European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1749

25.6.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1749 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Meitheamh 2024

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí meatconasól a athnuachan, mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) i gcomhar le hAirteagal 24(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2006/74/CE ón gCoimisiún (2) áirítear meatconasól mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí meatconasól, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Márta 2025.

(4)

Cuireadh iarratas faoi bhráid na Beilge, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Ríochta Aontaithe, an Ballstát is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí meatconasól a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 26 Feabhra 2018. Sa dréacht-tuarascáil uaidh maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir go ndéanfaí an formheas maidir le meatconasól a athnuachan.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 12 Iúil 2019 d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise ar an iarratasóir maidir le hairíonna suaiteora inchríneach meatconasóil de bhun Airteagal 13(3a), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chuir an t-iarratasóir faisnéis isteach chun go mbeadh an tÚdarás in ann an measúnú a chur i gcrích a mhéid a bhaineann le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir eolaíocha maidir le hairíonna suaiteora inchríneach a chinneadh a leagtar amach i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, mar a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (6).

(9)

I mí Aibreáin 2022 rinne an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil cothrom le dáta maidir le measúnú ar athnuachan a chur ar fáil don Údarás, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Sa dréacht-tuarascáil cothrom le dáta maidir le measúnú ar athnuachan, phléigh an Ballstát is rapóirtéir an fhaisnéis bhreise maidir leis na critéir chun airíonna suaiteora inchríneach a shainaithint agus mhol sé formheas meatconasóil a athnuachan.

(10)

An 11 Iúil 2023 chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh (7) in iúl don Choimisiún go bhféadfaí coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh meatconasól na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(11)

Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 11 agus an 12 Nollaig 2023 agus an 30 agus an 31 Eanáir 2024 faoi seach.

(12)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, rinneadh scrúdú cúramach orthu agus cuireadh san áireamh iad.

(13)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach meatconasól, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(14)

An measúnú riosca maidir le formheas na substainte gníomhaí meatconasól a athnuachan, tá sé bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí nach gcuireann srian, áfach, ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil meatconasól iontu a údarú. Dá bhrí sin, is iomchuí gan an srian a choinneáil ar bun maidir le húsáid a bhaint as ach amháin mar fhuingicíd agus mar rialaitheoir fáis plandaí.

(15)

Measann an Coimisiún, áfach, gur substaint atá inbhreithnithe lena hionadú é meatconasól de bhun Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Meastar gur substaint mharthanach thocsaineach meatconasól i gcomhréir le pointí 3.7.2.1 agus 3.7.2.3, faoi seach, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ós rud é go bhfuil leathré mheatconasóil níos faide ná 40 lá i bhfionnuisce agus níos airde ná 120 lá i ndríodar fionnuisce, go n-aicmítear an tsubstaint mar shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh (catagóir 2) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus gur lú ná 0,01 mg/L an tiúchan gan aon éifeacht thar thréimhse fada i gcás orgánaigh fionnuisce. Dá bhrí sin, comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach sa dara fleasc de phointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(16)

Dá bhrí sin, is iomchuí formheas meatconasóil a athnuachan, mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú, de bhun Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 6 de, agus i bhfianaise an eolais eolaíoch theicniúil reatha agus i bhfianaise thoradh an mheasúnaithe riosca, is gá, áfach, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus srianta áirithe.

(18)

I bhfianaise na n-ábhar imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le leitheadúlacht mhéadaitheach tréithchineálacha atá frithsheasmhach in aghaidh asól in A. fumigatus, agus prionsabal an réamhchúraim á chur san áireamh, is iomchuí go háirithe úsáid táirgí ina bhfuil meatconasól a shrianadh d’úsáideoirí gairmiúla amháin.

(19)

Thairis sin, is iomchuí tuilleadh faisnéis deimhniúcháin a éileamh maidir leis an measúnú ar phróisis cóireála uisce i ndáil le hiarmhair substaintí gníomhacha nó a meitibilítí in uisce a aistarraingítear chun uisce óil a tháirgeadh. Ina theannta sin, chun muinín as an gcinneadh seo a mhéadú, ba cheart faisnéis a iarraidh chun na luachanna tagartha tocsaineolaíocha iomchuí is infheidhme maidir le meitibilítí áirithe agus an sainmhíniú ar iarmhar le haghaidh measúnú riosca a dheimhniú.

(20)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(21)

I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún (9), liostaíodh meatconasól mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú. I bhfianaise na hathnuachana ar fhormheas meatconasóil mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú agus i bhfianaise aistriú comhfhreagrach na substainte sin go Cuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, ba cheart an iontráil a bhaineann le meatconasóil a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408.

(22)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/689 ón gCoimisiún (10), cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa le haghaidh meatconasóil go dtí an 15 Márta 2025 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a thabhairt chun críche sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(23)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Formheas na substainte gníomhaí meatconasól, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/408

Scriostar an iontráil a bhaineann le meatconasól ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Treoir 2006/74/CE ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2006 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun déchlórpróp-P, meatconasól, pirimeatanail agus tríchlóipir a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 235, 30.8.2006, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/74/oj).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj.

(6)  Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 trí chritéir eolaíocha a leagan amach chun airíonna suaiteora inchrínigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/605/2018-04-20).

(7)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2023, doi: 10.2903/j.efsa.2023.8141. Le fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/2023-12-01).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún an 11 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme Airteagal 80(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena mbunaítear liosta de shubstaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú (IO L 67, 12.3.2015, lch. 18 , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/408/oj).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/689 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis an síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), ciopróidínil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, malaitian, meapainipirim, meatconasól, meitrifeanón, pirimeacarb, piridibein, pirimeiteanail, riomsulfúrón, spionasad, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 91, 29.3.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/689/oj).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

meatconasól

Uimh. CAS: 125116-23-6 (steiréiceimic neamhshonraithe)

Uimh. CIPAC: 706

(1RS,5RS:1RS,5SR)-5-(4-clóraibeinsil)-2,2-démheitil-1-(1H-1,2,4-trí-asól-1-ilmeitil)cioglaipeantánól

≥940 g/kg (suim de chis-isiméirí agus tras-isiméirí), lena mbaineann leibhéal cis-meatconasóil (CL 354801) nach lú ná 800 g/kg agus nach mó ná 950 g/kg

Ní rachaidh na heisíontais seo a leanas thar na leibhéil seo a leanas san ábhar teicniúil:

tolúéin: 2 g/kg

eitilcioglaiheacsán: 2 g/kg

1 Meán Fómhair 2024

31 Lúnasa 2031

Beidh an úsáid teoranta d’úsáideoirí gairmiúla amháin.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana i ndáil le meatconasól, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

an measúnú ar nochtadh tomhaltóirí maidir le hiarmhair a d’fhéadfadh a bheith sna barra príomhúla agus i mbarra a fhástar in uainíocht i ndiaidh a chéile;

cosaint oibreoirí agus daoine atá ar an láthair/cónaitheoirí;

cosaint orgánach uisceach.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach faisnéis deimhniúcháin maidir leis an méid seo a leanas:

1.

an éifeacht a bhíonn ag próisis cóireála uisce ar chineál na n-iarmhar atá in uisce dromchla agus i screamhuisce, nuair a bhaintear uisce dromchla nó screamhuisce le haghaidh uisce óil;

2.

ba cheart imscrúdú breise a dhéanamh ar phróifíl ghinearálta tocsaineachta na meitibilítí M11 agus M21 chun na luachanna tagartha tocsaineolaíocha iomchuí is infheidhme maidir leo a dheimhniú. Thairis sin, deimhniú láithreachta M11 agus M21 agus a gcóimheas i measc na gcomhdhúl meatconasóil monaihiodrocsailithe i mbarra, chun an sainmhíniú ar iarmhar le haghaidh measúnú riosca a dheimhniú.

Déanfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis deimhniúcháin dá dtagraítear i bpointe 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faoin 15 Iúil 2026 agus i bpointe 2 faoin 15 Iúil 2026.


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 134 a bhaineann le meatconasól;

(2)

i gCuid E, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘15

meatconasól

Uimh. CAS: 125116-23-6 (steiréiceimic neamhshonraithe)

Uimh. CIPAC: 706

(1RS,5RS:1RS,5SR)-5-(4-clóraibeinsil)-2,2-démheitil-1-(1H-1,2,4-trí-asól-1-ilmeitil)cioglaipeantánól

≥940 g/kg (suim de chis-isiméirí agus tras-isiméirí), lena mbaineann leibhéal cis-meatconasóil (CL 354801) nach lú ná 800 g/kg agus nach mó ná 950 g/kg

Ní rachaidh na heisíontais seo a leanas thar na leibhéil seo a leanas san ábhar teicniúil:

tolúéin: 2 g/kg

eitilcioglaiheacsán: 2 g/kg

1 Meán Fómhair 2024

31 Lúnasa 2031

Beidh an úsáid teoranta d’úsáideoirí gairmiúla amháin.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana i ndáil le meatconasól, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

an measúnú ar nochtadh tomhaltóirí maidir le hiarmhair a d’fhéadfadh a bheith sna barra príomhúla agus i mbarra a fhástar in uainíocht i ndiaidh a chéile;

cosaint oibreoirí agus daoine atá ar an láthair/cónaitheoirí;

cosaint orgánach uisceach.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach faisnéis deimhniúcháin maidir leis an méid seo a leanas:

1.

an éifeacht a bhíonn ag próisis cóireála uisce ar chineál na n-iarmhar atá in uisce dromchla agus i screamhuisce, nuair a bhaintear uisce dromchla nó screamhuisce le haghaidh uisce óil;

2.

ba cheart imscrúdú breise a dhéanamh ar phróifíl ghinearálta tocsaineachta na meitibilítí M11 agus M21 chun na luachanna tagartha tocsaineolaíocha iomchuí is infheidhme maidir leo a dheimhniú. Thairis sin, deimhniú láithreachta M11 agus M21 agus a gcóimheas i measc na gcomhdhúl meatconasóil monaihiodrocsailithe i mbarra, chun an sainmhíniú ar iarmhar le haghaidh measúnú riosca a dheimhniú.

Déanfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis deimhniúcháin dá dtagraítear i bpointe 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faoin 15 Iúil 2026 agus i bpointe 2 faoin 15 Iúil 2026.’


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1749/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)