|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1682 |
13.6.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1682 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Márta 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haoileach próiseáilte a áireamh mar ábhar comhpháirteach i dtáirgí leasacháin AE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 42(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1009, leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh. Féadfaidh táirgí díorthaithe de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a bheith i dtáirgí leasacháin AE. I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) 1069/2009, cinneadh an pointe deiridh sa slabhra monaraíochta maidir le haoileach próiseáilte i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1605 ón gCoimisiún (3). |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 42(5), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2019/1009, rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin measúnú ar aoileach próiseáilte i ndáil le gnéithe ábhartha nár cuireadh san áireamh chun críoch pointe deiridh sa slabhra monaraíochta a chinneadh (4). |
|
(3) |
D’fhéadfadh aoileach próiseáilte a bheith faoi réir trádáil mhór sa mhargadh inmheánach toisc gur táirge díorthaithe é a úsáidtear go coitianta sna leasacháin orgánacha agus sna feabhsaitheoirí ithreach. Dá leagfaí síos na ceanglais maidir le marcáil CE a dhéanamh ar tháirgí leasacháin AE ina bhfuil aoileach próiseáilte, d’éascófaí trádáil na dtáirgí sin sa mhargadh inmheánach. Tháinig an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ar an gconclúid go n-éascódh tabhairt isteach aoiligh phróiseáilte i gCatagóir d’Ábhar Comhpháirteach 10 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 cur chun feidhme Threoir 91/676/CEE ón gComhairle (5) freisin trí bheith ag cur chun cinn aistriú aoiligh phróiseáilte ó réigiúin ina bhfuil dlús ard cothaitheach chuig na réigiúin sin a bhfuil dlús íseal acu. |
|
(4) |
Tá ábhar orgánach agus cothaithigh in aoileach próiseáilte, go háirithe nítrigin agus fosfar, dhá cheann de na trí mhacrachothaitheach phríomhúla a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1009. Tá a luach agranamaíoch cruthaithe aige le linn tréimhse fhada úsáide. |
|
(5) |
Chun a áirithiú go gcoinneoidh táirge leasacháin AE ina bhfuil aoileach próiseáilte a chion cothaitheach le himeacht ama, go bhfuil teorainn lena chion síolta fiailí inmharthana nó iomadú plandaí inmharthana agus go laghdófar astaíochtaí cothaitheach isteach sa chomhshaol le linn stórála, is gá a cheangal go ndéanfar an phróiseáil de bhreis ar an bpróiseáil is gá chun an pointe deiridh sa slabhra monaraíochta a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart próiseáil bhreise a dhéanamh ar an aoileach próiseáilte chun dul trí chriathar a bhfuil mogalra níos lú ná toisí aitheanta síolta fiailí air, nó ba cheart é a ghránú nó a mhillíniú i ndálaí áirithe lena n-áirithítear nach mbeidh síolta fiailí inmharthana a thuilleadh. D’fhéadfaí aon phróiseáil eile a úsáid chomh fada agus a áirithítear go bhfuil teorainn le hábhar síolta fiailí inmharthana. De rogha air sin, d’fhéadfaí próiseáil bhreise a dhéanamh ar an aoileach próiseáilte chun ceann de na critéir chobhsaíochta a leagtar síos le haghaidh Chatagóir d’Ábhar Comhpháirteach 3, múirín, a chomhlíonadh. Leis sin, d’áiritheofaí go mbeadh an t-ábhar atá ann mar thoradh air sin cobhsaí, nach leanfaí den dianscaoileadh tar éis an táirge a chur ar an margadh agus nach mbeadh na síolta fiailí inmharthana a thuilleadh tar éis an phróisis múirínithe. |
|
(6) |
Ba cheart critéar sábháilteachta breise a leagan síos chun teorainn a chur leis an gcion 16 hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAH16) (6) a d’fhéadfaí a ghiniúint le linn phróiseáil an aoiligh. I Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), leagtar síos laghduithe ar an scaoileadh i gcás PAH16 mar shubstaintí a tháirgtear go neamhbheartaithe le linn próisis mhonaraíochta, ach ní thugtar isteach leis teorainnluach i gcásanna den sórt sin. I bhfianaise na n-ardrioscaí a bhaineann leis na truailleáin sin a bheith i dtáirgí leasacháin, is iomchuí ceanglais a thabhairt isteach atá níos déine ná na ceanglais sin a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1021. Ba cheart teorainnluach den sórt sin a leagan síos ar leibhéal an ábhair chomhpháirtigh, chun comhleanúnachas le Rialachán (AE) 2019/1021 a áirithiú agus ba cheart feidhm a bheith aige sa bhreis ar na critéir sábháilteachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 le haghaidh na catagóire comhfhreagraí feidhme táirge. Chun an nós imeachta um measúnú comhréireachta a éascú agus chun costais neamhriachtanacha a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt isteach go gcomhlíonfar an ceanglas sin gan tástáil, nuair is léir ón bpróiseas monaraíochta go gcomhlíontar an teorainnluach sin. |
|
(7) |
Féadfar próiseáil bhreise a dhéanamh ar aoileach próiseáilte chun a luach agranamaíoch nó a shábháilteacht a fheabhsú tuilleadh. Na modhanna próiseála atá in úsáid go forleathan faoi láthair, amhail deighilt sholadach-leachtach, triomú, millíniú agus aisghabháil cothaitheach, ba cheart iad a áireamh i gCatagóir d’Ábhar Comhpháirteach 10 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009. Mar sin féin, níor cheart a áireamh sna céimeanna próiseála aoiligh próisis tiontaithe teirmiceimiceacha ag teochtaí arda nó ag brúnna arda, amhail leachtú, carbónú hidriteirmeach, pirealú, gású nó dóchán, ós rud é go gcumhdaítear próisis den sórt sin faoi chatagóirí d’ábhar comhpháirteach eile mar gheall ar chineál sonrach an phróisis claochlaithe ábhair. |
|
(8) |
Mar bheart sábháilteachta breise, ba cheart na breiseáin is gá chun aoileach a phróiseáil a chlárú ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), faoi na coinníollacha fairsinge a leagtar síos cheana i Rialachán (AE) 2019/1009 maidir le breiseáin i gcatagóirí d’ábhair chomhpháirteacha eile. Leis sin, d’áiritheofaí go gcuirfidh na monaróirí úsáid na mbreiseán i dtáirge leasacháin san áireamh agus an measúnú riosca faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 á dhéanamh agus go ndéanfar ábhair ísealtonnáiste a chlárú freisin. |
|
(9) |
Thairis sin, d’fhéadfadh aoileach próiseáilte a bheith ar fáil ar mhargaí áitiúla i gcainníochtaí atá níos airde ná an t-éileamh atá orthu. Chun a áirithiú nach mbeidh drochthionchair ar an gcomhshaol mar thoradh ar a stóráil fhadtéarmach faoi dhálaí fo-optamacha, is iomchuí teorainn a chur leis an tréimhse ama ar féidir é a úsáid mar ábhar comhpháirteach le haghaidh táirgí leasacháin AE. |
|
(10) |
Ba cheart ceanglas ginearálta maidir le lipéadú a thabhairt isteach le haghaidh táirgí leasacháin AE ina bhfuil aoileach próiseáilte chun úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag scaoileadh amóinia ó úsáid aoiligh phróiseáilte ar cháilíocht an aeir agus chun iarraidh orthu bearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun an tionchar sin a laghdú. |
|
(11) |
Féadfaidh aimínipirilid nó clóipirilid a bheith in aoileach próiseáilte, substaintí a socraítear uasleibhéil iarmhar le haghaidh bia agus beatha ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Dá bhrí sin, ba cheart úsáideoirí táirgí leasacháin AE ina bhfuil aoileach próiseáilte den sórt sin a chur ar an eolas go hiomlán a mhéid a bhaineann le láithreacht na substaintí sin, ionas go ndéanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an barr a thagann mar thoradh air sin na huasleibhéil iarmhar. |
|
(12) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 170, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1009/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1069/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1605 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2023 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le pointí deiridh a chinneadh i slabhra monaraíochta leasachán orgánach agus feabhsuithe ithreach áirithe (IO L 198, 8.8.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1605/oj).
(4) Huygens, D, Technical proposals for processed manure as a component material for EU Fertilising Products [Tograí teicniúla maidir le haoileach próiseáilte mar ábhar comhpháirteach le haghaidh Táirgí Leasacháin AE].
(5) Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj).
(6) Suim de naftailéin, aicéanaftailéin, aicéanaiftéin, fluairéin, feanaintréin, antraicéin, fluaraintéin, piréin, beinsea[a]antraicéin, criséin, beinsea[b]fluaraintéin, beinsea[k]fluaraintéin, beinsi[a]piréin, indéini[1,2,3-cd]piréin, débheinsea[a,h]antraicéin agus beinsi[ghi]peiriléin.
(7) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1021/oj).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE, Treoir 93/67/CEE, Treoir 93/105/CE agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj).
IARSCRÍBHINN I
I gCaibidil II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad CMC 10:
‘ CMC 10: TÁIRGÍ DÍORTHAITHE DE RÉIR BHRÍ RIALACHÁN (CE) UIMH. 1069/2009
|
1. |
Féadfaidh táirgí díorthaithe a bheith i dtáirge leasacháin AE, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus an críochphointe sa slabhra monaraíochta bainte amach aige, arna chinneadh i gcomhréir leis an Rialachán sin, agus atá liostaithe sa tábla seo a leanas agus mar atá sonraithe ann:
|
|
2. |
I gcás ina bhfuil sé cinnte gan aon amhras go bhfuil an ceanglas a leagtar amach i bpointe 1.4 á chomhlíonadh de bharr chineál nó phróiseáil an ábhair chomhpháirtigh nó phróiseas monaraíochta an táirge leasacháin AE, féadfar a thoimhdiú go bhfuil an comhlíonadh sin á chomhlíonadh sa nós imeachta maidir leis an measúnú comhréireachta gan é a fhíorú (amhail tástáil), faoi fhreagracht an mhonaróra.’. |
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1605 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2023 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le pointí deiridh a chinneadh i slabhra monaraíochta leasachán orgánach agus feabhsuithe ithreach áirithe (IO L 198, 8.8.2023, lch. 1).
(2) Suim de naftailéin, aicéanaftailéin, aicéanaiftéin, fluairéin, feanaintréin, antraicéin, fluaraintéin, piréin, beinsea[a]antraicéin, criséin, beinsea[b]fluaraintéin, beinsea[k]fluaraintéin, beinsi[a]piréin, indéini[1,2,3-cd]piréin, débheinsea[a,h]antraicéin agus beinsi[ghi]peiriléin.
IARSCRÍBHINN II
I gCuid I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, cuirtear isteach na pointí 7c agus 7d seo a leanas:
|
‘7c. |
I gcás ina bhfuil aoileach próiseáilte dá dtagraítear i gCuid II, CMC 10, d’Iarscríbhinn II i dtáirge leasacháin AE, áireofar ar an lipéad faisnéis faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag scaoileadh amóinia ó úsáid an táirge ar cháilíocht an aeir agus iarrfar ar úsáideoirí bearta iomchuí leasúcháin a chur i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil aoileach próiseáilte dá dtagraítear i gCuid II, CMC 10, d’Iarscríbhinn II i dtáirge leasacháin AE, beidh an rabhadh seo a leanas ar an lipéad “Féadfaidh aimínipirilid nó clóipirilid a bheith sa táirge seo agus ní ceadmhach é a úsáid chun plandaí atá soghabhálach i leith na substaintí sin a tháirgeadh, amhail pónairí, seamair, lintilí, piseanna, salat, lusanna gréine agus trátaí. Ní mór an táirge seo a úsáid sa chaoi nach sárófar na huasleibhéil iarmhar le haghaidh bia nó beatha a leagtar síos i gcomhréir le Rialachán (CE) 396/2005”, sin nó rabhadh comhchosúil. Níl gá le rabhadh den sórt sin i gcás táirgí leasacháin AE ina bhfuil aoileach próiseáilte nach mó ná 50 μg aimínipirilid nó clóipirilid/kg ábhar tirim. |
|
7d. |
I gcás ina bhfuil ábhar comhpháirteach as aoileach i dtáirge leasacháin AE, léireofar cion iomlán na nítrigine as aoileach.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1682/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)