|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1691 |
13.6.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/1691 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 11 Meitheamh 2024
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/570 (ATALANTA/2/2024)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 10 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, lena ndéantar foráil maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Comhpháirteach 2008/851/CBES, d’údaraigh an Chomhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh EUNAVFOR ATLANTA a cheapadh. |
|
(3) |
An 6 Feabhra 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/570 (2), lena gceaptar an Seachaimiréal Francesco SALADINO ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ATLANTA ón 11 Feabhra 2024. |
|
(4) |
An 18 Aibreán 2024, mhol údaráis mhíleata na Spáinne go gceapfaí an Seachaimiréal Manuel ALVARGONZÁLEZ MÉNDEZ le teacht i gcomharbas ar an Seachaimiréal Francesco SALADINO mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ATLANTA (‘an ceapachán molta’) ón 20 Meitheamh 2024. |
|
(5) |
An 29 Aibreán 2024, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais EUNAVFOR ATALANTA leis an gceapachán molta sin. |
|
(6) |
An 7 Bealtaine 2024, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta agus chomhaontaigh sé go gceapfadh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an Seachaimiréal Manuel ALVARGONZÁLEZ MÉNDEZ ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ATLANTA ón 20 Meitheamh 2024. |
|
(7) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Seachaimiréal Manuel ALVARGONZÁLEZ MÉNDEZ a cheapadh ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ATLANTA. |
|
(8) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/570 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Seachaimiréal ALVARGONZÁLEZ MÉNDEZ ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) ón 20 Meitheamh 2024.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2024/570 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Meitheamh 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An tUachtarán
D. PRONK
(1) IO L 301, 12.11.2008, lch. 33.
(2) Cinneadh (CBES) 2024/570 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 6 Feabhra 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/2730 (EUNAVFOR ATALANTA/1/2024) (IO L, 2024/570, 9.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/570/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1691/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)