|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1661 |
6.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1661 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Meitheamh 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3).
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar a n-onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás ráig ghalair i gcatagóir A i measc ainmhithe fiáine a bheith deimhnithe go hoifigiúil, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin, déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (4) leagtar síos leis bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit a liostaítear nó a bhfuil limistéir acu a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II de (na Ballstáit lena mbaineann). Leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, leagtar síos rialacha maidir le criosanna srianta I, II agus III a liostú ar leibhéal an Aontais in Iarscríbhinn I a ghabhann leis tar éis ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc, agus rialacha maidir le liostú ar leibhéal an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, tar éis ráig den ghalar sin i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalair roimhe sin. |
|
(4) |
Na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, tá siad bunaithe ar staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas. |
|
(5) |
Is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1454 ón gCoimisiún (5) a leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go deireanach tar éis athruithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa tSeicia, san Iodáil, agus sa Pholainn. Ó bhí dháta glactha an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin ann, tá athrú tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an ngalar sin i mBallstáit áirithe. |
|
(6) |
Aon leasú ar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát lena mbaineann, ar an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin, ar phrionsabail agus critéir atá bunaithe ar an eolaíocht i dtaca le criosú a shainiú go geografach mar gheall ar fhiabhras Afracach na muc, mar a leagtar amach sna treoirlínte maidir le fiabhras Afracach na muc arna bhforbairt ag an gCoimisiún agus na Ballstáit (6). Sa bhreis air sin, ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh sna leasuithe sin, amhail an Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún (7) ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), agus ba cheart an bonn cirt a thug údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát lena mbaineann leis an gcriosú a chur san áireamh freisin. |
|
(7) |
Ó bhí dáta glactha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1454 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ann, bhí ráigeanna nua d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe fiáine sa tSeicia agus sa Pholainn. |
|
(8) |
Tar éis na ráigeanna sin d’fhiabhras Afracach na muc a bhí ann le déanaí i muc-ainmhithe fiáine sa tSeicia agus sa Pholainn, agus an staid eipidéimeolaíoch reatha a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Aontas á cur san áireamh, rinneadh an criosú sna Ballstáit sin a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, leagtar síos rialacha speisialta maidir le criosanna srianta I a liostú i gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine i limistéar Ballstáit a bhfuil teorainn aige le limistéar nár deimhníodh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann go hoifigiúil. Le hAirteagal 6 den Rialachán sin, leagtar síos rialacha speisialta maidir le criosanna srianta II nó criosanna ionfhabhtaithe a liostú i gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát. Ina theannta sin, rinneadh na bearta bainistithe riosca a bhí i bhfeidhm sa dhá Bhallstát sin a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart na hathruithe sin a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 freisin. |
|
(9) |
I mí na Bealtaine 2024 tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i Réigiún Liberecký na Seicia, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. An ráig sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leis, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den tSeicia a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, limistéar atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun an ráig sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
|
(10) |
Ina theannta sin, i mí na Bealtaine 2024 freisin tugadh faoi deara go raibh roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i Réigiúin Mazowieckie, Opolskie, Podkarpackie agus Zachodniopomorskie sa Pholainn, i limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ar limistéir iad atá dlúth le limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I san Iarscríbhinn sin. Na ráigeanna sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, na limistéir sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ar limistéir iad atá dlúth leis na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta II atá buailte ag na ráigeanna sin a tharla le déanaí, ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta II san Iarscríbhinn sin agus ní mór teorainneacha reatha chriosanna srianta I a athshainiú freisin chun na ráigeanna sin a chur san áireamh. |
|
(11) |
I mí na Bealtaine 2024 freisin tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i Réigiún Świętokrzyskie na Polainne, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. An ráig sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leis, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, limistéar atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun an ráig sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
|
(12) |
Ar mhaithe leis na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas a chur san áireamh, agus chun na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin a chomhrac ar bhealach réamhghníomhach, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú i gcás na Seicia agus na Polainne, agus ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta I agus II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Ó tharla go bhfuil an staid a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc an-dinimiciúil san Aontas, cuireadh staid eipidéimeolaíoch na limistéar máguaird san áireamh nuair a bhí na criosanna srianta nua sin á gcríochú. |
|
(13) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinn I ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/594/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1454 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1310 (IO L, 2024/1454, 17.5.2024, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1454/oj).
(6) Fógra ón gCoimisiún i ndáil le treoirlínte maidir le fiabhras Afracach na muc san Aontas a chosc, a rialú agus a dhíothú (‘Treoirlínte ASF’) (IO C, C/2023/1504, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1504/oj).
(7) Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún OIE, an 29ú hEagrán, 2021. Imleabhair I agus II ISBN 978-92-95115-40-8; https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594:
‘IARSCRÍBHINN I
CRIOSANNA SRIANTA I, II AGUS III
CUID I
1. An Ghearmáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
|
Bundesland Sachsen:
|
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
2. An Eastóin
Na criosanna srianta I seo a leanas san Eastóin:
|
— |
Hiiu maakond. |
3. An Laitvia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Dienvidkurzemes novada, Nīcas pagasta daļa uz ziemeļiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Otaņķu pagasts, |
|
— |
Ropažu novada Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz rietumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes. |
4. An Ungáir
Na criosanna srianta I seo a leanas san Ungáir:
|
— |
Békés megye 950150, 950250, 950350, 950450, 950550, 950650, 950660, 950750, 950850, 950860, 950950, 950960, 950970, 951050, 951150, 951250, 951260, 951350, 951950, 952050, 952150, 952250, 952550, 952750, 952850, 952950, 953050, 953150, 953250, 953260, 953270, 953350, 953450, 953550, 953560, 953650, 953660, 953750, 953850, 953950, 953960, 954050, 954060, 954150, 954250, 954260, 954350, 954450, 954550, 954650, 954750, 954850, 954860, 954950, 955050, 955150, 955250, 955260, 955270, 955350, 955450, 955510, 955650, 955750, 955760, 955850, 955950, 956050, 956060, 956150, 956160, 956250, 956450, 956550, 956650 és 956750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Bács-Kiskun megye 600150, 600850 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Budapest 1 kódszámú, vadgazdálkodási tevékenységre nem alkalmas területe, |
|
— |
Fejér megye 400150, 400250, 400351, 400352, 400450, 400550, 401150, 401250, 401350, 402050, 402350, 402360, 402850, 402950, 403050, 403450, 403550, 403650, 403750, 403950, 403960, 403970, 404650, 404750, 404850, 404950, 404960, 405050, 405750, 405850, 405950, |
|
— |
406050, 406150, 406550, 406650 és 406750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Győr-Moson-Sopron megye 100550, 100650, 100950, 101050, 101350, 101450, 101550, 101560 és 102150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750150, 750160, 750260, 750350, 750450, 750460, 751250, 751260, 751350, 751360, 751750, 751850, 751950, 753650, 753750, 753850, 753950, 753960, 754050, 754360, 754450, 754550, 754560, 754570, 754650, 754750, 754850 és 755450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Komárom-Esztergom megye 250150, 250250, 250450, 250460, 250550, 250650, 250750, 251050, 251150, 251250, 251350, 251360, 251650, 251750, 251850, 252250, kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Pest megye 571550, 572150, 572250, 572350, 572550, 572650, 572750, 572850, 572950, 573150, 573250, 573260, 573350, 573360, 573450, 573850, 573950, 573960, 574050, 574150, 574350, 574360, 574550, 574650, 574750, 574850, 574860, 574950, 575050, 575150, 575250, 575350, 575550, 575650, 575750, 575850, 575950, 576050, 576150, 576250, 576350, 576450, 576650, 576750, 576850, 576950, 577050, 577150, 577250, 577350, 577450, 577650, 577850, 577950, 578050, 578150, 578250, 578350, 578360, 578450, 578550, 578560, 578650, 578850, 578950, 579050, 579150, 579250, 579350, 579450, 579460, 579550, 579650, 579750, 580250 és 580450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe. |
5. An Pholainn
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie łódzkim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie opolskim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
|
w województwie małopolskim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
6. An tSlóvaic
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
i gceantar Nové Zámky, Sikenička, Pavlová, Bíňa, Kamenín, Kamenný Most, Malá nad Hronom, Belá, Ľubá, Šarkan, Gbelce, Bruty, Mužla, Obid, Štúrovo, Nána, Kamenica nad Hronom, Chľaba, Leľa, Bajtava, Salka, Malé Kosihy, Veľký Kýr, Černík, Michal nad Žitavou, Kmeťovo, Maňa, Trávnica |
|
— |
i gceantar Veľký Krtíš, bardasachtaí Ipeľské Predmostie, Veľká nad Ipľom, Hrušov, Kleňany, Sečianky, |
|
— |
i gceantar Levice, bardasachtaí Keť, Čata, Pohronský Ruskov, Hronovce, Želiezovce, Zalaba, Malé Ludince, Šalov, Sikenica, Pastovce, Bielovce, Ipeľský Sokolec, Lontov, Kubáňovo, Sazdice, Demandice, Dolné Semerovce, Vyškovce nad Ipľom, Preseľany nad Ipľom, Hrkovce, Tupá, Horné Semerovce, Hokovce, Slatina, Horné Turovce, Veľké Turovce, Šahy, Tešmak, Plášťovce, Ipeľské Uľany, Tehla, Lula, Beša, Jesenské, Ina, Lok, Veľký Ďur, Horný Pial, Horná Seč, Dolná Seč, Levice, Krškany, Brhlovce, Bory, Santovka, Domadice, Hontianske Trsťany, Mýtne Ludany, Hontianska Vrbica, Zbrojníky, Kukučínov, Jur nad Hronom, Šarovce, Turá, Tekovský Hrádok, Vyšné nad Hronom, Žemliare, Starý Hrádok, |
|
— |
i gceantar Krupina, bardasachtaí Dudince, Terany, Hontianske Moravce, Sudince, Súdovce, Lišov, |
|
— |
ceantar iomlán Ružomberok, seachas bardasachtaí a áirítear i gcrios II |
|
— |
i gceantar Martin, bardasachtaí Blatnica, Folkušová, Necpaly, Belá-Dulice, Ďanová, Karlová, Laskár, Rakovo, Príbovce, Košťany nad Turcom, Socovce, Turčiansky Ďur, Kláštor pod Znievom, Slovany, Ležiachov, Benice, Vrícko, |
|
— |
i gceantar Dolný Kubín, bardasachtaí Kraľovany, Žaškov, Jasenová, Vyšný Kubín, Oravská Poruba, Leštiny, Osádka, Malatiná, Chlebnice, Krivá, |
|
— |
i gceantar Tvrdošín, bardasachtaí Oravský Biely Potok, Habovka, Zuberec, |
|
— |
i gceantar Prievidza, bardasachtaí Handlová, Cígeľ, Podhradie, Lehota pod Vtáčnikom, Ráztočno, Kľačno, Tužina, Nitrianske Pravno, Poluvsie, Malinová, Pravenec, Nedožery-Brezany, Lazany, Prievidza, Malá Čausa, Veľká Čausa, Lipník, Chrenovec-Brusno, Jalovec, Nováky, Zemianske, Kostoľany, Nitrianske Sučany, Nitrica, Horné Vestenice, Dolné Vestenice, |
|
— |
ceantar iomlán Partizánske, seachas bardasachtaí a áirítear i gcrios II, |
|
— |
i gceantar Topo-čany, bardasachtaí Koniarovce, Hrušovany, Belince, Preseľany, Kamanová, Mýtna Nová ves, Dvorany nad Nitrou, Ludanice, Chrabrany, Topoľčany, Krušovce, Dolné Chlebany, Horné Chlebany, Rajčany, Čermany, Horné Obdokovce, Obsolovce, Horné Štitáre, Urmince, Veľké Dvorany, Nemčice, Topoľčany, Továrniky, Kuzmice, Jacovce, Veľké Bedzany, Malé Bedzany, Norovce, Solčianky, |
|
— |
i gceantar Nitra, bardasachtaí Horné Lefantovce, Dolné Lefantovce, Bádice, Jelenec, Žirany, Podhorany, Nitrianske Hrnčiarovce, Štitáre, Čechynce, Malý Cetín, Veľký Cetín, Vinodol, Branč, Ivánka pri Nitre, |
|
— |
i gceantar Bánovce nad Bebravou, bardasachtaí Nedašovce, Pravotice, Vysočany, Chudá Lehota. |
7. An Iodáil
Na criosanna srianta I seo a leanas san Iodáil:
|
Réigiún Phíodmant:
|
|
Réigiún Liguria:
|
|
Réigiún Emilia-Romagna:
|
|
Réigiún Toscana:
|
|
Réigiún na Lombairde:
|
|
Réigiún Lazio:
|
|
Réigiún Sardinia:
|
|
Réigiún Calabria:
|
|
I Réigiún Basilicata
|
|
I Réigiún Campania
|
8. An tSeicia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSeicia:
|
Liberecký kraj:
|
9. An Ghréig
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in aonad réigiúnach Drama:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kavala:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Xanthi:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Rodopi:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Evros:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Serres:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kilkis:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Thessaloniki:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Chalkidiki:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Pella:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Imathia:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kozani:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Florina:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kastoria:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Ioannina:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Thesprotia:
|
10. An Chróit
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Chróit:
|
Karlovačka županija:
|
|
Ličko-senjska županija:
|
|
Sisačko-moslavačka županija:
|
|
Brodsko-posavska županija:
|
|
Osječko-baranjska županija:
|
11. An tSualainn
An chrios srianta I seo a leanas sa tSualainn:
|
Contae Västmanland:
|
12. An Liotuáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Joniškio rajono savivaldybės: Gaižaičių, Gataučių, Joniškio, Kriukių, Rudiškių, Satkūnų, Saugėlaukio, Skaistgirio, Žagarės seniūnijos, |
|
— |
Ignalinos rajono savivaldybės: Ceikinių, Dūkšto, Ignalinos, Ignalinos miesto, Kazitiškio sen. rytinė dalis nuo 102 kelio, Linkmenų, Naujojo Daugėliškio, Mielagėnų, Rimšės, Tverečiaus, Vidiškių seniūnijos. |
CUID II
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Bhulgáir:
|
— |
réigiún iomlán Haskovo, |
|
— |
réigiún iomlán Yambol, |
|
— |
réigiún iomlán Stara Zagora, |
|
— |
réigiún iomlán Pernik, |
|
— |
réigiún iomlán Kyustendil, |
|
— |
réigiún iomlán Plovdiv, |
|
— |
réigiún iomlán Pazardzhik, |
|
— |
réigiún iomlán Smolyan, |
|
— |
réigiún iomlán Dobrich, |
|
— |
réigiún iomlán chathair Shóifia, |
|
— |
réigiún iomlán Chúige Shoifia, |
|
— |
réigiún iomlán Blagoevgrad, |
|
— |
réigiún iomlán Razgrad, |
|
— |
réigiún iomlán Kardzhali, |
|
— |
réigiún iomlán Burgas, |
|
— |
réigiún iomlán Varna, |
|
— |
réigiún iomlán Silistra, |
|
— |
réigiún iomlán Ruse, |
|
— |
réigiún iomlán Veliko Tarnovo, |
|
— |
réigiún iomlán Pleven, |
|
— |
réigiún iomlán Targovishte, |
|
— |
réigiún iomlán Shumen, |
|
— |
réigiún iomlán Sliven, |
|
— |
réigiún iomlán Vidin, |
|
— |
réigiún iomlán Gabrovo, |
|
— |
réigiún iomlán Lovech, |
|
— |
réigiún iomlán Montana, |
|
— |
réigiún iomlán Vratza. |
2. An Ghearmáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
|
Bundesland Sachsen:
|
3. An Eastóin
Na criosanna srianta II seo a leanas san Eastóin:
|
— |
Eesti Vabariik (välja arvatud Hiiu maakond). |
4. An Laitvia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Aizkraukles novads, |
|
— |
Alūksnes novads, |
|
— |
Augšdaugavas novads, |
|
— |
Ādažu novads, |
|
— |
Balvu novads, |
|
— |
Bauskas novads, |
|
— |
Cēsu novads, |
|
— |
Dienvidkurzemes novada Aizputes, Cīravas, Lažas, Durbes, Dunalkas, Tadaiķu, Vecpils, Bārtas, Sakas, Bunkas, Priekules, Gramzdas, Kalētu, Virgas, Dunikas, Vaiņodes, Gaviezes, Grobiņas, Rucavas, Vērgales, Medzes, Embūtes, Kalvenes, Kazdangas pagasts, Nīcas pagasta daļa uz dienvidiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Aizputes, Durbes, Pāvilostas, Priekules, Grobiņas pilsēta, |
|
— |
Dobeles novads, |
|
— |
Gulbenes novads, |
|
— |
Jelgavas novads, |
|
— |
Jēkabpils novads, |
|
— |
Krāslavas novads, |
|
— |
Kuldīgas novads, |
|
— |
Ķekavas novads, |
|
— |
Limbažu novads, |
|
— |
Līvānu novads, |
|
— |
Ludzas novads, |
|
— |
Madonas novads, |
|
— |
Mārupes novads, |
|
— |
Ogres novads, |
|
— |
Olaines novads, |
|
— |
Preiļu novads, |
|
— |
Rēzeknes novads, |
|
— |
Ropažu novada Garkalnes, Ropažu pagasts, Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz austrumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes, Vangažu pilsēta, |
|
— |
Salaspils novads, |
|
— |
Saldus novads, |
|
— |
Saulkrastu novads, |
|
— |
Siguldas novads, |
|
— |
Smiltenes novads, |
|
— |
Talsu novads, |
|
— |
Tukuma novads, |
|
— |
Valkas novads, |
|
— |
Valmieras novads, |
|
— |
Varakļānu novads, |
|
— |
Ventspils novads, |
|
— |
Daugavpils valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Jelgavas valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Jūrmalas valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Rēzeknes valstspilsētas pašvaldība. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Alytaus miesto savivaldybė, |
|
— |
Alytaus rajono savivaldybė, |
|
— |
Anykščių rajono savivaldybė, |
|
— |
Akmenės rajono savivaldybė, |
|
— |
Birštono savivaldybė, |
|
— |
Biržų miesto savivaldybė, |
|
— |
Biržų rajono savivaldybė, |
|
— |
Druskininkų savivaldybė, |
|
— |
Elektrėnų savivaldybė, |
|
— |
Ignalinos rajono savivaldybės: Didžiasalio seniūnija, |
|
— |
Jonavos rajono savivaldybė, |
|
— |
Joniškio rajono savivaldybės: Kepalių seniūnija, |
|
— |
Jurbarko rajono savivaldybė, |
|
— |
Kaišiadorių rajono savivaldybė, |
|
— |
Kauno miesto savivaldybė, |
|
— |
Kauno rajono savivaldybė, |
|
— |
Kazlų rūdos savivaldybė, |
|
— |
Kelmės rajono savivaldybė, |
|
— |
Kėdainių rajono savivaldybė, |
|
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė, |
|
— |
Kupiškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Kretingos rajono savivaldybė, |
|
— |
Lazdijų rajono savivaldybė, |
|
— |
Mažeikių rajono savivaldybė, |
|
— |
Molėtų rajono savivaldybė, |
|
— |
Marijampolės savivaldybės: Sasnavos seniūnija, |
|
— |
Pagėgių savivaldybė, |
|
— |
Pakruojo rajono savivaldybė, |
|
— |
Panevėžio rajono savivaldybė, |
|
— |
Panevėžio miesto savivaldybė, |
|
— |
Palangos miesto savivaldybė, |
|
— |
Pasvalio rajono savivaldybė, |
|
— |
Radviliškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Rietavo savivaldybė, |
|
— |
Prienų rajono savivaldybė, |
|
— |
Plungės rajono savivaldybė, |
|
— |
Raseinių rajono savivaldybė, |
|
— |
Rokiškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Skuodo rajono savivaldybė, |
|
— |
Šakių rajono savivaldybė, |
|
— |
Šalčininkų rajono savivaldybė, |
|
— |
Šiaulių miesto savivaldybė, |
|
— |
Šiaulių rajono savivaldybė, |
|
— |
Šilutės rajono savivaldybė, |
|
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
|
— |
Šilalės rajono savivaldybė, |
|
— |
Švenčionių rajono savivaldybė, |
|
— |
Tauragės rajono savivaldybė, |
|
— |
Telšių rajono savivaldybė, |
|
— |
Trakų rajono savivaldybė, |
|
— |
Ukmergės rajono savivaldybė, |
|
— |
Utenos rajono savivaldybė, |
|
— |
Varėnos rajono savivaldybė, |
|
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybės: Klausučių ir Pilviškių seniūnijos, |
|
— |
Vilniaus miesto savivaldybė, |
|
— |
Vilniaus rajono savivaldybė, |
|
— |
Visagino savivaldybė, |
|
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
|
— |
Zarasų rajono savivaldybė. |
6. An Ungáir
Na criosanna srianta II seo a leanas san Ungáir:
|
— |
Győr-Moson-Sopron megye 951450, 951460, 951550, 951650, 951750, 952350, 952450, 952650 és 956350 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Borsod-Abaúj-Zemplén megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Fejér megye 403150, 403160, 403250, 403260, 403350, 404250, 404550, 404560, 404570, 405450, 405550, 405650, 406450 és 407050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Hajdú-Bihar megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Heves megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750250, 750550, 750650, 750750, 750850, 750970, 750980, 751050, 751150, 751160, 751450, 751460, 751470, 751550, 751650, 752150, 752250, 752350, 752450, 752460, 752550, 752560, 752650, 752750, 752850, 752950, 753060, 753070, 753150, 753250, 753310, 753450, 753550, 753660, 754150, 754250, 754370, 755550, 755650 és 755750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Komárom-Esztergom megye 250350, 250850, 250950, 251450, 251550, 251950, 252050, 252150, 252350, 252450, 252460, 252550, 252650, 252750, 252850, 252860, 252950, 252960, 253050, 253150, 253250, 253350, 253450 és 253550 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Nógrád megye valamennyi vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Pest megye 570150, 570250, 570350, 570450, 570550, 570650, 570750, 570850, 570950, 571050, 571150, 571250, 571350, 571650, 571750, 571760, 571850, 571950, 572050, 573550, 573650, 574250, 580050 és 580150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Szabolcs-Szatmár-Bereg megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe. |
7. An Pholainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie małopolskim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
|
w województwie opolskim:
|
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
ceantar iomlán Gelnica, |
|
— |
ceantar iomlán Poprad |
|
— |
ceantar iomlán Spišská Nová Ves, |
|
— |
ceantar iomlán Levoča, |
|
— |
ceantar iomlán Kežmarok, |
|
— |
ceantar iomlán Michalovce, |
|
— |
ceantar iomlán Medzilaborce |
|
— |
ceantar iomlán Košice-okolie, |
|
— |
ceantar iomlán Rožnava, |
|
— |
cathair iomlán Košice, |
|
— |
ceantar iomlán Sobrance, |
|
— |
ceantar iomlán Vranov nad Topaou, |
|
— |
ceantar iomlán Humenné, |
|
— |
ceantar iomlán Snina, |
|
— |
ceantar iomlán Prešov, |
|
— |
ceantar iomlán Sabinov, |
|
— |
ceantar iomlán Svidník, |
|
— |
ceantar iomlán Stropkov, |
|
— |
ceantar iomlán Bardejov, |
|
— |
ceantar iomlán Stará Ľubovňa, |
|
— |
ceantar iomlán Revúca, |
|
— |
ceantar iomlán Rimavská Sobota, |
|
— |
i gceantar Veľký Krtíš, na bardasachtaí iomlána nach n-áirítear i gCuid I, |
|
— |
ceantar iomlán Lučenec, |
|
— |
ceantar iomlán Poltár, |
|
— |
ceantar iomlán Zvolen, |
|
— |
ceantar iomlán Detva, |
|
— |
ceantar iomlán Krupina, seachas bardasachtaí a áirítear i gcrios I, |
|
— |
ceantar iomlán Banska Stiavnica, |
|
— |
ceantar iomlán Žarnovica, |
|
— |
ceantar iomlán Banska Bystica, |
|
— |
ceantar iomlán Brezno, |
|
— |
ceantar iomlán Liptovsky Mikuláš, |
|
— |
i gceantar Ružomberok, bardasachtaí Ružomberok, Liptovská Štiavnica, Štiavnička, Ludrová, Sliače, Likavka, Martinček, Lisková, Turík, Ivachnová, Liptovská Teplá, Liptovský Michal, Bešeňová, Kalameny, Lúčky, |
|
— |
ceantar iomlán Trebišov’, |
|
— |
ceantar iomlán Zlaté Moravce, |
|
— |
i gceantar Levice, bardasacht Kozárovce, Kalná nad Hronom, Nový Tekov, Malé Kozmálovce, Veľké Kozmálovce, Tlmače, Rybník, Hronské Kosihy, Čajkov, Nová Dedina, Devičany, Bátovce, Pečenice, Jabloňovce, Bohunice, Pukanec, Uhliská, Drženice, Žemberovce, Hronské Kľačany, Starý Tekov, Podlužany, |
|
— |
ceantar iomlán Turčianske Teplice, |
|
— |
ceantar iomlán Žiar nad Hronom, |
|
— |
i gceantar Prievidza, bardasachtaí Kamenec pod Vtáčnikom, Bystričany, Čereňany, Oslany, Horná Ves, Radobica, |
|
— |
i gceantar Partizánske, bardasachtaí Veľké Uherce, Pažiť, Kolačno, Veľký Klíž, Ješkova Ves, Klátová Nová Ves, Malé Krsteňany, Veľké Krsteňany, Malé Uherce, Partzánske, Brodzany, Krásno, Turčianky, Nednovce, Bošany, |
|
— |
i gceantar Nitra, bardasachtaí Pohranice, Hosťová, Kolíňany, Malý Lapáš, Dolné Obdokovce, Čeľadice, Veľký Lapáš, Babindol, Malé Chyndice, Golianovo, Klasov, Veľké Chyndice, Nová Ves nad Žitavou, Paňa, Vráble, Tajná, Lúčnica nad Žitavou, Žitavce, Melek, Telince, Čifáre, |
|
— |
i gceantar Topoľčany, bardasachtaí Krnča, Prázdnovce, Solčany, Nitrianska Streda, Čeľadince, Kovarce, Súlovce, Oponice, |
9. An Iodáil
Na criosanna srianta II seo a leanas san Iodáil:
|
Réigiún Phíodmant:
|
|
Réigiún Liguria:
|
|
Réigiún na Lombairde:
|
|
Réigiún Emilia-Romagna:
|
|
Réigiún Toscana
|
|
Réigiún Lazio:
|
|
Réigiún Calabria:
|
|
I Réigiún Basilicata
|
|
I Réigiún Campania:
|
10. An tSeicia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSeicia:
|
Liberecký kraj:
|
11. An Chróit
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Chróit:
|
Karlovačka županija:
|
|
Sisačko-moslavačka županija:
|
12. An tSualainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSualainn:
|
Contae Västmanland:
|
13. An Ghréig
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in aonad réigiúnach Serres:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Drama:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kilkis:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kastoria:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Florina: |
|
— |
ranna pobail Aetos, Agios Panteleimonas, Kelli, Kleidi, Xino Nero, Petres, Fanosagus roinn bhardasach Amyntaio (Bardasacht Amyntaio)
|
|
— |
in aonad réigiúnach Pella:
|
CUID III
1. An Iodáil
Na criosanna srianta III seo a leanas san Iodáil:
|
Réigiún Sardinia:
|
|
Réigiún Calabria:
|
2. An Liotuáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Marijampolės savivaldybės: Gudelių, Igliaukos, Liudvinavo, Marijampolės, Šunskų, Marijampolės miesto seniūnijos, |
|
— |
Kalvarijos savivaldybė, |
|
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybės: Bartnikų, Gižų, Gražiškių, Keturvalakių, Kybartų, Pajevonio, Šeimenos, Vilkaviškio miesto, Virbalio, Vištyčio seniūnijos, |
3. An Pholainn
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
4. An Rómáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:
|
— |
Zona orașului București, |
|
— |
Județul Constanța, |
|
— |
Județul Satu Mare, |
|
— |
Județul Tulcea, |
|
— |
Județul Bacău, |
|
— |
Județul Bihor, |
|
— |
Județul Bistrița Năsăud, |
|
— |
Județul Brăila, |
|
— |
Județul Buzău, |
|
— |
Județul Călărași, |
|
— |
Județul Dâmbovița, |
|
— |
Județul Galați, |
|
— |
Județul Giurgiu, |
|
— |
Județul Ialomița, |
|
— |
Județul Ilfov, |
|
— |
Județul Prahova, |
|
— |
Județul Sălaj, |
|
— |
Județul Suceava |
|
— |
Județul Vaslui, |
|
— |
Județul Vrancea, |
|
— |
Județul Teleorman, |
|
— |
Judeţul Mehedinţi, |
|
— |
Județul Gorj, |
|
— |
Județul Argeș, |
|
— |
Judeţul Olt, |
|
— |
Judeţul Dolj, |
|
— |
Județul Arad, |
|
— |
Județul Timiș, |
|
— |
Județul Covasna, |
|
— |
Județul Brașov, |
|
— |
Județul Botoșani, |
|
— |
Județul Vâlcea, |
|
— |
Județul Iași, |
|
— |
Județul Hunedoara, |
|
— |
Județul Alba, |
|
— |
Județul Sibiu, |
|
— |
Județul Caraș-Severin, |
|
— |
Județul Neamț, |
|
— |
Județul Harghita, |
|
— |
Județul Mureș, |
|
— |
Județul Cluj, |
|
— |
Județul Maramureş. |
5. An Ghearmáin
Na criosanna srianta III seo leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
6. An Ghréig
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in aonad réigiúnach Drama
|
|
— |
in aonad réigiúnach Serres:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kilkis:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Thessaloniki:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Chalkidiki:
|
7. An Chróit
Na criosanna srianta III seo leanas sa Chróit:
|
Vukovarsko- srijemska županija:
|
|
Brodsko-posavska županija
|
|
Osječko-baranjska županija
|
IARSCRÍBHINN II
LIMISTÉIR A BUNAÍODH AR LEIBHÉAL AN AONTAIS MAR CHRIOSANNA IONFHABHTAITHE NÓ MAR CHRIOSANNA SRIANTA, LENA gCUIMSÍTEAR CRIOSANNA COSANTA AGUS FAIREACHAIS
(amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus in Airteagal 7(2))
Cuid A – Limistéir a bunaíodh mar chriosanna ionfhabhtaithe tar éis ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe sin:
|
An Ballstát: an Pholainn
|
Cuid B – Limistéir a bunaíodh mar chriosanna srianta, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, tar éis ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe sin:
|
An Ballstát: An Bhulgáir
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1661/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)