|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1770 |
24.6.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/1770 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2024
a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
|
(2) |
An 17 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1429 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES agus lenar tugadh isteach tuilleadh bearta sriantacha chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1429. De bhun Airteagal 1 den Chinneadh sin, tá infheidhmeacht na mbeart sin maidir le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir cinneadh eile ón gComhairle. |
|
(3) |
Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 25 Meitheamh 2024 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1429, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh feidhm ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 25 Meitheamh 2024 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1429.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
(2) Cinneadh (CBES) 2024/1429 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2024/1429, 17.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1429/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1770/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)