European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1772

25.6.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1772 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Márta 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir maidir le haicmiú teagmhas a bhaineann le TFC agus cibearbhagairtí, lena leagtar amach tairseacha ábharthachta agus lena sonraítear sonraí tuairiscithe mórtheagmhas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 18(4), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2022/2554 comhchuibhiú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar cheanglais maidir le tuairisciú teagmhas a bhaineann le TFC agus ceanglais maidir le tuairisciú teagmhas oibríochtúil nó slándála a bhaineann le híocaíocht i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa, institiúidí íocaíochta, soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntais, agus institiúidí ríomh-airgid (‘teagmhais’). Ós rud é go gcumhdaítear leis na ceanglais maidir le tuairisciú 20 cineál éagsúil eintiteas airgeadais, ba cheart na critéir aicmithe agus na tairseacha ábharthachta chun mórtheagmhais agus cibearbhagairtí suntasacha a chinneadh a shonrú ar bhealach simplí, comhchuibhithe agus comhsheasmhach, lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí sheirbhísí agus ghníomhaíochtaí na n-eintiteas airgeadais ábhartha uile.

(2)

Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart a léiriú sna critéir aicmithe agus sna tairseacha ábharthachta an méid agus an phróifíl riosca fhoriomlán, chomh maith le cineál, scála agus castacht sheirbhísí na n-eintiteas airgeadais uile. Thairis sin, ba cheart na critéir agus na tairseacha ábharthachta a dhearadh ar bhealach ina mbeidh feidhm acu maidir leis na heintitis airgeadais uile go comhsheasmhach, gan beann ar a méid agus próifíl riosca, agus nach ngabhann ualach díréireach tuairiscithe leo d’eintitis airgeadais bheaga. Mar sin féin, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina ndéantar difear do líon mór cliant ag teagmhas nach sáraíonn an tairseach is infheidhme, ba cheart tairseach absalóideach atá dírithe go príomha ar eintitis airgeadais mhóra a leagan amach.

(3)

I ndáil leis na creataí maidir le tuairisciú teagmhas, a bhí ann roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart leanúnachas a áirithiú d’eintitis airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart na critéir aicmithe agus tairseacha ábharthachta a bheith ailínithe le Treoirlínte ÚBE maidir le tuairisciú mórtheagmhas, agus spreagtha acu, faoi Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), na Treoirlínte maidir le faisnéis thréimhsiúil agus fógra faoi athruithe ábharacha atá le cur faoi bhráid ÚEUM ag Stórtha Trádála, Creat BCE/SAM maidir le Tuairisciú Cibearbhagairtí agus treoraíocht ábhartha eile. Ba cheart do na critéir aicmithe agus tairseacha a bheith oiriúnach freisin do na heintitis airgeadais nach raibh faoi réir ceanglais maidir le tuairisciú teagmhas roimh Rialachán (AE) 2022/2554.

(4)

I ndáil leis an gcritéar aicmithe ‘an méid agus an líon idirbheart a ndearnadh difear dóibh’, tá an coincheap ‘idirbhearta’ leathan agus cumhdaítear leis gníomhaíochtaí agus seirbhísí éagsúla ar fud na ngníomhartha earnála a bhfuil feidhm acu maidir le heintitis airgeadais. Chun críocha an chritéir aicmithe sin, maidir le hidirbhearta íocaíochta agus na foirmeacha uile de mhalartú ionstraimí airgeadais, cripteashócmhainní, tráchtearraí nó aon sócmhainne eile, i bhfoirm corrlaigh, comhthaobhachta nó gealltáin freisin, in aghaidh airgead tirim agus in aghaidh aon sócmhainn eile, ba cheart iad sin a chumhdach. Ba cheart na hidirbhearta uile lena ngabhann sócmhainní ar féidir a luach a shloinneadh i suim airgeadaíochta a chur san áireamh chun críoch aicmiúcháin.

(5)

Ba cheart a áirithiú leis na critéir aicmithe go ngabhtar na cineálacha ábhartha uile mórtheagmhas. Maidir le cibirionsaithe a bhaineann le hionradh ar líonra nó córais faisnéise, d’fhéadfaí nach ngabhfaí le roinnt mhaith critéir aicmithe iad. Mar sin féin, tá siad tábhachtach toisc go bhféadfadh aon ionradh ar líonra agus córais faisnéise díobháil a dhéanamh don eintiteas airgeadais. Dá réir sin, ba cheart na critéir aicmithe ‘seirbhísí criticiúla a ndearnadh difear dóibh’ agus ‘caillteanais sonraí’ a shonrú ar bhealach lena ngabhtar na cineálacha mórtheagmhas sin, go háirithe ionraí neamhúdaraithe as a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha teacht, go háirithe sáruithe sonraí agus sceitheadh sonraí, fiú nach léir na tionchair láithreach.

(6)

Ós rud é go bhfuil institiúidí creidmheasa faoi réir an chreata maidir le haicmiú teagmhas faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2022/2554 agus faoi réir an chreata maidir le riosca oibríochtúil faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/959 ón gCoimisiún (3), ba cheart an cur chuige chun measúnú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch teagmhais bunaithe ar ríomh na gcostas agus na gcaillteanas, a mhéid is féidir, a bheith comhsheasmhach ar fud an dá chreat chun nach dtabharfaí isteach ceanglais a bheadh neamhoiriúnach nó a thiocfadh salach ar a chéile.

(7)

Maidir leis an gcritéar i ndáil le raon geografach teagmhais a leagtar amach in Airteagal 18(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart é a bheith dírithe ar thionchar trasteorann an teagmhais, ós rud é go ngabhfar tionchar teagmhais ar ghníomhaíochtaí eintitis airgeadais laistigh de dhlínse amháin leis na critéir eile a leagtar amach san Airteagal sin.

(8)

Ós rud é go bhfuil na critéir aicmithe idirspleách agus go bhfuil siad nasctha le chéile, maidir leis an gcur chuige chun mórtheagmhais atá le tuairisciú a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart an cur chuige sin a bheith bunaithe ar chomhcheangal critéar, agus ba cheart tábhacht níos mó a bheith ag roinnt critéar san aicmiú mórtheagmhas, ar critéir iad atá bainteach go dlúth leis na sainmhínithe ar theagmhas a bhaineann le TFC agus ar mhórtheagmhas a bhaineann le TFC a leagtar amach in Airteagal 3(8) agus (10) de Rialachán (AE) 2022/2554, ná an tábhacht atá ag critéir eile.

(9)

Maidir le tuarascálacha i ndáil le mórtheagmhais a fhaigheann údaráis inniúla, agus na fógraí a fhaigheann siad fúthu, faoi Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, d’fhonn a áirithiú go mbíonn cuspóir maoirseachta ag gabháil leo chomh maith le cuspóir a bhaineann le cosc na tógálachta ar fud na hearnála airgeadais, ba cheart é a bheith indéanta leis na tairseacha ábharthachta mórtheagmhais a ghabháil, trína bheith ag díriú, inter alia, ar an tionchar ar sheirbhísí criticiúla a bhaineann go sonrach le heintiteas, ar na dearbhthairseacha agus na tairseacha coibhneasta sonracha atá ag cliaint nó contrapháirtithe airgeadais, ar idirbhearta a thugann le fios go bhfuil tionchar ábharach ar an eintiteas airgeadais agus ar shuntasacht an tionchair i mBallstáit eile.

(10)

Teagmhais a dhéanann difear do sheirbhísí TFC nó líonra agus córais faisnéise lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, nó seirbhísí airgeadais a éilíonn údarú nó rochtain neamhúdaraithe mhailíseach ar líonra agus córais faisnéise lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, ba cheart na teagmhais sin a mheas mar theagmhais lena ndéantar difear do sheirbhísí criticiúla eintiteas airgeadais. Maidir le rochtain mhailíseach neamhúdaraithe ar líonra agus córais faisnéise lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais, tá rioscaí tromchúiseacha ag gabháil leo don eintiteas airgeadais agus, toisc go bhféadfaidís difear a dhéanamh d’eintitis airgeadais eile, ba cheart iad a mheas mar mhórtheagmhais atá le tuairisciú i gcónaí.

(11)

Le teagmhais atarlaithe atá nasctha trí bhunchúis atá cosúil de réir dealraimh, nach mórtheagmhais iad go haonarach, d’fhéadfaí a thabhairt le fios go bhfuil easnaimh agus laigí suntasacha i nósanna imeachta bainistíochta riosca agus bainistíochta teagmhais an eintitis airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart teagmhais atarlaithe a mheas mar mhórtheagmhais chomhchoiteanna i gcás ina dtarlaíonn siad arís agus arís eile i gcaitheamh tréimhse áirithe ama.

(12)

Ós rud é go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag cibearbhagairtí ar an eintiteas airgeadais agus ar an earnáil airgeadais, ba cheart a thabhairt le fios leis na cibearbhagairtí suntasacha a d’fhéadfadh eintitis airgeadais a chur isteach an dóchúlacht teacht chun cinn agus criticiúlacht an tionchair fhéideartha. Dá réir sin, chun measúnú soiléir comhsheasmhach ar shuntasacht cibearbhagairtí a áirithiú, ba cheart aicmiú cibearbhagartha mar bhagairt shuntasach a bheith spleách ar an dóchúlacht go gcomhlíonfaí na critéir aicmithe do mhórtheagmhais agus a dtairseacha dá dtiocfadh an bhagairt chun cinn, ar an gcineál cibearbhagartha agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil don eintiteas airgeadais.

(13)

Toisc go bhfuil fógra le tabhairt d’údaráis inniúla i mBallstáit eile faoi theagmhais a bhfuil tionchar acu ar eintitis airgeadais agus custaiméirí ina ndlínse, ba cheart an measúnú ar an tionchar i ndlínse eile i gcomhréir le hAirteagal 19(7) de Rialachán (AE) 2022/2554 a bheith bunaithe ar bhunchúis an teagmhais, ar an tógálacht fhéideartha trí sholáthraithe tríú páirtí agus i mbonneagair an mhargaidh airgeadais, chomh maith le tionchar an teagmhais ar ghrúpaí suntasacha cliant nó contrapháirtithe airgeadais.

(14)

Leis na próisis tuairiscithe agus na próisis maidir le fógra a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 19(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart na faighteoirí faoi leith a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar thionchar na dteagmhas. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach leis an bhfaisnéis tharchurtha uile na sonraí uile atá sna tuarascálacha maidir le teagmhais arna gcur faoi bhráid an údaráis inniúil ag an eintiteas airgeadais.

(15)

I gcás inar sárú i ndáil le sonraí pearsanta é teagmhas de réir Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do na hoibleagáidí maidir le taifeadadh agus fógra a thabhairt i dtaca le sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a leagtar amach sna dlíthe Aontais sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla oibriú i gcomhar leis na húdaráis dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679 agus i dTreoir 2002/58/CE agus faisnéis faoi na hábhair ábhartha uile a mhalartú leo.

(16)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE).

(17)

Reáchtáil an Comhchoiste de na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar chostais agus tairbhí féideartha na gcaighdeán atá beartaithe agus d’iarr comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,

(18)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus thug sé tuairim an 24 Eanáir 2024.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CRITÉIR AICMITHE

Airteagal 1

Cliaint, contrapháirtithe airgeadais agus idirbhearta

1.   Maidir leis an líon cliant a ndearnadh difear dóibh leis an teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554, léireofar leis sin an líon cliant uile a ndearnadh difear dóibh, cé acu daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha atá iontu, nach bhfuil nó nach raibh in ann úsáid a bhaint as an tseirbhís a sholáthraíonn an t-eintiteas airgeadais le linn an teagmhais nó ar imríodh tionchar díobhálach orthu mar gheall ar an teagmhas. Áireofar sa líon sin tríú páirtithe atá cumhdaithe go sainráite leis an gcomhaontú conarthach idir an t-eintiteas airgeadais agus an cliant mar thairbhithe na seirbhíse a ndearnadh difear di.

2.   Maidir leis an líon contrapháirtithe airgeadais a ndearnadh difear dóibh leis an teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554, léireofar leis sin an líon contrapháirtithe airgeadais uile a ndearnadh difear dóibh agus a bhfuil socrú conarthach déanta acu leis an eintiteas airgeadais.

3.   I ndáil le hábharthacht na gcliant agus na gcontrapháirtithe airgeadais a ndearnadh difear dóibh leis an teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554, cuirfidh an t-eintiteas airgeadais san áireamh a mhéid a dhéanfaidh an tionchar ar chliant nó contrapháirtí airgeadais difear do chur chun feidhme chuspóirí gnó an eintitis airgeadais, chomh maith le tionchar féideartha an teagmhais ar éifeachtúlacht an mhargaidh.

4.   I ndáil leis an méid nó an líon idirbheart a ndearnadh difear dóibh leis an teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554, cuirfidh an t-eintiteas airgeadais san áireamh na hidirbhearta uile a ndearnadh difear dóibh lena ngabhann suim airgeadaíochta ina ndéantar cuid amháin den idirbheart ar a laghad san Aontas.

5.   I gcás nach féidir an líon iarbhír cliant nó contrapháirtithe airgeadais a ndearnadh difear dóibh nó an líon iarbhír nó an méid iarbhír idirbheart a ndearnadh difear dóibh a chinneadh, déanfaidh an t-eintiteas airgeadais meastachán i ndáil leis an líon nó na méideanna sin bunaithe ar shonraí a bheidh ar fáil ó thréimhsí tagartha inchomparáide.

Airteagal 2

Tionchar ar chlú

1.   Chun tionchar an teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554 ar chlú a chinneadh, measfaidh eintitis airgeadais gur tharla tionchar ar chlú i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a)

tá an teagmhas le feiceáil sna meáin;

(b)

bhí gearáin arís agus arís eile ann ó chliaint éagsúla nó contrapháirtithe airgeadais éagsúla faoi sheirbhísí ar aghaidh an chliaint nó gaolmhaireachtaí gnó criticiúla mar gheall ar an teagmhas;

(c)

ní bheidh an t-eintiteas airgeadais in ann nó ní dócha go mbeidh sé in ann ceanglais rialála a chomhlíonadh de thoradh an teagmhais;

(d)

caillfidh nó is dócha go gcaillfidh an t-eintiteas airgeadais cliaint nó contrapháirtithe airgeadais agus beidh tionchar ábharach ar a ghnó de thoradh an teagmhais.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar tionchar an teagmhais ar chlú, cuirfidh na heintitis airgeadais san áireamh an leibhéal infheictheachta a fuair an teagmhas nó an leibhéal infheictheachta is dócha a gheobhaidh an teagmhas i ndáil le gach critéar a liostaítear i mír 1.

Airteagal 3

Fad agus aga neamhfhónaimh seirbhíse

1.   Tomhaisfidh eintitis airgeadais fad teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554, ón tráth a tharlaíonn an teagmhas go dtí an tráth a réiteofar é.

I gcás nach bhfuil eintitis airgeadais in ann an tráth a tharla an teagmhas a chinneadh, tomhaisfidh siad fad an teagmhais ón tráth a braitheadh é. I gcás ina bhfaigheann eintitis eolas gur tharla an teagmhas sular braitheadh é, tomhaisfidh siad an fad ón tráth a thaifeadtar an teagmhas i logaí líonra nó córais nó foinsí sonraí eile.

I gcás nach bhfuil a fhios ag eintitis airgeadais go fóill cathain a réiteofar an teagmhas nó i gcás nach bhfuil siad in ann taifid i logaí nó foinsí sonraí eile a fhíorú, cuirfidh siad meastacháin i bhfeidhm.

2.   Tomhaisfidh eintitis airgeadais aga neamhfhónaimh seirbhíse teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554, ón tráth nach bhfuil an tseirbhís ar fáil do chliaint, contrapháirtithe airgeadais nó d’úsáideoirí inmheánacha nó seachtracha eile, ar chor ar bith nó go páirteach, go dtí an tráth a thugtar gníomhaíochtaí nó oibríochtaí rialta ar ais chuig an leibhéal seirbhíse a soláthraíodh roimh an teagmhas. I gcás ina bhfágann an t-aga neamhfhónaimh seirbhíse go bhfuil moill ar sholáthar seirbhíse tar éis gníomhaíochtaí nó oibríochtaí rialta a thabhairt ar ais, tomhaisfidh an t-aga neamhfhónaimh ó thús an teagmhais go dtí an tráth a sholáthraítear an tseirbhís a bhfuil moill uirthi ina hiomláine.

I gcás nach bhfuil eintitis airgeadais in ann an tráth a thosaigh an t-aga neamhfhónaimh seirbhíse, tomhaisfidh siad an t-aga neamhfhónaimh seirbhíse ón tráth a braitheadh é.

Airteagal 4

Raon geografach

Chun an raon geografach a chinneadh i ndáil leis na limistéir a ndearnadh difear dóibh leis an teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2554, déanfaidh eintitis airgeadais measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil, nó a bhí nó nach raibh, tionchar ag an teagmhas i mBallstáit eile, agus go háirithe suntasacht an tionchair i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

cliaint agus contrapháirtithe airgeadais i mBallstáit eile;

(b)

brainsí nó eintitis airgeadais eile laistigh den ghrúpa a dhéanann gníomhaíochtaí i mBallstáit eile;

(c)

bonneagair an mhargaidh airgeadais nó tríú páirtithe, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’eintitis airgeadais i mBallstáit eile dá soláthraíonn siad seirbhísí, a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil.

Airteagal 5

Caillteanais sonraí

Chun na caillteanais sonraí a bhaineann leis an teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2022/2554 a chinneadh, cuirfidh eintitis airgeadais an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

i ndáil le hinfhaighteacht sonraí, cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí ar éileamh an eintitis airgeadais, a chliaint nó a chontrapháirtithe dorochtana nó neamh-inúsáidte go sealadach nó go buan de thoradh an teagmhais;

(b)

i ndáil le barántúlacht sonraí, cé acu a bhain nó nár bhain an teagmhas d’iontaofacht an fhoinse sonraí;

(c)

i ndáil le sláine sonraí, cé acu a ndearnadh nó nach ndearnadh modhnú neamhúdaraithe ar na sonraí de thoradh an teagmhais a fhágann go bhfuil na sonraí neamhchruinn nó neamhiomlán;

(d)

i ndáil le rúndacht sonraí, cé acu a fuair nó nach bhfuair páirtí nó córas neamhúdaraithe rochtain ar na sonraí nó cé acu a nochtadh nó nár nochtadh na sonraí do pháirtí nó córas neamhúdaraithe de thoradh an teagmhais.

Airteagal 6

Criticiúlacht sonraí a ndearnadh difear dóibh

Chun criticiúlacht na seirbhísí a ndearnadh difear dóibh dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2022/2554 a chinneadh, déanfaidh eintitis airgeadais measúnú ar an méid seo a leanas i ndáil leis an teagmhas:

(a)

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar, nó a rinneadh nó nach ndearnadh difear do sheirbhísí TFC nó líonra agus córais faisnéise lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais;

(b)

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar, nó a rinneadh nó nach ndearnadh difear do sheirbhísí airgeadais arna soláthar ag an eintiteas airgeadais lena n-éilítear údarú, clárú nó a ndéanann údaráis inniúla maoirseacht orthu;

(c)

cé acu atá nó nach bhfuil, a bhí nó nach raibh an teagmhas ina rochtain rathúil mhailíseach neamhúdaraithe ar líonra agus córais faisnéise an eintitis airgeadais.

Airteagal 7

Tionchar eacnamaíoch

1.   Chun tionchar eacnamaíoch an teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2022/2554 a chinneadh, cuirfidh eintitis airgeadais san áireamh na cineálacha costas agus caillteanas díreach agus indíreach seo a leanas arna dtabhú de thoradh an teagmhais, gan aisghabhálacha airgeadais a áireamh:

(a)

cistí nó sócmhainní airgeadais díshealbhaithe dá bhfuil siad faoi dhliteanas, lena n-áirítear sócmhainní a cailleadh de thoradh gadaíochta;

(b)

costais as athsholáthar nó athshocrú bogearraí, crua-earraí nó bonneagair;

(c)

costais foirne, lena n-áirítear costais a bhaineann le hathsholáthar nó athshocrú foirne, earcaíocht foirne breise, luach saothair as ragobair agus aisghabháil scileanna caillte nó lagaithe;

(d)

táillí de bharr neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha;

(e)

costais as sásamh agus cúiteamh do chustaiméirí;

(f)

caillteanais de bharr ioncam ligthe thar ceal;

(g)

costais a bhaineann le cumarsáid inmheánach agus sheachtrach;

(h)

costais chomhairleacha, lena n-áirítear costais a bhaineann le comhairleoireacht dhlíthiúil, seirbhísí fóiréinseacha agus seirbhísí réitigh.

2.   Ní áireofar i gcostais agus caillteanais dá dtagraítear i mír 1 costais a bhfuil gá leo d’oibríocht laethúil an ghnólachta, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

costais as cothabháil ghinearálta bonneagair, trealaimh, crua-earraí agus bogearraí, agus costais as scileanna na foirne a choimeád cothrom le dáta;

(b)

costais inmheánacha nó sheachtracha chun feabhas a chur ar an ngnólacht i ndiaidh an teagmhais, lena n-áirítear uasghráduithe, feabhsuithe agus tionscnaimh um measúnú riosca;

(c)

préimheanna árachais.

3.   Ríomhfaidh eintitis airgeadais na méideanna costas agus caillteanas bunaithe ar shonraí a bhíonn ar fáil tráth an tuairiscithe. I gcás nach féidir na méideanna costas agus caillteanas iarbhír a chinneadh, déanfaidh eintitis airgeadais meastachán i ndáil leis na méideanna sin.

4.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch an teagmhais, déanfaidh eintitis airgeadais coimriú ar na costais agus caillteanais dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL II

MÓRTHEAGMHAIS AGUS TAIRSEACHA ÁBHARTHACHTA

Airteagal 8

Mórtheagmhais

1.   Measfar gur mórtheagmhas é teagmhas chun críocha Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 i gcás ina bhfuil difear déanta do sheirbhísí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 6 agus i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíontar an tairseach ábharthachta dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (b);

(b)

comhlíontar dhá cheann nó níos mó de na tairseacha ábharthachta dá dtagraítear in Airteagail 9(1) go (6).

2.   Maidir le teagmhais atarlaithe nach meastar mar mhórtheagmhas go haonarach i gcomhréir le mír 1, measfar iad mar mhórtheagmhas amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tharla siad faoi dhó ar a laghad laistigh de 6 mhí;

(b)

is cosúil go bhfuil an bhunchúis chéanna leo dá dtagraítear in Airteagal 20 an chéad fhomhír, pointe (b) de Rialachán (AE) 2022/2554;

(c)

comhlíontar leo i gcomhpháirt na critéir a bhaineann le hiad a mheas mar mhórtheagmhas a leagtar amach i mír 1.

Déanfaidh eintitis airgeadais measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil teagmhais atarlaithe ann ar bhonn míosúil.

Níl feidhm ag an mír seo maidir le micrifhiontair ná le heintitis airgeadais a liostaítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2022/2554.

Airteagal 9

Tairseacha ábharthachta chun mórtheagmhais a chinneadh

1.   Comhlíontar an tairseach ábharthachta le haghaidh an chritéir ‘cliaint, contrapháirtithe airgeadais agus idirbhearta’ i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an líon cliant a ndearnadh difear dóibh níos airde ná 10 % de na cliaint uile a úsáideann an tseirbhís a ndearnadh difear di;

(b)

tá an líon cliant dá ndearnadh difear a úsáideann an tseirbhís dá ndearnadh difear níos airde ná 100 000;

(c)

tá an líon contrapháirtithe airgeadais a ndearnadh difear dóibh níos airde ná 30 % de na contrapháirtithe airgeadais uile a dhéanann gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar na seirbhíse a ndearnadh difear di;

(d)

tá an líon idirbheart a ndearnadh difear dóibh níos airde ná 10 % den mheánlíon laethúil idirbheart arna ndéanamh ag an eintiteas airgeadais a bhaineann leis an tseirbhís a ndearnadh difear di;

(e)

tá an méid idirbheart a ndearnadh difear dóibh níos airde ná 10 % den mheánluach laethúil idirbheart arna ndéanamh ag an eintiteas airgeadais a bhaineann leis an tseirbhís a ndearnadh difear di;

(f)

rinneadh difear do chliaint nó contrapháirtithe airgeadais a sainaithníodh mar chliaint nó contrapháirtithe airgeadais ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 1(3).

I gcás nach féidir an líon iarbhír cliant nó contrapháirtithe airgeadais a ndearnadh difear dóibh nó an líon iarbhír nó an méid iarbhír idirbheart a ndearnadh difear dóibh a chinneadh, déanfaidh an t-eintiteas airgeadais meastachán i ndáil leis an líon nó na méideanna sin bunaithe ar shonraí a bheidh ar fáil ó thréimhsí tagartha inchomparáide.

2.   Comhlíontar an tairseach ábharthachta don chritéar ‘tionchar ar chlú’ i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointí (a) go (d).

3.   Comhlíontar an tairseach ábharthachta don critéar ‘fad agus aga neamhfhónaimh seirbhíse’ i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá fad an teagmhais níos faide ná 24 uair an chloig;

(b)

tá an t-aga neamhfhónaimh seirbhíse níos faide ná 2 uair an chloig i gcás seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.

4.   Comhlíontar an tairseach ábharthachta don chritéar ‘raon geografach’ i gcás ina bhfuil tionchar ag an teagmhas in dhá Bhallstát nó níos mó i gcomhréir le hAirteagal 4.

5.   Comhlíontar an tairseach ábharthachta don critéar ‘caillteanais sonraí’ i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir le haon tionchar dá dtagraítear in Airteagal 5 ar infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí, beidh drochthionchar aige sin ar chur chun feidhme chuspóirí gnó an eintitis airgeadais nó ar a chumas chun ceanglais rialála a chomhlíonadh;

(b)

tarlaíonn aon rochtain rathúil mhailíseach neamhúdaraithe nach gcumhdaítear le pointe (a) do líonra agus córais faisnéise, i gcás ina bhféadfadh caillteanais sonraí a bheith ann de thoradh na rochtana sin.

6.   Comhlíontar an tairseach ábharthachta don chritéar ‘tionchar eacnamaíoch’ i gcás inar mó nó inar dócha gur mhó ná EUR 100 000 atá nó a bheadh na costais agus caillteanais arna dtabhú ag an eintiteas airgeadais de thoradh an teagmhais.

CAIBIDIL III

CIBEARBHAGAIRTÍ SUNTASACHA

Airteagal 10

Tairseacha ábharthachta arda chun cibearbhagairtí suntasacha a chinneadh

Chun críocha Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, measfar go bhfuil cibearbhagairt suntasach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

d’fhéadfadh an chibearbhagairt, dá dtiocfadh sí chun cinn, difear a dhéanamh d’fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais, nó d’fhéadfaí go ndearna an chibearbhagairt difear d’fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais, nó d’fhéadfadh sí difear a dhéanamh d’eintitis airgeadais eile, soláthraithe tríú páirtí eile, cliaint eile nó contrapháirtithe eile, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don eintiteas airgeadais;

(b)

tá dóchúlacht ard teacht chun cinn ag baint leis an gcibearbhagairt ag an eintiteas airgeadais nó ag eintitis airgeadais eile, agus ceann amháin ar a laghad de na heilimintí seo a leanas á chur san áireamh:

(i)

rioscaí is infheidhme a bhaineann leis an gcibearbhagairt dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear leochaileachtaí féideartha chórais an eintitis airgeadais ar féidir teacht i dtír orthu;

(ii)

cumais agus rún na ngníomhaithe bagartha a mhéid a thuigeann an t-eintiteas airgeadais;

(iii)

marthanacht na bagartha agus aon eolas carntha faoi theagmhais a ndearna difear don eintiteas airgeadais nó dá sholáthraí tríú páirtí, cliaint nó contrapháirtithe airgeadais;

(c)

d’fhéadfadh an chibearbhagairt, dá dtiocfadh sí chun cinn, aon cheann de na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

an critéar a bhaineann le criticiúlacht seirbhísí a leagtar amach in Airteagal 18(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2022/2554, mar a shonraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo;

(ii)

an tairseach ábharthachta a leagtar amach in Airteagal 9(1);

(iii)

an tairseach ábharthachta a leagtar amach in Airteagal 9(4).

I gcás ina dtagann an t-eintiteas airgeadais ar an gconclúid, ag brath ar an gcineál cibearbhagartha agus an fhaisnéis atá ar fáil, go bhféadfaí na tairseacha ábharthachta a leagtar amach in Airteagal 9(2), (3), (5) agus (6) a chomhlíonadh, d’fhéadfaí na tairseacha sin a chur san áireamh freisin.

CAIBIDIL IV

ÁBHARTHACHT MÓRTHEAGMHAS d’ÚDARÁIS INNIÚLA I mBALLSTÁIT EILE AGUS MIONSONRAÍ TUARASCÁLACHA ATÁ LE ROINNT LE hÚDARÁIS INNIÚLA EILE

Airteagal 11

Ábharthacht mórtheagmhas d’údaráis inniúla i mBallstáit eile

Maidir leis an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an mórtheagmhas ábhartha d’údaráis inniúla i mBallstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 19(7) de Rialachán (AE) 2022/2554, beidh sé bunaithe ar cé acu atá nó nach bhfuil bunchúis de thionscnamh Ballstáit eile leis an teagmhas nó ar cé acu atá nó nach bhfuil, nó a bhí nó nach raibh, tionchar suntasach ag an teagmhas i mBallstát eile i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

cliaint nó contrapháirtithe airgeadais;

(b)

brainse den eintiteas airgeadais nó eintiteas airgeadais eile laistigh den ghrúpa;

(c)

bonneagar den mhargadh airgeadais nó soláthraí tríú páirtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’eintitis airgeadais dá soláthraíonn siad seirbhísí.

Airteagal 12

Mionsonraí faoi mhórtheagmhais atá le roinnt le húdaráis inniúla eile

Maidir leis na mionsonraí faoi mhórtheagmhais atá le cur faoi bhráid údarás inniúil ag údaráis inniúla eile i gcomhréir le hAirteagal 19(6) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus na fógraí atá le tabhairt ag ÚBE, ESMA nó ÚEÁPC agus BCE do na húdaráis inniúla i mBallstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 19(7) den Rialachán sin, beidh an leibhéal céanna faisnéise iontu, gan aon anaithnidiú, agus atá sna fógraí agus sna tuarascálacha ar mhórtheagmhais a fhaightear ó eintitis airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2022/2554.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.

(2)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/959 ón gCoimisiún an 14 Márta 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht mheasúnaithe a shonrú lena gceadaíonn údaráis inniúla d’institiúidí Ardmhodhanna Tomhais a úsáid le haghaidh riosca oibríochtúil (IO L 169, 6.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/959/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(5)   IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1772/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)