European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1703

18.6.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1703 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1732 a mhéid a bhaineann le comhchuibhiú gnéithe áirithe de na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha urrúsúcháin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 16(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1732 ón gCoimisiún (2) sonraítear cineál agus méid na dtáillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ar stórtha urrúsúcháin, agus módúlachtaí íocaíochta na dtáillí sin.

(2)

In 2018 thángthas ar an gconclúid in athbhreithniú Sheirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach agus in iniúchadh Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (3) go bhfuil córas ESMA chun táillí a chistiú níos casta ná mar is gá. Chun bailiú na dtáillí a shimpliú agus na rioscaí a bhaineann le ríomh mícheart nó leithdháileadh neamhéifeachtúil na dtáillí, is gá comhsheasmhacht na ngnéithe teicniúla a áirithiú sna gníomhartha tarmligthe éagsúla maidir leis na táillí a ghearrann ESMA.

(3)

Chun caiteachas ESMA a bhaineann le maoirseacht na stórtha urrúsúcháin a chumhdach go hiomlán, ba cheart na táillí maoirseachta bliantúla a chinneadh ar bhonn an mheastacháin bhliantúil ar na costais dhíreacha uile is gá le haghaidh na gcúraimí maoirseachta a dhéanann ESMA agus ar bhonn cionroinnt réasúnta ar fhorchostais sheasta agus athraitheacha ESMA.

(4)

I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 (4) ón gCoimisiún, ba cheart táillí a ghearrtar ar stórtha urrúsúcháin a shocrú ar leibhéal lena n-áiritheofar go gcumhdófar costas iomlán na seirbhísí a sholáthraíonn ESMA agus go seachnófar easnamh, ach an tráth céanna go seachnaítear carnadh barrachais shuntasaigh. I gcás ina mbíonn toradh buiséid dearfach nó diúltach nach beag ann arís agus arís eile, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na dtáillí.

(5)

Ba cheart do ESMA a bheith in ann a bhuiséad bliantúil a bhunú in am, bunaithe ar shonraí láimhdeachais deimhnithe. Le gur féidir le ESMA na táillí maoirseachta bliantúla a ríomh, ba cheart sprioc-am a leagan síos faoina gcuirfidh stórtha urrúsúcháin a gcuntais iniúchta faoi bhráid ESMA.

(6)

Is in euro a ríomhtar an láimhdeachas is infheidhme maidir le stórtha urrúsúcháin. Is gá, dá bhrí sin, sásra a shonrú chun an t-ioncam a ghintear in airgeadraí eile a chomhshó in euro.

(7)

Tá sé beartaithe leis an táille chlárúcháin agus an táille ar shíneadh clárúcháin na costais arna dtabhú ag ESMA chun fiosrú a dhéanamh an gcomhlíonann an stór urrúsúcháin lena mbaineann gach coinníoll le haghaidh cláraithe nó le haghaidh fadú cláraithe, na costais sin a chumhdach. I gcás ina ndéanfaidh stór urrúsúcháin iarratasóra a iarratas a tharraingt siar, beidh ESMA i ndiaidh costais a thabhú agus ní bheidh aon oibleagáid air táillí a bhaineann le clárú nó síneadh ar chlárú den sórt sin a aisíoc.

(8)

An costas riaracháin a bhaineann le táille mhaoirseachta na chéad bhliana le haghaidh stór urrúsúcháin a chláraigh i mí na Nollag, níl an costas sin comhréireach leis an táille féin. Dá bhrí sin, ba cheart stór urrúsúcháin a chláraigh i mí na Nollag a bheith díolmhaithe ón gceanglas maidir le táille mhaoirseachta bhliantúil a íoc le haghaidh na bliana inar cláraíodh an stór urrúsúcháin.

(9)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc gníomhartha tarmligthe maidir le táillí atá le híoc le ESMA, ba cheart do ESMA an pionós a ríomh i gcás íocaíochtaí déanacha i gcomhréir leis na forálacha maidir le hús mainneachtana a leagtar amach in Airteagal 99 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(10)

Chun an bainistiú táillí a shimpliú a thuilleadh agus chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag ESMA chun na gníomhaíochtaí maoirseachta atá beartaithe aige a dhéanamh, níor cheart do ESMA táillí maoirseachta bliantúla a aisíoc.

(11)

Chun neamhdheimhneacht dhlíthiúil a sheachaint maidir leis an bpróiseas leanúnach bailithe táillí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2025.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1732 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1732

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1732 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Aisghabháil na gcostas maoirseachta ina n-iomlán

Leis na táillí a ghearrtar ar stórtha urrúsúcháin, cumhdófar an méid seo a leanas:

(a)

gach costas díreach agus indíreach a bhaineann le clárú agus maoirseacht stórtha urrúsúcháin ag ESMA i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2402, lena n-áirítear costais a eascraíonn as síneadh a chur le clárú le haghaidh stórtha trádála a bhí cláraithe cheana faoi Theideal VI, Caibidil 1 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó Caibidil III de Rialachán (AE) 2015/2365;

(b)

gach costas le haghaidh aisíocaíocht ar chostais dhíreacha agus indíreacha na n-údarás inniúil a rinne obair de bhun Rialachán (AE) 2017/2402, agus mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 14(1) den Rialachán sin.’;

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír 4a seo a leanas isteach:

‘4a.   Déanfaidh stórtha urrúsúcháin, ar bhonn bliantúil, cuntais iniúchta dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil do ESMA. Déanfar na doiciméid sin a thíolacadh chuig ESMA trí mheán leictreonach faoin 30 Meán Fómhair gach bliain (n-1).’

;

(b)

cuirtear an mhír 5a seo a leanas leis:

‘5a.   I gcás ina dtuairiscítear na hioncaim dá dtagraítear san Airteagal seo in airgeadra seachas euro, déanfaidh ESMA an t-ioncam sin a chomhshó go euro agus úsáidfear an meánráta malairte eachtraí euro is infheidhme maidir leis an tréimhse inar taifeadadh an t-ioncam. Chun na críche sin, úsáidfidh ESMA an ráta tagartha malairte eachtraí euro arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach.’

;

(3)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   An táille mhaoirseachta bhliantúil atá le híoc ag stór urrúsúcháin don bhliain inar cláraíodh an stór urrúsúcháin sin, beidh sé cothrom leis an táille chlárúcháin atá dlite faoi Airteagal 3, arna iolrú faoi líon na laethanta féilire ó dháta cláraithe an stóir urrúsúcháin go dtí deireadh na bliana sin agus arna roinnt ag líon iomlán na laethanta sa bhliain sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina ndéantar stór urrúsúcháin a chlárú le linn mhí na Nollag, ní bheidh sé de cheangal ar an stór urrúsúcháin sin táille mhaoirseachta bhliantúil a íoc le haghaidh na bliana inar cláraíodh é.

3.   An táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh bliain ar leith n a bheidh le híoc ag stór urrúsúcháin a cláraíodh ar an 1 Deireadh Fómhair den bhliain roimhe sin nó dá éis sin, beidh sé cothrom leis an táille chlárúcháin a bheidh dlite faoi Airteagal 3.’

;

(4)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Tabhófar le haon íocaíocht dhéanach an t-ús mainneachtana a leagtar síos in Airteagal 99 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).’;"

(5)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

 

Táillí clárúcháin a íoc ’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní dhéanfaidh ESMA táillí clárúcháin ná táillí ar shíneadh a chur le clárú i gcás ina ndéanfaidh iarratasóir a iarratas ar chlárú nó ar shíneadh a chur le clárú a tharraingt siar.’

;

(c)

scriostar mír 3;

(6)

In Airteagal 7, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

 

‘Ní aisíocfaidh ESMA an táille mhaoirseachta bhliantúil.’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 28.12.2017, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2402/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1732 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha urrúsúcháin (IO L 390, 20.11.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/1732/oj).

(3)  An Chúirt Iniúchóirí, An tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2018, (IO C 417, 11.12.2019, lch. 29 agus lch. 85 ar aghaidh).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1703/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)