|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1712 |
24.6.2024 |
TREOIR (AE) 2024/1712 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Meitheamh 2024
lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 82(2) agus 83(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is coir thromchúiseach í an gháinneáil ar dhaoine, a dhéantar go minic faoi chuimsiú na coireachta eagraithe, is sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha í, agus cuirtear toirmeasc sainráite uirthi le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Is tosaíocht i gcónaí ag an Aontas agus na Ballstáit an gháinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na gáinneála, gan beann ar a dtír thionscnaimh. |
|
(2) |
Tá bunchúiseanna éagsúla leis an ngáinneáil ar dhaoine. Tá an bhochtaineacht, an choinbhleacht, an neamhionannas, an foréigean inscne-bhunaithe, easpa deiseanna inmharthana fostaíochta nó easpa tacaíocht shóisialta, géarchéimeanna daonnúla, daoine a bheith gan stát agus an t-idirdhealú i measc na bpríomhthosca a fhágann go mbíonn daoine, go háirithe mná, leanaí agus baill de ghrúpaí imeallaithe, leochaileach ó thaobh na gáinneála. |
|
(3) |
Is í Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) príomhionstraim dlí an Aontais maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus íospartaigh na coire sin a chosaint. Leagtar amach leis an Treoir sin creat cuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar dhaoine trí rialacha íosta a bhunú a bhaineann le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú. Áirítear inti freisin forálacha coiteanna chun treisiú leis an gcosc ar gháinneáil leis an gcúnamh a thugtar d’íospartaigh, chomh maith lena gcosaint,, agus aird á tabhairt ar pheirspictíochtaí inscne, míchumais agus leanaí, agus cur chuige íospartach-lárnach á úsáid. |
|
(4) |
Is féidir leis an ngáinneáil ar dhaoine a bheith níos measa fós i gcás ina dtarlaíonn sí i gcomhthráth le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas agus ar fhorais eile idirdhealaithe a thoirmisctear le dlí an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, an aird chuí a thabhairt ar íospartaigh an idirdhealaithe mheasctha sin agus ar an leochaileacht mhéadaithe a eascraíonn as, trí bhearta sonracha a chur ar fáil i gcás ina bhfuil foirmeacha measctha idirdhealaithe ann. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar idirdhealú atá bunaithe ar thionscnamh ciníoch agus eitneach. |
|
(5) |
Sa teachtaireacht uaidh an 14 Aibreán 2021 i ndáil le Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac 2021-2025, leag an Coimisiún amach freagairt bheartais lena nglactar cur chuige ildisciplíneach lena gcuimsítear gáinneáil a chosc, íospartaigh a chosaint agus gáinneálaithe a ionchúiseamh agus a chiontú. Áiríodh sraith gníomhaíochtaí sa teachtaireacht sin atá le cur chun feidhme in éineacht le rannpháirtíocht láidir ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Chun aghaidh a thabhairt ar threochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse na gáinneála ar dhaoine agus ar easnaimh a d’aithin an Coimisiún, agus chun iarrachtaí i gcoinne na coire seo a neartú, is gá Treoir 2011/36/AE a leasú. Na heasnaimh i bhfreagairt an dlí choiriúil a sainaithníodh dá dteastaíonn oiriúnú ar an gcreat dlíthiúil, baineann siad le cionta a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine a dhéantar chun leasa daoine dlítheanacha, leis an gcóras bailithe sonraí, leis an gcomhar agus an comhordú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus leis na córais náisiúnta atá dírithe ar íospartaigh na gáinneála a bhrath agus a shainaithint ag luathchéim, agus cúnamh speisialaithe agus tacaíocht a thabhairt dóibh. |
|
(6) |
D’fhéadfadh dúshaothrú na máthair-ionadaíochta, an phósta éignithe nó an uchtaithe neamhdhleathaigh teacht faoi raon feidhme na gcionta a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhaoine mar a shainmhínítear i dTreoir 2011/36/AE iad, a mhéid a chomhlíontar na critéir uile maidir leis na cionta sin. Mar sin féin, i bhfianaise a thromchúisí atá na cleachtais sin, agus chun dul i ngleic leis an méadú seasta ar líon agus ábharthacht na gcionta a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhaoine atá á ndéanamh chun críocha eile seachas dúshaothrú gnéasach nó saothair, ba cheart dúshaothrú na máthair-ionadaíochta, an phósta éignithe nó an uchtaithe neamhdhleathaigh a áireamh mar chineálacha dúshaothraithe sa Treoir sin, a mhéid a chomhlíonann siad eilimintí bunaitheacha na gáinneála ar dhaoine, lena n-áirítear an critéar acmhainne. Agus ar bhealach níos sonraí fós, a mhéid a bhaineann leis an ngáinneáil chun críocha dhúshaothrú na máthair-ionadaíochta, dírítear leis an Treoir seo orthu siúd a chuireann iallach ar mhná nó a mheabhlaíonn iad chun bheith ina máithreacha ionadacha. Ní dochar na leasuithe ar Threoir 2011/36/AE a dhéantar leis an Treoir seo do na sainmhínithe ar phósadh, ar uchtú, ar phósadh éignithe agus ar uchtú neamhdhleathach, ná do na sainmhínithe ar chionta gaolmhara a bhaineann leo sin, cé is moite den gháinneáil, i gcás ina bhforáiltear dóibh sa dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta. Ní dochar na rialacha sin do na rialacha náisiúnta maidir le máthair-ionadaíocht freisin, lena n-áirítear an dlí coiriúil agus an dlí teaghlaigh. |
|
(7) |
Tá leanaí a chuirtear in institiúidí cónaithe agus in institiúidí de chineál dúnta ina ngrúpa atá an-leochaileach ó thaobh gáinneáil ar dhaoine. D’fhéadfaidís a bheith ina n-íospartaigh gáinneála nuair a chuirtear sna hinstitiúidí sin iad, le linn dóibh a bheith iontu agus ina dhiaidh sin. |
|
(8) |
Tá níos mó cionta a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhaoine á ndéanamh nó á n-éascú faoi láthair trí theicneolaíochtaí faisnéise nó cumarsáide. Is minic a úsáideann gáinneálaithe an t-idirlíon agus na meáin shóisialta, inter alia, chun íospartaigh a earcú, a fhógairt nó a dhúshaothrú, chun iad a choinneáil faoi smacht agus chun a n-iompar ó áit go háit a eagrú. Úsáidtear an t-idirlíon agus na meáin shóisialta freisin chun ábhair dhúshaothraithe a dháileadh. Leis an teicneolaíocht faisnéise, cuirtear bac freisin ar bhrath tráthúil na coire agus ar shainaithint na n-íospartach agus dhéantóirí na coire freisin. |
|
(9) |
Sa chreat dlíthiúil reatha atá i dTreoir 2011/36/AE, áirítear, faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar an ngáinneáil ar dhaoine, coireanna a dhéantar trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, mar shampla maidir le híospartaigh a earcú agus a dhúshaothrú, a n-iompar ó áit go háit agus a gcóiríocht a eagrú, íospartaigh a fhógairt ar líne agus teagmháil a dhéanamh le cliaint ionchasacha, íospartaigh a choinneáil faoi smacht agus cumarsáid a dhéanamh idir déantóirí na coire, lena n-áirítear gach idirbheart airgeadais gaolmhar. Chun aghaidh a thabhairt ar modus operandi sin na ngáinneálaithe, ní mór d’údaráis forfheidhmithe dlí feabhas a chur ar a gcumais dhigiteacha agus ar a saineolas digiteach, agus chun coinneáil suas le forbairtí teicneolaíochta. Thairis sin, iarrtar ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar bhearta coisctheacha a úsáid, go háirithe na bearta sin a bhfuil sé mar aidhm leo éileamh a dhíspreagadh, lena dtugtar aghaidh ar an tsaincheist maidir le mí-úsáid seirbhísí ar líne chun críche gáinneála ar dhaoine. |
|
(10) |
Ba cheart leibhéal níos airde míshástachta a léiriú i ndáil leis na cineálacha níos tromchúisí iompair agus an tionchar díobhálach fadtéarmach ar íospartaigh, agus é sin trí leibhéal níos airde pionós i dtaca leis an ngáinneáil. Áirítear leis sin an éifeacht mhéadaitheach a bhaineann le hábhar dúshaothraithe a scaipeadh, lena n-áirítear an t-ábhar sin a scaipeadh i ngrúpaí iata a bhfuil rochtain ag líon teoranta rannpháirtithe orthu. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh, mar imthoisc ghéaraitheach, maidir le híomhánna nó físeáin nó ábhar comhchosúil de chineál gnéasach ina bhfuil an t-íospartach a scaipeadh, trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. |
|
(11) |
Cé nach bhfuil aon oibleagáid ann pianbhreitheanna a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na breithiúna agus na cúirteanna in ann na himthosca géaraitheacha mar a leagtar amach sa Treoir seo iad a chur san áireamh nuair a bhíonn pianbhreith á cur ar chiontóirí. Tá sé i gcónaí de rogha ag an mbreitheamh nó ag an gcúirt a chinneadh ar cheart nó nár cheart an phianbhreith a mhéadú mar gheall ar na himthosca géaraitheacha sonracha, agus aird á tabhairt ar fhíorais uile an cháis lena mbaineann. Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh d’imthosca géaraitheacha i gcás ina bhforáiltear sa dlí náisiúnta do chion coiriúil a bhaineann le híomhánna nó físeáin nó ábhar comhchosúil de chineál gnéasach ina bhfuil an t-íospartach a scaipeadh, trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, mar chion inphionóis coiriúil ar leithligh agus is féidir le pionóis níos déine a bheith mar thoradh air sin faoin dlí náisiúnta. |
|
(12) |
Chun feabhas a chur ar an bhfreagairt ceartais choiriúil ar chionta a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhaoine a rinneadh chun leasa daoine dlítheanacha agus chun go mbeadh tionchar díspreagthach aige ar dhéanamh na gcionta sin, ba cheart córas na smachtbhannaí in aghaidh daoine dlítheanacha a shoiléiriú agus a thabhairt i gcomhréir le hionstraimí dlí choiriúil eile an Aontais. Faoi Threoracha 2014/23/AE (4), 2014/24/AE (5) agus 2014/25/AE (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is foras é ciontú, trí bhreithiúnas críochnaitheach, i dtaca le saothar leanaí nó cineálacha eile gáinneála ar dhaoine lena bheith eisiata ó nós imeachta soláthair nó nós imeachta um dhámhachtain lamháltais. Mar sin féin, is féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh freisin, mar chuid de na smachtbhannaí coiriúla nó neamhchoiriúla nó de na bearta coiriúla nó neamhchoiriúla is féidir a fhorchur ar dhaoine dlítheanacha, daoine dlítheanacha den sórt sin a eisiamh ó nósanna imeachta tairisceana nó ó lamháltais, chun soláthairtí agus lamháltais atá faoi bhun thairseacha na dTreoracha ábhartha a chumhdach freisin. |
|
(13) |
Le Treoir (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), leagtar síos rialacha íosta maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú in ábhair choiriúla, agus tá feidhm aici maidir leis na cionta coiriúla a chumhdaítear le Treoir 2011/36/AE. Dá bhrí sin, tá forálacha Threoir 2011/36/AE maidir le reo agus coigistiú imithe i léig agus ba cheart iad a aisghairm. |
|
(14) |
Le Treoir 2011/36/AE, leagtar amach an fhéidearthacht gan ionchúiseamh a dhéanamh agus gan pionóis a chur i bhfeidhm i gcás íospartaigh na gáinneála i ndáil le cionta coiriúla ar cuireadh iallach orthu iad a dhéanamh mar thoradh díreach ar a bheith faoi réir na gáinneála. Is iomchuí raon feidhme na forála ábhartha a leathnú chuig na gníomhaíochtaí neamhdhleathacha uile ar cuireadh iallach ar íospartaigh iad a dhéanamh mar thoradh díreach ar a bheith faoi réir na gáinneála, ar nós cionta riaracháin a bhaineann le striapachas, déircínteacht, síománaíocht nó obair neamhdhearbhaithe, nó gníomhartha eile nach de chineál coiriúil iad ach atá faoi réir pionóis riaracháin nó airgid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun íospartaigh na gáinneála a spreagadh a thuilleadh chun an choir a thuairisciú nó chun tacaíocht agus cúnamh a lorg, agus chun iad a chur ar a suaimhneas faoi na féidearthachtaí nach gcuirfí an fhreagracht orthu. |
|
(15) |
Chun feabhas a chur ar an gcumas náisiúnta chun íospartaigh a bhrath agus a shainaithint ag luathchéim, agus chun iad a chur ar aghaidh go dtí na seirbhísí cosanta, cúnaimh agus tacaíochta iomchuí, is gá sásra atreorúcháin amháin nó níos mó a bhunú sna Ballstáit trí dhlíthe, rialacháin, nó forálacha riaracháin. Tá sé fíor-riachtanach sásraí atreorúcháin foirmiúla a bhunú agus pointe fócasach náisiúnta a cheapadh ar mhaithe le hatreorú trasteorann íospartach chun comhar trasteorann a fheabhsú. Ba cheart creat trédhearcach, inrochtana, comhchuibhithe lena n-éascófaí íospartaigh na gáinneála a bhrath agus a shainaithint ag luathchéim, cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na gáinneála, agus lena n-éascófaí tarchur na n-íospartach sin chuig na heagraíochtaí a bheidh sa sásra atreorúcháin agus na comhlachtaí náisiúnta freagracha. Leis an gcreat sin, ba cheart na húdaráis inniúla rannpháirteacha, na heagraíochtaí rannpháirteacha de chuid na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí rannpháirteacha eile a shainaithint agus a bhfreagrachtaí faoi seach a leagan amach, lena n-áirítear na nósanna imeachta agus na bealaí cumarsáide. Féadfaidh na sásraí atreorúcháin sin a bheith mar thacar de nósanna imeachta, treoirlínte, socruithe comhair nó prótacail atá bunaithe cheana. Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra atreorúcháin maidir le gach íospartach agus gach cineál ciona gáinneála, agus leochaileacht gach íospartaigh á cur san áireamh. Moltar do na Ballstáit sásra atreorúcháin aonair amháin a bheith i bhfeidhm acu, i gcás ina gceadaíonn eagrú an riaracháin phoiblí amhlaidh. Ba cheart don phointe fócasach feidhmiú mar phointe teagmhála i gcomhair atreorú trasteorann íospartach, sa chaidreamh idir na húdaráis nó na hinstitiúidí atá freagrach as tacaíocht trasteorann na n-íospartach, ach ní mar phointe teagmhála do na híospartaigh féin. Féadfar na pointí fócasacha a bhunú ar shásraí nó ar struchtúir rialachais atá ann cheana agus ní gá dóibh teacht in ionad na sásraí náisiúnta gearáin ná na mbeolínte náisiúnta gearáin. |
|
(16) |
Chun feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar an tacaíocht a thugtar d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar ionaid dídine agus ar lóistín sábháilte atá feistithe chun freastal ar riachtanais shonracha íospartaigh na gáinneála ar dhaoine. Chun sábháilteacht a threisiú do dhaoine a thoimhdítear gur íospartaigh iad agus do dhaoine atá sainaitheanta mar íospartaigh, moltar do na Ballstáit a cheangal nach mbeidh ag pearsanra a thagann i dteagmháil le híospartaigh na gáinneála in ionaid dídine taifead coiriúil de chionta a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhaoine, nó de choireanna nó de chionta eile as a dtiocfaidh amhras tromchúiseach faoina gcumas ról freagrachta a ghlacadh i ndáil le híospartaigh. |
|
(17) |
Is mó an baol do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe mná agus leanaí, bheith ina n-íospartaigh gáinneála. Ba cheart do na Ballstáit breathnú ar riachtanais shonracha íospartaigh sin na gáinneála ar daoine faoi mhíchumas iad agus bearta tacaíochta á gcur ar fáil dóibh. |
|
(18) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfaighidh íospartaigh cúnamh gan beann ar a náisiúntacht nó ar stádas gan stát a bheith acu, ar a saoránacht, ar a n-áit chónaithe nó a stádas cónaithe, ná ar an gcineál dúshaothraithe a bhain leo. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcúnamh na híospartaigh a athimeascadh go hiomlán sa tsochaí, ar féidir rochtain ar oideachas agus ar oiliúint, agus rochtain ar mhargadh an tsaothair a áireamh leis, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chomh maith le filleadh ar mhaireachtáil neamhspleách. |
|
(19) |
Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh, le linn nósanna imeachta tearmainn, leochaileacht shonrach íospartaigh na gáinneála a bhféadfadh cosaint idirnáisiúnta a bheith de dhíth orthu, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí ráthaíochtaí nós imeachta speisialta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus trí riachtanais speisialta ghlactha i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(20) |
Chun cosc a chur ar íospartaigh a bheith á ngáinneáil in athuair laistigh den Aontas, tá sé tábhachtach, agus íospartaigh á n-aistriú faoi Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), nach n-aistríonn na Ballstáit íospartaigh chuig Ballstát a bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint gur mór an baol go ndéanfaí a gcearta bunúsacha a shárú, mar gheall ar an aistriú chuig an mBallstát sin, ar bhealach a bheadh ina íde mhídhaonna nó tháireach de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt. |
|
(21) |
Tá an ceart ag íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta nó stádas náisiúnta coibhéiseach. Tá siad in ann tairbhiú freisin de chead cónaithe faoi Threoir 2004/81/CE ón gComhairle (11), i gcás inarb infheidhme. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an dá nós imeachta ábhartha comhlántach agus nach gcuireann siad cosc ar a chéile. |
|
(22) |
Is mó an baol do dhaoine gan stát a bheith ina n-íospartaigh gáinneála. Agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm, tá sé tábhachtach aird ar leith a thabhairt ar an ngrúpa leochaileach sin. |
|
(23) |
Meastar go bhfuil leanaí ar cheann de na grúpaí is leochailí ar a ndíríonn grúpaí coiriúla eagraithe a bhfuil baint acu leis an ngáinneáil ar dhaoine. Is minic a dhéanann na grúpaí coiriúla dúshaothrú leanaí trína n-earcú agus iad a úsáid ina dhiaidh sin chun gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit oiliúint thráthrialta speisialaithe a chur chun cinn nó a thairiscint do ghairmithe ar dócha go mbeidh teagmháil acu le leanaí den sórt sin, chun go ndéanfaí iad a bhrath agus a shainaithint mar íospartaigh. |
|
(24) |
Ba cheart aon bheart lena gcuirtear srian ar shaoirse leanaí chun iad a chosaint ar an ngáinneáil a bheith fíor-riachtanach, comhréireach, réasúnach chun an leanbh aonair a chosaint. |
|
(25) |
Chun íoc cúitimh le híospartaigh a éascú, féadfaidh Ballstáit ciste náisiúnta íospartach nó ionstraimí comhchosúla a bhunú lenar féidir dlíthe a áireamh lena n-áiritheofar cúiteamh d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine. Chun íoc cúitimh le híospartaigh a éascú, féadfaidh na Ballstáit ciste náisiúnta íospartach nó ionstraimí comhchosúla a bhunú lena bhféadfar dlíthe a áireamh lena n-áirithítear cúiteamh d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine. |
|
(26) |
Chun freagairt bheartais chomhleanúnach a fhorbairt chun dul i ngleic le héileamh lena gcothaítear an gháinneáil ar dhaoine, agus chun na hiarrachtaí ceartais choiriúil a threisiú agus a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát chun an t-éileamh sin a laghdú, tá sé tábhachtach go ndéanfaí úsáid seirbhísí a choiriúlú, i gcás ina ndéantar dúshaothrú ar an íospartach chun na seirbhísí sin a dhéanamh agus ina bhfuil a fhios ag úsáideoir na seirbhísí gur íospartach chion na gáinneála ar dhaoine é nó í an duine a chuireann an tseirbhís ar fáil. An méid sin a bhunú mar chion coiriúil, is cuid de chur chuige cuimsitheach é sin chun éileamh a laghdú, a bhfuil sé d’aidhm aige dul i ngleic leis an ardleibhéal éilimh a chothaíonn gach foirm den dúshaothrú. Níor cheart an coiriúlú a dhíriú ach ar úsáid na seirbhísí a sholáthraítear faoi chuimsiú an dúshaothraithe a chumhdaítear le cion na gáinneála ar dhaoine. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an gcion maidir le custaiméirí a cheannaíonn táirgí a tháirgtear faoi dhálaí dúshaothraithe saothair, ós rud é nach úsáideoirí seirbhíse iad. Leis an Treoir seo, bunaítear creat dlíthiúil íosta i ndáil leis sin, agus tá saoirse ag na Ballstáit rialacha coiriúla níos déine a ghlacadh nó a choinneáil ar bun. Sa dlí náisiúnta, is féidir leis na Ballstáit ceannach gníomhartha gnéasacha a choiriúlú. Ní dochar an Treoir seo don chaoi a ndéileálann na Ballstáit le striapachas ina ndlí náisiúnta. |
|
(27) |
Leis an Treoir seo, leagtar síos gur coir é seirbhís a úsáid arna soláthar ag íospartach na gáinneála ar dhaoine nuair is eol d’úsáideoir na seirbhíse gur íospartach an té a sholáthraíonn an tseirbhís. Ba cheart an coincheap ‘is eol’ nó ‘eolas’ a léirmhíniú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I ngach cás, agus measúnú á dhéanamh arbh eol don úsáideoir gur íospartach gáinneála é nó í an duine, agus gan dochar don neamhspleáchas breithiúnach, ba cheart imthosca sonracha an cháis a chur san áireamh. Is féidir ‘eolas’ a infeiriú as cúinsí oibiachtúla fíorasacha. Is féidir leis na himthosca baint a bheith acu, inter alia, leis na híospartaigh féin, leis na coinníollacha faoinar ghá do na híospartaigh na seirbhísí a sholáthar agus le fíorais shonracha a d’fhéadfaí a mheas mar chomharthaí go raibh smacht ag an ngáinneálaí ar na híospartaigh. Is féidir easpa inniúlachta na n-íospartach in aon teanga náisiúnta nó réigiúnach, comharthaí follasacha go ndearnadh díobháil shíceolaíoch nó fhisiciúil dóibh nó comharthaí go bhfuil eagla orthu, nó an easpa eolais atá acu ar na cathracha nó ar na háiteanna ina raibh siad nó ina bhfuil siad, a chur san áireamh sna himthosca a bhaineann leis na híospartaigh iad féin. Maidir le himthosca a bhaineann leis na himthosca faoinarbh éigean na seirbhísí a sholáthar, d’fhéadfaí caighdeáin mhaireachtála agus dálaí oibre sholáthraí na seirbhíse a chur san áireamh, chomh maith le staid an áitribh inar soláthraíodh an tseirbhís. D’fhéadfaí a shuí go raibh comharthaí ann go raibh smacht ag gáinneálaí ar íospartaigh nuair atá bearta smachta follasacha seachtracha i bhfeidhm ar sholáthraithe na seirbhísí, nuair a chuirtear srianta lena saoirse ghluaiseachta, nó i gcás nach bhfuil a gcártaí aitheantais náisiúnta nó a bpasanna ina seilbh. |
|
(28) |
Ba cheart gníomhaíochtaí maidir le cosc agus maidir le laghdú an éilimh a bheith spriocdhírithe agus idirdhealaithe chun aghaidh éifeachtúil a thabhairt ar shainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla gáinneála. Agus iad ag iarraidh a gcuspóir a bhaint amach, is é sin laghdú agus díspreagadh an éilimh a chothaíonn an gháinneáil, tá sé tábhachtach go bhféachfadh na Ballstáit an bhféadfaí gníomhaíocht iomchuí bhreise a dhéanamh lena ndíreofaí ar úsáideoirí ionchasacha agus úsáideoirí reatha, amhail feachtais múscailte feasachta arna ndearadh go sonrach a thairiscint. |
|
(29) |
I gcomhthéacs na hoiliúna, agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme ar bhealach éifeachtach na forálacha náisiúnta maidir le gan ionchúiseamh a dhéanamh nó gan pionóis a chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhúscailt i measc ionchúisitheoirí agus údaráis forfheidhmithe dlí ar dócha go mbeidh teagmháil acu le híospartaigh nó le híospartaigh ionchasacha na gáinneála ar dhaoine. |
|
(30) |
Chun freagairtí beartais náisiúnta a threisiú, is gá comhordaitheoirí náisiúnta chomhrac na gáinneála nó sásraí coibhéiseacha a bhunú, agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann comhlachtaí neamhspleácha a bhunú. Tagann sé faoi inniúlacht na mBallstát a chinneadh cé na heintitis a bheidh le hainmniú nó le bunú mar chomhordaitheoirí náisiúnta chomhrac na gáinneála, nó mar shásraí coibhéiseacha nó comhlachtaí neamhspleácha, gan beann ar a dteideal, i gcomhréir le prionsabal neamhspleáchais nós imeachta na mBallstát, ar choinníoll go bhfuil na hinniúlachtaí is gá ag na heintitis sin chun na cúraimí dá bhforáiltear sa Treoir seo a dhéanamh. |
|
(31) |
Chun eolas iomlán a áirithiú maidir le raon feidhme na gáinneála ar dhaoine laistigh den Aontas, is den ríthábhacht é sonraí cruinne, comhleanúnacha, anaithnidithe a bhailiú agus na sonraí agus an staidreamh a bhailítear a fhoilsiú go tráthúil. Is céim fhiúntach é ceanglas a thabhairt isteach le haghaidh Ballstát sonraí staidrimh maidir le gáinneáil ar dhaoine a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún gach bliain ar bhealach comhchuibhithe chun an tuiscint ghinearálta ar an bhfeiniméan a fheabhsú agus chun a áirithiú go ndéanfar beartais agus straitéisí a ghlacadh a bhfuil bunús sonraí leo. |
|
(32) |
D’fhonn tacú lena mbeartais náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit pleananna gníomhaíochta Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne na Gáinneála a fhorbairt freisin. |
|
(33) |
I gcás leanaí, moltar do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh córais náisiúnta cosanta leanaí pleananna sonracha a fhorbairt chun an gháinneáil ar dhaoine a chosc, lena n-áirítear gáinneáil ar leanaí in institiúidí cónaithe nó institiúidí de chineál iata. |
|
(34) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon gáinneáil ar dhaoine a chosc agus íospartaigh na coire sin a chosaint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(35) |
Tugtar urraim leis an Treoir seo do na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear sa Chairt, go háirithe meas ar dhínit an duine agus an dínit sin a chosaint, toirmeasc ar an sclábhaíocht, ar shaothar éignithe agus ar an ngáinneáil ar dhaoine, an ceart chun iomláine coirp agus meabhrach, an toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós mídhaonna nó táireach, an ceart chun saoirse agus slándála, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh, comhionannas idir mná agus fir, cearta an linbh, cearta na ndaoine faoi mhíchumas, agus an toirmeasc ar leanaí a chur ag obair, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis choiriúla. Leis an Treoir seo, go háirithe, féachtar lena áirithiú go n-urramófar na cearta agus na prionsabail sin, atá le cur chun feidhme dá réir. |
|
(36) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, trí litir an 20 Aibreán 2023, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo. |
|
(37) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. |
|
(38) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (12), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta um thrasuí. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur. |
|
(39) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2011/36/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2011/36/AE
Leasaítear Treoir 2011/36/AE mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 Pionóis ar dhaoine dlítheanacha 1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhuine dlítheanach, a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 5(1) nó (2). 2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-áireofar ar na pionóis nó na bearta le haghaidh daoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 5(1) nó (2) maidir leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 18a(1) fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus go bhféadfar pionóis nó bearta eile coiriúla nó neamhchoiriúla a áireamh orthu, amhail an méid seo a leanas:
|
|
(5) |
scriostar Airteagal 7; |
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 Gan ionchúiseamh a dhéanamh nó gan pionóis a chur i bhfeidhm maidir leis an íospartach Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le bunphrionsabail a gcóras dlí, na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis náisiúnta inniúla i dteideal gan ionchúiseamh a dhéanamh nó gan pionóis a fhorchur ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine as a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí coiriúla nó gníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile ar cuireadh iallach orthu iad a dhéanamh mar thoradh díreach ar a bheith faoi réir aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2.’ |
|
(7) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
|
(8) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(9) |
leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
|
(10) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 11a Íospartaigh na gáinneála a bhféadfadh cosaint idirnáisiúnta a bheith de dhíth orthu 1. Déanfaidh na Ballstáit comhlántacht agus comhordú a áirithiú idir na húdaráis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí i gcoinne na gáinneála agus na húdaráis tearmainn. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh íospartaigh na gáinneála in ann a gceart a fheidhmiú chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta nó ar stádas náisiúnta coibhéiseach, lena n-áirítear nuair atá cúnamh, tacaíocht agus cosaint á bhfáil ag an íospartach mar dhuine a thoimhdítear gur íospartach na gáinneála ar dhaoine é nó í nó mar íospartach sainaitheanta na gáinneála ar dhaoine.’ |
|
(11) |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Beidh feidhm ag na bearta cosanta dá dtagraítear san Airteagal seo sa bhreis ar na cearta a leagtar amach i dTreoir 2012/29/AE.’ |
|
(12) |
in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na nósanna imeachta chun cion a thuairisciú faoin Treoir seo sábháilte, go ndéanfar iad ar bhealach rúnda i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus go ndearfar iad agus go mbeidh rochtain orthu lena bheith fabhrach do leanaí agus go n-úsáidfear teanga i gcomhréir le haois agus aibíocht na n-íospartach ar leanaí iad.’ |
|
(13) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3: ‘1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí sonracha chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ar leanaí iad, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, maidir lena dtéarnamh fisiciúil agus síceasóisialta, tar éis measúnú aonair a dhéanamh ar imthosca speisialta gach íospartaigh linbh ar leith, agus aird chuí á tabhairt ar thuairimí, riachtanais agus ábhair imní an linbh d’fhonn teacht ar réiteach marthanach don leanbh, lena n-áirítear cláir chun tacú leo i dtreo a bhfuascailte agus a n-aosachta le nach ndéanfar gáinneáil orthu in athuair. Laistigh de thréimhse réasúnach ama, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit rochtain ar oideachas d’íospartaigh ar leanaí iad agus leanaí na n-íospartach a dtugtar cúnamh agus tacaíocht dóibh i gcomhréir le hAirteagal 11. 2. Ceapfaidh na Ballstáit caomhnóir nó ionadaí don íospartach gáinneála ar dhaoine ar leanbh é nó í ón tráth a aithníonn na húdaráis gur íospartach an leanbh agus i gcás ina bhfuil, faoin dlí náisiúnta, cosc ar shealbhóirí na freagrachta tuismitheora leas an linbh a áirithiú agus/nó ionadaíocht a dhéanamh don leanbh, de dheasca coinbhleacht leasa a bheith ann idir iad agus an t-íospartach linbh. Áiritheoidh na Ballstáit go gceapfar caomhnóir nó ionadaí difriúil i gcás ina mbíonn coinbhleacht leasa idir an caomhnóir nó an t-ionadaí agus an t-íospartach linbh. 3. Déanfaidh na Ballstáit bearta, i gcás inarb iomchuí agus inar féidir sin, chun cúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil do theaghlach an íospartaigh gáinneála ar dhaoine ar leanbh é nó í nuair a bhíonn an teaghlach ar chríoch na mBallstát. Go háirithe, cuirfidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí agus inar féidir sin, Airteagal 4 de Threoir 2012/29/AE i bhfeidhm maidir leis an teaghlach.’ |
|
(14) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 17 agus 18: ‘Airteagal 17 Íospartaigh a chúiteamh Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ar na scéimeanna cúitimh atá ann cheana d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne. Féadfaidh na Ballstáit ciste náisiúnta d’íospartaigh nó ionstraim chomhchosúil a bhunú, i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, chun cúiteamh a íoc le híospartaigh. Airteagal 18 Cosc 1. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, agus sainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla dúshaothraithe á gcur san áireamh, amhail oideachas, oiliúint agus feachtais, agus aird ar leith á tabhairt ar an ngné ar líne i gcás inarb ábhartha, chun an t-éileamh a dhíspreagadh agus a laghdú ós é a chothaíonn gach cineál dúshaothraithe a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine. 2. Déanfaidh na Ballstáit gníomhaíocht iomchuí, ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne de agus fabhrach do leanaí, lena n-áirítear tríd an idirlíon, amhail feachtais faisnéise agus múscailte feasachta, cláir thaighde agus oideachais, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn, agus i gcás inarb iomchuí i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara eile amhail an earnáil phríobháideach, arb é is aidhm dóibh feasacht a mhúscailt agus an baol a laghdú go mbeidh daoine, go háirithe leanaí agus daoine faoi mhíchumas, ina n-íospartaigh gáinneála ar dhaoine.’ |
|
(15) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 18a Cionta a bhaineann le húsáid seirbhísí arna soláthar ag íospartach gáinneála ar dhaoine 1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur cion coiriúil é, nuair is gníomh intinneach é, úsáid a bhaint as seirbhísí arna soláthar ag íospartach ciona dá dtagraítear in Airteagal 2, i gcás ina ndúshaothraítear an t-íospartach chun na seirbhísí sin a sholáthar agus ina bhfuil a fhios ag úsáideoir na seirbhísí gur íospartach ciona dá dtagraítear in Airteagal 2 é nó í an duine a sholáthraíonn an tseirbhís. 2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh cion mar a suíodh i gcomhréir le mír 1 inphionóis trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha. Airteagal 18b Oiliúint 1. Déanfaidh na Ballstáit oiliúint thráthrialta, speisialaithe a chur chun cinn nó a thairiscint do ghairmithe ar dócha go mbeidh teagmháil acu le híospartaigh nó le híospartaigh ionchasacha na gáinneála ar dhaoine, lena n-áirítear póilíní ar an líne thosaigh, foireann na cúirte, seirbhísí cúnaimh agus tacaíochta, cigirí saothair, seirbhísí sóisialta agus oibrithe cúraim sláinte, a bheidh dírithe ar a chur ar a gcumas gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus íospairt thánaisteach a sheachaint, agus na híospartaigh a bhrath, a shainaithint, tacú leo agus iad a chosaint. Beidh an oiliúint sin bunaithe ar chearta an duine agus beidh sí íospartach-lárnach agus íogair d’inscne, do mhíchumas agus do leanaí. 2. Gan dochar do neamhspleáchas breithiúnach ná d’éagsúlachtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais, spreagfaidh na Ballstáit oiliúint ghinearálta agus oiliúint speisialaithe do bhreithiúna agus ionchúisitheoirí atá rannpháirteach in imeachtaí coiriúla arb é is aidhm dóibh gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus íospairt thánaisteach a sheachaint, agus na híospartaigh a bhrath, a shainaithint, cúnamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad a chosaint. Beidh an oiliúint sin bunaithe ar chearta an duine agus beidh sí íospartach-lárnach agus íogair d’inscne, do mhíchumas agus do leanaí.’ |
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19: ‘Airteagal 19 Comhordaitheoirí náisiúnta chomhrac na gáinneála nó sásraí coibhéiseacha agus comhlachtaí neamhspleácha 1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun comhordaitheoirí náisiúnta chomhrac na gáinneála nó na sásraí coibhéiseacha a bhunú agus cuirfidh siad na hacmhainní leordhóthanacha riachtanacha ar fáil dóibh chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach. Oibreoidh comhordaitheoir náisiúnta chomhrac na gáinneála nó an sásra coibhéiseach le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, go háirithe údaráis forfheidhmithe dlí, le sásraí náisiúnta atreorúcháin, agus le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta atá gníomhach sa réimse sin. 2. Áireofar i gcúraimí chomhordaitheoirí náisiúnta chomhrac na gáinneála nó na sásraí coibhéiseacha, measúnuithe a dhéanamh ar threochtaí sa gháinneáil ar dhaoine, torthaí ar ghníomhaíochtaí i gcoinne na gáinneála a thomhas, lena n-áirítear staidreamh a bhailiú i ndlúthchomhar le heagraíochtaí ábhartha de chuid na sochaí sibhialta atá gníomhach sa réimse sin, agus tuairisciú. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh freisin i gcúraimí chomhordaitheoirí náisiúnta chomhrac na gáinneála nó na sásraí coibhéiseacha:
3. Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí neamhspleácha a chur ar bun freisin a bhféadfaí a áireamh ar a ról faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus tionchar na ngníomhaíochtaí i gcoinne na gáinneála, tuarascálacha a chur isteach ar ábhair a éilíonn aird ar leith ó na húdaráis náisiúnta inniúla agus measúnuithe a dhéanamh ar bhunchúiseanna agus treochtaí maidir le gáinneáil ar dhaoine. I gcás ina bhfuil an comhlacht neamhspleách sin curtha ar bun, féadfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cúraimí dá dtagraítear i mír 2 a shannadh dó.’ |
|
(17) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 19a Bailiú sonraí agus staidreamh 1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córas i bhfeidhm chun sonraí staidrimh anaithnidithe a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a sholáthar chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht a gcóras chun cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a chomhrac. 2. Leis na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, áireofar ar a laghad, sonraí atá ar fáil ar an leibhéal lárnach i ndáil leis an méid a leanas:
3. Tarchuirfidh Ballstáit don Choimisiún, i bprionsabail faoin 30 Meán Fómhair agus, i gcás nach féidir sin, faoin 31 Nollaig ar a dhéanaí, gach bliain, na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 2 le haghaidh na bliana roimhe sin. Airteagal 19b Plean Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne na Gáinneála 1. Glacfaidh na Ballstáit a bPleananna Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne na Gáinneála faoin 15 Iúil 2028, arna bhforbairt agus arna gcur chun feidhme i gcomhairle le comhordaitheoirí náisiúnta chomhrac na gáinneála nó leis na sásraí coibhéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 19, leis na comhlachtaí neamhspleácha agus na páirtithe leasmhara ábhartha atá gníomhach i réimse na gáinneála ar dhaoine a chosc agus a chomhrac. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne na Gáinneála a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta ag eatraimh thráthrialta nach faide ná 5 bliana. 2. Féadfaidh na gnéithe seo a leanas a bheith sna Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne na Gáinneála:
3. Déanfaidh na Ballstáit a bPleananna Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne na Gáinneála, agus aon nuashonrú orthu, a chur in iúl don Choimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta a nglactha. 4. Beidh na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne na Gáinneála ar fáil go poiblí.’ |
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20: ‘Airteagal 20 Comhordú ar straitéis an Aontais i gcoinne na gáinneála ar dhaoine 1. Chun cur le straitéis chomhordaithe agus chomhdhlúite an Aontais i gcoinne na gáinneála ar dhaoine, éascóidh na Ballstáit cúraimí chomhordaitheoir chomhrac na gáinneála de chuid an Aontais (CCG an Aontais). Go háirithe, tarchuirfidh na Ballstáit chuig CCG an Aontais ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19. 2. Chun cur chuige comhleanúnach agus cuimsitheach a áirithiú, áiritheoidh CCG an Aontais go ndéanfar comhordú le comhordaitheoirí náisiúnta chomhrac na gáinneála nó leis na sásraí coibhéiseacha, comhlachtaí neamhspleácha, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus eagraíochtaí ábhartha de chuid na sochaí sibhialta atá gníomhach sa réimse, lena n-áirítear chun an rannchuidiú ó CCG an Aontais leis an tuairisciú a dhéanann an Coimisiún gach 2 bhliain ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine a chomhrac’ |
|
(19) |
in Airteagal 23, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Cuirfidh an Coimisiún, faoin 15 Iúil 2030, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ndéanfar measúnú ar a mhéid a ghlac Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, agus ar thionchar na mbeart sin.’. |
Airteagal 2
Trasuí
1. Na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 15 Iúil 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) IO C 228, 29.6.2023, lch. 108.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024.
(3) Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).
(4) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(5) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(6) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(7) Treoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní (IO L, 2024/1260, 2.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1260/oj).
(8) Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).
(9) Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin chun glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (athmhúnlú) (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj).
(10) Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147, agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).
(11) Treoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó a bhí faoi réir gníomhaíochta chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla (IO L 261, 6.8.2004, lch. 19).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1712/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)