European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1698

26.6.2024

CINNEADH (AE) 2024/1698 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2015

maidir le síniú, thar ceann an Aontais agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht na Banglaidéise maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh uaithi an 5 Meitheamh 2003, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le tríú tíortha maidir le comhaontú ar leibhéal an Aontais a chur in ionad forálacha áirithe i gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana.

(2)

Dá réir sin, rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú a chaibidil idir an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht na Banglaidéise maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (‘an Comhaontú’). Tugadh an idirbheartaíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 27 Feabhra 2015.

(3)

Is é is cuspóir leis an gComhaontú comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir ocht mBallstát agus Daon-Phoblacht na Banglaidéise a chur i gcomhréir le dlí an Aontais.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích.

(5)

Chun sochair an Chomhaontaithe a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir, ba cheart é a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht na Banglaidéise maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích.

Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích.

Airteagal 3

Go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail ón gcéad lá den mhí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur comhlíonadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin (1).

Airteagal 4

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) den Chomhaontú.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2015.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1698/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)