsiú nósanna imeachta inmheánacha, beartas ginearálta inmheánach, cód iompair inmheánach ná rialacha inmheánacha eile, sannadh a phearsanra do chúraimí sonracha ná na cinntí maidir le measúnú comhréireachta a tharmligean d’fhochonraitheoir ná d’fhochuideachta.

5.   Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta leis an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil agus an inniúlacht theicniúil is gá sa réimse sonrach. Beidh siad saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe brú agus mealladh airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6.   Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí ar fad um measúnú comhréireachta a shanntar dó faoin ngníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus ar tugadh fógra dó ina leith a chur i gcrích, gan beann an é an comhlacht um measúnú comhréireachta é féin a dhéanann na cúraimí sin nó an ndéantar iad thar a cheann agus faoina fhreagracht.

I dtaca le gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineál nó catagóir táirgí ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht i gcónaí orthu seo a leanas:

(a)

an pearsanra is gá ag a bhfuil eolas teicniúil, agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(b)

na tuairiscí is gá ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, lena n-áirithítear trédhearcacht agus inatáirgeacht na nósanna imeachta sin lena n-áirítear tuairisc ar conas a chomhfhreagraíonn an pearsanra ábhartha, a stádas agus a gcúraimí do na cúraimí um measúnú comhréireachta a bhfuil sé beartaithe ag an gcomhlacht fógra a fháil ina leith;

(c)

beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus a ghníomhaíochtaí eile;

(d)

na nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge i gceist agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgeachta.

Beidh aige na hacmhainní is gá chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó na saoráidí uile is gá.

7.   Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireacha a chur i gcrích:

(a)

oiliúint theicniúil agus ghairmiúil fhónta a chumhdaíonn na gníomhaíochtaí ar fad um measúnú comhréireachta a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;

(b)

eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leormhaith chun na measúnuithe sin a dhéanamh, lena n-áirítear eolas agus tuiscint iomchuí ar an reachtaíocht ábhartha, ar na ceanglais tástála, tomhais agus ríomha, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme nó ar na sonraíochtaí coiteanna, agus ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4;

(c)

an cumas chun deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas ina léirítear gur cuireadh measúnuithe i gcrích.

8.   Maidir leis an bpearsanra a bheidh freagrach as cinntí measúnaithe a dhéanamh:

(a)

beidh siad fostaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a thugann fógra;

(b)

ní bheidh aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann acu;

(c)

beidh siad inniúil ar na measúnuithe arna ndéanamh ag baill foirne, saineolaithe seachtracha nó fochonraitheoirí eile a fhíorú;

(d)

beidh líon leordhóthanach acu ann chun leanúnachas gnó agus cur chuige comhsheasmhach i leith measúnuithe comhréireachta a áirithiú.

9.   Ráthófar neamhchlaontacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta, neamhchlaontacht ardbhainistíocht chomhlachta um measúnú comhréireachta agus neamhchlaontacht an phearsanra measúnúcháin.

Ní bheidh luach saothair ardbhainistíocht agus pearsanra measúnúcháin comhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar an líon measúnuithe a chuirfear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

10.   Rachaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais, mura rud é go ngabhann an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó gurb é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

11.   Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus na cúraimí um measúnú comhréireachta á gcur i gcrích acu faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ach amháin i ndáil leis na húdaráis a thugann fógra agus le húdaráis náisiúnta eile an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint.

12.   Beidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú, nó áiritheoidh siad go gcuirfear a bpearsanra measúnúcháin ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin, agus déanfaidh siad an treoir agus na moltaí ábhartha arna n-eisiúint ag coistí teicniúla inniúla na gcomhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú a chur san áireamh.

Airteagal 53

Toimhde chomhréireachta na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta

I gcás ina léireoidh comhlacht um measúnú comhréireachta go gcomhlíonann sé na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 52 sa mhéid go gcumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 54

Fochuideachtaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus fochonraitheoireacht arna déanamh ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   I gcás ina ligfidh comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás ina rachaidh sé ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 52 agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.

2.   Glacfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanfaidh fochonraitheoir nó fochuideachta gan beann ar an áit a mbeidh siad sin bunaithe.

3.   Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach le comhaontú an chliaint.

4.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann leis an measúnú agus an faireachán ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó ar cháilíochtaí na fochuideachta agus an obair arna déanamh acu faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.

Airteagal 55

Iarratas ar fhógra

1.   Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid údarás a thugann fógra sin an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Beidh ag gabháil leis an iarratas sin tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an modúl nó na modúil um measúnú comhréireachta agus ar an táirge nó na táirgí a mhaíonn an comhlacht go bhfuil sé inniúil orthu, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, i gcás inarb ann dó, arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe naisiúnta lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52. Ní bhainfidh an deimhniú creidiúnaithe ach leis an gcomhlacht dlíthiúil beacht a bhfuil iarratas ar fhógra á dhéanamh aige agus beidh sé bunaithe, sa bhreis ar na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, ar na ceanglais shonracha agus ar na cúraimí um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

3.   I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar, déanfaidh sé an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun a chomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52 a fhíorú agus a aithint, agus chun faireachán rialta a dhéanamh uirthi, a sholáthar don údarás a thugann fógra.

Airteagal 56

An nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.   Na húdaráis a thugann fógra, ní fhéadfaidh siad fógra a thabhairt ach do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52 comhlíonta acu.

2.   Na húdaráis a thugann fógra, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí úsáid a bhaint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

3.   Déanfar na mionsonraí iomlána faoi na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, faoin modúl um measúnú comhréireachta nó faoi na modúil um measúnú comhréireachta agus faoin táirge lena mbaineann nó faoi na táirgí lena mbaineann agus faoi fhianú ábhartha na hinniúlachta a áireamh san fhógra.

4.   I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 55(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an gcomhlacht go tráthrialta agus go leanfaidh an comhlacht de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 52 a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

5.   Féadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a dhéanamh más amhlaidh nach ndéanfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit eile aon agóid laistigh de 2 sheachtain ón trath a thugtar fógra i gcás ina n-úsáidtear deimhniú creidiúnaithe, nó laistigh de 2 mhí ón tráth a thugtar fógra i gcás nach n-úsáidtear creidiúnú.

Ní mheasfar ach comhlacht den sórt sin a bheith ina chomhlacht faoina dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo.

6.   Beidh an fógra bailí an lá tar éis don Choimisiún an comhlacht a áireamh i liosta na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a dhéanamh ach tar éis an fógra a bheith bailí.

Ní fhoilseoidh an Coimisiún fógra más eol dó, nó má fhaigheann sé amach, nach gcomhlíonann an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52.

7.   Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon athrú ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

Airteagal 57

Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlacht faoina dtugtar fógra.

Sannfaidh sé uimhir aonair den sórt sin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear na huimhreacha aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra dóibh fúthu.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta sin cothrom le dáta.

Airteagal 58

Athruithe ar na fógraí

1.   I gcás ina bhfionnfaidh údarás a thugann fógra, nó i gcás ina gcuirfear in iúl dó, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht faoina dtugtar fógra, nó go bhfuil sé ag mainneachtain a chuid oibleagáidí a chomhall, déanfaidh an t-údarás sin an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí, nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhall. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin láithreach dá réir.

2.   I gcás ina ndéanfar fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina mbeidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tar éis scor dá ghníomhaíocht, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin a phróiseáil nó go gcoinneofar ar fáil iad do na húdaráis fhreagracha a thugann fógra agus do na húdaráis fhreagracha faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 59

Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Imscrúdóidh an Coimisiún na cásanna uile ina bhfuil sé in amhras faoi nó ina gcuirtear in iúl dó go bhfuil amhras faoi inniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó faoi chomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagachtaí a bhfuil sé faoina réir.

2.   Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra an fhaisnéis uile i dtaca leis an mbonn atá le fógra a thabhairt faoi inniúlacht an chomhlachta lena mbaineann, nó i dtaca lena coinneáil ar bun, a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin dó.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a imscrúdaithe.

4.   I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra, nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh iad, cuirfidh sé an Ballstát a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar, más gá sin.

Déanfaidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a thabhairt cothrom le dáta laistigh de 2 sheachtain ón tráth a thabharfar fógra faoi na bearta ceartaitheacha arna ndéanamh ag na Ballstáit a thugann fógra i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 60

Na hoibleagáidí oibríochtúla atá ar na comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

2.   Déanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach agus seachnófar ualaí neamhriachtanacha a leagan ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid fiontair, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge i gceist agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgeachta.

Lena linn sin, beidh aird acu mar sin féin ar mhéid na déine agus ar leibhéal na cosanta a éilítear chun comhlíontacht an táirge leis na ceanglais ábhartha a áirithiú.

3.   I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais ábhartha ná na caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha, na sonraíochtaí coiteanna ná sonraíochtaí teicniúla eile á gcomhlíonadh ag monaróir, ceanglóidh sé ar an monaróir sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh d’fhonn measúnú comhréireachta críochnaitheach a dhéanamh, mura rud é nach féidir na heasnaimh a leigheas, arb amhlaidh, sa chás sin, nach ndéanfaidh sé deimhniú ná cinneadh formheasa a eisiúint.

4.   Más rud é, le linn an fhaireacháin ar chomhréireacht tar éis deimhniú a eisiúint i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 nó tar éis cinneadh formheasa a eisiúint, go bhfionnfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil táirge ná an monaróir comhlíontach nó comhlíontach a thuilleadh, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú nó an cinneadh formheasa a chur ar fionraí nó a tharraingt siar más gá.

5.   I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha nó nach bhfuil an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú nó cinneadh formheasa a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 61

An oibleagáid faisnéise atá ar na comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a)

aon deimhniú ar diúltaíodh dó, a srianadh, a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar;

(b)

aon imthoisc a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do na coinníollacha ina leith;

(c)

aon iarraidh ar fhaisnéis arna fáil acu ó údaráis faireachais margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d)

arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta arna ndéanamh laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile arna déanamh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.   Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha ar shaincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin orthu, torthaí dearfacha na measúnuithe comhréireachta a sholáthar do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina gcumhdaítear an grúpa táirgí céanna.

3.   I gcás ina gcuireann an Coimisiún nó údarás Ballstáit faireachais margaidh iarraidh faoi bhráid comhlacht faoina dtugtar fógra atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile maidir le measúnú comhréireachta arna dhéanamh ag an gcomhlacht sin faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé cóip den iarraidh sin chuig údarás an Bhallstáit eile sin a thugann fógra. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann freagra a thabhairt ar an iarraidh gan mhoill agus laistigh de 15 lá ar a dhéanaí. Áiritheoidh an t-údarás a thugann fógra go réiteoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na hiarrataí sin.

4.   I gcás ina bhfuil fianaise a bhaineann leis an méid seo a leanas ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra nó ina bhfaigheann siad í, cuirfidh siad an t-údarás ábhartha faireachais margaidh nó an t-údarás ábhartha a thugann fógra, ar an eolas faoin bhfianaise sin, agus comhroinnfidh siad an fhianaise sin leis, de réir mar is iomchuí:

(a)

nach gcomhlíonann comhlacht eile faoina dtugtar fógra na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52 ná a oibleagáidí;

(b)

nach gcomhlíonann táirge a chuirtear ar an margadh na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4; nó

(c)

gur dócha go mbeidh táirge a chuirtear ar an margadh, mar gheall ar a riocht fisiceach, ina chúis le riosca tromchúiseach.

Airteagal 62

Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis na mBallstát atá freagrach as an mbeartas maidir le fógra a thabhairt.

Airteagal 63

Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhordú agus comhar iomchuí idir na comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo i bhfeidhm agus go n-oibreofar an comhordú agus an comhar sin mar is ceart i bhfoirm grúpa nó grúpaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, grúpaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin ngníomh tarmligthe céanna arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 nó i ndáil le cúraimí comhchosúla um measúnú comhréireachta.

Glacfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra páirt in obair aon ghrúpa ábhartha, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

2.   Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, aon doiciméad ábhartha a sholáthraítear mar thoradh ar obair na ngrúpaí dá dtagraítear i mír 1.

3.   Is é a bheidh mar aidhm ag an gcomhordú agus an comhar sna grúpaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ná cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a áirithiú. Agus an méid sin á dhéanamh acu, déanfaidh na grúpaí sin an treoir agus na moltaí ábhartha arna n-eisiúint ag coistí teicniúla inniúla na gcomhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú a chur i gcuntas.

CAIBIDIL X

DREASACHTAÍ

Airteagal 64

Dreasachtaí na mBallstát

1.   I gcás ina soláthróidh na Ballstáit dreasachtaí i leith táirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, beidh na dreasachtaí sin dírithe ar an dá aicme feidhmíochta is airde ina bhfuil táirgí ar leibhéal an Aontais nó, i gcás inarb ábhartha, ar tháirgí ar a bhfuil Éicilipéad de chuid an Aontais.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina soláthróidh na Ballstáit dreasachtaí i leith táirgí a bhaineann le fuinneamh nó boinn a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 atá faoi réir ceanglais lipéadaithe fuinnimh nó éifeachtúlachta breosla freisin, beidh feidhm ag Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus ag Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi seach.

Airteagal 65

Soláthar poiblí glas

1.   Déanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE nó le Treoir 2014/25/AE, conarthaí poiblí a dhámhachtain lena gcomhlíontar na híoscheanglais a leagtar amach de bhun mhír 2 den Airteagal seo maidir le ceannach táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, nó maidir le hoibreacha nó seirbhísí i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin le haghaidh gníomhaíochtaí arb iad ábhar na gconarthaí (‘íoscheanglais’) sin iad.

2.   Déanfar na híoscheanglais a shocrú, i gcás inarb iomchuí, chun soláthar táirgí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, agus an t-éileamh ar na táirgí sin, a dhreasú, agus luach agus méid na gconarthaí poiblí arna ndámhachtain i leith na ngrúpaí táirgí ábhartha agus a indéanta go heacnamaíoch a bheadh sé d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha táirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a cheannach gan costais dhíréireacha a bheith ann á gcur i gcuntas.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún na híoscheanglais a shocrú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla, critéir dhámhachtana, coinníollacha feidhmíochta conartha nó spriocanna.

Socrófar na híoscheanglais i ndáil leis na gnéithe táirge a dtugtar aghaidh orthu sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 is infheidhme maidir leis na grúpaí táirgí i dtrácht, de réir mar is ábhartha do na grúpaí táirgí sin.

Beidh na híoscheanglais bunaithe ar an dá aicme is airde feidhmíocht, ar na scóir is airde nó, nuair nach bhfuil siad ar fáil, ar na leibhéil feidhmíochta is fearr is féidir mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 is infheidhme maidir leis na grúpaí táirgí i dtrácht.

Beidh ag na critéir dhámhachtana, i gcás inarb iomchuí, meáchan íosta idir 15 % agus 30 % sa phróiseas dámhachtana a chuirfidh ar a gcumas tionchar suntasach a imirt ar thoradh an nóis imeachta tairisceana agus a thabharfaidh tús áite do roghnú na dtáirgí is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Ceanglófar le spriocanna go ndéanfaí, ar bhonn bliantúil nó ilbhliantúil, íoschéatadán 50 % de na táirgí is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de amhail dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a sholáthar ar leibhéal na n-údarás conarthach nó na n-eintiteas conarthach, nó ar an leibhéal náisiúnta comhiomlánaithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).

CAIBIDIL XI

FAIREACHAS MARGAIDH

Airteagal 66

Na gníomhaíochtaí faireachais margaidh arna mbeartú

1.   Déanfaidh gach Ballstát, sa straitéis faireachais margaidh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020, roinn a sholáthar ar na gníomhaíochtaí faireachais margaidh arna mbeartú chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne, ar scála leormhaith i ndáil leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa roinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

na táirgí nó na ceanglais arna sainaithint mar thosaíochtaí don fhaireachas margaidh, agus na tosaíochtaí comhchoiteanna arna sainaithint ag an ngrúpa comhair riaracháin (‘ADCO’), arna chur ar bun de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020, i gcomhréir le hAirteagal 68(1), pointe (a), agus na tuarascálacha de bhun Airteagal 67(2), á gcur i gcuntas.

(b)

na gníomhaíochtaí faireachais margaidh arna mbeartú chun neamhchomhlíonadh i gcás na dtáirgí nó na gceanglas sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí a laghdú nó chun deireadh a chur leis, lena n-áirítear cineál na seiceálacha a bheidh le déanamh le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an straitéis náisiúnta faireachais margaidh.

2.   Déanfar na tosaíochtaí don fhaireachas margaidh dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (a), a shainaithint ar bhonn critéir oibiachtúla, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a)

na leibhéil neamhchomhlíonta a thugtar faoi deara sa mhargadh a thagann faoi inniúlacht an údaráis faireachais margaidh;

(b)

tionchar an neamhchomhlíonta ar an gcomhshaol;

(c)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, an líon gearán arna bhfáil ó úsáideoirí deiridh nó ó eagraíochtaí tomhaltóirí, nó faisnéis eile arna fáil ó oibreoirí eacnamaíocha nó ó na meáin;

(d)

an líon táirgí ábhartha a chuirtear ar fáil ar an margadh a thagann faoi inniúlacht an údaráis faireachais margaidh; agus

(e)

an líon oibreoirí eacnamaíocha ábhartha atá gníomhach ar margadh a thagann faoi inniúlacht an údaráis faireachais margaidh.

3.   I gcás catagóirí táirgí a shainaithnítear a bheith ina n-ardriosca neamhchomhlíonta, áireofar sna seiceálacha dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne bunaithe ar shamplaí leormhaithe.

Beidh sé de cheart ag na húdaráis faireachais margaidh costais an iniúchta ar dhoiciméid agus na tástála fisicí ar tháirgí a ghnóthú ón oibreoir eacnamaíoch freagrach i gcás neamhchomhlíonadh gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

Airteagal 67

Tuairisciú agus tagarmharcáil

1.   Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh faisnéis faoi chineál agus déine aon phionóis a fhorchuirtear i ndáil le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo a chur isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, gach 4 bliana, tuarascáil a tharraingt suas faoin 30 Meitheamh bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag na húdaráis faireachais margaidh sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020.

Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil sin:

(a)

faisnéis faoi chineál agus líon na seiceálacha arna ndéanamh ag na húdaráis faireachais margaidh le linn na 4 bliana féilire roimhe sin de bhun Airteagal 34(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/1020;

(b)

faisnéis faoi leibhéil an neamhchomhlíonta arna sainaithint agus faoi chineál agus déine na bpionós arna bhforchur i gcás na 4 bliana féilire roimhe sin i ndáil le táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo;

(c)

comparáid idir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo agus na gníomhaíochtaí arna mbeartú i gcomhthéacs na roinne ar na gníomhaíochtaí faireachais margaidh arna tarraingt suas de bhun Airteagal 66(1);

(d)

tagarmharcanna táscacha do na húdaráis faireachais margaidh i ndáil le minicíocht na seiceálacha agus cineál agus déine na bpionós arna bhforchur;

(e)

liosta tosaíochtaí do na húdaráis faireachais margaidh ó thaobh táirgí agus ceanglas de.

3.   Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí í. Foilseofar an chéad cheann de na tuarascálacha sin faoin 19 Iúil 2028.

Airteagal 68

Comhordú ar an bhfaireachas margaidh agus tacaíocht dó

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tiocfaidh ADCO le chéile go tráthrialta agus, i gcás inar gá, ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó dhá údarás faireachais margaidh rannpháirteacha nó níos mó.

I gcomhthéacs a chúraimí a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/1020 a chur i gcrích, tacóidh ADCO le cur chun feidhme na roinne ar ghníomhaíochtaí faireachais margaidh arna tarraingt suas de bhun Airteagal 66(1) agus sainaithneoidh sé an méid seo a leanas:

(a)

tosaíochtaí comhchoiteanna don fhaireachas margaidh amhail dá dtagraítear in Airteagal 66(1), pointe (a), bunaithe ar chritéir oibiachtúla amhail dá dtagraítear in Airteagal 66(2);

(b)

tosaíochtaí do thacaíocht an Aontais de bhun mhír 2;

(c)

ceanglais a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus a chuirtear i bhfeidhm nó a léirmhínítear ar bhealach éagsúil agus ar cheart iad a bheith ina dtosaíochtaí d’eagrú clár oiliúna comhchoiteanna nó do ghlacadh treoirlínte de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

2.   Bunaithe ar thosaíochtaí arna sainaithint ag ADCO, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

comhfhaireachas margaidh agus tionscadail tástála a eagrú i réimsí leasa choitinn;

(b)

comhinfheistíocht in acmhainneachtaí faireachais margaidh a eagrú, lena n-áirítear trealamh agus uirlisí teicneolaíochta faisnéise;

(c)

cláir oiliúna comhchoiteanna a eagrú d’fhoireann na n-údarás faireachais margaidh, na n-údarás custaim, na n-údarás a thugann fógra agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear cláir um léirmhíniú ceart agus cur i bhfeidhm ceart ceanglas a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus ar mhodhanna agus teicnící is ábhartha chun comhlíonadh na gceanglas sin a chur i bhfeidhm nó a fhíorú;

(d)

treoirlínte a tharraingt suas maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú ceanglas a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, lena n-áirítear cleachtais chomhchoiteanna agus modheolaíochtaí comhchoiteanna le haghaidh faireachas margaidh éifeachtach.

(e)

i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le saineolaithe.

Déanfaidh an tAontas, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a mhaoiniú.

3.   Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus lóistíochta chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an ADCO sin a chúraimí a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/1020 i gcás ina mbaineann na cúraimí sin leis an Rialachán sin.

CAIBIDIL XII

NÓSANNA IMEACHTA COIMIRCE

Airteagal 69

An nós imeachta chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo ar an leibhéal náisiúnta

1.   I gcás ina mbeidh údar leordhóthanach ag na húdaráis faireachais margaidh chun a chreidiúint go bhfuil riosca ag baint le táirge a chumhdaítear faoi ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh siad meastóireacht ina gcumhdófar na ceanglais uile atá ábhartha don riosca agus a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe sin.

I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis faireachais margaidh, le linn na meastóireachta sin, nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnta a fhorchuirfidh na húdaráis faireachais margaidh, a bheidh comhchuimseach le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, leibhéal an neamhchomhlíonta, chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh. Féadfar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, inter alia, a áireamh sa ghníomhaíocht cheartaitheach sin.

Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi sin dá réir.

2.   I gcás ina measann na húdaráis faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoin ngníomhaíocht cheartaitheach a bheidh curtha de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh acu.

3.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí uile i leith na dtáirgí uile lena mbaineann a bheidh curtha ar fáil aige ar an margadh ar fud an Aontais.

4.   I gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, nó ina leanann an neamhchomhlíonadh ar aghaidh, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh na bearta sealadacha iomchuí uile chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge lena mbaineann a chur ar a margadh náisiúnta, chun é a aistarraingt ón margadh nó chun é a aisghairm.

Cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan mhoill, faoi na bearta sin.

5.   An fhaisnéis atá le soláthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, déanfar í a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuimseofar inti na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach, ionad tionscnaimh an táirge, cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an neamhchomhlíonadh a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a shainaithint. Tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh le fios freisin cibé an é aon cheann den dá ní seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:

(a)

mainneachtain an táirge na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh; nó

(b)

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 41 agus 42 den Rialachán seo lena mbronntar toimhde chomhréireachta.

6.   Déanfaidh Ballstáit seachas an Ballstát a bhfuil an nós imeachta á thionscnamh aige an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas, gan mhoill, faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi i dtaca le neamhchomhlíonadh an táirge lena mbaineann agus, i gcás easaontú leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra faoi, faoina gcuid agóidí.

7.   Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, nach bhfuil aon agóid déanta ag Ballstát ná ag an gCoimisiún maidir le beart sealadach arna dhéanamh ag Ballstát, measfar go bhfuil údar cuí leis an mbeart sin. Féadfaidh an beart sealadach sin tréimhse seachas tréimhse 3 mhí a shonrú chun sainiúlachtaí na dtáirgí nó na gceanglas lena mbaineann a chur i gcuntas.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí i leith an táirge lena mbaineann, amhail an táirge a tharraingt siar óna margadh, gan mhoill.

Airteagal 70

Nós imeachta coimirce an Aontais

1.   Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 69(3) agus (4) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh beart a ghlacann Ballstát, nó i gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do dhlían Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, faoi cibé acu atá údar cuí leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).

Is chuig na Ballstáit uile a dhíreoidh an Coimisiún a chinneadh agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

2.   Má mheastar údar cuí a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin dá réir.

Má mheastar nach bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

3.   I gcás ina meastar go bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta agus gurb é is cúis le neamhchomhlíonadh an táirge ná easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 41 den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a chur i bhfeidhm.

4.   I gcás ina meastar go bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta agus ina ndéanfar neamhchomhlíonadh an táirge a chur i leith easnaimh sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 42, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme gan mhoill lena leasófar nó lena n-aisghairfear na sonraíochtaí coiteanna sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).

Airteagal 71

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.   I gcás ina ndéanann Ballstát aon cheann de na fionnachtana seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 46 den Rialachán seo;

(b)

níor greamaíodh an mharcáil CE;

(c)

greamaíodh, de shárú ar Airteagal 46, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, nó níor greamaíodh í i gcás inar ceanglaíodh sin;

(d)

ní dhearnadh dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas;

(e)

ní dhearnadh dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gceart;

(f)

níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil, níl sí comhlánaithe nó tá earráidí inti;

(g)

tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 27(6) nó in Airteagal 29(3) ar iarraidh, bréagach nó neamhiomlán;

(h)

níor comhlíonadh aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagal 27 nó in Airteagal 29 nó sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

2.   I gcás ina maireann an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta iomchuí uile chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge a chur ar a margadh nó chun a áirithiú go ndéanfar é a aisghairm nó a aistarraingt ón margadh.

CAIBIDIL XIII

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 72

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 10(1), an dara fomhír, Airteagal 11, an tríú mír, Airteagal 12(4), agus Airteagal 25(3) agus (5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 18 Iúil 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 10(1), an dara fomhír, Airteagal 11, an tríú mír, Airteagal 12(4), agus Airteagal 25(3) agus (5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát ag gníomhú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, Airteagal 10(1), an dara fomhír, Airteagal 11, an tríú mír, Airteagal 12(4), nó Airteagal 25(3) nó (5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 73

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL XIV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 74

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin, gan mhoill, agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí ar an nithe seo a leanas sna pionóis a bhunófar de bhun an Airteagail seo:

(a)

cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

i gcás inarb iomchuí, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;

(c)

staid airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(d)

na sochair eacnamaíocha arna n-eascairt as an sárú don duine nádúrtha nó dlítheanach a mheastar a bheith freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e)

an damáiste don chomhshaol de dheasca an tsáraithe;

(f)

aon ghníomhaíocht arna déanamh ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a mheastar a bheith freagrach chun an damáiste arna dhéanamh a mhaolú nó a leigheas;

(g)

cineál athdhéanta nó aonair an tsáraithe;

(h)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme maidir le cúinsí an cháis.

3.   Beidh na Ballstáit in ann, ar a laghad, na pionóis seo a leanas a fhorchur i gcás ina ndéantar sáruithe ar an Rialachán seo:

(a)

fíneálacha;

(b)

eisiamh atá teoranta ó thaobh ama de ó nósanna imeachta soláthair phoiblí.

Airteagal 75

Faireachán agus meastóireacht

1.   I measc na ndoiciméad ullmhúcháin is ábhartha don nuashonrú ar an bplean oibre i gcomhréir le hAirteagal 18(3), tiomsóidh an Coimisiún tuarascáil ar na ceanglais éicidhearthóireachta d’fhonn faireachán a dhéanamh ar na feabhsuithe ar inbhuanaitheacht comhshaoil agus ciorclaíocht na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   Faoin 19 Iúil 2030, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus ar a mhéid a chuireann sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hearnáil na hathúsáide agus an athchóirithe, na feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (h), agus na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil VI, go háirithe na díolúintí d’fhiontair bheaga agus do mhicrifhiontair, agus le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí. Mar chuid den mheastóireacht sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta a bheadh sé oiriúnú uathoibríoch ar cheanglais éicidhearthóireachta a áireamh ar bhonn feidhmíocht táirgí a fheabhsú sna táirgí atá á gcur ar an margadh. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar phríomhthorthaí a mheastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún, agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí í.

3.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ullmhú.

4.   Faoin 19 Iúil 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann dá ndéanfaí ceanglais inbhuanaitheachta sóisialta a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar phríomhthorthaí a mheastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún, agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí í.

5.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach chun leasú a dhéanamh ar an Rialacháin seo a chur ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4.

Airteagal 76

Sásamh tomhaltóirí

I gcás nach gcomhlíonann táirge na ceanglais éicidhearthóireachta a shocraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, beidh na hoibreoirí eacnamaíocha seo a leanas faoi dhliteanas i leith damáiste a bhaineann don tomhaltóir:

(a)

an monaróir; nó,

(b)

i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, agus gan dochar dá dhliteanas féin, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe ar an monaróir; nó,

(c)

i gcás nach bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe san Aontas ná nach bhfuil aon ionadaí údaraithe ar an monaróir ann, an soláthraí seirbhíse comhlíonta.

Beidh dliteanas na n-oibreoirí eacnamaíocha sin i leith damáiste gan dochar do chur i bhfeidhm leigheasanna eile atá ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 77

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (27) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828:

‘(27)

Rialachán (AE) 2024/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1726, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1726/oj).’.

Airteagal 78

Leasú ar Rialachán (AE) 2023/1542

In Airteagal 77 de Rialachán (AE) 2023/1542, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘10.   Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a bhfuil an ceallra á chur ar an margadh nó á chur i seirbhís aige an t-aitheantóir uathúil a uaslódáil sa chlárlann dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 79

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairtear Treoir 2009/125/CE le héifeacht ón 18 Iúil 2024, seachas:

(a)

Airteagail 1 agus 2, Airteagal 8(2), Airteagail 11, 14, 15, 18, agus 19 de Threoir 2009/125/CE agus Iarscríbhinní I, II, IV, V agus VII a ghabhann léi sa leagan is infheidhme an 17 Iúil 2024, a leanfaidh, in ionad Airteagail 1, 2, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 19 agus 20 den Rialachán seo, agus Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann leis an Rialachán seo, d’fheidhm a bheith acu:

(i)

go dtí an 31 Nollaig 2026, maidir le grianphainéil, téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí, téitheoirí uisce, téitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh, aerchóiritheoirí lena n-áirítear teaschaidéil aer go haer agus gaothráin chompoird, coirí breosla sholadaigh, táirgí téimh aeir agus táirgí fuaraithe, aonaid aerála, folúsghlantóirí, fearais chócaireachta, caidéil uisce, gaothráin thionsclaíocha, athfhillteoirí, soláthairtí seachtracha cumhachta, ríomhairí, freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, claochladáin chumhachta, trealamh cuisniúcháin gairmiúil, agus trealamh íomháithe;

(ii)

go dtí an 31 Nollaig 2030, maidir le táirgí a rialaítear le bearta cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 15 de Threoir 2009/125/CE, ach sa mhéid go bhfuil gá le leasuithe, áfach, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna teicniúla i ndáil leis na bearta cur chun feidhme sin.

(b)

Airteagal 1(3), Airteagal 2, Airteagal 3(1), Airteagail 4, 5 agus 8, Airteagal 9(3), Airteagail 10, 14 agus 20 de Threoir 2009/125/CE, agus Iarscríbhinní IV, V agus VI a ghabhann léi, sa leagan is infheidhme an 17 Iúil 2024, a leanfaidh, in ionad Airteagail 1, 2, 27 agus 29, Airteagal 41(4), Airteagal 43(2), Airteagail 44, 45 agus 46 agus Airteagal 74 den Rialachán seo, agus Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann leis, d’fheidhm a bheith acu maidir le táirgí arna rialáil le bearta cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 15 den Treoir sin go dtí go n-aisghairfear na bearta sin nó go ndearbhófar go bhfuil siad imithe i léig.

Beidh feidhm ag pointe (b) den mhír seo a thúisce a bheidh bearta cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 15 de Threoir 2009/125/CE i leith na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe (a)(i) agus (ii).

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 40 agus Airteagail 66 go 71 den Rialachán seo maidir le táirgí a rialaítear le bearta cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 15 de Threoir 2009/125/CE.

3.   Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.

4.   I gcás táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse i gcomhréir le Treoir 2009/125/CE roimh dháta chur i bhfeidhm gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo lena gcumhdaítear na táirgí céanna, déanfaidh an monaróir, go ceann tréimhse 10 mbliana ón dáta a bheidh an táirge deireanach de na táirgí sin monaraithe, leagan leictreonach den doiciméadacht i dtaca leis an measúnú comhréireachta agus an dearbhú comhréireachta a chur ar fáil chun a iniúchta laistigh de 10 lá tar éis iarraidh a fháil ó na húdaráis faireachais margaidh nó ón gCoimisiún.

Airteagal 80

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 443, 22.11.2022, lch. 123.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024.

(3)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(4)   IO C 425, 20.10.2021, lch. 10.

(5)   IO C 465, 17.11.2021, lch. 11.

(6)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(7)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).

(10)  Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).

(11)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(14)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(15)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(18)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(19)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).

(20)  Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena n-ath-inúsáideacht, lena n-athchúrsáilteacht agus lena n-in-aisghábháilteacht agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 310, 25.11.2005, lch. 10).

(21)  Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).

(22)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

(23)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

(25)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(26)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(27)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(28)  Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl (IO L 471, 30.12.2021, lch. 1).

(29)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(30)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(32)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(33)  Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).

(34)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).

(35)  Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).

(36)  Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).

(37)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(38)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(39)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(41)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(42)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(43)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(44)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(45)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(46)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(47)   IO C 136, 4.6.1985, lch. 1.

(48)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(49)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(50)  Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn i ndáil le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1).

(51)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(52)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis atá ag feidhmiú sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(53)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí maidir le hábhair custam agus ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm mar is ceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(54)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(55)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(56)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).

(57)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(58)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(59)  Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach (IO L 303, 28.11.2018, lch. 59).

(60)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(61)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).

(62)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Paraiméadair tháirge

Déanfar na paraiméadair seo a leanas, de réir mar is iomchuí, agus i gcás inar gá arna bhforlíonadh le paraiméadair eile, a úsáid, ar bhonn aonair nó in éineacht, mar bhonn chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge seo a leanas:

(a)

marthanacht agus iontaofacht an táirge nó a chomhpháirteanna mar a léirítear trí shaolré ráthaithe an táirge, saolré teicniúil an táirge, meán-am an táirge idir teipeanna, léiriú an táirge ar fhaisnéis fíorúsáide maidir leis an táirge, frithsheasmhacht an táirge in aghaidh strus nó meicníochtaí aosaithe;

(b)

éascaíocht deisithe agus cothabhála, mar a leirítear trí shaintréithe, infhaighteacht, aga seachadta agus inacmhainneacht páirteanna spártha, modúlacht, comhoiriúnacht le huirlisí agus le páirteanna spártha atá ar fáil go coiteann, infhaighteacht treoracha deisiúcháin agus cothabhála, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus cibé an bhfuil gá le huirlisí speisialaithe, éascaíocht díchóimeála agus athchóimeála neamhscriosaí, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó maidir lena n-úsáid;

(c)

éascaíocht uasghrádaithe, athúsáide, athmhonaraithe agus athchóirithe mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó maidir le húsáid a bhaint astu, coinníollacha maidir le rochtain ar phrótacail tástála nó ar threalamh tástála nach bhfuil ar fáil go coiteann, infhaighteacht ráthaíochtaí atá sonrach do tháirgí athmhonaraithe nó athchóirithe, coinníollacha maidir le rochtain ar theicneolaíochtaí atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla nó maidir le húsáid a bhaint astu, módúlacht;

(d)

an dearadh don athchúrsáil, éascaíocht agus cáilíocht na hathchúrsála mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: úsáid ábhar atá éasca le hathchúrsáil, rochtain shábháilte, éasca agus neamhscriosach ar chomhpháirteanna agus ábhair in-athchúrsáilte nó ar chomhpháirteanna agus ábhair a bhfuil substaintí guaiseacha iontu agus comhdhéanamh agus aonchineálacht ábhair, an fhéidearthacht sórtáil ardíonachta a dhéanamh, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó maidir le húsáid a bhaint astu;

(e)

réitigh theicniúla atá díobhálach d’athúsáid, uasghrádú, deisiú, cothabháil, athchóiriú, athmhonarú agus athchúrsáil táirgí agus comhpháirteanna a sheachaint;

(f)

úsáid substaintí, agus go háirithe úsáid substaintí arb údar imní iad, leo féin, mar chomhábhair de shubstaintí nó i meascáin, le linn phróiseas táirgthe na dtáirgí, nó as a dtagann a láithreacht i dtáirgí, lena n-áirítear a luaithe a bhíonn na táirgí sin ina ndramhaíl, agus a dtionchair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;

(g)

úsáid nó ídiú fuinnimh, uisce agus acmhainní eile in aon chéim saolré amháin nó níos mó den táirge, lena n-áirítear éifeacht tosca fisiceacha nó nuashonruithe bogearraí agus dochtearraí ar éifeachtúlacht táirgí agus lena n-áirítear an tionchar ar dhífhoraoisiú;

(h)

úsáid nó cion ábhar athchúrsáilte agus aisghabháil ábhar, lena n-áirítear amhábhair chriticiúla;

(i)

úsáid nó cion ábhar in-athnuaite inbhuanaithe;

(j)

meáchan agus toirt an táirge agus a phacáistíochta, agus an cóimheas idir táirge agus pacáistíocht;

(k)

ionchorprú comhpháirteanna úsáidte;

(l)

cainníocht, saintréithe agus infhaighteacht na dtomhaltán is gá le haghaidh úsáid agus cothabháil chuí mar a léirítear, inter alia, trí thoradh, saolré theicniúil, cumas athúsáide, deisithe agus athmhonaraithe, éifeachtúlacht mhór-acmhainne, agus idir-inoibritheacht;

(m)

lorg comhshaoil an táirge, arna shloinneadh mar chainníochtú, i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe is infheidhme, ar thionchair an tairge ar an gcomhshaol ar feadh a shaolré, bíodh sé sin i ndáil le catagóir tionchair comhshaoil amháin nó níos mó nó i ndáil le tacar comhiomlánaithe catagóirí tionchair;

(n)

lorg carbóin an táirge;

(o)

lorg ábhair an táirge;

(p)

scaoileadh micreaphlaisteach agus nanaphlaisteach mar a léirítear trí scaoileadh le linn céimeanna ábhartha de shaolré an táirge, lena n-áirítear céim na monaraíochta, céim an iompair, céim na húsáide agus céim an deiridh ré;

(q)

astaíochtaí san aer, san uisce agus san ithir a scaoiltear in aon chéim saolré amháin nó níos mó den táirge mar a léirítear trí chainníochtaí agus cineál na n-astaíochtaí, lena n-áirítear torann;

(r)

méideanna dramhaíola a ghintear, lena n-áirítear dramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ó phacáistíocht agus a n-éascaíocht athúsáide, agus méideanna dramhaíola guaisí a ghintear;

(s)

feidhmíocht fheidhmiúil agus coinníollacha úsáide, lena n-áirítear mar a léirítear tríd an gcumas an úsáid atá beartaithe di a fheidhmiú, réamhchúraimí úsáide, na scileanna is gá agus comhoiriúnacht le táirgí nó córais eile;

(t)

dearadh éadrom mar a léirítear trí thomhaltas ábhair a laghdú, barrfheabhsú ualaigh agus struis struchtúr, comhtháthú feidhmeanna laistigh den ábhar nó i gcomhpháirt táirge aonair, úsáid ábhar dlúis ísil nó ardnirt agus ábhar hibrideach, maidir le coigilteas ábhair, athchúrsáil agus gnéithe ciorclaíochta eile, agus laghdú dramhaíola.


IARSCRÍBHINN II

An nós imeachta maidir le ceanglais feidhmíochta a shainmhíniú

Socrófar ceanglais feidhmíochta táirgeshonracha nó chothrománacha mar a leanas:

trí anailís theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch roghnófar líon múnlaí ionadaíocha den táirge nó de na táirgí i gceist atá ar an margadh agus sainaithneofar na roghanna teicniúla atá ann chun feabhas a chur ar fheidhmíocht an táirge i ndáil leis na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus inmharthanacht eacnamaíoch na roghanna á cur i gcuntas agus aon mhéadú suntasach ar thionchair eile ar an gcomhshaol ar feadh na saolré agus caillteanas suntasach feidhmíochta nó úsáideachta do thomhaltóirí á seachaint.

San anailís dá dtagraítear sa chéad mhír, sainaithneofar freisin, i gcás an pharaiméadair atá faoi bhreithniú, na táirgí agus na teicneolaíochtaí is fearr feidhmíocht atá ar fáil ar an margadh, chomh maith leis na feabhsúcháin atá ag teacht ar an teicneolaíocht.

Cuirfear feidhmíocht na dtáirgí atá ar fáil ar na margaí idirnáisiúnta agus na tagarmharcanna a leagtar síos i ndlí tíortha eile san áireamh le linn na hanailíse dá dtagraítear sa chéad mhír agus freisin nuair a bhíonn ceanglais á leagan síos.

Bunaithe ar an anailís dá dtagraítear sa chéad mhír, agus an fhéidearthacht eacnamaíoch agus theicniúil á cur san áireamh, lena n-áirítear infhaighteacht príomhacmhainní agus príomhtheicneolaíochtaí, mar aon leis an acmhainneacht chun feabhais, déanfar leibhéil nó ceanglais neamhchainníochtúla a shainmhíniú.

Aon teorainn tiúchana le haghaidh substaintí amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (f), bunófar í ar anailís chríochnúil ar inbhuanaitheacht na substaintí agus a roghanna malartacha sainaitheanta, agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha aici ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol. Aon cheanglas feidhmíochta a bhaineann le substaintí amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (f), cuirfear san áireamh leis measúnuithe ar shábháilteacht cheimiceach atá ann cheana a dhéanann comhlachtaí ábhartha an Aontais le haghaidh na substaintí lena mbaineann, mar aon le critéir atá sábháilte agus inbhuanaithe trí dhearadh maidir le ceimiceáin agus ábhair arna bhforbairt ag an gCoimisiún. Déanfar gnéithe d’in-fhorfheidhmitheacht a mheas le teorainneacha tiúchana atá beartaithe freisin, amhail teorainneacha braite anailíseacha.

I gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh san anailís dá dtagraítear sa chéad mhír na tionchair is dócha a bheadh ag an athrú aeráide ar an táirge le linn a shaolré ionchasaí, agus acmhainneacht an táirge feabhas a chur ar an athléimneacht aeráide i rith a shaolré.

Déanfar anailís íogaireachta lena gcumhdaítear na tosca ábhartha, amhail costas an fhuinnimh nó na n-acmhainní eile, costas na n-amhábhar agus na dteicneolaíochtaí is gá, costais táirgeachta, rátaí lascaine, agus, i gcás inarb iomchuí, costais sheachtracha chomhshaoil, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa seachanta.

Chun an anailís dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorbairt, déanfar faisnéis ábhartha atá ar fáil i gcreat ghníomhaíochtaí eile an Aontais, lena n-áirítear, inter alia, treochláir earnála atá ann cheana amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1119, a chur i gcuntas agus áireofar inti faisnéis theicniúil a úsáidtear mar bhunús do Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, Treoir 2010/75/AE agus critéir maidir le soláthar poiblí glas, nó faisnéis theicniúil a eascraíonn as Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, Treoir 2010/75/AE, critéir scagtha theicniúla arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/852 agus critéir AE um sholáthar poiblí glas.

Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le faisnéis atá ar fáil ó chláir atá ann cheana arna gcur i bhfeidhm i gcodanna eile den domhan chun ceanglais éicidhearthóireachta sonracha do tháirgí a thrádáiltear le comhpháirtithe eacnamaíocha an Aontais a leagan síos.


IARSCRÍBHINN III

Pas Táirge digiteach

(dá dtagraítear in Airteagail 9 go 12)

Sonrófar sna ceanglais a bhaineann leis an bpas táirge digiteach a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 cén sonraí atá le háireamh nó ar féidir iad a áireamh sa phas táirge digiteach as measc na ngnéithe seo a leanas:

(a)

faisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7(2), pointe (b), agus Airteagal 7(5) nó le dlí eile sin an Aontais is infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha;

(b)

an t-aitheantóir uathúil táirge ar an leibhéal a léirítear sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;

(c)

an Uimhir Aitheantais Trádála Domhanda amhail dá bhforáiltear i gcaighdeán ISO/IEC 15459-6 na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú/an Choimisiúin Idirnáisiúnta Leictriteicniúil nó coibhéis na dtáirgí nó a bpáirteanna;

(d)

cóid tráchtearraí ábhartha, amhail cód TARIC mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;

(e)

doiciméadacht chomhlíonta agus faisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo nó le dlí eile sin an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge, amhail an dearbhú comhréireachta, doiciméadacht theicniúil nó deimhnithe comhréireachta;

(f)

lámhleabhair úsáideora, treoracha, rabhaidh nó faisnéis sábháilteachta, mar a cheanglaítear le dlí eile an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge;

(g)

faisnéis maidir leis an monaróir, amhail a aitheantóir uathúil oibreora agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(7);

(h)

aitheantóirí uathúla oibreora seachas aitheantóir uathúil oibreora an mhonaróra;

(i)

aitheantóirí uathúla saoráide;

(j)

faisnéis maidir leis an allmhaireoir, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 29(3) agus a uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI);

(k)

ainm, sonraí teagmhála agus aitheantóir oibreora uathúil an oibreora eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020, nó Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2023/988, nó cúraimí comhchosúla de bhun dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge, a dhéanamh.

(l)

tagairt an tsoláthraí seirbhíse pas táirge digiteach tríú páirtí neamhspleách a óstálann an chóip chúltaca den phas táirge digiteach.

Déanfaidh an t-iompróir sonraí, an t-aitheantóir uathúil táirge dá dtagraítear i bpointe (b), na haitheantóirí uathúla oibreora dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (k), agus na haitheantóirí uathúla saoráide dá dtagraítear i bpointe (i), i gcás inarb ábhartha do na táirgí lena mbaineann, caighdeáin ISO/IEC 15459-1:2014, ISO/IEC 15459-2:2015, ISO/IEC 15459-3:2014, ISO/IEC 15459-4:2014, ISO/IEC 15459-5:2014 agus ISO/IEC 15459-6:2014 a chomhlíonadh.

Sainaithneofar leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 faisnéis atá ábhartha do cheanglais éicidhearthóireachta a fhéadfaidh monaróirí a áireamh sa phas táirge digiteach sa bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 9(2), pointe (a), lena n-áirítear faisnéis maidir le lipéid dheonacha shonracha is infheidhme maidir leis an táirge. Áireofar leis sin cibé acu a dámhadh nó nár dámhadh éicilipéad AE don táirge i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010.


IARSCRÍBHINN IV

Rialú inmheánach táirgthe

(Modúl A)

1.   Is é atá i rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta um measúnú comhréireachta trína gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4, agus trína n-áirithíonn agus trína ndearbhaíonn sé, faoin bhfreagracht aonair atá air, go gcomhlíonann an táirge ceanglais an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

2.   Doiciméadacht theicniúil

Is é an monaróir a bhunóidh an doiciméadacht theicniúil. Leis an doiciméadacht, beifear in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an táirge le ceanglais an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an táirge. Beidh, i gcás inarb infheidhme, ar a laghad ceann amháin de na gnéithe seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil:

cur síos ginearálta ar an táirge agus ar an úsáid atá beartaithe dó,

dearadh coincheapúil agus líníochtaí agus scéimeanna monaraíochta na gcomhpháirteanna, na bhfo-chóimeálacha, na gciorcad, etc.

na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna sin a thuiscint agus chun an táirge a oibriú,

liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí comhchoiteanna nó na sonraíochtaí teicniúla eile ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, agus tuairiscí ar na réitigh arna nglacadh chun na ceanglais a chomhlíonadh i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm. I gcás inar cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm go páirteach, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm,

torthaí na ríomhanna deartha a rinneadh, scrúduithe a rinneadh, etc,

torthaí na dtomhas a rinneadh i ndáil leis na ceanglais éicidhearthóireachta, lena n-áirítear mionsonraí faoi chomhréireacht na dtomhas sin i gcomparáid leis na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4,

tuarascálacha tástála, agus

cóip den fhaisnéis arna soláthar i gcomhréir leis na ceanglais faisnéise de bhun Airteagal 7,

3.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá ionas go n-áiritheofar leis an bpróiseas monaraíochta, agus leis an bhfaireachán air, go gcomhlíonann an táirge an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus ceanglais an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

4.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

Greamóidh an monaróir an mharcáil comhréireachta is gá de gach táirge aonair a chomhlíonann ceanglais an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn le haghaidh gach múnla táirge i gcomhréir le hAirteagal 44 agus coinneoidh sé é, mar aon leis an doiciméadacht theicniúil, ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge a bheith curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís. Leis an dearbhú comhréireachta, sainaithneofar an táirge ar ina leith a tarraingíodh suas é.

Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

5.   Ionadaí údaraithe

Oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 4, féadfaidh a ionadaí údaraithe iad a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear na hoibleagáidí sa sainordú.


IARSCRÍBHINN V

Dearbhú comhréireachta AE

(dá dtagraítear in Airteagal 44)

1.   

Uimh. … (aitheantas uathúil an táirge);

2.   

Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí údaraithe an mhonaróra;

3.   

Is faoi fhreagracht an mhonaróra amháin a eisítear dearbhú comhréireachta seo AE;

4.   

Cuspóir an dearbhaithe (tuairisc ar an táirge atá leordhóthanach chun é a shainaithint gan débhrí agus lena gceadófar inrianaitheacht; féadfar, i gcás inar gá chun an táirge a shainaithint, íomhá a áireamh ann);

5.   

Tá cuspóir an dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe (4) i gcomhréir leis an Rialachán seo, leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus, i gcás inarb infheidhme, le reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais;

6.   

Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó do na sonraíochtaí comhchoiteanna arna n-úsáid nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile a ndearbhaítear comhréireacht ina leith;

7.   

I gcás inarb infheidhme, an comhlacht faoina dtugtar fógra … (ainm, uimhir), a rinne … (cur síos ar an idirghabháil) agus a d’eisigh an deimhniú nó an cinneadh formheasa … (uimhir);

8.   

I gcás inarb iomchuí, an tagairt do dhlí eile sin an Aontais lena ndéantar foráil do ghreamú mharcáil CE a chuirtear i bhfeidhm;

9.   

Céannacht agus síniú an duine a bhfuil sé de chumhacht aige ceangal a chur ar an monaróir nó ar ionadaí údaraithe an mhonaróra;

10.   

Faisnéis bhreise:

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:

(áit agus dáta eisiúna):

(ainm, feidhm) (síniú):


IARSCRÍBHINN VI

Critéir maidir le bearta féinrialála

(dá dtagraítear in Airteagal 21)

Úsáidfear an liosta neamh-uileghabhálach critéar seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar bhearta féinrialála i gcomhréir le hAirteagal 21:

1.

Oscailteacht na rannpháirtíochta

Ní mór bearta féinrialála a bheith oscailte do rannpháirtíocht aon oibreora a dhéanann táirge a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála a chur ar an margadh, lena n-áirítear FBManna agus oibreoirí tríú tír, sa chéim ullmhúcháin agus sa chéim cur chun feidhme araon. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil sé ar intinn acu beart féinrialála a bhunú fógra poiblí a dhéanamh go bhfuil sé beartaithe acu déanamh amhlaidh sula dtosaítear ar an mbeart a fhorbairt.

2.

Inbhuanaitheacht agus breisluach

Ní mór do bhearta féinrialála freagairt ar chuspóirí beartais an Rialacháin seo agus ní mór iad a bheith comhsheasmhach leis na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta den fhorbairt inbhuanaithe. Ní mór do bhearta féinrialála cur chuige comhtháite a bheith acu i leith an comhshaol, leasanna na dtomhaltóirí, an tsláinte, cáilíocht saoil agus leasanna eacnamaíocha a chosaint.

3.

Ionadaíochas

Ní mór an earnáil tionsclaíochta agus a gcomhlachais ghaolmhara a ghlacann páirt i mbeart féinrialála a bheith ina léiriú ar thromlach mór den earnáil eacnamaíoch ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 21(3), an chéad fhomhír, pointe (b). Ní mór a áirithiú go n-urramófar dlí iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagal 101 CFAE maidir le comhaontuithe frithiomaíocha.

4.

Cuspóirí cainníochtaithe agus céimneacha

Ní mór na cuspóirí arna sainiú ag na sínitheoirí ina mbearta féinrialála a leagan síos i dtéarmaí atá soiléir, inchainníochtúil agus gan débhrí, ag tosú ó bhunlíne dhea-shainithe. I gcás ina gcumhdaítear tréimhse fhada ama leis an mbeart féinrialála, ní mór spriocanna eatramhacha a áireamh. Ní mór a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cuspóirí agus spriocanna eatramhacha ar bhealach inacmhainne agus inchreidte trí úsáid a bhaint as táscairí soiléire agus iontaofa.

5.

Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta

D’fhonn trédhearcacht a áirithiú, ní mór bearta féinrialála a phoibliú, lena n-áirítear ar líne ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus a bhfuil rochtain gan bhac air agus trí mhodhanna leictreonacha eile chun faisnéis a scaipeadh.

Tabharfar cuireadh do gheallsealbhóirí, lena n-áirítear na Ballstáit, an earnáil tionsclaíochta, eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha agus comhlachais tomhaltóirí, barúil a thabhairt ar bheart féinrialála.

6.

Faireachán agus tuairisciú

Ní mór cigire neamhspleách a roghnú agus a ainmniú chun faireachán a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann na sínitheoirí an beart féinrialála. Ní mór don bheart féinrialála an cigire neamhspleách a chumhachtú chun comhlíontacht le ceanglais an bhirt féinrialála a fhíorú. Leis an mbeart féinrialála freisin, ní mór a leagan síos an nós imeachta chun an cigire neamhspleách a roghnú agus na rialacha chun a áirithiú go mbeidh an cigire saor ó choinbhleacht leasa agus go mbeidh na scileanna is gá aige chun comhlíontacht leis na ceanglais atá sa bheart féinrialála a fhíorú.

Gach bliain, ní mór do gach sínitheoir an fhaisnéis agus na sonraí uile is gá a thuairisciú chun go mbeidh an cigire neamhspleách in ann comhlíontacht an tsínitheora leis an mbeart féinrialála a fhíorú go hiontaofa.

Ní mór don chigire neamhspleách tuarascáil ar chomhlíonadh a tharraingt suas ag an deireadh de gach tréimhse tuarascála bliana.

I gcás nach gcomhlíonann sínitheoir ceanglais an bhirt féinrialála, ní mór dó gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh. Tabharfaidh an cigire neamhspleách fógra do na sínitheoirí eile atá rannpháirteach sa bheart féinrialála faoi neamhchomhlíonadh an tsínitheora agus faoin ngníomhaíocht cheartaitheach atá beartaithe ag an sínitheoir a dhéanamh.

Déanfaidh an cigire neamhspleách torthaí aon ghníomhaíochta faireachais margaidh arna déanamh ag údarás faireachais margaidh ar lena linn a sainaithníodh neamhchomhlíonadh cheanglais an bhirt féinrialála a chur i gcuntas, go háirithe sa tuarascáil ar chomhlíonadh, agus déanfar gníomhaíocht cheartaitheach.

7.

A chostéifeachtaí atá sé beart féinrialála a riar

Ní fhéadfaidh an costas atá ar an mbeart féinrialála a riar, go háirithe a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh, a bheith ina shiocair le hualach riaracháin díréireach, i gcomparáid lena gcuspóirí agus le hionstraimí beartais eile atá ar fáil.


IARSCRÍBHINN VII

Táirgí tomhaltais a bhfuil toirmeasc ar oibreoirí eacnamaíocha iad a scriosadh

Tógtar na cóid tráchtearraí agus na tuairiscí as an ainmníocht chomhcheangailte dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 agus mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, sa leagan atá i bhfeidhm ón 28 Meitheamh 2024.

Cód tráchtearra

Tuairisc

1.

Éadaí agus gabhálais éadaigh

4203

Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, iad déanta as leathar nó leathar comhdhéanta

61

Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, iad cniotáilte nó cróiseáilte

62

Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte

6504

Hataí agus ceannbhearta eile, iad trilsithe nó déanta trí stiallacha d’aon ábhar a chóimeáil, bídís líneáilte nó cóirithe nó ná bídís

6505

Hataí agus ceannbhearta eile, iad cniotáilte nó cróiseáilte, nó déanta as lása, as feilt nó as fabraic theicstíle eile, sa phíosa (ach ní i stiallacha), bídís líneáilte nó cóirithe nó ná bídís; eangacha gruaige d’aon ábhar, bídís líneáilte nó cóirithe nó ná bídís

2.

Coisbheart

6401

Coisbhearta uiscedhíonacha ar a bhfuil boinn sheachtracha agus uachtair atá déanta as rubar nó as plaistigh, arb uachtair iad nach bhfuil feistithe ar an mbonn ná cóimeáilte trí fhuáil, seamú, tairneáil, scriúáil, stopadh nó próisis chomhchosúla

6402

Coisbhearta eile ar a bhfuil boinn sheachtracha agus uachtair atá déanta as rubar nó as plaistigh

6403

Coisbhearta ar a bhfuil boinn sheachtracha atá déanta as rubar, plaistigh, leathar nó leathar comhdhéanaimh agus uachtair atá déanta as rubar

6404

Coisbhearta ar a bhfuil boinn sheachtracha atá déanta as rubar, plaistigh, leathar nó leathar comhdhéanaimh agus uachtair atá déanta as ábhair theicstíle

6405

Coisbhearta eile


IARSCRÍBHINN VIII

Tábla comhghaoil

Treoir 2009/125/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 29

Airteagal 5

Airteagail 44, 45 agus 46

Airteagal 6

Airteagal 3

Airteagal 7

Airteagail 69, 70 agus 71

Airteagal 8

Airteagail 27 agus 43

Airteagal 9

Airteagal 41

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 38

Airteagal 12

Airteagal 68

Airteagal 13

Airteagal 22

Airteagal 14

Airteagal 7

Airteagal 15

Airteagail 4 agus 5

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 17

Airteagal 21

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 24

Airteagal 28

Airteagail 30 go 40

Airteagal 42

Airteagal 47 go 67

Airteagal 72

Airteagal 19

Airteagal 73

Airteagal 20

Airteagal 74

Airteagal 21

Airteagal 75

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 79

Airteagal 25

Airteagal 80

Airteagal 26

IARSCRÍBHINN I

Airteagail 5, 7, IARSCRÍBHINN I

IARSCRÍBHINN II

IARSCRÍBHINN II

IARSCRÍBHINN III

IARSCRÍBHINN III

IARSCRÍBHINN IV

IARSCRÍBHINN IV

IARSCRÍBHINN V

IARSCRÍBHINN VI

IARSCRÍBHINN V

IARSCRÍHINN VII

Airteagal 8

IARSCRÍBHINN VIII

IARSCRÍBHINN VI

IARSCRÍBHINN IX

IARSCRÍBHINN X

IARSCRÍBHINN VIII


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)