European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1747

26.6.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1747 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tugtha faoi deara go bhfuil praghsanna an-ard agus luaineacht sna margaí leictreachais ó bhí mí Mheán Fómhair 2021 ann. Mar a leag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) amach ina measúnú deiridh ar dhearadh mhargadh mórdhíola leictreachais an Aontais i mí Aibreáin 2022, is toradh é an méid sin a bhaineann go príomha leis an bpraghas ard gáis, a úsáidtear mar ionchur chun leictreachas a ghiniúint.

(2)

Mar thoradh ar an ngéarú ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar Páirtí Conarthach de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh (4) í, agus mar thoradh ar na smachtbhannaí idirnáisiúnta gaolmhara ó bhí mí Feabhra 2022 ann, bhí géarchéim gáis ann, cuireadh isteach ar na margaí fuinnimh domhanda, chuaigh an fhadhb a bhaineann le praghsanna arda gáis in olcas, agus imríodh tionchair mhóra iarmhartacha ar phraghsanna leictreachais. Tá cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ina chúis le héiginnteacht maidir le soláthar tráchtearraí eile freisin, amhail gual crua agus amhola, ar tráchtearraí iad a úsáideann suiteálacha giniúna cumhachta. Mar thoradh ar an éiginnteacht sin, tá méadú breise substaintiúil tagtha ar an luaineacht i bpraghsanna leictreachais. Cuireadh leis an méadú ar phraghsanna leictreachais de bharr nach raibh an fháil chéanna ar roinnt imoibreoirí núicléacha agus de bharr an aschuir ísil hidreachumhachta.

(3)

Mar fhreagairt ar an staid sin, mhol an Coimisiún, sa teachtaireacht uaidh an 13 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support [Dul i ngleic le hardú sna praghsanna fuinnimh: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta agus tacaíochta], bosca uirlisí de bhearta a fhéadfaidh an tAontas agus a Bhallstáit a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar láithreach a bhí ag praghsanna arda fuinnimh ar chustaiméirí teaghlaigh agus ar ghnólachtaí, lena n-áirítear tacaíocht ioncaim, buntáistí cánach, coigilteas fuinnimh agus bearta stórála agus chun athléimneacht in aghaidh suaitheadh praghsanna amach anseo a neartú. Sa teachtaireacht uaidh an 8 Márta 2022 dar teideal REPowerEU: Joint European Action for more affordable, secure and sustainable energy [REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe], leag an Coimisiún amach sraith beart breise chun an bosca uirlisí a neartú agus chun freagairt ar phraghsanna fuinnimh atá ag ardú. An 23 Márta 2022, bhunaigh an Coimisiún creat sealadach maidir le Státchabhair freisin chun fóirdheontais áirithe a cheadú chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú.

(4)

Sa teachtaireacht uaidh an 18 Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún a ‘Phlean REPowerEU’ in iúl lenar tugadh isteach bearta breise lena ndírítear ar choigilteas fuinnimh, éagsúlú soláthairtí fuinnimh, sprioc maidir le níos mó éifeachtúlacht fuinnimh agus rolladh amach luathaithe an fhuinnimh in-athnuaite arb é is aidhm dó spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú, lena n-áirítear togra chun sprioc 2030 an Aontais maidir le holltomhaltas deiridh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú go 45 %. Thairis sin, i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal Short-Term Energy Market Interventions and Long-Term Improvements to the Electricity Market Design – a course for action [Idirghabhálacha Gearrthéarmacha sa Mhargadh Fuinnimh agus Feabhsuithe Fadtéarmacha ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais – plean gníomhaíochta], anuas ar bhearta gearrthéarmacha breise a leagan amach chun dul i ngleic le praghsanna arda fuinnimh, sainaithníodh réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais agus fógraíodh an rún chun measúnú a dhéanamh ar na réimsí sin d’fhonn an creat reachtach a athrú.

(5)

Chun aghaidh a thabhairt, go práinneach, ar ghéarchéim na bpraghsanna fuinnimh agus ar ábhair imní slándála agus chun dul i ngleic leis na harduithe praghsanna ar son na saoránach, ghlac an tAontas roinnt gníomhartha dlí, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lenar bunaíodh córas láidir stórála gáis agus Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle (6), lenar foráladh do bhearta éifeachtacha maidir le laghdú ar éileamh ar ghás agus ar leictreachas, Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle (7), lenar bunaíodh córais teorannaithe praghsanna chun brabúis amhantair a sheachaint i margaí an gháis agus an leictreachais araon, agus Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle (8), lenar bunaíodh bearta chun dlús a chur leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh suiteálacha fuinnimh in-athnuaite.

(6)

Le margadh fuinnimh dea-chomhtháite, a chuireann le Rialacháin (AE) 2018/1999 (9), (AE) 2019/942 (10) agus (AE) 2019/943 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha (AE) 2018/2001 (12), (AE) 2018/2002 (13) agus (AE) 2019/944 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá ngairtear le chéile, go coitianta, an pacáiste ‘Fuinneamh glan do gach Eorpach’, a glacadh in 2018 agus in 2019 (‘an Pacáiste maidir le Fuinneamh Glan’), cuirtear ar chumas an Aontais leas a bhaint as na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann le margadh aonair fuinnimh i ngach uile chás, áirithítear slándáil an tsoláthair agus cothaítear an próiseas dícharbónúcháin chun cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach. Leis an idirnascacht trasteorann, áirithítear freisin go n-oibreoidh na córais chumhachta ar bhealach níos sábháilte, níos iontaofa agus níos éifeachtúla agus go mbeidh athléimneacht níos fearr ann i gcás turraingí gearrthéarmacha praghsanna.

(7)

Chun an margadh inmheánach fuinnimh a neartú agus cuspóirí an aistrithe aeráide agus fuinnimh a bhaint amach, is gá uasghrádú suntasach a dhéanamh ar ghréasán leictreachais an Aontais chun gur féidir déileáil leis na méaduithe iomadúla ar acmhainneacht giniúna fuinnimh in-athnuaite, lena mbaineann inathraitheacht mar gheall ar an aimsir sna méideanna giniúna agus patrúin sreafa leictreachais athraitheacha ar fud an Aontais, agus chun gur féidir aghaidh a thabhairt ar éileamh nua amhail feithiclí leictreacha agus teaschaidéil. Tá infheistíocht in eangacha, laistigh de theorainneacha agus trasna teorainneacha, ríthábhachtach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leictreachais, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair. Is gá infheistíocht den sórt sin a dhéanamh chun fuinneamh in-athnuaite agus éileamh a chomhtháthú i gcomhthéacs inar faide ó chéile iad ná mar a bhí san am a chuaigh thart agus, ar deireadh, chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart d’aon athchóiriú ar mhargadh leictreachais an Aontais cur le gréasán leictreachais Eorpach níos comhtháite, d’fhonn a áirithiú go mbainfidh gach Ballstát leibhéal idirnascachta leictreachais amach i gcomhréir leis an sprioc idirnasctha leictreachais do 2030 de 15 % ar a laghad de bhun Airteagal 4, pointe (d)(1), de Rialachán (AE) 2018/1999, go n-úsáidfear an acmhainneacht idirnasctha sin a mhéid is féidir le haghaidh trádáil trasteorann agus go ndéanfar bonneagar gréasáin leictreachais agus nascachta an Aontais a thógáil nó a uasghrádú, amhail tionscadail leasa choitinn an Aontais arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ba cheart nascacht leordhóthanach a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnóthais uile an Aontais toisc go bhféadfadh sin deiseanna móra a chruthú dóibh maidir lena bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh agus i gclaochlú digiteach an Aontais. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-aithnítear na srianta sonracha atá orthu agus lena bhforáiltear do bhearta sonracha a ghlacadh ina leith.

(8)

Le dearadh an mhargaidh leictreachais atá ann faoi láthair, cuidíodh, inter alia, le teacht chun cinn táirgí, seirbhísí agus beart nua agus nuálach maidir le margaí leictreachais miondíola, lena dtacaítear leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus le glacadh an fhuinnimh in-athnuaite agus lena bhfeabhsaítear roghanna chun cuidiú le tomhaltóirí a mbillí fuinnimh a laghdú lena n-áirítear trí shuiteálacha giniúna mionscála agus trí sheirbhísí atá ag teacht chun cinn chun freagairt don éileamh a sholáthar. Is príomheilimint de na margaí agus de na córais leictreachais a bheidh againn amach anseo san Aontas an tógáil ar acmhainneacht dhigitiú an chórais fuinnimh agus tapú na hacmhainneachta sin, amhail rannpháirtíocht ghníomhach tomhaltóirí. An tráth céanna, is gá roghanna tomhaltóirí a urramú agus é a chur ar a gcumas tairbhiú de thairiscintí éagsúla conarthacha, agus custaiméirí teaghlaigh a chosaint ar phraghsanna arda le linn géarchéim fuinnimh. Is é a thuigtear as comhtháthú an chórais fuinnimh pleanáil agus oibriú an chórais fuinnimh sin ina iomláine, ar fud an iliomad iompróirí fuinnimh, bonneagar, agus earnálacha tomhaltais, trí naisc níos láidre a chruthú eatarthu, i sineirge le chéile agus tacaíocht ón digitiú, darb aidhm fuinneamh slán, inacmhainne, iontaofa agus inbhuanaithe a sholáthar.

(9)

I gcomhthéacs na géarchéime fuinnimh, léirigh dearadh an mhargaidh leictreachais atá ann faoi láthair go bhfuil roinnt easnamh agus iarmhairtí neamhthuartha ann a bhaineann leis an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda luaineacha breoslaí iontaise ar mhargaí leictreachais gearrthéarmacha, rud a fhágann nach bhfuil cosaint ag teaghlaigh agus gnóthais ar mhéaduithe tobanna suntasacha ar phraghsanna ina mbillí leictreachais agus ar na héifeachtaí a fheictear mar gheall orthu ina mbillí leictreachais.

(10)

Is é imscaradh níos tapúla fuinnimh in-athnuaite agus teicneolaíochtaí solúbtha glana an bealach is inbhuanaithe agus is costéifeachtaí chun an t-éileamh ar bhreoslaí iontaise le haghaidh giniúint leictreachais a laghdú go struchtúrach agus chun tomhaltas díreach leictreachais a chumasú tríd an éileamh ar fhuinneamh a leictriú agus trí chomhtháthú an chórais fuinnimh. Mar gheall ar na costais oibriúcháin ísle a bhaineann leo, is féidir tionchar dearfach a bheith ag foinsí in-athnuaite ar phraghsanna leictreachais ar fud an Aontais agus is féidir leo tomhaltas breoslaí iontaise a laghdú.

(11)

Leis na hathruithe ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, ba cheart a áirithiú go dtabharfaí do na tomhaltóirí, lena n-áirítear na tomhaltóirí is leochailí, na tairbhí a bhaineann leis an méadú ar imscaradh na cumhachta in-athnuaite, agus na tairbhí a bhaineann leis an aistriú fuinnimh ina iomláine, agus ar deireadh, go ndéanfaí iad a chosaint ar ghéarchéimeanna fuinnimh agus nach dtitfeadh níos mó custaiméirí teaghlaigh i sáinn na bochtaineachta fuinnimh. Leis na hathruithe sin, ba cheart an tionchar ar phraghsanna leictreachais a bhíonn ag praghsanna arda breoslaí iontaise, go háirithe praghsanna gáis, a mhaolú, agus é mar aidhm a chur ar chumas custaiméirí teaghlaigh agus gnóthais tairbhe a bhaint as fuinneamh inacmhainne slán ó fhoinsí inbhuanaithe in-athnuaite agus ísealcharbóin san fhadtéarma, chomh maith leis an ról atá ag réitigh atá tíosach ar fhuinneamh maidir le costais fhoriomlána fuinnimh a laghdú, rud a d’fhéadfadh an gá atá le méadú ar an eangach chumhachta agus ar an acmhainneacht ghiniúna a laghdú.

(12)

Is é is aidhm don athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais praghsanna leictreachais inacmhainne agus iomaíocha a bhaint amach do gach tomhaltóir. Mar sin, ba cheart don athchóiriú sin dul chun tairbhe ní hamháin do chustaiméirí teaghlaigh ach d’iomaíochas thionscail an Aontais chomh maith tríd an infheistíocht i dteicneolaíocht ghlan a éascú nach mór dóibh a dhéanamh chun go n-éireoidh leo ar a gconairí aistrithe i dtreo aeráidneodrachta. Ní mór bonn láidir monaraíochta teicneolaíochta glaine a bheith faoin aistriú fuinnimh san Aontas. Leis na hathchóirithe sin, tacófar le leictriú inacmhainne an tionscail agus le seasamh an Aontais mar cheannaire domhanda i dtéarmaí taighde agus nuálaíochta i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain.

(13)

Is príomhuirlis iad margaí gearrthéarmacha atá dea-fheidhmiúil agus éifeachtúil chun fuinneamh in-athnuaite agus foinsí solúbthachta a chomhtháthú sa mhargadh leictreachais agus chun gur féidir an córas fuinnimh a chomhtháthú ar bhealach costéifeachtach.

(14)

Baineann tábhacht ar leith le margaí ionlae chun foinsí fuinnimh in-athnuaite inathraithigh a chomhtháthú sa chóras leictreachais ar an gcostas is lú toisc go dtugann siad an fhéidearthacht do rannpháirtithe sa mhargadh ganntanais nó barrachas leictreachais a thrádáil níos gaire don aga seachadta. Ós rud é nach féidir le gineadóirí fuinnimh in-athnuaite inathraithigh meastachán cruinn a dhéanamh ar a dtáirgeadh go dtí am atá gar don aga seachadta, tá sé ríthábhachtach dóibh uasmhéadú a dhéanamh ar dheiseanna trádála trí rochtain a bheith acu ar mhargadh leachtach ag tráth atá chomh gar agus is féidir d’aga seachadta an leictreachais. Ba cheart am dúnta gheata an mhargaidh thraschreasaigh ionlae a dhéanamh níos giorra agus a shocrú níos gaire don fhíor-am chun uasmhéadú a dhéanamh ar na deiseanna atá ag rannpháirtithe sa mhargadh i ndáil le ganntanais agus barrachas leictreachais a thrádáil agus chun rannchuidiú le foinsí fuinnimh in-athnuaite inathraithigh a chomhtháthú sa chóras leictreachais ar bhealach níos fearr. I gcás ina gcuirtear slándáil an tsoláthair i mbaol leis sin agus chun gur féidir aistriú costéifeachtach a dhéanamh chuig am dúnta an gheata thraschreasaigh níos giorra, ba cheart an deis a bheith ag na hoibreoirí córais tarchurtha maolú a iarraidh, ar bhonn measúnú tionchair agus faoi réir formheas ón údarás rialála lena mbaineann, chun síneadh ama a fháil ar an amlíne chur chun feidhme. Ba cheart plean gníomhaíochta a bheith ar áireamh san iarraidh sin, plean ina mbeadh céimeanna nithiúla maidir le ham nua dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae a chur chun feidhme.

(15)

Dá bhrí sin, i gcás na margaí ionlae, tá sé tábhachtach oiriúnú do rannpháirtíocht theicneolaíochtaí an fhuinnimh in-athnuaite inathraithigh, amhail fuinneamh gréine agus gaoithe, agus do rannpháirtíocht na freagartha don éileamh agus na stórála fuinnimh. Ba cheart feabhas a chur ar leachtacht na margaí ionlae trí na leabhair orduithe a chomhroinnt idir oibreoirí margaidh laistigh de chrios tairisceana, agus freisin i gcás ina socraítear na hacmhainneachtaí traschreasacha ag nialas nó tar éis am dúnta gheata an mhargaidh ionlae. Chun a áirithiú go gcomhroinnfear leabhair orduithe idir oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais (OAMLanna) sna creataí ama lá roimh ré agus sna creataí ama cúplála margaidh ionlae, ba cheart do OAMLanna na horduithe go léir do tháirgí an lá roimh ré agus do tháirgí ionlae, agus do tháirgí a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a chur isteach faoin gcúpláil aonair lá roimh ré agus ionlae agus níor cheart dóibh trádáil táirgí lá roimh ré nó ionlae, nó táirgí a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a eagrú lasmuigh den chúpláil aonair lá roimh ré agus ionlae. Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca bunúsach idirdhealaithe i dtrádáil táirgí lá roimh ré agus ionlae laistigh agus lasmuigh den chúpláil aonair lá roimh ré agus ionlae, agus ar an draenáil leachtachta iarmhartach i margaí leictreachais cúpláilte an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le OAMLanna, maidir le gnóthais a fheidhmíonn rialú go díreach nó go hindíreach ar OAML, agus maidir le gnóthais atá á rialú go díreach nó go hindíreach ag OAML. Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht ar na margaí, ba cheart do na rannpháirtithe sa mhargadh, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis ó aonaid ghiniúna a sholáthar i gcás inarb infheidhme, gan dochar do chur i láthair tairiscintí i gcomhréir leis an gcreat ábhartha i ngach Ballstát.

(16)

Ina theannta sin, leis na margaí leictreachais gearrthéarmacha, ba cheart a áirithiú gur féidir le soláthraithe seirbhíse solúbthachta ar mionscála a bheith rannpháirteach tríd an méid íosta tairisceana a ísliú.

(17)

Chun comhtháthú éifeachtúil an leictreachais a ghintear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite inathraithigh a áirithiú agus chun an gá atá le giniúint leictreachais atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise a laghdú i gcásanna ina mbíonn géarchéim ann maidir le praghsanna leictreachais ar bhonn réigiúnach nó uile-Aontais, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iarraidh ar oibreoirí córais moladh a dhéanamh maidir le soláthar táirge buaicscafa lena mbeifear in ann cur leis an bhfreagairt don éileamh chun rannchuidiú leis an tomhaltas sa chóras leictreachais a laghdú. Ba cheart don údarás rialála lena mbaineann an moladh maidir le táirge buaicscafa a mheas a mhéid a bhaineann leis an éileamh ar leictreachas a laghdú agus leis an tionchar ar phraghas mórdhíola leictreachais le linn buaicuaireanta a laghdú. Ós rud é gurb é is aidhm don táirge buaicscafa tomhaltas an leictreachais a laghdú agus a aistriú, agus chun nach n-ardófar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa, níor cheart a thabhairt le tuiscint le gníomhachtú an táirge buaicscafa go gcuirfear tús leis an nginiúint atá bunaithe ar bhreosla iontaise atá suite taobh thiar den phointe méadraithe. Ós rud é nach bhfuil sé beartaithe an táirge buaicscafa a chur i bhfeidhm ach amháin i gcásanna áirithe ina mbíonn géarchéim ann maidir le praghsanna leictreachais ar bhonn réigiúnach nó uile-Aontais, féadfar an táirge a sholáthar suas le seachtain amháin roimh ré sula scaoilfear breis acmhainneachta le haghaidh na freagartha don éileamh. Ba cheart d’oibreoirí córais a bheith in ann an táirge buaicscafa a ghníomhachtú roimh chreat ama an mhargaidh lá roimh ré nó lena linn. De rogha air sin, ba cheart a bheith in ann an táirge buaicscafa a ghníomhachtú go huathoibríoch bunaithe ar an bpraghas fuinnimh réamhshainithe. Chun méideanna an laghdaithe ar thomhaltas leictreachais a fhíorú, ba cheart don oibreoir córais úsáid a bhaint as bonnlíne lena léirítear an tomhaltas leictreachais a mheastar a bheidh ann gan an táirge buaicscafa a ghníomhachtú, agus ba cheart dó modheolaíocht bhonnlíne a fhorbairt tar éis dul i gcomhairle le rannpháirtithe sa mhargadh. Ba cheart don údarás rialála lena mbaineann an mhodheolaíocht sin a fhormheas. Ba cheart do ACER an tionchar a bhaineann le húsáid táirgí buaicscafa ar mhargadh leictreachais an Aontais a mheas, agus aird á tabhairt ar a riachtanaí atá sé nach ndéanfadh na táirgí buaicscafa feidhmiú na margaí leictreachais a shaobhadh go míchuí ná seirbhísí freagartha don éileamh a atreorú i dtreo táirgí buaicscafa, agus ba cheart dó a bheith in ann moltaí a dhéanamh leis na húdaráis rialála a bheidh le cur san áireamh ina measúnú ar an leibhéal náisiúnta. Thairis sin, ba cheart do ACER an tionchar a bhaineann le táirgí buaicscafa a fhorbairt ar mhargadh leictreachais an Aontais faoi ghnáthdhálaí a mheas. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun Rialachán (AE) 2019/943 a leasú chun táirgí buaicscafa a thabhairt isteach tráth nach ann do ghéarchéimeanna i bpraghsanna leictreachais.

(18)

Chun go mbeidh siad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sna margaí leictreachais agus chun solúbthacht a sholáthar, déanfar tomhaltóirí a fheistiú de réir a chéile le méadair chliste. I roinnt Ballstát, áfach, tá rolladh amach na gcóras méadraithe chliste fós mall agus mar sin tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit feabhas ar na coinníollacha maidir le córais méadraithe chliste a shuiteáil, agus é mar chuspóir acu cumhdach iomlán a bhaint amach a luaithe is féidir. Mar sin féin, ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha agus d’oibreoirí córais dáileacháin, agus rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, lena n-áirítear comhbhailitheoirí neamhspleácha, a bheith in ann, ar thoiliú a fháil ón gcustaiméir deiridh, úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí tomhais tiomnaithe, i gcomhréir le hAirteagail 23 agus 24 de Threoir (AE) 2019/944 agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an dlí maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ina theannta sin, sna cásanna sin amháin nach bhfuil córais méadraithe chliste suiteáilte go fóill agus i gcásanna nach soláthraíonn na córais méadraithe chliste an leibhéal leordhóthanach gráinneachta sonraí, ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha agus d’oibreoirí córais dáileacháin, ar thoiliú a fháil ón gcustaiméir deiridh, úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí tomhais tiomnaithe le haghaidh inbhreathnaitheacht agus shocrú na seirbhísí solúbthachta amhail an fhreagairt don éileamh agus an stóráil fuinnimh. Trí úsáid sonraí ó fheistí tomhais tiomnaithe a chumasú le haghaidh inbhreathnaitheachta agus socrú, ba cheart rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí deiridh sa mhargadh a éascú agus a bhfreagairt don éileamh a fhorbairt. Ba cheart úsáid sonraí ó na feistí tomhais tiomnaithe sin na ceanglais cháilíochta a bhaineann leis na sonraí a chomhlíonadh.

(19)

Bunaítear leis an Rialachán seo bunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar na prionsabail agus na hoibleagáidí uile a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear maidir le híoslaghdú sonraí. I gcás inar féidir cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach gan sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart do rialaitheoirí sonraí brath ar shonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe.

(20)

Teastaíonn margaí todhchaíochta éifeachtacha agus éifeachtúla ó thomhaltóirí agus ó sholáthróirí chun a neamhchosaint fhadtéarmach ar phraghsanna a chumhdach agus chun a spleáchas ar phraghsanna gearrthéarmacha a laghdú. Chun a áirithiú gur féidir le custaiméirí fuinnimh ar fud an Aontais tairbhe iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann le margaí leictreachais comhtháite agus as an iomaíocht ar fud an Aontais, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar beart is féidir a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargaí todhchaíochta leictreachais an Aontais, amhail minicíocht an leithdháilte, aibíocht agus cineál na gceart maidir le tarchur fadtéarmach, bealaí chun an margadh tánaisteach a neartú agus tabhairt isteach féideartha mol fíorúil réigiúnach.

(21)

Leis an gcuid sin den mheasúnú a bhaineann leis an bhféidearthacht moil fhíorúla réigiúnacha a thabhairt isteach, ba cheart a chumhdach léi, inter alia, na himpleachtaí maidir le comhaontuithe idir-rialtasacha atá ann cheana a bhaineann le comhúinéireacht trasteorann na ngléasraí cumhachta. Dá dtabharfaí isteach iad, léireodh moil fhíorúla réigiúnacha praghas comhiomlánaithe an iliomad criosanna tairisceana agus sholáthróidís praghas tagartha, praghas ar cheart d’oibreoirí an mhargaidh a úsáid chun táirgí fálaithe todhchaíochta a thairiscint. Sa mhéid sin, níor cheart moil fhíorúla réigiúnacha a thuiscint mar eintitis a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta. A bhuí leis na moil fhíorúla réigiúnacha d’fhéadfaí leachtacht a chomhthiomsú agus deiseanna fálaithe breise a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh trí innéacs praghsanna tagartha a sholáthar. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun, i gcás inar gá, bearta agus uirlisí a shonrú a thuilleadh maidir le dearadh mhargaí todhchaíochta leictreachais an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le moil fhíorúla réigiúnacha a thabhairt isteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(22)

Chun feabhas a chur ar na féidearthachtaí atá ag rannpháirtithe sa mhargadh i dtaca le fálú a dhéanamh, ba cheart ról an ardáin aonair um leithdháileadh arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún (18) a leathnú. Ba cheart don ardán aonair um leithdháileadh gníomhú mar eintiteas a thairgeann leithdháileadh agus a éascaíonn cearta tarchurtha fadtéarmacha airgeadais a thrádáil thar ceann na n-oibreoirí córais tarchurtha, agus ba cheart don ardán sin trádáil den sórt sin a éascú, idir na criosanna tairisceana éagsúla agus, i gcás inarb ábhartha, na moil fhíorúla réigiúnacha.

(23)

Le taraifí gréasáin, ba cheart oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin a dhreasú chun seirbhísí solúbthachta a úsáid trí réitigh nuálacha a fhorbairt a thuilleadh chun an eangach atá ann cheana a bharrfheabhsú agus chun seirbhísí solúbthachta a sholáthar, go háirithe freagairt don éileamh nó stóráil fuinnimh. Chuige sin, ba cheart taraifí gréasáin a cheapadh chun go gcuirfear san áireamh caiteachas oibríochtúil agus caiteachas caipitiúil na n-oibreoirí córais nó meascán éifeachtúil den dá rud ionas gur féidir leo an córas leictreachais a oibriú go costéifeachtach. Níor cheart leis an gceanglas maidir le costléiritheacht go gcuirfí srian leis an deis costais a athdháileadh go héifeachtúil i gcás ina gcuirtear muirir ghréasáin athraitheacha suímh nó ama i bhfeidhm. Leis sin, rannchuideofaí a thuilleadh le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú ar an gcostas is lú le haghaidh an chórais leictreachais agus chuirfí ar a gcumas do chustaiméirí deiridh a réitigh sholúbthachta a luacháil. Beidh ról lárnach ag na húdaráis rialála chun a áirithiú go soláthrófar infheistíocht leordhóthanach d’fhorbairt, leathnú agus atreisiú riachtanach na heangaí. Ba cheart do na húdaráis rialála glacadh an phobail agus úsáid infheistíochta oirchillí a chur chun cinn, lena spreagfaí dlús a chur le forbairt na heangaí chun imscaradh luathaithe na giniúna in-athnuaite a chomhlíonadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i limistéir fuinnimh in-athnuaite thiomnaithe, agus éilimh leictrithe chliste.

(24)

I gcás foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, amhail fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, fuinneamh aigéin agus fuinneamh fótavoltach ar snámh, beidh ról lárnach acu i dtaca le tógáil córais cumhachta a bheidh bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh den chuid is mó, agus i dtaca leis an aeráidneodracht a áirithiú faoi 2050. Mar sin féin, tá bacainní substaintiúla ann maidir leis na foinsí sin a imscaradh ar bhonn níos leithne agus go héifeachtúil, rud a chuireann cosc ar an uas-scálú ollmhór is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach. D’fhéadfadh bacainní comhchosúla teacht chun cinn i gcás teicneolaíochtaí eile amach ón gcósta amach anseo. Chun riosca infheistíochta a laghdú d’fhorbróirí tionscadail amach ón gcósta, d’fhéadfaí forbairt tionscadal amach ón gcósta a éascú le hionstraimí, amhail comhaontuithe ceannaigh cumhachta (CCCanna) nó conarthaí dhá threo le haghaidh difríochta. Tá riosca breise ann do thionscadail hibrideacha amach ón gcósta atá nasctha le níos mó ná margadh amháin i gcrios tairisceana amach ón gcósta, riosca a bhaineann leis an gcás uathúil topagrafach maidir le rochtain ar an margadh. Chun na rioscaí do thionscadail den sórt sin a laghdú, ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha cúiteamh a íoc i gcás nach bhfuil curtha ar fáil acu, sna torthaí bailíochtaithe maidir le ríomh acmhainneachta, an acmhainneacht a comhaontaíodh sna comhaontuithe nasctha maidir leis an idirnascaire nó an acmhainneacht ar na heilimintí criticiúla gréasáin de bhun na rialacha maidir le ríomh acmhainneachta a leagtar síos in Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) 2019/943, nó sa dá chás sin. Níor cheart d’oibreoirí córais tarchurtha aon chúiteamh a íoc más rud é, sna torthaí bailíochtaithe maidir le ríomh acmhainneachta, go bhfuil acmhainneacht an idirnascaire curtha ar fáil acu ar an leibhéal nó os cionn an leibhéil a cheanglaítear sa chomhaontú nasctha chomh maith leis an acmhainneacht ar eilimintí criticiúla gréasáin curtha ar fáil acu i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) 2019/943. Sa chomhaontú nasctha faoi seach leis an oibreoir gléasra giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta, ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha a ndícheall a dhéanamh an acmhainneacht iomlán a comhaontaíodh a thabhairt i modh docht, neamhsholúbtha, agus i gcomhréir leis an gcreat le haghaidh comhaontuithe nasctha arna bhunú le Treoir (AE) 2019/944. Ba cheart na Ballstáit a chur ar an eolas luath go leor roimh ré faoin gcomhaontú nasctha. Ba cheart cúiteamh a bheith iníoctha i gcás ina laghdaítear na hacmhainneachtaí tarchurtha atá ar fáil a mhéid nach féidir méid iomlán na giniúna leictreachais a mbeadh an gléasra giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta in ann é a onnmhairiú murach sin a sheoladh chuig na margaí máguaird, nó i gcás ina bhfuil laghdú comhfhreagrach ar an bpraghas sa chrios tairisceana amach ón gcósta mar gheall ar laghduithe acmhainneachta, in ainneoin a bheith in ann onnmhairiú, nuair a chuirtear sin i gcomparáid le cás nach ann do laghduithe acmhainneachta nó más fíor an dá rud. Ba cheart an cúiteamh a íoc as an ioncam ó phlódú. Ba cheart feidhm a bheith aige i gcás nach bhfuil curtha ar fáil ag oibreoir córais tarchurtha amháin nó níos mó acmhainneacht leordhóthanach chun an cumas giniúna leictreachais a onnmhairiú ar a n-idirnascaire faoi seach suas le méid na hacmhainneachta a comhaontaíodh sa chomhaontú nasctha, agus ba cheart do na hoibreoirí córais tarchurtha sin é a sholáthar. Ar mhaithe le cothroime réigiúnach, más é is cúis leis an acmhainneacht neamhleor nár chuir oibreoirí córais tarchurtha eile an acmhainneacht ar fáil ar a n-eilimintí criticiúla gréasáin, de bhun na rialacha maidir le ríomh acmhainneachta a leagtar síos in Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) 2019/943, ba cheart costais an chúitimh a chomhroinnt go comhréireach idir na hoibreoirí córais tarchurtha sin i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Ina theannta sin, féadfar aon chúiteamh nach gcumhdaítear leis an gcomhroinnt chomhréireach sin a roinnt idir na páirtithe ábhartha sna Ballstáit a bhfuil baint acu leis an tionscadal hibrideach amach ón gcósta mar chuid dá socruithe maidir le comhroinnt costas. Níor cheart róchúiteamh a bheith mar thoradh ar an gcúiteamh sin agus tá sé beartaithe leis cothromaíocht a bhaint amach idir ioncam laghdaithe na n-oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta mar gheall ar rochtain laghdaithe ar mhargaí idirnasctha. Níor cheart baint a bheith aige ach leis an acmhainneacht táirgthe atá ar fáil don mhargadh, rud a d’fhéadfadh a bheith ag brath ar an aimsir agus nach gcuirtear san áireamh leis oibríochtaí éartha agus cothabhála an tionscadail amach ón gcósta. Níor cheart an cúiteamh i gcás easpa rochtana ar an ngréasán tarchurtha a thuiscint mar sheoladh tosaíochta agus ba cheart é a ailíniú le prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus uasmhéadú na n-acmhainneachtaí trasteorann le haghaidh trádála de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2019/943. Thairis sin, níor cheart cúiteamh dúbailte a íoc as an riosca céanna a chumhdaítear faoin bhforáil sin, mar shampla má tá an riosca cumhdaithe cheana féin faoi chonradh difríochta nó faoi scéim tacaíochta ábhartha eile. Maidir le sonraí an tsásra cúitimh sin agus na modheolaíochta don chur chun feidhme atá le forbairt, lena n-áirítear na coinníollacha faoina bhféadfaidh an beart dul in éag, abair, i gcás inar ann d’éileamh leordhóthanach laistigh den chrios tairisceana amach ón gcósta, amhail leictrealóir mór, nó inar ann do rochtain dhíreach ar líon leordhóthanach margaí chun go n-imeodh an riosca, tá sé beartaithe na sonraí sin a mhionsaothrú a thuilleadh i ngníomh cur chun feidhme lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí leasuithe ar Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún (19).

(25)

Sa mhargadh mórdhíola lá roimh ré, leithdháiltear leictreachas ó na gléasraí cumhachta ag a mbíonn costais imeallacha níos ísle ar dtús ach an gléasra cumhachta deiridh a bhíonn ag teastáil chun an t-éileamh a chumhdach, sin an gléasra cumhachta a shocraíonn an praghas a fhaigheann gach rannpháirtí sa mhargadh, agus is aige sin a bhíonn na costais imeallacha is airde, nuair a dhéantar na margaí a imréiteach. Sa chomhthéacs sin, léirigh an ghéarchéim fuinnimh gur féidir leis an méadú ar phraghas an gháis agus an ghuail chrua a bheith ina chúis le méaduithe eisceachtúla marthanacha ar na praghsanna ar a ndéanann na saoráidí giniúna gáis agus gualbhreoslaithe tairiscint sa mhargadh mórdhíola lá roimh ré. Dá thoradh sin, tá praghsanna thar a bheith ard sa mhargadh lá roimh ré ar fud an Aontais, ós rud é gur minic is iad na saoráidí giniúna gáis agus gualbhreoslaithe na gléasraí sin a bhíonn ag teastáil chun freastal ar an éileamh ar leictreachas agus is acu a bhíonn na costais imeallacha is airde.

(26)

I bhfianaise ról an phraghais sa mhargadh lá roimh ré mar thagairt don phraghas i margaí mórdhíola leictreachais eile, agus ós rud é go bhfaigheann gach rannpháirtí sa mhargadh an praghas imréitigh, tá ioncam ard taifeadta go comhsheasmhach ag na teicneolaíochtaí ag a mbíonn costais imeallacha i bhfad níos ísle.

(27)

Chun spriocanna dícharbónúcháin an Aontais a bhaint amach agus chun go mbeidh na cuspóirí a leagtar amach sa phlean REPowerEU níos neamhspleáiche ar fhuinneamh, ní mór don Aontas dlús a chur le himscaradh na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite ar luas i bhfad níos tapúla. I bhfianaise na riachtanas infheistíochta is gá chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart don mhargadh a áirithiú go mbunófar comhartha praghais fadtéarmach.

(28)

Faoina chuimsiú sin, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun na dálaí cearta margaidh a chruthú le haghaidh ionstraimí margadhbhunaithe fadtéarmacha, amhail CCCanna. Is comhaontuithe déthaobhacha ceannaigh iad CCCanna idir táirgeoirí agus ceannaitheoirí leictreachais arna dtabhairt i gcrích ar bhonn deonach agus atá bunaithe ar choinníollacha phraghsanna an mhargaidh gan idirghabhálacha rialála maidir le socrú praghsanna. Soláthraíonn na CCCanna cobhsaíocht fhadtéarmach praghsanna don chustaiméir agus an chinnteacht is gá don táirgeoir chun an cinneadh infheistíochta a dhéanamh. Mar sin féin, níl margaí gníomhacha CCCanna ach ag líon beag Ballstát agus is iondúil go mbíonn ceannaitheoirí teoranta do chuideachtaí móra, lena n-áirítear toisc go mbíonn bacainní roimh CCCanna, go háirithe an deacracht a bhaineann leis an riosca nach n-íocfaidh an ceannaitheoir a chumhdach sna comhaontuithe fadtéarmacha sin. Ba cheart do na Ballstáit an gá atá le margadh dinimiciúil CCCanna a chruthú a chur san áireamh agus na beartais á socrú acu chun na cuspóirí dícharbónúcháin fuinnimh a leagtar síos ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach. Agus bearta á gceapadh ag na Ballstáit a dhéanann difear díreach do CCCanna, ba cheart dóibh ionchais dhlisteanacha a d’fhéadfadh a bheith ann a urramú agus ba cheart dóibh éifeachtaí na mbeart sin ar CCCanna atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh.

(29)

I gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, tá ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar na bacainní rialála agus riaracháin atá roimh CCCanna fadtéarmacha maidir le fuinneamh in-athnuaite, agus na bacainní gan údar agus nósanna imeachta nó muirir atá díréireach nó idirdhealaitheach a bhaint agus glacadh na gcomhaontuithe sin a chur chun cinn. Ina theannta sin, tá ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar bheartais agus ar bhearta lena n-éascaítear glacadh CCCanna maidir le fuinneamh in-athnuaite. Gan dochar don oibleagáid sin maidir le tuairisciú a dhéanamh ar an gcomhthéacs rialála lena ndéantar difear do mhargadh na CCCanna, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ag custaiméirí a bhfuil bacainní iontrála orthu i margadh na CCCanna agus nach bhfuil deacrachtaí airgeadais acu rochtain ar ionstraimí chun laghdú a dhéanamh ar na rioscaí airgeadais a bhaineann le ceannaitheoir nach gcomhlíonann a oibleagáidí íocaíochta fadtéarmacha faoi chuimsiú CCCanna. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh ar scéim ráthaíochta a bhunú ar phraghsanna an mhargaidh mura mbeadh aon rochtain nó rochtain leordhóthanach acu ar ráthaíochtaí príobháideacha. I gcás ina mbunaíonn Ballstát scéim ráthaíochta den sórt sin, ba cheart dó forálacha a chur san áireamh ionas nach n-ísleofar an leachtacht sna margaí leictreachais, amhail trí CCCanna airgeadais a úsáid. D’fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh comhbhailiú an éilimh ó chustaiméirí ar CCCanna a éascú, ar custaiméirí iad a mbíonn bacainní iontrála orthu i margadh na CCCanna astu féin, ach ba cheart dóibh, i dteannta a chéile, a bheith in ann tairiscint tharraingteach i ndáil le CCCanna a sholáthar do tháirgeoirí. Níor cheart do na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do CCCanna maidir le ceannach leictreachais a ghintear ó bhreoslaí iontaise. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na scéimeanna ráthaíochta a dtacaíonn siad leo a theorannú do thacaíocht eisiach do ghiniúint nua fuinnimh in-athnuaite, i gcomhréir lena mbeartais dícharbónúcháin, go háirithe i gcás nach bhfuil an margadh le haghaidh CCCanna maidir le fuinneamh in-athnuaite forbartha go leordhóthanach. Cé gur cheart gan idirdhealú idir tomhaltóirí mar chur chuige réamhshocraithe, d’fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na hionstraimí sin a dhíriú ar chatagóirí sonracha tomhaltóirí, agus critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha á gcur i bhfeidhm acu. Faoina chuimsiú sin, ba cheart do na Ballstáit comhordú iomchuí a áirithiú, lena n-áirítear le saoráidí a sholáthraítear ar leibhéal an Aontais, mar shampla ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’).

(30)

Tá roinnt ionstraimí ar fáil do na Ballstáit, agus tacaíocht phoiblí á ceapadh agus á leithdháileadh acu, chun tacú le forbairt mhargaí CCCanna. Dá gceadófaí d’fhorbróirí tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá rannpháirteach i dtairiscint tacaíochta poiblí sciar den ghiniúint a choinneáil lena dhíol trí CCC, rannchuideofaí le margaí na CCCanna a chothú agus a fhás. Ina theannta sin, mar chuid den mheastóireacht sin ar thairiscintí, ba cheart do na Ballstáit féachaint le critéir a chur i bhfeidhm chun rochtain ar mhargadh na CCCanna a dhreasú do ghníomhaithe a mbíonn bacainní iontrála orthu, amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus tosaíocht a thabhairt do thairgeoirí a chuireann CCC sínithe i láthair nó a thugann gealltanas CCC le haghaidh cuid de ghiniúint an tionscadail a shíniú ó cheannaitheoir ionchasach amháin nó níos mó a mbíonn deacrachtaí aige nó acu rochtain a fháil ar mhargadh na CCCanna.

(31)

Chun cur le trédhearcacht agus le forbairt na margaí CCCanna ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, ba cheart do ACER measúnú bliantúil a fhoilsiú ar na margaí sin, measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le teimpléid dheonacha a fhorbairt agus a eisiúint le haghaidh CCCanna agus iad a fhorbairt más é conclúid an mheasúnaithe gur gá.

(32)

Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar CCCanna trasteorann agus deireadh a chur le bacainní gan údar a bhaineann go sonrach leo, agus ar an gcaoi sin, bheadh tomhaltóirí i mBallstáit a bhfuil acmhainneacht theoranta acu in ann rochtain a fháil ar chumhacht a ghintear i réigiúin eile gan idirdhealú.

(33)

I gcás, bunaithe ar an measúnú ábhartha, ina gcinneann an Coimisiún go dteastaíonn tacaíocht ó na Ballstáit chun bacainní a bhaint sna margaí CCCanna, ba cheart dó a bheith in ann treoraíocht shonrach a tharraingt suas. Ba cheart é a bheith mar phríomhfhócas ag an treoraíocht sin deireadh a chur le bacainní lena gcuirtear cosc ar leathnú na margaí CCCanna, lena n-áirítear CCCanna trasteorann. Is iomaí cineál bacainní mar sin a d’fhéadfadh a bheith ann, ó bhacainní rialála, go háirithe nósanna imeachta nó muirir atá díréireach nó idirdhealaitheach, go dtí ról na ráthaíochtaí tionscnaimh nó an chaoi a gcaitear le CCCanna maidir le rochtain a bheith ag ceannaitheoirí féideartha ar réitigh mhaoiniúcháin.

(34)

Le Rialachán (AE) 2018/1999, déantar foráil maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite a úsáid mar uirlis chun gnóthú sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2030 a éascú. De bhun Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), féachfaidh na Ballstáit i gcomhar le chéile le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030 a mhéadú go 45 % sa bhreis ar an 42,5 % arb é sprioc cheangailteach an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún a mheas an bhféadfadh bearta ar leibhéal an Aontais rannchuidiú leis an sciar breise 2,5 % d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a bhaint amach in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais, lena gcomhlánófaí bearta náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar an bhféidearthacht sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite a úsáid chun ceantanna fuinnimh in-athnuaite a eagrú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir leis an gcreat rialála ábhartha.

(35)

I gcás ina gcinneann na Ballstáit, chun cuspóirí dícharbónúcháin an Aontais a bhaint amach, tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht a mhaoinítear go poiblí trí scéimeanna tacaíochta dírí praghais i saoráidí nua giniúna cumhachta a úsáideann breosla neamhiontaise ísealcharbóin, ba cheart na scéimeanna sin a struchtúrú mar chonarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna amhail is go gcuimseofar, le cois ráthaíocht ioncaim, uasteorainn ar ioncam margaidh na sócmhainní giniúna lena mbaineann. Cé nár cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid de bhun an Rialacháin seo ach i gcás na tacaíochta a thugtar d’infheistíocht i saoráidí nua giniúna cumhachta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh scéimeanna tacaíochta a dheonú i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna d’infheistíocht nua chomh maith arb é is aidhm di saoráidí giniúna cumhachta atá ann cheana a athchumhachtú go suntasach, nó acmhainneacht nó saolré saoráidí den sórt sin a mhéadú go suntasach nó a fhadú.

(36)

Chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a áirithiú, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid scéimeanna tacaíochta dírí a struchtúrú trí bhíthin conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna ach amháin maidir le conarthaí faoi scéimeanna tacaíochta dírí praghais le haghaidh infheistíochtaí i saoráidí giniúna cumhachta nua arna dtabhairt i gcrích an 17 Iúil 2027 nó ina dhiaidh sin amháin. Tréimhse 5 bliana ba cheart a bheith san idirthréimhse sin i gcás sócmhainní hibrideacha amach ón gcósta atá nasctha le dhá chrios tairisceana nó níos mó mar gheall ar chastacht tionscadal den sórt sin.

(37)

Ba cheart rud deonach a bheith i rannpháirtíocht rannpháirtithe margaidh i scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna.

(38)

Tá an oibleagáid sin leas a bhaint as conarthaí difríochta dhá threo nó as scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna gan dochar d’Airteagal 6(1) de Threoir (AE) 2018/2001.

(39)

Cé go leasaítear le Treoir (AE) 2024/1711 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) Airteagal 4(3), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2018/2001, leanann na forálacha eile in Airteagal 4 den Treoir sin, ina leagtar amach prionsabail deartha le haghaidh na scéimeanna tacaíochta le haghaidh fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, de bheith infheidhme.

(40)

Le conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, i gcás ioncam táirgeoirí a eascraíonn as infheistíocht nua i nginiúint leictreachais a thairbhíonn de thacaíocht phoiblí, d’áiritheofaí go mbeadh siad níos neamhspleáiche ar phraghsanna luaineacha na giniúna atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise, lena socraítear an praghas sa mhargadh lá roimh ré de ghnáth.

(41)

Na prionsabail deartha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna. Agus na conarthaí difríochta dhá threo nó na scéimeanna coibhéiseacha sin ag a bhfuil na héifeachtaí céanna á measúnú faoi na rialacha maidir le Státchabhair, ba cheart don Choimisiún seiceáil a dhéanamh an bhfuil dlí an Aontais a bhfuil dlúthbhaint aige leis na rialacha maidir le Státchabhair á gcomhlíonadh ag na conarthaí nó na scéimeanna sin, amhail na prionsabail deartha le haghaidh conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna mar a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart, le dearadh na gconarthaí difríochta dhá threo nó na scéimeanna coibhéiseacha sin ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, dreasachtaí a chaomhnú ionas gur féidir leis an tsaoráid giniúna cumhachta bheith ag oibriú agus páirt éifeachtúil a ghlacadh sna margaí leictreachais, go háirithe chun imthosca an mhargaidh a léiriú. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú ina mheasúnú nach ndéanfar saobhadh míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil sa mhargadh inmheánach mar thoradh ar dhearadh na gconarthaí difríochta dhá threo nó na scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach ndéanfar an chothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach a shaobhadh tríd an ioncam a dháileadh ar ghnóthais, go háirithe i gcás nach féidir aon phróiseas tairisceana iomaíoch a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh éagsúlacht ré a bheith i gceist le conarthaí difríochta dhá threo nó le scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna agus d’fhéadfaí a áireamh orthu, inter alia, conarthaí difríochta instealladhbhunaithe le praghas ceangail amháin nó níos mó, praghas íosta, nó conarthaí difríochta cumais nó slat tomhais. Níl feidhm ag an oibleagáid conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna a úsáid maidir le scéimeanna tacaíochta nach bhfuil nasctha go díreach le giniúint leictreachais, amhail stóráil fuinnimh, agus nach n-úsáideann tacaíocht dhíreach praghais, amhail cabhair infheistíochta i bhfoirm deontais tosaigh, bearta cánach nó deimhnithe glasa i measc nithe eile. Chun na contrapháirtithe a dhreasú lena n-oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh, ba cheart a áireamh i gconarthaí difríochta dhá threo nó i scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna clásail phionóis is infheidhme i gcás luathfhoirceannadh aontaobhach míchuí an chonartha.

(42)

Mar sin féin, sa mhéid go gcúngaítear, leis an teorannú maidir le scéimeanna tacaíochta dírí praghais a leagan amach i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, is é sin go gcúngaítear leis sin cineálacha na scéimeanna tacaíochta dírí praghais is féidir leis na Ballstáit a ghlacadh a mhéid a bhaineann le foinsí fuinnimh in-athnuaite, ba cheart é a bheith teoranta do theicneolaíochtaí breoslaí neamhiontaise ísealcharbóin, lena ngabhann costais oibriúcháin atá íseal agus cobhsaí, agus do theicneolaíochtaí nach soláthraíonn solúbthacht don chóras leictreachais de ghnáth, agus an tráth céanna teicneolaíochtaí atá ag céimeanna luatha dá n-imscaradh ar an margadh a eisiamh. Ní mór sin a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfear i mbaol inmharthanacht eacnamaíoch na dteicneolaíochtaí giniúna a bhfuil costais imeallacha arda ag gabháil leo agus chun dreasachtaí a choinneáil ar bun maidir le teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh solúbthacht a thabhairt don chóras leictreachais chun tairiscintí a dhéanamh sa mhargadh leictreachais bunaithe ar a ndeischostais. Ina theannta sin, i dtaca leis an teorannú maidir le scéimeanna tacaíochta dírí praghais a leagan amach i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn lena bhféadfar a nglacadh a dhreasú ar bhealach níos fearr le cineálacha eile scéimeanna tacaíochta dírí praghais. Ba cheart don teorannú a bheith gan dochar don díolúine a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar mionscála agus tionscadail taispeána de bhun Threoir (AE) 2018/2001 agus ba cheart dó sainiúlachtaí na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite a mheas i gcomhréir leis an Treoir sin. I bhfianaise an ghá atá ann deimhneacht rialála a sholáthar do na táirgeoirí, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid atá ar na Ballstáit scéimeanna tacaíochta dírí praghais a chur i bhfeidhm chun leictreachas a tháirgeadh i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna ach amháin maidir le hinfheistíocht i saoráidí giniúna cumhachta nua a úsáideann na foinsí a shonraítear san aithris seo.

(43)

Mar gheall ar uasteorannú ioncam an mhargaidh, ba cheart do scéimeanna tacaíochta dírí praghais, i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, foinse bhreise ioncaim a sholáthar do na Ballstáit i dtréimhsí praghsanna arda fuinnimh. Chun maolú breise a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda leictreachais ar bhillí fuinnimh na dtomhaltóirí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar aon ioncam a bhailítear ó tháirgeoirí atá faoi réir scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, nó luach coibhéiseach airgeadais an ioncaim sin, a chur ar aghaidh chuig custaiméirí deiridh, lena n-áirítear custaiméirí teaghlaigh, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide agus gnóthais dianfhuinnimh. Agus an t-ioncam á dháileadh ar chustaiméirí teaghlaigh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, go háirithe, tús áite a thabhairt do chustaiméirí leochaileacha agus do chustaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh. I bhfianaise na dtairbhí níos leithne atá le baint ag custaiméirí leictreachais as infheistíocht san fhuinneamh in-athnuaite, as éifeachtúlacht fuinnimh agus as úsáid fuinnimh ísealcharbóin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin an t-ioncam ó chonradh difríochta dhá threo nó ó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, nó luach coibhéiseach airgeadais an ioncaim sin, a úsáid chun infheistíocht a mhaoiniú chun costais leictreachais a laghdú do chustaiméirí deiridh agus, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha sonracha amhail infheistíocht i bhforbairt na heangaí dáileacháin, i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus i mbonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin an t-ioncam sin, nó luach coibhéiseach airgeadais an ioncaim sin, a úsáid chun costais na scéimeanna tacaíochta dírí praghais a mhaoiniú. Ba cheart athdháileadh an ioncaim a dhéanamh ar bhealach lena n-áirithítear go mbeidh custaiméirí fós neamhchosanta ar an gcomhartha praghais go pointe áirithe, ionas go laghdóidh siad a dtomhaltas nuair a bhíonn na praghsanna ard, nó go n-aistreoidh siad é go tréimhsí praghsanna níos ísle, ar tréimhsí iad de ghnáth ina dtagann sciar níos airde de tháirgeadh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an tomhaltas in uaireanta seachbhuaice a mheas chun dreasachtaí i leith solúbthachta a chaomhnú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh tionchar ag athdháileadh an ioncaim ar na tomhaltóirí deiridh leictreachais ar an gcothroime iomaíochta ná ar an iomaíocht idir na soláthróirí éagsúla. Níor cheart na prionsabail sin a bheith éigeantach i gcás ioncam arna ghiniúint ag conarthaí faoi scéimeanna tacaíochta dírí praghais a tugadh i gcrích roimh dháta chur i bhfeidhm na hoibleagáide conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna a úsáid. Is féidir leis na Ballstáit ioncam ó chonarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna a dháileadh gan rialáil praghsanna miondíola a bheith i gceist leis an dáileadh sin de bhun Airteagal 5 de Threoir (AE) 2019/944.

(44)

Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfar dochar leis na scéimeanna tacaíochta dírí praghais ná leis na scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, gan beann ar a bhfoirm, d’fheidhmiú éifeachtúil, iomaíoch agus leachtach na margaí leictreachais, lena gcaomhnaítear dreasachtaí le haghaidh táirgeoirí chun freagairt ar chomharthaí margaidh, lena n-áirítear deireadh a chur le giniúint nuair a bhíonn praghsanna leictreachais faoi bhun a gcostas oibriúcháin, agus dreasachtaí le haghaidh custaiméirí deiridh chun tomhaltas a laghdú nuair a bhíonn praghsanna leictreachais ard. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh scéimeanna tacaíochta ina mbacainn ar fhorbairt conarthaí tráchtála, amhail CCCanna.

(45)

Dá bhrí sin, tá róil chomhlántacha ag conarthaí difríochta dhá threo nó ag scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna agus ag CCCanna maidir leis an aistriú fuinnimh a chur chun cinn agus maidir leis na tairbhí a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus fuinneamh ísealcharbóin a thabhairt do thomhaltóirí. Faoi réir na gceanglas a thugtar isteach leis an Rialachán seo, ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit a chinneadh cé na hionstraimí a úsáideann siad chun a gcuspóirí dícharbónúcháin a bhaint amach. Trí CCCanna, rannchuidíonn infheisteoirí príobháideacha le himscaradh breise an fhuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin, agus an tráth céanna praghsanna leictreachais ísle cobhsaí á nglasáil san fhadtéarma. Ar an gcaoi chéanna, trí chonarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, baineann eintitis phoiblí an cuspóir céanna amach thar ceann tomhaltóirí. Tá an dá ionstraim riachtanach chun spriocanna dícharbónúcháin an Aontais a bhaint amach trí imscaradh an fhuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin, agus an tráth céanna na tairbhí a bhaineann le giniúint leictreachais ar chostas íseal le haghaidh tomhaltóirí á dtabhairt chun cinn.

(46)

Fágann imscaradh luathaithe na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite gur gá réitigh sholúbthachta a bheith ar fáil níos minice chun a áirithiú go ndéanfar iad a chomhtháthú leis an eangach agus chun go mbeidh an córas leictreachais agus an eangach in ann coigeartú d’inathraitheacht giniúna agus tomhaltais leictreachais thar thréimhsí ama éagsúla. Chun solúbthacht neamhiontaise a chothú, ba cheart don údarás rialála nó d’údarás nó eintiteas eile arna ainmniú ag Ballstát measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar an ngá atá le solúbthacht ar an leibhéal náisiúnta sa chóras leictreachais bunaithe ar ionchur na n-oibreoirí córais tarchurtha agus na n-oibreoirí córais dáileacháin agus ar mhodheolaíocht choiteann Eorpach atá faoi réir comhairliúchán poiblí agus fhormheas ACER. Agus an measúnú á dhéanamh ar riachtanais solúbthachta an chórais leictreachais, ba cheart na hinfheistíocht uile atá ann cheana agus atá beartaithe, lena n-áirítear sócmhainní atá ann cheana nach bhfuil nasctha fós leis an eangach, maidir le foinsí solúbthachta a chur san áireamh amhail giniúint sholúbtha leictreachais, idirnascairí, freagairt don éileamh, stóráil fuinnimh nó táirgeadh breoslaí in-athnuaite, mar gheall ar an ngá atá ann an córas fuinnimh a dhícharbónú. Ba cheart do ACER measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil ar na tuarascálacha náisiúnta agus tuarascáil a tharraingt suas ar leibhéal an Aontais ina dtabharfar moltaí faoi shaincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo. Ar bhonn na tuarascála ar riachtanais solúbthachta náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit cuspóir náisiúnta táscach a shainiú maidir le solúbthacht neamhiontaise, lena n-áirítear rannchuidithe sonracha faoi seach na freagartha don éileamh agus na stórála fuinnimh araon leis an gcuspóir sin, rud ba cheart a léiriú freisin ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999. I bhfianaise na bpleananna sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann straitéis de chuid an Aontais maidir le solúbthacht a tharraingt suas lena leagtar béim ar leith ar an bhfreagairt don éileamh agus ar an stóráil fuinnimh, ar straitéis í atá ag comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus cuspóir na haeráidneodrachta do 2050. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann togra reachtach a eisiúint chun gabháil leis an straitéis sin de chuid an Aontais.

(47)

Chun an cuspóir náisiúnta táscach a bhaint amach maidir le solúbthacht neamhiontaise, lena n-áirítear rannchuidithe sonracha faoi seach na freagartha don éileamh agus na stórála fuinnimh, agus i gcás nach bhfuil aghaidh á tabhairt ar riachtanais solúbthachta trí bhacainní margaidh agus infheistíocht atá ann cheana a bhaint, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise a chur i bhfeidhm ar íocaíochtaí iad don acmhainneacht atá ar fáil i gcás solúbthacht neamhiontaise. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil sásra acmhainneachta á chur i bhfeidhm acu cheana féin smaoineamh faoi rannpháirtíocht na solúbthachta neamhiontaise amhail an fhreagairt don éileamh agus an stóráil fuinnimh a chur chun cinn trí chritéir nó gnéithe a athdhearadh gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/943. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil sásra acmhainneachta á chur i bhfeidhm cheana féin acu a bheith in ann scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise a chur i bhfeidhm freisin má tá gá leis na scéimeanna sin chun an cuspóir náisiúnta táscach maidir le solúbthacht neamhiontaise a bhaint amach, go háirithe agus a sásraí acmhainneachta á n-oiriúnú acu chun rannpháirtíocht na solúbthachta neamhiontaise, amhail an fhreagairt don éileamh agus an stóráil fuinnimh, a chur chun cinn a thuilleadh. Ba cheart a chumhdach leis na scéimeanna sin infheistíocht nua sa tsolúbthacht neamhiontaise, lena n-áirítear infheistíocht i sócmhainní atá ann cheana, lena n-áirítear iad sin atá dírithe ar sholúbthacht maidir le freagairt don éileamh a fhorbairt a thuilleadh.

(48)

Chun tacú le cuspóirí maidir le cosaint an chomhshaoil, ba cheart an teorainn astaíochtaí CO2, a leagtar amach in Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2019/943, a mheas mar uasteorainn. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na Ballstáit caighdeáin feidhmíochta teicniúla agus teorainneacha astaíochtaí CO2 a leagan síos nach gceadaíonn ach teicneolaíochtaí solúbtha saor ó iontaise a bheith rannpháirteach i sásraí acmhainneachta i gcomhréir iomlán leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2022 dar teideal ‘Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh’, lena spreagtar na Ballstáit chun critéir ghlasa a thabhairt isteach i sásraí acmhainneachta.

(49)

Ós rud é go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag sásraí acmhainneachta neamhchomhordaithe ar an margadh inmheánach leictreachais, tugadh isteach leis an bPacáiste ‘Fuinneamh Glan’ creat cuimsitheach chun gur fearr is féidir an gá atá le sásraí acmhainneachta a mheas agus chun dearadh na sásraí sin a fheabhsú. D’ainneoin gur gá saobhadh ar an iomaíocht agus ar an margadh inmheánach a theorannú, is féidir ról tábhachtach a bheith ag sásraí acmhainneachta, lena ngabhann creat rialála iomchuí, chun leordhóthanacht acmhainní a áirithiú, go háirithe le linn an aistrithe i dtreo córas saor ó charbón agus i gcás córais fuinnimh nach bhfuil go leor idirnasc eatarthu. Dá bhrí sin, cé nár cheart sásraí acmhainneachta a mheas a thuilleadh mar bhearta na rogha deiridh, ba cheart measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar a riachtanas agus ar a gceapadh i bhfianaise an chreata rialála agus imthosca margaidh atá ag síorathrú. Is léir, áfach, gur nós imeachta casta é an nós imeachta lena nglactar sásraí acmhainneachta. Chun aghaidh a thabhairt ar na féidearthachtaí an próiseas a chuíchóiriú agus a shimpliú chun iarratas a dhéanamh ar shásra acmhainneachta, agus chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt go tráthúil ar ábhair imní maidir le leordhóthanacht, agus an rialú is gá á sholáthar chun dochar don mhargadh inmheánach a chosc, ba cheart don Choimisiún, faoin 17 Eanáir 2025 tuarascáil mhionsonraithe a thíolacadh ina ndéantar measúnú ar na féidearthachtaí sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún iarraidh ar ACER leasú a dhéanamh ar an modheolaíocht don mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní i gcomhréir leis an bpróiseas is infheidhme, de réir mar is iomchuí. Tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún moltaí a thíolacadh d’fhonn, de réir mar is iomchuí, próiseas an mheasúnaithe ar shásraí acmhainneachta a chuíchóiriú agus a shimpliú faoin 17 Aibreán 2025.

(50)

Is minic a bhíonn moill, ó thaobh nósanna imeachta maidir le nascadh leis an eangach de, ar shuiteálacha nua giniúna agus éilimh, go háirithe gléasraí fuinnimh in-athnuaite, a nascadh leis an eangach. Ar cheann de na cúiseanna leis na moilleanna sin, tá an easpa acmhainneachta eangaí atá ar fáil ag an suíomh a roghnaíonn an t-infheisteoir, rud a fhágann gur gá síntí nó treisithe eangaí a dhéanamh chun na suiteálacha a nascadh leis an gcóras ar bhealach sábháilte. A bhuí le ceanglas nua ar oibreoirí córais leictreachais, ar an leibhéal tarchurtha agus ar an leibhéal dáileacháin araon, faisnéis maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua ina limistéir oibriúcháin a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta, is fusa a bheadh sé ag infheisteoirí teacht ar fhaisnéis maidir le hacmhainneacht na heangaí atá ar fáil laistigh den chóras agus, leis sin, luathófaí an chinnteoireacht, agus chuirfeadh sin dlús leis an imscaradh is gá a dhéanamh ar fhuinneamh in-athnuaite. Ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, gach mí ar a laghad. Chomh maith leis sin, ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha na critéir a fhoilsiú a úsáidtear chun na hacmhainneachtaí eangaí atá ar fáil a chinneadh, amhail na hacmhainneachtaí éilimh agus giniúna atá ann cheana, na toimhdí a dhéantar chun measúnú a dhéanamh an bhféadfaí úsáideoirí breise córais a chomhtháthú a thuilleadh, an fhaisnéis ábhartha maidir le ciorrú fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an choinne atá le forbairtí ábhartha gréasáin a bheidh ann amach anseo.

(51)

Thairis sin, chun dul i ngleic le fadhb na n-agaí fada freagra maidir le hiarrataí ar nascadh leis an eangach, ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin faisnéis shoiléir thrédhearcach a sholáthar d’úsáideoirí córais maidir le stádas agus láimhseáil a n-iarrataí ar nasc. Ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis sin a sholáthar laistigh de 3 mhí ó dháta tíolactha na hiarrata agus ba cheart í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, uair sa ráithe ar a laghad.

(52)

Ós rud é nach bhfuil an Eastóin, an Laitvia ná an Liotuáin sioncronaithe go fóill le córas leictreachais an Aontais, tá dúshláin an-sonrach rompu agus margaí cothromúcháin agus soláthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha á n-eagrú acu. Agus an sioncronú ar siúl, ceann de na réamhriachtanais chriticiúla le haghaidh oibriú an chórais shioncronaigh chobhsaí is ea infhaighteacht leordhóthanach cúltacaí acmhainneachta don chothromú le haghaidh rialáil minicíochta. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil siad ag brath ar limistéar sioncronach na Rúise le haghaidh bainistiú minicíochta, ní raibh na Stáit Bhaltacha fós in ann margadh cothromúcháin feidhmiúil dá gcuid féin a fhorbairt. De dheasca chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá méadú suntasach tagtha ar an riosca do shlándáil an tsoláthair mar thoradh ar easpa margaí cothromúcháin dílse. Dá bhrí sin, maidir le ceanglais Airteagal 6(9), (10) agus (11) de Rialachán (AE) 2019/943 agus ceanglais Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún (22), ceanglais atá ceaptha chun feidhm a bheith acu maidir leis na margaí cothromúcháin atá ann cheana, ní léiríonn siad go fóill an staid san Eastóin, sa Laitvia agus sa Liotuáin, go háirithe ós rud é go dteastaíonn am agus infheistíocht nua san acmhainneacht chothromúcháin chun margadh cothromúcháin a fhorbairt. Ba cheart, dá bhrí sin, an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin, de mhaolú ar na ceanglais sin, a bheith i dteideal conarthaí airgeadais níos fadtéarmaí a thabhairt i gcrích chun acmhainneacht chothromúcháin a fháil ar feadh idirthréimhse.

(53)

Ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na hidirthréimhsí don Eastóin, don Laitvia agus don Liotuáin a luaithe is féidir tar éis an tsioncronaithe, agus ba cheart iad a úsáid chun na hionstraimí iomchuí margaidh a fhorbairt lena dtairgtear cúlchistí cothromúcháin gearrthéarmacha agus seirbhísí coimhdeacha fíor-riachtanacha eile, agus ba cheart iad a theorannú don am is gá don phróiseas sin.

(54)

Tá sé i gceist go ndéanfaí na Stáit Bhaltacha a shioncronú le Limistéar Sioncronach Mhór-roinn na hEorpa trí bhíthin líne chiorcaid dhúbailte amháin lena nasctar an Pholainn agus an Liotuáin. Ach an sioncronú sin a bheith déanta, beidh sé riachtanach acmhainneacht na líne sin a choinneáil, den chuid is mó, chun corrlach iontaofachta a sholáthar i gcás éaradh gan choinne i gCóras Mhuir Bhailt agus i gcás dialltaí neamhbheartaithe a d’eascródh sin. Ba cheart d’oibreoirí córais tarchurtha leanúint d’acmhainneacht uasta trádála trasteorann a thairiscint, i gcomhréir le teorainneacha slándála oibríochtúla agus teagmhais a d’fhéadfadh a bheith i gcórais na Polainne agus na Liotuáine á gcur san áireamh, lena n-áirítear teagmhais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar éaradh línte srutha dhírigh ardvoltais nó ar dhíscor na Stát Baltach ó Limistéar Sioncronach Mhór-roinn na hEorpa. Ba cheart staid shonrach an idirnaisc sin a chur san áireamh chun an acmhainneacht iomlán agus na teagmhais a ríomh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) 2019/943.

(55)

Ba cheart sásraí acmhainneachta a bheith oscailte do rannpháirtíocht na n-acmhainní uile atá in ann an fheidhmíocht theicniúil is gá a sholáthar, lena bhféadfaí gléasraí cumhachta gásadhainte a áireamh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an teorainn astaíochta a leagtar amach in Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2019/943 chomh maith le haon tairseach astaíochta náisiúnta nó critéir chomhshaoil oibiachtúla eile ar mian leis na Ballstáit a chur i bhfeidhm chun dlús a chur leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise.

(56)

Chun tacú le cuspóirí cosanta comhshaoil, leagtar amach in Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2019/943 ceanglais maidir le teorainneacha astaíochtaí CO2 le haghaidh sásraí acmhainneachta. Mar sin féin, le linn a n-aistrithe chuig córas saor ó charbón agus i ndiaidh na géarchéime fuinnimh, ba cheart na Ballstáit a chuireann sásraí acmhainneachta i bhfeidhm a formheasadh roimh an 4 Iúil 2019 a bheith in ann, ar bhonn eisceachtúil agus mar shásra rogha deiridh, maolú ar an teorainn astaíochtaí CO2 sin ar feadh tréimhse theoranta ama. Ba cheart an maolú sin a theorannú, áfach, d’acmhainneacht ghiniúna atá ann cheana a thosaigh táirgeadh tráchtála roimh an 4 Iúil 2019, eadhon roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/943. Ba cheart tuarascáil ón mBallstát lena mbaineann a bheith ag gabháil leis an iarraidh ar mhaolú, ar tuarascáil í ina ndéanfar measúnú ar thionchar an mhaolaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar an aistriú fuinnimh. Ba cheart plean a bheith i dtuarascáil den sórt sin freisin, ar plean é ina bhfuil garspriocanna ann chun aistriú ó rannpháirtíocht na hacmhainneachta giniúna nach gcomhlíonann na teorainneacha astaíochtaí CO2 i sásraí acmhainneachta. Ar mhaolú a dheonú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit próisis soláthair a eagrú nach mór dóibh ceanglais uile Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2019/943 a chomhlíonadh fós, cé is moite díobh sin a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí CO2. Níor cheart acmhainn ghiniúna nach gcomhlíonann na teorainneacha astaíochtaí CO2 a sholáthar ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin agus ar feadh tréimhse seachadta nach faide ná fad an mhaolaithe. Ba cheart do phróiseas soláthair arb é is aidhm dó rannpháirtíocht na hacmhainneachta a chomhlíonann na teorainneacha astaíochtaí CO2 a uasmhéadú a theacht roimh an bpróiseas soláthair breise atá oscailte do rannpháirtíocht na hacmhainneachta giniúna nach gcomhlíonann na teorainneacha astaíochtaí CO2, lena n-áirítear trí ligean do phraghsanna acmhainneachta a ardú ard go leor chun infheistíocht san acmhainneacht sin a dhreasú.

(57)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo chun athléimneacht dhearadh an mhargaidh leictreachais a áirithiú tráth géarchéime agus chun a chumas tacú le cuspóirí dícharbónúcháin an Aontais a áirithiú, comhtháthú an mhargaidh a fheabhsú a thuilleadh agus na hinfheistíocht bonneagair is gá a chur chun cinn chomh maith le margadh CCCanna a fhorbairt. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil chuimsitheach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh togra reachtach ag gabháil léi, nuair is iomchuí. Sa tuarascáil sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar éifeachtacht struchtúr agus fheidhmiú reatha na margaí leictreachais gearrthéarmacha, chomh maith leis na neamhéifeachtúlachtaí féideartha a bhaineann leo agus na leigheasanna agus na huirlisí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i gcásanna géarchéime nó éigeandála agus ar oiriúnacht chreat dlíthiúil agus maoiniúcháin an Aontais maidir le heangacha dáileacháin. Ba cheart a chumhdach sa tuarascáil sin freisin an cumas cuspóirí an Aontais maidir le margadh fuinnimh in-athnuaite agus inmheánach a bhaint amach agus acmhainneacht agus inmharthanacht ardán margaidh amháin nó roinnt ardán margaidh de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh CCCanna.

(58)

Sa mhéid gur Státchabhair atá in aon cheann de na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ní dochar na forálacha a bhaineann leis na bearta sin do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE. Tá an Coimisiún inniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na Státchabhrach leis an margadh inmheánach.

(59)

Ní dochar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo do chur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/1011 (23) agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

(60)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 a leasú dá réir.

(61)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon dearadh an mhargaidh leictreachais chomhtháite a fheabhsú, go háirithe chun praghsanna leictreachais atá ró-ard a chosc, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/942

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(aa)

tuaraimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig an ardán aonair um leithdháileadh arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún (*1);

(*1)  Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh todhchaíochta acmhainneachta (IO L 259, 27.9.2016, lch. 42).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

cinntí aonair a eisiúint maidir le soláthar faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 3(2), Airteagal 7(2), pointe (b), agus Airteagal 8, pointe (c); maidir leis na modheolaíochtaí, na téarmaí agus na coinníollacha a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 4(4), Airteagal 5(2), (3) agus (4); maidir le hathbhreithnithe ar chriosanna tairisceana dá dtagraítear in Airteagal 5(7); maidir le saincheisteanna teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1); maidir le headráin idir rialálaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(10); a bhaineann le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (a); maidir le modheolaíochtaí agus ríomhanna agus sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a fhormheas agus a leasú; maidir le modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a fhormheas agus a leasú; maidir le díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 10; maidir le bonneagar dá dtagraítear in Airteagal 11 pointe (d); maidir le hábhair a bhaineann le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola de bhun Airteagal 12; agus maidir le togra comhpháirteach ó ENTSO don Leictreachas agus ó eintiteas AE do OCDanna maidir leis na cineálacha sonraí agus formáide agus leis an modheolaíocht a bhaineann leis an anailís atá le soláthar a mhéid a bhaineann leis na riachtanais solúbthachta de bhun Airteagal 5(9) a fhormheas agus a leasú.’

;

(2)

in Airteagal 3(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir leis an ardán aonair um leithdháileadh a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719.’

;

(3)

in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘9.   Beidh feidhm ag míreanna 6, 7 agus 8 den Airteagal seo freisin maidir leis an ardán aonair um leithdháileadh a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719.’

;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 8, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Déanfaidh ACER faireachán ar an ardán aonair um leithdháileadh a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘9.   Déanfaidh ACER an togra comhpháirteach ó ENTSO don Leictreachas agus ó eintiteas AE do OCDanna maidir leis na cineálacha sonraí agus formáide agus leis an modheolaíocht a bhaineann leis an anailís atá le soláthar a mhéid a bhaineann leis na riachtanais solúbthachta de bhun Airteagal 19e(6) de Rialachán (AE) 2019/943 a fhormheas agus, i gcás inar gá, a leasú.’

;

(5)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

‘9.   Cuirfidh ACER tuairimí faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann agus an Choimisiúin de bhun Airteagal 8(1b) agus Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/943.’

;

(6)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Eiseoidh ACER tuarascáil maidir leis an tionchar a bhíonn ag úsáid táirgí buaicscafa ar mhargadh leictreachais an Aontais le linn géarchéime tar éis an mheasúnaithe de bhun Airteagal 7a(7) de Rialachán (AE) 2019/943 agus tuarascáil ar an tionchar a bhíonn ag forbairt táirgí buaicscafa ar mhargadh leictreachais an Aontais faoi ghnáthdhálaí margaidh tar éis an mheasúnaithe de bhun Airteagal 7a(8) den Rialachán sin.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   Eiseoidh ACER tuarascáil de bhun Airteagal 19e(7) de Rialachán (AE) 2019/943 ina ndéantar anailís ar na tuarascálacha náisiúnta ar na riachtanais solúbthachta mheasta agus ina soláthraítear moltaí maidir le saincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo i ndáil leis na cinntí a dhéanann an t-údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile arna ainmniú ag Ballstát.’.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/943

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/943 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

bunús a leagan síos chun spriocanna an Aontais Fuinnimh agus an cuspóir go mbeadh aeráidneodracht ann faoi 2050 ar a dhéanaí a bhaint amach go héifeachtúil, go háirithe an creat aeráide agus fuinnimh do 2030, trína fhágáil gur féidir comharthaí margaidh a chur ar fáil chun go mbaintear amach éifeachtúlacht mhéadaithe, sciar níos airde d’fhuinneamh in-athnuaite, slándáil an tsoláthair, solúbthacht, comhtháthú an chórais tríd an iliomad iompróirí fuinnimh, an inbhuanaitheacht, an dícharbónú agus an nuálaíocht;

(b)

prionsabail bhunúsacha a leagan síos do mhargaí leictreachais comhtháite a fheidhmíonn go maith, lena ndéantar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an margadh a thabhairt do gach soláthraí acmhainní agus gach custaiméir leictreachais, forbairt margaí todhchaíochta leictreachais a chumasú chun ligean do sholáthróirí agus do thomhaltóirí iad féin a fhálú nó iad féin a chosaint ar an riosca go mbeadh luaineacht ann amach anseo i bpraghsanna leictreachais, tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint, iomaíochas ar an margadh domhanda a áirithiú, slándáil an tsoláthair agus an tsolúbthacht a fheabhsú trí fhreagairt don éileamh, stóráil fuinnimh agus réitigh sholúbthachta neamhiontaise eile, éifeachtúlacht fuinnimh a áirithiú, comhbhailiú éilimh agus soláthair dháilte a éascú, agus comhtháthú margaidh agus earnála agus luach saothair margadhbhunaithe as leictreachas a ghintear ó fuinneamh in-athnuaite a chumasú;’

;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(e)

tacú le hinfheistíocht fadtéarmacha i nginiúint fuinnimh in-athnuaite, leis an tsolúbthacht agus le heangacha chun cur ar chumas tomhaltóirí a mbillí fuinnimh a dhéanamh níos inacmhainne agus níos neamhspleáiche ar luaineachtaí i bpraghsanna gearrthéarmacha ar an margadh leictreachais, go háirithe praghsanna breoslaí iontaise sa mheántéarma agus san fhadtéarma;

(f)

creat a leagan síos chun bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna praghsanna leictreachais.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (22):

‘(22)

ciallaíonn “sásra acmhainneachta” beart chun a áirithiú go mbaintear amach an leibhéal riachtanach de leordhóthanacht acmhainní trí luach saothair a thabhairt d’acmhainní as iad a bheith ar fáil, cé is moite de bhearta a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha nó le bainistiú ar phlódú;’

;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(72)

ciallaíonn “buaicuair” uair a mheastar gurb airde amuigh, ar bhonn réamhaisnéisí na n-oibreoirí córais tarchurtha agus, i gcás inarb infheidhme, OAMLanna, an t-olltomhaltas leictreachais nó an t-olltomhaltas leictreachais a ghintear ó fhoinsí eile seachas foinsí in-athnuaite nó an praghas mórdhíola leictreachais lá roimh ré, agus malartuithe traschreasacha á gcur san áireamh;

(73)

ciallaíonn “buaicscamhadh” cumas rannpháirtithe sa mhargadh an tomhaltas leictreachais ón eangach a laghdú ag buaicuaireanta arna iarraidh sin ag an oibreoir córais tarchurtha;

(74)

ciallaíonn “táirge buaicscafa” táirge margadhbhunaithe trínar féidir le rannpháirtithe sa mhargadh buaicscamhadh a sholáthar d’oibreoirí córais;

(75)

ciallaíonn “mol fíorúil réigiúnach” réigiún neamhfhisiciúil lena gcumhdaítear níos mó ná crios tairisceana amháin dá socraítear praghas tagartha ar bhonn modheolaíochta;

(76)

ciallaíonn “conradh difríochta dhá threo” conradh idir oibreoir saoráide giniúna cumhachta agus contrapháirtí, eintiteas poiblí de ghnáth, a sholáthraíonn cosaint íosta luacha saothair agus teorainn ar róluach saothair araon;

(77)

ciallaíonn “comhaontú ceannaigh cumhachta” nó “CCC” conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó duine dlítheanach leictreachas a cheannach ó tháirgeoir leictreachais ar bhonn margaidh;

(78)

ciallaíonn “feiste tomhais thiomnaithe” feiste atá ceangailte le sócmhainn, nó atá leabaithe inti, lena soláthraítear freagairt don éileamh nó seirbhísí solúbthachta ar an margadh leictreachais d’oibreoirí córais;

(79)

ciallaíonn “solúbthacht” an cumas atá ag córas leictreachais oiriúnú d’inathraitheacht na bpatrún giniúna agus tomhaltais agus d’infhaighteacht na heangaí, thar chreataí ama margaidh ábhartha.’

;

(3)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Eagróidh oibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna bainistiú na margaí comhtháite lá roimh ré agus ionlae go comhpháirteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1222*. Comhoibreoidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna le chéile ar leibhéal an Aontais nó, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht thrádáil leictreachais lá roimh ré agus ionlae an Aontais a uasmhéadú. Beidh an oibleagáid dul i mbun comhair gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm. Sna feidhmeanna atá acu a bhaineann le trádáil leictreachais, beidh oibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna faoi réir formhaoirseacht rialála arna déanamh ag na húdaráis rialála de bhun Airteagal 59 de Threoir (AE) 2019/944 agus ag ACER de bhun Airteagail 4 agus 8 de Rialachán (AE) 2019/942** agus beidh siad faoi réir na n-oibleagáidí trédhearcachta agus na maoirseachta éifeachtaí i gcoinne cúbláil margaidh mar a leagtar síos i bhforálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.’

;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

déanfaidh siad uasmhéadú ar na deiseanna atá ag na rannpháirtithe uile sa mhargadh a bheith rannpháirteach i dtrádáil thraschreasach agus inchreasach ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus chomh gar agus is féidir don fhíor-am thar gach crios tairisceana agus laistigh díobh;

(ca)

eagrófar iad ar bhealach lena n-áirithítear comhroinnt leachtachta idir na OAMLanna go léir, an t-am ar fad, le haghaidh trádáil thraschreasach agus trádáil inchreasach araon. Maidir leis an margadh lá roimh ré, ó uair an chloig roimh am dúnta an gheata go dtí an pointe ama is déanaí ina gceadaítear trádáil lá roimh ré, cuirfidh OAMLanna gach ordú le haghaidh táirgí lá roimh ré agus táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu faoi bhráid na cúplála aonair lá roimh ré ar thaobh amháin agus ní eagróidh siad trádáil le táirgí lá roimh ré ná le táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu lasmuigh den chúpláil aonair lá roimh ré ar an taobh eile. Maidir leis an margadh ionlae, ó am oscailte gheata na cúplála aonair ionlae go dtí an pointe is déanaí nuair a cheadaítear trádáil ionlae i gcrios tairisceana ar leith, cuirfidh OAMLanna gach ordú le haghaidh táirgí ionlae agus táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu faoi bhráid na cúplála aonair ionlae ar thaobh amháin agus ní eagróidh siad trádáil le táirgí ionlae ná le táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu lasmuigh den chúpláil ionlae ar an taobh eile. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le OAMLanna, maidir le gnóthais a fheidhmíonn rialú go díreach nó go hindíreach ar OAML agus maidir le gnóthais atá á rialú go díreach nó go hindíreach ag OAML;’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

beidh siad trédhearcach agus, i gcás inarb infheidhme, soláthróidh siad faisnéis de réir an aonaid giniúna agus, ag an am céanna, cosnóidh siad rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus áiritheoidh siad go ndéanfar trádáil ar bhealach anaithnid;’

;

(4)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

Airteagal 7a

Táirge buaicscafa

1.   I gcás ina bhfógraítear géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais i gcomhréir le hAirteagal 66a de Threoir (AE) 2019/944, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar oibreoirí córais soláthar táirgí buaicscafa a mholadh chun laghdú ar an éileamh ar leictreachas a bhaint amach le linn buaicuaireanta. Beidh soláthar den sórt sin teoranta don fhad a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 66a(1) de Threoir (AE) 2019/944.

2.   I gcás ina ndéantar iarraidh de bhun mhír 1, déanfaidh oibreoirí córais, tar éis dóibh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, togra a chur faoi bhráid údarás rialála an Bhallstáit lena mbaineann lena fhormheas, ar togra é ina leagtar amach an toisiú agus na coinníollacha maidir le soláthar agus gníomhachtú an táirge buaicscafa.

3.   Déanfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann measúnú ar an togra le haghaidh táirge buaicscafa dá dtagraítear i mír 2 maidir le laghdú ar an éileamh ar leictreachas a bhaint amach agus an tionchar ar phraghas mórdhíola leictreachais le linn buaicuaireanta. Sa mheasúnú sin, tabharfar aird ar an ngá nach ndéanfaí, leis an táirge buaicscafa, feidhmiú na margaí leictreachais a shaobhadh go míchuí ná seirbhísí freagartha don éileamh a atreorú i dtreo táirgí buaicscafa. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féadfaidh an t-údarás rialála a iarraidh ar an oibreoir córais a thogra a leasú.

4.   Leis an togra le haghaidh táirge buaicscafa dá dtagraítear i mír 2, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

maidir le toisiú an táirge buaicscafa:

(i)

beidh sé bunaithe ar anailís ar an ngá atá le seirbhís bhreise chun slándáil an tsoláthair a áirithiú gan cobhsaíocht eangaí a chur i mbaol, ar a thionchar ar an margadh agus ar na costais agus na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo;

(ii)

cuirfear san áireamh ann réamhaisnéis an éilimh, réamhaisnéis an leictreachais a ghintear ó fhuinneamh in-athnuaite, an réamhaisnéis ar fhoinsí solúbthachta eile sa chóras, amhail stóráil fuinnimh, agus tionchar praghais mórdhíola an tseolta arna sheachaint; agus

(iii)

beidh sé teoranta chun a áirithiú nach mó na costais réamh-mheasta ná tairbhí an táirge buaicscafa a bhfuiltear ag súil leo;

(b)

beidh soláthar táirge buaicscafa bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha, mhargadhbhunaithe agus neamh-idirdhealaitheacha, beidh sé teoranta don fhreagairt don éileamh agus ní eisiafar leis go bhfaighidh sócmhainní rannpháirteacha rochtain ar mhargaí eile;

(c)

soláthrófar an táirge buaicscafa trí úsáid a bhaint as tairiscint iomaíoch, is féidir a bheith leanúnach, agus beidh an roghnú bunaithe ar an gcostas is ísle chun critéir theicniúla agus chomhshaoil réamhshainithe a chomhlíonadh, agus lamhálfar leis rannpháirtíocht éifeachtach tomhaltóirí, go díreach nó trí chomhbhailiú;

(d)

ní bheidh an méid íosta tairisceana níos airde ná 100 kW, lena n-áirítear trí chomhbhailiú;

(e)

ní dhéanfar conarthaí le haghaidh táirge buaicscafa a thabhairt i gcrích níos mó ná seachtain amháin sula ngníomhachtófar é;

(f)

le gníomhachtú an táirge buaicscafa, ní laghdófar an acmhainneacht thraschreasach;

(g)

déanfar an táirge buaicscafa a ghníomhachtú roimh chreat ama an mhargaidh lá roimh ré nó lena linn agus féadfar é a dhéanamh bunaithe ar bhonn praghas leictreachais réamhshainithe;

(h)

ní thabharfar le tuiscint le gníomhachtú an táirge buaicscafa go gcuirfear tús le giniúint atá bunaithe ar bhreosla iontaise atá suite taobh thiar den phointe méadraithe, chun méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint.

5.   Déanfar an laghdú iarbhír ar thomhaltas mar thoradh ar ghníomhachtú táirge buaicscafa a thomhas i gcomparáid le bonnlíne, lena léireofar an tomhaltas leictreachais a bhfuiltear ag súil leis gan an táirge buaicscafa a ghníomhachtú. I gcás ina soláthraíonn oibreoir córais táirge buaicscafa, forbróidh an t-oibreoir sin modheolaíocht bhonnlíne tar éis dó dul i gcomhairle le rannpháirtithe sa mhargadh, cuirfidh sé san áireamh, i gcás inarb ábhartha, na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 59(1), pointe (e), agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann é lena fhormheas.

6.   Formheasfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann an togra ó na hoibreoirí córais atá ag iarraidh táirge buaicscafa a sholáthar agus an mhodheolaíocht bhonnlíne arna cur isteach i gcomhréir le míreanna 2 agus 5 nó iarrfaidh siad ar na hoibreoirí córais an togra nó an mhodheolaíocht bhonnlíne a leasú i gcás nach gcomhlíonann an togra sin nó an mhodheolaíocht sin na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2, 4 agus 5.

7.   Faoi cheann 6 mhí tar éis deireadh géarchéime praghsanna leictreachais réigiúnaí nó uile-Aontais dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, measúnú ar an tionchar a bheadh ag úsáid táirgí buaicscafa ar mhargadh leictreachais an Aontais. Sa mheasúnú sin, tabharfar aird ar an ngá nach ndéanfadh táirgí buaicscafa feidhmiú na margaí leictreachais a shaobhadh go míchuí ná seirbhísí freagartha don éileamh a atreorú i dtreo táirgí buaicscafa. Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint a chuirfidh údaráis rialála san áireamh ina measúnú de bhun mhír 3.

8.   Faoin 30 Meitheamh 2025, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, measúnú ar an tionchar ar mhargadh leictreachais an Aontais, faoi ghnáthdhálaí, a bhaineann le forbairt táirgí buaicscafa. Sa mheasúnú sin, tabharfar aird ar an ngá nach ndéanfadh táirgí buaicscafa feidhmiú na margaí leictreachais a shaobhadh go míchuí ná seirbhísí freagartha don éileamh a atreorú i dtreo táirgí buaicscafa. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú chun táirgí buaicscafa a thabhairt isteach tráth nach ann do ghéarchéimeanna praghsanna leictreachais réigiúnacha nó uile-Aontais.

Airteagal 7b

Feiste tomhais thiomnaithe

1.   Gan dochar d’Airteagal 19 de Threoir (AE) 2019/944, féadfaidh oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin agus rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, lena n-áirítear comhbhailitheoirí neamhspleácha, úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí tomhais thiomnaithe, ach toiliú a fháil ón gcustaiméir deiridh, le haghaidh inbhreathnaitheacht agus shocrú na freagartha don éileamh agus seirbhísí solúbthachta, lena n-áirítear ó shaoráidí stórála fuinnimh.

Chun críocha an Airteagail seo, comhlíonfaidh úsáid sonraí ó fheistí tomhais thiomnaithe Airteagail 23 agus 24 de Threoir (AE) 2019/944 agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an dlí maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). I gcás ina n-úsáidfear na sonraí sin chun críoch taighde, déanfar faisnéis a chomhiomlánú agus a anaithnidiú.

2.   I gcás nach mbeidh méadar cliste suiteáilte ag custaiméir deiridh nó i gcás nach soláthraíonn méadar cliste an chustaiméara deiridh na sonraí is gá chun freagairt don éileamh nó seirbhísí solúbthachta a sholáthar, lena n-áirítear trí chomhbhailitheoir neamhspleách, glacfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin leis na sonraí ó fheiste tomhais thiomnaithe, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, le haghaidh shocrú na freagartha don éileamh agus seirbhísí solúbthachta, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, agus ní dhéanfaidh siad idirdhealú i dtaca leis an gcustaiméir deiridh sin agus seirbhísí solúbthachta á soláthar acu. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin faoi réir chomhlíonadh na rialacha agus na gceanglas arna mbunú ag na Ballstáit de bhun mhír 3.

3.   Bunóidh na Ballstáit na rialacha agus na ceanglais maidir le próiseas bailíochtaithe le haghaidh sonraí feiste tomhais thiomnaithe chun cáilíocht agus comhsheasmhacht na sonraí ábhartha, agus idir-inoibritheacht, a sheiceáil agus a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagail 23 agus 24 de Threoir (AE) 2019/944 agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais.

(*2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;"

(5)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ceadóidh OAMLanna do na rannpháirtithe sa mhargadh fuinneamh a thrádáil chomh gar don fhíor-am agus is féidir agus ar a laghad go dtí am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae. Faoin 1 Eanáir 2026, ní bheidh am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae níos mó ná 30 nóiméad roimh an bhfíor-am.

1a.   Féadfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann, arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann, maolú ar an gceanglas a leagtar síos i mír 1 a dheonú go dtí an 1 Eanáir 2029. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an iarraidh faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:

(a)

measúnú tionchair, agus aiseolas ó OAMLanna ábhartha agus ó rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann á chur san áireamh, lena léirítear tionchar diúltach birt den sórt sin ar shlándáil an tsoláthair sa chóras náisiúnta leictreachais, ar an gcostéifeachtúlacht, lena n-áirítear i ndáil le hardáin chothromúcháin atá ann cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2195, ar chomhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus

(b)

plean gníomhaíochta a bhfuil sé d’aidhm aige am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae a ghiorrú go 30 nóiméad roimh an bhfíor-am faoin 1 Eanáir 2029.

1b.   Féadfaidh an t-údarás rialála, arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann, maolú breise ar an gceanglas a leagtar síos i mír 1 a dheonú suas le 2 bhliain go leith ó dháta éaga na tréimhse dá dtagraítear i mír 1a. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann an iarraidh faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann, faoi bhráid ENTSO don Leictreachas agus faoi bhráid ACER faoin 30 Meitheamh 2028. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:

(a)

measúnú tionchair nua, ina gcuirtear san áireamh aiseolas ó rannpháirtithe sa mhargadh agus ó OAMLanna agus lena dtabharfar bonn cirt leis an ngá atá le maolú breise, bunaithe ar rioscaí maidir le slándáil soláthair an chórais fuinnimh náisiúnta, maidir leis an gcostéifeachtúlacht, maidir le comhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite, agus maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha; agus

(b)

plean gníomhaíochta athbhreithnithe chun am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae a ghiorrú go 30 nóiméad roimh an bhfíor-am faoin dáta a n-iarrtar síneadh ama ina leith agus tráth nach déanaí ná an dáta tosaigh a iarradh don mhaolú.

Eiseoidh ACER tuairim maidir leis an tionchar trasteorann a bheidh ag maolú breise laistigh de 6 mhí ón iarraidh ar an maolú sin a fháil. Cuirfidh an t-údarás rialála lena mbaineann an tuairim sin san áireamh sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir le hiarraidh ar mhaolú breise.

1c.   Faoin 1 Nollaig 2027, cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le OAMLanna, le ENTSO don Leictreachas, le ACER agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an tionchar a bheadh ann dá ndéanfaí am dúnta an gheata thraschreasaigh arna bhunú de bhun an Airteagail seo a laghdú a thuilleadh, ar na costais agus ar na tairbhí, ar a indéanta a bheadh sé é a laghdú a thuilleadh, agus ar réitigh phraiticiúla chun na críche sin chun go bhféadfadh rannpháirtithe sa mhargadh fuinneamh a thrádáil chomh gar don fhíor-am agus is féidir. Sa tuarascáil sin, breithneofar an tionchar ar shlándáil an chórais leictreachais, ar an gcostéifeachtúlacht, ar na tairbhí do chomhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite agus ar laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Soláthróidh OAMLanna táirgí lena dtrádáil i margaí lá roimh ré agus ionlae atá beag go leor ó thaobh méide, le méideanna íosta tairisceana de 100 kW nó níos lú, chun gur féidir rannpháirtíocht éifeachtach a bheith ag freagairt don éileamh, stóráil fuinnimh agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite ar mionscála, lena gcuimsítear rannpháirtíocht dhíreach ó na custaiméirí, lena n-áirítear trí chomhbhailiú.’

;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

Airteagal 9

Margaí todhchaíochta

1.   I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719, eiseoidh oibreoirí córais tarchurtha cearta tarchurtha fadtéarmacha nó beidh bearta coibhéiseacha i bhfeidhm acu chun deis a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úinéirí saoráidí giniúna ina n-úsáidtear fuinneamh in-athnuaite, rioscaí ó thaobh praghsanna de a fhálú, mura rud é go léireofar i measúnú ar an margadh todhchaíochta arna dhéanamh ag na húdaráis rialála inniúla ar theorainneacha na gcriosanna tairisceana go bhfuil deiseanna leordhóthanacha ar fhálú sna criosanna tairisceana lena mbaineann.

2.   Leithdháilfear cearta tarchurtha fadtéarmacha, ar bhonn tráthrialta, ar bhealach trédhearcach, margadhbhunaithe agus neamh-idirdhealaitheach trí ardán aonair um leithdháileadh. Tacóidh minicíocht leithdháileacháin agus aibíochtaí na hacmhainneachta traschreasaí fadtéarmaí le feidhmiú éifeachtúil mhargaí todhchaíochta an Aontais.

3.   Cuimseofar i ndearadh mhargaí todhchaíochta an Aontais na huirlisí is gá chun feabhas a chur ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh rioscaí praghais a fhálú sa mhargadh inmheánach leictreachais.

4.   Faoin 17 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, measúnú ar thionchar na mbeart a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 3 a bhaint amach. Cumhdófar sa mheasúnú tionchair sin, inter alia, an méid seo a leanas:

(a)

athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an minicíocht leithdháileacháin le haghaidh cearta tarchurtha fadtéarmacha;

(b)

athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar aibíochtaí na gceart tarchurtha fadtéarmach, go háirithe aibíochtaí lena gcuirtear síneadh 3 bliana ar a laghad;

(c)

athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chineál na gceart tarchurtha fadtéarmach;

(d)

bealaí chun an margadh tánaisteach a neartú; agus

(e)

tabhairt isteach féideartha mol fíorúil réigiúnach le haghaidh na margaí todhchaíochta.

5.   Maidir le moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta, cumhdófar an méid seo a leanas sa mheasúnú tionchair a dhéanfar de bhun mhír 4:

(a)

raon feidhme geografach leormhaith na mol fíorúil réigiúnach, lena n-áirítear na criosanna tairisceana arb é a bheadh iontu na moil sin agus cásanna sonracha de chriosanna tairisceana ar le dhá mhol fhíorúla nó níos mó iad, agus é mar aidhm an comhghaol praghsanna a uasmhéadú idir na praghsanna tagartha agus praghsanna na gcriosanna tairisceana sin ar moil fhíorúla réigiúnacha iad;

(b)

leibhéal idirnascachta leictreachais na mBallstát, go háirithe leibhéal idirnascachta leictreachais na mBallstát sin nár bhain amach na spriocanna idirnaisc leictreachais do 2020 agus 2030 a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (d)(1), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

(c)

an mhodheolaíocht chun na praghsanna tagartha do na moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta a ríomh, agus é mar aidhm an comhghaol praghsanna a uasmhéadú idir an praghas tagartha agus praghsanna na gcriosanna tairisceana ar mol fíorúil réigiúnach iad;

(d)

an fhéidearthacht go ndéanfaí de chriosanna tairisceana cuid de níos mó ná mol fíorúil réigiúnach amháin;

(e)

na bealaí chun na deiseanna trádála a uasmhéadú le haghaidh táirgí fálaithe a thagraíonn do na moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta agus le haghaidh cearta tarchurtha fadtéarmacha ó chriosanna tairisceana go moil fhíorúla réigiúnacha;

(f)

na bealaí lena áirithiú go dtairgeann an t-ardán aonair um leithdháileadh dá dtagraítear i mír 2 leithdháileadh agus go n-éascaíonn sé trádáil ceart tarchurtha fadtéarmach;

(g)

impleachtaí na gcomhaontuithe idir-rialtasacha atá ann cheana agus na gceart faoi na comhaontuithe sin.

6.   Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe tionchair dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, faoin 17 Iúil 2026, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear tuilleadh bearta agus uirlisí chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a bhaint amach agus saintréithe beachta na mbeart agus na n-uirlisí sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

7.   Is mar eintiteas a thairgeann leithdháileadh agus a éascaíonn trádáil ceart tarchurtha fadtéarmach thar ceann oibreoirí córais tarchurtha a ghníomhóidh an t-ardán aonair um leithdháileadh a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719. Beidh aige an fhoirm dhlíthiúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

8.   I gcás ina measfaidh údarás rialála inniúil nach bhfuil deiseanna fálaithe leordhóthanacha ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) i gcás ina mbaineann na margaí todhchaíochta le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), den Treoir sin, a cheangal ar mhalartuithe cumhachta nó oibreoirí córais tarchurtha bearta breise a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh, chun leachtacht na margaí todhchaíochta a fheabhsú.

9.   Faoi réir chomhlíonadh dhlí iomaíochta an Aontais agus Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 (*6) agus (AE) Uimh. 600/2014 (*7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Threoir 2014/65/AE, féadfaidh oibreoirí margaidh táirgí fálaithe todhchaíochta a fhorbairt, lena n-áirítear táirgí fálaithe todhchaíochta fadtéarmacha, chun deiseanna iomchuí a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úinéirí saoráidí giniúna cumhachta ina n-úsáidtear foinsí fuinnimh in-athnuaite, chun rioscaí airgeadais a eascraíonn as luaineachtaí ar phraghsanna a fhálú. Ní cheanglóidh na Ballstáit go bhféadfaidh na gníomhaíochtaí fálaithe sin a bheith teoranta do thrádálacha laistigh de Bhallstát nó laistigh de chrios tairisceana.

(*3)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1)."

(*4)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46)."

(*5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 2002/92/CE agus 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)."

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1)."

(*7)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).’;"

(7)

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Déanfar an méid seo a leanas leis na modheolaíochtaí taraifí:

(a)

costais sheasta na n-oibreoirí córais tarchurtha agus na n-oibreoirí córais dáileacháin a léiriú agus caiteachas caipitil agus oibríochtúil araon a bhreithniú chun dreasachtaí iomchuí maidir le hoibreoirí córais tarchurtha agus le hoibreoirí córais dáileacháin a sholáthar sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear infheistíocht oirchilleach chun éifeachtúlachtaí a mhéadú, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh;

(b)

comhtháthú margaidh, comhtháthú fuinnimh in-athnuaite agus slándáil an tsoláthair a chothú;

(c)

tacú le húsáid seirbhísí solúbthachta agus úsáid nasc solúbtha a chumasú;

(d)

infheistíocht éifeachtúla agus tráthúla a chur chun cinn, lena n-áirítear réitigh chun an eangach atá ann cheana a bharrfheabhsú;

(e)

an stóráil fuinnimh, an fhreagairt don éileamh agus gníomhaíochtaí taighde gaolmhara a éascú;

(f)

rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach, an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus glacadh an phobail leo a chur chun cinn; agus

(g)

nuálaíocht a éascú ar mhaithe le tomhaltóirí i réimsí áirithe, amhail an digitiú, seirbhísí solúbthachta agus idirnascadh, go háirithe chun forbairt a dhéanamh ar an mbonneagar is gá chun an sprioc idirnasctha leictreachais íosta do 2030 a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (d)(1), de Rialachán (AE) 2018/1999 a bhaint amach.

3.   I gcás inarb iomchuí, le leibhéal na dtaraifí a chuirfear i bhfeidhm maidir le tairgeoirí nó maidir le custaiméirí deiridh, nó maidir leo araon, soláthrófar comharthaí infheistíochta suímh ar leibhéal an Aontais, amhail dreasachtaí tríd an struchtúr taraife, chun costais an athsheolta agus na costais a ghabhann le hatreisiú na heangaí cumhachta a laghdú, agus chun méid na gcaillteanas gréasáin agus an phlódaithe gréasáin a chruthaítear, agus méid na gcostas infheistíochta sa bhonneagar a chur san áireamh.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Leis na modheolaíochtaí taraifí tarchurtha agus dáileacháin, soláthrófar dreasachtaí d’oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin chun a ngréasáin a oibriú agus a fhorbairt ar an mbealach is costéifeachtúla, lena n-áirítear trí sheirbhísí a sholáthar. Chun na críche sin, aithneoidh na húdaráis rialála costais ábhartha mar chostais incháilithe, lena n-áirítear costais a bhaineann le hinfheistíocht oirchilleach, áireoidh siad na costais sin i dtaraifí tarchurtha agus dáileacháin, agus i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad spriocanna feidhmíochta isteach chun dreasachtaí a sholáthar d’oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin chun éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais ina ngréasáin a mhéadú, lena n-áirítear tríd an éifeachtúlacht fuinnimh, trí úsáid a bhaint as seirbhísí solúbthachta agus trí eangacha cliste agus córais méadraithe chliste a fhorbairt.’

;

(c)

leasaítear mír 9 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

modhanna, atá le cinneadh tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, chun trédhearcacht a áirithiú maidir le struchtúr na dtaraifí agus iad a shocrú, lena n-áirítear infheistíocht oirchilleach, atá i gcomhréir le cuspóirí ábhartha fuinnimh an Aontais agus le cuspóirí ábhartha fuinnimh náisiúnta agus na dlúslimistéir arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 á gcur san áireamh;’

;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(i)

dreasachtaí le haghaidh infheistíocht éifeachtúla i ngréasáin, lena n-áirítear maidir le hacmhainní lena soláthraítear solúbthacht agus comhaontuithe nasctha sholúbtha.’

;

(8)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Tabharfar tosaíocht do na cuspóirí seo a leanas maidir le haon ioncam a eascróidh as leithdháileadh na hacmhainneachta traschreasaí:

(a)

infhaighteacht iarbhír na hacmhainneachta leithdháilte a ráthú lena n-áirítear cúiteamh daingne;

(b)

acmhainneachtaí traschreasacha a choinneáil ar bun nó a mhéadú trí úsáid idirnascairí atá ann cheana a optamú trí bhíthin gníomhaíochtaí ceartaitheacha comhordaithe, i gcás inarb infheidhme, nó trí chostais a chumhdach a eascraíonn as infheistíocht gréasáin atá ábhartha maidir le plódú idirnascairí a laghdú; nó

(c)

oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta i gcrios tairisceana amach ón gcósta atá nasctha go díreach le dhá chrios tairisceana nó níos mó a chúiteamh i gcás inar laghdaíodh an rochtain ar mhargaí idirnasctha ar bhealach ina bhfágtar nach mbeidh oibreoir gléasra giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta in ann a chumas giniúna leictreachais a onnmhairiú chuig an margadh agus, i gcás inarb ábhartha, ina bhfágtar go mbeidh laghdú comhfhreagrach ar an bpraghas sa chrios tairisceana amach ón gcósta, i gcomparáid le cás nárbh ann do laghduithe acmhainneachta.

Beidh feidhm ag an gcúiteamh dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i gcás, sna torthaí bailíochtaithe maidir le ríomh acmhainneachta, nach mbeidh curtha ar fáil ag oibreoir córais tarchurtha amháin nó níos mó an acmhainneacht a comhaontaíodh i gcomhaontuithe nasctha maidir leis an idirnascaire nó an acmhainneacht maidir leis na heilimintí criticiúla gréasáin de bhun na rialacha maidir le ríomh acmhainneachta a leagtar síos in Airteagal 16(8), nó nach mbeidh ceachtar acu sin curtha ar fáil aige nó acu. Beidh na hoibreoirí córais tarchurtha atá freagrach as rochtain ar mhargaí idirnasctha a laghdú freagrach as cúiteamh a thabhairt d’oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta. Ar bhonn bliantúil, ní rachaidh an cúiteamh sin thar an ioncam iomlán ó phlódú a ghintear ar idirnascairí idir na criosanna tairisceana lena mbaineann.’

;

(9)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

‘Caibidil IIIa

DREASACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA SONRACHA CHUN CUSPÓIRÍ DÍCHARBÓNÚCHÁIN AN AONTAIS A BHAINT AMACH

Airteagal 19a

Comhaontuithe ceannaigh cumhachta

1.   Gan dochar do Threoir (AE) 2018/2001, déanfaidh na Ballstáit glacadh CCCanna a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhacainní gan údar agus nósanna imeachta nó muirir dhíréireacha nó idirdhealaitheacha a bhaint, d’fhonn intuarthacht praghsanna a sholáthar agus na cuspóirí a leagtar amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach i leith na gné dícharbónúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1999, lena n-áirítear maidir le leictreachas in-athnuaite, agus margaí leictreachais iomaíocha agus leachtacha agus trádáil trasteorann á gcaomhnú an tráth céanna.

2.   Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 69(2), déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, measúnú ar acmhainneacht agus inmharthanacht ardán margaidh amháin nó roinnt ardán margaidh de chuid an Aontais le haghaidh CCCanna, a úsáidfear ar bhonn deonach, lena n-áirítear idirghníomhú na n-ardán féideartha sin le hardáin eile atá ann cheana féin sa mhargadh leictreachais agus comhthiomsú an éilimh ar CCCanna trí chomhbhailiú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, ar bhealach comhordaithe, go mbeidh ionstraimí i bhfeidhm, amhail scéimeanna ráthaíochta ar phraghsanna an mhargaidh, chun na rioscaí airgeadais a laghdú a bhaineann le mainneachtain íocaíochta ceannaitheora faoi chuimsiú CCCanna agus go bhfuil rochtain orthu ag custaiméirí a bhfuil bacainní iontrála orthu i margadh na CCCanna agus nach bhfuil deacracht airgeadais acu. Féadfar a áireamh ar na hionstraimí sin, inter alia, scéimeanna ráthaíochta státbhunaithe ar phraghsanna an mhargaidh, ráthaíochtaí príobháideacha, nó saoráidí lena gcomhthiomsaítear an t-éileamh ar CCCanna, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar comhordú go hiomchuí, lena n-áirítear le saoráidí ábhartha ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cad iad na catagóirí custaiméirí a ndírítear orthu leis na hionstraimí sin, agus cuirfidh siad critéir neamh-idirdhealaitheacha i bhfeidhm idir na catagóirí custaiméirí sin agus laistigh díobh.

4.   Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, má thacaíonn Ballstát le scéim ráthaíochta le haghaidh CCCanna, beidh forálacha sa scéim sin chun laghdú ar an leachtacht i margaí an leictreachais a sheachaint agus ní thabharfaidh sí tacaíocht do cheannach fuinnimh a ghintear le breoslaí iontaise. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh teorainn a chur leis na scéimeanna ráthaíochta sin chun tacaíocht eisiach a thabhairt do leictreachas a cheannach ó ghiniúint nua fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir le beartais dícharbónúcháin an Bhallstáit, lena n-áirítear go háirithe i gcás nach bhfuil an margadh le haghaidh CCCanna maidir le fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (17), de Threoir (AE) 2018/2001 forbartha go leordhóthanach.

5.   Ceadóidh na scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite rannpháirtíocht na dtionscadal sin a fhorchoimeádann cuid den leictreachas a bhíonn ar díol trí CCC in-athnuaite nó trí shocruithe margadhbhunaithe eile, ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach ag an rannpháirtíocht sin ar iomaíocht sa mhargadh, go háirithe i gcás ina bhfuil an dá pháirtí a bhfuil baint acu leis an CCC sin á rialú ag an eintiteas céanna.

6.   Agus na scéimeanna tacaíochta sin dá dtagraítear i mír 5 á gceapadh acu, féachfaidh na Ballstáit le húsáid a bhaint as critéir mheastóireachta chun tairgeoirí a spreagadh chun rochtain custaiméirí a bhfuil bacainní iontrála rompu i margadh CCCanna a éascú, ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar iomaíocht sa mhargadh.

7.   Sonróidh CCCanna an crios tairisceana seachadta agus an fhreagracht as cearta tarchurtha traschreasacha a dhaingniú i gcás athrú ar chrios tairisceana i gcomhréir le hAirteagal 14.

8.   Sonróidh CCCanna na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh custaiméirí agus táirgeoirí imeacht as CCCanna, amhail aon táille scoir agus aon tréimhse fógra is infheidhme, i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais.

9.   Agus bearta a dhéanann difear díreach do CCCanna á gceapadh acu, urramóidh na Ballstáit ionchais dhlisteanacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus cuirfidh siad san áireamh éifeacht na mbeart sin ar CCCanna atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.

10.   Faoin 31 Eanáir 2026 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún a mheas an ann do bhacainní fós agus an bhfuil dóthain trédhearcachta i margaí CCCanna. Féadfaidh an Coimisiún treoir shonrach a tharraingt suas maidir le bacainní a bhaint i margaí CCCanna, lena n-áirítear nósanna imeachta nó muirir atá díréireach nó idirdhealaitheach.

Airteagal 19b

Teimpléid dheonacha le haghaidh CCCanna agus faireachán ar CCCanna

1.   Foilseoidh ACER tuarascáil bhliantúil ar mhargadh na CCCanna ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát mar chuid dá thuarascáil bhliantúil arna foilsiú de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/942.

2.   Faoin 17 Deireadh Fómhair 2024, déanfaidh ACER measúnú, i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí agus na geallsealbhóirí ábhartha, ar an ngá atá le teimpléid dheonacha a fhorbairt agus a eisiúint le haghaidh CCCanna, arna gcur in oiriúint do riachtanais na gcatagóirí éagsúla contrapháirtithe.

I gcás inarb é conclúid an mheasúnaithe gur gá na teimpléid dheonacha sin le haghaidh CCCanna a fhorbairt agus a eisiúint, déanfaidh ACER, in éineacht leis na OAMLanna, agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, na teimpléid sin a fhorbairt, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

is ar bhonn deonach a úsáidfear na teimpléid chonartha sin do na páirtithe conarthacha;

(b)

maidir leis na teimpléid chonartha, déanfar inter alia:

(i)

tréimhsí conartha éagsúla a thairiscint;

(ii)

foirmlí praghais éagsúla a sholáthar;

(iii)

próifíl ualaigh an cheannaitheora agus próifíl giniúna an ghineadóra a chur san áireamh.

Airteagal 19c

Bearta ar leibhéal an Aontais chun rannchuidiú le sciar breise an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a bhaint amach

Déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhféadfaidh bearta ar leibhéal an Aontais rannchuidiú le hiarracht chomhchoiteann na mBallstát sciar breise 2,5 % an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a bhaint amach in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030 de bhun Threoir (AE) 2018/2001, lena gcomhlánaítear bearta náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhféidearthacht sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite arna bhunú de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1999 a úsáid chun ceantanna fuinnimh in-athnuaite ar leibhéal an Aontais a eagrú i gcomhréir leis an gcreat rialála ábhartha.

Airteagal 19d

Scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo d’infheistíocht

1.   Is i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeacht céanna a bheidh scéimeanna tacaíochta dírí praghais le haghaidh infheistíocht i saoráidí giniúna cumhachta nua chun leictreachas a ghiniúint ó na foinsí a liostaítear i mír 4.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le conarthaí faoi scéimeanna tacaíochta dírí praghais d’infheistíocht i nginiúint nua arna dtabhairt i gcrích an 17 Iúil 2027 nó ina dhiaidh sin, nó, i gcás tionscadail sócmhainní hibrideacha amach ón gcósta atá nasctha le dhá chrios tairisceana nó níos mó, an 17 Iúil 2029 nó ina dhiaidh sin.

Is ar bhonn deonach a ghlacfaidh rannpháirtithe margaidh páirt i scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo agus i scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna.

2.   Maidir le gach scéim tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo agus scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, beidh siad ceaptha chun an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

dreasachtaí a chaomhnú don tsaoráid giniúna cumhachta oibriú agus páirt éifeachtúil a ghlacadh sna margaí leictreachais, go háirithe chun imthosca an mhargaidh a léiriú;

(b)

cosc a chur ar aon éifeacht saofa atá ag an scéim tacaíochta ar oibriú, seoladh agus cinntí cothabhála na saoráide giniúna cumhachta nó ar iompar tairisceana i seirbhísí coimhdeacha agus margaí cothromúcháin lá roimh ré agus ionlae;

(c)

a áirithiú go ndéanfar leibhéal na cosanta luacha saothair íosta agus an uasteorainn le róluach saothair a ailíniú le costas na hinfheistíochta nua agus le hioncam margaidh, chun a ráthú go mbeidh inmharthanacht fhadtéarmach eacnamaíoch ag an tsaoráid giniúna cumhachta gan róchúiteamh a thabhairt;

(d)

saobhadh míchuí ar an iomaíocht agus ar thrádáil sa mhargadh inmheánach a sheachaint, go háirithe trí mhéideanna luacha saothair a chinneadh trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte soiléir trédhearcach neamh-idirdhealaitheach; i gcásanna nach féidir aon phróiseas tairisceana iomaíoch a dhéanamh, ceapfar conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, agus na praghsanna ceangail is infheidhme, chun a áirithiú nach n-eascróidh saobhadh míchuí ar an iomaíocht agus ar thrádáil sa mhargadh inmheánach as ioncam a dháileadh ar ghnóthais;

(e)

saobhadh ar an iomaíocht agus ar thrádáil sa mhargadh inmheánach a sheachaint a eascraíonn as ioncam a dháileadh ar ghnóthais;

(f)

clásail phionóis a áireamh atá infheidhme i gcás luathfhoirceannadh aontaobhach míchuí an chonartha.

3.   Agus measúnú á dhéanamh ar chonarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna faoi Airteagail 107 agus 108 CFAE, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na prionsabail dearaidh de bhun mhír 2.

4.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le hinfheistíocht i nginiúint leictreachais nua ó na foinsí seo a leanas:

(a)

fuinneamh gaoithe;

(b)

grianfhuinneamh;

(c)

fuinneamh geoiteirmeach;

(d)

hidreachumhacht gan taiscumar;

(e)

fuinneamh núicléach.

5.   Maidir le haon ioncam, nó luach coibhéiseach airgeadais an ioncaim sin, a eascraíonn as scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo agus scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar é a dháileadh ar na custaiméirí deiridh.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, féadfar an t-ioncam, nó luach coibhéiseach airgeadais an ioncaim sin, a úsáid freisin chun costais na scéimeanna tacaíochta dírí praghais nó infheistíocht a mhaoiniú chun costais leictreachais do chustaiméirí deiridh a laghdú.

An t-ioncam a dháilfear ar chustaiméirí deiridh, ceapfar é chun dreasachtaí a choinneáil chun a dtomhaltas a laghdú nó chun é a aistriú go tréimhsí ina mbíonn praghsanna leictreachais íseal agus gan an bonn a bhaint den iomaíocht idir soláthróirí leictreachais.

6.   I gcomhréir le hAirteagal 4(3), an tríú fomhír, de Threoir (AE) 2018/2001, féadfaidh na Ballstáit suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar mionscála agus tionscadail taispeántais a dhíolmhú ón oibleagáid faoi mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 19e

Measúnú ar riachtanais solúbthachta

1.   Tráth nach déanaí ná aon bhliain amháin tar éis do ACER an mhodheolaíocht a fhormheas de bhun mhír 6, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, glacfaidh an t-údarás rialála, nó údarás nó eintiteas eile arna ainmniú ag Ballstát, tuarascáil ar na riachtanais solúbthachta mheasta go ceann tréimhse 5 bliana go 10 mbliana ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta, i bhfianaise an ghá atá ann slándáil agus iontaofacht an tsoláthair a bhaint amach go costéifeachtúil agus an córas leictreachais a dhícharbónú, agus comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite inathraithigh agus na hearnálacha éagsúla á gcur san áireamh, chomh maith le cineál idirnasctha an mhargaidh leictreachais, lena n-áirítear spriocanna maidir le hidirnascadh agus infhaighteacht fhéideartha na solúbthachta trasteorann.

An tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

beidh sí comhsheasmhach leis an measúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní agus leis na measúnuithe náisiúnta ar leordhóthanacht acmhainní a dhéantar de bhun Airteagail 23 agus 24;

(b)

beidh sí bunaithe ar na sonraí agus ar an anailís arna soláthar ag oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin gach Ballstáit de bhun mhír 3 agus úsáid á baint as an modheolaíocht choiteann de bhun mhír 4 agus, nuair atá údar cuí leis, sonraí agus anailís bhreise.

I gcás ina bhfuil oibreoir córais tarchurtha ainmnithe ag an mBallstát chun an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, déanfaidh an t-údarás rialála an tuarascáil a fhormheas nó a leasú.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid a leanas ar a laghad:

(a)

meastóireacht a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla riachtanas solúbthachta, ar bhonn séasúrach, laethúil agus in aghaidh na huaire ar a laghad, chun leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, inter alia, toimhdí éagsúla i ndáil le praghsanna an mhargaidh leictreachais, giniúint agus éileamh;

(b)

machnamh a dhéanamh ar acmhainneacht acmhainní solúbthachta neamhiontaise, amhail freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh, lena n-áirítear comhbhailiú agus idirnascadh, chun na riachtanais solúbthachta sin a chomhlíonadh, ar leibhéal an tarchurtha agus an dáileacháin araon;

(c)

meastóireacht a dhéanamh ar na bacainní ar sholúbthacht sa mhargadh agus bearta agus dreasachtaí maolúcháin ábhartha a mholadh, lena n-áirítear deireadh a chur le bacainní rialála agus feabhsuithe féideartha i ndáil le margaí agus seirbhísí nó táirgí oibríochta córais;

(d)

meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn digitiú na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachais; agus

(e)

foinsí solúbthachta a mheastar a bheidh ar fáil i mBallstáit eile a chur san áireamh.

3.   Soláthróidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin gach Ballstáit na sonraí agus na hanailísí is gá chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú don údarás rialála nó d’údarás nó eintiteas eile a ainmnítear de bhun mhír 1. I gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfaidh an t-údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile a ainmnítear de bhun mhír 1 a iarraidh ar na hoibreoirí córais tarchurtha agus ar na hoibreoirí córais dáileacháin lena mbaineann ionchur breise don tuarascáil a sholáthar, sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear i mír 4. Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais nó na hoibreoirí córais dáileacháin leictreachais lena mbaineann, in éineacht leis na hoibreoirí córais gáis nádúrtha agus leis na hoibreoirí córais hidrigine, bailiú na faisnéise ábhartha a chomhordú i gcás inar gá sin chun críocha an Airteagail seo.

4.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna obair oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin a chomhordú a mhéid a bhaineann leis na sonraí agus na hanailísí atá le soláthar i gcomhréir le mír 3. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

cineál agus formáid na sonraí a shainiú a sholáthróidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin do na húdaráis rialála nó, d’údarás nó d’eintiteas eile arna ainmniú de bhun mhír 1;

(b)

modheolaíocht a fhorbairt chun go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin anailís ar na riachtanais solúbthachta, agus an méid seo a leanas, ar a laghad, á chur san áireamh:

(i)

na foinsí solúbthachta go léir atá ar fáil ar bhealach costéifeachtach sna creataí ama éagsúla, lena n-áirítear i mBallstáit eile;

(ii)

infheistíochtaí atá beartaithe in idirnascadh agus solúbthacht ar leibhéal an tarchurtha agus an dáileacháin; agus

(iii)

an gá atá leis an gcóras leictreachais a dhícharbónú chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050 a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, i gcomhréir le Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (*8).

Beidh treoirchritéir sa mhodheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír i dtaobh conas a dhéanfar measúnú ar chumas na bhfoinsí solúbthachta éagsúla na riachtanais solúbthachta a chumhdach.

5.   Oibreoidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna i ndlúthchomhar le chéile a mhéid a bhaineann le comhordú na n-oibreoirí córais tarchurtha agus na n-oibreoirí córais dáileacháin maidir le soláthar sonraí agus anailíse de bhun mhír 4.

6.   Faoin 17 Aibreán 2025, cuirfidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna togra faoi bhráid ACER go comhpháirteach maidir leis na cineálacha sonraí agus formáide atá le cur faoi bhráid údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile arna ainmniú de bhun mhír 1, agus maidir leis an modheolaíocht chun anailís a dhéanamh ar na riachtanais solúbthachta dá dtagraítear i mír 4. Laistigh de 3 mhí ón am a gheobhaidh sé an togra, déanfaidh ACER an togra a ghlacadh nó a leasú. Más leasú a dhéanfar, rachaidh ACER i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Leictreachais, ENTSO don Leictreachas agus le heintiteas AE do OCDanna sula nglacfaidh sé na leasuithe. Foilseofar an togra leasaithe ar shuíomh gréasáin ACER.

7.   Déanfaidh an t-údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile arna ainmniú de bhun mhír 1, na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER agus iad a fhoilsiú. Laistigh de 12 mhí tar éis dó na tuarascálacha a fháil, eiseoidh ACER tuarascáil ina ndéanfar anailís orthu agus ina soláthrófar moltaí maidir le saincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo maidir leis na cinntí a rinne an t-údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile arna n-ainmniú de bhun mhír 1, lena n-áirítear moltaí maidir le bacainní iontrála ar acmhainní solúbthachta neamhiontaise a bhaint.

Ar na saincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, déanfaidh ACER measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

conas an anailís ar riachtanais solúbthachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhtháthú ar bhealach níos fearr leis an modheolaíocht don mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní i gcomhréir le hAirteagal 23 agus leis an modheolaíocht don phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, lena n-áirithítear comhsheasmhacht eatarthu;

(b)

na riachtanais solúbthachta mheasta sa chóras leictreachais ar leibhéal an Aontais agus an acmhainneacht a mheastar a bheidh ar fáil go heacnamaíoch sa chéad 5 bliana go 10 mbliana eile agus na tuarascálacha náisiúnta á gcur san áireamh;

(c)

bearta breise a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun leas a bhaint as acmhainneacht solúbthachta sna margaí leictreachais agus in oibriú an chórais leictreachais.

Féadfar torthaí na hanailíse dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (a), a chur san áireamh in athbhreithnithe breise ar na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa phointe sin i gcomhréir leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, ionchur a sholáthar do ACER maidir le conas is féidir a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050.

8.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an plean forbartha gréasáin uile-Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun torthaí na dtuarascálacha náisiúnta ar riachtanais solúbthachta dá dtagraítear i mír 1 a áireamh. Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus na hoibreoirí córais dáileacháin na tuarascálacha sin a mheas ina bpleananna forbartha gréasáin.

Airteagal 19f

Cuspóir náisiúnta táscach maidir le solúbthacht neamhiontaise

Tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thíolacadh na tuarascála de bhun Airteagal 19e(1) den Rialachán seo, saineoidh gach Ballstát, ar bhonn na tuarascála sin, cuspóir náisiúnta táscach maidir le solúbthacht neamhiontaise, lena n-áirítear an rannchuidiú sonrach faoi seach ón bhfreagairt don éileamh agus ón stóráil fuinnimh leis an gcuspóir sin. Féadfaidh na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach trí acmhainneacht shainaitheanta na solúbthachta neamhiontaise a fhíorú, trí bhacainní margaidh sainaitheanta a bhaint nó trí na scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise dá dtagraítear in Airteagal 19g den Rialachán seo. Léireofar an cuspóir náisiúnta táscach sin, lena n-áirítear an rannchuidiú sonrach faoi seach ón bhfreagairt don éileamh agus ón stóráil fuinnimh leis an gcuspóir sin, chomh maith le bearta chun é a ghnóthú, i bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát a mhéid a bhaineann leis an ngné “An Margadh Inmheánach Fuinnimh” i gcomhréir le hAirteagail 3, 4 agus 7 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin. Féadfaidh na Ballstáit cuspóirí náisiúnta táscacha sealadacha a shainiú go dtí go nglacfar an tuarascáil de bhun Airteagal 19e(1) den Rialachán seo.

Tar éis an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1999, tar éis dó an cuspóir náisiúnta táscach arna shainiú agus arna chur in iúl ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a fháil, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar na tuarascálacha náisiúnta.

Ar bhonn chonclúidí na tuarascála arna míniú a thuilleadh leis an gcéad fhaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún straitéis de chuid an Aontais maidir le solúbthacht a tharraingt suas, ag díriú go háirithe ar an bhfreagairt don éileamh agus ar an stóráil fuinnimh, chun a n-imscaradh a éascú, ar straitéis í atá comhsheasmhach le spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh agus don aeráid agus an cuspóir aeráidneodrachta do 2050. Féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil le straitéis sin an Aontais maidir le solúbthacht, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 19g

Scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise

1.   I gcás nach leor infheistíocht i solúbthacht neamhiontaise chun an cuspóir náisiúnta táscach nó, i gcás inarb ábhartha, na cuspóirí táscacha sealadacha arna sainiú de bhun Airteagal 19f a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise a chur i bhfeidhm arb é atá iontu íocaíochtaí le haghaidh na hacmhainneachta solúbthachta neamhiontaise atá ar fáil gan dochar d’Airteagail 12 agus 13. Is iad na Ballstáit a chuireann sásra acmhainneachta i bhfeidhm a bhreithneoidh na hoiriúnuithe is gá a dhéanamh i ndearadh sásraí acmhainneachta chun rannpháirtíocht solúbthachta neamhiontaise, amhail freagairt don éileamh agus an stóráil fuinnimh, a chur chun cinn, gan dochar don deis atá ag na Ballstáit sin na scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise dá dtagraítear sa mhír seo a úsáid.

2.   Ní chuirfidh an deis atá ag na Ballstáit bearta tacaíochta solúbthachta neamhiontaise a chur i bhfeidhm de bhun mhír 1 den Airteagal seo bac ar Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar a gcuspóirí náisiúnta táscacha arna shainiú de bhun Airteagal 19f trí mhodhanna eile.

Airteagal 19h

Prionsabail dearaidh le haghaidh scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise

Maidir le scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 19g(1):

(a)

ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir náisiúnta táscach a bhaint amach, nó i gcás inarb ábhartha an cuspóir náisiúnta táscach sealadach, arna shainiú de bhun Airteagal 19f ar bhealach costéifeachtach;

(b)

beidh siad teoranta d’infheistíocht nua in acmhainní solúbthachta neamhiontaise amhail freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh;

(c)

féachfaidh siad le critéir suímh a chur san áireamh chun a áirithiú go ndéanfar infheistíochtaí in acmhainneacht nua i suíomhanna optamacha;

(d)

ní thabharfar le tuiscint leo go dtosófaí ar ghiniúint bunaithe ar bhreosla iontaise atá suite taobh thiar den phointe méadraithe;

(e)

roghnófar leo soláthraithe acmhainneachta trí phróiseas oscailte, trédhearcach, iomaíoch, deonach, neamh-idirdhealaitheach agus costéifeachtach;

(f)

coiscfear leo saobhadh míchuí ar fheidhmiú éifeachtúil margaí leictreachais, lena n-áirítear dreasachtaí oibríochta éifeachtúla agus comharthaí praghais éifeachtúla agus neamhchosaint ar éagsúlacht praghsanna agus ar riosca margaidh a chaomhnú;

(g)

soláthrófar leo dreasachtaí chun comhtháthú a dhéanamh sna margaí leictreachais ar bhealach margadhbhunaithe agus margadhfhreagrúil, agus saobhadh neamhriachtanach ar na margaí leictreachais á sheachaint an tráth céanna agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhtháthú córais, plódú eangaí agus cobhsaíocht eangaí á gcur san áireamh chomh maith;

(h)

leagfar amach leo íosleibhéal rannpháirtíochta sna margaí leictreachais i dtéarmaí fuinnimh ghníomhachtaithe, lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla na sócmhainne lena soláthraítear an tsolúbthacht;

(i)

cuirfear i bhfeidhm leo pionóis iomchuí ar sholáthraithe acmhainneachta nach n-urramaíonn an t-íosleibhéal rannpháirtíochta sna margaí leictreachais dá dtagraítear i bpointe (h), nó nach leanann dreasachtaí oibríochta éifeachtúla agus comharthaí praghais éifeachtúla dá dtagraítear i bpointe (f);

(j)

cuirfear chun cinn leo oscailt acmhainní do rannpháirtíocht trasteorann, ar acmhainní iad atá in ann an fheidhmíocht theicniúil is gá a sholáthar, i gcás ina bhfuil an anailís costais agus tairbhe ina leith dearfach.

(*8)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.’;"

(10)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfaidh na Ballstáit sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach le linn dóibh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 107, 108 agus 109 CFAE.’

;

(b)

scriostar mír 7;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Déanfaidh an Coimisiún na sásraí acmhainneachta a fhormheas ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana. Laghdófar méid na n-acmhainneachtaí geallta ar bhonn na bpleananna cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(3). Leanfaidh na Ballstáit den phlean cur chun feidhme a chur i bhfeidhm tar éis an sásra acmhainneachta a thabhairt isteach.’

;

(11)

in Airteagal 22(1), scriostar pointe (a);

(12)

in Airteagal 37(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

agus ríomh na hacmhainneachta comhordaithe á dhéanamh aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh todhchaíochta acmhainneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1719, na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú agus na treoirlíne a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1222 agus na treoirlíne maidir le cothromú leictreachais a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2195;’

;

(13)

in Airteagal 50, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4a.   Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchurtha, ar bhealach trédhearcach, faisnéis shoiléir maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua ina limistéir oibríochta a bhfuil gráinneacht spásúil ard acu, agus slándáil phoiblí agus rúndacht sonraí á n-urramú acu, lena n-áirítear an acmhainneacht lena mbaineann iarraidh ar nasc agus an fhéidearthacht nasc solúbtha a bheith ann i limistéir phlódaithe. Áireofar san fhoilsiú faisnéis maidir leis na critéir chun an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua a ríomh. Tabharfaidh oibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis sin cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, gach mí ar a laghad.

Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha faisnéis shoiléir a sholáthar ar bhealach trédhearcach d’úsáideoirí an chórais faoi stádas a n-iarrataí ar nasc agus faoin gcaoi a ndéileáiltear leo, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis a bhaineann le comhaontuithe nasctha sholúbtha. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin laistigh de 3 mhí ó thíolacadh na hiarrata. I gcás nach ndéantar an nasc arna iarraidh a dheonú nó a dhiúltú go buan, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta agus gach mí ar a laghad.’

;

(14)

in Airteagal 57, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Oibreoidh na hoibreoirí córais dáileacháin agus na hoibreoirí córais tarchurtha i gcomhar le chéile chun faisnéis chomhsheasmhach a fhoilsiú, ar bhealach comhsheasmhach, maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua ina limistéir oibríochta faoi seach lena dtabharfar infheictheacht ghráinneach leordhóthanach d’fhorbróirí tionscadal nua fuinnimh agus d’úsáideoirí gréasáin ionchasacha eile.’

;

(15)

leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

rialacha maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus maidir le bainistiú ar phlódú de bhun Airteagail 7 go 10, 13 go 17, 19 agus 35 go 37 den Rialachán seo agus Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear rialacha maidir le modheolaíochtaí agus próisis maidir le ríomh acmhainneachta lá roimh ré, acmhainneachta ionlae agus todhchaíochta acmhainneachta, samhlacha eangaí, cumraíocht na gcriosanna tairisceana, athsheoladh agus fritrádáil, algartaim trádála, cúpláil aonair lá roimh ré agus ionlae, roghanna rialachais éagsúla, daingne acmhainneachta traschreasaí leithdháilte, dáileadh ioncam ó phlódú, sonraí agus gnéithe sonracha na n-uirlisí dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo faoi threoir na n-eilimintí a shonraítear i míreanna (4) agus (5) de, leithdháileadh agus éascú trádála ceart tarchurtha fadtéarmach airgeadais arna dhéanamh ag an ardán aonair um leithdháileadh, chomh maith le minicíocht, aibíocht agus cineál sonrach na gceart tarchurtha fadtéarmach sin, fálú riosca tarchurtha traschreasach, nósanna imeachta ainmniúcháin, agus leithdháileadh acmhainneachta agus athghabháil na gcostas atá ar acmhainneacht a leithdháileadh agus ar an bplódú a bhainistiú, agus modheolaíocht chun oibreoirí gléasraí leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta a chúiteamh as laghduithe acmhainneachta;’

;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán lena n-áirítear rialacha maidir le nascadh saoráidí éilimh atá tarchur-nasctha, saoráidí dáileacháin agus córais dáileacháin atá tarchur-nasctha, nascadh aonad éilimh a mbaintear úsáid astu chun freagairt don éileamh a sholáthar, ceanglais chun gineadóirí a nascadh leis an eangach agus le húsáideoirí córais eile, ceanglais maidir le sruth díreach ardvoltais a nascadh leis an eangach, ceanglais maidir le modúil páirce cumhachta arna gceangal le sruth díreach agus cianstáisiúin tiontaire srutha dhírigh ardvoltais, agus nósanna imeachta oibríochtúla um fhógra a thabhairt maidir le nascadh leis an eangach;’

;

(16)

in Airteagal 64, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘2a.   De mhaolú ar Airteagal 6(9), (10) agus (11), féadfaidh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin conarthaí airgeadais a thabhairt i gcrích maidir leis an acmhainneacht don chothromú suas go 5 bliana roimh thús sholáthar na hacmhainneachta don chothromú. Ní mhairfidh ré na gconarthaí sin níos faide ná 8 mbliana tar éis don Eastóin, don Laitvia agus don Liotuáin dul isteach i Limistéar Sioncronach Mhór-roinn na hEorpa.

Féadfaidh údaráis rialála na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine cead a thabhairt dá n-oibreoirí córais tarchurtha acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh ar phróiseas margadhbhunaithe mar a leagtar amach in Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2017/2195, gan toirteanna a theorannú, go dtí 6 mhí tar éis an lae a rinneadh an próiseas leithdháileacháin comhoptamaithe a chur chun feidhme agus oibríochtúil go hiomlán de bhun Airteagal 38(3) den Rialachán sin.

2b.   De mhaolú ar Airteagal 22(4), pointe (b), féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go mbeidh acmhainneacht ghiniúna a chuir tús le táirgeadh tráchtála roimh an 4 Iúil 2019 agus a astaíonn níos mó ná 550 g CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais agus níos mó ná 350 kg de thionscnamh breosla iontaise ar an meán in aghaidh na bliana do gach kWe suiteáilte, faoi réir Airteagail 107 agus 108 CFAE a chomhlíonadh, agus go mbeidh sí geallta ar bhonn eisceachtúil nó go bhfaighidh sé íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo tar éis an 1 Iúil 2025 faoi shásra acmhainneachta arna fhormheas ag an gCoimisiún roimh an 4 Iúil 2019.

2c.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar na hiarrata dá dtagraítear i mír 2b i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa. Féadfaidh an Coimisiún an maolú a dheonú tar éis measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2d, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil próiseas tairisceana iomaíoch curtha i gcrích ag an mBallstát an 4 Iúil 2019, nó ina dhiaidh sin, de bhun Airteagal 22 agus le haghaidh tréimhse seachadta tar éis an 1 Iúil 2025, arb é is aidhm dó rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta a chomhlíonann na ceanglais in Airteagal 22(4) a uasmhéadú;

(b)

nach leor méid na hacmhainneachta a thairgtear sa phróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní maidir le leordhóthanacht mar a sainaithníodh de bhun Airteagal 20(1) don tréimhse seachadta a chumhdaítear leis an bpróiseas tairisceana sin;

(c)

go bhfuil an acmhainneacht ghiniúna a astaíonn níos mó ná 550 g CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais geallta nó go bhfaigheann sí íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, agus ar feadh tréimhse seachadta nach faide ná fad an mhaolaithe, agus go soláthraítear í trí phróiseas breise soláthair a chomhlíonann na ceanglais uile d’Airteagal 22 cé is moite díobh siúd a leagtar amach i mír 4, pointe (b), den Airteagal sin agus don mhéid acmhainneachta is gá chun réiteach a fháil ar an ábhar imní maidir le leordhóthanacht dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, agus don mhéid sin amháin.

Féadfar an maolú de bhun na míre seo a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2028, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach inti ar feadh thréimhse iomlán an mhaolaithe.

2d.   Beidh tuarascáil ón mBallstát ag gabháil leis an iarraidh ar mhaolú dá dtagraítear i mír 2b, ar tuarascáil í ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

measúnú ar thionchar an mhaolaithe i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, ar an tsolúbthacht mhéadaithe, ar an stóráil fuinnimh, ar an leictrea-shoghluaisteacht agus ar an bhfreagairt don éileamh;

(b)

plean ina bhfuil garspriocanna chun aistriú ó rannpháirtíocht na hacmhainneachta giniúna dá dtagraítear i mír 2b i sásraí acmhainneachta faoi dháta éaga an mhaolaithe, lena n-áirítear plean chun an acmhainneacht athsholáthair is gá a sholáthar i gcomhréir leis an gconair náisiúnta tháscach le haghaidh sciar foriomlán an fhuinnimh in-athnuaite agus measúnú ar na bacainní infheistíochta is cúis le heaspa tairiscintí leordhóthanacha sa nós imeachta tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i mír 2c, pointe (a).’

;

(17)

leasaítear Airteagal 69 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Faoin 30 Meitheamh 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn an athbhreithnithe sin, agus beidh togra reachtach ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí.

Déanfar measúnú sa tuarascáil ón gCoimisiún, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(a)

éifeachtacht struchtúr agus fheidhmiú reatha na margaí leictreachais gearrthéarmacha, lena n-áirítear i gcásanna géarchéime nó éigeandála, agus, ar bhonn níos ginearálta, na neamhéifeachtúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an margadh inmheánach leictreachais agus na roghanna éagsúla maidir le leigheasanna agus uirlisí féideartha a thabhairt isteach a bheadh le cur i bhfeidhm i gcásanna géarchéime nó éigeandála i bhfianaise na taithí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus i bhfianaise éabhlóid agus forbairtí nua sa mhargadh inmheánach leictreachais;

(b)

oiriúnacht chreat dlíthiúil agus chreat maoiniúcháin reatha an Aontais maidir le heangacha dáileacháin chun cuspóirí an Aontais maidir leis an margadh fuinnimh in-athnuaite agus inmheánach a bhaint amach.

(c)

i gcomhréir le hAirteagal 19a, an fhéidearthacht ardán margaidh amháin nó roinnt ardán margaidh a bhunú san Aontas le haghaidh CCCanna agus inmharthanacht aon ardáin den chineál sin, ar ardán é a d’úsáidfí ar bhonn deonach, lena n-áirítear idirghníomhú na n-ardán féideartha sin le hardáin eile sa mhargadh leictreachais atá ann cheana féin agus comhthiomsú an éilimh ar CCCanna trí chomhbhailiú.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Faoin 17 Eanair 2025, tíolacfaidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tuarascáil mhionsonraithe ina ndéanfar measúnú ar na féidearthachtaí maidir le cuíchóiriú agus simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhaineann le sásra acmhainneachta a chur i bhfeidhm faoi Chaibidil IV, chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le leordhóthanacht ar bhealach tráthúil. Sa chomhthéacs sin, iarrfaidh an Coimisiún ar ACER leasú a dhéanamh ar an modheolaíocht don mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 i gcomhréir le hAirteagail 23 agus 27, de réir mar is iomchuí.

Faoin 17 Aibreán 2025, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tíolacfaidh an Coimisiún tograí d’fhonn simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas chun sásraí acmhainneachta a mheasúnú de réir mar is iomchuí.’

;

(18)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

Airteagal 69a

Idirghníomhaíocht le gníomhartha dlí airgeadais an Aontais

Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) Uimh. 600/2014 agus Threoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí rannpháirtithe sa mhargadh nó oibreoirí margaidh a bhaineann le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE.’

;

(19)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.2:

‘1.2.

Déanfar ríomh acmhainneachta comhordaithe do gach tráthchlár leithdháileacháin.’.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 293, 18.8.2023, lch. 112.

(2)   IO C, C/2023/253, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/253/oj.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024.

(4)   IO L 198, 22.7.2006, lch. 18.

(5)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

(6)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261 I, 7.10.2022, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite (IO L 335, 29.12.2022, lch. 36).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

(11)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(12)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(13)  Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).

(14)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(15)  Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh todhchaí acmhainneachta (IO L 259, 27.9.2016, lch. 42).

(19)  Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24).

(20)  Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).

(21)  Treoir (AE) 2024/1711 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (IO L, 2024/1711, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1711/oj).

(22)  Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais (IO L 312, 28.11.2017, lch. 6).

(23)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(25)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 2002/92/CE agus 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1747/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)