|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1778 |
24.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1778 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/796 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/796. |
|
(2) |
Tá bearta sriantacha spriocdhírithe i gcoinne cibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit ar cheann de na bearta a áirítear i gcreat an Aontais le haghaidh freagairt chomhpháirteach taidhleoireachta ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha (Bosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta) agus is uirlis ríthábhachtach iad chun gníomhaíochtaí den sórt sin a dhíspreagadh agus freagairt orthu. |
|
(3) |
Tá méadú ag teacht ar líon, minicíocht agus sofaisticiúlacht na gcibirghníomhaíochtaí mailíseacha i gcoinne bonneagar criticiúil nó seirbhísí bunriachtanacha, lena n-áirítear trí bhogearraí éirice agus cuimleoirí a úsáid, chomh maith le díriú ar shlabhraí soláthair agus ar chibirspiaireacht, lena n-áirítear gníomhaíochtaí gadaíochta maoine intleachtúla. Lena gcuid éifeachtaí suaiteacha millteacha, is bagairt shistéamach iad na gníomhaíochtaí sin do shlándáil, do gheilleagar, do dhaonlathas agus do shochaí an Aontais i gcoitinne. |
|
(4) |
Le húsáid cibearoibríochtaí lenar cumasaíodh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh gan chúis gan údar, cuirtear isteach ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil ar fud an domhain, agus cuirtear leis an méadú suntasach atá tagtha cheana féin ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha lasmuigh de chomhthéacs na coinbhleachta armtha le blianta beaga anuas. Mar gheall ar na rioscaí cibearshlándála atá ag dul i méid agus timpeallacht fhoriomlán chasta na gcibearbhagairtí, a bhfuil riosca soiléir ann go mbeidh iarmhairtí tapa cibirtheagmhas ann ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus ó thríú tíortha chuig an Aontas, tá gá freisin le bearta sriantacha faoi Rialachán (AE) 2019/796. |
|
(5) |
Mar chuid den ghníomhaíocht leanúnach, oiriúnaithe agus comhordaithe ón Aontas i gcoinne gníomhaithe a bhíonn i mbun cibearbhagairtí ar bhonn leanúnach, ba cheart seisear daoine nádúrtha a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796. Tá na daoine sin freagrach as cibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit, nó bhí siad páirteach iontu. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le roinn ‘A. Daoine nádúrtha’ in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘9. |
Ruslan Aleksandrovich PERETYATKO |
Руслан Александрович ПЕРЕТЯТЬКО Dáta breithe: 3.8.1985 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Bhí Ruslan Peretyatko páirteach i gcibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit. Is cuid é Ruslan Peretyatko de “ghrúpa Callisto” d’oifigigh faisnéise míleata Rúiseacha a dhéanann cibearoibríochtaí i gcoinne Bhallstáit an Aontais agus tríú stáit. Sheol Callisto Group (ar a dtugtar freisin “Seaborgium”, “Star Blizzard”, “ColdRiver”, “TA446”) feachtais fioscaireachta ilbhliantúla a úsáidtear chun dintiúir agus sonraí cuntas a ghoid. Ina theannta sin, tá grúpa Callisto freagrach as feachtais atá dírithe ar dhaoine aonair agus ar fheidhmeanna criticiúla stáit, lena n-áirítear i réimsí na cosanta agus an chaidrimh sheachtraigh. Dá bhrí sin, tá Ruslan Peretyatko páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil, agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit. |
24.6.2024 |
|
10. |
Andrey Stanislavovich KORINETS |
Андрей Станиславович КОРИНЕЦ Dáta breithe: 18.5.1987 Áit bhreithe: Cathair Syktyvkar, an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Fireann |
Bhí Andrey Stanislavovich Korinets páirteach i gcibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit. Is oifigeach de chuid “Lárionad 18” Sheirbhís Slándála na Cónaidhme (FSB) i gCónaidhm na Rúise é Andrey Stanislavovich Korinets. Is cuid é Andrey Stanislavovich Korinets de “ghrúpa Callisto” d’oifigigh faisnéise míleata Rúiseacha a dhéanann cibearoibríochtaí i gcoinne Bhallstáit an Aontais agus tríú stáit. Sheol Callisto Group (ar a dtugtar freisin “Seaborgium”, “Star Blizzard”, “ColdRiver”, “TA446”) feachtais fioscaireachta ilbhliantúla a úsáidtear chun dintiúir agus sonraí cuntas a ghoid. Ina theannta sin, tá grúpa Callisto freagrach as feachtais atá dírithe ar dhaoine aonair agus ar fheidhmeanna criticiúla stáit, lena n-áirítear i réimsí na cosanta agus an chaidrimh sheachtraigh. Dá bhrí sin, tá Andrey Stanislavovich Korinets páirteach i gcibirionsaithe a rinne mórdhíobháil, agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit. |
24.6.2024 |
|
11. |
Oleksandr SKLIANKO |
Александр СКЛЯНКО (Litriú Rúisise) Олександр СКЛЯНКО (Litriú Úcráinise) Dáta breithe: 5.8.1973 Pas: EC 867868, a eisíodh an 27.11.1998 (an Úcráin) Inscne: fireann |
Bhí Oleksandr Sklianko páirteach i gcibirionsaithe a rinne mórdhíobháil do Bhallstáit an Aontais, chomh maith le cibirionsaithe a rinne mórdhíobháil do thríú stáit. Is cuid é Oleksandr Sklianko de ghrúpa haiceálaithe “Armageddon” a fhaigheann tacaíocht ó Sheirbhís Slándála na Cónaidhme (FSB) i gCónaidhm na Rúise a rinne cibirionsaithe éagsúla a raibh tionchar suntasach acu ar rialtas na hÚcráine agus ar Bhallstáit an Aontais agus ar a n-oifigigh rialtais, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as ríomhphoist fhioscaireachta agus feachtais bogearraí mailíseacha. Dá bhrí sin, tá Oleksandr Sklianko páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil do thríú stáit chomh maith le cibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit. |
24.6.2024 |
|
12. |
Mykola CHERNYKH |
Николай ЧЕРНЫХ (Litriú Rúisise) Микола ЧЕРНИХ (Litriú Úcráinise) Dáta breithe: 12.10.1978 Pas: EC 922162, a eisíodh an 20.1.1999 (an Úcráin) Inscne: fireann |
Bhí Mykola Chernykh páirteach i gcibirionsaithe a rinne mórdhíobháil do Bhallstáit an Aontais, chomh maith le cibirionsaithe a rinne mórdhíobháil do thríú stáit. Is cuid é Mykola Chernykh de ghrúpa haiceálaithe “Armageddon” a fhaigheann tacaíocht ó Sheirbhís Slándála na Cónaidhme (FSB) i gCónaidhm na Rúise a rinne cibirionsaithe éagsúla a raibh tionchar suntasach acu ar rialtas na hÚcráine agus ar Bhallstáit an Aontais agus ar a n-oifigigh rialtais, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as ríomhphoist fhioscaireachta agus feachtais bogearraí mailíseacha. Mar iarfhostaí de Sheirbhís Slándála na hÚcráine, tá sé cúisithe san Úcráin as tréas agus cur isteach neamhúdaraithe a dhéanamh ar oibriú meaisíní ríomhaireachta leictreonacha agus córas uathoibrithe. Dá bhrí sin, tá Mykola Chernykh páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil, agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit. |
24.6.2024 |
|
13. |
Mikhail Mikhailovich TSAREV |
Михаил Михайлович ЦАРЕВ Dáta breithe: 20.4.1989 Áit bhreithe: Serpukhov, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Seoladh: Serpukhov Inscne: fireann |
Bhí Mikhail Mikhailovich Tsarev páirteach i gcibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit. Maidir le Mikhail Mikhailovich Tsarev, a bhfuil aige freisin na leasainmneacha ar líne “Mango”, “Alexander Grachev”, “Super Misha”, “Ivanov Mixail”, “Misha Krutysha”, agus “Nikita Andreevich Tsarev”, is príomhimreoir in imscaradh cláir bogearraí mailíseacha “Conti” agus “Trickbot” é, agus tá sé páirteach sa ghrúpa bagartha “Wizard Spider” atá bunaithe sa Rúis. Cruthaigh agus d’fhorbair Wizard Spider cláir bogearraí mailíseacha Conti agus Trickbot. Rinne Wizard Spider feachtais bogearraí éirice in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear seirbhísí riachtanacha amhail sláinte agus baincéireacht. Tá ríomhairí ionfhabhtaithe ag an ngrúpa ar fud an domhain agus tá a gcuid bogearraí mailíseacha forbartha ina shraith bogearraí mailíseacha atá thar a bheith modúlach. Feachtais de chuid Wizard Spider ina n-úsáidtear bogearraí mailíseacha amhail Conti, “Ryuk” agus TrickBot is cúis le damáiste suntasach eacnamaíoch san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, tá Mikhail Mikhailovich Tsarev páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit. |
24.6.2024 |
|
14. |
Maksim Sergeevich GALOCHKIN |
Максим Сергеевич ГАЛОЧКИН Dáta breithe: 19.5.1982 Áit bhreithe: Abakan, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Bhí Maksim Galochkin páirteach i gcibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar Bhallstáit an Aontais. Tá na leasainmneacha seo ar líne ag Maksim Galochkin freisin, “Benalen”, “Bentley”, “Volhvb”, “volhvb”, “manuel”, “Max17” agus “Crypt”. Is príomhimreoir é Galochkin in imscaradh cláir bogearraí mailíseacha “Conti” agus “Trickbot”, agus tá sé páirteach sa ghrúpa bagartha “Wizard Spider” atá bunaithe sa Rúis. Tá sé i gceannas ar ghrúpa tástálaithe, a bhfuil freagrachtaí orthu maidir le tástálacha a fhorbairt, a mhaoirsiú agus a chur chun feidhme do bhogearra mailíseach TrickBot, arna chruthú agus arna imscaradh ag Wizard Spider. Rinne Wizard Spider feachtais bogearraí éirice in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear seirbhísí riachtanacha amhail sláinte agus baincéireacht. Tá ríomhairí ionfhabhtaithe ag an ngrúpa ar fud an domhain agus tá a gcuid bogearraí mailíseacha forbartha ina shraith bogearraí mailíseacha atá thar a bheith modúlach. Feachtais de chuid Wizard Spider ina n-úsáidtear bogearraí mailíseacha amhail Conti, “Ryuk” agus TrickBot is cúis le damáiste suntasach eacnamaíoch san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, tá Maksim Galochkin páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit. |
24.6.2024’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1778/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)