European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1660

7.6.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1660 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Meitheamh 2024

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh bolmán i limistéar 8c i gcás soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2024.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2024 ídithe ag gabhálacha an stoic bolmán i limistéar 8c ag soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó atá cláraithe sa Phortaingéil.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh ar an bPortaingéil le haghaidh an stoic bolmán i limistéar 8c le haghaidh 2024 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

1.   Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó atá cláraithe sa Phortaingéil. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg agus ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.

2.   Maidir le hiasc nó táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.

3.   Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí I gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

02/TQ257

Ballstát

An Phortaingéil

Stoc

JAX/08C.

Speiceas

An bolmán (Trachurus spp.)

Limistéar

8c

Dáta deiridh

22 Bealtaine 2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1660/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)