|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1765 |
20.6.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1765 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (1), agus go háirithe Airteagal 5(5), an dara fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar amach le Rialachán (AE) 2020/741 na híoscheanglais maidir le hathúsáid shábháilte uisce le haghaidh uisciú talmhaíochta. Le hAirteagal 6 den Rialachán sin ceanglaítear go mbeidh táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe faoi réir ceada, agus go mbeidh an cead sin bunaithe ar phlean bainistithe riosca. Le hAirteagal 5(3) den Rialachán sin ceanglaítear go mbeidh na pleananna bainistithe riosca um athúsáid uisce bunaithe ar eilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
D’fhéadfadh sé a bheith casta plean bainistithe riosca um athúsáid uisce a fhorbairt, rud a éilíonn cur chuige ildisciplíneach agus rannpháirtíocht roinnt gníomhaithe in ullmhú an phlean. Ar an gcúis sin, is gá sonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh na pleananna bainistithe riosca um athúsáid uisce láidir, ar ardcháilíocht, agus bunaithe ar chur chuige córasach. Is é is aidhm dó a leagan amach ar bhealach níos mionsonraithe an chaoi ar cheart d’údair an phlean bainistithe riosca agus do na measúnóirí riosca atá páirteach i mbunú an phlean na príomheilimintí uile a bhreithniú go hiomchuí trí anailís struchtúrtha agus chuimsitheach a dhéanamh ar an gcóras athúsáide uisce. Ba cheart é a bheith indéanta na prótacail measúnaithe agus bainistithe riosca atá ann cheana a úsáid chun plean bainistithe riosca a ullmhú, ar choinníoll go n-urramaítear na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe seo. |
|
(3) |
Ionas go soláthraítear fianaise dhaingean leis na pleananna bainistithe riosca chun tacú le bearta coisctheacha agus bacainní a bhunú agus chun a áirithiú go mbeidh uisciú le huisce athshlánaithe sábháilte do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an comhshaol, ba cheart tacú leis an bhfianaise eolaíoch is iontaofa atá ar fáil agus le foinsí tacaíochta eile, agus iad lándoiciméadaithe sa phlean bainistithe riosca. |
|
(4) |
D’fhéadfadh córais athúsáide uisce atá i bhfeidhm sna Ballstáit a bheith éagsúil ina mbunú agus d’fhéadfadh sé freastal ar líon mór úsáideoirí deiridh. Thairis sin, féadfaidh plean bainistithe riosca aonair níos mó ná córas athúsáide uisce amháin a chumhdach, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741. Ba cheart do shonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca a bheith solúbtha go leor chun freastal ar na difríochtaí sin, agus san am céanna forléargas cuimsitheach ar an gcóras agus faisnéis leordhóthanach a sholáthar chun gur féidir na rioscaí féideartha go léir lena mbaineann a shainaithint. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach sonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 177, 5.6.2020, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/741/oj.
IARSCRÍBHINN
Sonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca in athúsáid uisce
Tuairisc ar an gcóras athúsáide uisce
I gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, sonrófar sa tuairisc ar chóras athúsáide uisce na próisis agus na céimeanna éagsúla uile lena mbaineann ó thús na cóireála fuíolluisce go dtí an athúsáid deiridh i réimsí talmhaíochta, lena n-áirítear gach gné atá ábhartha don mheasúnú riosca. Cumhdófar sa tuairisc eilimintí uile an chórais, lena n-áirítear na heilimintí bonneagair agus teicniúla uile atá ábhartha don tionscadal sonrach athúsáide uisce, lena n-áirítear faisnéis faoi na pointí éagsúla seachas an pointe comhlíonta ag a seachadtar uisce chuig gníomhaí eile sa slabhra.
Má fhreastalaíonn saoráid athshlánaithe aonair ar líon ard úsáideoirí deiridh, féadfar úsáideoirí den sórt sin a mheas i dtéarmaí ginearálta sa tuairisc ar an bplean bainistithe riosca, bunaithe ar chineálacha éagsúla barr nó ar chleachtais chaighdeánacha uiscithe sa limistéar a bhfreastalaítear air, ach tabharfaidh sí forléargas fós ar na cineálacha féideartha úsáideoirí deiridh agus barraí uiscithe.
Má chumhdaítear níos mó ná córas athúsáide uisce amháin le plean bainistithe riosca aonair, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2020/741, féadfaidh bun-eilimintí a bheith sa tuairisc ar an gcóras lena dtugtar forléargas ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus atá ábhartha maidir leis na córais uile a chumhdaítear leis an bplean. Féadfaidh an tuairisc tagairt a dhéanamh do na cineálacha barr is mó a fhástar sna limistéir ar a bhfreastalaítear, do chleachtais uiscithe chaighdeánacha, nó do chóid dea-chleachtais, lena mionsonraítear na cleachtais chaighdeánacha chun uisce athshlánaithe d’aicme cáilíochta ar leith a úsáid go sábháilte.
Ag brath ar cibé an bhfuil an tsaoráid athshlánaithe mar an gcéanna leis an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh a dhéanann uisce a chóireáil i gcomhréir leis na caighdeáin a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2020/741, nó an saoráid ar leithligh í, is é atá i gceist le tuairisc a thabhairt ar an gcóras athúsáide uisce ná scrúdú a dhéanamh ar chéimeanna éagsúla sna próisis chóireála agus anailís a dhéanamh ar phointí éagsúla den chóras athúsáide uisce.
Leanfaidh an tuairisc ar an gcóras athúsáide uisce na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach thíos agus áireofar inti faisnéis maidir le táirgeadh uisce athshlánaithe, dáileadh stórála (i gcás inarb ábhartha), modhanna uiscithe, úsáid bheartaithe agus catagóirí barr.
Táirgeadh an uisce athshlánaithe
Áireofar an méid seo a leanas sa tuairisc ar an bpróiseas chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh:
|
(1) |
foinsí an fhuíolluisce uirbigh a thagann isteach sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh a sholáthraíonn uisce lena athshlánú. Déanfar foinsí fuíolluisce uirbigh a shainaithint trí úsáid a bhaint as na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE ón gComhairle (1). D’fhéadfadh meascán a bheith san fhuíolluisce uirbeach d’fhuíolluisce tí, fuíolluisce tionsclaíoch agus uisce a ritheann chun srutha, agus ar an gcaoi sin sceitheann sé agus cineálacha éagsúla truailleán, pataiginí nó substaintí eile á iompar leis; |
|
(2) |
tagairt nó ainm an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh a sholáthraíonn uisce le haghaidh athshlánaithe, agus, má tá sé éagsúil ón tsaoráid athshlánaithe, faisnéis maidir leis na cineálacha cóireála a dhéantar sa ghléasra (cóireáil phríomhúil, thánaisteach, threasach nó cheathartha). |
|
(3) |
tagairt nó ainm na saoráide athshlánaithe, má tá sé éagsúil ón ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, agus faisnéis maidir leis na próisis chóireála agus na teicneolaíochtaí a úsáidtear sa tsaoráid. Soláthrófar faisnéis freisin maidir le dálaí oibriúcháin agus paraiméadair rialaithe na bpróiseas atá ábhartha do bhainistiú rioscaí, lena n-áirítear paraiméadair rialaithe le haghaidh próisis lena gcóireáiltear pataiginí nó truailleáin a shainaithnítear mar ghuaiseacha i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741. |
|
(4) |
saintréithriú ar cháilíocht an fhuíolluisce uirbigh a thagann isteach sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, lena gcumasaítear sainaithint na bparaiméadar atá ábhartha do cháilíocht an uisce athshlánaithe agus a d’fhéadfadh a bheith ina nguaiseacha de réir bhrí phointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741. Féadfar tuairisc a thabhairt sa saintréithriú ar cháilíocht an uisce ag pointí éagsúla den chóras athúsáide uisce, rud lena dtabharfar aghaidh ar luaineachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca teagmhas guaiseach, teipeanna córais nó éagsúlachtaí séasúracha. D’fhéadfadh sé gurb iad seo a leanas na pointí sin:
Cumhdófar an méid seo a leanas le saintréithriú cháilíocht an uisce:
|
|
(5) |
an méid uisce a théann isteach sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus a thrasnaíonn tríd an gcóras athúsáide uisce thar 1 bhliain amháin (i.e. sreabhadh íosta, uasta agus meánach) lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir le hinathraitheacht sreafa de thairbhe eachtraí aimsire nó imeachtaí eile (séasúr turasóireachta) a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh do thoirt agus do cháilíocht an uisce athshlánaithe, i gcás inarb ábhartha. Mura n-úsáidtear ach cuid den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh, beidh an fhaisnéis sin teoranta do na méideanna uisce a thagann isteach sa tsaoráid athshlánaithe nó a eascraíonn as céim na cóireála tánaistí agus a úsáidfear chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh; |
|
(6) |
an pointe comhlíonta sa chóras athúsáide uisce a shainaithint. |
Stóráil
Féadfar córais stórála a úsáid chun uisce athshlánaithe a stóráil sula ndéantar é a iompar agus a sheachadadh nó tar éis é a sheachadadh chuig an úsáideoir deiridh. Má úsáidtear córais stórála, áireofar na heilimintí seo a leanas san fhaisnéis atá le soláthar:
|
(1) |
na cineálacha córas stórála (córais dhúnta nó oscailte, lena n-áirítear bearta atá i bhfeidhm chun traséilliú le foinsí eile truaillithe a sheachaint, lena n-áirítear uisce a ritheann chun srutha ón tionscal agus ón bhfeirmeoireacht); |
|
(2) |
modh oibriúcháin an chórais (oibríochtúil nó séasúrach); |
|
(3) |
na meánamanna cónaithe; |
|
(4) |
na straitéisí bainistithe chun cáilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch an uisce athshlánaithe a rialú, lena n-áirítear athfhás baictéarach nó fás algach. |
Dáileadh
Áireofar na heilimintí seo a leanas san fhaisnéis maidir le dáileadh an uisce athshlánaithe atá le soláthar:
|
(1) |
faisnéis maidir le córais chaidéalaithe; |
|
(2) |
na cineálacha píblínte, bealaí nó modhanna dáileacháin eile a úsáidtear; |
|
(3) |
na straitéisí bainistithe chun cáilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch an uisce athshlánaithe a rialú le linn soláthair; |
|
(4) |
bearta chun traséilliú a sheachaint leis an gcóras uisce óil nó leis an gcóras séarachais nó le haon foinse eile truaillithe, lena n-áirítear uisce a ritheann chun srutha ón tionscal nó ón bhfeirmeoireacht i gcás bealaí oscailte, i gcás inarb ábhartha. |
Modhanna uiscithe
Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis maidir leis na modhanna uiscithe atá le soláthar:
|
(1) |
tuairisc ar na modhanna uiscithe laistigh den limistéar ar a bhfreastalaítear, atá i bhfeidhm cheana féin nó atá beartaithe, agus é a chur san áireamh go bhféadfar modhanna éagsúla a úsáid ag brath ar an séasúr nó ar infhaighteacht an uisce. Mura bhfuil úsáideoirí deiridh sainaitheanta go fóill nó má fhreastalaíonn saoráid athshlánaithe amháin ar líon ard díobh, féadfaidh faisnéis ghinearálta a bheith san fhaisnéis maidir leis na gnáthchineálacha uiscithe nó na cineálacha uiscithe a úsáidtear sa limistéar a bhfreastalaítear air agus saintreoracha a áireamh inti maidir leis an modh uiscithe is gá chun aicme ar leith de cháilíocht uisce athshlánaithe a úsáid go sábháilte ar chineálacha áirithe barr. Déanfar modhanna uiscithe a aicmiú sna catagóirí seo a leanas:
Áireofar ar fhaisnéis bhreise, faisnéis atá ábhartha maidir le bealaí nochta don daonra nó don chomhshaol dá dtagraítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, atá le soláthar más ábhartha don chineál modha uiscithe a úsáidtear, i gcás inarb infheidhme:
|
Úsáid bheartaithe agus catagóirí barr
Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis atá le soláthar:
|
(1) |
úsáidí an uisce athshlánaithe (i gcomhréir le haicmí roghnaithe de cháilíocht uisce athshlánaithe, catagóirí barr agus modhanna uiscithe a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741), na pointí úsáide, chomh maith leis an nós imeachta maidir le cur agus baint atá i réim, tréimhsí agus minicíocht, agus an modh feirmeoireachta barr atá i réim sa limistéar a bhfreastalaítear air. Mura sainaithnítear úsáideoirí deiridh sonracha nó úsáidí sonracha go fóill nó má tá saoráid athshlánaithe aonair ag freastal ar líon ard úsáideoirí, féadfar an fhaisnéis a bhunú ar úsáid bheartaithe an uisce athshlánaithe i limistéar ar leith nó ar na cleachtais agus barra talmhaíochta is coitianta sa limistéar sin. D’fhéadfadh saintreoracha a bheith san fhaisnéis freisin maidir leis an gcaoi ar féidir aicme ar leith de cháilíocht uisce athshlánaithe a úsáid go sábháilte le haghaidh cineálacha áirithe barr agus faoi choinníollacha áirithe. Na cineálacha barr, a ainmnítear mar chatagóirí i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, tabharfar tuairisc orthu i gcomhréir leis an úsáid atá beartaithe don bharr:
|
|
(2) |
más ábhartha, faisnéis maidir le cóireálacha breise nó bacainní iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (AE) 2020/741, a chuirtear i bhfeidhm ar an uisce athshlánaithe tar éis an phointe comhlíonta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, ag an mbonneagar dáileacháin nó stórála agus ag na páirceanna uiscithe, a úsáidtear chun na ceanglais cháilíochta a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 a chomhlíonadh. |
|
(3) |
más ábhartha, faisnéis faoi fhoinsí eile uisce atá beartaithe lena gcumasc le huisce athshlánaithe, chomh maith le faisnéis maidir le pointí measctha, saintréithe cainníochta agus cáilíochta agus aon inathraitheacht atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí, go háirithe nuair a úsáidtear cumasc mar bhacainn. Mura sainaithnítear úsáideoirí deiridh go fóill nó má tá saoráid athshlánaithe aonair ag freastal ar líon ard díobh, féadfaidh faisnéis ghinearálta maidir le gnáthchleachtais chumaisc sa limistéar a bhfreastalaítear air a bheith san fhaisnéis agus oidis áireamh inti chun sábháilteacht an chleachtais sin a áirithiú. |
|
(4) |
raon na sreafaí uisce athshlánaithe a mheastar a sholáthrófar agus aon athraitheacht shéasúrach, agus an tréimhse úsáide (sealadach nó ad-hoc), i gcomhréir leis an sceideal uiscithe. |
Na páirtithe freagracha uile a mbaineann leis an gcóras athúsáide uisce a shainaithint agus tuairisc a thabhairt ar a róil agus a bhfreagrachtaí
I gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, déanfar na páirtithe a bhfuil baint acu le gach comhpháirt den chóras athúsáide uisce agus a bhfreagrachtaí a shainaithint i gceart le haghaidh gach cuid den chóras.
Sainaithneofar na nithe seo a leanas i gcás gach páirtí leis an gcéim sin:
|
— |
na gníomhaíochtaí a bhfuil an páirtí freagrach astu; |
|
— |
an áit nó an chéim sa chóras athúsáide uisce inar gá na gníomhaíochtaí a dhéanamh; |
|
— |
an t-am a dhéantar na gníomhaíochtaí. |
Ag brath ar leagan amach sonrach an chórais athúsáide uisce, d’fhéadfadh na páirtithe seo a leanas a bheith páirteach sa chóras athúsáide uisce:
|
(1) |
oibreoirí na saoráide athshlánaithe agus an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, i gcás ina bhfuil siad éagsúil ón tsaoráid athshlánaithe, lena n-áirítear oibreoirí fóntais uisce poiblí nó príobháideacha); |
|
(2) |
oibreoirí saoráidí stórála nó dáilte uisce athshlánaithe, i gcás inarb ábhartha; |
|
(3) |
oibreoirí a dhéanann páirceanna a uisciú le huisce athshlánaithe, lena n-áirítear feirmeoirí, comhlachais feirmeoirí, nó cuibhreannais uiscitheoirí; |
|
(4) |
údaráis ábhartha, seachas an t-údarás inniúil ainmnithe, nó comhlachtaí, lena n-áirítear údaráis uisce, údaráis sláinte poiblí, údaráis chomhshaoil; |
|
(5) |
páirtithe eile a bhféadfadh freagracht a bheith orthu in aon chuid den chóras athúsáide uisce nó atá lonnaithe sa cheantar áitiúil. |
Áireofar an méid seo a leanas i róil agus freagrachtaí na bpáirtithe a bhfuil baint acu le córas athúsáide uisce:
|
Na páirtithe lena mbaineann |
Róil agus freagrachtaí |
|
Oibreoir saoráide athshlánaithe (agus oibreoir gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, má tá siad éagsúil) |
An tsaoráid athshlánaithe (agus an gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, má tá siad éagsúil) a oibriú, a bhainistiú agus a chothabháil agus oibriú cuí na gcóireálacha agus na bpróiseas go léir a áirithiú. A áirithiú, ag an bpointe comhlíonta, go gcomhlíonfaidh an t-uisce athshlánaithe na híoscheanglais maidir le cáilíocht agus faireachán a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, i gcomhréir le haicmí an uisce athshlánaithe agus le ceadanna an uisce athshlánaithe. A áirithiú, ag an bpointe comhlíonta, go gcomhlíonfaidh an t-uisce athshlánaithe aon choinníoll ábhartha maidir le cáilíocht uisce agus faireachán a leagann an t-údarás inniúil amach sa chead, i gcomhréir leis an bplean bainistithe riosca. An plean bainistithe riosca a ullmhú nó cuidiú chun é a ullmhú (leis na páirtithe freagracha eile agus na húsáideoirí deiridh, más ábhartha), an plean bainistithe riosca a athbhreithniú agus a nuashonrú, go háirithe na codanna atá ábhartha maidir le táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe. Na bearta is gá a dhéanamh chun na rioscaí ag an tsaoráid athshlánaithe (nó ag an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, má tá siad éagsúil) a bhainistiú mar a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca. Éigeandálaí ag an tsaoráid athshlánaithe (nó ag an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, má tá siad éagsúil) a bhainistiú, mar a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca. Cumarsáid chuí le páirtithe eile a áirithiú, lena n-áirítear le linn staideanna éigeandála. |
|
Oibreoirí saoráidí stórála agus dáileacháin an uisce athshlánaithe |
An chuid den phlean bainistithe riosca atá ábhartha do stóráil agus dáileadh uisce athshlánaithe a ullmhú, nó cuidiú chun é a ullmhú, a athbhreithniú, agus a nuashonrú. Na córais stórála agus dáileacháin uisce athshlánaithe, agus aon bhacainn eile atá i bhfeidhm, a oibriú agus a chothabháil, nuair is infheidhme. Éigeandálaí ag na córais stórála agus dáileacháin uisce athshlánaithe a bhainistiú, mar a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca. Na bearta is gá a dhéanamh chun na rioscaí a bhaineann leis an gcóras stórála agus dáileacháin a bhainistiú, i gcomhréir leis an bplean bainistithe riosca. Cumarsáid chuí le páirtithe eile a áirithiú, lena n-áirítear le linn staideanna éigeandála. |
|
Úsáideoirí deiridh |
Barra a uisciú le huisce athshlánaithe de réir na n-aicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe. Córais uiscithe agus aon bheart coisctheach atá i bhfeidhm a oibriú agus a chothabháil. An plean bainistithe riosca maidir le barra a uisciú le huisce athshlánaithe a ullmhú, nó cuidiú chun é a ullmhú, a athbhreithniú, agus a nuashonrú. Na bearta is gá a dhéanamh chun na rioscaí a bhaineann leis na modhanna uiscithe agus na bacainní a bhainistiú, i gcomhréir leis an bplean bainistithe riosca. Cumarsáid chuí le páirtithe eile a áirithiú, lena n-áirítear le linn staideanna éigeandála. |
|
Údaráis (seachas an t-údarás inniúil ainmnithe) |
Tuairim a chur in iúl, nó cabhrú le hullmhú, de réir mar is iomchuí, ar an bplean bainistithe riosca agus ar luachanna tairsí le haghaidh paraiméadair ábhartha le haghaidh cháilíocht agus fhaireachán an uisce athshlánaithe a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca. Faisnéis a roinnt leis an údarás inniúil ainmnithe. |
Guaiseacha agus eachtraí guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint
I gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, sainaithneofar aon ghuais nó teagmhas guaiseach a eascraíonn as an gcóras athúsáide uisce a d’fhéadfadh a bheith ina riosca don tsláinte phoiblí nó don chomhshaol.
Guaiseacha
Na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith san uisce athshlánaithe, lena n-áirítear truailleáin, pataiginí nó substaintí eile, ar guaiseacha iad a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe, barr agus an chomhshaoil, lena n-áirítear a fhlóra agus a fhána, sainaithneofar iad ar bhonn shaintréithe cáilíochtúla na bhfoinsí fuíolluisce, mar a leagtar amach sa tuairisc ar an gcóras (pointe 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741), trí na pataiginí, na truailleáin nó na substaintí eile sin a d’fhéadfadh a bheith ina riosca don tsláinte nó don chomhshaol mura mbainfí iad as an uisce athshlánaithe a roghnú. D’fhéadfadh na guaiseacha seo a leanas a áireamh orthu sin:
|
(1) |
pataiginí (lena n-áirítear baictéir, víris, protozoa agus heilmint) atá freagrach as ráigeanna galair uisce-iompartha i ndaoine agus in ainmhithe agus éifeachtaí sláinte eile, nuair a bhíonn údar cuí leo, agus truailleáin atá i bhfuíolluisce uirbeach de ghnáth; |
|
(2) |
pataiginí, truailleáin nó substaintí eile a bhaineann le sceitheadh tionsclaíoch, nó le huisce uirbeach a ritheann chun srutha ó dhromchlaí éillithe isteach sa chóras bailithe uirbeach, i gcás inarb ábhartha, a d’fhéadfadh carnadh i dtiúchain arda san fhuíolluisce uirbeach agus, dá bhrí sin, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’úsáid uisce athshlánaithe; |
|
(3) |
pataiginí, truailleáin nó substaintí eile a shainaithnítear trí na ceanglais a liostaítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 a chur san áireamh, nó ceanglais eile a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais, reachtaíocht náisiúnta nó reachtaíocht áitiúil, coinníollacha a bhaineann go sonrach leis an suíomh agus cibé an féidir leis an uisce athshlánaithe gabhdóirí íogaire a bhaint amach. D’fhéadfadh na gnéithe seo a leanas a bheith a áireamh sna ceanglais sin:
|
|
(4) |
pataiginí, truailleáin nó substaintí a d’fhéadfadh a bheith in uisce athshlánaithe a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don ithir agus do bharra uiscithe agus a shainaithnítear i gcomhréir le caighdeán ISO 16075-1:2020 (3) nó le haon treoirlíne le haghaidh uisciú talmhaíochta, lena n-áirítear an méid seo a leanas: (i) substaintí ceimiceacha, amhail salainn intuaslagtha iomlána, sóidiam, clóiríd, bórón, agus iain a bhfuil tocsaineacht shonrach acu; (ii) dúile ceimiceacha agus pataiginí eile; (iii) cothaithigh; |
|
(5) |
truailleáin nach bhfuil rialaithe go fóill (lena n-áirítear micreaphlaistigh nó éilleáin ar ábhar imní iad atá ag teacht), a shainaithnítear san uisce athshlánaithe agus atá ábhartha do chomhthéacs sonrach an chórais athúsáide uisce. |
Teagmhais ghuaiseacha
Is é atá i dteagmhas guaiseach cás a bhféadfadh guais a bheith mar thoradh air nó a d’fhéadfadh drochthionchar guaise a ghéarú.
D’fhéadfadh pataigin, truailleán nó substaint eile a shainaithnítear mar shubstaint a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a bheith mar thoradh ar chás nó ar theagmhas i gcóras athúsáide uisce: (i) á thabhairt isteach; (ii) (ii) á scaoileadh;(iii) á theacht chun bheith níos comhdhlúite;nó (iv) gan é a bhaint. Déanfar na teagmhais ghuaiseacha seo a leanas ar a laghad a chur san áireamh:
|
(1) |
cliseadh ar bhearta coisctheacha ag an tsaoráid athshlánaithe (nó ag an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, má tá siad éagsúil), i gcórais stórála agus dáileacháin, nó sa pháirc. D’fhéadfadh sé sin tarlú:
|
|
(2) |
sceitheadh timpisteach nó míchuí (nó neamhdhleathach) a bhféadfadh tiúchan neamhrialaithe pataiginí, truailleán nó substaintí eile sa chóras séarachais agus san eisilteach ón ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh a bheith mar thoradh orthu, agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do cháilíocht an uisce athshlánaithe; |
|
(3) |
earráidí daoine de dheasca oiliúint neamhleor nó faisnéis neamhleor faoi úsáidí ceadaithe; |
|
(4) |
athruithe séasúracha nó dálaí adhaimsire i gcás inarb ábhartha (tuilte nó triomaigh san áireamh); |
|
(5) |
tarluithe seismeacha; |
|
(6) |
gníomhartha loitiméireachta nó sceimhlitheoireachta (lena n-áirítear cibirionsaithe ar bhonneagar). |
Na timpeallachtaí agus na daonraí atá i mbaol a shainaithint, agus na bealaí nochta do na guaiseacha sainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ann
I gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, déanfar na timpeallachtaí agus na pobail atá i mbaol agus na bealaí nochta a shainaithint le haghaidh gach guaise nó grúpa guaiseacha agus teagmhais ghuaiseacha a shainaithnítear sa chóras athúsáide uisce, ón bpointe iontrála sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh go dtí an pointe úsáide sna páirceanna, agus sin san áireamh.
Daonraí
Breithneofar na pobail seo a leanas ar a laghad a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar na guaiseacha atá san uisce athshlánaithe trí bhealaí nochta féideartha:
|
(1) |
oibreoirí agus oibrithe na saoráide athshlánaithe (nó an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, má tá siad éagsúil), agus na saoráidí stórála agus dáileacháin, más infheidhme; |
|
(2) |
úsáideoirí deiridh sna páirceanna uiscithe; |
|
(3) |
cónaitheoirí agus oibrithe ón bpobal áitiúil nó daoine eile (lena n-áirítear daoine atá suite de thaisme laistigh den chóras athúsáide uisce nó gar dó nach mbaineann a láithreacht leis an gcóras agus nach ndéanann aon ghníomh chun nochtadh, oibreoirí nó úsáideoirí gníomhaíochtaí in aice láimhe a laghdú) a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar uisce athshlánaithe (lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí áineasa ar bhealaí oscailte nó gar dóibh a d’fhéadfadh uisce athshlánaithe a fháil, nó trína bheith neamhchosanta ar bhraonta uisce athshlánaithe ó chórais uiscithe spréite). |
An comhshaol
Breithneofar na meáin chomhthimpeallacha seo a leanas ar a laghad a bhféadfadh úsáid uisce athshlánaithe difear a dhéanamh dóibh:
|
(1) |
uiscí dromchla, dobharlaigh screamhuisce nó uiscí cósta agus a n-éiceachórais uisceacha i ngaireacht don chóras athúsáide uisce; |
|
(2) |
acmhainní uisce a úsáidtear chun uisce óil a sholáthar, lena n-áirítear taiscumair uisce chun uisce óil a sholáthar (i.e. limistéir uisce óil faoi chosaint), i ngaireacht don chóras athúsáide uisce; |
|
(3) |
ithir agus barra na páirce uiscithe agus na bpáirceanna máguaird; |
|
(4) |
éiceachórais agus/nó limistéir faoi chosaint (lena n-áirítear iad siúd arna mbunú faoi Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus limistéir eile atá faoi chosaint le haghaidh caomhnú an dúlra) agus fána agus flóra talún agus uisceacha de chuid na meán comhthimpeallach a shainaithnítear i ngaireacht don chóras athúsáide uisce; |
|
(5) |
limistéir íogaire cothaitheach agus limistéir leochaileacha níotráití i ngaireacht don chóras athúsáide uisce. |
Bealaí nochta
Déanfar measúnú ar bhealaí nochta i bhfianaise an chomhthéacs áitiúil (lena n-áirítear, más ábhartha, leathnú an limistéir a bhfreastalaítear air, suíomh na gceantar uirbeach nó ceirtleán eile, dálaí geografacha agus topagrafacha), na modhanna uiscithe, an hidrigeolaíocht, agus dálaí aeráide agus aimsire an tsuímh.
Breithneofar na bealaí nochta seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith d’aon ghnó nó gan a bheith d’aon ghnó (i.e. bealaí timpisteacha), díreacha nó indíreacha, agus a bhféadfadh riosca don tsláinte a bheith ag baint leo, i gcás inarb ábhartha:
|
(1) |
uisce athshlánaithe a ionghabháil, go díreach nó go hindíreach trí bharra, ithir nó réada a bhí i dteagmháil le huisce athshlánaithe; |
|
(2) |
teagmháil le huisce athshlánaithe (leis an gcraiceann nó leis na súile), díreach nó go hindíreach trí bharra, ithir nó réada a bhí i dteagmháil le huisce athshlánaithe; |
|
(3) |
uisce athshlánaithe (aerasól) a ionanálú. |
Breithneofar na bealaí nochta seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith d’aon ghnó nó gan a bheith d’aon ghnó díreacha nó indíreacha, agus a bhféadfadh riosca don chomhshaol a bheith ag baint leo, i gcás inarb ábhartha:
|
(1) |
insíothlú uisce athshlánaithe chuig screamhuisce trí sceitheadh (lena n-áirítear sceitheadh ó phíblínte agus ó chórais stórála), trí uisciú nó tar éis teagmhais throma báistí; |
|
(2) |
uisce a ritheann chun srutha ó uisce athshlánaithe chuig uiscí dromchla nó cósta trí sceitheadh (lena n-áirítear sceitheadh ó phíblínte agus ó chórais stórála) nó trí uisciú; |
|
(3) |
uisce a ritheann chun srutha ó uisce athshlánaithe chuig limistéir íogaire cothaitheach agus limistéir leochaileacha níotráití nó limistéir faoi chosaint (mar a shainaithnítear thuas) trí sceitheadh (lena n-áirítear sceitheadh ó phíblínte agus ó chórais stórála) nó trí uisciú. |
Chun na bealaí nochta do rioscaí comhshaoil agus do na grúpaí nochta a shainaithint, déanfar na coinníollacha seo a leanas a bhaineann go sonrach leis an suíomh de chuid an chórais athúsáide uisce a mheas:
|
(1) |
dálaí geolaíocha, hidrigeolaíocha agus hidreolaíocha sa limistéar, lena n-áirítear maidir le láithreacht screamhuisce agus córas aistarraingthe screamhuisce (lena n-áirítear a bpríomh-shaintréithe, mar shampla an fad go dtí limistéir uiscithe, an cineál córais, úsáid córais caidéil nó modh airtéiseach, úsáidí uisce); |
|
(2) |
láithreacht, saintréithe agus úsáidí uiscí dromchla, lena n-áirítear íoscheanglais ráta sreafa a cheanglaítear, éagsúlachtaí sreafa séasúracha, rannchuidiú sceite ón ngléasra cóireála fuíolluisce; |
|
(3) |
struchtúr agus airíonna na hithreach de réir gnéithe oideolaíocha an limistéir; |
|
(4) |
limistéir thréscaoilteacha a bheith ann (lena n-áirítear faisnéis faoi chineálacha fásra, coillte) agus dromchlaí neamhscagacha a bheith ann (lena n-áirítear carrchlóis nó sráideanna); |
|
(5) |
athruithe ar ghnáthdhálaí aimsire:teochtaí, frasaíocht, taise, gaoth. |
Measúnú ar rioscaí don chomhshaol agus do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe
Áireofar an méid seo a leanas sa mheasúnú ar rioscaí i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741:
|
(1) |
anailís ar na bealaí nochta a d’fhéadfadh a bheith ann do na meáin chomhthimpeallacha (a shainaithnítear i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741) agus ar na guaiseacha (grúpa) comhfhreagracha (a shainaithnítear i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741); |
|
(2) |
scagadh guaiseacha (pataiginí, truailleáin agus substaintí eile a shainaithnítear san uisce athshlánaithe) i gcoinne caighdeáin cháilíochta comhshaoil ábhartha nó aon teorainn eile a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais, sa reachtaíocht náisiúnta nó sa reachtaíocht áitiúil maidir le pataiginí, truailleáin agus substaintí eile atá ábhartha do mheáin chomhthimpeallacha (lena n-áirítear screamhuisce, uisce dromchla, ithir, barra) agus dálaí a bhaineann go sonrach le suíomh á gcur san áireamh, agus tiúchan incheadaithe na guaise san uisce athshlánaithe a chinneadh; |
|
(3) |
measúnú ar raon an nochta ar bhonn thiúchan gach guaise a shainaithnítear in uisce athshlánaithe, ar bhonn na mbealaí nochta, agus na leibhéal nochta, a rangaítear de réir a dhóchúla agus a ndéine, a chinntear tríd an modh uiscithe agus na cleachtais uiscithe a chur san áireamh, chomh maith le toirt, minicíocht, agus fad an uiscithe; |
|
(4) |
measúnú ar an dóchúlacht go sroichfidh guais áirithe dobharlach, trí úsáid a bhaint as an modh a mholtar i gcaighdeán ISO 16075-1:2020, lena ndéantar measúnú ar leochaileacht screamhuisce agus uisce dromchla i leith insíothlú nó uisce athshlánaithe a ritheann chun srutha, agus hidrigeolaíocht an tsuímh á cur san áireamh, nó trí threoirlínte an Choimisiúin a chur i bhfeidhm chun tacú le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/741 nó aon mhodh coibhéiseach eile; |
|
(5) |
saintréithriú na rioscaí comhshaoil do gach guais nó do gach grúpa guaiseacha a shainaithnítear agus le haghaidh gach bealach nochta agus eachtra ghuaiseach; |
|
(6) |
measúnú ar dhóchúlacht an nochta agus ar dhéine na n-iarmhairtí trí úsáid a bhaint as maitrísí riosca a bhfuil dóchúlacht agus déine ag gabháil leo, lena n-áirítear iad siúd atá beartaithe i gcaighdeán ISO 20426: 2018 (5), nó i Lámhleabhar Pleanála Sábháilteachta Sláintíochta na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) (6), nó sna treoirlínte ón gCoimisiún chun tacú le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/741 agus sa treoir theicniúil a d’ullmhaigh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (2022) (7); |
|
(7) |
measúnú ar na rioscaí don ithir nó do bharra bunaithe ar luachanna tagartha atá ann cheana do pharaiméadair imní agranamaíocha ag brath ar an gcomhthéacs áitiúil (lena n-áirítear cineál ithreach agus aigéadacht ithreach), lena n-áirítear na cinn a leagtar amach i gcaighdeán ISO 16075-1:2020 nó ceann coibhéiseach. |
Áireofar an méid seo a leanas sa mheasúnú ar rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741:
|
(1) |
anailís ar na bealaí nochta a d’fhéadfadh a bheith ann do na daonraí (a shainaithnítear i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741) agus ar na guaiseacha (grúpa) comhfhreagracha (a shainaithnítear i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741); |
|
(2) |
i gcás inarb ábhartha, meastóireacht ar na caidrimh atá bainteach le dáileogacht chun freagairt an daonra a bheith nochta do thiúchan áirithe guaise agus chun dóchúlacht na n-éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ar shláinte an duine, de dhéine chinnte, a chinneadh, trí mhachnamh a dhéanamh, ar a laghad, ar na pataiginí in uisce athshlánaithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le fadhbanna sláinte (i.e. éifeacht dhíobhálach de dheasca substaint in orgánach beo) do dhaonraí nochta (lena n-áirítear oibreoirí nó feirmeoirí); |
|
(3) |
measúnú ar raon féideartha an nochta nó na dáileogachta atá ábhartha maidir le sláinte an duine nó sláinte ainmhithe ar bhonn na bpataiginí, na dtruailleán agus na substaintí eile atá san uisce athshlánaithe agus a dtiúchain, agus na cineálacha barr (barra amh ídithe nó barra bia próiseáilte) agus na modhanna agus an cleachtas uiscithe (lena n-áirítear minicíocht agus fad an uiscithe) á gcur san áireamh; |
|
(4) |
saintréithriú na rioscaí don tsláinte le haghaidh gach guaise nó do gach grúpa guaiseacha a shainaithnítear agus le haghaidh gach bealach nochta agus eachtra ghuaiseach; |
|
(5) |
measúnú ar dhóchúlacht nochta agus ar dhéine na n-iarmhairtí, trí úsáid a bhaint as na modhanna a leagtar amach i gcaighdeán ISO 20426, 2018 nó i Lámhleabhar Pleanála Sábháilteachta Sláintíochta EDS nó aon mhodh coibhéiseach eile. |
Cineálacha measúnaithe riosca
Cé gur féidir modhanna cáilíochtúla a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus go bhféadfaidh siad treoirlínte agus caighdeáin fhoilsithe (8) a leanúint (lena n-áirítear treoirlínte EDS 2016, (9)caighdeán ISO 20426:2018 agus treoirlínte na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (FAO) agus EDS 2019 (10)), bainfear úsáid as modhanna cainníochtúla dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 má tá sonraí leordhóthanacha ar fáil maidir leis an limistéar geografach i gcás ina moltar córas athúsáide uisce sonrach, nó i gcás inar dócha go mbeidh riosca ard don chomhshaol agus do shláinte an duine de dheasca tionscadail.
Ní fhéadfar modhanna cainníochtúla a úsáid freisin ach amháin chun measúnú a dhéanamh ar ghuais shonrach atá nasctha le gné den tionscadal athúsáide uisce, in éineacht le modheolaíocht cháilíochtúil nó leathchainníochtúil maidir leis an gcuid eile den tionscadal.
Déanann measúnuithe cainníochtúla riosca rioscaí a mheas go huimhriúil, ar bhonn samhail fhreagairt atá bainteach ar dháileogacht, bunaithe ar ríomh ar an tiúchan comhshaoil réamh-mheasta de chuid guaise agus ar an tiúchan gan éifeacht réamh-mheasta.
Féadfar a áireamh sna measúnuithe ar na rioscaí don chomhshaol agus do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe meastóireacht ar an leibhéal neamhchinnteachta nó muiníne a ghabhann leis an measúnú, bunaithe ar mhodh nó ar phrótacal doiciméadaithe.
Féadfar modheolaíochtaí a cheadú in Iarscríbhinn 3 a ghabhann le treoirlínte an Choimisiúin chun tacú le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/741.
Ceanglais agus oibleagáidí atá le cur san áireamh sa mheasúnú riosca
Leagtar amach sna sonraíochtaí thíos an chaoi a gcuirfear san áireamh sa mheasúnú riosca na ceanglais agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an reachtaíocht agus as na treoirlínte a liostaítear i bpointe 5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741:
|
(1) |
an ceanglas go laghdófaí agus go gcoiscfí truailliú uisce ó níotráití i gcomhréir le Treoir 91/676/CEE ón gComhairle (11):sainaithneofar sa mheasúnú riosca aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann, mar thoradh ar úsáid uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta (lena n-áirítear trí uisce a ritheann chun srutha nó trí insíothlú) agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le nochtadh iomarcach do níotráití, ar uisce dromchla nó ar screamhuisce, rudaí a shainaithin Ballstát go bhféadfadh tionchar a bheith ag truailliú (níotráití) orthu i gcomhréir leis an Treoir sin; |
|
(2) |
an oibleagáid go gcomhlíonfadh limistéir chosanta le haghaidh uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine na ceanglais i dTreoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12): sainaithneofar sa mheasúnú riosca uisce dromchla nó screamhuisce a aicmítear mar limistéir uisce óil faoi chosaint agus a bhféadfadh úsáid uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta difear a dhéanamh dó (lena n-áirítear trí uisce a ritheann chun srutha nó trí insíothlú); |
|
(3) |
an ceanglas go gcomhlíonfar na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE: sainaithneofar sa mheasúnú riosca rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann go dtiocfadh meath ar stádas na ndobharlach a chumhdaítear leis an Treoir sin de dheasca uisce athshlánaithe a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta (lena n-áirítear trí uisce a ritheann chun srutha nó trí insíothlú); |
|
(4) |
an ceanglas cosc a chur ar thruailliú screamhuisce i gcomhréir le Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13):sainaithneofar sa mheasúnú riosca rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann go dtiocfadh meath ar stádas ceimiceach na ndobharlach screamhuisce de dheasca uisce athshlánaithe a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta; |
|
(5) |
an ceanglas cosc a chur ar thruailliú screamhuisce i gcomhréir le Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14):sainaithneofar sa mheasúnú riosca rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann go dtiocfadh meath ar stádas ceimiceach na ndobharlach screamhuisce de dheasca uisce athshlánaithe a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta; |
|
(6) |
an ceanglas go gcomhlíonfar na caighdeáin cháilíochta chomhshaoil le haghaidh truailleán ar ábhar imní náisiúnta iad, eadhon, truailleáin shonracha in abhantracha, a leagtar síos i dTreoir 2000/60/CE:sainaithneofar sa mheasúnú riosca rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann go dtiocfadh meath ar stádas éiceolaíoch nó ar acmhainneacht na ndobharlach uisce dromchla de dheasca uisce athshlánaithe a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta; |
|
(7) |
an ceanglas go gcomhlíonfar na caighdeáin cháilíochta uisce a leagtar síos i dTreoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15): sainaithneofar sa measúnú riosca dobharlaigh a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí snámha agus a d’fhéadfadh úsáid uisce athshlánaithe difear a dhéanamh dóibh (lena n-áirítear trí uisce a ritheann chun srutha); |
|
(8) |
na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, nuair a úsáidtear sloda séarachais sa talmhaíocht faoi Threoir 86/278/CEE ón gComhairle (16): sainaithneofar sa mheasúnú riosca an féidir rioscaí carnacha a bheith ag baint le sloda séarachais a úsáid i réimsí talmhaíochta in éineacht le huisce athshlánaithe; |
|
(9) |
na ceanglais maidir le sláinteachas earraí bia a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus an treoir a thugtar san Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an treoirdhoiciméad maidir le haghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra le linn chéim an phríomhtháirgthe trí shláinteachas maith (18):sainaithneofar sa mheasúnú riosca an bhféadfadh riosca a bheith ag baint le húsáid uisce athshlánaithe nach gcomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos maidir le táirgeadh torthaí agus glasraí úra; |
|
(10) |
na ceanglais maidir le sláinteachas beatha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19): sainaithneofar sa mheasúnú riosca an bhféadfadh riosca a bheith ag baint le húsáid uisce athshlánaithe nach gcomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos maidir le táirgeadh bia (barra neamhbhia lena n-áirítear barra a úsáidtear chun ainmhithe a tháirgeann bia a bheathú); |
|
(11) |
an ceanglas go gcomhlíonfar na critéir mhicribhitheolaíocha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún (20): sainaithneofar sa mheasúnú riosca an bhféadfadh riosca a bheith ag baint le húsáid uisce athshlánaithe nach gcomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos maidir le táirgeadh bia; |
|
(12) |
na ceanglais maidir le leibhéil uasta le haghaidh éilleáin áirithe i mbia a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (21): sainaithneofar sa mheasúnú riosca an bhféadfadh riosca a bheith ag baint le húsáid uisce athshlánaithe nach gcomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos maidir le táirgeadh bia; |
|
(13) |
na ceanglais maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia agus ar bheatha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22): sainaithneofar sa mheasúnú riosca an bhféadfadh rioscaí carnacha a bheith ag baint le húsáid uisce athshlánaithe i bpáirceanna talmhaíochta a úsáidtear chun earraí bia agus beatha ainmhithe a tháirgeadh a gcuirtear lotnaidicídí i bhfeidhm orthu (má sainaithníodh lotnaidicídí sa mheasúnú riosca mar ghuaiseacha a d’fhéadfadh a bheith san uisce athshlánaithe); |
|
(14) |
na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus i Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 (24) ón gCoimisiún:sainaithneofar sa mheasúnú riosca an bhféadfadh riosca a bheith ag baint le húsáid uisce athshlánaithe chun barra farae a uisciú nó aon bharr eile le haghaidh beatha ainmhithe nach gcomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos maidir le sláinte ainmhithe (ionghabháil beatha trí umar nó nochtadh sa pháirc). |
Ceanglais bhreise nó ceanglais níos déine maidir le cáilíocht an uisce agus faireachán
I gcás ina bhfuil gá le ceanglais bhreise chun cosaint leordhóthanach an chomhshaoil agus shláinte an duine agus sláinte ainmhithe a áirithiú (i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741), roghnófar paraiméadair nó táscairí breise nó níos déanaí maidir le cáilíocht an uisce athshlánaithe agus cinnfear a dtairseacha ar bhonn liosta na nguaiseacha (a shainaithnítear i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741) agus ar thoradh na measúnaithe riosca sláinte agus comhshaoil (a dhéantar i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741) agus an córas athúsáide uisce sonrach agus na dálaí áitiúla á gcur san áireamh.
Déanfar paraiméadair bhreise nó níos déine chun faireachán a dhéanamh ar (chuid de) na guaiseacha a shainaithnítear san uisce athshlánaithe nó sa chomhshaol (lena n-áirítear i ndobharlaigh nó in ithir) ar bhonn thoradh an mheasúnaithe riosca. Ceanglais faireacháin, lena n-áirítear pointí samplála sainaitheanta ag pointí criticiúla a shainaithnítear sa chóras, féadfar iad a áireamh i bprótacal na gcóras bainistíochta a thuairiscítear i gcomhréir le pointí 8 agus 9 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741.
Bearta coisctheacha agus bacainní
Féadfar bearta coisctheacha a úsáid chun rioscaí don tsláinte nó don chomhshaol a chosc nó a dhíothú nó chun iad a laghdú go leibhéal inghlactha agus féadfar iad a chur i bhfeidhm maidir le codanna éagsúla den chóras athúsáide uisce, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
(1) |
an tsaoráid athshlánaithe (nó an gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, má tá siad éagsúil), lena n-áirítear trí mheastóireacht agus barrfheabhsú a dhéanamh ar na próisis atá i bhfeidhm nó trí ardchóireálacha breise a shainaithint; |
|
(2) |
córais chun uisce athshlánaithe a stóráil agus a dháileadh, i gcás inarb ábhartha; |
|
(3) |
páirceanna uiscithe nó an limistéar timpeall orthu, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear trí mhodhanna uiscithe malartacha a bhreithniú lena n-íoslaghdaítear na rioscaí do nochtadh, trí chriosanna maolánacha a chur nó modhanna comhchosúla a chur ar fáil, nó trí oibrithe agus feirmeoirí a chosaint (lena gceanglaítear trealamh cosanta pearsanta sonrach a úsáid nó trí phrótacail sláinteachais a ghlacadh, chomh maith le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh cheana féin chun rialacha maidir le sláinte agus sábháilteacht ar an láthair oibre a chomhlíonadh). |
I gcás ina gcuirfear bacainní i bhfeidhm, socrófar iad ar bhonn meastóireachta ar na modhanna uiscithe atá ann cheana, ar an gcineál barr agus ar an aicme uisce agus na heilimintí seo a leanas á gcur san áireamh:
|
(1) |
mar thoradh ar chur i bhfeidhm bacainní, comhlíonfar na ceanglais cháilíochta le haghaidh na n-aicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741. Féadfar an aicme cháilíochta a chinneadh trí líon creidiúnaithe na mbacainní agus na gcritéar a thuairiscítear sna treoirlínte ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/741 a mheas; |
|
(2) |
áirítear i mbacainní meascán de roghanna cóireála agus neamhchóireála agus féadfar iad a chur i bhfeidhm roimh an bpointe comhlíonta nó ina dhiaidh; |
|
(3) |
féadfar roinnt bacainní a úsáid i gcomhcheangal (cur chuige ilbhacainneach) chun laghduithe logartaim éagsúla a bhaint amach (i gcomhréir le caighdeán ISO 16075-2:2020 (25) nó treoirlínte ábhartha eile) agus chun an laghdú logartaim foriomlán is gá a bhaint amach chun rioscaí a íoslaghdú, ar bhonn na haicme roghnaithe de cháilíocht uisce athshlánaithe. |
Déanfar gach beart coisctheach, lena n-áirítear bacainní, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta i gcomhréir le haschuir agus faisnéis a bhailítear le linn oibriú an chórais athúsáide uisce, lena n-áirítear aiseolas maidir le feidhmíocht an chórais, torthaí ó chláir faireacháin, cur chun feidhme córas rialaithe nua, tarlú guaiseacha nua agus teagmhais ghuaiseacha nua, agus freagairtí ar theagmhais agus ar staideanna éigeandála.
Córais agus nósanna imeachta um rialú cáilíochta
I gcomhréir le pointe 8 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, áireofar sa bhainistiú riosca córais rialaithe agus nósanna imeachta a bhunú don chóras athúsáide uisce, lena n-áirítear faireachán agus cothabháil air, agus déanfar foráil maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil ar na córais agus ar na nósanna imeachta sin. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sna córais rialaithe cáilíochta agus sna nósanna imeachta rialaithe cáilíochta:
|
(1) |
nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha; |
|
(2) |
sceideal oibríochta agus cothabhála; |
|
(3) |
bearta rialaithe cáilíochta; |
|
(4) |
liosta cúraimí sonracha agus cé atá freagrach as na cúraimí sin; |
|
(5) |
liosta pointe comhlíonta agus aon phointe rialaithe criticiúil eile a shainaithnítear chun rioscaí a bhainistiú, lena n-áirítear pointí ina seachadtar uisce athshlánaithe chuig an gcéad pháirtí eile sa chóras athúsáide uisce;áireofar san fhaisnéis maidir leis na pointí sin an suíomh beacht (suíomh ar léarscáil GIS nó le faisnéis gheografach, nuair is féidir) agus modh samplála; |
|
(6) |
nósanna imeachta chun sonraí a fháil trí anailís saotharlainne nó trí chórais ar líne; |
|
(7) |
nósanna imeachta maidir le sampláil agus anailís; |
|
(8) |
nósanna imeachta nó prótacail chun faireachán a dhéanamh ar an uisce athshlánaithe le haghaidh na bparaiméadar ábhartha; |
|
(9) |
cláir chothabhála don trealamh (lena n-áirítear tóireadóirí chun iad a bhrath ar líne); |
|
(10) |
cláir chothabhála le haghaidh bearta coisctheacha agus bacainní; |
|
(11) |
nósanna imeachta maidir le hoiliúint d’oibreoirí. |
Córais faireacháin comhshaoil
Is nósanna imeachta iad córais faireacháin comhshaoil chun faireachán a dhéanamh ar pharaiméadair, a shainaithnítear tríd an measúnú riosca comhshaoil, san uisce athshlánaithe agus in aon ghabhdóir comhshaoil, lena n-áirítear uisce dromchla, screamhuisce, agus ithir.
Bunófar an córas faireacháin comhshaoil i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla seo a leanas:
|
(1) |
beidh siad bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe riosca don tsláinte agus don chomhshaol; |
|
(2) |
áireofar ann nósanna imeachta chun ar a laghad na híoscheanglais a chomhlíonadh maidir le gnáthfhaireachán i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, agus chun aon pharaiméadar agus teorainn a bhaineann leis an uisce athshlánaithe a shainaithnítear mar cheanglais bhreise bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe riosca sláinte agus comhshaoil a chomhlíonadh; |
|
(3) |
áireofar iontu nósanna imeachta faireacháin maidir le sampláil agus anailís a dhéanamh ar uisce athshlánaithe (trí anailís saotharlainne, braiteoirí fíor-ama nó anailíseoirí a úsáid), le léiriú ar shuíomh agus ar mhinicíocht, agus nósanna imeachta chun rialú a dhéanamh ar scaoileadh truailleán sainaitheanta isteach sna gabhdóirí comhshaoil nochta (lena n-áirítear uisce dromchla, screamhuisce agus ithir);áireofar sna nósanna imeachta gníomhaíocht dhoiciméadaithe chun cosaint leanúnach sláinte agus comhshaoil a áirithiú, lena n-áirítear faoi theagmhais adhaimsire; |
|
(4) |
áireofar ann nósanna imeachta atá i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana, go háirithe déanfar faireachán ar acmhainní uisce i gcomhréir le Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún (26) a áirithiú go mbeidh na torthaí inchomparáide leis na torthaí a fhaightear trí fhaireachán faoi Threoir 2000/60/CE. |
|
(5) |
áireofar leis faireachán ar pharaiméadair i meáin chomhthimpeallacha (lena n-áirítear uisce dromchla, screamhuisce nó ithir), i gcás inarb ábhartha agus de réir thorthaí an mheasúnaithe riosca;má shainaithnítear pataiginí, truailleáin agus/nó substaintí in aon cheann de na meáin chomhthimpeallacha a ndearnadh faireachán orthu, déanfar meastóireacht féachaint an úsáid uisce athshlánaithe is cúis lena láithreacht, nó an de thionscnamh foinsí eile iad. |
Féadfar nósanna imeachta doiciméadaithe atá i bhfeidhm cheana, arna mbunú ag údaráis chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhshaol a áireamh i gcórais faireacháin comhshaoil. I gcás inar gá, déanfar na córais agus na nósanna imeachta sin a fhorbairt tuilleadh nó a shaincheapadh, ag brath ar thorthaí an mheasúnaithe riosca, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann go sonrach leis an suíomh.
Úsáidfear torthaí an fhaireacháin chun athmheasúnú a dhéanamh ar aon riosca agus chun a áirithiú go leanfaidh sé de bheith íseal agus inghlactha le linn shaolré an tionscadail, agus chun a mheas an gcuireann cur i bhfeidhm beart coisctheach (lena n-áirítear bacainní) nó beart éigeandála le rioscaí a laghdú agus a íoslaghdú.
Córais chun teagmhais agus éigeandálaí a bhainistiú
I gcomhréir le pointe 10 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, déanfar prótacail agus nósanna imeachta maidir le teagmhais agus éigeandálaí a bhainistiú, agus lena n-áiritheofar idirghabháil phras i gcás ina dtiocfaidh aon cheann de na rioscaí sainaitheanta chun cinn, a chur ar bun agus a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
Is éard a bheidh iontu prótacail maidir leis an gcaoi a gcuirfear an fhaisnéis in iúl idir gníomhaithe, maidir le formáidí agus nós imeachta chun timpistí agus éigeandálaí a thuairisciú, nósanna imeachta um fhógra a thabhairt, foinsí faisnéise agus próisis chomhairliúcháin.
Déanfar an córas bainistithe éigeandála agus teagmhas seo a leanas a mheas:
|
(1) |
liosta beart ceartaitheach agus na ndaoine atá freagrach as na heachtraí guaiseacha a sainaithníodh; |
|
(2) |
nósanna imeachta éigeandála i gcás ina dteipfeadh ar aon chóireáil a dhéantar ag an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó ag an tsaoráid athshlánaithe a bhféadfadh scaoileadh guaiseacha isteach san uisce athshlánaithe a bheith mar thoradh orthu; |
|
(3) |
nósanna imeachta éigeandála i gcás sárú na dteorainnluachanna, arna sainaithint i gcomhréir leis an measúnú riosca, maidir le guaiseacha san uisce athshlánaithe a d’fhéadfadh a bheith ina riosca; |
|
(4) |
nósanna imeachta éigeandála a bhaineann le himeachtaí cothabhála rialta agus eisceachtúla (lena n-áirítear imeachtaí seach-shreafa nó imeachtaí thar maoil); |
|
(5) |
nósanna imeachta agus sreabhchairteacha maidir leis an gcaoi a gcuirtear éigeandálaí in iúl idir páirtithe (lena n-áirítear aon nós imeachta éigeandála chun a áirithiú nach gcuirtear ar an margadh táirgeadh uisce athshlánaithe a d’fhéadfadh a bheith éillithe); |
|
(6) |
uirlisí, braiteoirí agus rialaitheoirí ar líne a spreagfaidh aláraim fíor-ama bunaithe ar mhonatóireacht a dhéanamh ar pharaiméadair shonracha. |
Sásraí comhordaithe
I gcomhréir le pointe 11 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741, déanfar sásraí chun comhordú agus cumarsáid a áirithiú idir na gníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu leis an gcóras athúsáide uisce a chur ar bun, agus déanfar iad a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, agus toradh na bhfreagairtí teagmhais agus éigeandála agus aon athrú ar na daoine agus na páirtithe freagracha á gcur san áireamh.
Breithneofar na sásraí seo a leanas:
|
(1) |
liosta leis an bhfaisnéis teagmhála ábhartha le haghaidh gach páirtí lena mbaineann, arna sainaithint ach trína dhualgas nó trína phost (bainisteoir na saoráide athshlánaithe, bainisteoir an ionaid oibríochta éigeandála), rud lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na caighdeáin maidir le cosaint sonraí; |
|
(2) |
nósanna imeachta chun teagmhais nó éigeandálaí a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus d’úsáideoirí deiridh; |
|
(3) |
nósanna imeachta maidir le fógraí rabhaidh a sheachadadh; liosta faisnéise nach mór a chur ar fáil do na gníomhaithe éagsúla i gcás éigeandála. |
(1) Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/271/oj).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/166/oj.)
(3) Treoirlínte ISO 16075-1:2020 maidir le húsáid fuíolluisce chóireáilte le haghaidh tionscadal uiscithe — Cuid 1: an bunús do thionscadal athúsáide le haghaidh uiscithe.
(4) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj).
(5) ISO 20426, 2018. Treoirlínte maidir le measúnú riosca sláinte agus bainistiú sláinte le haghaidh athúsáid uisce neamh-inólta.
(6) EDS, Sanitation safety planning - step-by-step risk management for safely managed sanitation systems [EDS, Lámhleabhar Pleanála Sábháilteachta Sláintíochta - bainistiú riosca céim ar chéim le haghaidh córais sláintíochta a bhainistítear go sábháilte], an Ghinéiv, 2022.
(7) Maffettone, R. and Gawlik, B.M., water reuse risk management for agricultural irrigation schemes in Europe [Treoraíocht theicniúil: bainistíocht riosca athúsáide uisce le haghaidh scéimeanna uiscithe talmhaíochta san Eoraip], An Coimisiún Eorpach, Lucsamburg, 2022, JRC 129596.
(8) Déanfar aon tagairt do threoirlínte agus do chaighdeáin fhoilsithe a fhorléiriú mar thagairt don leagan is déanaí de na treoirlínte agus de na caighdeáin sin.
(9) EDS, Quantitative Microbial Risk Assessment: Application for Water Safety Management [Measúnú ar an Riosca Miocróbach Cainníochtúil: Iarratas ar Bhainistiú Sábháilteachta Uisce], an Ghinéiv, 2016.
(10) FAO, EDS, ‘Sábháilteacht agus Cáilíocht an Uisce a Úsáidtear i dTáirgeadh agus i bPróiseáil Bia — Tuarascáil Cruinnithe’, Microbiological Risk Assessment Series [An sraith um Mheasúnú Riosca Miocróbach] Uimh. 33, An Róimh, 2019.
(11) Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj).
(12) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/2184/oj).
(13) Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheathlú (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/118/oj).
(14) Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/105/oj).
(15) Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 76/160/CEE (IO L 64, 4.3.2006, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/7/oj).
(16) Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus na hithreach go háirithe, nuair a úsáidtear sloda san fheirmeoireacht (IO L 181, 4.7.1986, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1986/278/oj).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/852/oj).
(18) Commission notice on guidance document on addressing microbiological risks in fresh fruits and vegetables at primary production through good hygiene [Fógra ón gCoimisiún maidir le treoirdhoiciméad i ndáil le haghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra sa táirgeadh príomhúil trí dhea-shláinteachas] (IO C 163, 23.5.2017, lch. 1)
(19) Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos na ceanglais i ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe (IO L 35, 8.2.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/183/oj).
(20) Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/2073/oj).
(21) Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/915/oj).
(22) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj).
(23) Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1069/oj).
(24) Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte a mhéid a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus míreanna áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/142/oj).
(25) Treoirlínte ISO 16075-2:2020 maidir le húsáid fuíolluisce chóireáilte le haghaidh tionscadal uiscithe — Cuid 2: Forbairt an tionscadail.
(26) Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce (IO L 201, 1.8.2009, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/90/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1765/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)