|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1663 |
14.6.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1663 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Meitheamh 2024
maidir le Comhroinnt Faisnéise faoi na Ruthaig Thosaigh i gComhthionscadal a hAon arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2024 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (1), agus go háirithe Airteagal 15a de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún (2), bunaítear an creat le haghaidh imlonnú an taighde um bainistíocht aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR). Leagtar amach ann na ceanglais maidir le hábhar comhthionscadal, maidir lena mbunú, lena nglacadh, lena gcur chun feidhme agus maidir le faireachán a dhéanamh orthu. |
|
(2) |
Le Comhthionscadal a hAon (CP1), arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116 ón gCoimisiún (3), leagtar amach sé fheidhmiúlacht bainistíochta aerthráchta (‘BAT’) agus a bhfofheidhmiúlachtaí, lena n-áirítear an fheidhmiúlacht BAT maidir le comhroinnt faisnéise faoi na ruthaig thosaigh (‘AF6’). |
|
(3) |
De bhun Airteagal 4(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013, tá feidhmiúlachtaí agus a bhfofheidhmiúlachtaí arna sainaithint i gcomhthionscadal le bheith réidh lena gcur chun feidhme agus beidh gá le cur chun feidhme sioncronaithe ina leith. Tá measúnú le déanamh ar ullmhacht le haghaidh a gcur chun feidhme, inter alia, ar bhonn thorthaí an bhailíochtaithe arna dhéanamh le linn thréimhse forbartha SESAR, ar bhonn stádas na tionsclaithe agus ar bhonn measúnú ar idir-inoibritheacht, agus i ndáil le Plean Domhanda Aerloingseoireachta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (‘ICAO’) agus i ndáil le hábhar ábhartha ICAO. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 4(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013, féadfaidh feidhmiúlachtaí nó fofheidhmiúlachtaí BAT a bheith san áireamh i gcomhthionscadal freisin, ar feidhmiúlachtaí nó fofheidhmiúlachtaí iad, tráth theacht i bhfeidhm an chomhthionscadail, nach bhfuil réidh lena gcur chun feidhme ach atá ina gcomhpháirt riachtanach den chomhthionscadal, ar choinníoll go meastar go bhfuil a dtionsclú tugtha chun críche faoi spriocdháta tionsclaithe arna bhunú laistigh de 3 bliana ó ghlacadh an chomhthionscadail lena mbaineann. |
|
(5) |
Cé nár measadh go raibh AF6 réidh lena chur chun feidhme tráth theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116, measadh gur comhpháirt riachtanach de CP1 é agus áiríodh é le spriocdháta tionsclaithe a socraíodh don 31 Nollaig 2023 agus le spriocdháta cur chun feidhme a socraíodh don 31 Nollaig 2027. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 4(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013, ar dhul in éag spriocdháta tionsclaithe AF6, d’fhíoraigh an Coimisiún, le tacaíocht ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’), go raibh caighdeánú déanta ar AF6 agus go raibh sé réidh lena chur chun feidhme. |
|
(7) |
Chun na críche sin, rinne an Ghníomhaireacht réamh-mheasúnú ar thionsclú agus ullmhacht AF6 agus, ina dhiaidh sin, bhunaigh agus chomhordaigh sí fóram tionsclaithe CP1 a bhí comhdhéanta d’ionadaithe an bhainisteora imlonnaithe, Comhghnóthas SESAR 3, Eurocae, an Bainisteoir Líonra, monaróirí aerárthaí agus monaróirí trealaimh talún eitlíochta, arna n-ionadú ag Comhlachas Thionscail Aeraspáis, Slándála agus Cosanta na hEorpa (ASD). Na gníomhaíochtaí comhordaithe is gá chun spriocdháta tionsclaithe AF6 le haghaidh an 31 Nollaig 2023 a bhaint amach, ba é cuspóir an fhóraim na gníomhaíochtaí sin a shainiú agus a gcur chun feidhme a áirithiú. |
|
(8) |
D’oibrigh fóram tionsclaithe CP1 le linn 2023 agus d’aontaigh siad faoi na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag gach grúpa páirtithe leasmhara chun caighdeánú agus ullmhacht do chur chun feidhme AF6 a bhaint amach. |
|
(9) |
An 12 Nollaig 2023, chuaigh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le hionadaithe na n-oibreoirí aerárthaí maidir le cur chun feidhme eitleonaic ábhartha AF6. Cé is moite den chomhlachas a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí aerárthaí gnó (EBAA), dheimhnigh na hoibreoirí aerárthaí tráchtála uile a bhfuil ionadaíocht acu san fhóram tionsclaithe go bhfuil siad réidh chun AF6 a chur chun feidhme. |
|
(10) |
An 1 Nollaig 2023, dheimhnigh an bainisteoir imlonnaithe, an Bainisteoir Líonra, an grúpa ‘A4 Airline’ (Air France, easyJet, Grúpa Lufthansa agus Ryanair), agus Comhghnóthas SESAR 3 a ngealltanas don Choimisiún cur chun feidhme AF6 a áirithiú faoin 31 Nollaig 2027. |
|
(11) |
An 26 Eanáir 2024, chuir an Ghníomhaireacht a torthaí faoi bhráid an Choimisiúin. Ar bhonn na faisnéise a bailíodh agus ar bhonn na n-imscrúduithe a rinneadh, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid go raibh AF6 réidh lena chur chun feidhme. Agus aitheantas á thabhairt aici do na hiarrachtaí a rinne comhaltaí fhóram tionsclaithe CP1 agus dá ngealltanais i scríbhinn AF6 a chur chun feidhme, mhol an Ghníomhaireacht freisin bearta tionlacain neamhcheangailteacha a bheadh le déanamh ag comhlachtaí um chaighdeánú agus ag páirtithe leasmhara oibríochtúla chun tacú le cur chun feidhme AF6. Chuir an Ghníomhaireacht in iúl freisin go bhfuil sí réidh chun tacú leis an gCoimisiún maidir le faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar na bearta tionlacain sin. |
|
(12) |
I bhfianaise chonclúidí na Gníomhaireachta agus thuairimí agus ghealltanais na bpáirtithe leasmhara, measann an Coimisiún go bhfuil AF6 réidh lena chur chun feidhme. |
|
(13) |
Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh spriocdháta cur chun feidhme AF6 le haghaidh an 31 Nollaig 2027, bhreithneodh an Coimisiún an raibh na hinfheistíochtaí ábhartha AF6 pleanáilte ag na páirtithe leasmhara ar gá dóibh AF6 a chur chun feidhme agus go raibh na bearta is gá déanta acu chun an trealamh, na bogearraí nó na seirbhísí ábhartha a fháil atá le cur i bhfeidhm in am trátha. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Aerspás Aonair. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An fheidhmiúlacht BAT maidir le Comhroinnt Faisnéise faoi na Ruthaig Thosaigh (AF6) i gComhthionscadal a hAon arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116, meastar leis seo go bhfuil an fheidhmiúlacht sin réidh lena cur chun feidhme agus cuirfear chun feidhme í faoin 31 Nollaig 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/550/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 maidir le comhthionscadail a shainiú, rialachas a bhunú agus dreasachtaí chun tacú le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta a shainaithint (IO L 123, 4.5.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/409/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2021 maidir le bunú Chomhthionscadal a hAon lena dtacaítear le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 ón gCoimisiún (IO L 36, 2.2.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/116/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1663/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)