|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1692 |
13.6.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1692 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2024
lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint do na tograí ó rialtas na hIodáile,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 26 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/877 (3), lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Alessandro FERMI a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Gianmarco MEDUSEI éirí as oifig agus tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Mauro ZANIN a cheapadh. |
|
(5) |
Mhol rialtas na hIodáile Gaetano GALVAGNO, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Presidente dell’Assemblea Regionale Siciliana (Uachtarán Thionól Reachtach Réigiúnach na Sicile), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(6) |
Mhol rialtas na hIodáile na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Mauro BORDIN, Presidente del Consiglio Regionale del Friuli Venezia Giulia [Uachtarán Chomhairle Réigiúnach Friuli Venezia Giulia], agus Federico ROMANI, Presidente del Consiglio Regionale della Lombardia [Uachtarán Chomhairle Réigiúnach na Lombairde], |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
(a) |
mar chomhalta:
|
agus
|
(b) |
mar chomhaltaí malartacha:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. VAN DER STRAETEN
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2020/102/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2021/877 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2021 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún (IO L 192, 1.6.2021, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/877/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1692/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)