European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1693

14.6.2024

CINNEADH (AE) 2024/1693 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2024

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le roinnt gnéithe de réimse an bhainistithe teorainneacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (c) agus Airteagal 79(2), pointe (c), i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá gá leis an gcomhaontú chun bunús dlí iomchuí a chur ar fáil maidir leis an easpa rialuithe teorann idir an Fhrainc agus Andóra agus idir an Spáinn agus Andóra.

(2)

Bheadh sé tairbhiúil an comhaontú sin a thabhairt i gcrích i bhfianaise a ghaire agus atá Andóra don Aontas go geografach agus i bhfianaise an idirspleáchais eacnamaíoch atá eatarthu.

(3)

Is gá a áirithiú go gcaitear go cothrom ag teorainneacha seachtracha an Aontais le náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil ceadanna cónaithe arna n-eisiúint ag Andóra acu.

(4)

Ní mór eisiúint na gceadanna cónaithe sin ag Andóra a bheith coinníollach ar thuairim cheangailteach ón bhFrainc nó ón Spáinn bunaithe ar mheasúnú slándála arna dhéanamh ag ceann amháin den dá Bhallstát sin de réir scála dáilte réamhshocraithe.

(5)

Leis an gcomhaontú, d’fhéadfaí socruithe riaracháin cur chun feidhme de chineál oibríochtúil a thabhairt i gcrích idir an Fhrainc, an Spáinn agus Andóra maidir le hábhair a chumhdaítear leis an gcomhaontú seo, ar choinníoll go bhfuil socruithe den sórt sin ag luí leis an gcomhaontú agus le dlí an Aontais.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart tús a chur le caibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Andóra.

(7)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (1). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú le Prionsacht Andóra maidir le roinnt gnéithe de réimse an bhainistithe teorainneacha.

2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle le Meitheal iomchuí na Comhairle.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. VAN DER STRAETEN


(1)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1693/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)