Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1776 |
24.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1776 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1428 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1428 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 1 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2). |
(2) |
An 17 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1428, lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 agus lenar tugadh isteach tuilleadh bearta sriantacha chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí — gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1428. De bhun Airteagal 1 den Rialachán sin, tá infheidhmeacht na mbeart sin maidir le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir glacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gComhairle. |
(3) |
Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 an 25 Meitheamh 2024 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1428, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh feidhm ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 25 Meitheamh 2024 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1428.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L, 2024/1428, 17.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1428/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1776/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)