|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1732 |
19.6.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1732ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Meitheamh 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san intleacht shaorga iontaofa
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 187 agus Airteagal 188, an chéad mhír de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is aidhm don Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (‘an Gníomh um an Intleacht Shaorga’) feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le forbairt, margú agus úsáid na hintleachta saorga (‘IS’) i gcomhréir le luachanna an Aontais. |
|
(2) |
Ó bhí 2021 ann, nuair a glacadh Rialachán (AE) 2021/1173 (3) ón gComhairle, tá dul chun cinn teicniúil ollmhór déanta i réimse IS agus tá sé ina réimse an-straitéiseach agus iomaíoch ar fud an domhain. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun tacú le taighde agus nuálaíocht fhreagrach in IS iontaofa eiticiúil agus, san am céanna, rianta cosanta a leagan síos agus rialachas éifeachtach a fhorbairt. |
|
(3) |
An 13 Meán Fómhair 2023, mar chuid de chur chuige cuimsitheach chun tacú le taighde agus nuálaíocht fhreagrach in IS, d’fhógair an Coimisiún tionscnamh straitéiseach nua chun acmhainneacht ríomhaireachta ardfheidhmíochta an Aontais a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha nuálacha in IS iontaofa chun a samhlacha a oiliúint. Comhlánaíonn an tionscnamh sin obair maidir le rianta cosanta le haghaidh IS tríd an gníomh IS, lena mbunaítear struchtúir rialachais, agus lena dtacaítear leis an nuálaíocht tríd an bPlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga. |
|
(4) |
Ós rud é go bhfuil an acmhainneacht sár-ríomhaireachta den chéad scoth is cumhachtaí ag an Aontas lonnaithe i saoráidí an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh (EuroHPC) (‘an Comhghnóthas’), is iad na saoráidí sin ba cheart a chur ar fáil chun tionscnamh an Aontais a fhíorú. Dá réir sin, is gá an seachtú cuspóir a chur leis na sé chuspóir de chuid an Chomhghnóthais atá ann cheana, a mhéid a bhaineann leis an rannchuidiú arna dhéanamh ag a sár-ríomhairí le tionscnamh IS nua an Aontais. |
|
(5) |
Leis an gcuspóir nua, bheadh an Comhghnóthas in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh sna réimsí a bhaineann le sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS nó codanna de shár-ríomhairí a fháil agus a oibriú chun meaisínfhoghlaim agus oiliúint ar shamhlacha ilchuspóireacha IS a chumasú. Ba cheart cead a bheith ag an gComhghnóthas modh rochtana nua ar a acmhainní ríomhaireachta a chruthú d’éiceachóras na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse IS agus d’éiceachóras an taighde agus na nuálaíochta agus feidhmeanna tiomnaithe IS a fhorbairt a bheidh barrfheabhsaithe chun rith ar a shár-ríomhairí. Ba cheart cead a bheith ag an gComhghnóthas freisin eintitis óstacha de chuid an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh atá ann cheana a cheapadh mar mhonarchana IS más féidir leis an eintiteas óstach a léiriú go bhfuil a dhóthain acmhainní ríomhaireachta ag a shár-ríomhaire chun oiliúint a chur ar shamhlacha mórscála ilchuspóireacha IS agus ar fheidhmchláir IS atá ag teacht chun cinn, agus ar choinníoll go bhfuil an raon iomlán gníomhaíochtaí breise is gá á chur chun feidhme ag an eintiteas óstach chun éiceachóras IS a fhorbairt agus chun tacú leis an éiceachóras sin. Chuirfeadh na hathruithe sin ar chumas an Chomhghnóthais cumhacht agus seirbhísí ríomhaireachta saincheaptha a thairiscint chun oiliúint agus forbairt agus glacadh IS ar mhórscála a chothú san Aontas, rud nach bhfuil indéanta faoin Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair. Ba cheart do na monarchana IS idirghníomhú le chéile, le tionscnaimh intleachta saorga ábhartha de chuid an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, is féidir le monarchana IS idirghníomhú le héiceachórais náisiúnta ábhartha IS agus le tionscnaimh náisiúnta intleachta saorga. |
|
(6) |
Chun dáta chur i bhfeidhm na n-athruithe a thugtar isteach leis an Rialachán leasaitheach seo a chomhordú le dáta chur i bhfeidhm an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán leasaitheach seo gan moill mhíchuí. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1173 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 3(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(3) |
in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(4) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
|
(5) |
in Airteagal 10(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):
; |
|
(6) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 12a Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS. 1. Gheobhaidh an Comhghnóthas sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS agus is é a bheidh ina úinéir orthu. 2. Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 50 % de na costais fála móide suas le 50 % de chostais oibriúcháin na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS. Áirítear ar na costais oibriúcháin na costais a bhaineann leis na seirbhísí sár-ríomhaireachta atá dírithe ar IS. Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó ag na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6. 3. Tabharfar aghaidh ar shlándáil an tslabhra soláthair agus soláthróir na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS á roghnú. Déanfar an roghnú ar bhonn sonraíochtaí tairisceana atá bunaithe ar an éileamh agus a lena gcuirtear san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna sholáthar ag an eintiteas óstach roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. 4. Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas. 5. Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694, nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin. 6. Beidh na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS lonnaithe in eintiteas óstach shár-ríomhaire EuroHPC nó i lárionad sár-ríomhaireachta atá lonnaithe san Aontas. 7. Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, 5 bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an tsár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS arna shuiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS a aistriú chuig an eintiteas óstach sin nó féadfar an sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcomhaontú óstach. I gcás aistriú úinéireachta sár-ríomhaire arna optamú leis an intleacht shaorga, déanfaidh an t-eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an eintiteas óstach ach má chinntear an sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS a dhíchoimisiúnú, comhroinnfear na costais ábhartha go cothrom idir an Comhghnóthas agus an t-eintiteas óstach. Ní bheidh dliteanas ar an gComhghnóthas maidir le haon chostas a thabhófar tar éis úinéireacht an tsár-ríomhaire arna optamú leis an intleacht shaorga a aistriú nó tar éis an sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS a dhíol nó a dhíchoimisiúnú.’ |
|
(7) |
leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
|
|
(8) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
|
(9) |
in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC ardleibhéil candamach, agus arna bharrfheabhsú le IS i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) le costas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC agus, dá bhrí sin, ní rachaidh sé thar 50 % d’aga rochtana iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. MARON
(1) Tuairim an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Tuairim an 20 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1732/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)