European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1716

28.6.2024

MOLADH (AE) 2024/1716 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Meitheamh 2024

lena leagtar amach treoirlínte maidir le léirmhíniú Airteagail 5, 6 agus 7 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tomhaltas fuinnimh san earnáil phoiblí, athchóiriú foirgneamh poiblí agus soláthar poiblí

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3744)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh isteach le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) ceanglas chun príomhsprioc maidir le coigilteas fuinnimh 32,5 % ar a laghad ar leibhéal an Aontais a bhaint amach faoi 2030.

(2)

Ina nótaí treorach ó 2013 ‘Airteagal 5: Ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí’ agus ‘Airteagal 6: Ceannach ag comhlachtaí poiblí’, thug an Coimisiún treoir do na Ballstáit maidir le príomhfhorálacha Threoir 2012/27/AE a thrasuí agus a chur chun feidhme ar an earnáil phoiblí, tacú leo chun na bearta, na huirlisí agus na modheolaíochtaí leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun go mbeidh sé ar a gcumas acu leas iomlán a bhaint as a n-acmhainneacht coigiltis fuinnimh agus an phríomhsprioc maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach.

(3)

Glacadh Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an 13 Meán Fómhair 2023. Rinneadh Treoir 2012/27/AE a athmhúnlú léi, agus coimeádadh cuid dá forálacha agus, an tráth céanna, tugadh isteach roinnt ceanglais nua. Go háirithe, ardaíodh go mór an leibhéal uaillmhéine le haghaidh 2030 i dtéarmaí éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an earnáil phoiblí.

(4)

Aithnítear ról ceannasach na hearnála poiblí ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de i gCaibidil II de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le ról eiseamláireach na hearnála poiblí. In Airteagal 5 ann, leagtar amach oibleagáidí nua chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú san earnáil phoiblí. Le hAirteagal 6 ann, cuirtear go mór le raon feidhme na hoibleagáide chun foirgnimh phoiblí a athchóiriú. In Airteagal 7 maidir leis an soláthar poiblí, oiriúnaítear oibleagáidí atá ann cheana agus leagtar amach oibleagáidí breise le haghaidh soláthar poiblí atá tíosach ar fhuinneamh.

(5)

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuitear Airteagail 5, 6 agus 7 de Threoir (AE) 2023/1791 agus Iarscríbhinn IV a ghabhann léi, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Deireadh Fómhair 2025.

(6)

Is féidir leis na Ballstáit a rogha bealaigh a roghnú chun na ceanglais maidir le ról eiseamláireach na hearnála poiblí a thrasuí agus a chur chun feidhme, arb é an bealach is fearr a oireann dá n-imthosca náisiúnta é. Sa chomhthéacs sin, mholfaí forálacha ábhartha de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú ar bhealach comhsheasmhach a rannchuideoidh le tuiscint chomhleanúnach ar Threoir (AE) 2023/1791 ó Bhallstát go chéile agus iad ag ullmhú a mbeart trasuite.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Ba cheart do na Ballstáit cloí leis na treoirlínte léirmhínitheacha atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo agus Airteagail 5, 6 agus 7 de Threoir (AE) 2023/1791 agus Iarscríbhinn IV a ghabhann léi á dtrasuí ina ndlí náisiúnta.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/27/oj).

(2)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj).


IARSCRÍBHINN

1.   Réamhrá

Leis na treoirlínte seo, tugtar treoir do na Ballstáit maidir le conas Treoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú agus í á trasuí ina reachtaíocht náisiúnta acu. Dírítear ann ar Airteagail 5, 6 agus 7 agus ar Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791.

Mar sin féin, baineann an léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais le hinniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   Comhthéacs Dlíthiúil agus Beartais

Tá dlúthnasc idir Airteagail 5, 6 agus 7 de Threoir (AE) 2023/1791, ós rud é go bhfuil tionchar ag baint amach na spriocanna maidir le hathchóiriú foirgneamh dá bhforáiltear in Airteagal 6 agus soláthar poiblí atá tíosach ar fhuinneamh ar na laghduithe ar an tomhaltas fuinnimh deiridh is gá do chomhlachtaí poiblí a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 5.

Tá dlúthbhaint ag na trí Airteagal sin freisin leis na hAirteagail seo a leanas de Threoir (AE) 2023/1791:

Airteagal 2 maidir le sainmhínithe, lena n-áirítear an sainmhíniú ar ‘comhlacht poiblí’;

Airteagal 24 maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú;

Airteagal 29(4) maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit comhlachtaí poiblí a spreagadh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid chun bacainní infheistíochta a shárú;

Airteagal 30 maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit cistiú poiblí agus rochtain ar uirlisí maoiniúcháin iomchuí a áirithiú;

Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 a mhéid a bhaineann leis an riail, i ndáil le bearta lena gcuirtear chun cinn feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh san earnáil phoiblí de bhun Airteagail 5 agus 6, go bhféadfar na bearta sin a chur san áireamh chun an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791.

Tá baint ag Airteagal 6 freisin le (AE) Treoir 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (‘an Treoir maidir le FFF’ anseo feasta), go háirithe a mhéid a bhaineann le foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh, foirgnimh astaíochtaí nialasacha, deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, forbhreathnú ar stoc foirgneamh a ullmhaítear mar cheanglas de na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, bunachar sonraí le haghaidh fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh, agus pasanna athchóirithe foirgnimh. Tá baint ag Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791 le Treoracha 2014/23/AE (2), 2014/24/AE (3), 2014/25/AE (4) agus 2009/81/AE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach an creat maidir leis an gcaoi a dtabharfar faoin soláthar d’fhonn comhlíontacht prionsabal amhail iomaíocht chóir a áirithiú agus an luach is fearr a fháil ar airgead cáiníocóirí, ach leagtar amach le hAirteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791 na ceanglais shonracha maidir le táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus saothair a cheannach ag a bhfuil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh.

3.   Sainmhíniú ar chomhlacht poiblí i dTreoir (AE) 2023/1791

3.1.   Ginearálta

Tá feidhm ag Airteagail 5 agus 6 de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le comhlachtaí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12) di: ciallaíonn ‘comhlachtaí poiblí’ údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis a mhaoiníonn agus a riarann na húdaráis sin go díreach ach nach de chineál tionsclaíoch nó tráchtála iad.

Os a choinne sin, tá feidhm ag Airteagal 7 maidir le húdaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (14) agus (15), de Threoir (AE) 2023/1791, lena dtagraítear, dá réir sin, do na sainmhínithe comhfhreagracha mar a shainmhínítear in Airteagal 6(1) de Threoir 2014/23/EU, Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/EU agus in Airteagal 7(1) de Threoir 2014/23/AE agus Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE.

Mar ghné fhíor-riachtanach den phunann bheartais chun a áirithiú go mbaintear amach na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6 de Threoir (AE) 2023/1791, d’fhéadfadh na Ballstáit ‘sásra comhroinnte sprice’ a chur chun feidhme i measc na gcomhlachtaí poiblí, ar gá dóibh le chéile mar ghrúpa a dtomhaltas fuinnimh deiridh a laghdú chun sprioc an Bhallstáit a bhaint amach go comhpháirteach. An chaoi ar cheart an chomhroinnt sprice sin a eagrú, braitheann sé go príomha ar chóras dlí agus riaracháin gach Ballstáit.

3.2.   Údaráis Náisiúnta, Réigiúnacha nó Áitiúla

Údaráis náisiúnta

Ní shainmhínítear údaráis náisiúnta i dTreoir (AE) 2023/1791, ná ní shainmhínítear iad i dTreoir 2014/23/AE, Treoir 2014/24/AE ná Treoir 2014/25/AE. Mar sin féin, maidir leis an sainmhíniú ar chomhlachtaí poiblí i dTreoir (AE) 2023/1791 agus i bhfianaise aithris 33 de Threoir (AE) 2023/1791, ina sonraítear go dtagraítear le ‘náisiúnta’, ‘réigiúnach’ agus ‘áitiúil’ don leibhéal faoi seach atá ag údarás sa struchtúr stáit, féadfar a thuiscint gurb ionann údaráis náisiúnta agus an leibhéal ‘lárnach’ rialtais nó an ‘Stát’. Cumhdaítear, go háirithe, aireachtaí nó ranna rialtais leis an leibhéal lárnach rialtais – arb é an leibhéal cónaidhme rialtais é i stáit chónaidhme (6).

Shonraigh an Chúirt Bhreithiúnais go n-áirítear le coincheap an ‘stáit’ gach comhlacht a fheidhmíonn cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha (7). Dá bhrí sin, áirítear freisin ar údaráis ar cuid den stát iad (agus ar údaráis náisiúnta iad ar an gcaoi sin) parlaimintí (8) agus na breithiúna (9).

Dá bhrí sin, féadfar a thuiscint go gcumhdaítear leis an liosta Údarás Rialtais Láir in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/24/AE údaráis chonarthacha a thiocfadh faoi choincheap na ‘n-údarás náisiúnta’.

Rinne an Chúirt Bhreithiúnais sonrú breise ar an sainmhíniú ar ‘stát’ i gcás Beentjes inar sonraíodh go gcumhdaítear le ‘stát’, ar a laghad, comhlacht ‘a leagtar síos a chomhdhéanamh agus a fheidhmeanna sa reachtaíocht agus a bhraitheann ar na húdaráis le haghaidh cheapadh a chomhaltaí, le haghaidh chomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as a bhearta, agus le haghaidh maoiniú conarthaí arb é is cúram dó iad a dhámhachtain.’  (10) Rinneadh an sainmhíniú sin a cháiliú ina dhiaidh sin chun eintitis gan pearsantacht dhlítheanach ar leith, agus iad sin amháin, a áireamh (11).

Údaráis réigiúnacha

I gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Threoir 2014/24/AE, áirítear ar ‘údaráis réigiúnacha’ údaráis a liostaítear go neamh-uileghabhálach in NUTS 1 agus 2 dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle (12) maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh. I stáit chónaidhme, tuigeann an Coimisiún go dtagraíonn an sainmhíniú sin don leibhéal réigiúnach den rialtas (lena n-áirítear stáit nó cúigí) agus go háirithe do na haireachtaí nó na ranna de na rialtais réigiúnacha sin (13).

Údaráis áitiúla

I gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Threoir 2014/24/AE, áirítear ar ‘údaráis áitiúla’ gach údarás de chuid na n-aonad riaracháin a thagann faoi NUTS 3 dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh, agus aonaid riaracháin bheaga a thagann faoi Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán céanna. Tugtar ‘aonaid riaracháin áitiúla’ (‘ARÁ’ anseo feasta) (14) orthu freisin. Tuigeann an Coimisiún go dtagraíonn an sainmhíniú sin do leibhéal áitiúil nó bardasach an rialtais, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla ghinearálta atá freagrach as gnóthaí áitiúla.

3.3.   Critéir Mhaoiniúcháin agus Riaracháin

Ginearálta

Foráiltear le hAirteagal 2, pointe (12) de Threoir (AE) 2023/1791 nach gcáilíonn ‘ eintitis ’ mar ‘comhlachtaí poiblí’ ach amháin i gcás inarb iad údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a dhéanann iad ‘ a mhaoiniú agus a riar go díreach ’  (15) (inter alia). Tugtar le tuiscint leis an téarma ‘ agus ’ gur gá an dá chritéar, i.e., an ‘critéar maoiniúcháin’ agus an ‘critéar riaracháin’ a chomhlíonadh chun go gcáilíonn eintiteas mar ‘chomhlacht poiblí’. (16)

Eintitis

Is eagraíochtaí teorannaithe iad ‘eintitis’ a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu. Ní mór an phearsantacht dhlítheanach a mheasúnú ar leibhéal na mBallstát. Mar sin féin, is féidir glacadh leis go ginearálta gur eintitis iad eintitis dhlítheanacha faoin dlí poiblí (comhlachtaí, institiúidí, cistí) agus faoin dlí príobháideach (mar shampla, corparáidí, comhlachais, fondúireachtaí príobháideacha, comharchumainn, Cuideachtaí Eorpacha (SEnna), Grúpálacha Eorpacha um Leas Eacnamaíoch (GELE)).

Critéar Riaracháin

Murab ionann agus an sainmhíniú ar chomhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí in Airteagal 2(1), pointe (4) de Threoir 2014/24/AE agus na critéir spleáchais a leagtar síos ann, sa sainmhíniú ar Chomhlachtaí Poiblí in Airteagal 2, pointe (12) de Threoir (AE) 2023/1791, ní thagraítear ach do na critéir riaracháin agus mhaoiniúcháin agus ní thagraítear don chritéar maoirseachta. Mínítear in aithris (35) de Threoir (AE) 2023/1791 go gcomhlíontar an critéar riaracháin má tá tromlach ag údarás náisiúnta, réigiúnach, nó áitiúil maidir le rogha bhainistíocht an eintitis. Tá an sainmhíniú sin éagsúil leis an sainmhíniú in Airteagal 2(1), pointe (4) de Threoir 2014/24/AE mar

(i)

ní dhéantar foráil ann maidir leis an gcás ina bhfuil tromlach ag comhlacht poiblí eile maidir le rogha bhainistíocht an eintitis agus

(ii)

tá sé teoranta do ‘bhainistíocht’ eintitis. Dá bhrí sin, le tromlach údaráis náisiúnta, réigiúnaigh nó áitiúil i rogha an bhoird riaracháin nó maoirseachta in eintiteas, agus ann sin amháin, ní cháilíonn eintiteas mar chomhlacht poiblí mar thoradh air sin.

Sa chomhthéacs sin, ‘níos mó ná leath’ an chiall a thuigfear leis an téarma ‘ tromlach ’. Mar sin féin, murab ionann agus an critéar ceapacháin in Airteagal 2(1), pointe (4)(c) de Threoir 2014/24/AE, ní leordhóthanach iad cearta ceapacháin indíreacha (mar shampla, ag comhlacht a gceapann údarás náisiúnta, réigiúnach, nó áitiúil é le tromlach) chun an critéar riaracháin a chomhlíonadh, ó tharla nach mór don riar ag na húdaráis sin a bheith díreach.

Critéar Maoiniúcháin

Tuigtear le maoiniú ó údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ranníocaíocht cistí, lena bhféadfar íocaíochtaí, iasachtaí, deontais, ráthaíochtaí, fóirdheontais nó soláthar pearsanra agus sócmhainní ábhartha a áireamh (ach gan a bheith teoranta dóibh sin).

Ciallaíonn maoinithe ag údaráis gur gá, dá bhrí sin, gurb ó na húdaráis phoiblí a thagann na hacmhainní a sholáthraítear do na heintitis i gceist. Más rud é, ar an taobh eile, go soláthraítear an maoiniú go príomha trí bhailiú táillí (mar is amhlaidh, mar shampla, i gcás craoltóirí poiblí nó cistí árachais sláinte) bunaithe ar fhoráil reachtúil chomhfhreagrach seachas go díreach ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, ní ann d’aon mhaoiniú ó údaráis phoiblí agus dá bhrí sin, ní chomhlíonfaí an critéar maoiniúcháin de bhun Airteagal 2, pointe (12) de Threoir (AE) 2023/1791. Is amhlaidh an scéal i gcás ina ndeonaíonn údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla do na heintitis ábhartha an ceart chun na táillí faoi seach a bhailiú iad féin.

In Aithris 35 de Threoir (AE) 2023/1791, cáilítear an critéar maoiniúcháin a áirítear in Airteagal 2, pointe (12) sa mhéid nach gcomhlíontar é ach amháin i gcás ina ndéantar eintiteas áirithe a chistiú den chuid is mó le cistí poiblí. Féadfar ‘ a chistiú den chuid is mó ’ a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn ‘níos mó ná leath’, i.e., níos mó ná 50 %. Dá réir sin, a luaithe a sháraítear an teorainn 50 %, comhlíontar an critéar maoiniúcháin d’Airteagal 2, pointe (12).

Gan bheith de Chineál Tionsclaíoch ná Tráchtála

I gcomhréir leis an bhfoclaíocht in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir (AE) 2023/1791, i gcomparáid leis an sainmhíniú ar ‘comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí’ sna Treoracha maidir le Soláthar Poiblí, ní cheanglaítear leis an sainmhíniú ar Chomhlachtaí Poiblí go mbunaítear eintitis go sonrach chun riachtanais ar mhaithe leis an leas ginearálta a chomhlíonadh chun bheith cumhdaithe ag an sainmhíniú sin. Dá réir sin, maidir leis an iniúchadh ar easpa cineál tionsclaíoch nó tráchtála i gcás na n-eintiteas i gceist mar a fhoráiltear le hAirteagal 2, pointe (12), de Threoir (AE) 2023/1791, ní gá fíorú a dhéanamh roimh an iniúchadh sin ar cé acu a bunaíodh nó nár bunaíodh na heintitis sin go sonrach chun riachtanais ar mhaithe leis an leas ginearálta a chomhlíonadh.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, gach imthoisc dhlíthiúil agus fhíorasach atá ann tráth bunaithe an eintitis agus na coinníollacha a bhfuil gníomhaíocht an eintitis faoina réir, ní mór iad a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gníomhaíocht á déanamh ag eintiteas i gcáil thionsclaíoch nó tráchtála (17). I dtéarmaí níos ginearálta, má fheidhmíonn eintiteas faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, má tá sé d’aidhm aige brabús a dhéanamh, agus má iompraíonn sé na caillteanais a bhaineann le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach dócha nach de chineál tionsclaíoch ná tráchtála iad na gníomhaíochtaí a bhíonn á saothrú ag an eintiteas sin (18). Uaidh sin, féadfar a thuiscint maidir le heintiteas nach ndéanann cúraimí ‘de chineál tionsclaíoch ná tráchtála’, gur eintiteas é – i bprionsabal – nach mbíonn rannpháirteach sa saol tráchtála ginearálta ar an margadh ábhartha in iomaíocht le hoibreoirí eacnamaíocha príobháideacha faoi na dálaí céanna (i.e. i gcomhréir leis na rialacha eacnamaíocha céanna) agus nach n-iompraíonn sé riosca eacnamaíoch (lena n-áirítear riosca dócmhainneachta) a ghníomhaíochtaí.

Cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn eintiteas den sórt sin go hiomlán faoi choinníollacha iomaíochta, mar shampla, ní hamháin go ndéanfar measúnú air sin i ndáil lena chuspóirí (lena n-áirítear i ndáil leis an gcuspóir corparáideach a shainítear sna hairteagail chomhlachais nó sna fodhlíthe) ach thar aon ní eile déanfar measúnú air bunaithe ar mheasúnú oibiachtúil ar an margadh sonrach i gceist. Sa chiall sin, tá sé ábhartha go háirithe cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an t-eintiteas a chúraimí i staid iomaíoch le cuideachtaí príobháideacha nó cuideachtaí atá dírithe ar chuspóirí earnála príobháidí, nó cé acu a eisiatar nó nach n-eisiatar é go pointe áirithe ar a laghad ó ‘staid iomaíoch’ ar an margadh i ngeall ar shuíomh speisialta dlíthiúil nó fíorasach.

Léiriú eile ar chúram de ‘chineál neamhthráchtála’ is ea nach é an t-eintiteas féin a iompraíonn caillteanais airgeadais, ach sonraítear oibleagáid iompartha costas an stáit mar shampla, sa dlí nó sna hairteagail chomhlachais nó i gcomhaontuithe eile faoin dlí príobháideach, nó dealraíonn sé an-dóchúil gurb é an stát a iompróidh iad – glacadh an treo sin, mar shampla, i ndáil le príosúin stáit (19). I bhfocail eile, ní infheidhme an t-aicmiú mar ghníomhaíocht tráchtála murab ann don ‘riosca airgeadais’.

Ar argóintí eile i bhfabhar gníomhaíocht ‘neamhthráchtála’ a bheith ann, tá an dóchúlacht go ndéanfadh údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil bearta chun leachtú éigeantach an eintitis a chosc nó go ndéanfadh údarás den sórt sin bearta chun eintiteas a ‘tharrtháil’ seachas ligean dó cliseadh (20).

Más rud é go bhfuil aon ghníomhaíocht neamhthráchtála (anuas ar ghníomhaíochtaí tráchtála) ag eintiteas, tá na gníomhaíochtaí neamhthráchtála cinntitheach agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-eintiteas i gceist ina Chomhlacht Poiblí fiú más rud é gur de chineál neamhthráchtála formhór a ghníomhaíochtaí (21). Is fíor é sin fiú amháin i gcás ina bhfuil deighilt shoiléir idir gníomhaíochtaí tráchtála eintiteas agus a ghníomhaíochtaí neamhthráchtála.

Comhlachtaí poiblí sa dlí-eolaíocht

Agus an sainmhíniú ar Chomhlachtaí Poiblí á chur i bhfeidhm, agus mar thagairt fhéideartha chun na húdaráis agus na heintitis a thagann faoi raon feidhme an tsainmhínithe in Airteagal 2, pointe (12) de Threoir (AE) 2023/1791 a bhunú, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an liosta údarás rialtais láir – arb ‘údaráis náisiúnta’ iad de réir bhrí Airteagal 2, pointe (12) de Threoir (AE) 2023/1791 – in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/24/AE.

Ar shamplaí d’eintitis ar cáilíodh iad sa chásdlí nach de chineál tionsclaíoch ná tráchtála iad, tá (22):

Eintiteas Spáinneach atá bainteach le gníomhaíochtaí tacaíochta a sholáthar don tseirbhís príosúin (23)

Funeral Vienna Ltd. (Bestattung Wien GmbH) (24);

Fernwärme Wien Gesellschaft m.b.H. (25);

Telekom Austria AG; (26)

comhlachas tithíochta neamhbhrabúsach (27)  (28).

4.   Oibleagáid a bhaineann le hAirteagal 5

4.1.   Oibleagáid chun an tomhaltas fuinnimh deiridh a laghdú

Is rud nua é Airteagal 5 i gcomparáid le Treoir 2012/27/AE.

Ceanglaítear le hAirteagal 5(1) ar na Ballstáit a áirithiú go ndéantar tomhaltas fuinnimh deiridh iomlán na gcomhlachtaí poiblí go léir le chéile a laghdú 1,9 % ar a laghad gach bliain, i gcomparáid le bliain bhonnlíne 2021.

Ba cheart an laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh teacht ó fheabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh ar fud gach seirbhíse poiblí den chuid is mó (29).

D’fhéadfadh na Ballstáit a roghnú earnálacha an iompair phoiblí agus na bhfórsaí armtha a dhíolmhú ón oibleagáid sin. Mar thoradh air sin, d’fhéadfaí an dá earnáil nó earnáil amháin díobh a dhíolmhú. Mar sin féin, ba cheart a chur i dtábhacht gur féidearthacht seachas oibleagáid é sin. Tá earnáil na bhfórsaí armtha dian ar fhuinneamh, agus cumhdaítear léi cuid mhór de thomhaltas fuinnimh na hearnála poiblí (30). Thairis sin, mar thoradh ar obair an Fhóraim Comhairliúcháin maidir le Fuinneamh Inbhuanaithe in Earnáil na Cosanta agus na Slándála (31), ar cuireadh tús léi in 2016, tá eolas maith ag earnáil na cosanta ar ghníomhaíochtaí maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus tá an earnáil fabhrach dóibh go ginearálta. Chomh maith leis sin, san earnáil iompair phoiblí tá acmhainneacht mhór ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de atá tarraingteach ar bhonn eacnamaíoch, go háirithe i leictriú an iompair. Thairis sin, is í sin an t-aon earnáil eacnamaíoch inar tháinig méadú seasmhach ar an tomhaltas fuinnimh in imeacht na mblianta. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit measúnú cúramach a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh na fórsaí armtha agus an earnáil iompair phoiblí rannchuidiú chun na cuspóirí náisiúnta a bhaint amach agus moltar dóibh cuimhneamh ar dheireadh a chur leis na bacainní rialaitheacha agus reachtacha atá ar a n-úsáid iomlán.

Sprioc tháscach atá sa sprioc maidir le laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhaint amach go dtí deireadh na hidirthréimhse, arb é 4 bliana tar éis dháta an teacht i bhfeidhm atá ann le haghaidh na forála seo (i.e. faoin 11 Deireadh Fómhair 2027), agus ní bheidh sé éigeantach go dtí tar éis an dáta sin.

Thairis sin, an oibleagáid chun laghdú 1,9 % a bhaint amach ar an tomhaltas fuinnimh deiridh iomlán, ní bheidh feidhm aige maidir le comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 iontu go dtí an 31 Nollaig 2026, agus ní bheidh feidhm aige maidir le comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 5 000 iontu go dtí an 31 Nollaig 2029.

Ní bheartaítear laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhaintear amach le laghdú ar an leibhéal seirbhíse poiblí faoin éileamh iarbhír.

Tábla 1

Forbhreathnú ar oibleagáidí a bhaineann leis an earnáil phoiblí

Oibleagáid

Tús na hoibleagáide

Minicíocht

Laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh

Cinneadh na bonnlíne tomhaltais fuinnimh deiridh le haghaidh bhliain féilire 2021

faoin 11 Deireadh Fómhair 2027

N/B

Maidir le gach comhlacht poiblí seachas comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 iontu: Laghdú 1,9 % ar a laghad a bhaint amach ar an tomhaltas fuinnimh deiridh

dáta trasuite

gach bliain

Maidir le comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 iontu: Laghdú 1,9 % ar a laghad a bhaint amach ar an tomhaltas fuinnimh deiridh gach bliain

1 Eanáir 2027

gach bliain

Maidir le comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 5 000 iontu: Laghdú 1,9 % ar a laghad a bhaint amach ar an tomhaltas fuinnimh deiridh gach bliain

1 Eanáir 2030

gach bliain

Ceanglais bheartais a bhaineann le tacaíocht comhlachtaí poiblí

A áirithiú go mbunaíonn gach údarás réigiúnach agus áitiúil bearta éifeachtúlachta fuinnimh sonracha ina n-uirlisí pleanála fadtéarmaí

dáta trasuite

go leanúnach

A áirithiú go mbíonn gach údarás, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, rannpháirteach go gníomhach i gcur chun feidhme beartas a bhaineann leis an mbochtaineacht fuinnimh

dáta trasuite

go leanúnach

Tacú le comhlachtaí poiblí i nglacadh beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh

dáta trasuite

go leanúnach

Comhlachtaí poiblí a spreagadh chun cuimhneamh ar astaíochtaí carbóin saolré agus infheistíocht á déanamh acu i bhfoirgnimh phoiblí

dáta trasuite

go leanúnach

Comhlachtaí poiblí a spreagadh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh, lena n-áirítear trí théitheoirí neamhéifeachtúla a athsholáthar

dáta trasuite

go leanúnach

Fardal foirgneamh

Fardal foirgneamh téite agus/nó fuaraithe a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh inrochtana

dáta trasuite

N/B

An fardal a thabhairt cothrom le dáta

dáta trasuite

Gach 2 bhliain

Oibleagáid maidir le hathchóiriú

Meastachán a dhéanamh ar an sprioc 3 % bunaithe ar an achar urláir iomlán d’fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad ón 1 Eanáir 2024

dáta trasuite

N/B

Athchóiriú a dhéanamh ar 3 % d’achar urláir iomlán foirgneamh téite agus/nó fuaraithe

dáta trasuite

Gach bliain

Caibidlíocht a dhéanamh le húinéirí foirgnimh chun foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgneamh astaíochtaí nialasacha a dhéanamh de

dáta trasuite

go leanúnach

Cur chuige malartach

Fógra a thabhairt don Choimisiún faoi choigilteas fuinnimh réamh-mheasta a bhainfí amach faoin 31 Nollaig 2030 faoin bpríomhchur chuige

faoin 31 Nollaig 2023

N/B

Méid coigiltis fuinnimh a bhaint amach atá coibhéiseach leis an gcoigilteas a bhainfí amach leis an bpríomhchur chuige

dáta trasuite

Gach bliain

Pas athchóirithe foirgnimh a eisiúint d’fhoirgnimh arb ionann iad agus 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe

dáta trasuite

Gach bliain

Foirgnimh ar eisíodh pas athchóirithe dóibh a athchóiriú ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha

faoi 2040

N/B

Éifeachtúlacht fuinnimh sa soláthar poiblí

Gan ach táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus oibreacha ag a bhfuil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh a cheannach

dáta trasuite

go leanúnach

Bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm

dáta trasuite

go leanúnach

Gnéithe inbhuanaitheachta níos forleithne a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí

dáta trasuite

go leanúnach

Measúnú a dhéanamh ar an indéantacht a bhaineann le conarthaí feidhmíochta fuinnimh fadtéarmacha a thabhairt i gcrích agus conarthaí seirbhíse lena ngabhann luach suntasach fuinnimh á soláthar

dáta trasuite

go leanúnach

An pacáiste táirgí a cheannach a chomhlíonann an critéar maidir leis an aicme is airde éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil

dáta trasuite

go leanúnach

Critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas nó na critéir náisiúnta choibhéiseacha a bheidh ar fáil a chur san áireamh.

dáta trasuite

go leanúnach

Faisnéis a chur ar fáil go poiblí maidir le tionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí

dáta trasuite

go leanúnach

4.1.1.   Cinneadh na bonnlíne

Bunphrionsabail

Sainmhínítear an bhonnlíne tomhaltais fuinnimh deiridh mar thomhaltas fuinnimh deiridh iomlán gach comhlachta phoiblí i mBallstát i rith na bliana bonnlíne, ar ina aghaidh a dhéanfar faireachán ar bhaint amach na sprice sna blianta ina dhiaidh sin. Sainmhínítear bliain féilire 2021 mar an bhliain bhonnlíne in Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2023/1791.

Tá feidhm ag Airteagal 5 de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le comhlachtaí poiblí (féach roinn 3) ina n-iomláine.

Cumhdaítear leis an oibleagáid an tomhaltas fuinnimh deiridh iomlán ó gach earnáil phoiblí, lena n-áirítear, dá bhrí sin, foirgnimh phoiblí, cúram sláinte, pleanáil spásúlachta, bainistiú uisce agus cóireáil fuíolluisce, camras agus íonú uisce, bainistiú dramhaíola, soilsiú poiblí, oideachas agus seirbhísí sóisialta, TFC (32)

Tagraítear le tomhaltas fuinnimh deiridh comhlachtaí poiblí don fhuinneamh a thomhlaítear mar thoradh ar ghníomhaíochtaí comhlachtaí poiblí, mar shampla i bhfoirgnimh, saoráidí, áitribh, fearais, feithiclí etc. ar le comhlachtaí poiblí iad nó a bhíonn in úsáid acu.

Beidh bailiú cuimsitheach sonraí ó bhun aníos lena mbaineann gach comhlacht poiblí sa Bhallstát atá faoi raon feidhme na hoibleagáide ag teastáil le haghaidh bhailiú na sonraí riachtanacha ar fad maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh na bliana bonnlíne, agus le haghaidh na mblianta a chumhdaítear leis an oibleagáid. D’áireofaí leis sin comhlachtaí poiblí in earnálacha na cosanta agus an iompair dá roghnódh Ballstát laghdú fuinnimh na n-earnálacha sin a chur san áireamh sna gnóthachtálacha faoi Airteagal 5 de Threoir (AE) 2023/1791. D’fhéadfadh sé nach mbeadh fáil ar shonraí comhdhlúite reatha ó staidreamh fuinnimh ach amháin le haghaidh codanna roghnaithe den earnáil phoiblí mar a shainmhínítear le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2023/1791 (33) agus d’fhéadfaí eintitis éagsúla a áireamh leo. Le hidirthréimhse 2 bhliain de bhreis ar an tréimhse thrasuite 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2023/1791, tabharfar am breise do na Ballstáit na próisis a bhunú le haghaidh bailiú sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh lena gcumhdaítear gach comhlacht poiblí. Féadfaidh na Ballstáit sonraí measta a úsáid le haghaidh na bonnlíne tomhaltais fuinnimh deiridh le linn na hidirthréimhse sin. Tar éis na tréimhse 4 bliana sin, faoin 11 Deireadh Fómhair 2027, nuair a thiocfaidh an oibleagáid i bhfeidhm, beidh an bhonnlíne coigeartaithe ag na Ballstáit agus í ailínithe go hiomlán le tomhaltas fuinnimh deiridh iarbhír gach comhlachta phoiblí. Más rud é go bhfaighfear amach gur fágadh ar lár comhlachtaí poiblí ar leith, ceartófar an bhonnlíne. I gcás ar bith, moltar tosú ar shonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhailiú ó gach comhlacht poiblí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach. Fanann an bhliain bhonnlíne gan athrú, agus d’fhéadfadh deacrachtaí breise a bheith ann sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh ó 2021 a bhailiú roinnt blianta amach anseo.

Go hiondúil, beidh sé ar chumas comhlachtaí poiblí sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh a fháil óna sonraisc bunaithe ar shonraí maidir leis an tomhaltas bliantúil méadraithe (34). I gcásanna áirithe, bailítear an fhaisnéis faoin tomhaltas fuinnimh deiridh i gcórais chuntasaíochta, leabharchoimeádta fuinnimh nó faireacháin fuinnimh, a bhíonn á mbainistiú ag údaráis phoiblí.

Má áirítear tomhaltas fuinnimh comhlachtaí poiblí sa ráiteas maidir le costais oibriúcháin, mar shampla i gcás ina bhfuil cuid d’fhoirgneamh ar cíos ag comhlacht poiblí agus ina n-íocann an t-úinéir an costas fuinnimh ar an gcéad dul síos sula ndáiltear an costas ar na tionóntaí ina dhiaidh sin, ansin ní mór an tomhaltas fuinnimh deiridh sin a chur san áireamh freisin.

Maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear i bhfoirgneamh poiblí nó i saoráid phoiblí, más é eintiteas eile seachas an comhlacht poiblí a úsáideann an fuinneamh sin, mar shampla tionónta foirgnimh phoiblí amhail tionóntaí tithíochta sóisialta, ní áirítear an tomhaltas fuinnimh sin i dtomhaltas fuinnimh deiridh an chomhlachta phoiblí.

Maidir leis an táirgeadh ón bhfótavoltachas agus ón ngriantéamh, is cuid den tomhaltas fuinnimh deiridh é an sciar d’fhéintomhaltas an údaráis phoiblí (35). An sciar den táirgeadh ón bhfótavoltachas nó ón ngriantéamh a chuirtear isteach san eangach nó a sholáthraítear do tháirgeoirí is tomhaltóirí seachtracha de phobal fuinnimh, ní áirítear é mar thomhaltas fuinnimh deiridh an chomhlachta phoiblí is táirgeoir.

I gcás soláthar fuinnimh trí theaschaidéal, ní chuirtear san áireamh ach an leictreachas is gá le haghaidh oibriú an teaschaidéil (36). Ní chuirtear san áireamh an teas comhthimpeallach.

Dí-chomhiomlánú an tomhaltais fuinnimh deiridh

Na sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh na bliana bonnlíne chomh maith leis na blianta ina dhiaidh sin, ba cheart iad a bhailiú ar leibhéal iomchuí dí-chomhiomlánaithe den tomhaltas fuinnimh deiridh, bunaithe ar na nithe seo a leanas:

Nósanna imeachta um choigeartú atá idir iontaofa agus sothuigthe a chur chun feidhme i gcomhréir leis an úrscothacht (féach roinn 4.1.3);

Seiceáil dealraitheachta a chumasú ar an tomhaltas bonnlíne agus ar an tomhaltas sna blianta ina dhiaidh sin i dtuairisciú éigeantach na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir (AE) 2023/1791 (37).

Cé nach bhforáiltear aon dí-chomhiomlánú íosta foirmiúil i dTreoir (AE) 2023/1791 agus go bhféadfaidh na Ballstáit bealaí eile a úsáid chun na sonraí a dhí-chomhiomlánú, léirítear i Table 2 sampla den mhéid a d’fhéadfadh a bheith i gceist le leibhéal iomchuí dí-chomhiomlánaithe de na sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh atá le bailiú le haghaidh gach comhlachta phoiblí le haghaidh na bliana bonnlíne agus le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin. Bunaítear an dí-chomhiomlánú a léirítear ar an gcur chuige a úsáidtear in iniúchtaí fuinnimh agus tá sé mionsonraithe a dhóthain chun na gcríoch a luaitear thuas. Go hiondúil, is féidir na sonraí sin go léir a bhailiú ó bhillí fuinnimh agus a chruinniú i gcórais leabharchoimeádta fuinnimh atá ann cheana. Thairis sin, moltar do gach comhlacht poiblí in aon Bhallstát amháin a sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh a thaifeadadh san fhormáid chéanna. Na fo-earnálacha agus na gníomhaíochtaí sa chéad cholún, is leordhóthanach iad freisin chun an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tomhaltas na gcomhlachtaí poiblí a dhí-chomhiomlánú de réir earnála faoi Airteagal 5(5) de Threoir (AE) 2023/1791.

Tábla 2

Réimsí sonraí le haghaidh bhailiú an tomhaltais fuinnimh deiridh (bonnlíne agus tuairiscí bliantúla) in aghaidh an chomhlachta phoiblí

Earnálacha tomhaltais agus seirbhísí poiblí

Leictreachas (38)

Téamh ceantair

Fuarú ceantair

Gás nádúrtha

Ola théite

Gásailín

Díosal

Millíní

Slisíní adhmaid

Breosla bithmhaise soladach

Breosla iontaise soladach

Bithghás

Breoslaí eile

IOMLÁN

Tomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Foirgnimh oifigí agus riaracháin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ospidéil agus foirgnimh cúraim sláinte

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Scoileanna agus naíscoileanna

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ollscoileanna

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Monarchana agus foirgnimh cheardlainne

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Foirgnimh phoiblí eile (atá faoi úinéireacht nó ar cíos)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tomhaltas fuinnimh le haghaidh próiseas

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Soilsiú poiblí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Soláthar uisce

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cóireáil fuíolluisce

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Bainistiú dramhaíola

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Próisis eile

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tomhaltas fuinnimh le haghaidh seirbhísí soghluaisteachta

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iompar poiblí (39)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Flít feithiclí ar leis an gcomhlacht poiblí iad chun críoch eile seachas iompar poiblí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Fórsaí armtha  (40)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

IOMLÁN

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Bonnlíne tomhaltais fuinnimh le haghaidh comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 agus níos lú ná 5 000 iontu

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Threoir (AE) 2023/1791, an oibleagáid maidir le laghdú a bhaint amach ar an tomhaltas fuinnimh deiridh, ní bheidh feidhm aige maidir le comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 iontu go dtí an 31 Nollaig 2026, agus ní bheidh feidhm aige maidir le comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 5 000 iontu go dtí an 31 Nollaig 2029. Is é 2021 an bhliain bhonnlíne le haghaidh an dá ghrúpa, áfach.

Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit gan fanacht chun na sonraí bonnlíne a bhailiú maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh an dá ghrúpa comhlachtaí poiblí sin go dtí go mbeidh an oibleagáid i bhfeidhm, ach tosú láithreach ar an mbailiú tar éis theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2023/1791. Mar sin féin, tá breis ama ar fáil don dá ghrúpa sin chun na nósanna imeachta riachtanacha a bhunú agus chun bailiú na sonraí riachtanacha uile maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh a chríochnú.

Bonnlíne shonrach tomhaltais fuinnimh le haghaidh earnálacha díolmhaithe

Más mian le Ballstát laghduithe ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a baineadh amach in earnálacha an iompair phoiblí nó na bhfórsaí armtha a chur san áireamh le haghaidh na sprice maidir le laghdú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Threoir (AE) 2023/1791, ansin ní mór bonnlíne shonrach tomhaltais fuinnimh deiridh a bhunú, nach n-úsáidfear í ach chun an laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhaintear amach sna hearnálacha sonracha sin a ríomh. Is é 2021 an bhliain bhonnlíne mar is amhlaidh le haghaidh gach comhlachta phoiblí eile. An difríocht idir an tomhaltas fuinnimh deiridh sa bhliain bhonnlíne agus an tomhaltas fuinnimh deiridh iarbhír i mbliain áirithe, léirítear leis an difríocht sin an laghdú ar an tomhaltas is féidir a áireamh le haghaidh na sprice maidir le laghdú sa bhliain sin. Féadfar na sonraí le haghaidh na bhfórsaí armtha a bhailiú agus a sholáthar ar leibhéal comhiomlánaithe.

Tá saoirse ag na Ballstáit an rogha sin a chur i bhfeidhm, agus féadfaidh siad an rogha a úsáid ar feadh bliain amháin nó níos mó agus le haghaidh aon earnála amháin nó an dá earnáil.

4.1.2.   Ríomh na spriocanna maidir le laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh gach bliana

I ngeall ar thabhairt isteach comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin ar mhéideanna éagsúla ina gcéimeanna mar a thuairiscítear thuas, ní mór an oibleagáid i ndáil le laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a ríomh ar leithligh le haghaidh gach grúpa comhlachtaí poiblí.

Nuair a shaineofar an bhonnlíne le haghaidh gach grúpa ar leithligh, i.e., le haghaidh na gcomhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 5 000 iontu, le haghaidh na gcomhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000, ach níos mó ná 5 000, iontu, ansin is féidir an sprioc maidir le laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a shloinneadh mar thomhaltas fuinnimh deiridh uasta.

Ar bhonn na luachanna bonnlíne measta le haghaidh na dtrí ghrúpa comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin ar mhéideanna éagsúla, léirítear in Figure 1 thíos an fhorbairt a thagann ar an tomhaltas fuinnimh deiridh uasta le himeacht ama, ag tosú le 2025. In 2025, oibleagáid pro rata atá san oibleagáid a thosóidh faoin 11 Deireadh Fómhair i mbliain an trasuite, ciallaíonn sé sin nach gá do na Ballstáit an 1,9 % iomlán den laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh i gcomparáid leis an mbonnlíne a bhaint amach, ach an chuid pro rata den bhliain iomlán ag tosú leis an dáta trasuite, agus é sin amháin, is é sin 0,4 %. Thairis sin, spriocanna táscacha atá ann go dtí 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach. Áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 foirmlí mionsonraithe chun an sprioc maidir le laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a ríomh le haghaidh gach bliana.

Fíor 1:

Sampla le haghaidh forbairt de réir a chéile ar spriocluachanna tomhaltais fuinnimh deiridh (luachanna measta le haghaidh ‘Ghrúpa Bonnlíne 1’ (G1) = 100 aonad fuinnimh; ‘Grúpa Bonnlíne 2’ (G2; comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 agus níos mó ná 5 000 iontu) = 70; ‘Grúpa Bonnlíne 3’ (G3, comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 5 000 iontu) = 70; tá feidhm ag sprioc pro rata maidir le 2025).

Image 1

Má cheartaítear an bhonnlíne, mar shampla, tar éis na hidirthréimhse nuair a chuirtear fíorluachanna in ionad luachanna measta, nó ar aon chúis eile sna blianta ina dhiaidh sin (41), ní mór na spriocanna a athríomh leis na luachanna bonnlíne nua.

Moltar blianta féilire a úsáid chun comhlíonadh na hoibleagáide a thuairisciú mar ní mór an bhonnlíne a bhunú le haghaidh bhliain féilire 2021 agus ceanglaítear tréimhsí tuairiscithe 2 bhliain féilire le haghaidh an tuairiscithe faoin bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

Baintear amach an sprioc maidir le laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh i mbliain ar leith más rud é gurb ísle an tomhaltas fuinnimh deiridh iarbhír, b’fhéidir tar éis coigeartú a dhéanamh ar roinnt gnéithe den tomhaltas fuinnimh deiridh (féach roinn 4.1.3), ná an tomhaltas fuinnimh deiridh uasta sa bhliain sin. Figure 2 Léirítear thíos fíorú bhaint amach na spriocanna agus úsáid á baint as sampla na bliana 2031. Is é an sprioc atá le baint amach ag gach comhlacht poiblí le chéile in 2031 suim na luachanna bonnlíne le haghaidh gach ceann de na trí ghrúpa comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin ar mhéideanna éagsúla. Thairis sin, léirítear sa sampla an chaoi ar féidir le cuimsiú laghduithe ar an tomhaltas fuinnimh deiridh ó earnálacha an iompair phoiblí agus na bhfórsaí armtha rannchuidiú le baint amach na sprice, mar féadfar iad a asbhaint ón tomhaltas fuinnimh deiridh iarbhír sa bhliain sin.

Fíor 2.

Fíorú bhaint amach na spriocanna agus úsáid á baint as sampla na bliana 2031 , uair amháin gan laghduithe ar an tomhaltas fuinnimh deiridh ó earnálacha an iompair phoiblí agus na bhfórsaí armtha a chur san áireamh agus uair amháin leis na laghduithe sin a chur san áireamh

Image 2

4.1.3.   An laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh gach bliana a thaifeadadh

Gach bliain, ag tosú le 2025, beidh ar na Ballstáit sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhailiú arís ó chomhlachtaí poiblí de réir na modheolaíochta céanna agus an struchtúir sonraí chéanna a úsáideadh chun na sonraí le haghaidh shainiú na bonnlíne a bhailiú. I gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir (AE) 2023/1791, ní mór sonraí le haghaidh comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 iontu a bhailiú ó 2027 ar aghaidh. Maidir le comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 5 000 iontu, tosóidh an bailiú sonraí ó 2030 ar aghaidh. D’fhéadfadh sé gur mhian leis na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar cé acu a oibríonn nó nach n-oibríonn an nós imeachta bailithe sonraí iarbhír, agus ar cé acu is féidir nó nach féidir treocht i dtreo laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a thabhairt faoi deara sna comhlachtaí poiblí sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gurbh inmholta tús a chur leis an mbailiú sonraí i gcomhthreo leis na comhlachtaí poiblí eile a mbeidh feidhm leis an oibleagáid i ndáil le laghdú maidir leo in 2025.

Le hAirteagal 5(4) de Threoir (AE) 2023/1791, ceadaítear go sainráite do na Ballstáit éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát a chur san áireamh agus tomhaltas fuinnimh deiridh a gcomhlachtaí poiblí á ríomh acu.

Thairis sin, agus spriocanna foriomlána na Treorach á gcur san áireamh acu, féadfaidh na Ballstáit coigeartuithe breise a chur i bhfeidhm agus tomhaltas fuinnimh deiridh a gcomhlachtaí poiblí á ríomh acu. Go háirithe, áirítear leis sin an coigeartú ar leibhéil seirbhíse poiblí athraitheacha nó coigeartuithe i gcás ina ndéantar comhlachtaí poiblí a chur isteach, a bhaint, nó a athstruchtúrú. Ach an tomhaltas fuinnimh deiridh a choigeartú le haghaidh na dtosca tionchair sin, cuideofar chun aon mhórdhreasacht dhíobhálach nó aon mhórsceitheadh díobhálach a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2023/1791, amhail laghduithe ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhaintear amach le seachfhoinsiú nó an laghdú ar leibhéil seirbhíse.

Níl oibleagáid ar na Ballstáit éagsúlachtaí aeráide ná tosca tionchair eile a chur san áireamh. Má roghnaíonn Ballstát coigeartú a dhéanamh ar an tomhaltas fuinnimh le haghaidh éagsúlachtaí aeráide nó tosca tionchair eile, ba cheart dó faisnéis leordhóthanach a sholáthar chun míniú a thabhairt ar an gcaoi ar ríomhadh an coigeartú agus ar an tionchar a bhí ag an gcoigeartú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a thuairiscítear.

I gcomhréir leis an úrscothacht maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh a choigeartú ó éagsúlachtaí aeráide, mar a thuairiscítear go háirithe in ISO 17742 nó ISO 50049, ní fhéadfar an mhodheolaíocht choigeartúcháin a athrú ó bhliain go chéile. Thairis sin, an cur chuige coigeartúcháin a chuirtear i bhfeidhm, ní mór dó a bheith comhsheasmhach ó earnáil tomhaltais go chéile agus ní fhéadfar é a chur i bhfeidhm go roghnaíoch le haghaidh deighleoga sonracha tomhaltais, mar shampla, earnálacha, seirbhísí poiblí nó grúpaí comhlachtaí poiblí.

Má roghnaíonn Ballstát an cur chuige roghnaithe a athrú tar éis líon áirithe blianta tuairiscithe, níor mhór míniú cuimsitheach a sholáthar ar na cúiseanna le haon athrú agus, ar chúiseanna comhsheasmhachta, athríomh a sholáthar ar na figiúirí tomhaltais fuinnimh deiridh a tuairiscíodh le haghaidh na mblianta roimhe sin ina gcuirfí i bhfeidhm an cur chuige nua-roghnaithe ó earnáil go chéile agus ó sheirbhís phoiblí go chéile. Léireofar leis sin go gcomhlíontar oibleagáidí an airteagail go comhsheasmhach faoin modheolaíocht nua freisin.

Ina fhianaise sin, tugtar tuairisc go hachomair i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo ar chineálacha cur chuige mhodheolaíochta chun coigeartú a dhéanamh ar na ríomhanna le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh a meastar iad a bheith iomchuí de réir na húrscothachta. Féadfaidh na Ballstáit imeacht ón nós imeachta molta ar chúiseanna maithe agus údair iomchuí acu.

4.2.   Ceanglais bheartais in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2023/1791

Tá an tsaoirse ag na Ballstáit an ‘meascán beartais’ a cheapadh arb é is aidhm dó na spriocanna maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhaint amach. Cé go bhfuil líon beag uirlisí éigeantacha in Airteagal 5(3), (4) agus (5) de Threoir (AE) 2023/1791, is féidir leis na Ballstáit na bealaí cur chun feidhme coincréiteacha a dhearadh agus cuid mhór solúbthachta acu.

Sna ranna seo a leanas, cuirtear i dtábhacht na mórcheanglais a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 5(3), (4) agus (5) de Threoir (AE) 2023/1791.

4.2.1.   Ceanglais maidir le huirlisí pleanála fadtéarmaí

I gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir (AE) 2023/1791, áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh gach údarás réigiúnach agus áitiúil bearta sonracha éifeachtúlachta fuinnimh ina n-uirlisí pleanála fadtéarmaí. Ciallaíonn sé sin nach mór do na Ballstáit bearta beartais iomchuí a chur chun feidhme a mbeidh mar thoradh orthu go n-úsáidfidh gach réigiún agus bardas uirlisí pleanála fadtéarmaí lena gcumhdaítear topaic na héifeachtúlachta fuinnimh ar a laghad. Ba cheart na pleananna fadtéarmacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bheith ina gcuid de phleananna níos forleithne dá bhféadfaí é, amhail pleananna maidir le dícharbónú nó fuinneamh inbhuanaithe, i gcás inarb ann do phleananna den sórt sin nó ina bhfuil siad á gcruthú.

Cineálacha éagsúla de phleananna maidir le dícharbónú nó fuinneamh inbhuanaithe a d’fhorbair údaráis áitiúla laistigh de thionscnaimh náisiúnta agus Eorpacha ábhartha, féadfaidh na Ballstáit iad sin a úsáid mar thúsphointe (42). Go hiondúil, is cuid dhílis den phróiseas pleanála sna tionscnaimh sin cheana féin iad bearta éifeachtúlachta fuinnimh. Thairis sin, déantar foráil i bhformhór na dtionscnamh maidir le dearbhú cáilíochta de shaghas éigin le haghaidh na bpleananna fadtéarmacha agus le haghaidh na nósanna imeachta cur chun feidhme freisin. Ina theannta sin, thosaigh roinnt Ballstát cheana féin ar chúrsaí fuinnimh inbhuanaithe, an éifeachtúlacht fuinnimh ina measc, a ionchorprú i bpleananna forbartha spásúlachta nó uirbeacha a n-ullmhaíonn réigiúin agus bardais iad go tráthrialta.

4.2.2.   An bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú

Áirítear le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791 na ceanglais maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus custaiméirí leochaileacha a chosaint nach mór do na Ballstáit iad a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs sin, níl sa bhreis in Airteagal 5(6) de Threoir (AE) 2023/1791 ach go n-áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn gach údarás, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla (43), rannpháirteach go gníomhach i gcur chun feidhme beartas a bhaineann leis an mbochtaineacht fuinnimh. Go háirithe, ní mór a áirithiú go ndéantar leasanna grúpaí tosaíochta (daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, daoine a mhaireann i dteaghlaigh ísealioncaim agus grúpaí leochaileacha) a chur san áireamh agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á bpleanáil agus á gcur chun feidhme, agus go maolaítear tionchair dhiúltacha mhóra dhíreacha nó indíreacha na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh. Tá feidhm aige sin maidir leis na pleananna fadtéarmacha i ndáil le héifeachtúlacht fuinnimh agus le dícharbónú, agus go háirithe maidir le tithíocht shóisialta ar le húdaráis réigiúnacha nó áitiúla í, pleananna agus beartais ar féidir iad a chur le chéile freisin le bearta agus infheistíochtaí atá incháilithe faoin gCiste Aeráide Sóisialta.

4.2.3.   Tacaíocht le haghaidh comhlachtaí poiblí i nglacadh beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh

Le hAirteagal 5(7) de Threoir (AE) 2023/1791, ceanglaítear ar na Ballstáit tacú, lena bhféadfaí tacaíocht airgeadais agus theicniúil a áireamh, le comhlachtaí poiblí i nglacadh beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, gan dochar do na rialacha maidir leis an státchabhair.

Go ginearálta, tá saoirse ag na Ballstáit na ‘pacáistí tacaíochta’ a dhearadh le haghaidh na gcomhlachtaí poiblí. Mar sin féin, ag tagairt do na samplaí a sholáthraítear in Airteagal 5(6) agus (7) de Threoir (AE) 2023/1791 agus bunaithe ar thaithí phraiticiúil, ba cheart a áireamh leis an tacaíocht na gnéithe tábhachtacha seo a leanas, i measc nithe eile (44):

tacaíocht theicniúil agus airgeadais chun feabhas a chur ar an bpleanáil fhadtéarmach a bhaineann le fuinneamh inbhuanaithe agus dícharbónú ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil;

tacaíocht theicniúil chun tionscadail infheistíochta a ullmhú, bunaithe ar thorthaí pleanála fadtéarmaí (‘píblínte tionscadal’);

tacaíocht airgeadais le haghaidh tionscadail infheistíochta in éifeachtúlacht fuinnimh, athchóiriú nó dícharbónú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2023/1791 (45);

tacaíocht maidir le comhtháthú tairbhí níos forleithne éifeachtúlachta fuinnimh agus breithnithe maidir le hastaíochtaí carbóin saolré a chomhtháthú i mbreithmheasanna infheistíochta arna seachadadh, mar shampla, trí chláir fothaithe acmhainneachta;

cúnamh teicniúil maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur i bhfeidhm, mar a cheanglaítear le hAirteagal 29(4) de Threoir (AE) 2023/1791.

Thairis sin, ba cheart rochtain a bheith ag gach comhlacht poiblí ar na bearta tacaíochta. Ní leordhóthanach cláir phíolótacha agus bearta lena mbaineann for-rochtain theoranta.

4.2.4.   Feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus téitheoirí neamhéifeachtúla a athsholáthar

Dírítear in Airteagal 5(9) de Threoir (AE) 2023/1791 ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh, lena n-áirítear sean-téitheoirí neamhéifeachtúla a athsholáthar mar bheart éifeachtúlachta fuinnimh thar a bheith mealltach ar féidir le comhlachtaí poiblí é a dhéanamh. Ós rud é go dtagraítear leis an oibleagáid in Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2023/1791 do laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh, bheadh laghduithe móra ar an tomhaltas fuinnimh deiridh ina dtoradh ar théamh ceantair (inathnuaite), i gcás inarb indéanta, nó teaschaidéil a chur in ionad coirí iontaise téimh.

5.   Oibleagáidí a bhaineann le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791

Cuirtear Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791 in ionad Airteagal 5 de Threoir 2012/27/AE. Is iad seo a leanas na príomhathruithe:

maidir le raon feidhme an cheanglais chun 3 % den achar urláir iomlán sna foirgnimh théite agus/nó fuaraithe a athchóiriú, leathnaíodh é ó fhoirgnimh atá faoi úinéireacht an rialtais láir agus ar áitiú aige chun na foirgnimh uile ar le comhlachtaí poiblí iad a chumhdach mar a shainmhínítear le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2023/1791;

méadaíodh an leibhéal athchóirithe is gá ó íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh (mar a shainítear in Airteagal 5 den Treoir maidir le FFF) go caighdeáin foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (mar a shainítear in Airteagal 2 pointe den Treoir maidir le FFF) nó foirgneamh astaíochtaí nialasacha (mar a shainítear in Airteagal 11 den Treoir maidir le FFF);

anuas ar leibhéal coibhéiseach coigiltis fuinnimh a bhaint amach gach bliain, ceanglaítear leis an gcur chuige malartach ar na Ballstáit pas athchóirithe a thabhairt isteach i gcás foirgnimh arb ionann iad agus 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí, chomh maith leis na foirgnimh sin a athchóiriú ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha roimh 2040.

Déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas chun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791 a chomhlíonadh:

a áirithiú go ndéantar athchóiriú ar 3 % ar a laghad den achar urláir iomlán sna foirgnimh théite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad, agus a bhfuil achar urláir úsáideach os cionn 250 m2 acu, gach bliain chun iad a athrú ar a laghad ina bhfoirgnimh a bheidh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha (cur chuige réamhshocraithe);

caibidlíocht a dhéanamh leis an úinéir, maidir le foirgnimh atá ar áitiú ag comhlachtaí poiblí ach nach le comhlachtaí poiblí iad, d’fhonn clásail chonarthacha a bhunú chun go mbeidh an foirgneamh ar a laghad ina fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha, go háirithe nuair a shroichfear pointe truicir amhail athnuachan cíosa, athrú úsáide, mórobair dheisiúcháin nó chothabhála;

fardal foirgneamh poiblí a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh inrochtana.

Féadfaidh na Ballstáit cur chuige malartach a chur i bhfeidhm, lena mbainfear amach coigilteas fuinnimh bliantúil a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis an gcoigilteas a bhainfear amach faoin gcur chuige réamhshocraithe. Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas chun cur chuige malartach a chur i bhfeidhm:

meastachán a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh a ghinfí le hathchóirithe de bhun Airteagal 6(1) go (4) de Threoir (AE) 2023/1791 trí úsáid a bhaint as luachanna caighdeánacha iomchuí le haghaidh tomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí tagartha roimh an athchóiriú ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha, agus ina dhiaidh sin;

a áirithiú go dtabharfar isteach, gach bliain, pas athchóirithe i gcás foirgnimh arb ionann iad agus 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad. I gcás na bhfoirgneamh sin, déanfar an t-athchóiriú ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh faoi 2040 ar a dhéanaí.

Foirgnimh a chumhdaítear le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791, is foirgnimh théite agus/nó fuaraithe iad ar le comhlachtaí poiblí iad nó atá ar áitiú acu, ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2 (Airteagal 6(1) den Treoir sin). Tá foirgnimh le léirmhíniú i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 2 pointe 1 den Treoir maidir le FFF i gcás ina gciallaíonn ‘foirgneamh’ ‘déanmhas faoi dhíon a bhfuil ballaí air, a n-úsáidtear fuinneamh lena aghaidh chun an timpeallacht laistigh a chóiriú’. Ciallaíonn ‘achar urláir úsáideach iomlán’ ‘achar urláir foirgnimh, nó cuid d’fhoirgneamh, ina n-úsáidtear fuinneamh chun an aeráid laistigh a chóiriú’ (Airteagal 2, pointe (13) de Threoir (AE) 2023/1791). Dá bhrí sin, eisiatar ón oibleagáid foirgnimh amhail garáistí nó trádstórais neamhthéite, mar shampla. Table 3 Tá forbhreathnú in ar na hoibleagáidí éagsúla de réir na gcatagóirí foirgnimh a áirítear in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791.

Tábla 3.

Raon feidhme na n-oibleagáidí éagsúla in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791

Catagóir

San áireamh san fhardal

San áireamh sa bhonnlíne (46)

Oibleagáid chun athchóiriú a dhéanamh

Rannchuidiú le baint amach na sprice maidir le hathchóiriú go foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh

Tagairt

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(1-4) agus 6(6)

Ar áitiú ag comhlachtaí poiblí ach nach le comhlachtaí poiblí iad

NÍL

NÍL (47)

NÍL

Faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí

Foirgnimh ar foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh iad cheana féin ón 1 Eanáir 2024

NÍL

NÍL

NÍL

Tithíocht shóisialta – athchóiriú NACH bhfuil neodrach ó thaobh costais de

NÍL

NÍL

NÍL

Tithíocht shóisialta – athchóiriú neodrach ó thaobh costais de

Foirgnimh nach bhfuil sé indéanta ar bhonn teicniúil, eacnamaíoch ná feidhmiúil na foirgnimh sin a athrú ina bhfoirgnimh a bheidh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de (Airt. 6(2) fomhír 2)

NÍL

 (48)

Foirgnimh speisialta mar a shonraítear faoi Airt. 6(2)(a)-(c).

 (49)

Gach foirgneamh eile ar a ndírítear leis an oibleagáid athchóiriú a dhéanamh > 250 m2

Foirgnimh eile ≤ 250 m2

NÍL (50)

NÍL

NÍL

NÍL

Na hoibleagáidí maidir le hathchóiriú agus coigilteas fuinneamh a leagtar amach le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791, ní mór do na Ballstáit iad a chomhlíonadh gach bliain ón dáta trasuite an 11 Deireadh Fómhair 2025. Chun críoch bailithe sonraí agus tuairiscithe, moltar do na Ballstáit an bhliain féilire a úsáid mar bhonn chun a n-oibleagáidí a ríomh agus a thuairisciú. Le linn na tréimhse ón dáta trasuite go dtí deireadh na bliana, an ceanglas maidir leis an líon m2 atá le hathchóiriú, nó an coigilteas fuinnimh atá le baint amach, is féidir é a ríomh pro rata, is é sin 0,7 % d’achar fhoirgnimh gach comhlachta phoiblí in 2025, anuas ar an 2,3 % d’fhoirgnimh rialtais láir atá le hathchóiriú in 2025 i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2012/27/AE.

Le coincheap an athchóirithe fuinnimh, tugtar tuairisc ar fheabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh aon cheann amháin nó níos mó d’eilimintí foirgnimh, mar shampla an t-imchlúdach foirgnimh nó na córais theicniúla foirgnimh, lena laghdaítear go mór an tomhaltas fuinnimh le haghaidh téamh agus/nó fuarú spáis, uisce te, aerú, soilsiú (ionsuite) agus úsáid fuinnimh chúnta (51).

Tá mionsonraí breise i Moladh (AE) 2019/1019 ón gCoimisiún (52) maidir le coincheapa na hindéantachta teicniúla, eacnamaíche agus feidhmiúla atá ábhartha do chur i bhfeidhm Airteagal 6(2) freisin. Sonraítear ann gur faoi na Ballstáit atá sé mionsonraí a thabhairt ar na cásanna sonracha nach indéanta na ceanglais a chomhlíonadh ó thaobh teicniúil, eacnamaíoch agus/nó forbartha de agus a áirithiú go ndéantar na cásanna sin a shainaithint, a chur i gcomhthéacs agus údar a thabhairt leo go soiléir. Na nósanna imeachta chun an indéantacht a mheas, d’fhéadfaidís a bheith éagsúil ó chineál foirgnimh go chéile chun sainiúlachtaí foirgnimh a chur san áireamh. Ba cheart indéantacht theicniúil, eacnamaíoch agus fheidhmiúil a léirmhíniú mar a leanas:

Indéantacht theicniúil – Ní ann d’aon indéantacht theicniúil i gcás nach féidir na ceanglais a chur i bhfeidhm ó pheirspictíocht theicniúil, i.e., i gcás nach féidir na ceanglais a chur i bhfeidhm de bharr shaintréithe teicniúla an chórais.

Indéantacht eacnamaíoch – Baineann sé leis na costais a bhaineann leis na ceanglais a chur i bhfeidhm agus: (i) cé acu atá nó nach bhfuil na costais sin comhréireach maidir le costais na hidirghabhála beartaithe (mar shampla, uasghrádú córais); (ii) cé acu is mó nó nach mó na tairbhí a bhfuil coinne leo ná na costais agus saolré ionchasach an chórais á cur san áireamh.

Indéantacht fheidhmiúil – Ní indéanta go feidhmiúil ceanglais a chur i bhfeidhm dá mbeadh ina dtoradh orthu athruithe a chuirfeadh isteach ar fheidhmiú an chórais nó ar úsáid an fhoirgnimh (nó an aonaid foirgnimh), agus na srianta sonracha (mar shampla, rialacháin theicniúla) a bhféadfadh feidhm a bheith acu maidir leis an gcóras agus/nó leis an bhfoirgneamh á gcur san áireamh.

5.1.   Oibleagáidí a bhaineann leis an bhfardal d’fhoirgnimh comhlachtaí poiblí

I gcomhréir le hAirteagal 6(5) de Threoir (AE) 2023/1791, faoin dáta trasuite, faoin 11 Deireadh Fómhair 2025, bunóidh na Ballstáit fardal d’fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe, nó an dá rud, atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí nó ar áitiú acu agus ar mó iad ná 250 m2 agus beidh an fardal sin ar fáil don phobal agus inrochtana. Maidir le gach foirgneamh, beidh san fhardal ar a laghad an t-achar urláir i m2, an Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh (EPC), agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, an tomhaltas fuinnimh bliantúil tomhaiste maidir le fuinneamh le haghaidh téimh, fuarú, leictreachais agus uisce te. Tabharfar an fardal sin cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad. Leis an bhfardal, tacaítear leis an measúnú ar na hoibleagáidí a leagtar amach le hAirteagal 6(1) go (4) agus (6) de Threoir (AE) 2023/1791 trí chead a thabhairt do na Ballstáit an t-achar iomlán a ghabhtar faoi sprioc 3 %, agus an líon m2 atá le hathchóiriú gach bliain de réir an chur chuige réamhshocraithe, nó an coigilteas fuinnimh coibhéiseach atá le baint amach faoin gcur chuige malartach, a ríomh.

Is é bunú liosta de gach comhlacht poiblí an túsphointe chun an fardal a chruthú. Is féidir é a bhunú ar liosta na gcomhlachtaí poiblí is gá le haghaidh Airteagal 5 de Threoir (AE) 2023/1791. Tá sé inmholta, dá bhrí sin, na sonraí is gá chun Airteagal 6(5) a chomhlíonadh a bhailiú mar aon leis na sonraí is gá chun Airteagal 5 a chomhlíonadh trí na huirlisí céanna. Maidir le gach comhlacht poiblí, sainaithneoidh na Ballstáit gach foirgneamh a thagann faoi raon feidhme an Airteagail. Cé nach gceanglaítear le hAirteagal 6(5) de Threoir (AE) 2023/1791 ar na Ballstáit na comhlachtaí ar leo na foirgnimh nó a áitíonn na foirgnimh a thuairisciú, beidh an fhaisnéis sin de dhíth ar na Ballstáit chun bearta iomchuí a cheapadh nach ionann iad maidir le foirgnimh ar le comhlachtaí poiblí iad agus foirgnimh atá ar áitiú ag comhlachtaí poiblí. Féadfaidh siad an fhaisnéis sin a úsáid freisin chun ceanglais eile a chomhlíonadh, amhail an gá leis an bhfardal a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus nasc a dhéanamh leis an Treoir maidir le FFF. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach freisin sonraí maidir leis an úinéireacht nó an áitíocht a fhoilsiú freisin, ionas gur féidir le húsáideoirí an fhardail na foirgnimh sin a shainaithint arb iad comhlachtaí poiblí atá freagrach go díreach as na bearta éifeachtúlachta fuinnimh (lena n-áirítear athchóiriú) iontu.

Ba cheart an fardal a bhunú ar bhealach a bhfágann gur féidir gach foirgneamh a shainaithint go huathúil. Mar chur chuige praiticiúil, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as an aitheantas uathúil céanna a úsáidtear in EPC, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó Bhallstát go chéile. Mar shampla, d’fhéadfadh an seoladh agus/nó ainm an fhoirgnimh a bheith ann. Chun bainistiú an fhardail agus an nasc le bunachair sonraí eile a cheanglaítear leis an Treoir maidir le FFF a éascú a thuilleadh.

Ar bhonn na gcatagóirí a shainaithnítear in Airteagal 6(2), pointí (a) go (c), de Threoir (AE) 2023/1791, áireofar san fhardal gach foirgneamh ar le comhlacht poiblí iad nó atá ar áitiú ag comhlacht poiblí, lena n-áirítear:

Foirgnimh a chomhlíonann caighdeáin foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgnimh astaíochtaí nialasacha cheana féin;

Tithíocht shóisialta; toisc go bhfuil an sainmhíniú ar thithíocht shóisialta éagsúil ó Bhallstát go chéile, ba cheart an sainmhíniú náisiúnta a úsáid chun a chinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart foirgneamh a áireamh;

Foirgnimh a bhaineann leis na catagóirí speisialta a shainaithnítear in Airteagal 6(2) de Threoir (AE) 2023/1791.

Ceanglaítear le hAirteagal 6(5) de Threoir (AE) 2023/1791 go n-áirítear an deimhniú feidhmíochta fuinnimh leis an bhfardal, rud a chiallaíonn leagan leictreonach, mar shampla, atá infheicthe mar leathanach gréasáin, PDF nó íomhá.

Áirítear in EPC achar urláir an fhoirgnimh (a thuigfear mar an t-achar urláir úsáideach iomlán, a thugtar in m2), ar féidir é a úsáid chun an ghné chomhfhreagrach den fhardal a líonadh isteach.

Ceanglaítear le hAirteagal 6(5) de Threoir (AE) 2023/1791 ar na Ballstáit tomhaltas fuinnimh tomhaiste a thaifeadadh le haghaidh gach foirgnimh a áirítear san fhardal i gcás ina bhfuil na sonraí sin ar fáil. Áirítear leis sin an tomhaltas fuinnimh bliantúil teasa, fuaraithe, leictreachais agus uisce the. Is éasca sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh a shainaithint go hiondúil, mar soláthraíonn an soláthróir fuinnimh iad. Mar sin féin, ní mór na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh:

Is minic a sholáthraítear an teas i bhfoirgnimh phoiblí leo seo a leanas: córais leictreacha (teaschaidéil, HVAC, téitheoirí friotaíochta), coirí breosla (gás, bithmhais etc.), líonraí teasa, nó giniúint eile ar an láthair (mar shampla, grianfhuinneamh teirmeach). I gcásanna áirithe, tá sé réasúnta éasca an úsáid teasa deiridh a shainaithint; mar shampla, d’fhéadfadh na líonraí teasa an líon teasa a sheachadtar chun an fhoirgnimh a thaifeadadh chun críoch billeála. I gcásanna eile (mar shampla, coirí bithmhaise), déantar úsáideoirí a bhilleáil de réir an mhéid breosla a cheannaíonn siad, ar gá é a thiontú go kWh dá bhrí sin.

Áireofar go hiondúil le tomhaltas leictreachais fuinneamh a bhíonn in úsáid ag trealamh nach mbaineann go díreach leis an bhfoirgneamh féin. Mar shampla, d’fhéadfadh na freastalaithe le haghaidh eagraíocht iomlán a bheith lonnaithe i bhfoirgneamh, agus d’fhéadfadh tomhaltas an-ard a bheith ag an bhfoirgneamh sin i gcomparáid leis an luach a léirítear in EPC.

Mura bhfuil fomhéadrú in úsáid san fhoirgneamh, d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí an úsáid leictreachais a léiriú ar leithligh le haghaidh téimh, fuarú agus uisce te, i gcás ina soláthraítear iad sin le trealamh leictreach. Sa chás sin, ba cheart iad a áireamh faoi thomhaltas leictreachais.

Maidir le foirgnimh ina ngintear fuinneamh in-athnuaite ar an láthair, ba cheart tomhaltas na giniúna ar an láthair a chur leis an nglanmhéid fuinnimh a allmhairítear ón líonra. Ríomhtar an tomhaltas fuinnimh iomlán mar an t-allmhairiú iomlán móide an ghiniúint lúide na honnmhairí iomlána.

I gcásanna áirithe, ní féidir figiúr iomlán a sholáthar le haghaidh ceann amháin de na fochatagóirí tomhaltais fuinnimh, mar shampla, i gcás foirgneamh nach gcumhdaíonn téitheoir uisce grianteasa ach cuid de na riachtanais atá ann ó thaobh uisce te de. Sa chás sin, níor cheart a thuairisciú faoin bhfochatagóir uisce te ach an méid intomhaiste uisce the a ghintear ar an láthair.

Agus an mhodheolaíocht á sainiú chun ceanglais Airteagal 6(5) de Threoir (AE) 2023/1791 a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit treoracha soiléire a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir leis an gcaoi ar cheart sonraí maidir le tomhaltas a thuairisciú.

Chun an fardal a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh inrochtana, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis an bpobal agus le haon pháirtí leasmhar a bhfuil spéis acu iontu na sonraí a rochtain agus a úsáid go héasca. Sa chleachtas, féadfaidh na Ballstáit an ceanglas a chomhlíonadh trí, mar shampla, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

An fardal a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin atá inrochtana ag an bpobal go héasca;

Rochtain a thabhairt saor in aisce gan chlárú, nó tar éis próiseas clárúcháin simplí;

Bunfheidhmeanna a sholáthar d’úsáideoirí, mar shampla, chun foirgneamh sonrach nó foirgnimh shonracha ar le comhlacht poiblí sonrach é nó iad a chuardach, nó cuardach a dhéanamh de réir saintréithe foirgnimh eile atá ar fáil;

Cead a thabhairt d’úsáideoirí na sonraí uile nó cuid díobh a íoslódáil.

Féadfaidh na Ballstáit feidhmeanna breise a sholáthar chun úsáid an fhardail a éascú, mar shampla, trí chuardach de réir comhlacht poiblí nó de réir cathrach/réigiúin, nó de réir seolta.

Ní mór do na Ballstáit an fardal a bhunú faoin sprioc-am trasuite agus é a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad (53). Ba cheart na modhnuithe seo a leanas ar a laghad a bheith san áireamh sna nuashonruithe:

foirgnimh nuathógtha, foirgnimh nua arna sealbhú nó arna n-úsáid ag comhlacht poiblí;

foirgnimh sa bhunachar sonraí a ndíoltar nó a scartáiltear iad, nó i gcás ina bhfuil deireadh tagtha leis an ligean ar cíos;

foirgnimh a dtagann athrú ar a méid mar thoradh ar mhodhnuithe;

foirgnimh ina ndearnadh measúnú nuashonraithe ar an bhfeidhmíocht fuinnimh, as ar eisíodh EPC nua;

foirgnimh ar a ndearnadh athchóiriú fuinnimh, as ar eascair laghduithe móra ar fhuinneamh.

Chun an fardal a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain, déanfaidh na Ballstáit na sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh i ndáil le foirgnimh na gcomhlachtaí poiblí a thabhairt cothrom le dáta freisin. Mar sin féin, chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, moltar gan na sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta ach amháin i gcás inarb ann d’athruithe móra, mar shampla, mar gheall ar athchóiriú fuinnimh nó athrú ar an úsáid. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú a thuilleadh, moltar réitigh dhigiteacha agus uathoibrithe chun an bailiú sonraí a éascú. Ba cheart iad sin a fhorbairt chun go bhféadfar na ceanglais a bhaineann le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2023/1791 a chomhlíonadh freisin tríd an sreabhadh sonraí céanna. Mar shampla, is féidir léamha sonraí uathoibrithe ó mhéadair chliste a chomhiomlánú ar leibhéal foirgnimh agus ar leibhéal comhlachta phoiblí, chun gur féidir an fardal le haghaidh Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791 agus an bunachar sonraí a bhunaítear chun Airteagal 5 de Threoir (AE) 2023/1791 a chomhlíonadh araon a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

Le hAirteagal 6(5) de Threoir (AE) 2023/1791, ceanglaítear ar na Ballstáit an fardal a nascadh leis an bhforbhreathnú ar stoc foirgneamh a dhéantar faoi chuimsiú na bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir maidir le FFF agus leis na bunachair sonraí a bunaíodh de bhun Airteagal 22 den Treoir maidir le FFF. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach ach an fardal a nascadh leis na tacair sonraí sin trí ainm nó ID an fhoirgnimh. I gcás ina gceanglaítear leis an Treoir maidir le FFF ar na Ballstáit an líon foirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m2) a thuairisciú le haghaidh foirgnimh phoiblí, is éasca sin a asbhaint as an bhfardal a ullmhaítear le haghaidh Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791. Na sonraí a bhailítear chun an fardal a cheanglaítear le hAirteagal 6(5) de Threoir (AE) 2023/1791 a bhunú, is féidir iad a úsáid chun an forbhreathnú náisiúnta ar stoc foirgneamh a líonadh, ach beidh gá le foinsí sonraí eile freisin.

In Airteagal 6(5), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2023/1791, sonraítear go bhféadfaidh Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh sonraí atá ar fáil go poiblí agus inrochtana ón bhfardal (maidir le saintréithe stoic foirgneamh, athchóiriú foirgneamh agus feidhmíocht fuinnimh) a chomhiomlánú chun tuiscint níos fearr ar fheidhmíocht fuinnimh na hearnála foirgneamh a áirithiú trí shonraí inchomparáide. Uirlis atá san Fhaireachlann lena ndéantar faireachán ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar fud an Aontais (54). Leis an bhfardal a bhunaítear le haghaidh Airteagal 6(5), ba cheart rannchuidiú le feabhas a chur ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis san Fhaireachlann trí shonraí a sholáthar maidir le stoc foirgneamh comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh, agus tomhaltas fuinnimh. Ar a laghad, chomhlíonfaí an ceanglas dá roinnfeadh na Ballstáit sonraí fardail leis an bhFaireachlann i gcomhréir leis na módúlachtaí a shocróidh an Coimisiún. .

5.2.   Oibleagáid chun an sprioc náisiúnta maidir le hathchóiriú a chomhlíonadh

Déanfar an ráta athchóirithe 3 % a ríomh ar achar urláir iomlán na bhfoirgneamh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2 ar le comhlachtaí poiblí iad agus, an 1 Eanáir 2024, nach foirgnimh iad atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh. Ciallaíonn sé sin go mbunaítear an sprioc athchóirithe bhliantúil 3 % ar luach seasta (bonnlíne) thar an tréimhse cur chun feidhme iomlán.

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú cé na foirgnimh a ndéanfar athchóiriú orthu chun an ceanglas athchóirithe 3 % a chomhlíonadh, agus aird chuí á tabhairt ar chostéifeachtacht agus ar indéantacht theicniúil i dtaca leis na foirgnimh a roghnófar chun athchóiriú a dhéanamh orthu. Má mheasann na Ballstáit nach bhfuil sé indéanta ar bhonn teicniúil, eacnamaíoch ná feidhmiúil foirgneamh sonrach a athrú ina fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus má dhéanann siad an foirgneamh sin a athchóiriú go leibhéal níos ísle, ní chuirfidh siad athchóiriú an fhoirgnimh sin san áireamh i gcomhlíonadh an cheanglais. Mar sin féin, cuirfear na foirgnimh sin san áireamh i gcónaí sa liosta foirgneamh a úsáidtear chun an ceanglas athchóirithe bliantúil (i.e. an bhonnlíne) a ríomh. Ba cheart do na Ballstáit cuimhneamh freisin go bhfuil coincheap na costéifeachtachta san áireamh sa sainmhíniú ar fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.

Mar eisceacht, féadfaidh na Ballstáit ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna le hathchóiriú go foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgneamh astaíochtaí nialasacha a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh sna catagóirí seo a leanas (Airteagal 6(2) de Threoir (AE) 2023/1791):

Foirgnimh atá faoi chosaint (55), a mhéid a d’athródh comhlíontacht íoscheanglas áirithe feidhmíochta fuinnimh a sainghné nó a gcuma ar shlí nach mbeadh glacadh léi;

Foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta. Ní áirítear leis an bhforáil sin áiteanna cónaithe aonair ná foirgnimh oifigí;

Foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí creidimh.

Ciallaíonn an fhoráil sin gur cheart na foirgnimh sin a chur san áireamh i ríomh na bonnlíne, agus gur féidir iad a áireamh i mbaint amach na sprice fiú má bhaineann siad amach caighdeán feidhmíochta fuinnimh seachas foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgneamh astaíochtaí nialasacha. Athchóiriú na bhfoirgneamh sin go caighdeán atá níos ísle ná foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgneamh astaíochtaí nialasacha, ba cheart an t-athchóiriú sin a bheith chomh gar agus is féidir do chaighdeán foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgnimh astaíochtaí nialasacha lena gcur san áireamh le haghaidh na sprice, ag cuimhneamh ar shaintréithe speisialta an fhoirgnimh. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit an leibhéal íosta sin a shainiú de réir shaintréithe an fhoirgnimh, nó grúpa foirgneamh a bhfuil saintréithe cosúla acu.

Tithíocht shóisialta

Chun críoch Airteagal 6(1), an tríú fomhír, de Threoir (AE) 2023/1791, cumhdaítear le tithíocht shóisialta gach foirgneamh (lena n-áirítear foirgnimh ilárasán agus tithe aonair) ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2 ar le comhlachtaí poiblí é chun tithíocht shóisialta a sholáthar agus, an 1 Eanáir 2024, nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh is infheidhme sa Bhallstát ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit tagairt don sainmhíniú náisiúnta ar thithíocht shóisialta. Ba cheart foirgnimh lena mbaineann úinéireacht mheasctha a chur san áireamh san oibleagáid athchóiriú a dhéanamh, más rud é go gcomhlíontar na critéir maidir le hachar urláir le haghaidh na gcodanna sin ar leis an gcomhlacht poiblí iad.

Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh tithíocht shóisialta a dhíolmhú ón oibleagáid athchóiriú a dhéanamh i gcás ina dtiocfadh méaduithe ar an gcíos mar thoradh ar an athchóiriú do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta ar méaduithe iad nach bhféadfaí a theorannú do choibhéis an choigiltis eacnamaíoch ar an mbille fuinnimh. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit an coigilteas ar bhillí fuinnimh a d’eascródh as an athchóiriú ar thithíocht shóisialta a mheas (agus coigilteas fuinnimh agus éabhlóid praghsanna fuinnimh á gcur san áireamh) agus measúnú a dhéanamh ar cé acu is leordhóthanach nó nach leordhóthanach iad chun costais an athchóirithe a chumhdach. I gcás nach gcumhdaítear costais an athchóirithe leis an gcoigilteas eacnamaíoch, féadfaidh na Ballstáit cuimhneamh ar roghanna malartacha ionas nach gcuirfear costais iomlána an athchóirithe ar na cónaitheoirí, mar shampla, trí chuid den chostas a mhaoiniú trí ionstraimí cistiúcháin phoiblí nó phríobháidigh, lena n-áirítear trí bhearta agus infheistíochtaí atá incháilithe faoin gCiste Aeráide Sóisialta. Ba cheart an cás sin a chur i bhfeidhm i gcásanna ina muirearaítear an cíos i gcomhréir le luach an tí agus ina ndéantar costais feabhsaithe tí (athchóirithe fuinnimh ina measc) a chur ar aghaidh chuig teaghlaigh i bhfoirm cíos méaduithe.

Ciallaíonn neodracht ó thaobh costais de gur lú an infheistíocht atá de dhíth chun an foirgneamh a athchóiriú ná coibhéis airgeadaíochta na dtairbhí saolré a mbeadh coinne leo tar éis an athchóirithe, nó go bhfuil an infheistíocht cothrom leis an gcoibhéis airgeadaíochta sin. Chun meastóireacht a dhéanamh ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an cás, ba cheart do na Ballstáit modheolaíochtaí iomchuí a shainiú lena sonraítear conas na paraiméadair atá de dhíth ar an ríomh a leagan amach, amhail costais an athchóirithe, rátaí lascaine, praghsanna fuinnimh amach anseo, tomhaltas roimh an athchóiriú agus ina dhiaidh, agus mar sin de.

Ba cheart do na Ballstáit cuimhneamh ar chostais ábhartha eile a fhorchuirtear leis an tithíocht shóisialta, chomh maith le tairbhí eile is féidir a bhaint amach tar éis foirgneamh a athchóiriú ina fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh. Mar shampla, teaghlaigh a bhfuil tithíocht shóisialta ar cíos acu, d’fhéadfaidís tairbhiú de tharaifí (níos ísle) ar ceapadh iad chun cuidiú le grúpaí tosaíochta (amhail daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine a mhaireann i dteaghlach ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a mhaireann i dtithíocht shóisialta) lena mbillí fuinnimh, nó d’fhéadfaí an bille fuinnimh a íoc go hiomlán nó i bpáirt trí scéimeanna tacaíochta sóisialta, nó uirlisí eile atá ar fáil i ngach Ballstát, lena n-áirítear féachaint ar na deiseanna a bhaineann le cistí imrothlacha agus tionscadail fuinnimh in-athnuaite faoi úinéireacht an phobail i.e. comhroinnt grianfhuinnimh i measc tionóntaí i dtithíocht shóisialta lena soláthraítear leictreachas glas ar phraghas níos ísle. Laghdófaí an bille fuinnimh mar thoradh ar athchóirithe fuinnimh, agus dá bhrí sin laghdófaí na costais fuinnimh indíreacha sin nár léir iad mura gcuirfí san áireamh ach an bille fuinnimh amháin. Costais chothabhála níos lú agus dálaí maireachtála níos fearr tar éis an athchóirithe, is gnéithe eile iad sin ar cheart iad a chur san áireamh mar chuid den mheasúnú ar an neodracht ó thaobh costais de.

Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar neodracht na hidirghabhála ó thaobh costais de ar bhonn costais agus luachanna tomhaltais measta, ach d’fhéadfaidís cuimhneamh ar aon mhéadú ar an gcíos do thionóntaí tithíochta sóisialta tar éis an athchóirithe a theorannú do mhéid an choigiltis a bhaintear amach ar an mbille fuinnimh. Sampla bréige is ea athchóiriú tithíochta sóisialta ar chostas EUR 30 000 lena mbaineann coigilteas 12 000 kWh in aghaidh na bliana ó thaobh úsáid fuinnimh de. Má íocann teaghlaigh meánráta EUR 0,25 an kWh, shábhálaidís EUR 3 000 in aghaidh na bliana, ach má thairbhíonn an teaghlach de tharaif laghdaithe, mar shampla EUR 0,10 an kWh, coigilteas EUR 1 200 in aghaidh na bliana a bheadh ann. Thairis sin, má d’úsáid an teaghlach níos lú ná tomhaltas fuinnimh measta le haghaidh na teaghaise, is lú ná EUR 1 200 an coigilteas a bhainfear amach sa chleachtas. Sa chás sin, ní bheifear in ann an infheistíocht a ghnóthú, fiú má úsáidtear rátaí lascaine an-íseal; mar sin féin, is amhlaidh atá mar gheall ar an gcostas sóisialaithe (rátaí leictreachais fóirdheonaithe, sa sampla seo) agus toisc nach gcuirtear san áireamh mar is ceart tionóntaí nach mbíonn a n-áit chónaithe á téamh mar is ceart acu. Chun neodracht ó thaobh costais de a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit na fóirdheontais a fuair soláthraithe tithíochta sóisialta a chur san áireamh agus cuidiú leo na costais athchóiriúcháin a chumhdach nach féidir leo iad a ghnóthú ó thionóntaí.

Ba cheart do na Ballstáit modheolaíocht iomchuí a bhunú chun meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar an coinníoll maidir leis an neodracht ó thaobh costais de. Ba cheart do na Ballstáit ráta lascaine iomchuí a shainiú chun costais chothabhála agus billí fuinnimh a lascainiú, ach ba cheart é sin a shocrú ar leibhéal réalaíoch, mar shampla, ag an gcostas caipitil le haghaidh an chomhlachta phoiblí nó ag an ráta lascaine sóisialta (56). Ní hionann é sin agus an tástáil maidir le hindéantacht eacnamaíoch, ina bhféadfadh sé a bheith iomchuí corrlach brabúis agus ráta lascaine níos airde a chur san áireamh chun an luach saothair riosca a léiriú.

Féadfar a mheas go gcomhlíontar prionsabal na neodrachta ó thaobh costais de i gcás inar fíor an coinníoll seo a leanas:

Formula

I gcás inarb é:

RC

:

na costais a tabhaíodh le haghaidh athchóiriú fuinnimh an fhoirgnimh;

E

:

an bille fuinnimh iomlán;

OC

:

costais eile;

OB

:

tairbhí eile;

br

:

roimh an athchóiriú;

ar

:

tar éis an athchóirithe;

r

:

an ráta lascaine a chuirtear i bhfeidhm;

i

:

an bhliain a meastar costais agus tairbhí lena haghaidh;

rl

:

an chuid atá fágtha de shaolré an fhoirgnimh atá ann cheana roimh an athchóiriú.

Léirítear leis an taobh deas den chothromóid an coigilteas i gcostais reatha na bhfoirgneamh a bhaintear amach i rith na saolré úsáidí, arna lascainiú go hiomchuí. Cuirtear an chothromóid i láthair mar shuimiú mar d’fhéadfadh sé go dteastódh ó na Ballstáit athruithe ar chostas an fhuinnimh agus ar chostais agus ar thairbhí eile a bhfuil coinne leo sna blianta amach anseo a chur san áireamh.

Féadfaidh na Ballstáit sonraí na modheolaíochta a shainiú, ach ba cheart an measúnú a bheith comhsheasmhach leis an sainmhíniú ar an neodracht ó thaobh costais de agus ar an dea-chleachtas. Ba cheart do na Ballstáit na nithe seo a leanas a chur san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe:

Níor cheart na costais fuinnimh iarbhír arna n-íoc ag teaghlaigh a mhaireann i dtithíocht shóisialta a chur san áireamh sa mheasúnú más lú iad sin ná an margadhphraghas, ach ba cheart bille barúlach arna ríomh ar mheánrátaí agus bunaithe ar an tomhaltas measta a chur san áireamh, mar shampla i gcomhréir leis an modheolaíocht chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh de réir Iarscríbhinn I den Treoir maidir le FFF. Mar sin féin, níor cheart ach coigilteas fuinnimh arna bhaint amach iarbhír ag cíosaithe a chur san áireamh agus an méadú ar an gcíos a mheas.

Ba cheart costas athsholáthair eilimintí foirgnimh a bhfuil deireadh tagtha lena saolré a chur san áireamh agus costas an athchóirithe fuinnimh á mheas. Mar shampla, más rud é gur gá coire gáis a athsholáthar, níor cheart a chur san áireamh sa chostas athchóirithe fuinnimh ach an difríocht sa chostas idir córas atá tíosach ar fhuinneamh (mar shampla, teaschaidéal) agus an rogha mhalartach is dóchúla atá le fáil sa mhargadh chun an coire gás a athsholáthar.

Ba cheart saolré ionchasach na n-eilimintí a athsholáthraítear a chur san áireamh sa mheasúnú ar thairbhí agus ba cheart í a mheas cosúil leis an modheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal is fearr costas i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún (57). Maidir leis an ríomh ar luach iarmharach foirgnimh, ba cheart do na Ballstáit tagairt d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 lena mbunaítear creat comparáideach chun na leibhéil is fearr costas a ríomh maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgneamh agus eilimintí foirgnimh. Sonraítear ann go n-úsáidfidh na Ballstáit tréimhse ríofa 30 bliain le haghaidh foirgnimh chónaitheacha agus phoiblí, agus tréimhse ríofa 20 bliain le haghaidh foirgnimh thráchtála neamhchónaitheacha.

Ioncaim eile, mar shampla ó ghrianphainéil fhótavoltacha, ba cheart iad a mheas mar chuid de na tairbhí eile tar éis an athchóirithe.

Is féidir le hathchóirithe oibreacha breise a spreagadh, mar cheanglas rialála nó chun feabhsuithe breise a dhéanamh ar an bhfoirgneamh. Mar shampla, chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh, d’fhéadfadh sé gur ghá an foirgneamh a thabhairt cothrom le dáta ó thaobh na rialachán de maidir le sábháilteacht dóiteáin, inrochtaineacht nó sreangú leictreach; nó, d’fhéadfaí limistéir chónaithe nua a oscailt (amhail an díon). Ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt sa mhodheolaíocht conas na costais ar na hoibreacha sin a bhaint de na costais athchóiriúcháin; mar sin féin, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ba cheart na tairbhí breise a sholáthraítear leis na costais sin a chur san áireamh mar Tairbhí eile tar éis an athchóirithe.

D’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar ghnéithe eile freisin:

an difríocht i luach an fhoirgnimh roimh an athchóiriú agus ina dhiaidh (luach iarmharach foirgnimh ag deireadh na tréimhse faoi bhreathnú);

meastachán ar an méadú ar an gcompord le haghaidh cónaitheoirí.

Tithíocht shóisialta nach gcomhlíonann na critéir maidir le neodracht ó thaobh costais de, d’fhéadfaí í a eisiamh ón mbonnlíne. Má roghnaíonn na Ballstáit cuid dá dtithíocht shóisialta nó a dtithíocht shóisialta uile a eisiamh ón mbonnlíne, tabharfaidh siad údar leis an gcúis nach mbeadh athchóiriú na bhfoirgneamh sin neodrach ó thaobh costais de nó a mbeadh ina dtoradh air méaduithe ar chíos ar mhó iad ná an coigilteas ar an mbille fuinnimh.

Ós rud é go mbíonn tionchar ag an measúnú ar neodracht ó thaobh costais de agus an díolmhú féideartha tithíochta sóisialta ar ríomh na sprice athchóirithe bliantúla, ba cheart do na Ballstáit an measúnú ar neodracht an stoic tithíochta sóisialta iomláin ó thaobh costais de roimh an sprioc-am trasuite. Féadfaidh na Ballstáit modhanna éagsúla a chur i bhfeidhm chun an neodracht ó thaobh costais de a mheasúnú roimh ré:

Más rud é go bhfuil an stoc tithíochta sóisialta réasúnta aonchineálach, féadfaidh na Ballstáit luachanna caighdeánacha a shainiú chun measúnú a dhéanamh ar na costais agus tairbhí le haghaidh na bpríomhchineálacha tithíochta. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh na luachanna sin le tosca amhail an bhliain tógála agus bliain an athchóirithe deiridh, agus fágann siad gur féidir measúnú gasta a dhéanamh ar an neodracht ó thaobh costais de.

Má tá saintréithe an-éagsúil ag an stoc tithíochta sóisialta, ba cheart do na Ballstáit sraith measúnuithe saincheaptha a dhéanamh arb é is aidhm dóibh léargas atá gráinneach a dhóthain den stoc iomlán a fháil.

Ós rud é gur gá an measúnú ar an neodracht ó thaobh costais de a dhéanamh roimh an obair athchóiriúcháin, ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú stádas an fhoirgnimh (lena n-áirítear an tsaolré atá fágtha de na heilimintí foirgnimh éagsúla) tráth a dhéantar an measúnú.

Catagóirí speisialta foirgneamh mar a shainmhínítear in Airteagal 6(2), pointí (a) go (c) de Threoir (AE) 2023/1791

Sonraítear in Airteagal 6(2) de Threoir (AE) 2023/1791 go bhféadfaidh na Ballstáit ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(1) den Treoir sin a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí áirithe foirgneamh mar a shainmhínítear in Airteagal 6(2), pointí (a) go (c) de Threoir (AE) 2023/1791. Ba cheart an fhoráil sin a léirmhíniú mar oibleagáid athchóiriú a dhéanamh ar féidir í a chomhlíonadh ach na foirgnimh sin a athchóiriú go leibhéal feidhmíochta seachas foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgneamh astaíochtaí nialasacha ach, de réir réamhshocrú, aon uair is féidir, déantar na foirgnimh sin a athchóiriú mar fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó mar fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha. Ní mór do na Ballstáit i gcónaí na foirgnimh a bhaineann leis na catagóirí speisialta a chur san áireamh sa bhonnlíne chun an ceanglas athchóirithe 3 % a ríomh. Ceadaítear do na Ballstáit athchóiriú na bhfoirgneamh sin a áireamh mar chuid den chuóta athchóirithe bliantúil fiú má dhéantar iad a athchóiriú go caighdeán difriúil. Cé go bhféadfar ceanglais athchóirithe nach bhfuil chomh dian céanna a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, ní mór áiteanna cónaithe aonair nó foirgnimh oifigí le haghaidh na bhfórsaí armtha agus baill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta a athchóiriú go leibhéal foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgneamh astaíochtaí nialasacha lena gcur san áireamh sa sprioc bhliantúil.

Chun foirgnimh a bhaineann leis na catagóirí sin a shainaithint, ba cheart do na Ballstáit filleadh ar mhodheolaíochtaí atá ann cheana. Mar shampla, le haghaidh foirgnimh atá faoi chosaint oifigiúil agus ionaid adhartha agus gníomhaíochtaí creidimh, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as an modheolaíocht chéanna a úsáidtear chun críocha na Treorach maidir le FFF.

Ní fhorchuirtear le hAirteagal 6(2) de Threoir (AE) 2023/1791 aon oibleagáid shainráite ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoina gcur chuige i leith na gcatagóirí speisialta foirgneamh, ach ceanglaítear ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh leis na critéir a leagtar amach le haghaidh foirgnimh atá faoi chosaint. Maidir le foirgnimh de chuid na bhfórsaí armtha nó cosanta agus foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí creidimh, ní cheanglaítear ar na Ballstáit ach a léiriú go mbaineann na foirgnimh sin leis na catagóirí sin. Is féidir é sin a dhéanamh nuair a chuirtear athchóiriú na bhfoirgneamh sin san áireamh sa chuóta athchóiriúcháin bliantúil, mar ní mór gach foirgneamh a bhaineann leis na catagóirí speisialta a chur san áireamh sa bhonnlíne chun an ceanglas bliantúil a ríomh.

Maidir leis an leibhéal feidhmíochta fuinnimh nach mór d’fhoirgnimh sna catagóirí sin a bhaint amach lena gcur san áireamh sa ráta athchóirithe bliantúil, ba cheart do na Ballstáit é a shainiú go soiléir agus údar leis na leibhéil feidhmíochta a thabhairt. Ba cheart an leibhéal feidhmíochta fuinnimh a bheith i gcomhréir le haidhm Airteagal 6, i.e., gach beart chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun an foirgneamh a aistriú ina fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha a chur chun feidhme, ach amháin má dhéanann siad difear do shainghné nó d’úsáid na bhfoirgneamh, nó má tá siad díréireach.

Maidir le foirgnimh speisialta (Airteagal 6(2), pointí (a) go (c) de Threoir (AE) 2023/1791) agus foirgnimh a roghnaíonn na Ballstáit gan iad a athchóiriú bunaithe ar chúrsaí indéantachta (Airteagal 6(2), an dara fomhír de Threoir (AE) 2023/1791), ba cheart do na Ballstáit cuimhneamh ar mhodheolaíocht iomchuí a leagan síos lenar féidir foirgnimh a shainaithint nach indéanta a n-athchóiriú ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha bunaithe ar chritéir chaighdeánacha. Ní mór don mhodheolaíocht costais an athchóirithe, an coigilteas fuinnimh agus na costais nó na tionchair bhreise a bhaineann le saintréithe an fhoirgnimh lena sanntar é do chatagóir speisialta a chur san áireamh. D’fhéadfaí an mhodheolaíocht agus na critéir a chur i bhfeidhm maidir le grúpaí foirgneamh, seachas ar leibhéal an fhoirgnimh; mar shampla, spás oifige a tógadh laistigh de thréimhse áirithe leis an bpróiseas tógála céanna. Is iad seo a leanas na táscairí ábhartha a bhféadfadh na Ballstáit iad a chur san áireamh chun inchomparáideacht foirgneamh a mheasúnú:

a.

Saintréithe foirgnimh

Cineál foirgnimh (mar shampla, foirgneamh cónaithe, oifig, foirgneamh oideachais, ospidéal);

Bliain tógála;

Tomhas ar an méid fhisiciúil (mar shampla, achar urláir);

Achar urláir téite agus/nó fuaraithe;

Achar balla sheachtraigh;

Bearta éifeachtúlachta fuinnimh (mar shampla aerdhíonacht, cóimheas idir fuinneoga agus ballaí, cineálacha fuinneoige, leibhéal inslithe, déghloiniú, soilsiú éifeachtúil, uaineadóirí téitheora, am ón gcoigeartú teasa deiridh);

Córais foirgnimh lochtacha (mar shampla, córais téimh, suiteálacha leictreacha, imchlúdach foirgnimh).

b.

Tosca aeráide

Crios aeráide;

Scamallacht.

c.

Pleanáil uirbeach

Dlús comharsanachtaí;

Bearta lena maolaítear tionchair aimsire (mar shampla, suíomh straitéiseach fásra).

5.2.1.   Athchóiriú foirgneamh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí

Chun an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hathchóiriú a dhéanamh, ní mór do na Ballstáit an t-achar urláir úsáideach iomlán a thagann faoin oibleagáid, ón 1 Eanáir 2024, a shuí ar dtús. Ar bhonn an fhigiúir sin, féadfaidh na Ballstáit an sprioc athchóirithe bhliantúil (3 % den bhonnlíne) a mheas.

Chun bheith mar chuid den bhonnlíne, ní mór d’fhoirgneamh na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

Ní mór achar urláir úsáideach iomlán is mó ná 250 m2 a bheith acu;

Ní mór dóibh a bheith faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí, mar a shainmhínítear le hAirteagal 2, pointe (12) de Threoir (AE) 2023/1791;

Ní mór dóibh gan caighdeán na bhfoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a bhaint amach an 1 Eanáir 2024;

Féadfaidh na Ballstáit tithíocht shóisialta a dhíolmhú ón mbonnlíne tithíochta sóisialta, i gcás nach mbeadh athchóirithe neodrach ó thaobh costas de nó i gcás ina dtiocfadh méaduithe ar an gcíos mar thoradh ar an athchóiriú, ar méaduithe iad sin nach bhfuil teoranta do choibhéis an choigiltis eacnamaíoch ar an mbille fuinnimh.

Nuair a bhunófar an bhonnlíne, ríomhfaidh na Ballstáit an sprioc athchóirithe bhliantúil nach mór dóibh a chomhlíonadh. Ba cheart an fhoirmle seo a leanas a úsáid chun an sprioc íosta athchóirithe bhliantúil a ríomh:

Formula

I gcás inarb é:

m2 achar urláir úsáideach iomlán suim an achair urláir úsáidigh de gach foirgneamh a áirítear sa bhonnlíne;

rr an ráta athchóirithe 3 % a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Threoir (AE) 2023/1791.

Leagtar amach sampla uimhriúil i bhFoscríbhinn C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

An sprioc athchóirithe bhliantúil i dtéarmaí m2, tá sí gan athrú i rith na tréimhse ina bhfuil éifeacht le Treoir (AE) 2023/1791. Is athrú é sin i gcomparáid le Treoir 2012/27/AE faoinar ghá an sprioc athchóirithe bhliantúil a ríomh gach bliain bunaithe ar an achar urláir nár chomhlíon na híoscheanglais náisiúnta feidhmíochta fuinnimh. Tugtar le tuiscint le Treoir (AE) 2023/1791 gurb airde go mór an ráta athchóirithe bliantúil a bhfuil gá leis i gcomparáid leis an modh a úsáideadh i dTreoir 2012/27/AE. Ciallaíonn sé sin freisin maidir leis an mbonnlíne a shonraítear faoi dheireadh na chéad tréimhse tuairiscithe, agus dá bhrí sin an sprioc athchóirithe bhliantúil, nár cheart iad a thabhairt cothrom le dáta tráth a dhíoltar, a scartáiltear, a shealbhaítear nó a thógtar foirgneamh. Is ann do chásanna speisialta lena soláthraítear solúbthacht áirithe do na Ballstáit chun an sprioc athchóirithe bhliantúil a bhaint amach. Mínítear na cásanna sin thíos.

Déanfaidh na Ballstáit a mbonnlíne (m2 iomlán na bhfoirgneamh a thagann faoi raon feidhme an Airteagail) agus an sprioc athchóirithe bhliantúil (i m2 freisin) a chur in iúl don Choimisiún ina bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a leagtar síos le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58) (féach caibidil 7.1). Mar chuid den chumarsáid sin, ba cheart do na Ballstáit m2 na bhfoirgneamh a thagann faoi na catagóirí speisialta d’Airteagal 6(2a-c) a léiriú freisin. An líon m2 a athchóirítear ar féidir é a chur san áireamh sa cheanglas bliantúil, ba cheart do na Ballstáit é sin a chur in iúl sna tuarascálacha débhliantúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, agus idirdhealú a dhéanamh idir m2 foirgneamh athchóirithe a thagann faoi na catagóirí speisialta d’Airteagal 6(2), pointí (a) go (c) de Threoir (AE) 2023/1791.

Tús áite a thabhairt do choigilteas

D’fhonn gníomhaíocht luath a spreagadh, le Treoir (AE) 2023/1791 ceadaítear do na Ballstáit a athchóiríonn breis is 3 % d’achar urláir iomlán a bhfoirgneamh i mbliain ar leith an barrachas athchóirithe sin, mar a thugtar air. a chur san áireamh i ráta athchóirithe bliantúil na mblianta ina dhiaidh sin (Airteagal 6(3)). Go dtí an 31 Nollaig 2026, barrachais athchóirithe a bhaintear amach i mbliain ar leith, féadfar iad a chur san áireamh i ráta athchóirithe na 3 bliana ina dhiaidh sin. Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, barrachais athchóirithe a bhaintear amach i mbliain ar leith, ní fhéadfar iad a chur san áireamh ach amháin i ráta athchóirithe an 2 bhliain ina dhiaidh sin. Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin, mar shampla, má athchóiríonn Ballstát 3,5 % d’achar úsáideach iomlán a stoic foirgneamh i mbliain X, ní gá dó ach 2,5 % den achar úsáideach iomlán a athchóiriú i mbliain X+1; Má dhéanann an Ballstát athchóiriú ar 3 % den achar úsáideach iomlán freisin i mbliain X+1, féadfar an difríocht de 0,5 % a úsáid i mbliain X+2 chun an ceanglas athchóirithe a ísliú go 2,5 %. Is féidir an barrachas a roinnt thar 2 bhliain freisin (mar shampla, 0,25 % i mbliain X+1 agus 0,25 % i mbliain X+2).

Scartáil agus athsholáthar

I gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir (AE) 2023/1791, achar urláir úsáideach foirgnimh nua atá faoi úinéireacht mar fhoirgneamh athsholáthair le haghaidh foirgneamh a scartáladh in aon bhliain den 2 bhliain roimhe sin, féadfaidh na Ballstáit, in imthosca áirithe, an t-achar sin a chur san áireamh sa ráta athchóirithe bliantúil. Foirgnimh nua nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgnimh nua astaíochtaí nialasacha, ní cheadaítear iad a chur san áireamh le haghaidh bhaint amach an ráta athchóirithe bhliantúil ach amháin i gcás ina gcomhlíontar dhá chritéar:

Critéar 1 – Tá an foirgneamh nua ina fhoirgneamh athsholáthair le haghaidh foirgneamh comhlachta phoiblí a scartáladh in aon bhliain den 2 bhliain roimhe sin; agus

Critéar 2 – Tá sé níos costéifeachtaí agus níos inbhuanaithe an foirgneamh atá ann cheana a scartáil agus foirgneamh nua a chur ina ionad i dtéarmaí úsáid fuinnimh agus astaíochtaí CO2 saolré a bhaintear amach i gcomparáid le hathchóiriú an fhoirgnimh atá ann faoi láthair. Áirítear ar astaíochtaí CO2 saolré astaíochtaí CO2 leabaithe agus oibríochtúla, agus astaíochtaí CO2 a bhaineann le scartáil an tseanfhoirgnimh.

Léirítear na coinníollacha chun an dara critéar a chomhlíonadh in Table 4.

Tábla 4

Critéir le haghaidh scartála agus athsholáthair

Paraiméadair

Cúinse

Costéifeachtacht

Costas iomlán ar scartáil an fhoirgnimh atá ann faoi láthair (in euro) + Costas iomlán ar fhoirgneamh nua a thógáil (in euro) < Costas iomlán ar athchóiriú an fhoirgnimh atá ann faoi láthair (in euro)

Inbhuanaitheacht

(Úsáid fuinnimh iomlán (in kWh) an fhoirgnimh athchóirithe thar a shaolré eacnamaíoch mheasta atá fágtha + úsáid fuinnimh (in kWh) i rith na céime athchóirithe) > (Úsáid fuinnimh iomláin (in kWh) d’fhoirgneamh nua thar an líon blianta céanna + úsáid fuinnimh iomlán (in kWh) i rith na céime scartála agus tógála)

AGUS

(Astaíochtaí CO2 saolré (i dtonaí de choibhéis CO2) an fhoirgnimh athchóirithe thar a shaolré eacnamaíoch mheasta atá fágtha + astaíochtaí CO2 saolré (i dtonaí de choibhéis CO2) i rith na céime athchóirithe) > (Astaíochtaí CO2 saolré (i dtonaí de choibhéis CO2) den fhoirgneamh nua thar an líon blianta céanna + astaíochtaí CO2 saolré (i dtonaí de choibhéis CO2) i rith na céime scartála agus tógála)

Cinnfidh na Ballstáit an tsaolré eacnamaíoch mheasta i gcomhréir leis an Treoir maidir le FFF. Ba cheart comparáid a dhéanamh idir an foirgneamh a scartáladh a bheadh le hathchóiriú agus an foirgneamh nua thar an tréimhse chéanna (i.e. saolré eacnamaíoch iomlán nó an chuid atá fágtha de shaolré eacnamaíoch mheasta an fhoirgnimh atá ann faoi láthair).

D’fhéadfaí an coinníoll inbhuanaitheacht a chomhlíonadh, mar shampla, dá ndéanfaí atógáil in ábhair ina bhfuil cion íseal fuinnimh agus CO2 (mar shampla adhmad agus táirgí a dhíorthaítear ón mbithmhais) in ionad athchóiriú in ábhair ina bhfuil cion ard fuinnimh agus CO2 (mar shampla coincréit, cruach).

I gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir (AE) 2023/1791, na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta a úsáideann na Ballstáit chun na cásanna eisceachtúla a shainaithint faoina bhféadfaidís foirgnimh nua atá faoi úinéireacht a chur san áireamh mar fhoirgnimh athsholáthair le haghaidh foirgnimh a scartáiltear i gcomhair an ráta athchóirithe bhliantúil, déanfaidh na Ballstáit iad sin a leagan amach go soiléir agus a fhoilsiú.

Agus an mhodheolaíocht á bunú chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí saolré foirgneamh, ba cheart do na Ballstáit tagairt do chaighdeáin agus do mhodheolaíochtaí dá dtagraíonn an Coimisiún chun meastacháin chruinne a áirithiú. Mar shampla:

An Coimisiún Eorpach, an tArdán Eorpach maidir le Measúnú Saolré. (https://eplca.jrc.ec.europa.eu/lifecycleassessment.html)

EN 15978:2011 Sustainability of construction works. Assessment of environmental performance of buildings. Calculation method. (https://www.en-standard.eu/bs-en-15978-2011-sustainability-of-construction-works-assessment-of-environmental-performance-of-buildings-calculation-method/)

ISO 14040:2006 Bainistíocht chomhshaoil – Measúnú saolré – prionsabail agus creat (https://www.iso.org/obp/ui/#iso:std:iso:14040:ed-2:v1:en)

ISO 14044:2006 Bainistíocht chomhshaoil – Measúnú saolré – ceanglais agus treoirlíne (https://www.iso.org/obp/ui/#iso:std:iso:14044:ed-1:v1:en).

5.2.2.   Clásail chonarthacha le haghaidh foirgnimh atá ar áitiú a chaibidliú

Leagtar síos freisin in Airteagal 6(1), an ceathrú fomhír, de Threoir (AE) 2023/1791 oibleagáid a bhfuil feidhm léi go sonrach maidir le foirgnimh atá ar áitiú ag comhlachtaí poiblí ach nach le comhlachtaí poiblí iad. Fearacht na hoibleagáide chun foirgnimh ar le comhlachtaí poiblí iad a athchóiriú de réir Airteagal 6(1) de Threoir (AE) 2023/1791, ní áirítear leis an oibleagáid ach foirgnimh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2. Maidir leis na foirgnimh sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí caibidlíocht le húinéirí na bhfoirgneamh, d’fhonn clásail chonarthacha a bhunú a mbeidh mar thoradh orthu aistriú foirgneamh ar cíos ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha ar a laghad. In Airteagal 6(1), an ceathrú fomhír, de Threoir (AE) 2023/1791, cuirtear i dtábhacht an gá tairbhe a bhaint as pointí truicir sa chomhaontú, amhail athnuachan comhaontuithe cíosa, athrú úsáide agus mórobair dheisiúcháin nó chothabhála, chun tús a chur le caibidlíocht. Comhlachtaí poiblí a bhfuil foirgneamh ar áitiú acu, d’fhéadfaidís a chur i dtábhacht d’úinéirí an fhoirgnimh an tairbhe a d’fhéadfadh na húinéirí sin a bhaint as an athchóiriú: cuirtear le luach a bhfoirgnimh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina údar le méaduithe cíosa amach anseo; cuirtear fad le saolré an fhoirgnimh trí fheidhmíocht agus cáilíocht fheabhsaithe d’eilimintí foirgnimh; laghdaítear costais cothabhála leanúnaí; bíonn comhlíontacht cód agus ceanglas tógála náisiúnta mar thoradh air (amhail íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann); mealltar tionóntaí agus íoslaghdaítear tréimhsí neamhfhónaimh.

Go háirithe, chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar cheist na ndreasachtaí deighilte, i gcás ina bhfuil comhlachtaí poiblí ar mhór-áititheoir an fhoirgnimh agus ina bhfuil sé i gceist acu an foirgneamh a thógáil ar cíos go fadtéarmach, d’fhéadfaidís, mar shampla, tairiscint a dhéanamh cion áirithe de na costais athchóirithe a íoc (trí íocaíocht aonuaire nó trí theacht ar chomhaontú maidir le méadú ar an gcíos) nó d’fhéadfaidís cuimhneamh ar fhoirgneamh nua a lorg, más rud é nach bhfuil úinéir an fhoirgnimh toilteanach athchóiriú a dhéanamh. Rud eile a d’fhéadfaí a dhéanamh is ea dul chuig Cuideachtaí Seirbhísí Fuinnimh (ESCOnna) (59), a d’fhéadfadh an t-athchóiriú a mhaoiniú mar mhalairt ar íocaíochtaí leanúnacha ón údarás poiblí nó ó úinéir an fhoirgnimh.

Ar chineálacha cur chuige úsáideacha eile, tá:

D’fhéadfadh na Ballstáit na nósanna imeachta soláthair a thabhairt cothrom le dáta ar nósanna imeachta iad a bhfuil coinne leis go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí iad agus foirgnimh nua á bhfail ar cíos acu agus conarthaí na bhfoirgneamh atá faoina n-úinéireacht faoi láthair á mbainistiú acu.

D’fhéadfadh na Ballstáit treoir agus teimpléid a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir le conas na comhaontuithe cíosa a cheapadh ionas go n-áireofar clásail iomchuí sa chonradh.

D’fhéadfadh na Ballstáit a cheangal ar gach comhlacht poiblí clásail shainordaitheacha iomchuí a chur isteach ina gcomhaontuithe cíosa ionas go mbeidh an oibleagáid athchóiriú a dhéanamh ina hoibleagáid chaighdeánach. Ba cheart do na Ballstáit roghanna coincréiteacha a sholáthar chun tacú le comhlachtaí poiblí i gcás nach dtoilíonn an tiarna talún leis na coinníollacha caighdeánacha.

Dé réir mar a cheanglaítear ar na Ballstáit athchóiriú a dhéanamh ar sciar mór dá stoc foirgneamh, agus toisc go bhféadfadh obair mhór a bheith i gceist chun foirgnimh a aistriú ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha, d’fhéadfadh comhlachtaí poiblí na foirgnimh sin a shainaithint atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí agus nach bhfuil in úsáid nó a mbaintear tearcúsáid astu faoi láthair, a bhféadfaí úsáid a bhaint astu chun comhlachtaí a bhfuil foirgnimh ar cíos acu ón earnáil phríobháideach faoi láthair a óstáil. An fardal a pléadh sa roinn roimhe seo, go háirithe má leathnaítear é chun sonraí breise a bhailiú maidir le stoc foirgneamh na gcomhlachtaí poiblí, is uirlis chumhachtach a bheidh ann chun tacú leis an straitéis sin.

5.3.   Cur chuige malartach – Coigilteas fuinnimh coibhéiseach

Beidh mar thoradh ar an gcur chuige malartach dá bhforáiltear le hAirteagal 6(6), an chéad fhomhír, de Threoir (AE) 2023/1791 méid coigiltis fuinnimh i bhfoirgneamh comhlachtaí poiblí a bheidh coibhéiseach leis an méid a cheanglaítear in Airteagal 6(1) de Threoir (AE) 2023/1791 (cur chuige réamhshocraithe). Faoin gcur chuige sin, ní cheanglaítear ar na Ballstáit foirgnimh comhlachtaí poiblí a athchóiriú láithreach ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha. Ina ionad sin, féadfaidh na Ballstáit bearta eile a chur i bhfeidhm i bhfoirgnimh comhlachtaí poiblí a mbeidh coigilteas fuinnimh coibhéiseach ina thoradh orthu, lena n-áirítear bearta amhail laghdú ar an éileamh, agus bearta a bhféadfadh sé go ndéanfaidís nó nach ndéanfaidís difear don imchlúdach foirgnimh nó do chórais theicniúla foirgnimh.

Tá dhá oibleagáid ar leith in Airteagal 6(6) de Threoir (AE) 2023/1791 (an chéad fhomhír agus an dara fomhír, pointe (a)) a gcomhlíonfaidh na Ballstáit iad nuair a chinneann siad an cur chuige malartach a roghnú.

Chun an chéad oibleagáid a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

measúnú a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh a bhainfí amach gach bliain dá roghnódh an Ballstát an cur chuige dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) go (4) (coigilteas fuinnimh coibhéiseach) (Airteagal 6(6), an dara fomhír, pointe (b)).

méid coigiltis fuinnimh a bhaint amach gach bliain i bhfoirgnimh comhlachtaí poiblí a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis an méid a cheanglaítear in Airteagal 6(1) (Airteagal 6(6), an chéad fhomhír).

Leis an dara hoibleagáid a leagtar síos le hAirteagal 6(6), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2023/1791, ceanglaítear ar na Ballstáit pas athchóirithe a thabhairt isteach gach bliain i gcás foirgnimh arb ionann iad le chéile agus 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad. Ina theannta sin, maidir leis na foirgnimh ar tugadh isteach pas athchóirithe ina leith, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na foirgnimh sin a athchóiriú ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh faoi 2040 ar a dhéanaí.

Ní bhaineann an cur chuige malartach ach amháin le foirgnimh ar le comhlachtaí poiblí iad, agus tá feidhm ag na heisceachtaí céanna leo siúd a shainítear le haghaidh an chur chuige dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) go (4) de Threoir (AE) 2023/1791. Na forálacha a shainítear sa chur chuige réamhshocraithe, tá feidhm acu freisin maidir leis an gcur chuige malartach, mar meastar coigilteas fuinnimh coibhéiseach de réir na bonnlíne céanna a úsáidtear chun an ceanglas athchóirithe bliantúil a ríomh (in m2).

5.3.1.   Coigilteas fuinnimh coibhéiseach a bhaint amach

Spriocmhéid coigiltis fuinnimh a mheas

Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh is gá dóibh a bhaint amach gach bliain a mheas. Mar thúsphointe, ba cheart do na Ballstáit an ceanglas athchóirithe 3 % a mheas de réir na gcéimeanna céanna a shainítear sa chur chuige dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) go (4) de Threoir (AE) 2023/1791. Sholáthrófaí leis sin líon áirithe m2 nach mór do na Ballstáit a athchóiriú gach bliain.

Ansin déanfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh atá le baint amach trí bhearta malartacha gach bliain a mheas. An coigilteas fuinneamh atá le baint amach roimh an mbliain inar gá coigilteas a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit an coigilteas sin a mheas chun na bearta malartacha a phleanáil agus a chur chun feidhme dá réir sin. Chun an coigilteas fuinnimh le haghaidh na bliana a mheas:

Ba cheart do na Ballstáit na foirgnimh sin a shainaithint, i measc stoc foirgneamh na gcomhlachtaí poiblí, a ndéanfaidís iad a athchóiriú dá roghnóidís an cur chuige réamhshocraithe. Ní mór do na foirgnimh sin, san iomlán, an líon céanna m2 a chumhdach a sainaithníodh sa cheanglas athchóirithe a ríomhadh roimhe sin. Is féidir leis na Ballstáit an coigilteas a mheas i ndáil leis na foirgnimh chéanna ar roghnaíodh iad chun an pas athchóirithe a sholáthar dóibh le linn na bliana, mar comhfhreagraíonn siad do 3 % de stoc foirgneamh na gcomhlachtaí poiblí.

Ba cheart do na Ballstáit úsáid fuinnimh bhonnlíne na bhfoirgneamh a ndéanfadh na Ballstáit athchóiriú orthu a shuí. Úsáidfidh siad luachanna caighdeánacha iomchuí le haghaidh an tomhaltais fuinnimh i bhfoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí tagartha roimh an athchóiriú. Ba cheart na luachanna caighdeánacha a shainiú le haghaidh gach catagóire nó fochatagóire foirgnimh.

Déanfaidh na Ballstáit príomhúsáid fuinnimh na bhfoirgneamh sin a mheas tar éis an athchóirithe, agus úsáidfidh siad luachanna caighdeánacha iomchuí le haghaidh an tomhaltais fuinnimh i bhfoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí tagartha tar éis an athchóirithe ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.

Ba cheart do na Ballstáit an tomhaltas measta tar éis an athchóirithe a dhealú ón tomhaltas bonnlíne. Is é atá sa luach a fhaightear an fuinneamh a shábhálfaí dá ndéanfaí athchóiriú ar 3 % d’achar urláir úsáideach na bhfoirgneamh a áirítear faoi raon feidhme na hoibleagáide.

Is é seo a leanas an fhoirmle is ceart a úsáid chun an spriocmhéid bliantúil coigiltis fuinnimh a mheas:

Formula

I gcás inarb é:

An tsuim a chomhfhreagraíonn do shuim na bhfoirgneamh uile a bheartódh Ballstát athchóiriú a dhéanamh orthu dá roghnódh sé an cur chuige a shainítear faoi Airteagal 6(1) go (4) de Threoir (AE) 2023/1791, in aghaidh na catagóire d’fhoirgnimh comhlachtaí poiblí tagartha.

a

an tomhaltas fuinnimh measta d’fhoirgnimh thagartha nach gcomhlíonann caighdeán foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh/roimh an athchóiriú (in kWh/m2);

b

an tomhaltas fuinnimh measta de na foirgnimh thagartha chéanna tar éis iad a athchóiriú ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (in kWh/m2);

c

achar iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe le haghaidh gach catagóire d’fhoirgnimh thagartha a ndéanfadh Ballstát athchóiriú orthu dá roghnódh sé an cur chuige réamhshocraithe.

Chun an méid bliantúil coigiltis fuinnimh a mheas, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na sonraí a bhailítear agus an fardal á bhunú mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(5) de Threoir (AE) 2023/1791. Tugtar sampla táscach den mheastachán sin i bhFoscríbhinn C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

Chun an úsáid fuinnimh bhonnlíne a shuí agus úsáid fuinnimh a bhfoirgneamh tar éis an athchóirithe a mheas, saineoidh na Ballstáit luachanna caighdeánacha le haghaidh an tomhaltais fuinnimh i bhfoirgnimh comhlachtaí poiblí tagartha roimh an athchóiriú ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus ina dhiaidh. Más rud é go bhfuil luachanna caighdeánacha ar fáil le haghaidh an tomhaltais fuinnimh i gcomhair cineálacha éagsúla foirgneamh, ba cheart do na Ballstáit catagóirí éagsúla d’fhoirgnimh comhlachtaí poiblí tagartha a bhunú chun feabhas a chur ar chruinneas agus ar ionadaíochas an choigiltis fuinnimh. Is féidir foirgnimh a chatagóiriú chun úsáidí deiridh (mar shampla oifigí, foirgnimh oideachais, ospidéil), criosanna aeráide (mar shampla tuaisceart, deisceart, sléibhtiúil, cósta), nó aon toisc eile a dhéanann difear dá dtomhaltas fuinnimh a léiriú.

An sprioc bhliantúil coigiltis fuinnimh a bhaint amach

Chun Airteagal 6(6) de Threoir (AE) 2023/1791 a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit na bearta a roghnú a mheasann siad a bheith iomchuí chun an úsáid fuinnimh i bhfoirgnimh phoiblí a laghdú. D’fhéadfaí na nithe seo a leanas, mar shampla, a áireamh ar na bearta sin:

athchóiriú foirgneamh chun caighdeáin foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgnimh astaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh, agus athchóiriú chun leibhéil feidhmíochta fuinnimh níos airde nó níos ísle a chomhlíonadh;

fuinneamh a fháil ar conradh (mar shampla, trí Chonarthaí Feidhmíochta Fuinnimh) agus bainistiú fuinnimh;

athsholáthair agus uasghráduithe ar chórais theicniúla foirgnimh;

aistriú go fearais atá tíosach ar fhuinneamh;

achar urláir foirgneamh téite agus/nó fuaraithe a laghdú;

an t-éileamh a laghdú;

bearta athraithe iompraíochta lena laghdaítear an tomhaltas fuinnimh;

aon bheart neamh-athchóiriúcháin eile a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh sna foirgnimh phoiblí.

Ní beart éifeachtúlachta fuinnimh é foirgnimh a dhíol. Níl sé coibhéiseach le foirgnimh a athchóiriú.

Athchóirithe céim ar chéim agus uasghrádú córas teicniúil foirgnimh a dhéantar chun an coigilteas fuinnimh coibhéiseach a bhaint amach, is dócha go n-áireofar iad i bpasanna athchóirithe, de réir an sceidil a leagtar amach le haghaidh gach foirgnimh ag a bhfuil pas. Le haghaidh na mbeart sin, is féidir pasanna athchóirithe a úsáid mar fhoinse faisnéise chun an coigilteas fuinnimh as eascraíonn astu a mheas.

I gcás ina roghnaíonn siad bearta neamhstruchtúracha (amhail athrú ar an iompraíocht), ba cheart do na Ballstáit a mhéid is féidir tionchar an bhirt a choinneáil snablianta ina dhiaidh sin a mheas. Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin gur cheart do na Ballstáit cuimhneamh ar mhéid carnach an choigiltis fuinnimh a bhainfear amach leis an mbeart sa chuid atá fágtha de shaolré an fhoirgnimh. Mar shampla, níor mhór meastachán a dhéanamh ar an bhfad a thógfadh sé ar fheachtas múchta soilse toradh dearfach a bhaint amach.

Fógra a thabhairt faoi bhearta malartacha

Na Ballstáit a chinneann an cur chuige malartach a chur i bhfeidhm, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, faoin gcoigilteas fuinnimh réamh-mheasta a bhainfí amach faoin 31 Nollaig 2030 dá roghnódh an Ballstát an cur chuige dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) go (4) (coigilteas fuinnimh coibhéiseach). Ba cheart an coigilteas fuinnimh réamh-mheasta a mheas bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ag na Ballstáit tráth an fhógra; is féidir an meastachán sin a thabhairt cothrom le dáta agus a sholáthar le beachtas níos mó sa chéad tuarascáil lena gcumhdaítear an chéad bhliain den chur chun feidhme.

Is féidir leis na Ballstáit úsáid a bhaint as meascán den chur chuige ‘réamhshocraithe’ a leagtar amach le hAirteagal 6(1) agus den chur chuige ‘malartach’ a leagtar amach le hAirteagal 6(6). Sa chleachtas, thabharfaí le tuiscint leis sin gur féidir coigilteas fuinnimh a eascraíonn as athchóiriú foirgneamh comhlachtaí poiblí ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha a chur san áireamh sa spriocmhéid bliantúil coigiltis fuinnimh. Sa chás sin, níor mhór do na Ballstáit Airteagal 6(6), an tríú fomhír, a chomhlíonadh i gcónaí.

5.3.2.   Pas athchóirithe

De bhreis ar mhéid coigiltis fuinnimh a bhaint amach atá coibhéiseach ar a laghad leis an méid a cheanglaítear in Airteagal 6(1), déanfaidh na Ballstáit pasanna athchóirithe a thabhairt isteach gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 12 den Treoir maidir le FFF i gcás foirgnimh arb ionann iad le chéile agus 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad.

Leis an bpas athchóirithe, treorófar comhlachtaí poiblí maidir le cinneadh a dhéanamh cé na gníomhaíochtaí nó na bearta ar cheart tús áite a thabhairt dóibh agus cén t-ord inar cheart iad a chur chun feidhme lena chur ar a chumas don spriocfhoirgneamh caighdeán foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgnimh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2040 ar a dhéanaí. Is féidir leis na Ballstáit na bearta a mholtar sa phas athchóirithe a chur san áireamh freisin chun an sprioc bhliantúil coigiltis fuinnimh a bhaint amach. Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin gur gá, faoi 2040, an líon céanna m2 a athchóiriú ina fhoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha (thart ar 45 % den bhonnlíne), ach na Ballstáit a roghnaigh an cur chuige malartach, bheadh orthu gníomhaíochtaí breise a chur chun feidhme chun leibhéal coibhéiseach coigiltis i rith na tréimhse a áirithiú.

6.   Oibleagáidí a bhaineann le hAirteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791

Cuirtear Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791 in ionad Airteagal 6 de Threoir 2012/27/AE. Is é is aidhm d’Airteagal 7 i gcónaí ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh a bhunú mar cheanglas sa soláthar poiblí. Mar sin féin, leathnaíodh an raon feidhme i gcomparáid le hAirteagal 6 de Threoir 2012/27/AE.

Le hAirteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, maidir le húdaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, agus conarthaí poiblí agus conarthaí lamháltais poiblí á ndéanamh acu a chomhlíonann nó a sháraíonn faoi seach na tairseacha a leagtar síos i dTreoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE (le chéile: na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí Clasaiceach), nach gceannaíonn siad ach táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus (anois freisin) oibreacha ag a bhfuil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh. Sainmhínítear ‘údaráis chonarthacha’ agus ‘eintitis chonarthacha’ in Airteagal 2, pointí (14) agus (15), de Threoir (AE) 2023/1791, lena dtagraítear, dá réir sin, do na sainmhínithe comhfhreagracha sna Treoracha maidir le Soláthar Poiblí Clasaiceach. Ina theannta sin, leathnaítear raon feidhme na hoibleagáide sin i gcomparáid le Treoir 2012/27/AE chun gach údarás conarthach poiblí agus gach eintiteas conarthach, agus gach leibhéal riaracháin phoiblí a chumhdach.

Thairis sin, níl oibleagáid an airteagail sin faoi réir coinníollachtaí maidir le costéifeachtacht, indéantacht eacnamaíoch, inbhuanaitheacht níos forleithne agus iomaíocht leordhóthanach a thuilleadh, ach tá sí faoi réir indéantacht theicniúil agus fúithi sin ‘amháin’.

Thairis sin, leathnaítear an oibleagáid (i) trína cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm agus conarthaí poiblí agus lamháltais á ndéanamh acu agus (ii) trína ordú go mbeidh feidhm ag bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh freisin maidir le conarthaí poiblí agus lamháltais nach ndéantar foráil d’aon cheanglas sonrach ina leith in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791.

Ina theannta sin, déantar na nithe seo a leanas anois le hAirteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791

(1)

soláthraítear roghanna le haghaidh soláthar poiblí chun cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach a bhaint amach trí ghnéithe níos leithne den inbhuanaitheacht, den gheilleagar sóisialta, comhshaoil agus ciorclach, chomh maith le critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas nó critéir náisiúnta choibhéiseacha atá ar fáil, a chur san áireamh i gcleachtais soláthair agus conarthaí á dtabhairt i gcrích dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin;

(2)

ní mór faisnéis a fhoilsiú faoin tionchar éifeachtúlachta fuinnimh atá ag conarthaí áirithe;

(3)

cuirtear ar a gcumas d’údaráis chonarthacha ceangal a chur ar thairgeoirí faisnéis a nochtadh maidir le poitéinseal téimh dhomhanda saolré, an úsáid a bhaintear as ábhar ísealcharbóin agus ciorclaíocht na n-ábhar a úsáidtear i gcás foirgnimh nua agus foirgnimh atá le hathchóiriú, go háirithe foirgnimh atá níos mó ná 2 000 méadar cearnach;

(4)

ceanglaítear ar na Ballstáit tacaíocht a thabhairt d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha i nglacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh;

(5)

cuirtear ar a chumas don Choimisiún tuilleadh treorach a thabhairt do na húdaráis náisiúnta agus d’oifigigh sholáthair chun ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair;

(6)

ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a chur chun feidhme ionas nach ndéanfar údaráis chonarthacha a dhíspreagadh ó infheistíochtaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh; agus

(7)

ceanglaítear ar na Ballstáit bacainní ar an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint agus bearta a dhéantar chun é sin a dhéanamh a thuairisciú.

Anuas ar na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2023/1791 a eisiamh ó chonarthaí chun trealamh míleata a sholáthar, foráiltear anois freisin le hAirteagal 7(2) den Treoir sin go n-eisiatar cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí sin má dhéanann sé dochar don tslándáil phoiblí nó má chuireann sé bac ar an bhfreagairt d’éigeandálaí sláinte poiblí.

6.1.   Raon feidhme na nOibleagáidí in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791

Féach Airteagal 2(1), pointe (5) de Threoir 2014/24/AE le haghaidh an tsainmhínithe ar ‘conarthaí poiblí’ agus féach Airteagal 5(1) de Threoir 2014/23/AE le haghaidh an tsainmhínithe ar ‘lamháltais’. Maidir leis na tairseacha a luaitear in Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2023/1791, féach na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí Clasaiceach a luaitear ann.

D’ainneoin nach gcumhdaítear foirgnimh leis na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí Clasaiceach, ó tharla go n-eisiatar iad go sainráite as measc na gconarthaí seirbhíse eisiata a liostaítear, mar sin féin na tairseacha a leagtar amach sna Treoracha maidir le Soláthar Poiblí le haghaidh conarthaí seirbhíse, tá feidhm acu maidir le foirgnimh. Dá bhrí sin, tá ceannach nó fáil ar cíos foirgneamh faoi réir Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791 ach eisiatar é ó na rialacha maidir le soláthar poiblí i gcónaí.

Ardfheidhmíocht Éifeachtúlachta Fuinnimh

Ní mór ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh a bheith ag baint leis na seirbhísí, táirgí, foirgnimh agus oibreacha a cheannaíonn údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a mbaineann Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2023/1791 leo. Na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh atá le comhlíonadh sa chomhthéacs sin, leagtar síos iad ar bhealach níos mionsonraithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 agus cumhdaítear leo:

táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe maidir le Lipéadú Fuinnimh;

táirgí nach gcumhdaítear le gníomh tarmligthe maidir le Lipéadú Fuinnimh ach a chumhdaítear le beart cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60);

táirgí agus seirbhísí a chumhdaítear le critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas (SPG an Aontais) (61) nó critéir náisiúnta choibhéiseacha atá ar fáil;

boinn, an aicme éifeachtúlachta fuinnimh breosla is airde, mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) 2020/740 ó (62);

foirgnimh;

Má chumhdaítear na táirgí le gníomh tarmligthe maidir le Lipéadú Fuinnimh nó le beart cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE agus critéir SPG an Aontais, cuirfear san áireamh an ceanglas is uaillmhianaí ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de. Más uaillmhianaí critéir SPG an Aontais, cuirfidh na Ballstáit san áireamh iad agus déanfaidh siad a ndícheall na critéir SPG sin de chuid an Aontais a úsáid mar a fhoráiltear in Airteagal 7(5) agus in Iarscríbhinn IV pointe (c) de Threoir (AE) 2023/1791.

Gníomhartha tarmligthe maidir le lipéadú fuinnimh

Chun measúnú, dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV pointe (a) de Threoir (AE) 2023/1791 agus Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (63), a dhéanamh ar cé hí nó cé hiad an ‘(dá) aicme is airde (a úsáidtear ar bhealach suntasach)’ de tháirgí a chumhdaítear le gníomh tarmligthe maidir le lipéadú fuinneamh (64), d’fhéadfaí tagairt a dhéanamh don Chlárlann Táirgí Eorpach um Lipéadú Fuinnimh (EPREL) (65), ina gcláróidh soláthróirí (66) a dtáirgí (67) sula gcuirfidh siad ar an margadh iad ón 1 Eanáir 2019  (68). Cuireann EPREL ar a gcumas do chustaiméirí – agus dá bhrí sin d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha – faisnéis mhionsonraithe a aimsiú maidir le táirgí agus cineálacha (69) ,  (70) .

Mar shampla, léirítear san Fhíor seo a leanas dáileadh cineálacha teilifíseáin ar mhéid scáileáin áirithe a cláraíodh in EPREL i lár 2023. An sprioc a bheadh ann faoin gcritéar in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1369 sa chás seo ná dreasachtaí a sholáthar d’aicmí E agus F (nó níos airde), atá i measc na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear ar bhealach suntasach , seachas dreasachtaí a sholáthar d’ísealaicme G, atá i measc na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh is airde freisin, cé gurb í aicme G an aicme is airde.

Fíor 3

Dáileadh cineálacha teilifíseáin roghnaithe ar mhéid scáileáin áirithe a cláraíodh in EPREL i lár 2023 (167 gcineál as líon iomlán 17 976 chineál)

Aicme

Iontrálacha

%

A

0

0,0

B

1

0,6

C

0

0,0

D

0

0,0

E

21

12,6

F

37

22,2

G

108

64,7

I gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Threoir (AE) 2023/1791, agus pacáiste táirgí á cheannach a gcumhdaítear é ina iomláine le gníomh tarmligthe a glacadh de bhun Rialachán (AE) 2017/1369, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh tosaíocht ag feidhmíocht fuinnimh an phacáiste ar fheidhmíocht fuinnimh na dtáirgí aonair laistigh den phacáiste sin tríd an bpacáiste táirgí a cheannach a bhaineann leis an aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde atá ar fáil. Mar shampla, soláthróirí a cheannaíonn pacáiste ina bhfuil coire breosla sholadaigh mar aon le téitheoir breise, rialtán teochta agus gaireas grianfhuinnimh, d’fhéadfaidís a cheangal nach gá don ghaireas grianfhuinnimh ach aicme ‘B’ amháin a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go mbaineann an pacáiste ina iomláine leis an gcatagóir is airde atá ar fáil (‘A+++’ sa chás is fearr). Féadfaidh na ceannaitheoirí poiblí an cur chuige céanna sin a ghlacadh ar leithligh, cé nach gceanglaíonn a mBallstát orthu é sin a dhéanamh.

Bearta cur chun feidhme éicidhearthóireachta faoi Threoir 2009/125/CE

Maidir le táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe a glacadh faoi Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (71) ,  (72), maidir leis an gceanglas gan ach táirgí a cheannach a chomhlíonann na tagarmharcanna éifeachtúlachta fuinnimh a leagtar amach sa bheart cur chun feidhme sin, níl feidhm aige ach amháin maidir le táirgí nach gcumhdaítear le gníomhartha tarmligthe a glacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369.

Critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas nó critéir náisiúnta choibhéiseacha

Tá coincheap SPG bunaithe ar chritéir shoiléire, infhíoraithe, inchosanta agus uaillmhianacha chomhshaoil a bheith ann le haghaidh táirgí agus seirbhísí, bunaithe ar chur chuige saolré agus ar fhianaise eolaíoch. Ó bhí 2008 ann, d’fhorbair an Coimisiún critéir SPG an Aontais le haghaidh roinnt catagóirí táirgí (73).

I gcás inarb ann do chritéir SPG an Aontais nó critéir choibhéiseacha náisiúnta dheonacha le haghaidh táirge nó seirbhíse, déanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a ndícheall gan ach táirgí agus seirbhísí a cheannach a chomhlíonann ar a laghad na critéir (mar shampla, sonraíochtaí teicniúla, critéir dhámhachtana, clásail chonarthacha maidir le feidhmíocht) maidir le fuinnimh ar an leibhéal ‘lárnach’. Is iad na critéir lárnacha na critéir sin atá oiriúnach lena n-úsáid ag aon údarás conarthach nó ag aon eintiteas conarthach ar fud na mBallstát. Ceaptar iad lena n-úsáid le hiarracht íosta fíoraithe bhreise nó le méaduithe íosta ar an gcostas (74).

Boinn

Faoi Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791, ní fhéadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ach boinn a bhaineann amach an aicme éifeachtúlachta fuinnimh breosla is airde a cheannach, mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) 2020/740. Sonraítear i bpointe (d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 nach gcuireann an ceanglas sin cosc ar chomhlachtaí poiblí boinn a cheannach ag a bhfuil an aicme fliuchghreama nó aicme torainn rollta sheachtraigh is airde acu i gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna sábháilteachta nó sláinte poiblí.

Táirgí a nÚsáideann Soláthraithe Seirbhíse iad

Ceanglóidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ina nglaonna ar thairiscintí le haghaidh conarthaí seirbhíse nach n-úsáidfidh soláthraithe seirbhíse ach táirgí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 i gcás ina bhfaigheann soláthraithe seirbhíse táirgí nua dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 go hiomlán nó i bpáirt le haghaidh sholáthar na seirbhíse i gceist. Mar shampla, soláthróir a cheannaíonn seirbhísí cothabhála feithiclí, ní cheanglaítear air a iarraidh go ndéanfadh na soláthraithe seirbhíse i gceist a mboinn uile a uasghrádú go dtí an aicme éifeachtúlachta fuinnimh breosla is airde, ach amháin i gcás boinn nua, má cheannaíonn siad iad chun an tseirbhís ábhartha a sholáthar.

Íoscheanglais Feidhmíochta Fuinnimh le haghaidh Foirgneamh

Agus foirgnimh nó codanna d’fhoirgnimh a bhfuil feidhm foirgnimh acu á gceannach nó comhaontuithe cíosa nua á ndéanamh lena n-aghaidh, ní roghnóidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha i bprionsabal ach foirgnimh a chomhlíonann ar a laghad an leibhéal nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de (féach na heisceachtaí thíos). Agus na ceanglais sin á socrú, féadfaidh na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir foirgnimh nua agus foirgnimh atá ann cheana agus idir catagóirí difriúla foirgneamh.

Chun leibhéil nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de a chomhlíonadh, ní mór ardfheidhmíocht feidhmíochta fuinnimh a bheith ag foirgnimh, mar a chinntear i gcomhréir le hIarscríbhinn I den Treoir maidir le FFF. An méid fuinnimh atá nach mór neodrach nó an-íseal a bheidh de dhíth, cumhdófar é cuid mhór le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite. I dtrasuí na Treorach maidir le FFF, shainaithin na Ballstáit na leibhéil feidhmíochta fuinnimh agus an sciar íosta foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhfhreagraíonn d’fhoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh ina gcríoch.

Sonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 gur gá comhlíontacht Airteagal 7 agus phointe (f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 a fhíorú trí bhíthin na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear sa Treoir maidir le FFF. Sonraítear le hAirteagal 19 den Treoir maidir le FFF go n-áireofar le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh feidhmíocht fuinnimh foirgnimh agus luachanna tagartha amhail íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh chun comparáid agus measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht fuinnimh.

Ceadaítear freisin le pointe (f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, mar eisceacht, foirgnimh a cheannach nach gcomhlíonann an leibhéal nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de, is é sin i gcás ina gceannaíonn údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha foirgneamh nó ina bhfaigheann siad foirgneamh ar cíos chun athchóiriú domhain nó scartáil a dhéanamh. Tuigfear leis an téarma ‘athchóiriú domhain’ an bhrí atá leis in Airteagal 2 pointe 20 den Treoir maidir le FFF. I gcás ina bhfuil foirgneamh gar do chaighdeán ‘nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh’, d’fhéadfadh obair réasúnta beag a bheith i gceist leis an ‘athchóiriú domhain’.

Indéantacht Theicniúil

Mar a léirítear thuas, níl feidhm ag an oibleagáid ghinearálta in Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2023/1791 i gcás nach indéanta í go teicniúil. Tá feidhm ag coinníoll na hindéantachta maidir le gach conradh soláthair phoiblí gan beann ar cé acu Treoir maidir le soláthar poiblí a dtagann an conradh faoina réim. Is faoi na húdaráis chonarthacha nó na heintitis chonarthacha atá sé measúnú a dhéanamh air sin roimh nós imeachta soláthair a sheoladh cás ar chás agus a bheith in ann a léiriú nach indéanta go teicniúil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh a cheangal i gconradh nó i lamháltas. Mura féidir é sin a chruthú, ní mór d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis chonarthacha táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus oibreacha atá tíosach ar fhuinneamh a cheannach i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791.

Is indéanta go teicniúil é i gcás inar féidir na ceanglais a chur i bhfeidhm de bharr shaintréithe teicniúla an chórais, mar shampla foirgneamh nó aonad foirgnimh. Ní indéanta go teicniúil é i gcás nach féidir iad a chur i bhfeidhm ó pheirspictíocht theicniúil, i.e., i gcás nach féidir na ceanglais a chur i bhfeidhm de bharr shaintréithe teicniúla an chórais.

Mar shampla, d’fhéadfadh easpa indéantacht theicniúil chun teaschaidéil atá tíosach ar fhuinneamh a sholáthar a bheith ann i gcás nach oiriúnach córas dáilte teasa an fhoirgnimh chun oibriú ag na teochtaí atá de dhíth chun teaschaidéal a úsáid go héifeachtúil, fad atá an foirgneamh lena mbaineann faoi úinéireacht nó ar cíos.

Measúnú dea-dhoiciméadaithe ina n-áirítear réasúnaíocht amhail teorainneacha teicneolaíochta, srianta a bhaineann go sonrach leis an suíomh nó neamh-chomhoiriúnacht theicniúil leis an mbonneagar nó na córais atá ann cheana, is gá an measúnú sin chun neamh-indéantacht theicniúil a léiriú. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh sa chéim ullmhúcháin do cheannach agus ba cheart é a chur san áireamh i ndoiciméid na n-údarás nó na n-eintiteas agus moltar conclúid an mheasúnaithe a léiriú i bhfógraí conartha ar chúiseanna trédhearcachta agus córa comhionainne. Measúnú dea-dhoiciméadaithe a bhfuil anailís chomparáideach bunaithe ar réamhchomhairliúchán margaidh mar bhunús leis, is iomchuí é chun neamh-indéantacht theicniúil a léiriú agus a dhoiciméadú.

Dá réir sin, má chinneann soláthróirí nach indéanta go teicniúil na míreanna uile a bhaineann le catagóir éifeachtúlachta atá le ceannach faoi Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791, ach gurb indéanta go teicniúil míreanna eile nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna, d’fhéadfaidís na míreanna sin nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna a cheannach.

6.2.   Oibleagáidí Mionsonraithe

6.2.1.   Cur i bhfeidhm Bhunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh

Tá foráil nua anois in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791 freisin lena gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir (AE) 2023/1791, agus conarthaí poiblí agus lamháltais á ndéanamh ag a bhfuil luach measta (75) atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2023/1791 nó níos mó, gan beann ar cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear ceanglais shonracha le haghaidh na gconarthaí poiblí agus na lamháltas sin faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791. Tá Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791 infheidhme freisin maidir leis na ceannacháin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/81/CE ag a bhfuil luach measta os cionn na dtairseach sna Treoracha maidir le Soláthar Clasaiceach.

Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir le gach conradh poiblí agus lamháltas a luaitear sa mhír thuas mar ní ann d’aon mhaolú i dTreoir (AE) 2023/1791 i dtaca leis sin (76).

Soláthraítear sonraí breise maidir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus a chur i bhfeidhm i Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún (77).

Chun bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm, is gá anailís chuimsitheach a dhéanamh ar na roghanna malartacha agus ar roghanna le haghaidh soláthair atá ar fáil agus measúnú a dhéanamh ar na roghanna sin i ndáil leis an éifeachtúlacht fuinnimh freisin, ach ní i ndáil leis sin amháin. Sula gcinneann an t-údarás nó an t-eintiteas an ceannach a dhéanamh, ba cheart anailís a dhéanamh ar gach réiteach agus rogha mhalartach, lena n-áirítear i gcás inar gá anailís costais is tairbhe ó pheirspictíocht shochaíoch agus tairbhí níos forleithne na héifeachtúlachta fuinnimh á gcur san áireamh. Féadfaidh an ceannaitheoir brath ar anailís ábhartha (le haghaidh ceannacháin inchomparáide, nach bhfuil as dáta, etc.) a rinne, mar shampla, eintiteas réigiúnach nó náisiúnta atá freagrach as an mbeartas sa réimse nó comhlachta lárnach ceannaigh, roimhe sin i gcásanna den chineál céanna.

Ní mór féachaint ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh mar bhunphrionsabal agus cinneadh á dhéanamh maidir le conas tionscadal a dhearadh agus, ina dhiaidh sin, maidir leis na táirgí, na hoibreacha, na seirbhísí agus na foirgnimh a lorgófar tairiscintí lena n-aghaidh. Sa nós imeachta soláthair, d’fhéadfaí bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a bhreithniú sna critéir dhámhachtana nó sa tsonraíocht theicniúil. Is féidir an doiciméadacht maidir le cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh, mar shampla, i gcomhaid na gceannaitheoirí.

6.2.2.   Slándáil Phoiblí, Éigeandálaí Sláinte Poiblí agus Conarthaí na bhFórsaí Armtha / chun Trealamh Míleata a Sholáthar

Coinnítear an díolúine in Airteagal 7(2) de Threoir (AE) 2023/1791 ón oibleagáid faoi Airteagal 7(1) den Treoir sin i gcás chonarthaí na bhfórsaí armtha nó i gcás conarthaí chun trealamh míleata a sholáthar. Eisiatar na conarthaí sin ó chur i bhfeidhm Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791 gan beann ar cé acu Treoir maidir le soláthar poiblí (lena n-áirítear Treoir 2009/81/CE) (78) a dtagann an conradh faoina réim. Tugtar isteach leis freisin díolúine eile ón oibleagáid sin i gcásanna ina ndéanfaí dochar don tslándáil phoiblí nó ina gcuirfí bac ar an bhfreagairt d’éigeandálaí sláinte poiblí dá gcomhlíonfaí í.

Slándáil phoiblí agus éigeandálaí sláinte poiblí

Tuigtear go comónta leis an tslándáil phoiblí mar an réimse gníomhaíochta ar laistigh de atá an phríomhfhreagracht ar an Stát a chríoch agus a shaoránaigh a chosaint. ‘Maidir leis an gcoincheap “slándáil phoiblí”, de réir bhrí Airteagal 52 CFAE agus arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, cumhdaítear slándáil inmheánach agus slándáil sheachtrach Ballstáit leis, chomh maith le saincheisteanna maidir le slándáil phoiblí etc. Leis an gcoincheap sin, glactar leis gur ann d’fhíorbhagairt atá sách tromchúiseach agus lena ndéantar difear do cheann de leasanna bunúsacha na sochaí, amhail bagairt d’fheidhmiú institiúidí agus seirbhísí poiblí fíor-riachtanacha agus do mharthanas an phobail, mar aon leis an riosca go ndéanfaí mórshuaitheadh ar an gcaidreamh eachtrach nó ar an gcómhaireachtáil shíochánta idir náisiúin, nó riosca do leasanna míleata’. (79)

Cé nach ann d’aon sainmhíniú foirmiúil ar ‘éigeandáil sláinte poiblí’ i reachtaíocht an Aontais, is féidir é a shainmhíniú tríd is tríd mar tharlú tinnis nó reachta sláinte nó garbhagairt tinnis nó reachta sláinte, a tharlaíonn de dheasca na bithsceimhlitheoireachta, galar eipidéimeach (mar shampla galar gastraistéigeach, maláire, fiabhras deinge, fiabhras Zika) nó paindéimeach (mar shampla fliú na n-éan, Covid-19), nó oibreán tógálach nó tocsain bhitheolaíoch nua agus an-mharfach, lena mbaineann riosca substaintiúil go bhfaighidh líon mór daoine bás nó go mbeidh míchumas buan nó fadtéarmach ar dhuine.

I ndeireadh na dála, más mian le Ballstát eisceacht na ‘slándála poiblí’ nó na ‘héigeandála sláinte poiblí’ a agairt, ní mór dó fianaise choincréiteach a sholáthar ar an argóint shubstainteach ar son imeacht ó fhorálacha ábhartha an airteagail sin. Ní eisiafar bearta náisiúnta ó chur i bhfeidhm dhlí an Aontais toisc go ndírítear iad ar chosaint na slándála poiblí nó ar an gcosaint náisiúnta, agus ar an gcúis sin amháin.

Conarthaí na bhFórsaí Armtha agus chun Trealamh Míleata a Sholáthar

Níl feidhm ag Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le conarthaí na bhfórsaí armtha ach amháin a mhéid nach mbeidh a chur i bhfeidhm ar neamhréir le cineál agus príomhaidhm ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha. Ceanglaítear le cur i bhfeidhm an eisiaimh sin anailís cás ar chás ar chonradh ar leith lena dhearbhú an ann do neamhréir idir na hoibleagáidí in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791 agus cineál agus príomhaidhm ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha. Tá feidhm ag an eisiamh sin le gach cineál oibreacha, soláthairtí, agus conarthaí seirbhísí.

Agus an téarma ‘fórsaí armtha’ á shainmhíniú, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir fórsaí armtha agus fórsaí slándála (féach Airteagal 28(5) de Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle). Cé go gciallaíonn ‘fórsaí armtha’ go bunúsach fórsaí míleata Ballstáit, mar atá an t-arm, an chabhlach, agus an t-aerfhórsa go hiondúil, baineann ‘fórsaí slándála’ le fórsaí paraimíleata, póilíní, nó gníomhaireachtaí eile forfheidhmithe dlí (lena n-áirítear póilíní nó gníomhaireachtaí eile forfheidhmithe dlí ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil), agus gníomhaireachtaí faisnéise (féach freisin sa chaibidil seo an pointe dar teideal ‘ Slándáil phoiblí agus éigeandálaí sláinte poiblí ’ maidir leis an eisceacht a bhaineann leis an tslándáil phoiblí). Tuigfear an téarma ‘conarthaí na bhfórsaí armtha’ ar bhealach leathan, mar chonarthaí a dhéantar go sonrach chun leas na bhfórsaí armtha seachas conarthaí a dhéanann na fórsaí armtha féin, agus iad sin amháin. D’fhéadfadh Aireachtaí Cosanta, gníomhaireachtaí soláthair airm, agus aon eintiteas iomchuí eile de chuid na mBallstát conarthaí den sórt sin a dhéanamh freisin. Gach conradh a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2(c) de Threoir 2009/81/EC chomh maith le conarthaí le haghaidh oibreacha agus seirbhísí chun críoch míleata go sonrach (an chéad leath d’Airteagal 2(d) de Threoir 2009/81/CE), is féidir a mheas, dá bhrí sin, go bhféadfaidís tairbhiú den eisiamh dá léireofaí sa mheasúnú cás ar chás go mbeadh ina thoradh ar chomhlíonadh oibleagáidí Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791 go mbainfí de phríomhchineál nó d’aidhm na ngníomhaíochtaí.

Conarthaí chun trealamh míleata a sholáthar, eisiatar iad ó chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791, gan beann ar cé a dhéanann na conarthaí nó ar an Treoir maidir le soláthar poiblí a dtagann siad faoina réim.

Sainmhínítear trealamh míleata in Airteagal 1, pointe (6) de Threoir 2009/81/CE.

6.2.3.   Conraitheoireacht um Fheidhmíocht Fuinnimh

Sainmhínítear ‘conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh’ in Airteagal 2, pointe (33) de Threoir (AE) 2023/1791.

Is iomaí buntáiste atá ann do chomhlachtaí poiblí tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh trí chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh seachas iad a chur chun feidhme trí ghnáthchonradh le haghaidh seirbhísí nó oibreacha. Is gá acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus foirne inmheánaí le haghaidh próisis chonraitheoireachta agus faireacháin i gcás an dara cur chuige sin, ach áirithítear éifeachtacht na n-infheistíochtaí leis an saineolas cuimsitheach agus leis an bhfeidhmíocht ráthaithe a bhaineann leis an gconradh feidhmíochta fuinnimh.

Sonraítear in Airteagal 7(3) de Threoir (AE) 2023/1791 go ndéanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha measúnú ar an indéantacht a bhaineann le conarthaí feidhmíochta fuinnimh fadtéarmacha (80) a sholáthraíonn coigilteas fuinnimh fadtéarmach a thabhairt i gcrích agus conarthaí seirbhíse lena ngabhann luach suntasach fuinnimh á soláthar acu. Ó tharla nach sonraítear in Airteagal 7(3) de Threoir (AE) 2023/1791 an cineál seirbhíse arna soláthar is ceart a chumhdach leis an measúnú sin, déanfar measúnú, cibé acu measúnú aonair nó faoi chuimsiú measúnú níos leithne, le haghaidh gach soláthair de chonarthaí den sórt sin má ghabhann luach suntasach fuinnimh leo.

Is é atá i gconarthaí seirbhíse lena ngabhann luach suntasach fuinnimh, mar shampla, conarthaí seirbhíse le haghaidh soláthar seirbhísí teasa nó iompair, conarthaí seirbhíse le haghaidh cothabháil foirgnimh nó soilsithe sráide, nó conarthaí seirbhíse le haghaidh bainistiú saoráidí ina dtomhlaítear fuinneamh.

Ach úsáid a bhaint as seirbhísí speisialaithe fuinnimh trí chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, is féidir (i) é a chur ar a cumas don earnáil phoiblí coigilteas fuinnimh níos mó a bhaint amach, (ii) gaibhnithe teicneolaíochta a sheachaint, agus (iii) costais a laghdú i gcomparáid le réitigh inmheánacha (81).,  (82)

6.2.4.   Gnéithe níos leithne den Inbhuanaitheachta, den Gheilleagar Sóisialta, Comhshaoil, agus Ciorclach chomh maith le Critéir an Aontais maidir le Soláthar Poiblí Glas agus Critéir Náisiúnta Choibhéiseacha atá ar fáil

Leagtar amach Airteagal 7(5) de Threoir (AE) 2023/1791, ar dtús, go ‘bhféadfaidh’ na Ballstáit a cheangal go ndéanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích acu dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Treoir sin, i gcás inarb iomchuí, gnéithe níos forleithne den inbhuanaitheacht, den gheilleagar sóisialta, comhshaoil, agus ciorclach a chur san áireamh i gcleachtais soláthair (83).

6.2.5.   Faisnéis maidir le Tionchar Éifeachtúlachta Fuinnimh Conarthaí agus Faisnéis maidir le Poitéinseal Téimh Dhomhanda Saolré Foirgnimh Nua

I gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta, cuirfidh ceannaitheoirí poiblí faisnéis ar fáil go poiblí maidir le tionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí a bhfuil a luach cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2023/1791 nó os a gcionn.

Ceanglaítear in Airteagal 7(5), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2023/1791 go gcuirfí an fhaisnéis ar fáil trí fhógraí soláthair phoiblí a fhoilsítear ar TED trí na réimsí tiomnaithe dá bhforáiltear ar bhonn Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 (84). Soláthrófar an fhaisnéis sin sna fógraí faoi seach is gá a fhoilsiú faoi na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 maidir le fógraí a fhoilsiú in TED, arb é an leagan ar líne den ‘Fhorlíonadh d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh’ é (85). Soláthróidh an Coimisiún na hathruithe is gá ar TED le haghaidh an fhógra sin.

Thairis sin, féadfaidh na húdaráis chonarthacha ceangal a chur ar thairgeoirí faisnéis a nochtadh maidir leis an bpoitéinseal téimh dhomhanda saolré, úsáid ábhar ísealcharbóin, agus ciorclaíocht na n-ábhar a úsáidtear, i gcás foirgneamh nua agus foirgneamh atá le hathchóiriú. Dá gcinnfidís é sin a dhéanamh, d’fhéadfaí an ceanglas sin a leagan síos sna doiciméid tairisceana chomh maith leis an gconradh a thugtar i gcrích leis an tairgeoir rathúil. Beifear cúramach a áirithiú mura gcomhlíonfar an ceanglas sin (maidir leis an bhfaisnéis thuasluaite a sholáthar) go ndiúltófar do thairiscint ón nós imeachta soláthair faoi seach nó gur ann d’iarmhairtí conarthacha i gcás nach gcoinnítear luachanna dearbhaithe i gcur chun feidhme an chonartha. De bhun Airteagal 7(5), tá foilsiú na faisnéise sin ábhartha go háirithe le haghaidh foirgnimh nua ag a bhfuil achar urláir (86) os cionn 2 000 méadar cearnach.

6.2.6.   Tacaíocht d’Údaráis Chonarthacha agus d’Eintitis Chonarthacha

I gcomhréir le hAirteagal 7(5), an tríú fomhír, de Threoir (AE) 2023/1791, tacóidh na Ballstáit le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha i nglacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh.

Measúnú ar Chostais Saolré

Beart aitheanta chun tacú le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha is ea modheolaíochtaí a sholáthar dóibh chun measúnú a dhéanamh ar chostais saolré (87). Foráiltear go sainráite i dTreoracha 2014/24/AE agus 2014/24/AE go bhféadfaí costais saolré a úsáid sa soláthar poiblí. Leagfar amach sna doiciméid tairisceana an modh ríofa agus na sonraí atá le soláthar ag tairgeoirí.

Tá níos mó i gceist le costais saolré a úsáid ná praghas ceannaigh earra nó seirbhíse nó foirgnimh nó oibreacha a chur san áireamh agus ní léirítear go hiondúil leis an bpraghas ceannaigh an tionchar airgeadais iomlán atá ag ceannachán ar bhuiséad ceannaitheora. Dá bhrí sin, bunaítear measúnú ar chostais saolré ar na nithe seo a leanas go hiondúil:

costais cheannaigh agus gach costas gaolmhar amhail seachadadh (iompar), suiteáil agus coimisiúnú;

costais oibriúcháin, lena n-áirítear costais fóntais amhail fuinneamh, uisce agus tomhaltáin eile, cánacha, costais árachais, costais oiliúna, costais deisiúcháin agus chothabhála;

costais deireadh ré amhail costais aistrithe, athchúrsála nó athchóirithe agus díchoimisiúnaithe;

luach iarmharach asbhainte, arb é atá ann ioncam ó dhíol sócmhainne tar éis dheireadh a húsáide;

achair ama i ndáil le fad saoil agus barántas sócmhainne (88).

Sa chomhthéacs sin, forbraíodh sraith uirlisí ríofa costas saolré a bhaineann go sonrach le hearnáil arb é is aidhm dóibh úsáid costas saolré a éascú i measc soláthróirí poiblí (mar shampla, le haghaidh meaisíní díola, soilsiú laistigh agus lasmuigh chomh maith le ríomhairí agus monatóirí). (89) Ina theannta sin, forbraíodh uirlisí costas saolré eile laistigh den líonra ‘Rialtais Áitiúla ar son na hInbhuanaitheachta’ (ICLEI) (90).

Lárionaid Tacaíochta Inniúlachta

Faoi chuimsiú tacú le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha i nglacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh, ceanglaítear le hAirteagal 7(5) de Threoir (AE) 2023/1791 ar na Ballstáit freisin lárionaid tacaíochta inniúlachta a bhunú.

Is iad na buntáistí a bhaineann le lárionaid tacaíochta inniúlachta ná gur féidir leo gníomhaíochtaí agus uirlisí soláthair a lárú, amhail (i) eagrú agus feidhmiú seisiún oiliúna agus ceardlann, a bhaineann go sonrach le topaic ar leith, ar fud na gcríoch réigiúnach/áitiúil uile (ar bhonn neamhspleách nó comhtháite in oiliúint soláthair phoiblí níos ginearálta), agus (ii) soláthar lámhleabhar. Mar shampla, is Lárionad Inniúlachta líonra-bhunaithe é KEINO le haghaidh Soláthar Poiblí Inbhuanaithe agus Nuálach san Fhionlainn. Forbraíonn KEINO fios gnó ceannaitheoirí agus cuireann sé seirbhísí comhairliúcháin ar fáil maidir le soláthar poiblí inbhuanaithe agus nuálach.

Chun treoraíocht bhreise a fháil, féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha dul i dteagmháil leis an deasc chabhrach maidir le SPG Eorpach (91).

Comhar i measc Údaráis Chonarthacha lena n-áirítear thar theorainneacha

Cuid mhór de na fadhbanna a bhíonn le sárú chun ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme sa soláthar poiblí, bíonn siad ag roinnt mhaith údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, agus d’fhéadfadh sé go rachadh sé chun tairbhe dóibh uile dá dtabharfaidís faoi ghníomhaíochtaí líonraithe agus comhair le húdaráis agus le heintitis eile. Dá bhrí sin, spreagfaidh na Ballstáit comhar den sórt sin (mar a iarrtar le hAirteagal 7(5) de Threoir (AE) 2023/1791).

Líonraí éagsúla ina ndírítear ar an soláthar inbhuanaithe, bunaíodh iad ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach cheana féin. Rannpháirtíocht i líonraí den sórt sin – nó in aon cheann den líon mór tionscnaimh agus tionscadail eile atá á gcur chun feidhme ar fud na hEorpa – d’fhéadfadh an rannpháirtíocht sin cuidiú le tiomantas polaitiúil agus infheictheacht leanúnach le haghaidh an tsoláthair ‘ghlais’ a áirithiú. D’fhéadfadh sé cuidiú freisin le leas a bhaint as foinsiú cistiúcháin ábhartha (92).

Soláthar Comhiomlánaithe

Is é atá sa soláthar comhiomlánaithe gníomhaíochtaí soláthair grúpa údarás conarthach nó eintiteas conarthach a chomhthiomsú chun coigilteas a bhaint amach trí cheannach ar an mórchóir, costais riaracháin níos ísle, cúrsaí teicniúla, agus eolas ar an margadh (93). D’fhéadfadh sé sin a bheith an-luachmhar i nglacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh, toisc go bhféadfaí saineolas ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus eolas ar an margadh le haghaidh táirgí, oibreacha agus seirbhísí atá tíosach ar fuinneamh a chomhroinnt. Ar bhonn níos lú, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh sé le foirgnimh nach mbaineann rialacha soláthair phoiblí ná, dá dhroim sin, na gníomhaíochtaí comhiomlánaithe soláthair leo go hiondúil. Féadfaidh comhlachtaí lárnacha ceannaigh a thairgeann seirbhísí ceannaigh lárnaigh d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha, mar shampla, soláthar comhiomlánaithe a dhéanamh.

6.2.7.   Forálacha agus Cleachtais a bhunú chun feabhas a chur ar an Éifeachtúlacht Fuinnimh agus Bacainní Comhfhreagracha a bhaint

Tugtar aghaidh ar an tsaincheist chéanna in Airteagal 7(7) agus (8) de Threoir (AE) 2023/1791 go bunúsach, is é sin na bacainní lena gcuirtear soláthróirí poiblí ó infheistíocht a dhéanamh san éifeachtúlacht fuinnimh agus ó chonraitheoireacht fhadtéarmach um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid. Is forálacha dlí nó rialála nó cleachtais riaracháin lena mbaineann cineálacha cur chuige contrártha iad na bacainní sin go hiondúil. Cé go ndéantar foráil in Airteagal 7(7) de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le bunú forálacha dlí agus rialála, agus cleachtas riaracháin maidir le ceannach poiblí agus buiséadú bliantúil agus cuntasaíocht chun tionchar na mbacainní sin ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha a laghdú, déantar foráil in Airteagal 7(8) de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le baint bacainní rialála agus neamhrialála.

Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 7(8) de Threoir (AE) 2023/1791 ar na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir leis na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar ghlacadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh sa soláthar mar chuid dá dtuarascálacha ar dhul chun cinn faoi na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

I gcodarsnacht le hAirteagal 7(1) de Threoir (AE) 2023/1791, nach bhfuil feidhm aige ach maidir le conarthaí poiblí agus lamháltais ag a bhfuil inter alia luach cothrom leis na tairseacha a leagtar síos sna Treoracha maidir le Soláthar Poiblí nó os a gcionn, tá feidhm ag Airteagal 7(7) agus (8) de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le gach nós imeachta soláthair phoiblí.

I measc samplaí de bhacainní rialála (94) agus neamhrialála (95) dá dtagraítear faoi Airteagal 7(8) de Threoir (AE) 2023/1791, áirítear: (96)

Easpa buiséid;

Bacainní dlí agus institiúideacha;

Constaicí ama;

Easpa spéise i measc na soláthróirí poiblí a ndírítear orthu;

Easpa rochtana ar sholáthróirí.

Dá réir sin, ar na bearta a d’fhéadfadh na Ballstáit a chur chun feidhme ina leith sin, áirítear

treoirlínte (tairisceana), conarthaí eiseamláireacha agus cumarsáid léirmhínitheach a ghlacadh nó nósanna imeachta riaracháin a shimpliú;

samplaí atá cothrom le dáta a fhorbairt ina dtaispeántar conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh (mar shampla, a n-oiriúnaítear iad do dheiseanna conraitheoireachta nua);

iarrachtaí dearbhaithe cáilíochta breise a chur isteach (i dtéarmaí cáilíocht seirbhísí agus tomhas agus fíorú a bheith ina ngnáthchleachtas in idirghabhálacha earnála poiblí trína bhforordú go dian i gconarthaí) agus measúnú á dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh;

deireadh a chur le dídhreasachtaí, amhail easpa beartais agus spriocanna maidir le coigilteas fuinnimh, leitheadúlacht na dreasachta deighilte, agus cur chun feidhme teoranta ról eiseamláireach foirgneamh poiblí (97);

dreasachtaí a chruthú, amhail comórtais idir údaráis agus eintitis chonarthacha, faoina dtabharfar duaiseanna nó tairbhí eile mar thoradh ar an gcomórtas a bhuachan don údarás/eintiteas conarthach a cheannaigh na táirgí, seirbhísí, oibreacha nó foirgnimh is tíosaí ó thaobh fuinnimh de (98).

Sa chomhthéacs sin, is fiú a shonrú go soláthrófar leis an bhfochlár um an Aistriú chuig Fuinneamh Glan de Chlár LIFE an Aontais, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (99), cistiú chun tacú le forbairt dea-chleachtas de chuid an Aontais i gcur chun feidhme beartais éifeachtúlachta fuinnimh, chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní iompraíochta, margaidh agus rialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh. D’fhéadfadh sé sin tacú leis na Ballstáit na bacainní thuas a bhaint.

7.   Ceanglais tuairiscithe

7.1.   Na Pleananna Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a nuashonrú

I gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit nuashonrú ar a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) is déanaí a fógraíodh a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2024. Ceanglaítear le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 ar na Ballstáit dréacht-nuashonrú ar PNFA a sholáthar i gcónaí bliain roimh an sprioc-am chun an plean a chur isteach a shonraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999.

Anuas ar Rialachán (AE) 2018/1999, ní mór an chéad abairt d’Airteagal 5(5) de Threoir (AE) 2023/1791 a chur san áireamh agus PNFAnna á nuashonrú. Ceanglaítear leis ar na Ballstáit an laghdú ar an tomhaltas arna bhaint amach gach bliain ag na comhlachtaí poiblí uile, arna dhí-chomhiomlánú de réir earnála, a thuairisciú don Choimisiún. Féadfar an dí-chomhiomlánú sin a dhéanamh de réir na réimsí sonraí atá san áireamh in Table 2.

Áireofar sa chur i láthair sa phlean nuashonraithe méid an laghdaithe ar an tomhaltas fuinnimh atá le baint amach ag gach comhlacht poiblí in aghaidh na hearnála. Ríomhfar an sprioc maidir le laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i bpointe 4.1.2, agus ba cheart na gnéithe seo a leanas ar a laghad a chuimsiú ina mhiondealú earnála:

Dí-chomhiomlánú de réir na dtrí ghrúpa éigeantacha dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir (AE) 2023/1791: comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 agus níos mó ná 5 000 iontu; comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 5 000 iontu; gach comhlacht poiblí eile.

Dí-chomhiomlánú de réir earnálacha seirbhíse poiblí, mar a leagtar amach in Table 2.

Dí-chomhiomlánú de réir iompar poiblí agus fórsaí armtha, i gcás ina mbeartaíonn Ballstát na laghduithe ar an tomhaltas fuinnimh deiridh arna mbaint amach in earnáil amháin díobh nó sa dá earnáil a chur san áireamh in aghaidh na sprice maidir leis an laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh.

Áireofar leis an nuashonrú ar na Pleananna comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide tuairisc ar na bearta a cuireadh chun feidhme cheana nó a bheartaítear chun na spriocanna maidir le laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2023/1791 chomh maith leis an sprioc athchóirithe in Airteagal 6 den Treoir sin a bhaint amach. Thairis sin, bearta beartais a cuireadh chun feidhme nó a bheartaítear lena n-áireofar comhlíontacht na n-oibleagáidí in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2023/1791, ba cheart iad a chur san áireamh.

Dá bhrí sin, leathnófar cur i láthair na mbeartas agus na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear i bpointe 3.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 chun roinn maidir le bearta a thiomnaítear don earnáil phoiblí a chur san áireamh. Anuas ar na bearta beartais, a n-áirítear iad go sonrach in Airteagal 5(6), (7), (8) agus (9) de Threoir (AE) 2023/1791, moltar go gcumhdófar freisin sa roinn sin tuairisc ar an gcaoi a n-áirithítear an chomhroinnt díchill, mar shampla idir údaráis láir, réigiúnacha agus áitiúla, i gcás ina ndéanann Ballstát oibleagáidí Airteagail 5 agus 6 de Threoir (AE) 2023/1791 a chur chun feidhme.

7.2.   Tuairisciú ar an Dul Chun Cinn

Ceanglaítear le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 ar na Ballstáit a dTuarascálacha Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar Dhul Chun Cinn ina gcumhdaítear na cúig ghné uile den Aontas Fuinnimh, ar gné amháin díobh í an éifeachtúlacht fuinnimh, a chur isteach.

Sonraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2018/1999 an fhaisnéis atá le tuairisciú maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh lena gcumhdaítear an tuairisciú a bhaineann le hoibleagáidí in Airteagail 5, 6 agus 7 de Threoir (AE) 2023/1791. Ceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis a chur san áireamh maidir le conairí, cuspóirí agus spriocanna náisiúnta, cur chun feidhme i ndáil le beartais agus bearta ábhartha chomh maith le faisnéis a mhionsonraítear a thuilleadh i gCuid 2 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.

De bhreis ar Rialachán (AE) 2018/1999, ní mór Airteagal 5(5), an dara habairt, agus Airteagal 7(8) de Threoir (AE) 2023/1791 a chur san áireamh sa Tuairisciú Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar Dhul Chun Cinn. Ceanglaítear le hAirteagal 5(5), an dara habairt, de Threoir (AE) 2023/1791 ar na Ballstáit an laghdú ar an tomhaltas arna bhaint amach gach bliain ag na comhlachtaí poiblí uile, arna dhí-chomhiomlánú de réir earnála, a thuairisciú don Choimisiún. Ceanglaítear le hAirteagal 7(8) de Threoir (AE) 2023/1791 ar na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir leis na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar ghlacadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh sa soláthar mar chuid dá dtuarascálacha ar dhul chun cinn faoi na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

Ionas go mbeidh an Coimisiún ábalta a oibleagáid faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999 a chomhlíonadh chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn, i gcás athbhreithniú ar shainiú na bonnlíne nó coigeartú ar leibhéal aeráide nó seirbhíse, moltar gur cheart na gnéithe seo a leanas ar a laghad maidir le gach bliain, i gcás inarb infheidhme, a chur san áireamh san fhaisnéis faoi bhaint amach na spriocanna maidir le laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh:

Athbhreithniú ar shainiú na bonnlíne agus ar an ríomh sprice a bhaineann leis, i gcomparáid leis an tuarascáil is déanaí ar dhul chun cinn, lena n-áirítear údar inrianaithe ar an gcaoi ar ghá an bhonnlíne a athbhreithniú.

Tionchar coigeartuithe aeráide in aghaidh na hearnála seirbhíse agus an chreasa aeráide ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a thuairiscítear.

Tionchar coigeartuithe ar leibhéal seirbhíse ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a thuairiscítear.

I gcás ina mbeartaíonn Ballstát an laghdú ar an tomhaltas fuinnimh san iompar poiblí nó sna fórsaí armtha a chur san áireamh, ba cheart a áireamh leis an bhfaisnéis an laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhaintear amach san iompar poiblí nó sna fórsaí armtha.

Bhí na chéad Tuarascálacha Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar Dhul Chun Cinn le cur isteach faoin 15 Márta 2023, agus is gá do na Ballstáit an dul chun cinn a thuairisciú dhá uair sa bhliain ina dhiaidh sin, cé is moite den cheanglas in Airteagal 5(5) de Threoir (AE) 2023/1791 lena gceanglaítear ar na Ballstáit an laghdú ar an tomhaltas arna bhaint amach ag gach comhlacht poiblí a thuairisciú gach bliain.


(1)  Treoir 2010/2024/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, (IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).

(2)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/23/oj).

(3)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj).

(4)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE, (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/25/oj).

(5)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/81/oj).

(6)  Arrowsmith, The Law of Public and Utilities Procurement, iml. 1 (2014) lch. 342.

(7)  C-323/96, An Coimisiún v An Bheilg ECLI:EU:C:1998:411 mír 27.

(8)  C-323/96, An Coimisiún v An Bheilg ECLI:EU:C:1998:411.

(9)  C-222/84, Johnston v An Príomhchonstábla ECLI:EU:C:1986:206.

(10)  C-31/87, Gebroeder Beentjes BV v An Ísiltír ECLI:EU:C:1988:422, mír 12.

(11)  C-306/97, Connemara Machine Turf v Coillte Teoranta ECLI:EU:C:1998:623 agus C-353/96, An Coimisiún v Éire (1998) ECLI:EU:C:1998:611.

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú, (IO AE L 154, 21.6.2003, lch. 1) ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).

(13)  Arrowsmith, The Law of Public and Utilities Procurement, iml. 1 (2014) lch. 342.

(14)  Aonaid riaracháin áitiúla, féach https://ec.europa.eu/eurostat/web/nuts/local-administrative-units/.

(15)  Béim curtha leis.

(16)  Is critéir mhalartacha iad sin sna Treoracha maidir le Soláthar Poiblí.

(17)  Féach e.g., C-567/15, LitSpecMet ECLI:EU:C:2017:736 mír 43 agus C-393/06, Ing. Aigner (2008) ECLI:EU:C:2008:213.

(18)  Féach e.g., C-567/15, LitSpecMet ECLI:EU:C:2017:736 mír 44.

(19)  C-283/00, An Coimisiún v An Spáinn ECLI:EU:C:2003:544.

(20)  C-18/01, Korhonen et. al. ECLI:EU:C:2003:300 mír 91.

(21)  C-360/96, Gemeente Arnhem ECLI:EU:C:1998:525 mír 55.

(22)  Is mar thagairt gharbh amháin a thugtar na samplaí seo. Ní féidir breithniú cás ar chás a sheachaint.

(23)  C-283/00, An Coimisiún/An Spáinn ECLI:EU:C:2003:544.

(24)  C-373/00, Adolf Truley ECLI:EU:C:2003:110.

(25)  C-393/06, Ing. Aigner ECLI:EU:C:2008:213.

(26)  C-324/98, Telaustria und Telefonadress ECLI:EU:C:2000:669.

(27)  Cúirt Uachtarach na hOstaire OGH 31. 1. 2002, 6 Ob 236/01a.

(28)  Maidir le léirmhíniú ar an gcritéar i ndáil le cineál tionsclaíoch nó tráchtála, is féidir tagairt bhreise a dhéanamh do, e.g., Cás C-373/00, ECLI:EU:C:2003:110; Cás C-360/96, Gemeente Arnhem agus Gemeente Rheden v BFI Holding (1998) ECLI:EU:C:1998:525; Cás C-18/01, Korhonen agus Páirtithe Eile (2003) ECLI:EU:C:2003:300; agus Cás C-283/00, An Coimisiún v An Spáinn (2003) ECLI:EU:C:2003:544.

Maidir leis an léirmhíniú ar an gcritéar maoiniúcháin, is féidir tagairt a dhéanamh do, e.g., Cás C-380/98, R. v HM Treasury Ex p. University of Cambridge (2000) ECLI:EU:C:2000:529; Cás C-115/12 P, An Fhrainc v An Coimisiún (2013) ECLI:EU:C:2013:596; agus maidir leis an difreáil ó mhaoiniú indíreach do, e.g., Cás C-337/06, Bayerischer Rundfunk (2007) ECLI:EU:C:2007:786; nó Cás C-300/07, Hans & Christophorus Oymanns v AOK Rheinland/Hamburg (2009) ECLI:EU:C:2009:358.

Maidir leis an léirmhíniú ar an gcritéar riaracháin, is féidir tagairt a dhéanamh do, e.g., Cás C-380/98, R. v HM Treasury Ex p. University of Cambridge (2000) ECLI:EU:C:2000:529; Cás C-237/99, An Coimisiún v An Fhrainc (2001) ECLI:EU:C:2001:70; agus maidir leis an difreáil ó riar indíreach do, e.g., Cás C-44/98, Mannesmann/Strohal (1998) ECLI:EU:C:1998:4.

(29)  Mar chúis leis an oibleagáid chun an tomhaltas fuinnimh deiridh a laghdú, sonraítear gur ‘ spreagthóir tábhachtach é an earnáil phoiblí maidir le haistriú an mhargaidh i dtreo táirgí, foirgnimh agus seirbhísí níos inbhuanaithe a spreagadh, mar aon le hathruithe iompraíochta a chothú i dtomhaltas fuinnimh na saoránach agus na bhfiontar. Thairis sin, trí thomhaltas fuinnimh a laghdú trí bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, is féidir acmhainní poiblí a shaoradh chun críocha eile. Ba cheart do na comhlachtaí poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ról eiseamláireach a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh.’ Dírítear, dá bhrí sin, ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh chun an sprioc maidir le laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhaint amach.

(30)   https://eda.europa.eu/docs/default-source/brochures/05-01-24-defence-energy-factsheet.pdf.

(31)   https://eda.europa.eu/what-we-do/eu-policies/consultation-forum/.

(32)  I gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (6), de Threoir (AE) 2023/1791, ciallaíonn ‘tomhaltas fuinnimh deiridh’ an fuinneamh ar fad a sholáthraítear don earnáil tionsclaíochta, don iompar (lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh san eitlíocht idirnáisiúnta), do theaghlaigh, do sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, don talmhaíocht, don fhoraoiseacht, don iascaireacht agus d’earnálacha críochúsáide eile. Mar sin féin, eisiatar uaidh sin tomhaltas fuinnimh i mbuncair mhuirí idirnáisiúnta, fuinneamh comhthimpeallach agus seachadtaí chuig earnáil an chlaochlaithe agus chuig earnáil an fhuinnimh, agus caillteanais i ngeall ar tharchur agus ar dháileadh mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008. Áirítear leis freisin fuinneamh féinghinte, amhail teas nó leictreachas ó ghrianphainéil, hidreachumhacht nó gaoth.

(33)  Is ar an gcúis sin a d’ullmhaigh an Coimisiún réiteach bogearraí ar féidir é a úsáid mar theimpléad chun sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhailiú ó chomhlachtaí poiblí agus chun faireachán a dhéanamh ar na sonraí sin, agus soláthraíonn an Coimisiún an réiteach sin do Bhallstáit ar spéis leo é.

(34)  Ó tharla go leagtar síos an sprioc ar bhonn bliantúil, ní gá sonraí maidir le tomhaltas a bhailiú ar leibhéal dí-chomhiomlánaithe níos airde, amhail sonraí maidir le tomhaltas míosúil.

(35)  I gcás giniúint leictreachais ón bhfótavoltachas, i bhformhór na gcásanna is féidir an méid féintomhaltais a ríomh bunaithe ar shonraí méadraithe. I gcás táirgeadh ón ngriantéamh, nach bhfuil fáil ar shonraí méadraithe i bhformhór na gcásanna, féadfar meastacháin innealtóireachta úrscothacha a úsáid chun an féintomhaltas a chinneadh, más rud é nach mbaineann ualach míréasúnta le hullmhú na meastachán.

(36)  Go hannamh, d’fhéadfaí an teaschaidéal a oibriú le hinneall gáis freisin.

(37)  Tagraíonn Airteagal 5(5) de Threoir (AE) 2023/1791 do chur i láthair earnálach de mhéid an laghdaithe ar an tomhaltas fuinnimh atá le baint amach. Ar an gcaoi chéanna, is féidir glacadh leis gur cheart miondealú earnála ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a bheith sa tuairisc bhliantúil freisin. Cé nach bhfuil tuairisc mhionsonraithe in Airteagal 5(5) den Treoir sin ar na hearnálacha atá le cur i láthair, leis an díolmhú féideartha le haghaidh an iompair phoiblí agus na coigeartuithe is incheadaithe araon, ceanglaítear dí-chomhiomlánú leordhóthanach de na sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh i gcomhréir leis an úrscothacht.

(38)  Síneadh roghnach: Maidir le leictreachas, mholfaí idirdhealú breise a dhéanamh (mar shampla, leictreachas le haghaidh téimh, fuarú agus chun críoch eile, féintomhaltas ó ghiniúint fhótavoltach), ach d’fhéadfadh sé nach mbeadh na sonraí sin ar fáil ach amháin i gcás inar úsáideadh fomhéadair shonracha.

(39)  Más mian le Ballstát an laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh ón iompar poiblí a chur san áireamh chun an oibleagáid a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Threoir (AE) 2023/1791, ní mór bonnlíne shonrach a bhunú le haghaidh na hearnála sin (féach roinn 4.1).

(40)  Más mian le Ballstát an laghdú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh ó earnáil na bhfórsaí armtha a chur san áireamh chun an oibleagáid a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 5(1), ní mór bonnlíne shonrach a bhunú le haghaidh na hearnála sin (féach roinn 4.1). Thairis sin, i ndáil leis an mbailiú sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh le haghaidh earnáil na bhfórsaí armtha, d’fhéadfadh sé go mbeadh an bailiú sin teoranta do na fo-chodanna sin nach bhfuil faoi réir rúndachta ar chúiseanna slándála.

(41)  Mar shampla, má bhaintear comhlachtaí poiblí, mar shampla mar gheall ar phríobháidiú, ansin ní mór an bhaint a léiriú sa bhonnlíne agus i dtomhaltas fuinnimh deiridh na bliana freisin (féach roinn 4.1.3).

(42)  Roinnt tionscnaimh shamplacha: Ar an leibhéal Eorpach, d’éirigh le Cúnant na Méaraí an uirlis ‘Plean Gníomhaíochta Fuinnimh Inbhuanaithe agus Aeráide’ (SECAP) a thabhairt isteach; I réigiún DACH, tá cáil ar thionscnaimh amhail e5 nó Klimabündnis. Chuir an Ísiltír tús le clár náisiúnta maidir le forbairt straitéisí fuinnimh réigiúnacha.

(43)  Údaráis áitiúla a shínigh Cúnant na Méaraí, d’fhéadfaidís tacaíocht a fháil le haghaidh a n-iarrachtaí pleanála agus cur chun feidhme maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh. Oibríonn an Cúnant i gcomhar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde agus leis an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht chun an tacaíocht sin a thairiscint. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar: https://eu-mayors.ec.europa.eu/ga/library/energy_poverty/.

(44)  I gcás cuid mhór de na gnéithe a liostaítear, is ann do chláir agus scéimeanna de chuid an Aontais ar féidir aghaidh a thabhairt orthu, amhail ELENA, LIFE, INTERREG, etc.

(45)  Moladh gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 30 maidir le cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh, maoiniú agus tacaíocht theicniúil Threoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a thrasuí (IO C, 19.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1553/oj).

(46)  Níl san áireamh sa bhonnlíne ach foirgnimh ar le comhlachtaí poiblí iad ón 1 Eanáir 2024. Foirgnimh a sealbhóidh comhlacht poiblí iad tar éis an dáta sin, níl siad san áireamh sa bhonnlíne ach is féidir leo rannchuidiú le baint amach na sprice má dhéantar athchóiriú orthu go caighdeán foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgnimh astaíochtaí nialasacha ina dhiaidh sin.

(47)  Oibleagáid chun clásail chonarthacha a chaibidliú (Airteagal 6(1)).

(48)  I gcás ina ndéantar iad a athchóiriú ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha mar sin féin, agus sa chás sin amháin.

(49)  Maidir le foirgnimh speisialta a shonraítear faoi Airteagal 6(2), pointí (a) go (c), is leordhóthanach athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh go leibhéal iomchuí arna shocrú ag na Ballstáit, a bhféadfadh déine níos lú ná foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a bheith ann. Níl sé éigeantach foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a bhaint amach tar éis an athchóirithe

(50)  Níl aon oibleagáid ann foirgnimh atá níos lú ná 250 m2 a chur san áireamh san fhardal de réir Airteagal 6(5), ach féadfaidh na Ballstáit é sin a dhéanamh chun fardal iomlán foirgneamh poiblí a chruthú.

(51)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, 2019, Comprehensive study of building energy renovation activities and the uptake of nearly zero-energy buildings in the EU: final report [Staidéar cuimsitheach ar ghníomhaíochtaí athchóirithe fuinnimh foirgneamh agus glacadh foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh san Aontas Eorpach: tuarascáil chríochnaitheach], Oifig na bhFoilseachán, lch. 208, https://data.europa.eu/doi/10.2833/14675.

(52)  Moladh (AE) 2019/1019 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2019 maidir le nuachóiriú foirgneamh (IO L 165, 21.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2019/1019/oj).

(53)  Ní dhéanfar aon difear don bhonnlíne ná don sprioc bhliantúil mar thoradh ar an bhfardal a thabhairt cothrom le dáta, agus fanfaidh siad mar an gcéanna.

(54)   Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh, https://energy.ec.europa.eu/topics/energy-efficiency/energy-efficient-buildings/eu-building-stock-observatory_en/.

(55)  Tagraíonn Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791 d’fhoirgnimh atá faoi chosaint oifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a bhfiúntas ailtireachta nó staire ar leith, agus is foirgnimh stairiúla a bheidh iontu den chuid is mó.

(56)  Sa chomhthéacs sin, is féidir an costas caipitil a shainiú mar an t-íosráta toraidh nach mór do chomhlacht poiblí a ghnóthú roimh bhrabús a dhéanamh. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gurbh é an costas ar an airgead a fháil ó institiúid airgeadais a bheadh ann. Ráta lascaine is ea an ráta lascaine sóisialta a chuirtear i bhfeidhm go hiondúil maidir le tionscadail lena mbaineann luach poiblí nó sóisialta.

(57)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh trí chreat modheolaíochta comparáidí a bhunú chun na leibhéil is fearr costas a ríomh maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgneamh agus eilimintí foirgnimh (IO L 81, 21.3.2012, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2012/244/oj).

(58)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).

(59)   https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC133984 .

(60)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/125/oj).

(61)  Maidir le Critéir agus Ceanglais SPG, féach an nasc https://green-business.ec.europa.eu/green-public-procurement/gpp-criteria-and-requirements_en.

(62)  Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/740/oj).

(63)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1369/oj).

(64)   https://commission.europa.eu/energy-climate-change-environment/standards-tools-and-labels/products-labelling-rules-and-requirements/energy-label-and-ecodesign/energy-efficient-products_en/.

(65)  Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar: https://commission.europa.eu/energy-climate-change-environment/standards-tools-and-labels/products-labelling-rules-and-requirements/energy-label-and-ecodesign/product-database_en.

(66)  Ciallaíonn ‘soláthróir’ monaróir atá bunaithe san Aontas, ionadaí údaraithe monaróra nach bhfuil bunaithe san Aontas, nó allmhaireoir, a chuireann táirge ar mhargadh an Aontais (féach Airteagal 2(14) de Rialachán (AE) 2017/1369).

(67)  Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir le haonaid de chineál nua a chumhdaítear le gníomh tarmligthe (féach Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1369).

(68)  Féach Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1369.

(69)  Tá faisnéis in EPREL freisin ar ghnéithe eile seachas úsáid fuinnimh táirge, agus soláthraítear faisnéis freisin ar ghnéithe amhail an tomhaltas uisce féideartha, astaíocht torainn, barántas sínithe, infhaighteacht páirteanna spártha, fad nó tacaíocht don táirge. Na critéir uile a úsáidtear in EPREL, féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha iad a úsáid freisin mar fhoinse thagartha chun sonraíochta teicniúla nó critéir roghnúcháin nó dhámhachtana a bhunú le haghaidh soláthar catagóirí táirgí áirithe. Cuireann an ghné sin ar a gcumas d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha freisin léargas a fháil ar an margadh agus ar infhaighteacht táirgí ardfheidhmíochta éifeachtúlachta fuinnimh in aghaidh na catagóire táirgí. Dá réir sin, cuireann sé sin ar a gcumas d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha meastachán a dhéanamh ar an líon tairiscintí a bhféadfaí coinne a bheith leo i nglao comhfhreagrach ar thairiscintí.

(70)  In Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1369 sonraítear, i gcás ina dtabharfaidh na Ballstáit dreasachtaí i gcomhair táirge a shonraítear i ngníomh tarmligthe, gur ar an dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear ar bhealach suntasach, nó ar aicmí is airde ná sin, a bheidh na dreasachtaí sin dírithe, mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin, agus ciallaíonn sé sin an dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear ar bhealach suntasach freisin (i dtéarmaí an lín táirgí cláraithe).

(71)  Airteagal 15(3) pointe (a) de Threoir 2009/125/CE.

(72)   https://commission.europa.eu/energy-climate-change-environment/standards-tools-and-labels/products-labelling-rules-and-requirements/energy-label-and-ecodesign/energy-efficient-products_en/.

(73)   https://green-business.ec.europa.eu/green-public-procurement/gpp-criteria-and-requirements_en/.

(74)   https://green-business.ec.europa.eu/green-public-procurement/gpp-criteria-and-requirements_en/.

(75)  De réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2014/24/AE, Airteagal 16 de Threoir 2014/25/AE agus Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE.

(76)  Sonraítear in Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2023/1791 gur cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm (gan aon srian) maidir leis ‘na conarthaí poiblí agus na lamháltais ag a bhfuil luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó níos mó […] lena n-áirítear maidir leis na conarthaí poiblí agus lamháltais sin nach bhforáiltear do cheanglais shonracha ina leith in Iarscríbhinn IV’.

(77)  Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 maidir le Bunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas – Treoirlínte agus samplaí dá cur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin (IO L 350, 4.10.2021, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/1749/oj).

(78)  Tuigfear go dtagraíonn na luachanna a luaitear in Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2023/1791 do na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí Clasaiceach seachas do na luachanna a luaitear i dTreoir 2009/81/CE.

(79)  Aithris 19 de Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach (IO L 303, 28.11.2018, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1807/oj).

(80)  Is socruithe conarthacha iad conarthaí feidhmíochta fuinnimh idir tairbhí agus soláthraí birt feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, a fhíoraítear agus a ndéantar faireachán air le linn théarma iomlán an chonartha, i gcás ina n-íoctar as infheistíochtaí (oibreacha, soláthar nó seirbhís) sa bheart sin i ndáil le leibhéal feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh arna chomhaontú de réir conartha nó i ndáil le critéar feidhmíochta fuinnimh eile arna chomhaontú, amhail coigilteas airgeadais, féach freisin Airteagal 2, pointe (11) de Threoir (AE) 2023/1791.

(81)  Moles-Grueso/Bertoldi/Boza-Kiss EUR 30614 EN.

(82)  Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar mheasúnú a dhéanamh ar indéantacht na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh, is féidir le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha féachaint ar, mar shampla, Moles-Grueso/Bertoldi/Boza-Kiss, Energy Performance Contracting in the Public Sector of the EU – 2020 (2021) agus Boza-Kiss/Zangheri/Bertoldi/Economidou, Practices and opportunities for Energy Performance Contracting in the public sector in EU Member States (2017).

(83)  Tá treoraíocht le fáil anseo maidir le conas gnéithe níos leithne a ionchorprú sa soláthar:

Soláthar Poiblí Glas: https://green-business.ec.europa.eu/green-public-procurement_en;

Ardán Pobail le haghaidh Ceannaitheoirí Poiblí: https://public-buyers-community.ec.europa.eu/about;

Fógra ón gCoimisiún: Buying Social - a guide to taking account of social considerations in public procurement [Ceannach go sóisialta – Treoir maidir le cúinsí sóisialta a chur san áireamh sa soláthar poiblí] (an dara heagrán), C(2021) 3573 final, https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/47c69b3a-cfcf-11eb-ac72-01aa75ed71a1/language-en.

Making Socially Responsible Public Procurement Work: 71 Good Practice Cases [Soláthar Poiblí atá freagrach go sóisialta a chur ag obair: 71 chás dea-chleachtais], Bealtaine 2020;

Uirlisí do cheannaitheoirí poiblí: https://commission.europa.eu/funding-tenders/tools-public-buyers/social-procurement_en;

An Coimisiún Eorpach/ICLEI, Buying green! A handbook on green public procurement [Ceannach glas! Lámhleabhar maidir le soláthar poiblí glas] (2016).

(84)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha maidir le foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 (‘eForms’) (IO L 272, 25.10.2019, lch. 7, ELI: Oiriúnófar http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1780/oj) chun na réimsí is gá a sholáthar chun an tionchar éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh trédhearcach i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 7(5) lena n-áirithítear trédhearcacht i gcur i bhfeidhm ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh trí thionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí a chur ar fáil go poiblí tríd an bhfaisnéis sin a fhoilsiú sna fógraí faoi ar Tenders Electronic Daily (TED).

(85)   https://ted.europa.eu/ga/.

(86)  Chun an t-achar sin a mheasúnú, d’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcineál achair a úsáideann siad mar thagairt sa deimhniú fuinnimh (arb é an t-achar urláir comhlán a bheidh ann i bprionsabal).

(87)   https://green-business.ec.europa.eu/green-public-procurement/life-cycle-costing_en/.

(88)  Perera/Morton/Perfrement, Life Cycle Costing in Sustainable Public Procurement: A Question of Value (2009) 1 agus Estevan/Schaefer/Adell, Life Cycle Costing State of the art report (2018).

(89)   https://green-business.ec.europa.eu/green-public-procurement/life-cycle-costing_en/.

(90)  E.g., maidir le soláthar feithiclí i bhfoirm uirlis costas saolré ‘Flíteanna Glana’, https://iclei-europe.org/publications-tools/?c=search&uid=0IKEKnVb/.

(91)   http://ec.europa.eu/environment/gpp/helpdesk.htm/.

(92)  Sa chomhthéacs sin, is fiú a shonrú gur sheol an Coimisiún an tArdán Pobail le haghaidh Ceannaitheoirí Poiblí le déanaí, ar ardán nuálach é a ceapadh chun an comhar agus an chomhroinnt eolais idir údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a éascú ar fud na hEorpa. Spás digiteach atá san ardán sin inar féidir le páirtithe leasmhara sa soláthar poiblí teacht le chéile chun dea-chleachtais a mhalartú, eispéiris a chomhroinnt, agus dúshláin a phlé. https://public-buyers-community.ec.europa.eu/ . Éascaítear an malartú saineolais sa Danmhairg, faoi mar a dhéanann an líonra réigiúnach do Réigiún an Iarthair sa Fhrainc (www.reseaugrandouest.fr). Ar an leibhéal Eorpach, sampla amháin is ea feachtas Procura+ arb é is aidhm dó eispéiris SPG a chomhroinnt thar theorainneacha agus tacaíonn sé le rannpháirtithe aonair leis an gcur chun feidhme áitiúil (www.procuraplus.org). Tá faisnéis le fáil freisin in, An Coimisiún Eorpach/ICLEI, Buying green! A handbook on green public procurement [Ceannach glas! Lámhleabhar maidir le soláthar poiblí glas] (2016) ón gCoimisiún Eorpach/ICLEI.

(93)  Féach e.g. An Coimisiún Eorpach/ICLEI, Buying green! A handbook on green public procurement [Ceannach glas! Lámhleabhar maidir le soláthar poiblí glas] (2016) lch. 31 agus Risvig Hamer in Steinicke/Vesterdorf, EU Public Procurement Law (2018) lch. 444.

(94)  I.e. bacainní a eascraíonn as an rialáil.

(95)  I.e. bacainní nach n-eascraíonn as an rialáil.

(96)  Luyckx/Pál-Hegedüs Ortega, Public procurement of energy-efficient works, supplies and services – Support provided to projects under the Intelligent Energy Europe II programme and Horizon 2020 Energy Efficiency (2020).

(97)  Moles-Grueso/Bertoldi/Boza-KissEUR 30614 EN.

(98)  D’fhéadfaí Gradaim Procura+ a úsáid mar shampla, https://procuraplus.org/awards/.

(99)  Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/783/oj).


FOSCRÍBHINN A:

Ríomh spriocanna agus fíorú bhaint amach na spriocanna

Ríomh spriocanna: Foirmlí chun tomhaltas fuinnimh deiridh uasta na hearnála poiblí i mBallstát a ríomh i gcomhréir le hoibleagáidí Airteagal 5(1), (2) agus (3) de Threoir (AE) 2023/1791

2025, 2026

Formula

Formula

FEC G1,BL

Tomhaltas fuinnimh deiridh, bonnlíne ghrúpa 1

Formula
=
Formula
= 0,996

Is é 82 an líon laethanta ón sprioc-am trasuite faoin 11 Deireadh Fómhair 2025 (agus an dáta sin san áireamh) go dtí deireadh 2025.

Formula

2027, 2028, 2029

Formula

Formula

Formula

2030, 2031

Formula

Formula

Formula

Formula

Le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin (ó 2032 ar aghaidh)

Formula

Formula

áit arb é

Formula
.

Giorrúchán

Míniú

Formula

Tomhaltas fuinnimh deiridh uasta Ghrúpa 1 in 2025 (pro rata)

(Comhfhreagraíonn Grúpa 1 do gach comhlacht poiblí cé is moite díobh siúd a áirítear i ngrúpaí 2 agus 3; féach thíos)

Formula

Formula
996

Iolraitheoir an laghdaithe le haghaidh 2025. Ní laghdaítear FEC G1,BL le 1,9 % in 2025 ach ar bhonn comhréireach (pro rata) a chomhfhreagraíonn don 82 lá atá fágtha in 2025 ón lá trasuite

FEC G1,BL

Tomhaltas fuinnimh deiridh, bonnlíne Ghrúpa 1; Comhfhreagraíonn Grúpa 1 do gach comhlacht poiblí cé is moite díobh siúd a áirítear i ngrúpaí 2 agus 3.

FEC G2,BL

Tomhaltas fuinnimh deiridh, bonnlíne Ghrúpa 2; Comhfhreagraíonn Grúpa 2 do gach comhlacht poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 agus níos mó ná 5 000 iontu

FEC G3,BL

Tomhaltas fuinnimh deiridh, bonnlíne Ghrúpa 3; Comhfhreagraíonn Grúpa 3 do gach comhlacht poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 5 000 iontu

n

Bliain in 2 dhigit, mar shampla 30 le haghaidh 2030

Fíorú bhaint amach na spriocanna: Foirmlí chun sprioc maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh agus an tomhaltas fuinnimh deiridh iarbhír a chur i gcomparáid (2025 go 2031)

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Giorrúchán

Míniú

FEC real,G,adj,20n

Tomhaltas fuinnimh deiridh comhlachtaí poiblí (cé is moite d’iompar agus de chosaint); arna choigeartú (más infheidhme); áit a gcomhfhreagraíonn G do G1, G1+G2 nó G1+G2+G3, ag brath ar an mbliain is infheidhme.

s.t. (

Formula

– le haghaidh gach uimhreach aiceanta idir 21 agus 99

RED T_OR_D,adj,20n

Laghdú ar thomhaltas fuinnimh deiridh na hearnála cosanta nó na hearnála iompair (ciallaíonn ‘OR’ an laghdú san earnáil cosanta, nó an laghdú san earnáil iompair, nó an laghdú sa dá earnáil) sa bhliain 20n; arna choigeartú (más infheidhme); i gcomparáid le tomhaltas fuinnimh deiridh na hearnála cosanta nó na hearnála iompair sa bhliain bhonnlíne (2021)

s.t. (

Formula

Image 3

 

Tomhaltas fuinnimh deiridh, an earnáil iompair

s.t. (

Formula

le haghaidh gach uimhreach aiceanta idir 21 agus 99

FEC D,20n

Tomhaltas fuinnimh deiridh, an earnáil cosanta

s.t. (

Formula

le haghaidh gach uimhreach aiceanta idir 21 agus 99

FEC T&D,20n

Tomhaltas fuinnimh deiridh, an earnáil iompair agus an earnáil cosanta

s.t. (

Formula

le haghaidh gach uimhreach aiceanta idir 21 agus 99

Formula

Formula

Iolraitheoir an laghdaithe den choigilteas sna hearnálacha iompair agus cosanta in 2025. An coigilteas ar an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhaintear amach sna hearnálacha iompair agus cosanta, déantar iad a chomhaireamh ar bhonn comhréireach (pro rata) le haghaidh 2025. Comhfhreagraíonn sé don 82 lá atá fágtha in 2025 ón lá trasuite.


FOSCRÍBHINN B:

Coigeartú aeráide, athruithe ar na leibhéil seirbhíse poiblí, agus comhlachtaí poiblí a bhaint nó a chur isteach

Coigeartú aeráide

Is iad seo a leanas na bunphrionsabail le haghaidh choigeartú aeráide an tomhaltais fuinnimh deiridh i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Threoir (AE) 2023/1791:

Ní dhéantar coigeartú de réir athruithe aeráide ach ar an sciar sin den tomhaltas fuinnimh atá spleách ar an aeráid. Go hiondúil, ní thagraítear leis sin ach don tomhaltas fuinnimh deiridh a úsáidtear le haghaidh téimh agus fuarú i bhfoirgnimh.

Féadfaidh Ballstát a mheas go mbaineann a chríoch le haon chrios aeráide amháin nó le roinnt criosanna aeráide.

Ríomhtar an coigeartú aeráide le haghaidh an tomhaltais fuinnimh deiridh de Bhallstát i ngach earnáil seirbhíse poiblí le haghaidh gach creasa aeráide sainithe (1).

Ní mór éagsúlachtaí aeráide a ghabháil leis na paraiméadair úrscothacha: Is iad laethanta céime téimh maidir leis an tomhaltas fuinnimh le haghaidh téimh agus laethanta céime fuaraithe le haghaidh fuarú na paraiméadair is coitianta a úsáidtear.

Féadfaidh Ballstát criosanna aeráide a shainiú de réir mar is iomchuí le haghaidh na tíre ar choinníoll go bhfuil na paraiméadair aeráide riachtanacha (laethanta céime téimh agus fuaraithe) ar fáil le haghaidh na gcriosanna aeráide a shainítear. (2) Ní mór na sonraí uile maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh téimh agus fuarú a leithdháileadh ar chrios aeráide sonrach.

Chun ríomh éagsúlachtaí aeráide níos lú, a mbíonn tionchar an-teoranta acu ar an tomhaltas fuinneamh go hiondúil, a sheachaint, ba cheart tairseach de minimis móide/lúide 5 % a chur i bhfeidhm maidir leis na paraiméadair aeráide (laethanta céime téimh nó fuaraithe go hiondúil) i gcomparáid leis an mbliain bhonnlíne. Ciallaíonn sé sin nach ndéantar an coigeartú aeráide ach amháin i gcás ina bhfuil an paraiméadar aeráide 5 % níos airde nó níos ísle ná mar atá sa bhliain bhonnlíne (3).

An sciar atá spleách ar an aeráid – i.e., an tomhaltas fuinnimh deiridh a úsáidtear le haghaidh téimh agus fuarú – ba cheart é a dhifreáil de réir an chineáil seirbhíse poiblí, meánchumraíocht theicniúil, agus dálaí aeráide. Thairis sin, agus an tomhaltas fuinnimh deiridh á shainiú, níor cheart a mheas ach na hiompróirí fuinnimh sin a n-úsáidtear iad go forleathan chun críoch téimh nó fuaraithe. Maidir le téamh, is é a bheidh ann sin go hiondúil: Téamh ceantair, gás nádúrtha, ola théite, millíní, slisíní adhmaid, breoslaí bithmhaise soladacha, breoslaí iontaise soladacha, agus leictreachas (an sciar a úsáidtear le haghaidh téimh agus an sciar sin amháin). Maidir le fuarú, is é a bheidh ann sin go hiondúil: Leictreachas (an sciar a úsáidtear le haghaidh fuarú agus an sciar sin amháin), agus fuarú ceantair.

Má chinneann Ballstát coigeartú aeráide a chur i bhfeidhm le haghaidh téimh, ansin ní mór coigeartú aeráide le haghaidh fuarú a chur i bhfeidhm freisin, ar choinníoll go gcomhlíontar na tairseacha de minimis a luaitear thuas.

An meastachán cruinn ar an sciar sin den tomhaltas fuinnimh deiridh atá spleách ar an aeráid, ba cheart é a bhunú ar fhianaise eimpíreach agus/nó taighde gaolmhar. Más rud é nach féidir leis an mBallstát meastacháin fhóinteacha a sholáthar maidir leis an sciar de thomhaltas fuinnimh deiridh seirbhíse poiblí atá spleách ar an aeráid bunaithe ar fhianaise eimpíreach, ansin meastar gur meánluachanna iomchuí iad na luachanna réamhshocraithe a leagtar amach in Table 5 agus Table 6.

Foirmle chineálach le haghaidh coigeartú aeráide ar an tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh téimh agus fuarú

Formula

FEC HC,adj

An tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh téimh nó fuarú tar éis coigeartú aeráide

FEC HC

An tomhaltas fuinnimh deiridh a thuairiscítear ó iompróirí fuinnimh a úsáidtear le haghaidh téimh nó le haghaidh fuarú (4)

f adj

Fachtóir coigeartaithe, a chomhfhreagraíonn don sciar den tomhaltas fuinnimh deiridh atá spleách ar an aeráid, a thuairiscítear ó iompróirí fuinnimh a úsáidtear le haghaidh téimh nó le haghaidh fuarú

par rep

Luach an pharaiméadair aeráide (laethanta céime téimh nó fuaraithe) sa bhliain tuairiscithe

par base

Luach an pharaiméadair aeráide (laethanta céime téimh nó fuaraithe) i mbliain bhonnlíne 2021

Táblaí luachanna réamhshocraithe a bhaineann leis an gcoigeartú aeráide:

Cuirtear i láthair in Table 5 luachanna réamhshocraithe le haghaidh an sciar sin den tomhaltas fuinnimh deiridh atá spleách ar an aeráid a úsáidtear le haghaidh téimh nó fuarú arna ndifreáil de réir seirbhísí poiblí agus meándálaí aeráide, bunaithe ar mheastacháin ó shaineolaí. Níor cheart na luachanna réamhshocraithe a chur i bhfeidhm le haghaidh coigeartú aeráide ar leibhéal foirgnimh agus beartaítear iad lena gcur i bhfeidhm agus coigeartuithe aeráide á ndéanamh le haghaidh an tomhaltais fuinnimh iomláin le haghaidh téimh nó fuarú d’earnáil seirbhíse poiblí i gcrios aeráide ar leith, agus ní mór don Bhallstát na criosanna aeráide a shainiú. Na sciartha atá spleách ar an aeráid a leagtar amach in Table 5, ní thagraíonn siad ach don tomhaltas fuinnimh a úsáidtear le haghaidh téimh ar thaobh amháin, agus le haghaidh fuarú ar an taobh eile. Is é atá sa tomhaltas fuinnimh le haghaidh téimh tomhaltas a thuairiscítear le haghaidh téamh ceantair, gás nádúrtha, ola théite, millíní, slisíní adhmaid, breoslaí bithmhaise soladacha, breoslaí iontaise soladacha, chomh maith leis an sciar den leictreachas chun críoch téimh mar a léirítear in Table 6. Is é atá sa tomhaltas fuinnimh le haghaidh fuarú tomhaltas a thuairiscítear le haghaidh fuarú ceantair, chomh maith leis an sciar den leictreachas chun críoch fuaraithe mar a léirítear in Table 6.

Tábla 5.

Luachanna réamhshocraithe le haghaidh an sciar sin den tomhaltas fuinnimh deiridh atá spleách ar an aeráid a úsáidtear le haghaidh téimh nó fuarú arna ndifreáil de réir seirbhísí poiblí agus meándálaí aeráide

(in %)

Seirbhís phoiblí

Le haghaidh meándálaí aeráide i Lár agus in Iarthuaisceart na hEorpa

Le haghaidh meándálaí aeráide i nDeisceart na hEorpa

Le haghaidh meándálaí aeráide i dTuaisceart na hEorpa

Tomhaltas fuinnimh a úsáidtear le haghaidh téimh

Tomhaltas fuinnimh a úsáidtear le haghaidh fuarú

Tomhaltas fuinnimh a úsáidtear le haghaidh téimh

Tomhaltas fuinnimh a úsáidtear le haghaidh fuarú

Tomhaltas fuinnimh a úsáidtear le haghaidh téimh

Tomhaltas fuinnimh a úsáidtear le haghaidh fuarú

Foirgnimh oifigí agus riaracháin

80

90

65

90

85

90

Ospidéil agus foirgnimh cúraim sláinte

55

80

40

80

60

80

Scoileanna agus naíscoileanna

75

90

60

90

80

90

Ollscoileanna

80

80

50

80

85

80

Monarchana agus foirgnimh cheardlainne

85

90

80

90

90

90

Foirgnimh chónaithe faoi úinéireacht phoiblí (mar shampla, suanliosanna)

65

90

50

90

75

90

Foirgnimh phoiblí eile (atá faoi úinéireacht nó ar cíos)

65

90

50

90

70  =

90


Tábla 6.

An sciar den tomhaltas leictreachais a úsáidtear chun críoch téimh agus fuaraithe arna dhifreáil de réir seirbhísí poiblí agus meándálaí aeráide  (5)

(in %)

Seirbhís phoiblí

I meándálaí aeráide i Lár agus in Iarthuaisceart na hEorpa

I meándálaí aeráide i nDeisceart na hEorpa

I meándálaí aeráide i dTuaisceart na hEorpa

Sciar den tomhaltas leictreachais a úsáidtear chun críoch téimh

Sciar den tomhaltas leictreachais a úsáidtear chun críoch fuaraithe

Sciar den tomhaltas leictreachais a úsáidtear chun críoch téimh

Sciar den tomhaltas leictreachais a úsáidtear chun críoch fuaraithe

Sciar den tomhaltas leictreachais a úsáidtear chun críoch téimh

Sciar den tomhaltas leictreachais a úsáidtear chun críoch fuaraithe

Foirgnimh oifigí agus riaracháin

4

7

7

18

8

2

Ospidéil agus foirgnimh cúraim sláinte

7

18

7

30

6

7

Scoileanna agus naíscoileanna

3

5

4

12

4

2

Ollscoileanna

4

8

7

15

4

3

Monarchana agus foirgnimh cheardlainne

3

7

3

15

5

4

Foirgnimh chónaithe faoi úinéireacht phoiblí (mar shampla, suanliosanna)

2

3

3

20

3

1

Foirgnimh phoiblí eile (atá faoi úinéireacht nó ar cíos)

5  %

3  %

7  %

15  %

6  %

2  %

Coigeartú le haghaidh mórathruithe ar na leibhéil seirbhíse poiblí

Is iad seo a leanas na bunphrionsabail le haghaidh coigeartú ar leibhéal seirbhíse iomchuí an tomhaltais fuinnimh deiridh chun críoch Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2018/1999:

Déantar an coigeartú ar leithligh le haghaidh an tomhaltais fuinnimh deiridh a thuairiscítear le haghaidh na n-earnálacha seirbhíse poiblí éagsúla, mar a leagtar amach in Table 2, ar leibhéal an Bhallstáit, (6) mar is gá paraiméadair éagsúla chun an leibhéal seirbhíse a thomhas.

Na paraiméadair thagartha a úsáidtear chun an leibhéal seirbhíse a thomhas, ní mór iad a roghnú go cúramach agus comhchoibhneas chomh díreach agus is féidir a bheith idir iad agus an tomhaltas fuinnimh (7). Cuirtear i láthair in Table 6 liosta samplaí de pharaiméadair thagartha iomchuí sa chomhthéacs ar leith.

Trí thairseach de minimis móide/lúide 5 % a chur i bhfeidhm, ní chuirtear san áireamh ach athruithe suntasacha ar leibhéil seirbhíse. Ciallaíonn sé sin nach ndéantar an coigeartú ar leibhéal seirbhíse ach amháin i gcás ina bhfuil an paraiméadar chun leibhéil seirbhíse a thomhas 5 % níos airde nó níos ísle i mbliain ar leith i gcomparáid leis an mbliain bhonnlíne.

Más gá coigeartú ar leibhéal seirbhíse agus coigeartú aeráide in earnáil seirbhíse poiblí shonrach, ansin déantar an dá chéim coigeartúcháin i ndiaidh a chéile. Toisc gurbh éagsúil a bheadh an coigeartú aeráide le haghaidh gach creasa aeráide i mBallstát, níor mhór an coigeartú aeráide a dhéanamh i dtosach agus an coigeartú leibhéal seirbhíse a dhéanamh ina dhiaidh sin amháin, ar cheart é a dhéanamh ar leibhéal an Bhallstáit amháin.

Tábla 7.

Liosta de pharaiméadair thagartha iomchuí chun an leibhéal seirbhíse a thomhas, arna ndifreáil de réir seirbhísí poiblí

Tomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh

Paraiméadair thagartha

Foirgnimh oifigí agus riaracháin

m2 (achar cóirithe)

Ospidéil agus foirgnimh cúraim sláinte

m2 (achar cóirithe)

Scoileanna agus naíscoileanna

m2 (achar cóirithe)

Ollscoileanna

m2 (achar cóirithe)

Monarchana agus foirgnimh cheardlainne

m2 (achar cóirithe)

Foirgnimh chónaithe faoi úinéireacht phoiblí

m2 (achar cóirithe)

Foirgnimh phoiblí eile (atá faoi úinéireacht nó ar cíos)

m2 (achar cóirithe)

Tomhaltas fuinnimh le haghaidh próiseas

 

Soilsiú poiblí

km de shráideanna soilsithe nó an líon pointí solais

Soláthar uisce

Tomhaltas uisce in aghaidh na bliana

Cóireáil fuíolluisce

Fuíolluisce a chóireáiltear in aghaidh na bliana

Bainistiú dramhaíola

Giniúint dramhaíola in aghaidh na bliana

Próisis eile

Ní ann do pharaiméadar tagartha (níl coinne le haon choigeartú)

Tomhaltas fuinnimh le haghaidh seirbhísí soghluaisteachta

 

Iompar poiblí

Ciliméadair a thiomáintear in aghaidh na bliana

Flít feithiclí ar leis an gcomhlacht poiblí iad chun críoch eile seachas iompar poiblí

Ní ann do pharaiméadar tagartha (níl coinne le haon choigeartú)

Foirmle chineálach le haghaidh coigeartú ar an tomhaltas fuinnimh deiridh d’athruithe ar an leibhéal seirbhíse

Formula

FEC adj

Tomhaltas fuinnimh deiridh coigeartaithe

FEC

Tomhaltas fuinnimh deiridh (sonraí bailithe)

par rep

Luach an pharaiméadair leibhéil seirbhíse sa bhliain tuairiscithe

par base

Luach an pharaiméadair seirbhíse sa bhliain bhonnlíne

Ní féidir an fhoirmle chineálach sin a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina dtugann an paraiméadar roghnaithe chun an leibhéal seirbhíse a thomhas údar leis an toimhde sin de chomhchoibhneas díreach idir leibhéal seirbhíse agus tomhaltas fuinnimh.

Coigeartuithe chun comhlachtaí poiblí a bhaint agus a chur isteach

Má chuirtear deireadh le comhlachtaí poiblí, má chruthaítear as an nua nó má fágadh ar lár iad ón mbonnlíne, ba cheart an prionsabal ‘comparáid a dhéanamh idir rudaí atá cosúil le chéile’ a chur i bhfeidhm agus comparáid á déanamh idir an tomhaltas bonnlíne agus an tomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil. I gcásanna coincréiteacha, ciallaíonn sé sin na nithe seo a leanas:

I gcás ina gcuirtear deireadh le comhlacht poiblí – gan beann ar an gcúis – ba cheart a thomhaltas fuinnimh deiridh a eisiamh ón mbonnlíne, agus ón tomhaltas fuinnimh deiridh i ngach bliain tuairiscithe ina dhiaidh sin freisin. Maidir le blianta roimhe sin ar tuairiscíodh iad cheana féin, ní gá torthaí coigeartuithe a athríomh.

I gcás ina gcuirtear comhlacht poiblí isteach – gan beann ar an gcúis – ba cheart a thomhaltas fuinnimh deiridh a chur leis an mbonnlíne, agus leis an tomhaltas fuinnimh deiridh i ngach bliain tuairiscithe ina dhiaidh sin freisin. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sonraí ar an tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh na bliana bonnlíne 2021 ar fáil, ionas gur féidir an tomhaltas fuinnimh deiridh sa chéad bhliain d’oibriú iomlán an chomhlachta phoiblí a cuireadh isteach a úsáid mar an tomhaltas bonnlíne lena gcuirfear an tomhaltas fuinnimh deiridh sna blianta ina dhiaidh sin i gcomparáid.

I gcás athstruchtúrú ar chomhlachtaí poiblí, ba cheart inchomparáideacht le coinníollacha na bliana bonnlíne a bhaint amach a mhéid is féidir, i gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta comparáid a dhéanamh idir rudaí atá cosúil le chéile.

I ngach cás a luaitear thuas, ba cheart athríomh iomlán a dhéanamh ar an tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh na tréimhse sprice roimhe sin ag tosú ó 2025 (8).


(1)  Ó tharla go mbaineann an oibleagáid leis na Ballstáit ina n-iomláine, níl sé úsáideach ríomhanna coigeartaithe aeráide a dhéanamh ar leibhéil dí-chomhiomlánaithe níos ísle, e.g., le haghaidh gach comhlachta phoiblí ar leith. Is leordhóthanach ríomh coigeartaithe aeráide ar an leibhéal dí-chomhiomlánaithe is airde agus is féidir – i.e., difreáilte de réir crios aeráide agus seirbhís phoiblí agus dá réir sin amháin – agus is lú an baol earráidí a bhaineann leis.

(2)   Foilsíonn JRC laethanta céime téimh agus fuaraithe in LEE ar https://agri4cast.jrc.ec.europa.eu/dataportal/.

(3)  Tá feidhm ag an tairseach de minimis móide/lúide 5 % maidir le gach paraiméadar aeráide ar leithligh. Ciallaíonn sé sin, más rud é i mbliain áirithe go bhfanann an difríocht i laethanta céime téimh i gcomparáid leis an mbonnlíne faoi bhun 5 %, ach gur mó an difríocht i laethanta céime fuaraithe ná an tairseach, nach gcuirtear i bhfeidhm ach coigeartú aeráide le haghaidh fuarú sa bhliain sin.

(4)  Mar riail, is é atá sa tomhaltas fuinnimh le haghaidh téimh tomhaltas a thuairiscítear le haghaidh téamh ceantair, gás nádúrtha, ola théite, millíní, slisíní adhmaid, breoslaí bithmhaise soladacha, breoslaí iontaise soladacha, agus an sciar den leictreachas chun críoch téimh, agus is é atá sa tomhaltas fuinnimh le haghaidh fuarú an tomhaltas a thuairiscítear le haghaidh fuarú ceantair agus an sciar den leictreachas chun críoch fuaraithe (féach Table 5 agus Table 6).

(5)  Meastacháin réamhshocraithe atá sna luachanna sa tábla. Mar sin féin, braitheann an sciar cuid mhór ar shaintréithe áirithe an chórais fuinnimh i mBallstát sonrach, e.g., ar an ngnáthsciar téimh leictrigh i soláthar teasa nó ar an ngnath-theicneolaíocht foirgnimh a úsáidtear le haghaidh seirbhísí poiblí éagsúla. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as luachanna níos iomchuí bunaithe ar shonraí staidrimh.

(6)  Ó tharla go mbaineann an oibleagáid leis na Ballstáit ina n-iomláine, níl sé úsáideach ríomhanna coigeartaithe a bhaineann le hathruithe sa leibhéal seirbhíse a dhéanamh ar leibhéil dí-chomhiomlánaithe níos ísle, e.g., le haghaidh gach comhlachta phoiblí ar leith. Is leordhóthanach an ríomh a dhéanamh ar leibhéal an Bhallstáit, gan difreáil ach de réir earnálacha seirbhíse poiblí, agus is lú an baol earráidí a bhaineann leis.

(7)  Mar shampla, an líon daltaí nó leanaí a fhreastalaíonn ar scoileanna nó ar naíscoileanna, tá comhchoibhneas réasúnta indíreach idir é sin agus tomhaltas fuinnimh na hearnála sin. Is amhlaidh an scéal mar is é méadú mór ar an líon, agus é sin amháin, a bheadh ina chúis, tar éis moill áirithe, le hoibleagáid saoráidí nua a chur ar fáil – agus vice versa i gcás líon níos lú. Is fíor an rud céanna le haghaidh an pharaiméadair de chiliméadair paisinéara a bhaineann le tomhaltas fuinnimh iompair phoiblí mar, suas go dtí tairseach áirithe, is tionchar diomaibhseach ar an tomhaltas fuinnimh a bheidh ag méadú nó laghdú ar úsáid an iompair.

(8)  Má úsáideann an Ballstát réiteach bogearra iomchuí chun sonraí maidir leis an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhailiú agus le haghaidh an tuairiscithe in aghaidh bhaint amach na sprice, ansin ba cheart don fheidhmchlár an t-athríomh iomlán a dhéanamh go huathoibríoch.


FOSCRÍBHINN C:

Samplaí praiticiúla a bhaineann le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791

1.   An ceanglas athchóirithe a chomhlíonadh (cur chuige réamhshocraithe)

Léirítear sa roinn seo sraith samplaí léiritheacha le léiriú a thabhairt ar an gcaoi ar cheart an bhonnlíne a bhunú le haghaidh ríomh na sprice bliantúla. Léirítear le trí chás speisialta an chaoi a dtagann athrú ar an mbonnlíne agus ar an sprioc in imthosca speisialta.

Sprioc athchóirithe bhliantúil

Léirítear i dTábla 8 conas is féidir an sprioc bhliantúil a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann le méid na bhfoirgneamh agus a rátáil éifeachtúlachta reatha.

Tábla 8.

Sampla cáis bonnlíne de stoc foirgneamh an 1 Eanáir 2024

Aitheantas an fhoirgnimh

Achar urláir úsáideach iomlán (i m2)

Foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh

Foirgnimh a áirítear sa bhonnlíne (1)

Achar urláir úsáideach iomlán d’fhoirgnimh a thagann faoin gceanglas athchóirithe (i m2)

1

2 000

X

 

-

2

10 000

 

X

10 000

3

7 000

 

X

7 000

4

1 500

 

X

1 500

5

30 000

 

X

30 000

6

3 000

X

 

-

7

300

X

 

-

8

900

X

 

-

9

800

 

X

800

10

700

 

X

700

11

200  (1)

 

 

-

Achar urláir úsáideach bonnlíne iomlán (m2)

50 000

Sprioc athchóirithe bhliantúil (m2)

1 500

Má ghlactar leis gurb é seo a leanas an sprioc athchóirithe bhliantúil (i m2) an 1 Eanáir 2024: 50 000 m2 × 3 % = 1 500 m2. Féadfar é sin a chomhlíonadh trí athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh 4 (sa sampla) nó trí athchóiriú a dhéanamh ar roinnt foirgneamh a bhfuil an líon céanna m2 iontu le chéile (mar shampla, foirgnimh 9 agus 10).

An sprioc athchóirithe bhliantúil, tá sí gan athrú i rith na tréimhse ina bhfuil éifeacht le Treoir (AE) 2023/1791, fiú i gcás ina gcuirtear foirgnimh nua leis an stoc foirgneamh nó ina ndéantar foirgnimh a scartáil nó a dhíol. Gach foirgneamh nua faoi úinéireacht údarás poiblí, ní mór gur foirgnimh astaíochtaí nialasacha iad ón 1 Eanáir 2028, ar aghaidh mar a shonraítear sa Treoir maidir le FFF. Sonraítear inti freisin nach mór d’fhoirgnimh phoiblí nua a bheith ina bhfoirgnimh nach mór neodracha ó thaobh fuinnimh ar a laghad go dtí go gcuirfear caighdeán na bhfoirgneamh astaíochtaí nialasacha i bhfeidhm.

Sampla scartála agus athsholáthair

Foirgnimh nua atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí a chuirtear in ionad foirgnimh shonracha a scartáladh in aon bhliain den 2 bhliain roimhe sin, féadfaidh na Ballstáit achar urláir na bhfoirgneamh nua sin a chur leis an ráta athchóirithe bliantúil. Léirítear sampla den eisceacht sin in Table 9.

Tábla 9.

Sampla scartála agus athsholáthair

Aitheantas an fhoirgnimh

Achar urláir úsáideach iomlán (i m2)

Foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh

Foirgnimh a áirítear sa bhonnlíne (2)

Stádas

Achar urláir úsáideach iomlán d’fhoirgnimh faoi bhun ceanglais athchóirithe (i m2)

1

2 000

X

 

 

-

2

10 000

 

X

 

10 000

3

7 000

 

X

 

7 000

4

1 500

 

X

 

1 500

5

30 000

 

X

 

30 000

6

3 000

X

 

 

-

7

300

X

 

 

-

8

900

X

 

 

-

9

800

 

X

Scartáilte

800

10

700

 

X

 

700

11

1 200

X

 

Foirgneamh nua

1 200

Achar urláir úsáideach bonnlíne iomlán (m2)

 

50 000

Sprioc athchóirithe bhliantúil

 

1 500

Má ghlactar leis gur tógadh foirgneamh 11 lena chur in ionad foirgneamh sonrach (i.e. foirgneamh 9) a scartáladh le linn an 2 bhliain roimhe, ansin is féidir achar urláir fhoirgneamh 11 a chur san áireamh le haghaidh na sprice suas le méid an tseanfhoirgnimh a scartáladh. Má chuirtear an foirgneamh sin san áireamh, tabharfar le tuiscint gurb é atá sa sprioc atá fágtha le haghaidh na bliana sin 1 500 m2 - 800 m2 = 700 m2.

Ní féidir an 800 m2 d’fhoirgneamh 11 a chur san áireamh le haghaidh na sprice ach amháin i gcás inar féidir leis an mBallstát comhlíontacht an dá choinníoll a leagtar síos in Airteagal 6(4) de Threoir (AE) 2023/1791 a léiriú, mar atá:

Costéifeachtacht: (Costas iomlán ar fhoirgneamh 9 a scartáil + Costas iomlán ar fhoirgneamh 11 a thógáil) < Costas iomlán ar athchóiriú fhoirgneamh 9 go caighdeán foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgnimh astaíochtaí nialasacha.

Inbhuanaitheacht:

Caiteachas fuinnimh iomlán fhoirgneamh 9 thar a shaolré eacnamaíoch mheasta > (Caiteachas fuinnimh iomlán fhoirgneamh 11 thar a shaolré eacnamaíoch mheasta + Fuinneamh iomlán i rith chéim tógála fhoirgneamh 11),

AGUS

astaíochtaí iomlána CO2 fhoirgneamh 9 thar a shaolré eacnamaíoch mheasta > (Astaíochtaí iomlána fhoirgneamh 11 thar a shaolré eacnamaíoch mheasta + Astaíochtaí iomlána i rith chéim tógála fhoirgneamh 11).

2.   An ceanglas athchóirithe a chomhlíonadh (cur chuige malartach) – Samplaí praiticiúla

Spriocmhéid bliantúil maidir le coigilteas fuinnimh coibhéiseach a leagan amach

Chun an spriocmhéid bliantúil coigiltis fuinnimh a leagan amach, féadfaidh na Ballstáit an mhodheolaíocht is fearr leo a roghnú, ar choinníoll go gcomhlíonfaí ceanglais Airteagal 6. Bealach amháin chun é sin a bhaint amach is ea na foirgnimh atá le hathchóiriú de réir catagóire agus an coigilteas fuinnimh a bhfuil coinne leis a shainaithint gach bliain, bunaithe ar luachanna caighdeánacha le haghaidh tomhaltas fuinnimh foirgneamh tagartha roimh athchóiriú agus ina dhiaidh. Sa sampla a léirítear in Table 10 agus Table 11, tá ceanglas ar an mBallstát athchóiriú a dhéanamh ar 230 000 m2 in aghaidh na bliana, ach fágann sé sin gur ann do dhá cheanglas éagsúla maidir le coigilteas fuinnimh le haghaidh bhliain X agus bhliain X+1. Is amhlaidh an scéal toisc go mbíonn éagsúlachtaí idir an dáileadh foirgneamh ó chatagóir go chéile sa 2 bhliain. Chun críoch léiriúcháin amháin a thugtar na figiúirí anseo.

Tábla 10

An coigilteas fuinnimh coibhéiseach i mbliain X a mheas

Cineálacha foirgneamh tagartha le hathchóiriú i mbliain X

Achar iomlán foirgneamh le hathchóiriú i mbliain X (in m2)

Tomhaltas fuinnimh roimh an athchóiriú (kWh/m2)

Tomhaltas fuinnimh tar éis an athchóirithe (kWh/m2)

Coigilteas fuinnimh

(kWh/m2)

Coigilteas fuinnimh iomlán (kWh)

Oifigí

100 000

380

70

310

31 000 000

Foirgnimh oideachais

50 000

400

70

330

16 500 000

Ospidéil

30 000

300

70

230

6 900 000

Saoráidí spóirt

30 000

200

70

130

3 900 000

Eile

20 000

350

70

280

5 600 000

Coigilteas fuinnimh iomlán le baint amach i mbliain X

63 900 000


Tábla 11

An coigilteas fuinnimh coibhéiseach i mbliain X+1 a mheas

Cineálacha foirgneamh tagartha le hathchóiriú i mbliain X+1

Achar iomlán foirgneamh le hathchóiriú i mbliain X+1 (in m2)

Tomhaltas fuinnimh roimh an athchóiriú (kWh/m2)

Tomhaltas fuinnimh tar éis an athchóirithe (kWh/m2)

Coigilteas fuinnimh

(kWh/m2)

Coigilteas fuinnimh iomlán (kWh)

Oifigí

0

380

70

310

0

Foirgnimh oideachais

100 000

400

70

330

33 000 000

Ospidéil

30 000

300

70

230

6 900 000

Saoráidí spóirt

50 000

200

70

130

6 500 000

Eile

50 000

350

70

280

14 000 000

Coigilteas fuinnimh iomlán le baint amach i mbliain X+1

60 400 000

Bealach eile a bheadh ann chun é sin a bhaint amach ná an chuid den sin stoc foirgneamh a ndéanfaí athchóiriú uirthi laistigh de thréimhse áirithe (mar shampla, faoi dheireadh 2030) a réamh-mheas, ar bhealach cosúil leis na táblaí thuas, agus an meánchoigilteas bliantúil le linn na tréimhse sin a mheas.


(1)  Foirgnimh a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán níos mó ná 250 m2 acu, tá siad faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí an 1 Eanáir 2024 agus ní dhéantar iad a athchóiriú de réir chaighdeán foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.

(2)  Foirgnimh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán is mó ná 250 m2; atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí; nach bhfuil athchóirithe go caighdeán foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh an 1 Eanáir 2024.


FOSCRÍBHINN D:

Treoraíocht eile a bhaineann le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791

Fardal foirgneamh na gcomhlachtaí poiblí

Sonraítear in Airteagal 6(5) de Threoir (AE) 2023/1791 an cineál faisnéise nach mór do na Ballstáit a nochtadh mar chuid dá bhfardal. Mar sin féin, d’fhéadfadh na Ballstáit an deis a thapú freisin faisnéis bhreise a bhailiú chun tacú le foirgnimh náisiúnta agus le haidhmeanna beartais i ndáil leis an éifeachtúlacht fuinnimh. D’fhéadfaí fardal níos mionsonraithe a úsáid chun an bhonnlíne a ríomh le haghaidh sprioc Airteagal 6(1) nó (6) de Threoir (AE) 2023/1791. Mar shampla, d’fhéadfaí é a úsáid chun straitéis athchóirithe níos éifeachtaí a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Na foirgnimh nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna a shainaithint chun athchóiriú a dhéanamh orthu;

Foirgnimh a ghrúpáil de réir catagóire agus cineáil, ionas gur féidir cineálacha cur chuige coiteanna athchóirithe a fhorbairt;

Tús áite a thabhairt d’athchóirithe níos costéifeachtaí, mar shampla bunaithe ar EPC nó ar shaintréithe foirgneamh áirithe eile.

Tús áite a thabhairt d’fhoirgnimh atá gan áitiú, ionas gur féidir iad a úsáid chun cóiríocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí agus athchóiriú á dhéanamh ar a bhfoirgneamh.

Tugtar samplaí anseo thíos de shamplaí d’fhaisnéis bhreise ar féidir leis na Ballstáit rogha a dhéanamh í a bhailiú, lena n-áirítear moltaí le haghaidh an chineáil sonraí nó roinnt roghanna idir lúibíní:

Faisnéis úsáideach chun bonnlíne agus sprioc Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791 a ríomh:

Foirgneamh a eisiatar ón mbonnlíne athchóirithe (IS EA/NÍ hEA)

Cúis leis an eisiamh ón mbonnlíne athchóirithe (Gan bheith faoi úinéireacht/Tithíocht shóisialta nach bhfuil sé costéifeachtach athchóiriú a dhéanamh uirthi, foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh cheana féin an 1/1/2024)

Leibhéal éifeachtúlachta/stádas athchóirithe (foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh/foirgneamh astaíochtaí nialasacha/coibhéis foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (1) de réir Airteagal 6(2a-c)/eile)

Dáta athchóirithe (dáta, má roghnaíodh foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh/foirgneamh astaíochtaí nialasacha/coibhéis foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de réir Airteagal 6 faoin bpointe roimhe)

Dáta scartála (dáta)

Dáta tógála an fhoirgnimh (dáta)

Athsholáthar le haghaidh foirgneamh a scartáladh (IS EA/NÍ hEA. Réimse nach bhfuil ar fáil ach amháin i gcás ina bhfuil an dáta tógála > 2026)

Faisnéis eile a bhaineann go sonrach leis an bhfoirgneamh:

Seoladh (teaghrán)

Úinéir (cibé acu ó liosta comhlachtaí poiblí nó comhlacht neamhphoiblí)

Stádas áitithe (féin-áitithe/ar cíos ag comhlacht poiblí eile/ar cíos ag eagraíochtaí nach comhlachtaí poiblí iad nó príobháideacha/neamháitithe)

Comhlacht poiblí arna óstáil (más rud é go bhfuil sé ar cíos ag comhlacht poiblí eile)

Saintréithe an fhoirgnimh:

Cineál foirgnimh (mar shampla, aon chatagóir amháin le haghaidh earnálacha a áirítear in Airteagal 5(5) de Threoir (AE) 2023/1791 nó catagóirí EPC)

Feidhmíocht fuinnimh reatha de réir EPC (kWh/m2/bliain)

Tomhaltas fuinnimh iarbhír in aghaidh an m2 (kWh/m2/bliain)

Rátáil feidhmíochta fuinnimh (foirgneamh astaíochtaí nialasacha, foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh, A, B, C, etc.)

Príomhbhreoslaí

Teorainneacha (foirgneamh faoi chosaint; foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha; foirgnimh atá faoi úinéireacht an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta; foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí creidimh)

Stádas athchóirithe:

Foirgneamh a bhfuil pas athchóirithe aige (IS EA/NÍ hEA)

Dáta eisiúna an phas (dáta)

Bliain faoina bhforáiltear an t-athchóiriú go foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgneamh astaíochtaí nialasacha

Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis bhreise sin a nochtadh – ach níl aon cheangal orthu é sin a dhéanamh – má roghnaíonn siad í a bhailiú. Le foilsiú sonraí breise, tugtar faisnéis don earnáil tógála agus do ESCOnna mar aon leis an bpobal maidir leis na riachtanais athchóirithe san earnáil phoiblí.

Tábla 12

Achoimre ar shonraí a cheanglaítear agus a mholtar le haghaidh an fhardail

Cineál

Sonraí

Éigeantach le bailiú agus le cur ar fáil go poiblí

Achar urláir

Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh

Éigeantach le bailiú agus le cur ar fáil go poiblí, má tá an fhaisnéis ar fáil

Tomhaltas méadraithe le haghaidh teasa, fuarú, leictreachais agus uisce te

Moltar go láidir na sonraí seo a bhailiú chun úsáid an fhardail a éascú

Comhlacht poiblí a óstáiltear

Cathair/réigiún

Seoladh

Cé acu atá nó nach bhfuil an foirgneamh faoi úinéireacht nó ar cíos

Sonraí lena gcuirtear ar a gcumas do na Ballstáit an bhonnlíne agus an sprioc bhliantúil a ríomh

Cé acu a áirítear nó nach n-áirítear an foirgneamh leis an mbonnlíne athchóirithe nó a eisiatar é ón mbonnlíne

Stádas athchóirithe

Dáta athchóirithe

Dáta scartála

Dáta tógála an fhoirgnimh

Cé acu atá nó nach bhfuil an foirgneamh ina athsholáthar le haghaidh foirgneamh a scartáladh

Sonraí eile atá úsáideach chun an fardal a úsáid mar uirlis chun athchóiriú stoc foirgneamh na gcomhlachtaí poiblí a phleanáil

Úinéir

Stádas áitithe

Comhlacht a óstáiltear

Saintréithe an fhoirgnimh:

Cineál foirgnimh

Leibhéal feidhmíochta fuinnimh reatha

Tá cuid den fhaisnéis sin le fáil ar EPC agus bheadh sé úsáideach é a thras-scríobh i bhformáid sonraí mura bhfuil ach leagan PDF de EPC san áireamh. D’fhéadfaí gur ghá sonraí eile a bhailiú ar bhealaí eile. D’fhéadfadh na Ballstáit iad a asbhaint as bunachair sonraí eile, nó suirbhé a dhéanamh ar úinéirí agus áititheoirí foirgneamh, le bearta leantacha tráthrialta chun a áirithiú go dtugtar an fhaisnéis cothrom le dáta. Rogha eile atá ann is ea bunachar sonraí a fhorbairt, atá inrochtana ó chian, ar cheart do na comhlachtaí poiblí féin é a rochtain agus a thabhairt cothrom le dáta. Chun an t-ualach riaracháin a theorannú agus feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí a bhailítear, féadfaidh na Ballstáit réitigh a bhunú lena n-uathoibrítear an próiseas bailithe sonraí, mar shampla, trí mhéadrú cliste, réiteach Córas Bainistithe Foirgneamh, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, córais fuinnimh atá cumasaithe go digiteach.

Chun an chomhsheasmhacht agus an chuntasacht a áirithiú, d’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar aon chomhlacht poiblí amháin a cheapadh chun an fardal a bhainistiú agus a choinneáil cothrom le dáta, chomh maith leis na próisis agus na huirlisí a bhunú chun na cúraimí sin a dhéanamh. D’fhéadfadh an comhlacht sin a bheith páirteach freisin i gcúraimí tuairiscithe agus pleanála eile a bhaineann le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht an stoic foirgneamh, chun sineirgí a shainaithint agus dúbláil a sheachaint.

Le nasc leis an mbailiú sonraí a bhaineann leis an Treoir maidir le FFF, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit sonraí a allmhairiú go díreach ó stórais sonraí eile, agus an fardal a úsáid mar uirlis tacaíochta beartais. Mar shampla, toisc nach mór EPC a bheith ag gach foirgneamh poiblí agus nach mór gach EPC a uaslódáil chuig bunachar sonraí coiteann, d’fhéadfadh sé go bhféadfadh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le comhlachtaí poiblí a asbhaint agus formhór an fhardail a thiomsú gan an obair a dhúbláil.

D’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar na gníomhaíochtaí tacaíochta seo a leanas chun a áirithiú go ndéantar an bailiú sonraí go tapa éifeachtach:

Feachtas cumarsáide a sheoladh arb é is aidhm dó teagmháil a dhéanamh le gach comhlacht poiblí (agus atá dírithe ar chomhlachtaí poiblí áitiúla den chuid is mó) chun iad a chur ar an eolas faoi na ceanglais maidir le tuairisciú i ndáil leis na foirgnimh atá faoina n-úinéireacht agus/nó ar áitiú acu.

Teimpléid chaighdeánacha nó pointí rochtana dírí ar an mbunachar sonraí náisiúnta a chruthú, líonta isteach roimh ré i gcás inar féidir, a bhféadfadh comhlachtaí poiblí iad a úsáid chun sonraí a thuairisciú maidir leis na foirgnimh atá faoina n-úinéireacht agus/nó ar áitiú acu.

Ceadú do chomhlachtaí poiblí an fardal a úsáid le haghaidh a bpleanála agus a dtuairiscithe féin, mar shampla trí chur ar a gcumas dóibh féachaint ar shonraí comhiomlánaithe le haghaidh a stoic foirgneamh, meánluachanna agus treochtaí.

Cuirtear an earnáil phoiblí i dtábhacht in Airteagal 6 mar gheall ar an ról eiseamláireach atá aici – i.e., ba cheart do ghníomhaíochtaí na hearnála poiblí bacainní a laghdú ar ghníomhaithe eile i ndáil le glacadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóirithe ar fhoirgnimh, go príomha trína n-indéantacht agus a gcostéifeachtacht agus na tairbhí níos forleithne a bhaineann leo a léiriú. Cuideoidh an t-athchóiriú ar fhoirgnimh comhlachtaí poiblí leis an slabhra soláthair saineolas agus taithí a fhorbairt, ionas gur fearr is féidir leo comhairle a chur ar chliaint phríobháideacha. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach sonraí ábhartha maidir le hathchóiriú foirgneamh a scaipeadh chun an acmhainneacht a fhorbairt san earnáil tógála, agus in earnálacha eile freisin (mar shampla an earnáil airgeadais), agus d’fhéadfaí na nithe seo a leanas a chur san áireamh chun leas iomlán a bhaint as ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí:

An fardal a úsáid chun sonraí a bhailiú atá úsáideach le haghaidh na céime scaipthe.

Faisnéis ábhartha a bhailiú agus a chur i láthair páirtithe leasmhara. Mar shampla, costais suiteála, costais oibriúcháin, feidhmíocht (meastacháin ex ante agus ex post), nó gnéithe praiticiúla eile.

Straitéis scaipthe a phleanáil lena bhféadfaí dul i dteagmháil leis an tionscal, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara cónaitheacha le teachtaireachtaí ábhartha éifeachtacha.

Cás-staidéir agus dea-chleachtais a shainaithint ar féidir iad a chomhroinnt, lena n-áirítear infheictheacht fhisiciúil na n-idirghabhálacha sna foirgnimh athchóirithe a áirithiú.

Comhlíontacht an cheanglais athchóirithe bhliantúil

Chun athchóiriú na bhfoirgneamh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí a spreagadh, is ann do roinnt cineálacha cur chuige ar cheart do na Ballstáit iad a chur san áireamh:

Straitéis fhadtéarmach shoiléir a shainiú chun foirgnimh phoiblí a athchóiriú, amhail Pleananna Náisiúnta Athchóirithe Foirgneamh. Anuas ar acmhainní airgeadais, d’fhéadfadh cuid mhór de na comhlachtaí a thagann faoi Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791 (comhlachtaí poiblí a bhfuil foirgneamh faoina n-úinéireacht nó ar cíos acu) tairbhiú de thacaíocht chun athchóirithe a sholáthar agus a eagrú go héifeachtúil agus go héifeachtach.

Údarás lárnach a shannadh chun bheith i gceannas ar athchóirithe a chur in ord tosaíochta agus a phleanáil. D’fhéadfadh an t-údarás lárnach a bheith freagrach as a chinneadh cé na foirgnimh ba cheart a athchóiriú ar dtús, trí chuimhneamh ar an tomhaltas fuinnimh, úsáid reatha, agus pleananna reatha an chomhlachta a óstáiltear. Agus é sin á dhéanamh, d’fhéadfadh an t-údarás lárnach leas a bhaint as na sonraí ón bhfardal a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(5) de Threoir (AE) 2023/1791. Ansin, d’fhéadfadh an t-údarás oibriú leis na comhlachtaí freagracha chun an t-athchóiriú a phleanáil ionas go dtacóidh an foirgneamh nua le straitéis fhadtéarmach an chomhlachta a óstáiltear. D’fhéadfaí an cúram a chur air freisin tacú leis an gcomhlacht chun na roghanna cistiúcháin le haghaidh na hoibre a shainaithint.

D’fhéadfaí tús áite a thabhairt d’athchóiriú fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí freisin ar bhealach díláraithe, bunaithe ar leibhéal spreagtha na gcomhlachtaí poiblí ar leo na foirgnimh i gceist. Bheadh údarás lárnach freagrach as clár cistiúcháin a bhunú ar féidir comhlachtaí poiblí iarratas a chur faoina bhráid dá mba mhian leo a bhfoirgnimh a athchóiriú. Ba cheart feachtais faisnéise a bheith ag gabháil leis an rogha sin chun feasacht a mhúscailt i measc comhlachtaí poiblí ar infhaighteacht an chláir cistiúcháin. Leis an rogha sin, d’fhéadfadh sé nach bhféadfadh na Ballstáit a spriocanna bliantúla a bhaint amach dá gcuirfeadh líon neamh-leordhóthanach comhlachtaí poiblí isteach ar chistiú chun tacú le hathchóiriú a bhfoirgneamh. Chaillfí an deis freisin leis an gcur chuige sin ord tosaíochta a leagan síos ar bhonn athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh lena mbaineann an coigilteas is mó ar an gcostas is ísle (nó critéir straitéiseacha áirithe eile) ar dtús.

Cuimhneamh ar shásraí cistiúcháin malartacha, amhail conarthaí le Cuideachtaí Seirbhísí Fuinnimh (ESCOnna), agus tacú le comhlachtaí poiblí lárnacha atá fabhrach do chineálacha cur chuige den sórt sin.

Ba cheart do na Ballstáit cuimhneamh freisin ar mhodheolaíochtaí soiléire a fhorbairt agus a fhoilsiú chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Na foirgnimh atá le hathchóiriú a shainaithint go comhsheasmhach, cuidiú le comhlachtaí poiblí cuimhneamh go hiomchuí ar an gcostéifeachtacht agus ar an indéantacht theicniúil, eacnamaíoch agus fheidhmiúil.

Cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí poiblí a bhfuil tithíocht shóisialta faoina n-úinéireacht a mheas cé acu is féidir nó nach féidir athchóiriú mar fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a dhéanamh laistigh de na critéir neodrachta ó thaobh costais de. Is fiú cuimhneamh gur féidir leis na Ballstáit rogha a dhéanamh i gcónaí tithíocht shóisialta nach gcomhlíonann na critéir neodrachta ó thaobh costais de a athchóiriú mar fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó mar fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha;

Tacú le comhlachtaí poiblí déileáil le foirgnimh a áirítear sna catagóirí speisialta (foirgnimh faoi chosaint, foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, agus foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí creidimh). D’fhéadfadh an mhodheolaíocht cuidiú le comhlachtaí poiblí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Na foirgnimh sin a chatagóiriú i gceart;

An leibhéal feidhmíochta, nó sraith critéar, a bhunú nach mór d’fhoirgnimh a bhaineann leis an catagóirí speisialta, mar a shainmhínítear in Airteagal 6(2) de Threoir (AE) 2023/1791, iad a bhaint amach lena gcur san áireamh le haghaidh an cheanglais athchóirithe. Mar shampla, d’fhéadfaí a shuí le modheolaíocht den sórt sin cé na heilimintí foirgnimh is féidir a mhionathrú de réir na catagóire foirgnimh;

Modheolaíocht a shainiú chun a shuí cathain a d’fhéadfadh comhlíontacht íoscheanglas áirithe feidhmíochta fuinnimh sainghné nó cuma foirgneamh atá faoi chosaint a athrú ar shlí nach mbeadh glacadh léi. D’fhéadfaí an mhodheolaíocht sin a nascadh leis an gcaoi a ndéileálann na reachtóirí náisiúnta le foirgnimh faoi chosaint (mar shampla, leibhéil éagsúla chosanta) agus treoirlínte soiléire a sholáthar d’ailtirí agus d’innealtóirí maidir lena bhféadfaí a mheas mar leibhéal inghlactha modhnaithe;

Déileáil le cásanna ina bhféadfadh cuspóirí comhroinnte a bheith ag foirgneamh (mar shampla, gníomhaíochtaí creidimh agus imeachtaí sóisialta freisin).


(1)  Tagraíonn an stádas athchóirithe ‘coibhéis foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh’ d’fhoirgnimh sa chatagóir speisialta, ar féidir, cé nach mbaineann siad stádas foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó foirgnimh astaíochtaí nialasacha amach, iad a chur san áireamh le haghaidh na sprice bliantúla.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1716/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)