|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1773 |
25.6.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1773 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Márta 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar mionsonraithe an bheartais i ndáil le socruithe conarthacha ar úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 28(10), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leis an gcreat maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais a bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/2554, ceanglaítear go leagfaidh eintitis airgeadais amach príomhphrionsabail áirithe chun riosca TFC tríú páirtí a bhainistiú, a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leo nuair a théann eintitis airgeadais i dteagmháil le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí chun tacú lena bhfeidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha. |
|
(2) |
Mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, ní mór d’eintitis airgeadais straitéis um riosca TFC tríú páirtí a ghlacadh agus athbhreithniú a dhéanamh uirthi go tráthrialta. I gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, ní mór a áireamh sa straitéis sin beartas um úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí. Tá feidhm le bheith ag an straitéis ar bhonn aonair agus, de réir mar is ábhartha, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite. |
|
(3) |
Bíonn eintitis airgeadais an-éagsúil ó thaobh méide, struchtúir agus eagrúcháin inmheánaigh agus ó thaobh nádúr agus chastacht a ngníomhaíochtaí agus a gcuid oibríochtaí. Is gá an éagsúlacht sin a chur san áireamh agus ceanglais rialála bhunúsacha áirithe á bhforfheidhmiú, cinn atá iomchuí maidir leis na heintitis airgeadais uile nuair a fhorbraítear an beartas maidir le socruithe conarthacha i ndáil le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ó sholáthraithe TFC tríú páirtí (‘an beartas’), agus chun a áirithiú go gcuirtear na ceanglais sin i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach. |
|
(4) |
I gcás ina bhfuil eintitis airgeadais ina gcuid de ghrúpa, ba cheart don mháthairghnóthas, atá freagrach as ráitis airgeadais chomhdhlúite nó fho-chomhdhlúite a sholáthar don ghrúpa, a áirithiú go gcuirtear an beartas i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus comhleanúnach laistigh den ghrúpa. |
|
(5) |
Nuair a chuirtear an beartas i bhfeidhm, ba cheart a mheas gur soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí iad soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa, lena n-áirítear iad siúd atá faoi úinéireacht iomlán nó faoi úinéireacht chomhchoiteann eintiteas airgeadais laistigh den scéim cosanta institiúideach chéanna. D’fhéadfadh na rioscaí a bhaineann le soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa a bheith difriúil ach tá na ceanglais is infheidhme maidir leo mar an gcéanna faoi Rialachán (AE) 2022/2554. Ar an dul céanna, ba cheart feidhm a bheith ag an mbeartas maidir le fochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, nó codanna ábharacha díobh, do sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, i gcás ina bhfuil slabhra soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ann. |
|
(6) |
Prionsabal uileghabhálach is ea freagracht bhunúsach an chomhlachta bainistíochta i ndáil le bainistiú riosca TFC eintitis airgeadais, atá infheidhme freisin maidir le húsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí. Ba cheart an fhreagracht sin a léiriú ina dhiaidh sin le rannpháirtíocht leanúnach an chomhlachta bainistíochta sa rialáil agus san fhaireachán ar an mbainistíocht riosca TFC, lena n-áirítear glacadh an bheartais agus an t-athbhreithniú, uair sa bhliain ar a laghad, air. |
|
(7) |
Chun tuairisciú iomchuí don chomhlacht bainistíochta a áirithiú, ba cheart a shonrú agus a shainaithint go soiléir sa bheartas na freagrachtaí inmheánacha i ndáil le formheas, bainistíocht, rialú agus doiciméadú socruithe conarthacha i ndáil le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (‘socruithe conarthacha’), lena n-áirítear na seirbhísí TFC a sholáthraítear faoi shocruithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554. |
|
(8) |
Maidir leis na rioscaí féideartha uile a chur san áireamh, is é sin na cinn a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus conradh a dhéanamh i ndáil le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach, ba cheart do struchtúr an bheartais céimeanna uile gach príomhchéime den saolré do shocruithe conarthacha le soláthraithe tríú páirtí a leanúint. |
|
(9) |
Chun na rioscaí a shainaithnítear a mhaolú, ba cheart a shonrú sa bheartas pleanáil na socruithe conarthacha, lena n-áirítear an measúnú riosca, an dícheall cuí, agus an próiseas formheas d’athruithe nua nó ábharacha ar na socruithe conarthacha sin. Maidir leis na rioscaí a bhainistiú, is é sin na cinn a d’fhéadfadh teacht chun cinn sula ndéanfaí socrú conarthach le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, ba cheart a shonrú sa bheartas próiseas iomchuí agus comhréireach chun oiriúnacht soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ionchasacha a roghnú agus chun measúnú a dhéanamh orthu agus ba cheart a cheangal go gcuirfidh an t-eintiteas airgeadais san áireamh liosta nach bhfuil uileghabhálach d’eilimintí ba cheart a bheith i bhfeidhm ag na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí. Ba cheart a áireamh sa liostú eilimintí a bhaineann le clú gnó na soláthraithe seirbhíse, a gcuid acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla, a gcuid slándála faisnéise, a struchtúr eagraíochtúil, lena n-áirítear bainistíocht riosca, agus a gcuid rialuithe inmheánacha. |
|
(10) |
Chun bainistíocht fhónta riosca a áirithiú i ndáil le soláthar seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ó sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, ba cheart faisnéis a bheith sa bheartas faoi chur chun feidhme, faireachán agus bainistíocht na socruithe conarthacha, lena n-áirítear ar an leibhéal comhdhlúite agus fo-chomhdhlúite, i gcás inarb infheidhme. Áirítear air sin ceanglais maidir le clásail chonarthacha i ndáil le hoibleagáidí frithpháirteacha na n-eintiteas airgeadais agus na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, agus ba cheart na ceanglais sin a leagan amach i scríbhinn. Chun maoirseacht éifeachtúil a áirithiú agus athléimneacht a chothú i gcás athruithe ar an tsamhail ghnó nó timpeallacht an ghnó, ba cheart cearta na n-eintiteas airgeadais nó na dtríú páirtithe ceaptha agus na n-údarás inniúil ar chigireachtaí a áirithiú leis an mbeartas, chomh maith le rochtain ar fhaisnéis, agus ba cheart a shonrú leis freisin na straitéisí scoir agus na próisis foirceanta. |
|
(11) |
A mhéid a phróiseálann soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí sonraí pearsanta, tá an beartas seo agus aon socrú conarthach gan dochar do na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus ba cheart dóibh na hoibleagáidí sin a chomhlánú, amhail conradh i scríbhinn a bheith ann ina dtugtar tuairisc ar phróiseáil na sonraí pearsanta, ina dtugtar tuairisc ar cheanglas maidir le slándáil phróiseáil na sonraí pearsanta a áirithiú agus ina leagtar amach na heilimintí uile eile a cheanglaítear faoin rialachán sin. |
|
(12) |
Reáchtáil an Comhchoiste de na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar chostais agus tairbhí féideartha na gcaighdeán atá beartaithe agus d’iarr comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, |
|
(13) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé tuairim an 24 Eanáir 2024, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht
Maidir leis an mbeartas maidir le húsáid seirbhísí TCF lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (‘an beartas’), cuirfear san áireamh ann méid agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais, cineál, scála agus eilimintí de chastacht mhéadaithe nó laghdaithe a sheirbhísí, a ghníomhaíochtaí agus a oibríochtaí, lena n-áirítear eilimintí a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
an cineál seirbhísí TFC a áirítear sa socrú conarthach maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (an ‘socrú conarthach’) idir an t-eintiteas airgeadais agus an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí; |
|
(b) |
suíomh an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí nó suíomh a mháthairchuideachta; |
|
(c) |
cé acu i mBallstát nó i dtríú tír atá soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a sholáthraíonn na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha suite, agus an suíomh óna soláthraítear na seirbhísí TFC, agus an suíomh ina bpróiseáiltear agus ina stóráiltear na sonraí, á chur san áireamh freisin; |
|
(d) |
cineál na sonraí a chomhroinntear le soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí; |
|
(e) |
cé acu atá nó nach bhfuil an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ina chuid den ghrúpa céanna leis an eintiteas airgeadais dá soláthraítear na seirbhísí; |
|
(f) |
úsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí atá údaraithe, cláraithe nó faoi réir maoirseacht nó formhaoirseacht ag údarás inniúil i mBallstát nó atá faoi réir an chreata formhaoirseachta faoi Chaibidil V, Roinn II, de Rialachán (AE) 2022/2554, agus úsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí nach bhfuil; |
|
(g) |
úsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí atá údaraithe, cláraithe nó faoi réir maoirseacht nó formhaoirseacht ag údarás inniúil i dtríú tír, agus úsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí nach bhfuil; |
|
(h) |
cé acu soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí amháin nó líon beag soláthraithe seirbhíse den sórt sin a bhfuil soláthar seirbhísí TFC, lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, comhdhlúite chuige; |
|
(i) |
inaistritheacht na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha chuig soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí eile, lena n-áirítear de thoradh sainiúlachtaí teicneolaíochta; |
|
(j) |
an tionchar, a d’fhéadfadh a bheith ag cur isteach ar sholáthar seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, ar leanúnachas ghníomhaíochtaí an eintitis airgeadais agus ar infhaighteacht a sheirbhísí. |
Airteagal 2
Cur i bhfeidhm i gcás grúpa
I gcás ina bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ar bhonn fo-chomhdhlúite nó ar bhonn comhdhlúite, áiritheoidh an máthairghnóthas atá freagrach as soláthar na ráiteas airgeadais comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite don ghrúpa go gcuirtear an beartas chun feidhme go comhsheasmhach sna heintitis airgeadais uile atá mar chuid den ghrúpa agus go bhfuil sé leordhóthanach do chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo ar leibhéil uile ábhartha an ghrúpa.
Airteagal 3
Socruithe rialachais
1. Déanfaidh an comhlacht bainistíochta athbhreithniú ar an mbeartas uair sa bhliain ar a laghad agus tabharfaidh sé é cothrom le dáta i gcás inar gá. Cuirfear athruithe arna ndéanamh ar an mbeartas chun feidhme go tráthúil agus a luaithe is féidir é laistigh de na socruithe conarthacha ábhartha. Déanfaidh an t-eintiteas airgeadais an amlíne phleanáilte don chur chun feidhme a dhoiciméadú.
2. Bunófar leis an mbeartas modheolaíocht chun a chinneadh cé na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, nó déanfar tagairt don mhodheolaíocht sin. Sa bheartas sin sonrófar freisin cathain a bheidh an measúnú sin le déanamh agus cathain a bheidh athbhreithniú le déanamh air.
3. Sannfar go soiléir sa bheartas na freagrachtaí inmheánacha i ndáil le formheas, bainistíocht, rialú, agus doiciméadú socruithe conarthacha ábhartha agus áiritheofar leis go gcoinnítear na scileanna, an taithí agus an t-eolas is iomchuí laistigh den eintiteas airgeadais chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na socruithe conarthacha ábhartha, lena n-áirítear na seirbhísí TFC a sholáthraítear faoi na socruithe sin.
4. Gan dochar do fhreagracht deiridh an eintitis airgeadais chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar shocruithe conarthacha ábhartha, ceanglófar sa bheartas go bhfuil measúnú déanta ar an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí agus go bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun a áirithiú go gcomhlíonann an t-eintiteas airgeadais na ceanglais uile dlí agus rialála maidir leis na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraítear.
5. Sainaithneofar go soiléir sa bheartas an ról nó an comhalta den bhainistíocht shinsearach atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar na socruithe conarthacha ábhartha. Sonrófar sa bheartas an chaoi a rachaidh an ról nó an comhalta sin den bhainistíocht shinsearach i gcomhar leis feidhmeanna rialúcháin, seachas i gcás ina bhfuil sé ina chuid díobh, agus leagfar amach leis na línte tuairiscithe don chomhlacht bainistíochta, lena n-áirítear cineál na faisnéise atá le tuairisciú agus na doiciméid atá le soláthar. Leagfar amach leis freisin minicíocht an tuairiscithe sin.
6. Áiritheofar leis an mbeartas go bhfuil na socruithe conarthacha i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
an creat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(b) |
an beartas slándála faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(c) |
an beartas um leanúnachas gnó TFC dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(d) |
na ceanglais maidir le tuairisciú teagmhas a leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2022/2554. |
7. Ceanglófar leis an mbeartas go mbeidh seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí faoi réir athbhreithniú neamhspleách agus go n-áireofar iad sa phlean iniúchta.
8. Sonrófar go sainráite sa bheartas an méid seo a leanas maidir leis na socruithe conarthacha:
|
(a) |
ní scaoilfidh siad am t-eintiteas airgeadais ná a chomhlacht bainistíochta óna oibleagáidí rialála agus a fhreagrachtaí dá chliaint; |
|
(b) |
níor cheart dóibh maoirseacht éifeachtach ar eintiteas airgeadais a chosc agus níor cheart dóibh aon srian maoirseachta ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí a shárú; |
|
(c) |
ní mór a cheangal leo go gcomhoibreoidh soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí leis na húdaráis inniúla; |
|
(d) |
ní mór a cheangal leo go bhfuil rochtain éifeachtach ag an eintiteas airgeadais, a iniúchóirí agus na húdaráis inniúla ar shonraí agus áitribh a bhaineann le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha. |
Airteagal 4
Príomhchéimeanna an tsaolré chun socruithe conarthacha a ghlacadh agus a úsáid
Sonrófar sa bheartas na ceanglais, lena n-áirítear na rialacha, na freagrachtaí agus na próisis, do gach príomhchéim de shaolré socraithe chonarthaigh, agus ceann amháin, ar a laghad, de na nithe seo a leanas á chumhdach:
|
(a) |
freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta, lena n-áirítear a rannpháirtíocht, de réir mar is iomchuí, sa phróiseas cinnteoireachta maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí; |
|
(b) |
pleanáil socruithe conarthacha, lena n-áirítear an measúnú riosca, an dícheall cuí mar a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6 agus an próiseas formheas maidir le hathruithe nua nó ábharacha ar shocruithe conarthacha mar a leagtar amach in Airteagal 8(4); |
|
(c) |
rannpháirtíocht aonad gnó, rialuithe inmheánacha agus aonaid ábhartha eile i ndáil le socruithe conarthacha; |
|
(d) |
cur chun feidhme, faireachán agus bainistíocht socruithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagail 7, 8 agus 9, lena n-áirítear ar an leibhéal comhdhlúite agus fo-chomhdhlúite, i gcás inarb infheidhme; |
|
(e) |
an doiciméadacht agus coimeád taifead, agus aird á tabhairt ar na ceanglais i ndáil le clár na faisnéise a leagtar síos in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(f) |
na straitéisí scoir agus na próisis foirceanta mar a leagtar amach in Airteagal 10. |
Airteagal 5
Measúnú riosca ex ante
1. Ceanglófar leis an mbeartas go sonrófar riachtanais ghnó an eintitis airgeadais sula dtabharfar socrú conarthach i gcrích.
2. Ceanglófar leis an mbeartas go ndéanfar measúnú riosca ar leibhéal an eintitis airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, ar an leibhéal comhdhlúite agus fo-chomhdhlúite sula dtabharfar socrú conarthach i gcrích.
Cuirfear san áireamh sa mheasúnú riosca na ceanglais ábhartha uile a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2554 agus reachtaíocht earnála de chuid an Aontais is infheidhme. Déanfar na nithe seo a leanas a bhreithniú, go háirithe, tionchar sholáthar na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ar an eintiteas airgeadais agus na rioscaí uile a bhaineann le soláthar na seirbhísí TFC sin lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
|
(a) |
rioscaí oibriúcháin; |
|
(b) |
rioscaí dlí; |
|
(c) |
rioscaí TFC; |
|
(d) |
rioscaí i ndáil le clú; |
|
(e) |
rioscaí a bhaineann le cosaint sonraí rúnda nó sonraí pearsanta; |
|
(f) |
rioscaí a bhaineann le hinfhaighteacht sonraí; |
|
(g) |
riosca a bhaineann leis an suíomh ina bpróiseáiltear agus ina stóráiltear na sonraí; |
|
(h) |
rioscaí a bhaineann le suíomh an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí; |
|
(i) |
rioscaí TFC maidir le comhchruinniú ar an leibhéal eintitis. |
Airteagal 6
Dícheall cuí
1. Leagfar amach sa bheartas próiseas iomchuí agus comhréireach chun na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ionchasacha a roghnú agus measúnú a dhéanamh orthu fad a chuirtear san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ina sholáthraí seirbhíse TFC inghrúpa, agus ceanglófar leis go ndéanfaidh an t-eintiteas airgeadais measúnú, sula ndéanfaidh sé socrú conarthach, ar cé acu atá nó nach bhfuil na nithe seo a leanas fíor i gcás an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí:
|
(a) |
tá an clú gnó, cumais leordhóthanacha, saineolas agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla, caighdeáin slándála faisnéise, struchtúr eagraíochtúil, rialuithe bainistíochta riosca agus inmheánacha, más infheidhme, na húdaruithe nó clárúcháin a bhfuil gá leo aige chun na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach a sholáthar ar bhealach iontaofa agus gairmiúil; |
|
(b) |
tá an cumas aige faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíochta ábhartha agus na mórchleachtais slándála TFC a shainaithint agus iad a chur chun feidhme i gcás inarb iomchuí chun go mbeidh creat athléimneachta digití oibríochtúla éifeachtach agus fónta ann; |
|
(c) |
úsáideann sé nó tá sé beartaithe aige fochonraitheoirí a úsáid chun seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábharacha díobh a dhéanamh; |
|
(d) |
tá sé suite, nó próiseálann sé nó stórálann sé na sonraí i dtríú tír agus, más amhlaidh atá, cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an cleachtas sin difear don leibhéal rioscaí oibríochtúla nó rioscaí maidir le clú nó an riosca a bhaineann le bheith thíos le bearta sriantacha, lena n-áirítear trádbhaic agus smachtbhannaí, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chumas an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí seirbhísí TFC a sholáthar nó cumas an eintitis airgeadais chun na seirbhísí TFC sin a fháil; |
|
(e) |
toilíonn sé do na socruithe conarthacha lena n-áirithítear gur féidir leis an eintiteas airgeadais féin, tríú páirtithe ceaptha, agus údaráis inniúla iniúchtaí éifeachtúla a dhéanamh ar an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear ar an láthair; |
|
(f) |
gníomhaíonn sé ar bhealach eiticiúil agus atá freagrach go sóisialta, urramaíonn sé cearta an duine agus cearta leanaí, lena n-áirítear cosc ar shaothar leanaí, urramaíonn sé na prionsabail is infheidhme maidir le cosaint an chomhshaoil, agus áirithíonn sé dálaí oibre iomchuí. |
2. Sonrófar sa bheartas an leibhéal dearbhúcháin a bhfuil gá leis i ndáil le héifeachtúlacht chreat bainistíochta riosca na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí do na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha atá le soláthar ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí. Ceanglófar leis an mbeartas go n-áireofar sa phróiseas díchill chuí measúnú ar bhearta maolaithe riosca agus leanúnachais gnó agus ar an mbealach a n-áirithítear a bhfeidhmiú laistigh den soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí.
3. Cinnteofar leis an mbeartas an próiseas díchill chuí chun soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a roghnú agus measúnú a dhéanamh orthu agus léireofar ann cé acu de na heilimintí seo a leanas a bheidh le húsáid don leibhéal dearbhúcháin a bhfuil gá leis maidir le feidhmíocht an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí:
|
(a) |
iniúchtaí nó measúnuithe neamhspleácha arna ndéanamh ag an eintiteas airgeadais féin nó thar a cheann; |
|
(b) |
úsáid tuarascálacha iniúchóireachta neamhspleáiche arna ndéanamh ar iarraidh ón soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí; |
|
(c) |
úsáid tuarascálacha iniúchóireachta arna ndéanamh ag an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaí den soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí; |
|
(d) |
úsáid deimhnithe tríú páirtí iomchuí; |
|
(e) |
úsáid faisnéise ábhartha eile atá ar fáil don eintiteas airgeadais nó faisnéis eile arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí. |
4. Áiritheoidh eintitis airgeadais leibhéal iomchuí dearbhúcháin maidir le feidhmíocht an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, agus na heilimintí a liostaítear i mír 3, pointí (a) go (e) á gcur san áireamh. I gcás inarb iomchuí, úsáidfear breis agus eilimint amháin a liostaítear sna pointí sin.
Airteagal 7
Coinbhleachtaí leasa
1. Sonrófar sa bheartas na bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa iarbhír nó féideartha, arna n-eascairt as úsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú, ar bearta iad atá le déanamh sula ndéanfar socruithe conarthacha ábhartha agus déanfar foráil leo maidir le faireachán leanúnach ar choinbhleachtaí leasa den sórt sin.
2. I gcás ina soláthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC inghrúpa na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, sonrófar sa bheartas go ndéanfar cinntí maidir leis na coinníollacha, lena n-áirítear coinníollacha airgeadais, i ndáil leis na seirbhísí TFC go hoibiachtúil.
Airteagal 8
Clásail chonarthacha
1. Sonrófar sa bheartas go mbeidh an socrú conarthach ábhartha i scríbhinn agus gur cheart a áireamh ann na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 30(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2022/2554. Áireofar sa bheartas freisin eilimintí a bhaineann le ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2022/2554, chomh maith le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais nó dlí ábhartha náisiúnta eile de réir mar is iomchuí.
2. Sonrófar sa bheartas go n-áireofar sna socruithe conarthacha ábhartha an ceart don eintiteas airgeadais rochtain a fháil ar fhaisnéis, cigireachtaí agus iniúchtaí a dhéanamh agus tástálacha a dhéanamh ar TFC. Chun na críche sin, ceanglófar leis an mbeartas go n-úsáideann an t-eintiteas airgeadais na modhanna seo a leanas, gan dochar do fhreagracht deiridh an eintitis airgeadais:
|
(a) |
a iniúchadh inmheánach féin nó iniúchadh arna dhéanamh ag tríú páirtí ceaptha; |
|
(b) |
i gcás inarb iomchuí, iniúchtaí comhthiomsaithe agus tástáil TFC chomhthiomsaithe, lena n-áirítear tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí, a eagraítear go comhpháirteach le heintitis airgeadais nó gnóthais chonarthacha eile a úsáideann seirbhísí TFC ón soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna agus a ndéanann na heintitis airgeadais nó gnóthais chonarthacha sin nó tríú páirtí ceaptha iad; |
|
(c) |
i gcás inarb iomchuí, deimhnithe tríú páirtí; |
|
(d) |
i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó tríú páirtí arna gcur ar fáil ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí. |
3. Ní bhraithfidh an t-eintiteas airgeadais le himeacht ama ar dheimhnithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (c) nó tuarascálacha iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír sin. Ní cheadófar leis an mbeartas ach úsáid na modhanna dá dtagraítear i mír 2, pointí (c) agus (d) i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas maidir leis an eintiteas airgeadais fíor:
|
(a) |
tá sé sásta le plean iniúchta an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí le haghaidh na socruithe conarthacha ábhartha; |
|
(b) |
áirithíonn sé go gcumhdaítear le raon feidhme na ndeimhnithe nó na dtuarascálacha iniúchóireachta na córais agus na príomhrialuithe arna sainaithint aige agus áirithíonn sé comhlíonadh na gceanglas rialála ábhartha; |
|
(c) |
déanann sé measúnú cuimsitheach ar ábhar na ndeimhnithe nó na dtuarascála iniúchóireachta ar bhonn leanúnach agus deimhníonn sé nach bhfuil na tuarascálacha nó na deimhnithe imithe i léig; |
|
(d) |
áirithíonn sé go bhfuil na príomhchórais agus príomhrialuithe cumhdaithe i leaganacha den deimhniú nó den tuarascáil iniúchóireachta; |
|
(e) |
tá sé sásta le hinniúlacht an pháirtí deimhniúcháin nó iniúchóireachta; |
|
(f) |
tá sé sásta go n-eisítear na deimhnithe agus go ndéantar na hiniúchtaí i gcomhréir le caighdeáin ghairmiúla ábhartha a aithnítear go forleathan agus go n-áirítear leo tástáil ar éifeachtacht oibríochtúil na bpríomhrialuithe atá i bhfeidhm; |
|
(g) |
tá an ceart conarthach aige, a mhinice atá réasúnach agus dlisteanach ó thaobh na bainistíochta riosca de, modhnuithe ar raon feidhme na ndeimhnithe nó na dtuarascálacha iniúchóireachta a iarraidh ar chórais agus rialuithe ábhartha eile; |
|
(h) |
tá an ceart conarthach aige chun iniúchtaí aonair agus comhthiomsaithe a dhéanamh de réir mar a shocraíonn sé i ndáil leis na socruithe conarthacha agus na cearta sin a fhorghníomhú i gcomhréir leis an minicíocht chomhaontaithe. |
4. Áiritheofar leis an mbeartas go ndéanfar athruithe ábharacha ar an gcomhaontú conarthach foirmeálta i ndoiciméad scríofa arna dhátú agus arna shíniú ag na páirtithe uile agus sonrófar leis an próiseas athnuachana le haghaidh na socruithe conarthacha.
Airteagal 9
Faireachán a dhéanamh ar na socruithe conarthacha
1. Ceanglófar leis an mbeartas go sonrófar sna socruithe conarthacha na bearta agus príomhtháscairí chun faireachán a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar fheidhmíocht soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear bearta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le rúndacht, infhaighteacht, sláine agus barántúlacht sonraí agus faisnéise, agus comhlíontacht soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí i ndáil le beartais agus nósanna imeachta ábhartha an eintitis airgeadais. Sonrófar sa bheartas freisin bearta a mbeidh feidhm acu i gcás nach gcomhlíontar comhaontuithe ar leibhéal seirbhísí, lena n-áirítear pionóis chonarthacha i gcás inarb iomchuí.
2. Sonrófar sa bheartas conas a dhéanfaidh an t-eintiteas airgeadais measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, a úsáidtear le haghaidh na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, caighdeáin feidhmíochta agus caighdeáin cháilíochta iomchuí i gcomhréir leis an socrú conarthach agus beartais an eintitis airgeadais féin. Leis an bpolasaí, áiritheofar an méid seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
go soláthróidh na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí tuarascálacha iomchuí maidir lena gcuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí don eintiteas airgeadais, lena n-áirítear tuarascálacha tréimhsiúla, tuarascálacha teagmhas, tuarascálacha seachadta seirbhíse, tuarascálacha maidir le slándáil TFC agus tuarascálacha maidir le bearta leanúnachais gnó agus tástáil; |
|
(b) |
go ndéantar measúnú ar fheidhmíocht soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí le heochairtháscairí feidhmíochta, eochairtháscairí rialúcháin, iniúchtaí, féindeimhniúcháin agus athbhreithnithe neamhspleácha i gcomhréir le creata bainistíochta riosca TFC an eintitis airgeadais; |
|
(c) |
go bhfaigheann an t-eintiteas airgeadais faisnéis ábhartha eile ó na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí; |
|
(d) |
go dtugtar fógra don eintiteas airgeadais, i gcás inarb iomchuí, maidir le teagmhais a bhaineann le TFC agus teagmhais a bhaineann le híocaíocht oibríochtúil nó slándála; |
|
(e) |
go ndéantar athbhreithniú neamhspleách agus iniúchtaí neamhspleácha lena bhfíoraítear comhlíonadh na gceanglas agus na mbeartas dlí agus rialála. |
3. Sonrófar sa bheartas go mbeidh an measúnú dá dtagraítear i mír 2 le doiciméadú agus go mbeidh a thorthaí le húsáid chun measúnú riosca an eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt cothrom le dáta.
4. Bunófar sa bheartas na bearta iomchuí a bheidh le glacadh ag an eintiteas airgeadais má shainaithníonn sé laigí na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear teagmhais a bhaineann le TFC agus teagmhais a bhaineann le híocaíochtaí oibríochtúla nó slándála, i soláthar na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó i gcomhlíonadh na socruithe conarthacha nó na gceanglas dlí. Sonrófar ann freisin conas a bheidh faireachán le déanamh ar bhearta den sórt sin chun a áirithiú go gcomhlíontar iad go héifeachtúil laistigh de thráthchlár sainithe, agus ábharthacht na laigí á gcur san áireamh.
Airteagal 10
Scor de na socruithe conarthacha agus iad a fhoirceannadh
Beidh ceanglais maidir le plean scoir doiciméadaithe do gach socrú conarthach agus d’athbhreithniú tráthrialta agus do thástáil thráthrialta an phlean scoir dhoiciméadaithe sa bheartas. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh agus an plean scoir á bhunú:
|
(a) |
cur isteach gan choinne agus marthanach ar sheirbhís; |
|
(b) |
seachadadh seirbhíse míchuí nó seachadadh seirbhíse nach n-éiríonn leis; |
|
(c) |
foirceannadh gan choinne an tsocraithe chonarthaigh. |
Beidh an plean scoir réalaíoch, indéanta, bunaithe ar chásanna sochreidte agus toimhdí réasúnacha agus beidh sceideal cuir chun feidhme pleanáilte ag gabháil leis a bheith comhoiriúnach do na téarmaí scoir agus foirceanta a bhunaítear sna socruithe conarthacha.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1773/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)