European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1739

24.6.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1739 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (2) tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 24 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1738 (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES. Le Cinneadh (CBES) 2024/1738 tugtar isteach maolú lena gceadaítear scaoileadh cistí a bhí reoite mar gheall ar rannpháirtíocht bainc idirmheánach liostaithe ina n-aistriú, faoi na coinníollacha gur aistriú é idir beirt daoine neamhliostaithe nádúrtha nó dlítheanacha, dhá eintiteas nó dhá chomhlacht agus go ndéantar é trí úsáid a bhaint as cuntais ag institiúidí airgeadais creidmheasa neamhliostaithe Ina theannta sin, tugtar isteach le Cinneadh (CBES) 2024/1738 maolú lena gceadaítear scaoileadh cistí a reodh i ngeall ar rannpháirtíocht bainc eisiúna liostaithe faoin gcoinníoll gur idir dhá cheann de dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí neamhliostaithe a dhéantar an t-aistriú.

(3)

Is iomchuí a shoiléiriú nach féidir an chosaint i gcoinne dliteanais a thugtar d’oibreoirí an Aontais mura raibh a fhios acu, agus mura raibh aon chúis réasúnach acu amhras a bheith orthu, go sáródh a ngníomhaíochtaí bearta sriantacha an Aontais a agairt i gcás inar mhainnigh oibreoirí an Aontais dícheall cuí iomchuí a dhéanamh. Is iomchuí faisnéis phoiblí nó faisnéis atá ar fáil go héasca a chur san áireamh go cuí agus an dícheall cuí sin á dhéanamh. Dá bhrí sin, mar shampla, ní féidir le hoibreoir an Aontais an chosaint sin a agairt go rathúil nuair a chuirtear ina leith gur sháraigh sé na bearta sriantacha ábhartha toisc nach ndearna sé seiceálacha nó cigireachtaí simplí.

(4)

Chun ailíniú le léirmhíniú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-72/11 a áirithiú, ba cheart an fhoráil lena gcuirfear toirmeasc ar dhul timpeall a leasú chun a shoiléiriú go gcomhlíontar ceanglais an eolais agus na hintinne ní hamháin i gcás ina lorgaíonn duine d’aon ghnó an cuspóir nó an éifeacht teacht timpeall ar bhearta sriantacha, ach freisin i gcás ina bhfuil duine atá rannpháirteach i ngníomhaíocht a bhfuil sé d’aidhm nó d’éifeacht léi teacht timpeall ar bhearta sriantacha ar an eolas go bhféadfadh an cuspóir nó an éifeacht sin a bheith ag rannpháirtíocht den sórt sin, agus ina nglacann sé leis an bhféidearthacht sin.

(5)

Is iomchuí foráil a thabhairt isteach lena gcuirfear ar a gcumas do náisiúnaigh agus cuideachtaí de chuid na mBallstát cúiteamh a fháil ó dhaoine aonair agus eintitis Rúiseacha a rinne damáistí dóibh. Áirítear leis sin damáistí a rinneadh do na cuideachtaí ar leo iad nó a rialaíonn siad, i ndáil le conradh nó idirbheart a ndearna na bearta a fhorchuirtear faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 difear dá bhfeidhmiú, ar choinníoll nach bhfuil rochtain éifeachtach ag náisiúnach nó cuideachta Bhallstáit lena mbaineann ar leigheasanna, mar shampla faoin gconradh déthaobhach infheistíochta ábhartha. Féadfar cúiteamh den sórt sin a éileamh os comhair chúirteanna na mBallstát i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais agus dhlí ábhartha na mBallstát maidir le dlínse agus nósanna imeachta cúirte in ábhair shibhialta agus thráchtála, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le nósanna imeachta eatramhacha faoisimh a d’fhéadfadh a bheith ann.

(6)

D’fhonn feasacht a mhéadú maidir le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin, is iomchuí go dtabharfaidh na Ballstáit tuairisc maidir leis na pionóis a fhorchuirtear i leith sáruithe ar na bearta sriantacha.

(7)

I gcás ina nochtann duine nádúrtha nó dlítheanach sárú ar na bearta sriantacha go hiomlán agus in am trátha dá dheoin féin, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta an féinnochtadh sin a chur san áireamh go cuí agus pionóis á gcur i bhfeidhm acu, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta riaracháin nó le dlí nó rialacha náisiúnta ábhartha eile. Tá feidhm ag na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit de bhun Threoir (AE) 2024/1226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus na ceanglais atá inti maidir le himthosca maolaitheacha.

(8)

I gcomhréir le cuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais maidir leis an tsíocháin a chaomhnú, an tslándáil idirnáisiúnta a threisiú agus comhar idirnáisiúnta, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn, agus go sonrach na cuspóirí a shaothraítear le Cinneadh 2014/145/CBES, is iomchuí a áirithiú go mbeidh na doiciméid atá i seilbh na Comhairle, an Choimisiúin agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) a bhaineann le forfheidhmiú na mbeart sriantacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, nó a bhaineann le sárú na mbeart sin nó teacht timpeall na mbeart sin a chosc, faoi réir rúndacht ghairmiúil agus go dtairbhíonn siad den chosaint a thugtar leis na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais, ós rud é go bhféadfaí an fhaisnéis atá sna doiciméid sin a úsáid chun bac a chur ar fhorfheidhmiú na mbeart sin nó chun a n-éifeachtacht a chur i mbaol, i bhfianaise go bhféadfadh na daoine agus na heintitis lena mbaineann gníomhú ar bhealach a cuirfeadh cosc ar a bhforfheidhmiú. Ba cheart an chosaint sin a áirithiú freisin i gcás tograí comhpháirteacha ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 agus ar aon doiciméad ullmhúcháin gaolmhar toisc go bhféadfadh nochtadh na dtograí sin difear a dhéanamh d’éifeachtacht na mbeart a leagtar amach i gCinneadh 2014/145/CBES agus sa Rialachán sin agus d’ullmhú agus do chaibidlíocht ar bhonn na dtograí a bheidh ann amach anseo. Is minic a chuireann an tArdionadaí agus an Coimisiún bearta áirithe san áireamh sna tograí chompháirteacha sin, ar bearta iad nach féidir leis an gComhairle a ghlacadh ar chúiseanna éagsúla, i dtograí ina dhiaidh sin. Tá sé tábhachtach an chumhacht tionscnaimh sin a chosaint ar aon tionchar a imríonn leasanna poiblí nó príobháideacha a dhéanann iarracht, lasmuigh de chomhairliúcháin eagraithe, iallach a chur ar institiúidí an Aontais agus ar sheirbhísí an Aontais leasú a mholadh, a ghlacadh, a leasú nó a chomhaontú. Dá nochtfaí iad, d’fhéadfadh na bearta nua reoite sócmhainní féideartha a bheith neamhéifeachtach toisc go mbeadh sé nochta cheana féin go raibh sé beartaithe iad a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart a thoimhdiú go ndéanfadh nochtadh na ndoiciméad sin dochar do shlándáil an Aontais nó do shlándáil ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó dá gcaidrimh idirnáisiúnta.

(9)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát go háirithe, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh 269/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6b, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘5h.   De mhaolú ar Airteagal 2 den Rialachán seo, agus ar choinníoll go ndearnadh na cistí lena mbaineann a reo mar thoradh ar rannpháirtíocht duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ag gníomhú dó mar bhanc idirmheánach, le linn aistriú na gcistí sin ó Chónaidhm na Rúise go dtí an Aontas, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, údarú a thabhairt cistí reoite áirithe a scaoileadh, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir le haistriú na gcistí sin:

(a)

déantar é idir beirt daoine nádúrtha nó dhlítheanacha, dhá eintiteas nó dhá chomhlacht nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

déantar é trí úsáid a bhaint as na cuntais ag institiúidí creidmheasa nó nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; agus

(c)

ní sárú ar Airteagal 2(2) nó Airteagal 9 den Rialachán seo é.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite arna sealbhú ag taisclanna lárnacha urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

5i.   De mhaolú ar Airteagal 2 den Rialachán seo, agus ar choinníoll go ndearnadh an íocaíocht lena mbaineann a reo mar thoradh ar aistriú ó Chónaidhm na Rúise chuig an Aontas arna thionscnamh trí dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó uaidh, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, scaoileadh na híocaíochta reoite sin a údarú, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh faoi aistriú na híocaíochta:

(a)

gur idir dhá cheann de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a dhéantar é; agus

(b)

nach sáraítear Airteagal 2(2) ná Airteagal 9 den Rialachán seo leis.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite arna sealbhú ag taisclanna lárnacha urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

Is náisiúnaigh de Bhallstát, de thír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis, nó daoine nádúrtha ag a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis amháin a bheidh mar thairbhithe ag an aistriú, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Féadfar údarú amháin in aghaidh an iarratasóra a dheonú faoin mhír seo.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mhír seo laistigh de sheachtain ón údarú.’

;

(2)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh teacht timpeall ar thoirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin gan an cuspóir ná an éifeacht sin a lorg d’aon ghnó ach a bheith ar an eolas go bhféadfadh an cuspóir nó an éifeacht sin a bheith ag an rannpháirtíocht agus glacadh leis an bhféidearthacht sin.’

;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

Airteagal 11a

Aon duine dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (c) nó (d) beidh sé i dteideal, in imeachtaí breithiúnacha roimh chúirteanna inniúla an Bhallstáit, aon damáiste a aisghabháil, lena n-áirítear costais dlí, a thabhaigh an duine sin mar thoradh ar éilimh a taisceadh le cúirteanna i dtríú tíortha, a rinne daoine, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a) nó (b), i dtaca le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, ar choinníoll nach bhfuil rochtain éifeachtach ag an duine lena mbaineann ar na leigheasanna faoin dlínse ábhartha.’

;

(4)

in Airteagal 12(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (b):

‘(b)

i leith fadhbanna sáraithe agus forfheidhmithe, pionóis arna gcur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.’

;

(5)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis, lena n-áirítear de réir mar is iomchuí pionóis choiriúla, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus ní mór féin-nochtadh deonach sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a chur san áireamh iontu mar fhachtóir maolaitheach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta faoi seach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.’

;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16a:

Airteagal 16a

1.   Ní úsáidfidh an Coimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear don Choimisiún nó a fhaigheann sé i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í.

2.   Aon doiciméad atá i seilbh na Comhairle, an Choimisiúin nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) chun forfheidhmiú na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, nó chun sárú na mbeart sin nó teacht timpeall orthu a chosc, beidh sé faoi réir rúndacht ghairmiúil agus beidh an chosaint aige a thugtar leis na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais. Beidh feidhm ag an gcosaint sin maidir leis na tograí comhpháirteacha ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú agus aon doiciméad ullmhúcháin a bhaineann leo.

Toimhdeofar go ndéanfadh nochtadh aon doiciméad nó togra dá dtagraítear sa chéad fhomhír dochar do shlándáil an Aontais nó do shlándáil ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó dá gcaidrimh idirnáisiúnta.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

(3)  Cinneadh (AE) 2024/1738 an 24 Meitheamh 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/1738, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1738/oj).

(4)  Treoir (AE) 2024/1226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i leith sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2018/1673 (IO L, 2024/1226, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1226/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1739/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)