|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1645 |
6.6.2024 |
CINNEADH (EURATOM) 2024/1645 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann Euratom ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 101 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Euratom’) an Conradh um Chairt Fuinnimh (‘an Comhaontú’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Aibreán 1998. |
|
(2) |
In éagmais aon nuashonrú suntasach ar an gComhaontú ó bhí na 1990í ann, chuaigh an Comhaontú as dáta de réir a chéile. |
|
(3) |
In 2019, chuaigh na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú (‘na Páirtithe Conarthacha’) i mbun caibidlíochta arb é ab aidhm di an Comhaontú a nuachóiriú chun é a chur i gcomhréir le prionsabail Chomhaontú Pháras a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, le ceanglais na forbartha inbhuanaithe agus leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, chomh maith le caighdeáin nua-aimseartha maidir le cosaint infheistíochta. |
|
(4) |
Le linn Comhdháil ad hoc an 24 Meitheamh 2022, tháinig na Páirtithe Conarthacha ar chomhaontú i bprionsabal maidir le téacs nuachóirithe an Chomhaontaithe, agus ar an gcaoi sin, tugadh an chaibidlíocht chun críche, gan dochar don mheasúnú deiridh a rinne na Páirtithe Conarthacha. Bhí sé beartaithe an toradh a caibidlíodh a ghlacadh ag an 33ú cruinniú den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh an 22 Samhain 2022. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 34 den Chomhaontú, glacann an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh téacsanna leasuithe ar an gComhaontú agus formheasann sí modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú agus athruithe teicniúla orthu. |
|
(6) |
Glacfaidh an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh na leasuithe atá beartaithe ar an gComhaontú agus formheasfaidh sí (i) na modhnuithe agus na hathruithe teicniúla atá beartaithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gConradh um Chairt Fuinnimh, (ii) na hathruithe atá beartaithe ar dearbhuithe, cinntí agus chomhthuiscintí, agus (iii) an cinneadh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar an gComhaontú agus modhnuithe agus athruithe teicniúla ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis. Táthar ag súil go gcuirfidh an Chomhdháil na leasuithe síos arís atá beartaithe lena nglacadh i rith 2024. |
|
(7) |
I gcomhthráth leis an togra seo, tá togra curtha síos ag an gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tarraingt siar Euratom as an gComhaontú atá le glacadh ag an am céanna leis an togra seo. |
|
(8) |
Is iomchuí do Euratom gan a vóta a fheidhmiú ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh agus é ag vótáil ar na leasuithe atá beartaithe ar an gComhaontú agus is iomchuí dó na seasaimh a bhunú atá le glacadh ag na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha iad maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht Euratom. Tá an méid sin gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí idir Euratom agus na Ballstáit agus d’aon chomhordú a dhéanfar amach anseo tar éis do Euratom tarraingt siar as an gComhaontú. |
|
(9) |
Foráiltear leis na dréachtchinntí comhdhála maidir le nuachóiriú an Chomhaontaithe go mbeidh feidhm shealadach ag roinnt leasuithe ar an gComhaontú chomh maith leis na modhnuithe agus na hathruithe ar Iarscríbhinní an Chomhaontaithe ó dháta a bheidh le cinneadh ag na Páirtithe Conarthacha, mura roghnaíonn Páirtí Conarthach diúltú trí dhearbhú chuige sin a dhéanamh laistigh de spriocdháta sonrach. Dá bhrí sin, ba cheart do Euratom seasamh a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe nuachóirithe. Faoi réir ghlacadh an Chomhaontaithe nuachóirithe ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, féadfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 218(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cinneadh a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm sealadach, ar thogra ón gCoimisiún. In éagmais cinneadh mar sin ón gComhairle 2 sheachtain roimh an spriocdháta chun fógra a thabhairt faoi rogha gan a bheith páirteach i gcur i bhfeidhm sealadach, ba cheart don Choimisiún fógra a thabhairt do thaiscí an Chomhaontaithe go roghnaíonn an tAontas agus Euratom gan a bheith páirteach i gcur i bhfeidhm sealadach. Tá an méid sin gan dochar do ré chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe nuachóirithe ag an Aontas agus ag Euratom i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle cinneadh chuige sin. |
|
(10) |
Tagann na réimsí a chumhdaítear leis na leasuithe atá beartaithe ar an gComhaontú faoi inniúlacht eisiach Euratom den chuid is mó. Ba cheart do na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha iad agus atá i láthair ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh seasamh a ghlacadh nach gcuireann cosc ar ghlacadh an nuachóirithe trí na leasuithe atá beartaithe ar an gComhaontú. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Aontas an Conradh um Chairt Fuinnimh (‘an Comhaontú’), ní fheidhmeoidh Euratom a cheart vótála ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh agus é ag vótáil ar na leasuithe atá beartaithe ar an gComhaontú.
2. Déanfaidh na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú iad agus atá i láthair ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh a vóta a fheidhmiú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
gan cosc a chur ar an gComhdháil na leasuithe arna mbeartú ar an gComhaontú a ghlacadh; |
|
(b) |
gan formheas na modhnuithe agus na n-athruithe atá beartaithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a chosc; |
|
(c) |
gan formheas na n-athruithe atá beartaithe ar dearbhuithe, cinntí agus chomhthuiscintí, a chosc agus |
|
(d) |
gan cosc a chur ar fhormheas cinnidh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar an gConradh um Chairt Fuinnimh agus modhnuithe agus athruithe teicniúla ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis. |
Airteagal 2
In éagmais cinneadh ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe nuachóirithe coicís roimh an spriocdháta chun rogha an diúltaithe ón gcur i bhfeidhm sealadach a chur in iúl, tabharfaidh an Coimisiún fógra do thaiscí an Chomhaontaithe gur rogha an Aontais agus Euratom gan a bheith páirteach sa chur i bhfeidhm sealadach.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. VAN DER STRAETEN
(1) Cinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO L 69, 9.3.1998, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1645/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)