|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1767 |
27.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1767 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Meitheamh 2024
lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha Sure Lactic Family i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 30 Aibreán 2019 chuir Diversey Europe Operations B.V iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún (2) i ndáil leis an bhfine chéanna táirgí bithicídeacha a údarú, dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013, ar a dtugtar ‘Sure Lactic Family’, de chineálacha táirgí 2, 3 agus 4, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-EM051406-41 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (‘an Clár’). Léirigh an t-iarratas freisin uimhir iarratais na fine táirgí bithicídeacha tagartha gaolmhaire ‘SALVECO SALVESAFE PRODUCTS’ a údaraíodh ina dhiaidh sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1758 ón gCoimisiún (3) agus atá taifeadta sa Chlár faoi chás-uimhir BC-HC051278-51. |
|
(2) |
Is é aigéad L-(+)-lachtach an tsubstaint ghníomhach atá san fhine chéanna táirgí bithicídeacha ‘Sure Lactic Family’, ar substaint é a áirítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineálacha táirgí 2, 3 agus 4. |
|
(3) |
An 19 Meán Fómhair 2022 chuir an Ghníomhaireacht tuairim uaithi (4) faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh atá ag ‘Sure Lactic Family’ i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013. |
|
(4) |
Sa tuairim uaithi, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid nach bhfuil sna difríochtaí a bheartaítear idir ‘Sure Lactic Family’ agus an fhine táirgí bithicídeacha ‘SALVECO SALVESAFE PRODUCTS’ ach faisnéis a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athrú riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (5), agus ar bhonn an mheasúnaithe ar an bhfine táirgí bithicídeacha tagartha ghaolmhar ‘SALVECO SALVESAFE PRODUCTS’ agus faoi réir chomhlíonadh an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, go gcomhlíonann ‘Sure Lactic Family’ na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(5) |
An 16 Samhain 2023 sheol an Ghníomhaireacht na dréacht-achoimrí athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge bhithicídigh atá ag ‘Sure Lactic Family’ i dteangacha oifigiúla uile an Aontais chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(6) |
Comhaontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus measann sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine céanna táirgí bithicídeacha ‘Sure Lactic Family’. |
|
(7) |
Tá dáta éaga an údaraithe seo ailínithe le dáta éaga údarú na fine táirgí bithicídeacha tagartha gaolmhaire ‘SALVECO SALVESAFE PRODUCTS’. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0029485-0000 do Diversey Europe Operations B.V maidir leis an bhfine chéanna táirgí bithicídeacha ‘Sure Lactic Family’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Tá an t-údarú Aontais bailí ón 17 Iúil 2024 go dtí an 30 Meán Fómhair 2033.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2013 lena sonraítear nós imeachta maidir le húdarú na dtáirgí bithicídeacha céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 7.5.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/414/oj)
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1758 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2023 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘SALVECO SALVESAFE PRODUCTS’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 224, 12.9.2023, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1758/oj)
(4) Tuairim ó ECHA an 19.9.2022 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh na fine céanna táirgí bithicídeacha ‘Sure Lactic Family’, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe ar tháirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj)
IARSCRÍBHINN
ACHOIMRE AR SHAINTRÉITHE AN TÁIRGE LE HAGHAIDH TACAR TÁIRGÍ BITHICÍDEACHA
Sure Lactic Family
Cineál nó cineálacha táirge
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe
PT03: Sláinteachas tréidliachta
PT04: Limistéar bia agus beatha
Uimhir an údaraithe EU-0029485-0000
Uimhir sócmhainne R4BP EU-0029485-0000
CUID I.
AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE
1. FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. Ainm an tacair
|
Ainm |
Sure Lactic Family |
1.2. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe PT03: Sláinteachas tréidliachta PT04: Limistéar bia agus beatha |
1.3. Sealbhóir an údaraithe
|
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
Diversey Europe Operations B.V. |
|
Seoladh |
Regulatory team Maarssenbroeksedijk 2 3542 DN Utrecht NL |
|
|
Uimhir an údaraithe |
|
EU-0029485-0000 |
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
|
EU-0029485-0000 |
|
Dáta an údaraithe |
|
An 17 Iúil 2024 |
|
Dáta éaga an údaraithe |
|
An 30 Meán Fómhair 2033 |
1.4. Monaróir/monaróirí an táirge
|
Ainm an mhonaróra |
SALVECO S.A.S |
|
Seoladh an mhonaróra |
Avenue Pierre Mendès-France F-88100 Saint-Dié-des-Vosges An Fhrainc |
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
SALVECO S.A.S site 1 Avenue Pierre Mendès-France F-88100 Saint-Dié-des-Vosges An Fhrainc |
|
Ainm an mhonaróra |
GESTRA S.A.S |
|
Seoladh an mhonaróra |
Allée Robert Schumann F-88110 Raon-l’Étape An Fhrainc |
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
GESTRA S.A.S site 1 Allée Robert Schumann F-88110 Raon-l’Étape An Fhrainc |
|
Ainm an mhonaróra |
Diversey Europe Operations B.V. |
||||||
|
Seoladh an mhonaróra |
Maarssenbroeksedijk 2 3542DN Utrecht An Ísiltír |
||||||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Multifill BV |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Constructieweg 25a 3640 AJ Mijdrecht An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Orvema B.V. |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Westkanaaldijk 26-I 3606 AM Maarssen An Ísiltír |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Aerosol Service Sp. z o.o. |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Charnowo 36 76-270 Ustka An Pholainn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
Helichem B.V. |
|
Seoladh an mhonaróra |
Kozakkenberg 5 5951 DL Belfeld An Ísiltír |
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
Helichem B.V. site 1 Kozakkenberg 5 5951 DL Belfeld An Ísiltír |
|
Ainm an mhonaróra |
Cheport spol s.r.o. |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Lhotsko 93 76312 Vizovice An tSeicia |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
EMMEGI DETERGENTS SRL |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Via Merlo Carlo Giuseppe, 3 20122 Milano An Iodáil |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Ainm an mhonaróra |
GFL SA |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Via Sorengo 1 6900 Lugano An Eilvéis |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
1.5. Monaróir/monaróirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
|
Substaint ghníomhach |
Aigéad L-(+)-lachtach |
||
|
Ainm an mhonaróra |
PURAC BIOCHEM BV |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Gran Vial 19-25 08160 Montmeló An Spáinn |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
|
Substaint ghníomhach |
Aigéad L-(+)-lachtach |
||
|
Ainm an mhonaróra |
JUNGBUNGZLAUER S.A |
||
|
Seoladh an mhonaróra |
Z.I Portuaire BP 32 67390 Marckolsheim An Fhrainc |
||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an tacair
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Aigéad L-(+)-lachtach |
|
substaint ghníomhach |
79-33-4 |
201-196-2 |
0,627 - 31,33 % (w/w) |
|
Carbocsaláit éitir ochtaile sóidiam |
|
Substaint neamhghníomhach |
53563-70-5 |
|
0,0 – 28,8 % (w/w) |
|
D-glúcóphiranós, olagaiméarach, C10-16 (ré-uimhreach)-gliocóisíde ailcile |
|
Substaint neamhghníomhach |
110615-47-9 |
|
0,0 – 8,23 % (w/w) |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe
|
Cineál nó cineálacha foirmlithe |
SL – Tiúchán intuaslagtha AL – Aon leacht eile |
CUID II.
AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE MEITEA-SPC(ANNA)
Caibidil 1. MEITEA-SPC 1 FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. MEITEA-SPC 1 aitheantóir
|
Aitheantóir |
Meta SPC: Sure Lactic Meta |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
|
Uimhir |
1-1 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe PT03: Sláinteachas tréidliachta PT04: Limistéar bia agus beatha |
2. COMHDHÉANAMH META SPC 1
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 1
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Aigéad L-(+)-lachtach |
|
substaint ghníomhach |
79-33-4 |
201-196-2 |
31,33 - 31,33 % (w/w) |
|
Carbocsaláit éitir ochtaile sóidiam |
|
Substaint neamhghníomhach |
53563-70-5 |
|
24,93 - 24,93 % (w/w) |
|
D-glúcóphiranós, olagaiméarach, C10-16 (ré-uimhreach)-gliocóisíde ailcile |
|
Substaint neamhghníomhach |
110615-47-9 |
|
3,52 - 3,52 % (w/w) |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 1
|
Cineál nó cineálacha foirmlithe |
SL – Tiúchán intuaslagtha |
3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 1
|
Ráitis ghuaise |
H315: Ina chúis le greannú craicinn. H318: Ina chúis le damáiste tromchúiseach don tsúil. |
|
Ráitis réamhchúraim |
P264: Nigh lámha go lánchúramach tar éis láimhsithe. P280: Caith lámhainní cosanta, éadaí cosanta agus cosaint súile. P302+P352: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN: Nigh le neart uisce. P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. P310: Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE nó ar dhoctúir. P321: Cóir leighis ar leith (féach ar an teagasc maidir le garchabhair fhorlíontach ar an lipéad seo). P332+P313: I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle. P362+P364: Bain díot láithreach na héadaí éillithe agus nigh iad sula ndéanfar iad a athúsáid. |
4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1
Dífhabhtán nach bhfuil beartaithe le cur go díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (díghalráin do gach dromchlaí crua in-nite i limistéir cónaithe, institiúide agus tionsclaíoch)
|
An cineál táirge |
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe |
||||
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
— |
||||
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: eile: Baictéir Gnáthainm: eile: Baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Giostaí Gnáthainm: eile: Giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Víris Gnáthainm: eile: Víris imchlúdaithe Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
||||
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh úsáid lasmuigh
|
||||
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: eile: Cuimilt, mapáil nó scuabadh, spraeáil, maothú nó tumadh (tumadh) Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: - gan ghníomhaíocht mheicniúil |
||||
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: — Caolú (%): 0,299% Airí uainithe: Orgánaigh sprice riachtanacha:
Orgánaigh sprice eile:
Ní mór an táirge comhdhlúite a chaolú ar 1% v/v roimh úsáid. |
||||
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
gairmiúil |
||||
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buidéil: 0,5–5 lítear HDPE nó PET Canna breosla: 1 - 80 lítear HDPE Druma: 10–210 lítear HDPE IBC: 1 000 lítear HDPE Coimeádán bog: 1,5, 2,5 lítear Poileitiléin íseal-dlúis (LDPE) |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
- Fliuchaigh an dromchla ar fad ar feadh 5 nóiméad chun an táirge a chur (cuir timpeall 18 sprae /m2 nó 20 ml/m2 nó clúdaigh go hiomlán an oibiacht le díghalrú).
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2. Tuairisc úsáide
Tábla 2.
Díghalráin limistéir bia agus beatha (díghalráin do gach dromchlaí crua in-nite i limistéir cónaithe, institiúide agus tionsclaíoch (tionscail bia))
|
An cineál táirge |
PT04: Limistéar bia agus beatha |
||||
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
||||
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: eile: Baictéir Gnáthainm: eile: Baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Giostaí Gnáthainm: eile: Giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Víris Gnáthainm: eile: Víris imchlúdaithe amháin Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
||||
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh úsáid lasmuigh
|
||||
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: eile: Cuimilt, mapáil nó scuabadh, spraeáil, maothú nó tumadh (tumadh) Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: - gan ghníomhaíocht mheicniúil |
||||
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: - Caolú (%): 0,299% Airí uainithe: Orgánaigh sprice riachtanacha:
Orgánaigh sprice eile:
Ní mór an táirge comhdhlúite a chaolú ar 1% v/v roimh úsáid de réir léirithe ar an lipéad. |
||||
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
tionsclaíoch ; gairmiúil |
||||
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buidéil: 0,5–5 lítear HDPE nó PET Canna breosla: 1–80 lítear HDPE Druma: 10–210 lítear HDPE IBC: 1 000 lítear HDPE Coimeádán bog: 1,5, 2,5 lítear LDPE |
4.2.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
- Fliuchaigh an dromchla ar fad ar feadh 5 nóiméad chun an táirge a chur (cuir timpeall 18 sprae /m2 nó 20 ml/m2 nó clúdaigh go hiomlán an oibiacht le díghalrú).
4.2.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.3. Tuairisc úsáide
Tábla 3
Díghalráin a úsáidtear chun ábhair agus dromchlaí bainteach le feireadh ainmhithe a dhíghalrú (díghalráin do gach dromchlaí in-nite agus crua sa limistéar tréidliachta)
|
An cineál táirge |
PT03: Sláinteachas tréidliachta |
||
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
— |
||
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: eile: Baictéir Gnáthainm: eile: Baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Giosta Gnáthainm: eile: Giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
||
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh úsáid lasmuigh- |
||
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: eile: Cuimilt, mapáil nó scuabadh, spraeáil, maothú nó tumadh (tumadh) Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: — gan ghníomhaíocht mheicniúil |
||
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: — Caolú (%): 0,748% Airí uainithe: Orgánaigh sprice riachtanacha:
Ní mór an táirge comhdhlúite a chaolú ar 2,5% v/v roimh úsáid de réir léirithe ar an lipéad. |
||
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
gairmiúil |
||
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buidéil: 0,5–5 lítear HDPE nó PET Canna breosla: 1–80 lítear HDPE Druma: 10–210 lítear HDPE IBC: 1 000 lítear HDPE Coimeádán bog: 1,5, 2,5 lítear LDPE |
4.3.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
|
— |
Glan go cúramach na dromchlaí roimh fhorchurtha an táirge. |
|
— |
Fliuchaigh an dromchla ar fad ar feadh 30 nóiméad chun an táirge a chur (cuir timpeall 18 sprae /m2 nó 20 ml/m2 nó clúdaigh go hiomlán an oibiacht le díghalrú). |
4.3.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.3.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.3.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.3.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
Caibidil 5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 1
5.1. Treoracha úsáide
|
— |
Ná úsáid ach ar dhromchlaí neamhphóiriúla. |
|
— |
Cuir le fios do shealbhóir an údaraithe má bhíonn an chóireáil neamhéifeachtach. |
5.2. Bearta maolaithe riosca
|
— |
Nuair a bheidh tú ag láimhseáil an táirge thiubhaithe (le linn a chaolaithe) caith lámhainní cosanta a bheidh frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán arna n-aicmiú faoi EN 374 nó a choibhéis, spéaclaí cosanta ceimiceacha i gcomhréir le EN 16321 nó a choibhéis agus rabhlaer i gcomhréir le EN 14605 nó a choibhéis. Tá teidil iomlána na gcaighdeán EN le fáil in Alt 6. |
|
— |
Ábhar a bhaineann le PPE lena sainiú ag sealbhóir an údaraithe sa bhfaisnéis faoin táirge. |
|
— |
Nigh do lámha tar éis an táirge dlútháin a úsáid. |
|
— |
Seachain teagmháil le súile. |
|
— |
Seachain steallta agus doirteadh le linn measctha agus lódála (caolú). |
|
— |
I gcomhair úsáidí allamuigh, ná forchuir an táirge i gcás go bhfuiltear ag súil le báisteach laistigh 24 uaire. |
|
— |
I gcomhair úsáideanna allamuigh ag sprae, seachain aistriú go limistéir eile leis an ngaoth (gluaiseacht). |
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
|
— |
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann le huisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis. |
|
— |
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. |
Cuir glao ar 112 nó ar otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.
Faisnéis do phearsanra Sláinte nó ar dochtúir:
|
|
Ba cheart na súile a shruthlaigh arís agus arís eile ar an mbealach go dtí an dochtúir má nochtadh na súile do cheimiceáin alcaileacha (pH> 11), aimíní ar nós aigéad aicéiteach, aigéad formach nó aigéad próipianach.
|
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
|
— |
Ná sceith táirge nach n-úsáidtear ar an talamh, isteach i sruthchúrsaí, isteach i bpíopaí (doirteal, leithris...) ná síos sna draein. |
|
— |
Faigh réidh le táirge nach n-úsáidtear, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla. |
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
|
— |
Seilfré: 2 bhliain. |
|
— |
Cosnaítear ón tsioc é. |
6. FAISNÉIS EILE
Is iad seo a leanas teidil iomlána na gcaighdeán EN dá dtagraítear in alt 5.2 ‘Bearta maolaithe riosca’:
|
|
EN 374 – Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceán agus miocrorgánach contúirteach |
|
|
EN 16321 – Cosaint súl agus aghaidhe le haghaidh úsáid ceirde |
|
|
EN 14605 – Éadaí cosanta in aghaidh ceimiceán leachtach - Riachtanais feidhmíochta i gcás éadaí a bhfuil naisc leacht-dhíonacha (Cineál 3) nó cáitheadh-dhíonacha (Cineál 4) ag baint leo, ar a n-áirítear míreanna lena dtugtar cosaint do bhaill áirithe den chorp agus dóibhsean amháin (Cineálacha PB [3] agus PB [4]) |
7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 1
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
|
Trádainm/trádainmneacha |
SURE™ Cleaner Disinfectant |
Réimse margaidh: AE |
|||||
|
SURE™ Ice & Shake |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
Suma Shake D10.3 |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
Suma Cleaner Disinfectant D10.10 |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
Suma Sanides D10.10 |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
Suma San Des D10.10 |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
TASKI Sanides |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
TASKI Sani Des |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
TASKI Sani 3 in 1 |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
Divosan Protect Conc |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
DOMESTOS SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
DOMESTOS KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
DOMESTOS CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
GLORIX SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
GLORIX KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
GLORIX CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
KLINEX SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
KLINEX KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
KLINEX CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
LYSOFORM SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
LYSOFORM KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
LYSOFORM CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
SAVO SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
SAVO KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
SAVO CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
CIF SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
CIF KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
CIF CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
VISS SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
VISS KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
VISS CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
JIF SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
JIF KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
JIF CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
FLORASZEPT SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
FLORASZEPT KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
FLORASZEPT CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
ANDY SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
ANDY KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
ANDY CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
SUPERANDY SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
SUPERANDY KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
SUPERANDY CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
ANDYSAN SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
ANDYSAN KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
ANDYSAN CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
LIFEBUOY SaniShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
LIFEBUOY KitchenShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
LIFEBUOY CleanShield Conc Professional |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
SANO-Cream-Clean |
Réimse margaidh: AE |
||||||
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0029485-0001 1-1 |
||||||
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
||
|
Aigéad L-(+)-lachtach |
|
substaint ghníomhach |
79-33-4 |
201-196-2 |
31,33 |
||
|
Carbocsaláit éitir ochtaile sóidiam |
|
Substaint neamhghníomhach |
53563-70-5 |
|
24,93 |
||
|
D-glúcóphiranós, olagaiméarach, C10-16 (ré-uimhreach)-gliocóisíde ailcile |
|
Substaint neamhghníomhach |
110615-47-9 |
|
3,52 |
||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1767/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)